20
Cathal de Paor
NA CEITHRE SHUÁILCE AGUS TIONLACAN AN MHÚINTEORA ISTEACH SA GHAIRM (CUID 2) Conas obair an chomhairleora teagaisc a thuiscint leis an bhfráma seo den saol suáilceach? Tá trácht anseo thíos ar ghiotaí ó agallamh amháin idir comhairleoir teagaisc agus múinteoir nua a bhí á thionlacan aige. Tar éis don chomhairleoir tamall den mhaidin a thabairt ag breathnóireacht ar an múinteoir agus í ag múineadh, tháinig an bheirt acu le chéile san agallamh iar-cheachta. Mise a d’iarr orthu an t-agallamh a thaifeadadh agus rinneadh trascríobh air níos déanaí. Ag tús an agallaimh iarann an comhairleoir teagaisc (conseiller pédagogique nó CP) ar an múinteoir labhairt faoi cad a cheap sí féin faoin múineadh a rinne sí. Tugann sí a tuairimí air seo, agus luann sí chomh maith na gnéithe ar mhaith léi a phlé sa chomhrá. Cuireann an CP lena nótaí féin iad agus socraíonn siad ar sceideal don chruinniú. Fiafraíonn sé di ar mhaith léi díriú ar dtús ar an múineadh teanga mar ábhar, agus tá sí go mór i bhfábhar mar is léir óna freagra – sa chló iodálach agus idir lúibíní a bhíonn caint an duine más amhlaidh a labhrann sé/sí agus an duine eile fós ag labhairt. Sa chás seo feicimid nach raibh an cheist tuigthe ag an CP nuair a
Timire WINTER 2016.indd 20
fhreagair an múinteoir go fonnmhar, ‘sea, sea, sea, sea’ : CP [...] Déanaimis rogha, tosnóimis leais an Teanga ? (sea, sea, sea, sea) Mar sin, an teanga… Bhí dhá ocáid ann i rith na maidine sa rang nuair a bhí teanga á múineadh ag an múinteoir. Bhí seisiún d’obair ghrúpa a mhair leathuair an chloig ina raibh an rang roinnte i sé ghrúpa. Bhí sé cinn de stáisiúin eagraithe mórthimpeall an tseomra agus mhalartaigh na grúpaí thart ó stáisiún go stáisiún. Cluiche teanga a bhí le himirt ag na páistí ag stáisiún amháin agus d’fhan an múinteoir i bhfeighil air sin an chuid is mó den am. I dtreo dheireadh na maidine a tharla an dara hócáid teanga, nuair a léigh an múinteoir scéal ón leabhar mór. Bhí an rang iomlán bailithe timpeall uirthi agus stop sí ó am go chéile agus í ag léamh chun na páistí a cheistiú faoin scéal. Níor éirigh léi an scéal iomlán a léamh ceal ama agus shocraigh sí é a chríochnú níos déanaí. Iarann an CP ar an múinteoir labhairt faoin rogha a rinne sí, an leabhar mór a léamh don rang iomlán agus an cluiche teanga a dhéanamh leis an ngrúpa beag roimhe sin: ‘An féidir leat a mhíniú dom
01/11/2016 09:54