3 minute read

Cormac Ó hEadhra faoi Agallamh Katie McGreal

Katie McGreal

AGALLAMH LE CORMAC Ó �EADHRA, CRAOLTÓIR

Tógadh Cormac Ó hEadhra i dteaghlach dátheangach ar an gCeathrú Rua i nGaillimh agus le hos cionn bliana anois tá sé ag tógáil a mhic, Eoin i dteach dátheangach i mBaile Átha Cliath ar dtús agus anois ar an Muileann gCearr. ‘Chaith muid sé mhí i dteach beag i mBaile Átha Cliath leis an leanbh ach ina dhiaidh sin bheartaigh muid bogadh ar an Muileann gCearr,’ a deir sé. ‘Tá gaolta agam ann.’

Labhraíonn Cormac agus a bhean, Ruth Gaeilge leis an bpáiste ach labhraíonn siad Béarla lena chéile. Ní raibh Gaeilge ag Ruth nuair a chas sé léi agus d’fh oghlaim sí í i ndiaidh gur bhuail sí leis.

‘Tá sé deacair nós a bhriseadh,’ a deir Cormac. ‘Tá sé de nós againn an Béarla a labhairt lena chéile. Rinneamar iarracht é a bhriseadh ach níor éirigh linn go fóill.’

Sa bhaile, labhraíonn Cormac Gaeilge lena mháthair agus a chuid siblíní agus labhraíonn sé Béarla lena athair.

Sula raibh mac aige, thaitin an snámh, an léamh, an rith agus buaileadh le cairde le Cormac. Ón uair gur tháinig Eoin ar an saol ní dhéanann sé mórán taobh amuigh den obair agus den teach.

‘Bím ag obair, ag dul chun na hoibre nó ag imeacht uaidh nó sa teach ag iarraidh cabhrú,’ a deir sé.

Bhí spéis aige i gcónaí i gcúrsaí reatha. Bhíodh sé ag coinneáil súil ar na nuachtáin agus ar an nuacht i gcónaí. Thaitin na hagallaimh leis – na ceisteanna a chuireann tú agus an bealach go gcaithfi dh tú éisteacht leis na freagraí.

Thosaigh sé ag obair le RTÉ mar thuairisceoir nuachta do Nuacht RTÉ i 2003. D’oibrigh sé leo agus é ag staidéar ag an am céanna go dtí 2006 nuair a ghlac sé bliain saor agus chuaigh sé i mbun staidéir go lán-aimseartha. Nuair a d’fh ill sé ar RTÉ bhí sé ag obair le Raidió na Gaeltachta. Thosaigh sé ag cur cláir idir 5 agus 6 sa tráthnóna le linn na seachtaine i láthair. Bhí an clár dírithe ar Bhaile Átha Cliath go príomha. D’athraigh an clár ó shin go clár cúrsaí reatha a chlúdaíonn an tír ar fad, a chlúdaíonn scéalta idirnáisiúnta, scéalta Gaeilge agus Gaeltachta agus aon ábhar eile a shíltear go mbeidh spéis ag Gaeilgeoirí ann.

‘Is breá liom mo phost. Bíonn tú ag déanamh rudaí difriúla gach lá agus bíonn tú ag castáil le daoine éagsúla,’ a deir Cormac. ‘Ach bíonn sé deacair stop a chur leis. Caithfi dh tú i gcónaí a bheith airdeallach agus fi osrach faoi chúrsaí nuachta i gcónaí.’

Ní dhearna sé céim nó staidéar ar an iriseoireacht. Bhí spéis i gcónaí aige

‘Caithfi dh tú i gcónaí a bheith airdeallach agus fi osrach faoi chúrsaí nuachta.’

sa ghnó agus san airgeadas. Bhí sé ag iarraidh staidéar a dhéanamh orthu siúd agus a bheith in ann sin a thabhairt isteach ar an iriseoireacht.

‘Seans go bhfuil mé thíos leis toisc nach bhfuil céim agam san iriseoireacht,’ a deir sé. ‘Ach bhí mé ag iarraidh rud éigin eile a fh oghlaim.’

Síleann sé go gcabhraíonn sé má tá eolas éigin agat ar chúrsaí eacnamaíochta nó ar chúrsaí airgeadais toisc gur féidir sin a thabhairt isteach san iriseoireacht.

Bíonn an clár Cormac@5 ar siúl ó Luan go hAoine idir 5 agus 6 le linn na bliana. Glacann sé sos le linn an tsamhraidh. Le linn an tsosa sin i mbliana, bhí Cormac le cloisteáil cúpla uair ar RTÉ Raidió a hAon.

‘Níl mórán difi r ann domsa a bheith ag obair i mBéarla nó i nGaeilge,’ a deir sé, ‘Déanaim an rud céanna ar Raidió a hAon agus ar Raidió na Gaeltachta.’

This article is from: