![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/ec57979986cb9f02a27bda49aad875f8.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
1 minute read
Haiku, más é do thoil é! Gabriel Rosenstock
Timire
25
Haiku: más é do thoil é!
Gabriel Rosenstock
Issa agus a chuid Haiku: Lá amháin cad a chonaic Issa, máistir haiku, ach gé fhiáin. Chum sé an haiku seo ar an toirt:
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/c9619cfab56e8811dabec04e588ae5ce.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
a ghé fhiáin cén tús a bhí le d’aistear?
Níl sa haiku ach trí líne. Trí líne, ach tá an-chuid ann mar sin féin. Nach bhfuil? Ní raibh a fhios ag Issa cathain a chuir an ghé tús lena haistear fada – ná cén áit. Ní raibh tuairim aige cathain a thosaigh sí ar a haistear ná cén chríoch a bheadh leis ach an oiread. Ní raibh a fhios ag Issa ach í a bheith ansin, os a chomhair, ag an nóiméad sin. Gé! Gé fhiáin. Bhain sé lán a dhá shúl aisti.
Sin is haiku ann. Do shúile a oscailt agus pé rud atá os do chomhair ag an am – míorúiltí beaga agus móra na beatha – iad a thabhairt faoi deara. Iad a fheiceáil i gceart, faoi mar a bheifeá ag féachaint orthu den chéad uair. Lig dóibh iontas a chur ort. An t-iontas sin a bhreacadh síos i dtrí líne agus tá haiku agat.
Sliocht as ábhar leabhair ‘Haiku: más é do thoil é!’ le foilsiú amach anseo. Le caoinchead An Gúm.
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/b0dda2c69563f1fd6b10c0e974f59c15.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Tomhas an Timire: 171
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/640dd510668e2025794830f82bc29f24.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
1 2 3 4 5 6 7 8 9
Naomh Iodálach a raibh an-dúil aige in ainmhithe. Tá liosta focal thíos. Tóg litir amháin as gach focal chun an freagra a fháil: PARÁID, LUAITHREACH, COINÍN, COILEACH, NEAD, SEACLÁID, SICÍN, UAN, CISEÁN
Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 6 Aibreán, 2013. Tomhas 170: Freagra: Ruadhán Buaiteoir: Máire Caitríona Ní Ghallchobhair, Bóthar Alexandra, Corcaigh
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093821-da1be37622e55d14c1366263c3bcd29b/v1/4743a69c7f436e3750207a7dc1f00055.jpeg?width=720&quality=85%2C50)