6 minute read

Im Leabharlann Dom

32

IM LEABHARLANN DOM

The Brindled Cat and the Nightingale’s Tongue le Louis de Paor Bloodaxe Books, Sasana, i bpairt le Cló Iar-Chonnacht. 197 lch £12 Léirmheas le Seán de Fréine

Saothar an-suimiúil atá againn anseo. Ná bac nach díolaim de dhánta nuadhéanta atá againn. Is cnuasach é de dhánta a théann siar go dtí 2005 agus níos faide. Ach maireann a bhfi úntas. Bhí de Paor ar na fi lí ba mhó le rá sa fh losc fi líochta a tharla daichead bliain ó shin de thoradh Innti agus an dámhscoil a d’eascair uaidh sin. Chaith sé tamall fada san Astráil, tar éis dó céim dochtúra a bhaint amach in Ollscoil Chorcaí ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Ach bí sé bailithe leis go críocha dheireadh an domhain faoin am a d’fh oilsigh Coiscéim a chéad bhailiúchán, Próca Solais is Luatha, sa bhliain 1988.

Ghnóthaigh sé aitheantas substaintiúil mar fh ile tábhachtach thall in irisí liteartha san Astráil nuair a foilsíodh dánta leis go dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla. Tá suim aige ó shin i gceird, nó in ealaín, aistriúchán na fi líochta. Suim bhuan leanúnach í, agus pléann sé na fadhbanna a bhaineann leis an ghnó ina réamhrá leis an leabhar seo. Tá sé deacair go leor prós de chineál ar bith a aistriú ó theanga amháin go teanga eile. Tá sé i bhfad níos casta fi líocht a aistriú, agus dodhéanta ar uaire. Ní féidir, mar shampla, aistriú Béarla a dhéanamh ar dhán tuairisciúil mar ‘Cúirt an Mheán Oíche’, idir a chuid smaointe, thagairtí, rithimí agus a chóras ríme (nó comhfh uaimeanna) coimpléascach. Ach ní chuireann na fadhbanna beaguchtach ar de Paor.

Míníonn sé a chás agus a chur chuige ina réamhrá anseo. Fearacht a chuid fi líochta, tá an réamhrá gonta, soiléir, lán de bhrí agus gan focal iomarcach ann. Chun tabhairt faoina chuid dánta féin a aistriú go Béarla, bhailigh sé foireann bheag de thriúr, Kevin Anderson, Biddy Jenkinson, agus Mary O’Donoghue, chun cuidiú leis an ghnó a dhéanamh an dóigh ba chumasaí agus ab fh éidir. Chaith siad tréimhse sách fada i mbun oibre – deich mbliana. (Ní gá a rá nach obair lánaimsire a bhí idir lámha acu.) Seo é an cuspóir a chuir an fi le roimhe: ‘If my poems were to be rehoused in English, I wanted them to speak as clearly as possible in their second language ... while remaining true to themselves.’ D’éirigh leis, agus lena chuiditheoirí, go seoigh.

Maidir leis na dánta i nGaeilge, tá siad díreach, sothuigthe. Daoine a mbeadh imní orthu faoina gcumas aon sórt fi líochta a bhlaiseadh agus a mhothú (agus a thuiscint chomh maith), níor bhaol dóibh dánta de Paor a léamh agus fi úntas a shaothair a ghnóchan astu. Is leabhar dátheangach fi líochta atá sa chnuasach seo, agus dá bharr sin is fusa fós d’aon Ghaeilgeoir leochaileach pléisiúr a chuid léitheoireachta a aireachtáil, mar is féidir leis nó léi é a aireachtáil faoi dhó i nGaeilge agus i mBéarla. Spréann an t-aistriú léas na tuisceana ar an bhundán Gaeilge, don té a bhíonn ina dhíth sin. Ach tá níos mó i gceist. Is saothar neamhspleách den bhundán an t-aistriú féin. Tá an craiceann

is a luach á thairiscint sa mhargadh seo, dá bharr.

Ós ag caint ar Ghaeilgeoirí dúinn, géillfidh mé don chathú, agus dréaichtín as an dán sa leabhar seo dar teideal ‘Gaeilgeoirí’, a aithris: ‘Níor tháinig an Dr Paisley ná easpag Luimnigh/ go dtí na ranganna éacúiméineacha i gClub an Chonartha.’ Eaglaiseach docht daingean den seandéanamh a bhí san easpag ar dheoise Luimnigh an tráth a scríobhadh an dán bunaidh, is é sin, i bhfad siar i dtús na nóchaidí nó roimhe sin.

Cúpla casadh eile ar an roth a chuireann an leabhar seo i mo cheann ní miste a lua, fiú más seachrán iad. Ach baineann siad le hábhar, ar bhealach, agus tá siad spéisiúil. An chéad cheann ná nárbh é de Paor an chéad fhile Gaeilge a chaith tréimhse san Astráil agus a chum filíocht i nGaeilge ansin. Breis agus seasca bliain ó shin d’fhoilsigh an Gúm Amhráin ó Dheireadh an Domhain, cnuasach beag de dhánta agus amhráin le Fionán Mac Cártha. Scríobhadh na dánta ar fad le linn deoraíocht fiche bliain nó mar sin thall. Cé nach bhfuil siad thar mholadh beirte mar dhánta, agus iad go daingean de réir mhúnlaí na hochtú aoise déag, níor bheag a ghaisce iad a scríobh ar aon chor. Mar a dúirt sé féin, ‘fiche focal Gaeilge níor chuala mé ón lá ar fhágas baile, agus níl Gaeilgeoir i bhfoisceacht míle míle dom anseo.’ Ní fhéadfadh sé, ná éinne eile ach oiread ag an am sin, an cor a bhí le tarlú laistigh de chéad bliain a thuar. Ach bhí cor níos luaithe ná sin i scéal na Gaeilge san Astráil.

Téimis céad bliain níos sia siar ná aimsir Mhic Cártha chun teacht ar na chéad Ghaeilgeoirí san Astráil. Cimí ba ea iad a daoradh chun príosúnachta ar deoraíocht ar chúiseanna éagsúla. Ar éigean a bhí Béarla ag mórchuid acu. Sa bhliain 1817 ceapadh an tAthair Diarmaid Ó Floinn chun riar orthu. Bhí an Ghaeilge go líofa aige, ach b’éigean dó teagasc a thabhairt faoi cheilt do na cimí, go háirithe nuair a d’úsáid sé a dteanga dhúchais. Cuireadh cosc ar na príosúnaigh Gaeilge a labhairt eatarthu féin. Timpeall lár na haoise, d’inis seanfhear do shagart Sasanach nár labhair sé focal Béarla riamh go dtí gur tosaíodh ar phionós de leathchéad buillí den lasc a thabhairt d’aon chime Éireannach a ngabhtaí air ag labhairt Gaeilge sna campaí príosúnachta. Ní fhéadfadh éinne ag an am sin a shamhlú go mbeadh malairt de scéal choíche i ndán do teanga. Ach bhí an roth le casadh laistigh de chéad bliain, agus ba é saothrú Mhic Cártha an chéad chor casta a thug sé.

34

IM LEABHARLANN DOM

An tAthair Pádraig Ua Duinnín agus an Magnifi cat

Fear ildánach ar mhórán bealaí ba ea an tAthair Ua Duinnín, sa chaoi gur carachtar bleachtaireachta é anois i scéalta fi csin de chuid Biddy Jenkinson. Ach ní minic a luaitear féith na fi líochta leis. Mar sin féin, dhéan sé aistriú go Gaeilge ar an Magnifi cat, an dán molta Dé a chan an Mhaighdean Mhuire nuair a thug sí cuairt ar Eliosabeit. Aistriú deas fi leata atá ann, agus níor mhiste go mbeadh eolas níos leithne air i measc an phobail. Seo é: Mórann m’anamsa an Tiarna ceannasach:

Is ábhar meanman do mo spiorad marthanach Dia na bhFlaitheas geal, a shaor is a chosain mé; Mar d’fh éach le carthanacht ar ísle, ar lagachar A bhanóglaigh ísil dhílis sheasmhaigh. Is dá réir sin feasta beidh mo cháil is m’ainmse I mbéal gach sleachta, im bhean róbheannaithe. Mar is mór na fearta nirt a thug chun baile ionam An Té atá acmhainneach, is is naofa a ainmsean. An t-umhal lag agus an t-anbhann Thóg sé le meanma in ardchéim gradama. Lucht ocrais a d’fh adfh ulaing, líon sé de mhaitheasa; Is is folamh a chas sé uaidh lucht maoine is rachmais. Iosrael tagrach, a óglach, neartaigh sé Le truamhéil charthanach, de réir mar a thairngir— Faoi mar a labhair sé lenár n-aithreacha— D ‘Ábraham calma, is dá shíol go marthanach.

COMÓRTAS

€50 LE BUACHAINT!

Cén áit in Independent na Céadaoine atá Seachtain le fáil? Freagra ar chárta poist roimh 15 Nollaig go dtí: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2 Buaiteoir an chomórtais dheireanaigh: Marion Ní Bhaoill, Stigh Lorgáin, Co. Bhaile Átha Cliath.

This article is from: