An Timire - Fómhar 2016

Page 26

26

Katie McGreal

AGALLAMH LE CORMAC Ó �EADHRA, CRAOLTÓIR Tógadh Cormac Ó hEadhra i dteaghlach dátheangach ar an gCeathrú Rua i nGaillimh agus le hos cionn bliana anois tá sé ag tógáil a mhic, Eoin i dteach dátheangach i mBaile Átha Cliath ar dtús agus anois ar an Muileann gCearr. ‘Chaith muid sé mhí i dteach beag i mBaile Átha Cliath leis an leanbh ach ina dhiaidh sin bheartaigh muid bogadh ar an Muileann gCearr,’ a deir sé. ‘Tá gaolta agam ann.’ Labhraíonn Cormac agus a bhean, Ruth Gaeilge leis an bpáiste ach labhraíonn siad Béarla lena chéile. Ní raibh Gaeilge ag Ruth nuair a chas sé léi agus d’fhoghlaim sí í i ndiaidh gur bhuail sí leis. ‘Tá sé deacair nós a bhriseadh,’ a deir Cormac. ‘Tá sé de nós againn an Béarla a labhairt lena chéile. Rinneamar iarracht é a bhriseadh ach níor éirigh linn go fóill.’ Sa bhaile, labhraíonn Cormac Gaeilge lena mháthair agus a chuid siblíní agus labhraíonn sé Béarla lena athair. Sula raibh mac aige, thaitin an snámh, an léamh, an rith agus buaileadh le cairde le Cormac. Ón uair gur tháinig Eoin ar an saol ní dhéanann sé mórán taobh amuigh den obair agus den teach. ‘Bím ag obair, ag dul chun na hoibre nó ag imeacht uaidh nó sa teach ag iarraidh cabhrú,’ a deir sé.

Timire WINTER 2016.indd 26

Bhí spéis aige i gcónaí i gcúrsaí reatha. Bhíodh sé ag coinneáil súil ar na nuachtáin agus ar an nuacht i gcónaí. Thaitin na hagallaimh leis – na ceisteanna a chuireann tú agus an bealach go gcaithfidh tú éisteacht leis na freagraí. Thosaigh sé ag obair le RTÉ mar thuairisceoir nuachta do Nuacht RTÉ i 2003. D’oibrigh sé leo agus é ag staidéar ag an am céanna go dtí 2006 nuair a ghlac sé bliain saor agus chuaigh sé i mbun staidéir go lán-aimseartha. Nuair a d’fhill sé ar RTÉ bhí sé ag obair le Raidió na Gaeltachta. Thosaigh sé ag cur cláir idir 5 agus 6 sa tráthnóna le linn na seachtaine i láthair. Bhí an clár dírithe ar Bhaile Átha Cliath go príomha. D’athraigh an clár ó shin go clár cúrsaí reatha a chlúdaíonn an tír ar fad, a chlúdaíonn scéalta idirnáisiúnta, scéalta Gaeilge agus Gaeltachta agus aon ábhar eile a shíltear go mbeidh spéis ag Gaeilgeoirí ann. ‘Is breá liom mo phost. Bíonn tú ag déanamh rudaí difriúla gach lá agus bíonn tú ag castáil le daoine éagsúla,’ a deir Cormac. ‘Ach bíonn sé deacair stop a chur leis. Caithfidh tú i gcónaí a bheith airdeallach agus fiosrach faoi chúrsaí nuachta i gcónaí.’ Ní dhearna sé céim nó staidéar ar an iriseoireacht. Bhí spéis i gcónaí aige

01/11/2016 09:54


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.