4 minute read

Na Ceithre Shuáilce, Cuid 2 Cathal de Paor

Cathal de Paor

NA CEITHRE SHUÁILCE AGUS TIONLACAN AN MHÚINTEORA ISTEACH SA GHAIRM (CUID 2)

Conas obair an chomhairleora teagaisc a thuiscint leis an bhfráma seo den saol suáilceach? Tá trácht anseo thíos ar ghiotaí ó agallamh amháin idir comhairleoir teagaisc agus múinteoir nua a bhí á thionlacan aige. Tar éis don chomhairleoir tamall den mhaidin a thabairt ag breathnóireacht ar an múinteoir agus í ag múineadh, tháinig an bheirt acu le chéile san agallamh iar-cheachta. Mise a d’iarr orthu an t-agallamh a thaifeadadh agus rinneadh trascríobh air níos déanaí.

Ag tús an agallaimh iarann an comhairleoir teagaisc (conseiller pédagogique nó CP) ar an múinteoir labhairt faoi cad a cheap sí féin faoin múineadh a rinne sí. Tugann sí a tuairimí air seo, agus luann sí chomh maith na gnéithe ar mhaith léi a phlé sa chomhrá. Cuireann an CP lena nótaí féin iad agus socraíonn siad ar sceideal don chruinniú. Fiafraíonn sé di ar mhaith léi díriú ar dtús ar an múineadh teanga mar ábhar, agus tá sí go mór i bhfábhar mar is léir óna freagra – sa chló iodálach agus idir lúibíní a bhíonn caint an duine más amhlaidh a labhrann sé/sí agus an duine eile fós ag labhairt. Sa chás seo feicimid nach raibh an cheist tuigthe ag an CP nuair a fhreagair an múinteoir go fonnmhar, ‘sea, sea, sea, sea’ :

CP [...] Déanaimis rogha, tosnóimis leais an Teanga ? (sea, sea, sea, sea) Mar sin, an teanga…

Bhí dhá ocáid ann i rith na maidine sa rang nuair a bhí teanga á múineadh ag an múinteoir. Bhí seisiún d’obair ghrúpa a mhair leathuair an chloig ina raibh an rang roinnte i sé ghrúpa. Bhí sé cinn de stáisiúin eagraithe mórthimpeall an tseomra agus mhalartaigh na grúpaí thart ó stáisiún go stáisiún. Cluiche teanga a bhí le himirt ag na páistí ag stáisiún amháin agus d’fhan an múinteoir i bhfeighil air sin an chuid is mó den am.

I dtreo dheireadh na maidine a tharla an dara hócáid teanga, nuair a léigh an múinteoir scéal ón leabhar mór. Bhí an rang iomlán bailithe timpeall uirthi agus stop sí ó am go chéile agus í ag léamh chun na páistí a cheistiú faoin scéal. Níor éirigh léi an scéal iomlán a léamh ceal ama agus shocraigh sí é a chríochnú níos déanaí.

Iarann an CP ar an múinteoir labhairt faoin rogha a rinne sí, an leabhar mór a léamh don rang iomlán agus an cluiche teanga a dhéanamh leis an ngrúpa beag roimhe sin: ‘An féidir leat a mhíniú dom

‘Gné thábhachtach sa mhúinteoireacht – go leor deiseanna labhartha a thabhairt don pháiste chun an teanga a fhoghlaim.’

na roghanna?’. Freagraíonn an múinteoir gur ganntanas ama a bhí taobh thiar den roghnú: ní bheadh am aici an scéal a léamh le gach ceann de na sé ghrúpa, ceann i ndiaidh a chéile.

Leanann an CP leis, ‘Cén uair atá níos éifeachtaí i do thuairim? Grúpa mór nó grúpa beag?’ Cé gur féidir a shamhlú go mbeadh an grúpa beag níos éifeachtaí an chuid is mó den am, faighimid léargas anseo ar Chríonnacht an chomhairleora, mar díríonn sé ar ghné thábhachtach sa mhúinteoireacht – go leor deiseanna labhartha a thabhairt don pháiste chun an teanga a fhoghlaim. Freagraíonn an múinteoir le blas mífhoighneach, gurb é an grúpa beag is éifeachtaí, ‘gan amhras.’

Is ag an bpointe seo a thagann misneach an CP chun cinn mar leanann sé air, más blas mífhoighneach féin a bhí ar fhreagra an mhúinteora, agus cuireann sé roimhe tuiscint níos doimhne a mhealladh uaithi: ‘Ach cana thaobh go ndéantar uaireanta na rudaí le grúpa mór?’ Cuireann an cheist le míchompord an mhúinteora, agus leanann tost gairid, rud a thugann

ar an CP míniú breise a chur leis, ‘sé sin, má bhí tú chun an ceacht a dhéanamh an athuair.’ Is léir go bhfuil an CP ag leanúint leis, ach is go cúramach a roghnaíonn sé na focail. Cuireann sé in iúl, nach aon bhreithiúnas diúltach ar an gceacht atá i gceist, ach ag díriú ar an gcéad uair eile atá sé, ‘má bhí tú chun an ceacht a dhéanamh an athuair.’

Gan amhras is fada an teannas seo ón dúshlán a bhí ar an mbean san ardeaglais (an nathar a chur ón gclogtheach), ach tá cath inmheánach mar sin féin in aigne an chomhairleora sa mhéid is go bhféadfadh sé gan aon cheist achrannach a tharraingt anuas, agus ligint don mhúinteoir leanúint léi lena tuiscintí a bhí aici ar obair ghrúpa agus ranga. Ach ní chun leasa nó forbartha an mhúinteora é sa bhfadtéarma, gan aon rud a rá.

Foclóirín: críonnacht = tuiscint chliste ar an saol; trascríobh = ábhar taifeadta a scríobh amach; achrannach = casta, deacair

This article is from: