4 minute read

Finnéithe calma Chríost Tommy Murphy SCC

14 Timire

Finnéithe calma Chríost

Tommy Murphy SCC

Beirt daltaí cliarscoileanna is ea Ku Hwa agus Taaremon a oirníodh ina sagairt an bhliain seo caite i gCóiré agus i bhFidsí fó sheach. Is beirt iad de iliomad daltaí óga cliarscoileanna a oirníodh don sagartacht i dtíortha ar measadh gur tíortha miseanacha iad roimhe seo.

Is ábhar dóchais é, a fheiceáil go bhfuil daltaí óga cliarscoileanna sna hEaglaisí óga seo, tiomnaithe do mhisean Íosa agus go bhfuil mian láidir acu go mbeidh deascéala an tSoiscéil ag daoine. Tá a lán díobh toilteanach a dtíortha dúchais a fhágáil agus Soiscéal Íosa a roinnt le daoine nach raibh an seans acu an Dea-scéala a chloisteáil i ndáiríre. Rachaidh Ku Hwa go Peiriú chun dul ag obair le misinéirí Colmánacha eile ag cabhrú leis na daoine nach bhfuair seans go dtí seo croí-theachtaireacht de dhea-scéala Íosa a thapú. Rachaidh Taaremon go dtí an Téaváin chun leanacht leis an obair a bhí ar siúl aige ann nuair a bhí sé ina dhalta cliarscoile ag craobhscaoileadh Soiscéal Íosa i measc na Síneach a chónaionn sa Téaváin.

Misinéir Colmánach óg is ea an tAthair Rex Rocomora ó na hOileáin Fhilipíneacha a oibríonn i Wuhan i gcroílár na Síne. Tá sé seo gar don áit sa tSín ina raibh an tEaspag Éamonn Gealbháin ó Chorcaigh, a d’oibrigh ann ar feadh na mblianta sa chéad leath den fichiú haois agus a bhí mar chomh-bhunaitheoir Chumann Miseanach Colmáin. Ó ghlac na cumannaigh comhacht sa tSín, tá an t-uafás géarleanúna fulaingthe ar son a gcreidimh ag na Sínigh. Amannta tá sé deacair teacht ar shlíte sábháilte agus bealaí suntasacha chun teagmháil a dhéanamh leo. Áfach, tá an tAthair Rex ina chónaí ann agus oibríonn sé leis go neamhfheiceálach agus é ag tacú leis agus ag spreagadh an phobail Chaiticigh áitiúil ann. Chomh maith tá an tAthair Cirenco Matulac, misinéir Colmánach óg ó na hOileáin Fhilipíneacha, ag obair sa tSín. Tá seisean tiomnaithe do thuiscint a fháil ar chultúr Síneach an lae inniu chun aghaidh a thabhairt ar phlé leis an nglúin óg sa tSín nua-aoiseach. Tá sé ag súil go gcabhróidh an tuiscint níos fearr ar litríocht agus ealaín nua-aoiseach le caidreamh a chothú le haos óg na Síne inniu faoi bhrí na beatha agus faoi chuspóir shaol an duine.

Misinéir Colmánach óg is ea an tAthair Joseph Yang Chang Woo atá ag obair ar struchtúir thacaíochta a chruthú idir an Eaglais Chaitliceach sa Chóiré agus Caitlicigh sa tSín. Éiríonn leis Caitlicigh Cóiréacha tiomnaithe dá gcreideamh bheith i dteagmháil le Caitlicigh Síneacha a thugann seans dóibh a n-eispéireas a roinnt ar a chéile, a spreagann a chéile agus a bheith faoi chomhthionchar a fhinnéachta ar Dheascéala an tSoiscéil in áiteanna difriúla.

Misinéir Colmánach óg is ea an tAthair Dan Troy ó Chorcaigh a chónaíonn agus a oibríonn sa tSín ainneoin nach gceadaíonn dlíthe na Síne do shagart Caitliceach ón iasacht obair phoiblí thréadach a dhéanamh sa tSín. Tá an obair a dhéanann sé dírithe ar threoir spioradálta, cúrsaí spioradálta do shagairt óga, mná rialta, agus daltaí cliarscoileanna sa tSín. Tá ardmheas ag an Eaglais sa tSín ar an obair seo agus í an-bhuíoch de agus is cabhair fhónta í gur féidir le misinéirí thar lear a thabhairt don Eaglais sa tSín inniu.

Timire 15

Eaglais Cholmáin Naofa, Beitou, An Téaváin

Misinéir Colmánach óg is ea an tAthair Jude Genovia ó na hOileáin Fhilipíneacha atá ag obair anois sa Chóiré. Tá sé ag iarraidh an t-eispéireas atá ag na Filipínigh ar an gcreideamh Caitliceach a roinnt le muintir Chóiré a shíolraíonn ó chúlra Búdaíoch. Le blianta anuas tá méadú suntasach tagtha ar an daonra Caitliceach sa Chóiré agus is breá leo foghlaim ón eispéireas atá ag daoine eile ar fhinnéacht luacha an tSoiscéil i gcultúr nach ionann lena gcultúr féin.

Téann sé i bhfeidhm go mór orainn, nuair a fheicimid an tionchar, atá ag fhinnéacht do luacha an tSoiscéil, ar shaol na ndaoine óga, ó na hEaglaisí éagsúla áitiúla, mórthimpeall an domhain. Léiríonn sé go bhfuil spiorad an tSóisceil beo beathach i measc na gCaitliceach óg is cuma cén cúlra cultúrtha atá ann agus go bhfuil iliomad daoine óga sna ‘hEaglaisí óga’ atá sásta a saol agus a mbuanna ó Dhia a ofráil chun dea-scéal an tSoiscéal a chraobhscaoileadh sa domhan inniu.

Ó Chaisleán an Bharraigh, Co. Mhuigh Eó an tAthair Tommy. Oirníodh é ina shagart i Dalgan Park sa bhliain 1974. D’oibrigh mar mhisinéir sa Chóiré, agus sa Téaváin. Bhí sé ina Stiúrthóir Réigiúnda in Éirinn sular ceapadh é ina Uachtarán Ginearálta ar Cholmánaigh an domhain. Chaith sé tréimhse sé bliana mar Uachtarán ar an Ord. Tá sé ar shaoire shabóideach in Éirinn i láthair na huaire.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí na Bealtaine 2013

Go ndéantar tréadaithe de dhaltaí na gcliarscoileanna, go háirithe díobh siúd sna hEaglaisí miseanacha, agus iad i gcónaí ar aon dul le croí Chríost, agus lán dúthrachta chun an Soiscéal a fhógairt.

This article is from: