An Timire - Fómhar 2016

Page 32

32

IM LEABHARLANN DOM The Brindled Cat and the Nightingale’s Tongue le Louis de Paor Bloodaxe Books, Sasana, i bpairt le Cló Iar-Chonnacht. 197 lch £12 Léirmheas le Seán de Fréine

Saothar an-suimiúil atá againn anseo. Ná bac nach díolaim de dhánta nuadhéanta atá againn. Is cnuasach é de dhánta a théann siar go dtí 2005 agus níos faide. Ach maireann a bhfiúntas. Bhí de Paor ar na filí ba mhó le rá sa fhlosc filíochta a tharla daichead bliain ó shin de thoradh Innti agus an dámhscoil a d’eascair uaidh sin. Chaith sé tamall fada san Astráil, tar éis dó céim dochtúra a bhaint amach in Ollscoil Chorcaí ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Ach bí sé bailithe leis go críocha dheireadh an domhain faoin am a d’fhoilsigh Coiscéim a chéad bhailiúchán, Próca Solais is Luatha, sa bhliain 1988. Ghnóthaigh sé aitheantas substaintiúil mar fhile tábhachtach thall in irisí liteartha san Astráil nuair a foilsíodh dánta leis go dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla. Tá suim aige ó shin i gceird, nó in ealaín, aistriúchán na filíochta. Suim bhuan leanúnach í, agus pléann sé na fadhbanna a bhaineann leis an ghnó ina réamhrá leis an leabhar seo. Tá sé deacair go leor prós de chineál ar bith a aistriú ó theanga amháin go teanga eile. Tá sé i bhfad níos casta

Timire WINTER 2016.indd 32

filíocht a aistriú, agus dodhéanta ar uaire. Ní féidir, mar shampla, aistriú Béarla a dhéanamh ar dhán tuairisciúil mar ‘Cúirt an Mheán Oíche’, idir a chuid smaointe, thagairtí, rithimí agus a chóras ríme (nó comhfhuaimeanna) coimpléascach. Ach ní chuireann na fadhbanna beaguchtach ar de Paor. Míníonn sé a chás agus a chur chuige ina réamhrá anseo. Fearacht a chuid filíochta, tá an réamhrá gonta, soiléir, lán de bhrí agus gan focal iomarcach ann. Chun tabhairt faoina chuid dánta féin a aistriú go Béarla, bhailigh sé foireann bheag de thriúr, Kevin Anderson, Biddy Jenkinson, agus Mary O’Donoghue, chun cuidiú leis an ghnó a dhéanamh an dóigh ba chumasaí agus ab fhéidir. Chaith siad tréimhse sách fada i mbun oibre – deich mbliana. (Ní gá a rá nach obair lánaimsire a bhí idir lámha acu.) Seo é an cuspóir a chuir an file roimhe: ‘If my poems were to be rehoused in English, I wanted them to speak as clearly as possible in their second language ... while remaining true to themselves.’ D’éirigh leis, agus lena chuiditheoirí, go seoigh. Maidir leis na dánta i nGaeilge, tá siad díreach, sothuigthe. Daoine a mbeadh imní orthu faoina gcumas aon sórt filíochta a bhlaiseadh agus a mhothú (agus a thuiscint chomh maith), níor bhaol dóibh dánta de Paor a léamh agus fiúntas a shaothair a ghnóchan astu. Is leabhar dátheangach filíochta atá sa chnuasach seo, agus dá bharr sin is fusa fós d’aon Ghaeilgeoir leochaileach pléisiúr a chuid léitheoireachta a aireachtáil, mar is féidir leis nó léi é a aireachtáil faoi dhó i nGaeilge agus i mBéarla. Spréann an t-aistriú léas na tuisceana ar an bhundán Gaeilge, don té a bhíonn ina dhíth sin. Ach tá níos mó i gceist. Is saothar neamhspleách den bhundán an t-aistriú féin. Tá an craiceann

01/11/2016 09:54


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.