Bua 3 TRB

Page 1

Bua na Cainte 3

3 An Comhlacht Oideachais

European Language Label An Séala Eorpach Teanga

2015

Edco


3 Leabhar an Mhúinteora do Rang 3

Martina Ní Fhátharta * Seán de Brún

An Comhlacht Oideachais

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 1

31/08/2018 10:58


An Chéad Chló 2018 An Comhlacht Oideachais Bóthar Bhaile an Aird Baile Uailcín Baile Átha Cliath 12 www.edco.ie Ball den Smurfit Kappa ctp © Martina Ní Fhátharta, Seán de Brún 2018 Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a stóráil i gcóras aisghabhála ná a tharchur ar aon mhodh nó slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir nó ceadúnas a cheadaíonn cóipeáil shrianta in Éirinn arna eisiúint ag Gníomhaireacht um Cheadúnú Cóipchirt na hÉireann, 63 Sráid Phádraig, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath, A96 WF25. Clúdach: Outburst Design (www.outburstdesign.ie) Dearadh agus clóchur: Design Image (www.designimage.ie) Eagarthóir: Aoife Barrett (www.barrettediting.ie) Obair ealaíne: Kim Shaw Illustrations (www.kimshaw.ie), MSM Studio (www.msmstudio.eu) Bainisteoir Tionscnaimh: Aoife Barrett (www.barrettediting.ie) Scríbhneoir Scripte TÉC: Nóra Maria Ní Fhátharta Comhairleoir Teanga: An Dr Úna Nic Éinrí Eagarthóir Scripte TÉC: Aoife Barrett Cainteoirí: Mícheál Ó Dubhghaill, Áine Ní Dhroighneáin, Diarmaid Ó hAlmhain, Sailí Ní Dhroighneáin, Áine Ní Dhubhghaill, Laoise Bleasdale. Amhránaithe: Mícheál Ó Dubhghaill, Áine Ní Dhroighneáin Ceoltóirí: Mícheál Ó Dubhghaill, Tony Buckley Taifeadadh: David Keary, Red Door Studio (www.reddoorproductions.ie), Tony Buckley, Audio for All (www.audioforall.com) Obair ealaíne: Kim Shaw Illustrations (www.kimshaw.ie), MSM Studio Anamúlacht agus Forbairt Bhogearraí: MSM Studio (www.msmstudio.eu) Cóipcheart Úsáideadh cóipcheart © liricí amhrán/rann le cead mar atá thíos. Gabhaimid buíochas leo seo a leanas a thug cead dúinn ábhar dá gcuid a úsáid sa leabhar seo: ‘Shiúil mé’ le Máiréad Ní Ghráda, as Fuinneoga Geala, F Longman, Brown and Nolan lch. 6; ‘Ruairí Rón’, ‘An Port’, ‘An Luchóg’, ‘Neilí an Bhó’ le Treasa Ní Ailpín, as Sonas is Só, An Gúm, 2002; ‘Mo Mhála Scoile’ as Sraith na Cainte F, Edco; ‘Na hAinmhithe’ le C. Mac Lochlainn, ‘An Sneachta’ le S. Ó Finneadha, ‘An Nollaig’ le Lionaird Ó hAnnaidh, ‘Daidí na Nollag’, ‘Seol amach an Geimhreadh’ as Dánta Bunscoile 1, Folens; ‘Damhán Alla’ le Gabriel Rosenstock as Frog is fiche; ‘An Bricfeasta’ as Séideán Sí Leabhar an Oide A, An Gúm; ‘Cén bia is fearr leat?’ as Sin é! 2, Edco; ‘Mo Lá Breithe’ as Séideán Sí, An Gúm; ‘Oisín agus Bó’ as Trup, Trup, a Chapaillín, Amhráin do Pháistí Cantairí óga Bhaile Átha Cliath; ‘Bláthanna’, ‘Tithe’ leis An tSiúr Colmcille as Dánta Bunscoile 1, Folens; ‘Ciara Tinn’ as An Dochtúir sa Teach, An Roinn Oideachais, 1968; ‘Coc a dúdal dú!’ le Gabriel Rosenstock; ‘An Sorcas/Tá an sorcas ag teacht!’ le Muiris Ó Ríordáin as Póca Filíochta, Aonad Forbartha Curaclaim, 1993; ‘An Fathach Fíochmhar’ as Séideán Sí Leabhar an Oide C, An Gúm; ‘An Samhradh’ le Páraicín Ní Mhaoláin, Treasa Ní Ailpín as Líonta G, An Comhlacht Oideachais. Rinne na foilsitheoirí a ndícheall teacht ar úinéirí cóipchirt; beidh siad sásta na gnáthshocruithe a dhéanamh le haon duine eile acu a dhéanann teagmháil leo. ii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 2

31/08/2018 10:58


Clár Réamhrá ...................................................................................... iv Scéim Bhliana ............................................................................ xii Plean Míosúil ................................................................................ l Mé Féin ........................................................................................ 1 An Aimsir – An Fómhar ............................................................... 33 An Scoil ..................................................................................... 47 Ócáidí Speisialta – Oíche Shamhna ............................................. 81 Bia ............................................................................................. 94 An Aimsir – An Geimhreadh ...................................................... 128 Ócáidí Speisialta – An Nollaig ................................................... 141 Caitheamh Aimsire .................................................................... 155 An Aimsir – An tEarrach ............................................................ 189 Éadaí ........................................................................................ 200 Sa Bhaile .................................................................................. 223 An Teilifís.................................................................................. 258 Siopadóireacht .......................................................................... 281 Ócáidí Speisialta – Lá ’le Pádraig .............................................. 306 Ócáidí Speisialta – An Cháisc .................................................... 312 An Aimsir – An Samhradh ........................................................ 323

iii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 3

31/08/2018 10:58


Réamhrá Réamhrá Fáilte go Bua na Cainte 3, clár cuimsitheach Gaeilge do rang a trí a forbraíodh chun cumas cumarsáide páistí sa Ghaeilge a fhorbairt. Sa chlár seo, baintear leas as cur chuige cumarsáide chun páistí a chur i mbun cumarsáide sa dara teanga agus spreagtar iad leis an nGaeilge a fhoghlaim trí dheiseanna taitneamhacha cumarsáide a chruthú dóibh. Cuireadh moltaí ó mhúinteoirí bunscoile agus torthaí taighde comhaimseartha san áireamh i bhforbairt an chláir agus rinneadh gach iarracht freastal ar riachtanais mhúinteoirí chun clár taitneamhach, tairbheach agus somhúinte a chur ar fáil.Tá leanúnachas soiléir ón gclár Bua na Cainte 2.Tá an teanga grádaithe go córasach agus déantar dul siar rialta ar na heiseamláirí teanga a múineadh i rang a dó. Sa chlár Bua na Cainte 3 baintear leas as teicneolaíocht chomhaimseartha chun spéis na bpáistí a mhúscailt sa Ghaeilge agus chun iad a spreagadh chun dul i mbun cumarsáide go fonnmhar inti.Tá Séala Eorpach Teanga agus Gradam Digiteach na Bliana Accenture buaite ag an gclár Bua na Cainte as feabhas na hidirghníomhaíochta agus na hanamúlachta. Déantar gach iarracht foghlaimeoirí neamhspleácha teanga a chruthú trí dheiseanna taitneamhacha cumarsáide a chruthú do na páistí mar a mholann Cummins agus Ó Duibhir (2012).Tugtar deiseanna do na páistí eiseamláirí teanga a fhoghlaim trí chomhráite réadúla, scéalta taitneamhacha, dánta gleoite, amhráin mhealltacha agus raon leathan cluichí agus gníomhaíochtaí spreagúla. Múintear an teanga le haghaidh fíorchumarsáide agus úsáidtear ábhar a bhaineann le taithí agus le heispéiris na bpáistí i réimhse leathan comhthéacsanna. Déantar sealbhú botún a sheachaint trí mhúinteoireacht fhollasach lena n-áirítear gnéithe den ghramadach. Cuirtear béim ar cheartúsáid na teanga agus múintear foirm na teanga ag díriú ar ghánna cumarsáide na bpáistí, ach go háirithe. Le go mbeidh rath ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge, tá sé tábhachtach an Ghaeilge a mhúineadh trí mheán na Gaeilge amháin. (CuraclamTeanga na Bunscoile, lch. 41, 2016). Sa chlár Bua na Cainte, leagtar béim ar dheiseanna a thabhairt do na páistí an Ghaeilge atá á foghlaim acu a úsáid go neamhfhoirmiúil i rith an lae ar scoil. Snáitheanna:Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Sa chlár Bua na Cainte 3 forbraítear cumas teanga ó bhéal an pháiste (cumas éisteachta agus cumas labhartha) cumas léitheoireachta an pháiste agus cumas scríbhneoireachta an pháiste sa Ghaeilge ar bhealach comhtháite mar a mholtar i gCuraclam Teanga na Bunscoile (2016). Cuirtear an phríomhbhéim ar labhairt na Gaeilge ach múintear an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht i gcomhar leis an teanga ó bhéal ar shlí thaitneamhach le cluichí mealltacha agus gníomhaíochtaí spreagúla. Fágtar faoin múinteoir é an téacs a ionramháil, a léiriú nó a bhaint den scáileán de réir mar a oireann do shainriachtanais an pháiste. Cuirtear clár cuimsitheach léitheoireachta ar fáil do na páistí ina leagtar béim ar spéis na bpáistí a chothú sa léitheoireacht.Tugtar deiseanna rialta do na páistí éisteacht le scéalta draíochtúla agus le dánta taitneamhacha á léamh maraon le deiseanna rialta a chur ar fáil do na páistí léitheoireacht i gcomhpháirt a dhéanamh. Múintear an téarmaíocht ar leith a bhaineann leis an léitheoireacht do na páistí chomh maith.Tugtar deiseanna do na páistí focail a aithint trí leideanna a úsáid ó phictiúir, ó chomhthéacs na bhfocal agus ón gcomhréir. Cuirtear gníomhaíochtaí taitneamhacha léitheoireachta ar fáil i leabhar an pháiste agus leagtar an-bhéim ar a bhfuil á léamh ag an bpáiste a thuiscint. Sa chlár Bua na Cainte 3 soláthraítear gníomhaíochtaí spreagúla scríbhneoireachta a chothaíonn féinmhuinín an pháiste. Léirítear meas ar an bhfocal scríofa i dtimpeallacht foghlama na bpáistí agus cuirtear obair scríofa an pháiste ar taispeáint sa seomra ranga. Úsáidtear pictiúir chun obair scríofa an pháiste a léiriú agus chun spéis an pháiste a mhúscailt sa scríbhneoireacht. Moltar do mhúinteoirí aischothú dearfach a thabhairt d’iarrachtaí an pháiste dul i mbun scríbhneoireachta.Tugtar go leor deiseanna do na páistí leas a bhaint as an bpróiseas scríbhneoireachta trí dhréacht a scríobh, eagarthóireacht a dhéanamh ar an dréacht agus an píosa a athscríobh. Moltar do mhúinteoirí píosaí scríbhneoireachta na bpáistí a fhoilsiú sa seomra ranga. Litriú Tá clár struchtúrtha, céimnithe litrithe curtha ar fáil sa chlár Bua na Cainte 3.Tig leis an múinteoir an clár seo a úsáid chun feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach an pháiste a fheabhsú. D’fhéadfaí an clár seo a chur in oiriúint do riachtanais an ranga ar an iomlán agus do riachtanais páistí aonair. Sa chlár litrithe tá na focail go léir cloiste ag na páistí sna ceachtanna comhrá agus tá taithí ag na páistí ar na focail a chleachtadh agus a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla.Tá leanúnachas soiléir ón gclár litrithe Bua na Cainte 1 agus 2. Sa chlár Bua na Cainte 1, múineadh túschonsain na bhfocal do na páistí agus tugadh tuiscint dóibh ar an tslí a gcomhfhreagraíonn fuaimeanna agus litreacha áirithe i mBéarla agus i nGaeilge. Cuireadh leis an mbunchloch sin i mBua na Cainte 2. Díríodh aird na bpáistí ar na gutaí gearra agus ar na gutaí fada. Sa chlár Bua na Cainte 3, leantar le haird na bpáistí a dhíriú ar fhocail ardmhinicíochta sa Ghaeilge.Tá an-tábhacht ag baint leis na focail seo toisc go dtagann siad aníos go minic i dtéacsanna léitheoireachta. Leagtar béim ar fheasacht an pháiste ar phatrúin focal a fheabhsú. Cuirtear béim ar leith ar chomhfhreagracht na ngutaí leathana agus na ngutaí caola i bhfocail a thabhairt faoi deara.Tugtar deiseanna rialta do na páistí na focail atá foghlamtha acu a úsáid chun téacsanna a scríobh.Tá ceachtanna litrithe suimiúla san acmhainn dhigiteach agus tá gníomhaíochtaí comhfhreagracha sa leabhar litrithe chun deiseanna a thabhairt do na páistí na focail a chleachtadh agus a úsáid i gcomhthéacsanna difriúla.Tig leis an múinteoir na ceachtanna digiteacha a ionramháil agus an straitéis is feiliúnaí a fheileann dá rang féin a úsáid chun cumas litrithe na bpáistí a fhorbairt. Féadfar leas a bhaint as an straitéis seo leanas chun cuidiú le páistí a scileanna litrithe a fheabhsú. iv

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 4

31/08/2018 10:58


Réamhrá ● ● ●

Féach agus Abair Clúdaigh agus Scríobh Cinntigh

Tig leis an múinteoir an acmhainn dhigiteach a úsáid chun aird an pháiste a dhíriú ar: Fuaimeanna an fhocail Patrúin an fhocail Brí an fhocail

● ●

Tig leis an bpáiste an focal a chloisteáil nuair a ghliogáiltear ar an micreafón. Tig leis an bpáiste an focal a cheilt nuair a ghliogáiltear ar an gcarr. Tig leis an bpáiste an méarchlár a úsáid chun an focal a scríobh nuair a ghliogáiltear ar an bpeann. Tig leis an bpáiste an focal a chinntiú nuair a ghliogáiltear ar an gcomhartha ceiste. Tig leis an múinteoir aischothú dearfach a thabhairt don pháiste nuair a ghliogáiltear ar an réalta. Forbróidh an clár litrithe scileanna meiteachognaíocha an pháiste trí fheasacht an pháiste ar struchtúr na teanga a fheabhsú. Lámhleabhar an Mhúinteora I lámhleabhar an mhúinteora leagtar an clár oibre do rang a trí amach in Aonaid Teagaisc agus Foghlama de réir théamaí an churaclaim: Mé Féin, An Scoil, Bia, Caitheamh Aimsire, An Aimsir (An tEarrach, An Samhradh, an Fómhar, An Geimhreadh), Éadaí, Sa Bhaile, An Teilifís, Siopadóireacht agus Ócáidí Speisialata (Oíche Shamhna, An Nollaig, Lá ’le Pádraig, An Cháisc). Torthaí Foghlama Déanann na torthaí foghlama cur síos ar an bhfoghlaim agus ar an bhforbairt a bhfuiltear ag súil leo ó pháistí ag deireadh tréimhse dhá bhliain. Sa chlár Bua na Cainte 3, má éiríonn leis na páistí na feidhmeanna teanga atá luaite sna ceachtanna a bhaint amach, cuirfear ar chumas na bpáistí na torthaí foghlama a bhaint amach de réir a chéile agus éireoidh leo dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa Ghaeilge. Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuiscint a léiriú Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach Eolas, míniú agus údar a thabhairt Cur síos, tuar agus machnamh.

● ●

● ● ● ● ● ●

● ●

Léitheoireacht Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fóineolaíochta agus feasacht fhóinéimeach Foclóir léitheoireachta Cuspóir, séanra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú. ● ●

● ●

v

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 5

31/08/2018 10:58


Réamhrá Scríbhneoireacht Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, séanra agus guth An próiséas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair (Curaclam Teanga na Bunscoile 2016 lch 55–57).

● ●

● ●

Gnéithe Sa chlár Bua na Cainte 3, leagtar béim ar na gnéithe seo leanas mar a mholtar i gCuraclam Teanga na Bunscoile (2016): Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid.

● ●

Feidhmeanna agus Eiseamláirí Teanga Riantar eiseamláirí teanga feiliúnacha chun na feidhmeanna teanga comhfhreagracha a chomhlíonadh agus déantar grádú ar na heiseamláirí teanga de réir leibhéal deacrachta le go bhforbróidh cumas teanga an pháiste agus go mbeidh leanúnachas soiléir ann ó rang a dó. Déantar dul siar cuí ar na heiseamláirí teanga éagsúla i gcomhthéacsanna éagsúla chun féinmhuinín an pháiste maidir le húsáid na Gaeilge a fhorbairt. Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge – Gnáthchaint an Ranga Leagtar an-bhéim ar úsáid na Gaeilge mar mheán cumarsáide sa chlár Bua na Cainte 3.Tá sé tábhachtach go múinfidh múinteoirí na ceachtanna trí mheán na Gaeilge agus go labhróidh siad Gaeilge leis na páistí go rialta sa seomra ranga agus i dtimpeallacht na scoile. Is den riachtanas leis go mbeidh deiseanna ag na páistí an teanga atá foghlamtha acu a chleachtadh agus a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla lasmuigh den cheacht Gaeilge. Dá mhéad Gaeilge a chloiseann agus a úsáideann na páistí is ea is fearr. An Ceacht Cumarsáide I lámhleabhar an mhúinteora tugtar moltaí don mhúinteoir conas na ceachtanna a mhúineadh go cumarsáideach. Is moltaí iad agus má bhíonn straitéisí nó modhanna múinte eile ag an múinteoir chun na páistí a chur i mbun cainte moltar don mhúinteoir na straitéisí agus na modhanna sin a úsáid. Tá saoirse ag an múinteoir na modhanna múinte is feiliúnaí a úsáid chun freastal ar shainriachtanais chumarsáide a ranga féin. Moltar go láidir don mhúinteoir cur leis na ceachtanna nó baint díobh de réir mar is gá. An Tréimhse Réamhchumarsáide Sa tréimhse réamhchumarsáide den cheacht múintear na heiseamláirí teanga a bheidh ag teastáil ó na páistí chun na feidhmeanna teanga a chomhlíonadh. Úsáidtear an teicneolaíocht chun spéis na bpáistí a mhúscailt san ábhar agus chun na heiseamláirí teanga a mhúineadh agus a chleachtadh go dtí go mbíonn na páistí in ann dul i mbun cumarsáide sa tréimhse chumarsáide den cheacht.Tá sé tábhachtach go mbeidh na páistí gníomhach ag teacht amach os comhair an ranga ag déanamh tascanna cumarsáide agus ag imirt cluichí. Tréimhse Chumarsáide Moltar do mhúinteoirí dóthain ama a thabhairt don tréimhse chumarsáide den cheacht. Is den riachtanas deiseanna cuí a thabhairt do na páistí an teanga atá foghlamtha acu a chleachtadh agus a úsáid go cumarsáideach.Tá saoirse ag an múinteoir maidir le roghnú na dtascanna cumarsáide ach má bhíonn straitéis níos feiliúnaí ag múinteoir chun eiseamláir a chleachtadh tugtar saoirse don mhúinteoir an straitéis sin a úsáid. Maidir le hobair bheirte moltar an tasc a chleachtadh os comhair an ranga i dtosach báire, múinteoir agus páiste ar dtús, páiste agus páiste i mbeirteanna os comhair an ranga ansin agus na páistí go léir a chur ag obair i mbeirteanna ina dhiaidh sin. Cuirtear cártaí ar fáil chun na páistí a spreagadh chun dul i mbun cainte i mbeirteanna.Tig leis an múinteoir leabhar an pháiste a úsáid chun na páistí a chur i mbun cumarsáide. Tréimhse Iarchumarsáide Sa tréimhse iarchumarsáide den cheacht téitear siar ar na heiseamláirí teanga agus déantar measúnú ar chumas an pháiste an fheidhm teanga a chomhlíonadh.Tig leis an múinteoir an clár foghlama a chur in oiriúint dá réir.

vi

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 6

31/08/2018 10:58


Réamhrá Measúnú Cuirtear an-bhéim ar thábhacht an mheasúnaithe sa chlár Bua na Cainte 3. Le go mbeidh rath ar fhoghlaim na Gaeilge caithfidh an t-oide a bheith in ann na ceisteanna seo a fhreagairt: Cad iad na spriocanna cumarsáide atá ag an bpáiste? Cén cumas cumarsáide atá ag an bpáiste sa Ghaeilge? Conas a éireoidh leis an bpáiste na spriocanna cumarsáide a bhaint amach? Conas is féidir cumas cumarsáide an pháiste a fheabhsú?

● ●

Sa chlár seo moltar don mhúinteoir leas a bhaint as torthaí an mheasúnaithe go foirmitheach d’fhonn tuiscint bhaileach a fháil ar chaighdeán Gaeilge an pháiste chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a bhisiú sa seomra ranga. Ní hamháin go leagtar béim ar an measúnú sa tréimhse iarchumarsáide de gach ceacht ach ag deireadh gach téama trialtar cumas an pháiste na feidhmeanna teanga a chomhlíonadh. Fad na gCeachtanna Fágtar faoin múinteoir é breithiúnas gairmiúil a dhéanamh faoin méad ama a thógfaidh sé chun gach ceacht a mhúineadh. De bharr éagsúlacht na gceachtanna múinfear cuid de na ceachtanna i dtréimhse ghairid ach tá ceachtanna eile a thógfaidh níos mó ama chun iad a mhúineadh ag brath ar riachtanais na bpáistí. Caithfidh gach múinteoir an t-ábhar a chur in oiriúint do shainriachtanais na bpáistí. Comhtháthú le hÁbhair eile Sa chlár Bua na Cainte 3 moltar comhtháthú a dhéanamh idir an Ghaeilge agus na hábhair eile chun níos mó deiseanna a thabhairt do na páistí an Ghaeilge a úsáid. Is gné lárnach den chlár Bua na Cainte 3 comhtháthú a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Ceol. Is iomaí dán gleoite agus amhrán bríomhar atá sa chlár.Tig leis an múinteoir an téacs a chur ar an scáileán más cuí. Riantar féidearthachtaí chomh maith maidir le comhtháthú a dhéanamh idir an Ghaeilge agus na hábhair eile, Oideachas Ealaíon, Corpoideachas, Matamaitic, Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte. Gné na Teicneolaíochta Comhrá Tá comhráite taitneamhacha leagtha amach i gcomhthéacsanna ar féidir leis na páistí ionannú a dhéanamh leo. Tá na suímh éagsúil, réadúil agus praiticiúil agus spreagann na comhráite na páistí féin dul i mbun comhrá.Tá an teanga grádaithe agus céimnithe.Tá saoirse ag an múinteoir an t-ábhar a ionramháil chun é a chur in oiriúint do riachtanais na bpáistí. Amhráin agus Dánta Faigheann an páiste tuiscint ar ghné thábhachtach d’fheasacht chultúir na hÉireann sa réimse leathan de dhánta gleoite agus d’amhráin mhealltacha a chuirtear ar fáil sa chlár Bua na Cainte 3. Is gné shuntasach den chlár í go dtacaíonn na hamhráin agus na dánta leis na heiseamlairí teanga a múineadh sa chomhrá.Tá an caighdeán ceoil agus amhránaíochta sa chlár gan sárú. Gníomhaíochtaí Tá raon leathan gníomhaíochtaí agus cluichí éagsúla sa chlár Bua na Cainte 3.Tá aidhm oideachasúil ar leith ag gach cluiche chun cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt.Tugann na cluichí deis iontach don pháiste an teanga a chleachtadh agus a úsáid i gcomhthéacs taitneamhach spreagúil.Tá éagsúlacht agus dúshlán sna cluichí seo agus is féidir iad a úsáid chun freastal ar éagsúlacht chumais na bpáistí. Seo a leanas na cluichí agus na gníomhaíochtaí a úsáidtear:Tasc Tuisceana, Cluiche Kim, Cad é/iad? Cuir Ceist, Aimsigh an Focal, Aimsigh an Abairt, Feicim le Mo Shúilín, Cuir na Pictiúir in Ord,Tarraing, Dathaigh, Biongó, Bí ag Léamh, Bí ag Scríobh, Spraoi le Briathra, Bí ag Caint, Líon na Bearnaí, Freagair na Ceisteanna, Suimeanna Focal.Tá sé tábhachtach go mbainfidh an múinteoir leas as na cluichí chun na páistí a spreagadh chun dul i mbun cumarsáide. Chun freastal ar éagsúlacht chumais tá dhá leibhéal i gcuid de na cluichí seo. Cluiche Kim: Tugann an cluiche seo deis don pháiste an foclóir nua a chleachtadh le pictiúir mhealltacha. Cuirtear an focal leis an bpictiúr chomh maith agus freastalaíonn sé seo ar stíleanna éagsúla foghlama.Tig leis an múinteoir freastal ar an idirdhealú le pictiúr amháin nó níos mó a chasadh agus ligean don pháiste a rá cén pictiúr a tógadh.Tríd an gcluiche seo is féidir leis an múinteoir cluiche cuimhne a imirt chomh maith agus dúshlán breise a thabhairt don pháiste. Cad é/iad? Tugann an cluiche seo aghaidh ar cheann de na mórdhúshláin a bhíonn ag foghlaimeoirí óga na Gaeilge – ceartúsáid na copaile. Ag baint úsáide as an bhfoclóir atá foghlamtha ag an bpáiste spreagtar an páiste ‘Is ___ é’ a rá. Mura vii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 7

31/08/2018 10:58


Réamhrá mbíonn an páiste in ann an abairt a rá, tig leis an bpáiste an píosa cuí de na míreanna mearaí a tharraingt go dtí an áit cheart agus cloisfidh an páiste an abairt ‘Is ___ é.’ Tá sé tábhachtach don pháiste an eiseamláir teanga seo a chloisteáil go cruinn agus go rialta. Cuir Ceist: Imrítear an cluiche seo chun deis a thabhairt don pháiste ceisteanna a chur.Tá sé thar a bheith tábhtachtach deiseanna a chur ar fáil don pháiste ceisteanna a chur chomh maith le ceisteanna a fhreagairt.Tugann an cluiche seo deis iontach don mhúinteoir freastal ar idirdhealú agus ar éagsúlacht chumais. Mura bhfuil an páiste in ann an cheist a chur, tig leis an bpáiste leas a bhaint as an gcabhair.Tá sé tábhachtach go gcuireann an páiste an cheist sula ngliogálann an páiste ar an gcárta. Aimsigh an Focal: Is í príomhaidhm an chluiche seo ná scileanna aithint focal na bpáistí a fhorbairt. Spreagtar na páistí na focail a aithint agus a rá trí leas a bhaint as cluiche iascaireachta. Aimsigh an Abairt: Sa chluiche seo tugtar deis don pháiste éisteacht leis an abairt agus an abairt cheart a roghnú. Cabhraíonn an cluiche seo leis an bpáiste a bhfuil á léamh aige/aici a thuiscint.Tig leis an múinteoir idirdhealú a dhéanamh sa chluiche seo. Má bhíonn deacracht ag páiste an abairt a léamh, tig leis an bpáiste éisteacht leis an abairt mar chabhair chun an abairt cheart a roghnú. Tarraing: Is cluiche taitneamhach é seo a fhorbraíonn scileanna éisteachta agus tuisceana an pháiste. Dathaigh: Sa chluiche seo tugtar deis don pháiste na dathanna agus na pictiúir éagsúla a aithint agus tuiscint a léiriú trí threoracha a leanúint. Biongó: Imrítear an cluiche seo chun páistí a spreagadh chun dul siar ar an bhfoclóir atá foghlamtha acu.Tá an focal scríofa ar an gcárta chomh maith chun scileanna aithint focal na bpáistí a fhorbairt. Imrítear an cluiche i mbeirteanna agus tá na cártaí biongó le fáil sna hacmhainní. Bí ag Léamh: Sa ghníomhaíocht seo tugtar deis don pháiste abairtí a léamh.Tig leis an bpáiste focail a aithint agus a léamh i dtéacs trí leideanna a fháil ó phictiúir, ón gcomhthéacs agus ón gcomhréir. Cabhraíonn an cluiche seo le cumas tuisceana an pháiste a fhorbairt. Is deis eile í seo chun freastal ar éagsúlacht chumais mar is féidir leis an bpáiste an téacs a léamh nó éisteacht leis an téacs á léamh. Bí ag Scríobh: Sa ghníomhaíocht seo spreagtar an páiste taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí scríbhneoireachta a chothaíonn féinmhuinín. Spreagtar an páiste focail a aithint agus abairtí a scríobh. Is féidir an ghníomhaíocht seo a dhéanamh ag dhá leibhéal éagsúla chun freastal ar éagsúlacht chumais agus ar stíleanna éagsúla foghlama. Ag leibhéal a haon, bíonn ar an bpáiste an focal ceart a roghnú. Ag leibhéal a dó, bíonn ar an bpáiste an focal cuí a litriú. Feicim le Mo Shúilín: Sa chluiche seo múintear túschonsain na Gaeilge ar shlí tharraingteach. Forbraítear scileanna aithint focal. Cabhraíonn an cluiche seo leis an bpáiste an ceangal atá idir fuaimeanna na Gaeilge agus na litreacha scríofa a aithint. Cuir na Pictiúir in Ord: Cabhraíonn an ghníomhaíocht seo leis an bpáiste scéalta a chur in ord agus a insint trí úsáid a bhaint as sraith briathra. Spraoi le Briathra: Cabhraíonn an cluiche seo le páistí patrúin na mbriathra sna haimsirí éagsúla a thabhairt faoi deara agus a chleachtadh.Tá an cluiche seo úsáideach chun scileanna feasacht teanga an pháiste a fheabhsú. Líon na Bearnaí: Cabhraíonn an cluiche seo le páistí patrúin na réamhfhocal a thabhairt faoi deara agus a chleachtadh. Cuirtear scafall ar fáil don pháiste sa chluiche seo mar má bhíonn deacracht ag páiste an réamhfhocal ceart a roghnú tig leis an bpáiste éisteacht leis an abairt. Chun freastal ar éagsúlacht chumais na bpáistí, féadfar an tasc seo a dhéanamh ag dhá leibhéal. Ag leibhéal a haon, bíonn ar an bpáiste an réamhfhocal ceart a roghnú. Ag leibhéal a dó, bíonn ar an bpáiste an réamhfhocal cuí a litriú. Freagair na Ceisteanna: Cuireann an cluiche seo feabhas ar scileanna tuisceana agus ar scileanna léitheoireachta an pháiste. Bíonn ar an bpáiste na habairtí a léamh agus freagra na ceiste a roghnú. Cuirtear scafall ar fáil don pháiste sa chluiche seo mar má bhíonn deacracht ag páiste abairt a léamh tig leis an bpáiste éisteacht leis an abairt. Scríobh na hAbairtí: Cabhraíonn an cluiche seo le páistí patrúin na mbriathra sna haimsirí éagsúla a thabhairt faoi deara agus a chleachtadh.Tá an cluiche seo úsáideach chun scileanna feasacht teanga an pháiste a fheabhsú. Ag leibhéal a haon, bíonn ar an bpáiste an briathar ceart a roghnú. Ag leibhéal a dó, bíonn ar an bpáiste an briathar cuí a litriú. viii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 8

31/08/2018 10:58


Réamhrá Bí ag Caint: Tá an phríomhbhéim ar labhairt na Gaeilge sa chlár Bua na Cainte. Sa ghníomhaíocht seo, bíonn ar an bpáiste ceist a fhreagairt.Tig leis an bpáiste a g(h)uth a thaifeadadh agus éisteacht lena f(h)reagra féin arís. Cabhraíonn an ghníomhaíocht seo chun an páiste a spreagadh chun Gaeilge a labhairt. Cuirtear scafall ar fáil don pháiste sa ghníomhaíocht seo mar má bhíonn deacracht ag páiste abairt a rá tig leis an bpáiste éisteacht leis an abairt arís agus arís eile.Tig leis an múinteoir leas a bhaint as an ngníomhaíocht seo chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an pháiste maidir le labhairt na Gaeilge. Suimeanna Focal: Cabhraíonn an cluiche seo le páistí patrúin na mbriathra sna haimsirí éagsúla a thabhairt faoi deara agus a chleachtadh.Tá an cluiche seo úsáideach chun scileanna feasacht teanga an pháiste a fheabhsú. An Clár Bán

Is gné thábhtachtach den chlár Bua na Cainte é an clár bán idirghníomhach.Tá réimse leathan uirlisí ann a chabhraíonn leis an múinteoir ceachtanna agus gníomhaíochtaí a dhearadh do shainriachtanais a ranga.Tig leis an múinteoir na pictiúir agus na cúlraí a úsáid chun a c(h)eachtanna féin a dhearadh bunaithe ar ábhar na gceachtanna. Féadfar leas a bhaint as an gclár bán chun dul siar a dhéanamh ar an ábhar le páistí áirithe nó chun dúshlán breise a thabhairt do pháistí eile.Tá raon leathan áiseanna ar fáil a thugann deis don mhúinteoir: Pictiúir a ghrádú, a rothlú agus a chasadh Pictiúir a chur chun tosaigh nó a chur ar chúl Téacs nó lipéid a scríobh sa bhosca scríbhneoireachta Pictiúir nó focail a cheilt agus a léiriú Pictiúir a tharraingt nó focail a scríobh leis an bpeann luaidhe Pictiúir nó téacs a scriosadh leis an scriosán An pointeoir a úsáid chun an scriosán, an peann luaidhe agus na dathanna a mhúchadh. ●

● ● ● ●

Tig leis an múinteoir gliogáil ar an diosca chun ceachtanna a shábháil.Tig leis an múinteoir leas a bhaint as na pictiúir, an téacs agus na cúlraí chun ceachtanna a oireann do riachtanais a ranga féin a ullmhú roimh ré. Tig leis an múinteoir gliogáil ar an gcomhad chun ceachtanna a aimsiú.

Bua na Cainte 3 – Leabhar an Pháiste Is éard atá i leabhar an pháiste ná gníomhaíochtaí cumarsáide chun na páistí a spreagadh an teanga atá foghlamtha acu a úsáid agus a chleachtadh. Úsáidtear leabhar an pháiste sa tréimhse chumarsáide/sa tréimhse iarchumarsáide den cheacht.Tá sé tábhachtach leas a bhaint as an leabhar chun na páistí a spreagadh chun dul i mbun cainte agus chun dul siar a dhéanamh ar na heiseamlairí teanga atá múinte. Ról an Tuismitheora/an Chaomhnóra Tá ról lárnach ag tuismitheoirí/caomhnóirí sa chlár Bua na Cainte 3.Tig leis na tuismitheoirí/caomhnóirí leas a bhaint as leabhar an pháiste sa bhaile chun dul siar ar an obair scoile. Ag tús na scoilbhliana moltar don mhúinteoir cruinniú a eagrú le tuismitheoirí chun iad a chur ar an eolas faoi bhealaí ina bhféadfaidís cabhair agus tacaíocht a thabhairt dá bpáistí maidir le foghlaim na Gaeilge. Moltar don tuismitheoir dul siar ar an eiseamláir teanga leis an bpáiste chun obair na scoile a chomhlánú.Tá sé antábhachtach do thuismitheoirí/chaomhnóirí na páistí a mholadh nuair a bhíonn siad in ann na feidhmeanna teanga a chomhlíonadh. Moltar do thuismitheoirí an teanga a fhoghlaimíonn na páistí ar scoil a úsáid lena bpáistí féin sa bhaile chun obair na scoile a athdhaingniú. Idirdhealú Is gné thábhachtach de dhea-chleachtas múinteoireachta gach deis a thapú chun deiseanna foghlama a chur ar fáil atá oiriúnach do riachtanais agus do chumas an pháiste. Déanann dea-mhúinteoirí é seo go fochomhfhiosach nuair a thugtar cabhair bhreise nó am breise do pháiste nó nuair a dhéantar tasc a athrú chun freastal ar riachtanais an pháiste. Sa chlár Bua na Cainte 3 moltar don mhúinteoir an t-ábhar a idirdhealú agus na modhanna múinte/straitéisí is oiriúnaí a roghnú don rang atá faoina c(h)úram. Braithfidh an t-idirdhealú a dhéanfar ar shainriachtanais an ranga. Idirdhealú sna Spriocanna Foghlama Bíonn sé mar aidhm ag an múinteoir go mbainfidh gach páiste a (h)acmhainn bhuaice amach sa Ghaeilge. Cuireann an múinteoir na spriocanna foghlama in oiriúint do chumas an pháiste. Moltar gach páiste as an iarracht a dhéanann sé/sí agus ix

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 9

31/08/2018 10:58


Réamhrá cuirtear béim ar an dul chun cinn a dhéanann sé/sí ag a ráta luais féin seachas ar an teip.Tá sé tábhachtach dushlán cuí a thabhairt do gach dalta sa rang.Tá an clár Bua na Cainte 3 struchtúrtha, grádaithe agus céimnithe. Moltar do mhúinteoirí ábhar breise a mhúineadh chun freastal ar riachtanais pháistí cumasacha nó an t-ábhar a chur in oiriúint do riachtanais pháistí áirithe. Má bhíonn deacrachtaí ag páistí áirithe an foclóir ar fad a thabhairt leo moltar an t-ábhar a chur in oiriúint dá gcumas. Idirdhealú sa Mhodheolaíocht Fágtar faoin múinteoir na modhanna múinte agus na straitéisí is oiriúnaí a roghnú don rang nó do na ranganna atá faoina c(h)úram. Moltar do mhúinteoirí raon modhanna agus straitéistí éagsúla a úsáid. Mar shampla, má bhíonn deacrachtaí ag na páistí sainfhoclóir an téama a aithint agus a ainmniú féadfar dul siar a dhéanamh ar an ábhar tríd an Modh Díreach a úsáid chun breis cleachtaidh a thabhairt do pháistí áirithe más gá. Nuair a bhíonn Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí in úsáid d’fhéadfadh páistí cumasacha na horduithe a thabhairt i dtús báire chun scafall a thabhairt do pháistí eile. D’fhéadfadh na páistí eile na horduithe a leanúint chun tuiscint a léiriú agus spreagtar iad leis na horduithe a thabhairt de réir a chéile. Idirdhealú sna Straitéisí Moltar do mhúinteoirí raon de straitéisí éagsúla a úsáid de réir mar a oireann do chumas agus do riachtanais an ranga. Nuair a bhíonn obair bheirte ar siúl iarrtar ar an bpáiste is cumasaí na ceisteanna a chur agus iarrtar ar an bpáiste eile na ceisteanna a fhreagairt. De réir a chéile spreagtar an páiste seo ceisteanna a chur. Nuair a bhíonn drámaíocht ar siúl d’fhéadfadh na páistí cumasacha abairtí a rá agus na páistí eile gníomhartha a dhéanamh chun tuiscint a léiriú. Spreagtar na páistí seo na habairtí a rá de réir a chéile. Nuair a bhíonn an scéal á insint mar ghrúpa is féidir páistí a ghrúpáil ar bhonn éagsúlacht chumais ionas gur féidir leo foghlaim óna chéile. Idirdhealú sna Tascanna Moltar na tascanna cumarsáide a chur in oiriúint do chumas na bpáistí. Is féidir leis na páistí cumasacha na tascanna a dhéanamh ar dtús agus is féidir dushlán breise a thabhairt do na páistí seo más gá. Moltar gach páiste as an dul chun cinn a dhéanann sé/sí. Is féidir níos mó ama a thabhairt do páistí áirithe más gá. Idirdhealú sa Luas Múinteoireachta Moltar don mhúinteoir breis ama a thabhairt do pháistí áirithe más gá agus an luas múinteoireachta a chur in oiriúnt dá gcumas. Idirdhealú trí Thacaíocht Bhreise Moltar tacaíocht bhreise a thabhairt do pháistí áirithe más gá. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an ábhar a shimpliú, níos mó fearais léirithe a úsáid, níos mó úsáide a bhaint as an teicneolaíocht nó níos mó dul siar a dhéanamh leis na páistí seo.Tá sé tábhachtach na páistí a mholadh as na hiarrachtaí a dhéanann siad. Idirdhealú trí Acmhainní Moltar breis acmhainní a úsáid le páistí áirithe chun an próiséas foghlama a éascú dóibh. Moltar níos mó ama a thabhairt dóibh chun na hábhair nithiúla, na pictiúir srl. a ionramháil. Is féidir níos mó ama a thabhairt dóibh chomh maith ar an gclár bán idirghníomhach. Féadfar úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chun cúram a dhéanamh den idirdhealú.Tig leis an bpáiste tuilleadh cleachtaidh a dhéanamh agus dul siar ar na tascanna cumarsáide ar an ríomhaire aonair sa seomra ranga má bhíonn gá leis. Scéalta Cuirtear scéalta tarraingteacha ar fáil sa chlár Bua na Cainte 3. Tá sé tábhachtach scéalta deasa Gaeilge a insint do pháistí chun spéis na bpáistí a mhúscailt sa teanga.Tá tábhacht ar leith ag baint leis na scéalta chun ionchur teanga a sholáthar do na páistí, chun scileanna éisteachta agus scileanna cuimhne na bpáistí a fhorbairt, chun eiseamláirí teanga a mhúineadh do na páistí, chun mothúcháin, cruthaitheacht agus samhlaíocht na bpáistí a fhorbairt agus mar bhunús do mhúineadh na léitheoireachta. Tá féidearthachtaí iontacha ann maidir le húsáid na scéalta sa chlár Bua na Cainte 3.Tig leis an oide leas a bhaint as na scéalta de réir mar a oireann do riachtanais na bpáistí. Moltar don mhúinteoir deis a thabhairt do na páistí:

x

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 10

31/08/2018 10:58


Réamhrá ● ● ● ● ● ● ●

Éisteacht leis an scéal agus taitneamh a bhaint as Tascanna éagsúla a dhéanamh bunaithe ar ábhar an scéil A bheith rannpháirteach san insint agus an scéal a insint in éineacht leis an scéalaí go háirithe má bhíonn athrá sa scéal Abairtí a chríochnú Mím nó dráma a bhunú ar an scéal Nathanna cainte ó na scéalta a úsáid i ngnáthchaint an lae de réir mar a fheileann Obair ealaíne a dhéanamh bunaithe ar an scéal.

Clabhsúr Le go mbeidh rath ar an gclár Bua na Cainte 3 caithfidh an múinteoir an t-ábhar a ionramháil chun páistí a spreagadh chun dul i mbun cainte sa Ghaeilge.Taithí a dhéanann máistreacht agus má théann na páistí i dtaithí ar na heiseamláirí teanga a úsáid go rialta gheobhaidh siad máistreacht ar na feidhmeanna teanga a chomhlíonadh gan stró. Go mbaine na páistí taitneamh agus tairbhe as Bua na Cainte 3.

xi

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 11

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Scéim Bhliana Aidhmeanna Ag tagairt do Churaclam Teanga na Bunscoile (2016) is iad seo a leanas na haidhmeanna a bhaineann le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge n Cur ar chumas páistí tógáil ar eolas agus ar thaithí atá acu cheana féin ar theanga agus ar fhoghlaim teanga le cur lena bhfoghlaim teanga n Páistí a spreagadh le glacadh go dearfach leis an nGaeilge, agus ár bhféiniúlacht chultúrtha a chur chun cinn trí úsáid na Gaeilge n Páistí le teangacha agus cultúir éagsúla a spreagadh le bheith bródúil as a n-oidhreacht agus í a roinnt n Aitheantas a thabhairt don raon taithí, cumais agus stíle teanga a bhíonn ag páistí agus iad ag foghlaim teanga ar scoil mar chéad chéim le cur ar a gcumas a bheith rannpháirteach i gcaidreamh bríoch cumarsáideach n Glacadh le huathúlacht na bpáistí trína meas ar a dteanga bhaile, a dtuiscint ar theanga agus ar ilghnéitheacht, agus a gcumas chun teangacha, gothaí agus uirlisí éagsúla a úsáid le cumarsáid a dhéanamh le daoine i gcomhthéacsanna agus i suímh éagsúla a chothú n Páistí a spreagadh agus a chumasú le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí Ghaeilge n Páistí a chumasú le bheith rannpháirteach go hiomlán i réimse leathan d’eispéiris ábhartha bhríocha teanga agus chumarsáideacha le páistí ar chomhaois leo agus le daoine fásta, agus le taitneamh a bhaint astu n Spéis ar feadh an tsaoil i bhfoghlaim teanga, agus grá d’fhoghlaim teanga, a chothú i bpáistí ar mhaithe le taitneamh agus saibhriú pearsanta agus, ar an gcaoi sin, dearcadh dearfach i leith cumarsáide agus teanga a chur chun cinn n Tuiscint páistí ar an domhan a leathnú trí éagsúlacht shaibhir eispéiris teanga agus trí fheasacht agus meas ar theangacha agus ar chultúir eile a chothú i dtimpeallacht foghlama a shaibhríonn iad n Páistí a spreagadh le bheith rannpháirteach go pearsanta i réimse leathan téacsanna labhartha, geáitsíochta, scríofa agus ilmhodúlacha, agus smaoineamh go criticiúil orthu n Tacú le páistí lena scileanna liteartha a fhorbairt agus iad a chumasú le dul chun cinn a dhéanamh ar a luas foghlama féin sa teanga ó bhéal, sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht n Feasacht teanga a chothú sna páistí, ionas go dtuigfidh siad agus go mbeidh meas acu ar ábhar agus ar struchtúr teangacha agus go bhfaighidh siad buntuiscint ar stair teangacha agus cultúr eile (Curaclam Teanga na Bunscoile 2016 lch 26–27) Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

Modhanna Múinte n An Modh Díreach n An Modh Closamhairc n An Modh Closlabhartha n Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí n Modh na Sraithe n Modh na Ráite Straitéisí n Tasc Tuisceana n Bí ag Caint n Bí ag Léamh n Bí ag Scríobh xii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 12

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana n n n n n n n n n n n n n n

Scríobh an Scéal Scríobh na hAbairtí Cuir na Pictiúir in Ord Cluiche Kim Cluiche – Cad é/iad? Cluiche – Cuir Ceist Aimsigh an Abairt Biongó Spraoi le Briathra Freagair na Ceisteanna Obair Bheirte Drámaíocht Scéalaíocht Amhráin agus Dánta

Idirdhealú Déantar cúram den idirdhealú maidir leis na gnéithe seo a leanas den mhúinteoireacht agus den fhoghlaim chun freastal ar shainriachtanais na bpáistí: n Idirdhealú sna Spriocanna Foghlama n Idirdhealú san Ábhar n Idirdhealú sa Mhodheolaíocht n Idirdhealú sna Straitéisí n Idirdhealú sna Tascanna n Idirdhealú sa Luas Múinteoireachta n Idirdhealú trí Thacaíocht Bhreise n Idirdhealú trí Acmhainní Acmhainní n Pictiúir n Cártaí don Obair Bheirte n Maisc n Puipéid n Cártaí Biongó n Luaschártaí n Abairtchártaí n Leabhair n An Clár Bán Idirghníomhach (Piciúir, Cúlraí, srl.)

xiii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 13

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge i rith an lae – Caint an Ranga Cloisfidh na páistí an múinteoir ag labhairt Gaeilge leo ag amanna rialta i rith an lae agus spreagfar iad an teanga atá foghlamtha acu a thraschur agus a úsáid i gcomhthéacsanna cumarsáide éagsúla lasmuigh den cheacht Gaeilge ionas go dtuigfidh siad gur teanga bheo chumarsáide í an Ghaeilge. Samplaí

Ar Maidin Dia daoibh ar maidin/Dia’s Muire duit. Fáilte romhaibh. Go raibh maith agat. Bain díot ___. (do chóta, do hata, do scairf) Bainigí díbh bhur gcótaí. Ar bhain tú do chóta díot? Bhain/Níor bhain mé mo chóta díom. Croch suas ___. (do chóta, do hata, do scairf) Crochaigí suas bhur gcótaí. Conas atá sibh? Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin? Conas atá tú? Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia. An bhfuil nuacht agat? Tá nuacht agam. Cén saghas lae é? Tá an ghrian ag taitneamh. Tá sé ___. (te, tirim, fuar, fliuch) Tá an lá fliuch inniu.Tá sé ag cur báistí.Tá sé ag cur fearthainne Tá scamaill sa spéir.Tá an lá scamallach. Tá an ghaoth ag séideadh.Tá sé gaofar. Tá ceo ann.Tá an lá ceomhar. Tá tuar ceatha sa spéir. Tá sioc ann.Tá sé ag cur seaca. Tá stoirm ann.Tá tintreach agus toirneach ann. Tá sé ag cur sneachta. Cén lá atá ann inniu? Cén dáta atá ann inniu? Cén séasúr atá ann? Ainmnigh míonna an ___. An bhfuil aon scéal agat? Tá/Níl scéal agam.

I Rith an Lae A mhúinteoir, tá críochnaithe agam. A mhúinteoir, níl ___ agam. (peann luaidhe, scriosán, srl.) Ag Moladh Páistí Maith ___! (thú, sibh) Ar fheabhas ar fad! Go hiontach! Togha! Thar barr! Thar cionn! Orduithe Éirigh/Éirígí. Cuir ___ ar siúl. (an solas, an ríomhaire) Múch ___. (an solas, an ríomhaire) Féach/Féachaigí ar an gclár bán. Dúnaigí/Osclaígí ___. (bhur leabhair, bhur súile, srl.) Scríobh/Scríobhaigí an scéal. Ná scríobh ___. (ar an gclár bán, srl.) Ná déan/déanaigí é sin. Ná béic/béicigí. Beir/Beirigí ar an bpeann luaidhe. Buail an cloigín. Scuab an t-urlár. Fan/Fanaigí sa seomra ranga. Fág/Fágaigí an seomra ranga. Cuir/Ná cuir ___ i do mhála scoile/ar an mbord. Bailigh ___, led’ thoil. Tarraing/Tarraingígí ___. (pictiúr, líne) Dathaigh/Dathaígí ___. Déan cur síos ___. (ar an bpictiúr, ar an gcluiche, srl.) Seinn/Seinnigí ceol. Ar aghaidh libh. Éistigí go géar. Féachaigí ar na pictiúir. Cuirigí na pictiúir i bhfolach.Tógfaidh mé pictiúr amháin. Téigh go dtí an leabharlann agus faigh leabhar. Ceisteanna N’fheadar cad é? An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. An bhfuil sibh réidh? Táimid réidh. An bhfuil gach duine réidh? Táimid réidh. An bhfuil ___ agat? Tá/Níl ___ agam. An bhfuil ___ aige/aici? Tá/Níl ___ aige/aici. An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. Cá bhfuil ___? Tá ___ sa mhála/sa chófra/sa chúinne. Tá ___ in aice ___. (leis an ríomhaire, leis an gcófra, leis an gclár bán)

xiv

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 14

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Ar Maidin

I Rith an Lae Tá ___ ar an mballa/ar an gcófra/ar an talamh/ar an mbord. Tá ___ faoin mbord/faoin gcathaoir/faoin gclár bán/faoin doirteal. An bhfuil ___ sa mhála/sa chófra? Cad a fuair tú? Fuair mé ___. (leabhar, marcóirí, peann) Cad a chuala tú? Chuala mé ___. (ceol, scéal, an nuacht, srl.) An raibh spórt agus scléip agat? Bhí spórt agus scléip agam. Cén t-am é? Tá sé ceathrú tar éis a hocht, srl. An bhfuil ___ ort? (tuirse, brón, ionadh, áthas) Tá/Níl ___ orm. Cad atá uait? Tá ___ uaim. Cad atá uaidh? Tá ___ uaidh. Cad atá uaithi? Tá ___ uaithi. An gcabhróidh tú liom? Cabhróidh mé leat. Tóg ___ amach as do mhála scoile, más é do thoil é. Tógfaidh mé. Ar dhún tú an doras? Dhún/Níor dhún mé. Ar chuir tú an ___ i do mhála scoile? Chuir/Níor chuir mé. Ar bhris sé an fhuinneog? Bhris/Níor bhris sé. Ar bhéic sé? Bhéic/Níor bhéic sé. Ar thóg tú do chóipleabhar? Thóg/Níor thóg mé. Ar ghlan tú an bord? Ghlan/Níor ghlan mé. Ar rith tú? Rith/Níor rith mé. Ar chan sí an t-amhrán? Chan/Níor chan sí. Ar chas sé timpeall? Chas/Níor chas sé. Ar chaith sé an leabhar? Chaith/Níor chaith sé. Ar phioc sí suas na páipéir? Phioc/Níor phioc sí. Ar sheas sé? Sheas/Níor sheas sé. Ar scread sé? Scread/Níor scread sé. Ar scríobh tú an scéal? Scríobh/Níor scríobh mé. Ar éist tú ___? (leis an scéal, leis an gceol, leis an múinteoir) D’éist/Níor éist. Ar chuala tú mé? Chuala/Níor chuala mé tú. Ar fhéach tú sa chófra? D’fhéach/Níor fhéach mé. Ar fhan tú sa seomra ranga? D’fhan/Níor fhan mé. Ar fhág tú an seomra ranga? D’fhág/Níor fhág mé. Ar thóg tú na criáin? Thóg/Níor thóg mé. Ar ghortaigh tú do chos? Ghortaigh/Níor ghortaigh mé mo chos. Ar thosaigh tú ag obair? Thosaigh/Níor thosaigh mé. An raibh tú ___? (ag obair, ag léamh, ag scríobh, ag canadh) Bhí/Ní raibh. An bhfaca tú ___? (an siosúr, srl.) Chonaic/Ní fhaca mé. An ndeachaigh tú go dtí an ___? (leabharlann, srl.) Chuaigh/Ní dheachaigh mé. An ndúirt tú an dán? Dúirt/Ní dúirt mé. An bhfuair tú ___ nua? Fuair/Ní bhfuair mé. An ndearna tú é? Rinne/Ní dhearna mé. An maith leat bheith ag léamh? Is/Ní maith liom bheith ag léamh. Cén leabhar is fearr leat? Is fearr liom an leabhar ___. An mó duine atá sa líne? Tá ___ sa líne. (cúigear, srl.) Beannachtaí Lá breithe sona duit! Go raibh maith agat. Nollaig shona duit. Go mba hé duit. Cháisc shona duit. Go mba hé duit. xv

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 15

04/09/2018 10:40


Scéim Bhliana Sa Chlós Léim/Léimigí go hard. Ná léimigí. Rith go tapa/Rithigí go tapa. Ná rithigí. Caith/Caithigí an liathróid. Ná caithigí an liathróid. Beir/Beirigí ar an liathróid. Bí cúramach. Cad a tharla? Bhuail sí mé. Tá brón orm.Timpiste a bhí ann. Ní dhéanfaidh mé arís é. Bhrúigh sé mé. Thit mé. An bhfuil tú ceart go leor? Tá mé ceart go leor. Ghortaigh mé mo ghlúin.Tá mo ghlúin ag cur fola. Cuirfidh mé fios ar an múinteoir. A mhúinteoir, tá ___ ag cur fola. Beidh tú go breá. Nífidh mé do ghlúin duit. An bhfuil tú ceart go leor? Tá mé ceart go leor. Seachain nó titfidh ___. (tú, sibh) An raibh spórt agus scléip agat? Bhí/Ní raibh spórt agam. Cé atá ___? (sa chéad áit, srl.) Tá ___ (sé, sí) ___. (sa chéad áit, srl.) Ar bhuaigh tú ___? (an cluiche, an rás) Bhuaigh/Níor bhuaigh mé ___. Cé a bhuaigh an cluiche? Bhuaigh ___ an cluiche. (ainm an pháiste) Ar imir tú peil? D’imir/Níor imir mé. Seas i lár an chiorcail. An bhfuil an liathróid ag ___? (ainm an pháiste) Déan/Déanaigí ___. (líne, ciorcal, deifir) A ___, seas sa líne. (ainm an pháiste) A bhuachaillí/chailíní, déanaigí líne. Ar bhuail tú an liathróid? Bhuail/Níor bhuail. Ar chaith tú an liathróid? Chaith/Níor chaith. Ar rug tú ar an liathróid? Rug/Níor rug.

Am Rolla Cé atá tinn? Tá ___ tinn. Níl ___ ar scoil. Tá sé/sí sa bhaile.

Am Lóin/Am Sosa Dún/Dúnaigí na boscaí lóin. Glanaigí na boird. Cuirigí an bruscar sa bhosca bruscair. Déan/Déanaigí líne ag an doras. Seas/Seasaigí sa líne. Cad d’ith tú? D’ith mé ___. Cad d’ól tú? D’ól mé ___. An bhfuil ___ ort? (ocras, tart) Tá/Níl ___ orm. Tá mé lán go béal. An maith leat ___? Is/Ní maith liom ___. An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. An bhfuil go leor agat? Tá/Níl go leor agam. Ba mhaith liom níos mó.

Ag Dul Abhaile An bhfuil sibh réidh? Táimid réidh. Dún an leabhar. Dúnaigí na leabhair. Cuir an leabhar i do mhála scoile. Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile. Brostaigh ort. Seas/Seasaigí suas. Seas/Seasaigí sa líne. Pioc/Piocaigí suas na páipéir. Déan/Déanaigí líne ag an doras. Slán abhaile. Slán leat agus go raibh maith agat. Slán tamaill. Slán go fóill.

xvi

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 16

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana An Chéad Téarma 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Mé Féin Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: Beannú do dhuine Freagairt do bheannú Buíochas a léiriú Duine a chur in aithne Ceist a chur Ceist a fhreagairt Iarraidh ar dhaoine rud éigin a dhéanamh Daoine a mholadh Scéal a insint Tuairisciú Brón a léiriú Aird a lorg Foláireamh a thabhairt Teachtaireacht a thabhairt Cur síos a dhéanamh Nuacht a thabhairt Amhráin Dilín Ó Deamhas Na Gutaí Míonna na Bliana Dánta Cúige Chonnacht Shiúil mé Ruairí Rón Drámaíocht An Leon agus an Luch Scéal An Leon agus an Luch

Eiseamláirí Teanga Dia daoibh ar maidin/Dia’s Muire duit. Fáilte romhaibh ar ais ar scoil. Go raibh maith agat. Seo í an príomhoide nua. Conas atá sibh? Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin? Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia. Cad is ainm duit? ___ is ainm dom. Cad is ainm dó? ___ is ainm dó. Cad is ainm di? ___ is ainm di. Cé hé sin? Sin é ___. Cé hí sin? Sin í ___. Dúnaigí na boscaí lóin. Glanaigí na boird. Cuirigí an bruscar sa bhosca bruscair. Féachaigí ar an gclár bán. An bhfuil sibh réidh? Táimid réidh. Maith sibh! Bhí an múinteoir agus na páistí sa seomra ranga. Bhí siad ag léamh. Chonaic Oisín luch. Bhéic sé. Bhí eagla an domhain air. Léim sé ar an gcathaoir. Rith an luch isteach i bpoll. Thosaigh na páistí ag gáire. Cé tusa? Is mise ___. Cén aois thú? Tá mé ___ mbliana d’aois. (ocht, naoi) Cén dath atá ar do chuid gruaige? Tá mo chuid gruaige ___. An bhfuil do chuid gruaige ___? (catach, srl.) Tá/Níl mo chuid gruaige ___. Cén dath atá ar do shúile? Tá mo shúile ___. Léim go hard./Léimigí go hard. Rith go tapa./Rithigí go tapa. Caith an liathróid./Caithigí an liathróid. Beir ar an liathróid./Beirigí ar an liathróid. An mó duine atá i do chlann? Tá ___ i mo chlann. An mó ___ atá agat? (deartháir, deirfiúr) Níl aon ___ agam. Tá ___ amháin agam.Tá ___ deirfiúracha agam. Tá sí ___. (dhá bhliain d’aois, ocht mbliana d’aois) Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá mé i mo chónaí i ___.

xvii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 17

03/09/2018 16:23


Scéim Bhliana Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Bua na Cainte 3 ___ is ainm dom/duit/dó/di. lch. 1 Cé hé sin? Sin é ___. Cé hí sin? Sin í ___. lch. 2 Dilín Ó Deamhas lch. 3 Orduithe Tóg/Tógaigí. Ól/Ólaigí. Dún/Dúnaigí. Glan/Glanaigí. Féach/Féachaigí. Scéal: An Luch Mé Féin ‘Shiúil mé’

lch. 4 lch. 5 lch. 6 lch. 7 lch. 8

Orduithe Rith/Rithigí. Léim/Léimigí. Caith/Caithigí. Beir/Beirigí. Mo chlann Cúige Chonnacht Timpiste sa chlós Timpiste – Ceisteanna Ruairí Rón

lch. 9 lch. 10 lch. 11 lch. 12 lch. 13 lch. 14

Orduithe Seasaigí/Cuirigí. Brisigí/Déanaigí. Piocaigí/Léimigí. lch. 15 An Nuacht lch. 16 Scéal – An Leon agus an Luch lch. 17 Abairtí – An Leon agus an Luch lch. 18

Ainmnigh na contaetha i gCúige Chonnacht. Bí cúramach. Cad a tharla? Bhuail sí mé. Tá brón orm.Timpiste a bhí ann. Ní dhéanfaidh mé arís é. Bhrúigh sé mé. An bhfuil tú ceart go leor? Tá mé ceart go leor. Ghortaigh mé mo ghlúin.Tá mo ghlúin ag cur fola. Cuirfidh mé fios ar an múinteoir. A mhúinteoir, tá Niamh ag cur fola. Beidh tú go breá. Nífidh mé do ghlúin duit. Thit Róisín sa chlós. Ghortaigh sí a cos. Chuir Niamh fios ar an múinteoir. Chuir an múinteoir bindealán ar a cos. Bhí biseach ar Róisín ansin. Dún an leabhar./Dúnaigí na leabhair. Cuir an leabhar i do mhála scoile./Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile. Seas suas./Seasaigí suas. Pioc suas na páipéir./Piocaigí suas na páipéir. Déan líne ag an doras./Déanaigí líne ag an doras. Rith go dtí an clós./Rithigí go dtí an clós. Léim go hard./Léimigí go hard. An Nuacht Meán Fómhair atá ann. ___ is ainm dom. Tá mo ghruaig ___ agus ___. Tá mo shúile ___. (gorm, glas, donn) Tá ___ i mo chlann. Tá ___ amháin agam. (deartháir, deirfiúr) Níl aon ___ agam. (deartháir, deirfiúr) An Aimsir An fómhar atá ann. Bhí an ghrian ag taitneamh inné. Bhí sé te agus tirim. Tá an lá fliuch inniu.Tá scamaill sa spéir. Beidh an ghaoth ag séideadh amárach. Beidh sé gaofar. Beidh sé fuar.

Feasacht Teanga Briathra Orduithe san uimhir uatha agus uimhir iolra Réamhfhocail dom, duit, dó, di. Uimhreacha Daoine a chomhaireamh

xviii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 18

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Litriú dom, duit, dó, di. Sin é __. Sin í ___. Tóg/Tógaigí. Ól/Ólaigí. Dún/Dúnaigí. Glan/Glanaigí. Féach/Féachaigí. gorm, donn, glas. Rith/Rithigí. Léim/Léimigí. Caith/Caithigí. duine amháin, beirt, triúr. ceathrar, cúigear, seisear. mo lámh, mo cheann, mo chos. Ar ghortaigh? Ghortaigh/Níor ghortaigh. Cuir/Cuirigí. Seas/Seasaigí. Pioc/Piocaigí. Déan/Déanaigí.

Foclóir mo dheirfiúr, mo dheartháir, an dochtúir, an garda, an siopadóir, an príomhoide, an feirmeoir. duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr. Cúige Chonnacht, Cúige Uladh, Cúige Laighean, Cúige Mumhan. Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin. fionn, donn, dubh, rua, gorm, glas. gearr, fada, catach, díreach. mo bholg, mo lámh, mo chos, mo ghlúin, mo ghualainn, mo cheann, mo chluas, mo shrón. an ghrian ag taitneamh, te, tirim, fliuch scamaill, an ghaoth ag séideadh, gaofar, fuar.

Measúnú Teanga ó Bhéal Dia daoibh. Conas atá sibh ar maidin? Cad is ainm ___? (duit, dó, di) Cé hé sin? Cén dath atá ar ___? (do chuid gruaige, do shúile) An bhfuil do chuid gruaige ___? (catach, fada, gearr, díreach) Cén aois thú? An mó duine atá i do chlann? An mó ___ atá agat? (deartháir, deirfiúr) Cá bhfuil tú i do chónaí?

___ is ainm dó. (Oisín, srl.) ___ is ainm di. (Róisín, srl.)

Léitheoireacht

Scríbhneoireacht An Luch Bhí an múinteoir agus na páistí sa seomra ranga. Bhí siad ag léamh. Chonaic Oisín luch. Bhéic sé. Bhí eagla an domhain air. Léim sé ar an gcathaoir. Rith an luch isteach i bpoll. Thosaigh na páistí ag gáire.

xix

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 19

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

An Aimsir – An Fómhar Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Tuairisciú Scéal a insint Daoine a mholadh Taitneamh a léiriú Cur síos a dhéanamh Amhráin agus Dánta Cén Dáta atá ann? An Damhán Alla Spórt sa Choill

Scéal

Drámaíocht Dráma bunaithe ar an scéal: An Damhán Alla Dráma bunaithe ar an scéal: Spórt sa Choill Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Bua na Cainte 3 An Féilire lch. 19 An Fómhar – Ceisteanna lch. 20 Scéal – An Damhán Alla lch. 21 Scéal: An tIora Rua/An tIora Liath lch. 22 Spórt sa Choill (Rith ___ ar nós na gaoithe) lch. 23 Feasacht Teanga Orduimhreacha (An chéad go dtí an deichiú) Briatra san aimsir chaite (Bhí. D’ith.Tháinig.) Ceisteanna san aimsir chaite (Ar tháinig? Ar ith?) Patrún teanga: ar nós na gaoithe Sraith bhriathra a úsáid chun scéal a insint

Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá ___. (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair) Cén séasúr atá ann? An fómhar atá ann. Ainmnigh míonna an fhómhair. Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair. Chuir an múinteoir crann mór ar an mbord dúlra. Chuir Oisín duilleoga ar an gcrann agus ar an talamh freisin. Chuir Niamh iora rua ar an gcrann. Chuir Ruairí gráinneog faoin gcrann. Chuir Róisín péist in aice leis an ngráinneog. Chuir Oisín sciathán leathair ar an gcrann freisin. Chuir Niamh broc in aice leis an gcrann. Chuir Ruairí sionnach in aice leis an mbroc. Tá ___ agam. (cnónna, duilleoga) Cuirfidh mé ____ ar an mbord dúlra. Cuirigí na focail in aice leis na pictiúir. Maith sibh! Tá an bord dúlra go han-deas. An Damhán Alla An fómhar a bhí ann. Bhí damhán alla ar an mballa. Tháinig éan. D’ith an t-éan an damhán alla. Seo iora ___. (rua, liath) Tá an t-iora ___ sa choill. (rua, liath) Tá sé ag obair go dian.Tá sé ag bailiú cnónna. Tá sé ag cur cnónna i bpoll don gheimhreadh. Tá sé ag ithe cnónna freisin.Tá a eireaball an-mhór. Is maith liom an t-iora ___. (rua, liath) Foclóir An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá. an sciathán leathair, an t-iora rua, duilleoga, an sionnach, an ghráinneog, na cnónna, an phéist, an broc, crann cnó capaill, damhán alla. ar an gcrann, faoin gcrann, in aice leis an gcrann.

Litriú an chéad lá, an dara lá, an tríú lá. an ceathrú lá, an cúigiú lá, an séú lá an seachtú lá, an t-ochtú lá, an naoú lá, an deichiú lá. gráinneog, fuinneog, duilleog.

xx

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 20

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Measúnú Labhairt Cén lá atá ann? Cén dáta atá ann? Cén séasúr atá ann? Ainmnigh míonna an fhómhair. Cad é sin? Sin ___. (broc, iora rua, damhán alla, sciathán leathair)

Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Scéal An Damhán Alla An fómhar a bhí ann. Bhí damhán alla ar an mballa. Tháinig éan. D’ith an t-éan an damhán alla.

xxi

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 21

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

An Scoil Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Iarraidh ar dhaoine rud éigin a dhéanamh Tuairisciú Scéal a insint Daoine a mholadh Taitneamh a léiriú Cur síos a dhéanamh Brón a léiriú An t-am a rá Litriú Tá peann agam.Tá mála scoile agat. Tá rialóir aige.Tá bioróir aici. An peann é? Is peann é. An rialóir é? Ní rialóir é. Ná caith. Ná tóg. Ná cuir. An bhfaca? Chonaic. Ní fhaca. Tá Oisín ag léamh.Tá Niamh ag scríobh.Tá Róisín ag ithe. Tá Ruairí ag léim. Tá ___ sa seomra ranga. (leabhar, cóipleabhar, leabharlann) Tá an luch in aice leis an ríomhaire. Tá an printéir in aice leis an ríomhaire freisin. Tóg/Thóg. Cuir/Chuir. Dún/Dhún. Tá sé a trí a chlog.Tá sé ___ tar éis a trí. (cúig, deich, ceathrú) Ól/D’ól. Féach/D’fhéach. Fan/D’fhan. Fág/D’fhág An raibh? Bhí. Ní raibh. Tá sé ___ tar éis a trí. (fiche, fiche cúig, leathuair) Amhráin agus Dánta Mo Mhála Scoile Na hAinmhithe Bog Braon Drámaíocht Dráma bunaithe ar an dán: Mo Mhála Scoile Dráma bunaithe ar an amhrán: Na hAinmhithe Dráma bunaithe ar an scéal: Na Trí Ghabhar

Eiseamláirí Teanga An bhfuil ___ agat? Tá/Níl ___ agam. An bhfuil ___ aige? Tá/Níl ___ aige. An bhfuil ___ aici? Tá/Níl ___ aici. ___, más é do thoil é. Seo duit ___. Go raibh maith agat. Ná habair é. Dúnaigí bhur súile. Osclaígí bhur súile. Cad é? An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. Déanaigí líne. Ná caith an liathróid. Ná scríobh ar an mballa. Ná cuir an peann sa bhosca bruscair. Cuir an peann ar an tseilf. Ná tóg an bosca lóin amach sa chlós. Cuir an bosca lóin ar an mbord. Ná déan é sin. Tá brón orm. Ceart go leor. An bhfuil gach duine réidh? Táimid réidh. Ar aghaidh libh. Cá bhfuil ___? Níl a fhios agam. An bhfaca tú ___? (mo bhioróir, mo chás peann luaidhe, srl.) Chonaic/Ní fhaca mé ___. (do mhála scoile, do scriosán, srl.) Tá ___ (do mhála scoile, srl.) ___. (in aice leis an doras, i do mhála scoile, ar an talamh, ag Niamh) Tá ___ i mo mhála scoile. (mo mharcóirí, mo scriosán) Ar fheabhas! Tá an pictiúr go hálainn. Maith sibh! An bhfuil tú réidh? Tá/Níl mé réidh, a mhúinteoir. Brostaigh ort. Bailigh ___, le do thoil. Ceart go leor. Maith ___! (thú, sibh) Tá na pictiúir go hálainn. Cad atá sa seomra ranga? Tá ___ sa seomra ranga. Déan cur síos ar an seomra ranga. Tá ___ faoin doirteal. Tá ___ in aice ___. (leis an doirteal/leis an ríomhaire/leis an gclár bán/leis an doras/leis na seilfeanna) Tá ___ ar an gcófra/ar an mballa/ar na seilfeanna. Tá ___ sa leabharlann/sa chófra/sa chúinne. Tóg amach do hata as do mhála scoile.Thóg Niamh a hata as a mála scoile inné. Cuir ort do hata. Chuir Niamh a hata uirthi inné. Dún do mhála scoile. Dhún Niamh a mála scoile inné. Seas sa líne. Sheas Niamh sa líne inné. Slán abhaile. Slán leat agus go raibh maith agat. Cén t-am é? Tá sé a ___ a chlog.Tá sé ___ tar éis a trí.

xxii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 22

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Na Trí Ghabhar

Scéal

Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Bua na Cainte 3 An Réamhfhocal ag agam, agat, aige, aici lch. 24 An Chopail ‘Is’ An ___ é? Is/Ní ___ é. lch. 25 Orduithe Ná caith/Ná cuir/Ná scríobh/Ná déan/ Ná tóg lch. 26 Ceisteanna san aimsir chaite An bhfaca? Chonaic/Ní fhaca. lch. 27 Dán: Mo Mhála Scoile lch. 28 Amhrán: Na hAinmhithe lch. 29 Ceisteanna: An Seomra Ranga lch. 30 Scríobh abairtí: An Seomra Ranga lch. 31 Orduithe/Aimsir Chaite Tóg/Thóg. Cuir/Chuir. Dún/Dhún. Seas/Sheas. lch. 32 Cén t-am é? lch. 33 Orduithe/Aimsir Chaite Ól/D’ól. Féach/D’fhéach. Fan/D’fhan. Fág/D’fhág. lch. 34 Scéal: An Seomra Ranga Fadó lch. 35 An Nuacht lch. 36 Na Trí Ghabhar lch. 37 Scríobh abairtí.Tá ___ níos mó ná ___. Chonaic siad ___ sa pháirc trasna na habhann. lch. 38 Feasacht Teanga An Réamhfhocal ag – agam, agat, aige, aici. Réamhfhocail – ar an, faoin, in aice leis, sa. An Chopail ‘Is’ An ___ é? Is/Ní ___ é. Orduithe – Ná caith/Ná cuir/Ná scríobh/Ná déan/Ná tóg. Ceisteanna san aimsir chaite An bhfaca? Chonaic/Ní fhaca. An raibh? Bhí/Ní raibh. Briathra a athrú ón modh orduitheach go dtí an aimsir chaite Tóg/Thóg. Cuir/Chuir. Dún/Dhún. Seas/Sheas. Ól/D’ól. Féach/D’fhéach. Fan/D’fhan. Fág/D’fhág.

Ól an bainne. D’ól sé an bainne inné. Fág an liathróid ar an gcófra. D’fhág sé an liathróid ar an gcófra inné. Féach ar an gclár bán. D’fhéach sé ar an gclár bán inné. Fan sa seomra ranga. D’fhan sé sa seomra ranga inné. Fadó, fadó, bhí ___ sa seomra ranga. (clár dubh, tinteán, a lán páistí) Bhí tine ar lasadh sa tinteán. Scríobh an múinteoir le cailc. Bhí bata sa chúinne. Bhí léarscáil ar an mballa. Ní raibh ___ sa seomra ranga. (ríomhaire, printéir, clár bán, a lán leabhar) An Nuacht Deireadh Fómhair atá ann.Tá mé i rang a trí. Is breá liom rang a trí. Tá múinteoir nua agam. Iníon Uí Riain is ainm do mo mhúinteoir. Tá cairde agam ar scoil. ___ agus ___ is ainm do mo chairde. Tá ___ agus ___ i mo chás peann luaidhe. Tá ___ agus ___ i mo mhála scoile. Tá ___ agus ___ sa seomra ranga. An bhfuil nuacht agat? Tá nuacht agam. An Aimsir An fómhar atá ann. Bhí an lá te agus tirim inné. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí tuar ceatha sa spéir. Tá an lá fliuch inniu.Tá sé ag cur báistí. Tá sé scamallach freisin.Tá scamaill sa spéir. Beidh ceo ann amárach. Beidh an lá ceomhar. Foclóir (scriosán, bioróir, rialóir, peann luaidhe, cás peann luaidhe, peann dearg, peann gorm, cóipleabhar, leabhar) (gliú, siosúr, marcóirí, criáin, pictiúir) (mo mhála scoile, mo chás peann luaidhe, mo rialóir, mo bhioróir) (léarscáil, bord dúlra, leabharlann, seilfeanna, cófra, ríomhaire glúine, printéir, luch, doirteal, bosca bruscair, clár bán, clog) (cúig tar éis, deich tar éis, ceathrú tar éis, fiche tar éis, fiche cúig tar éis, leathuair tar éis)

xxiii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 23

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Measúnú Teanga ó Bhéal An bhfuil ___ aige/aici? An ___ é? An bhfaca tú ___? Cad atá sa seomra ranga? Déan cur síos ar an seomra ranga. Cad atá in aice leis an ___? Cá bhfuil an ___? Cén t-am é? An raibh ___ sa seomra ranga?

Léitheoireacht Tá ___ agam/agat/aige/aici. (mála scoile, peann, rialóir, bioróir, siosúr, gliú)

Scríbhneoireacht

Scéal An Seomra Ranga Tá ___ faoin ___. Tá cófra in aice leis an ___. Tá ___ ar an gcófra. Tá ___ in aice leis an ríomhaire glúine. Tá ___ ar an mballa. Tá ___ sa seomra ranga. Tá ___ in aice leis an gclár bán. Tá ___ sa leabharlann. Tá ___ in aice leis an leabharlann. Foclóir cófra, doirteal, ríomhaire glúine, léarscáil, clog, bord dúlra, leabharlann, leabhair, pictiúir, clár bán, doirteal, bord dúlra

xxiv

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 24

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Ócáidí Speisialta – Oíche Shamhna Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Scéal a insint Beannú do dhuine Freagairt do bheannú Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Cur síos a dhéanamh Oíche Shamhna

Dán

Scéal An Chailleach Uaigneach Drámaíocht Dráma bunaithe ar an dán: Oíche Shamhna Dráma bunaithe ar an scéal: An Chailleach Uaigneach Litriú cailleach, púca, féasta, bairín breac. Chonaic na páistí tine chnámh. Tharraing, puimcín, vaimpír. spórt agus scléip, ó theach go teach, bob nó bia. Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Bua na Cainte 3 Dán: Oíche Shamhna lch. 39 Scéal: Bob nó Bia lch. 40 Tarraing pictiúr agus scríobh an scéal: Oíche Shamhna lch. 41 An Nuacht lch. 42 Scéal: An Chailleach Uaigneach lch. 43 Abairtí: Bhí ___ ar bhruach na habhann. lch. 43 Feasacht Teanga Sraith bhriathra a úsáid chun scéal a insint. Chuaigh mé. Fuair mé. Chonaic mé. Bhí mé.

Eiseamláirí Teanga Oíche Shamhna Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí féasta mór sa choill. D’ith an púca bairín breac. Is thug sé fáinne don phuimcín. Bhí an ceann cait ag ithe. Bhí an sciathán leathair ag ól. Bhí an cnámharlach ag rince. Is an chailleach ag seinm ceoil. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí úll ar crochadh ón gcrann. Bhí spórt agus scléip ag gach éinne. Oíche Shamhna a bhí ann. ‘Oíche Shamhna shona.’ ‘Go mba hé duit.’ ‘Oíche Shamhna shona,’ a scread na seanchait. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí an ghealach sa spéir. Bhí ___ gléasta ___. (mar phúca, mar chnámharlach, mar vaimpír, mar chailleach) Chonaic na páistí tine chnámh. Chuaigh na páistí ó theach go teach. ‘Bob nó bia,’ arsa na páistí. Fuair siad úlla, cnónna agus milseáin. Bhí spórt agus scléip acu. Tharraing na páistí pictiúir d’Oíche Shamhna. Dhathaigh na páistí na pictiúir. Ghearr na páistí amach na pictiúir le siosúir. ‘Bailigh na ___, le do thoil,’ arsa an múinteoir. Bhailigh ___ na pictiúir. Thug sé na pictiúir don mhúinteoir. Chuir an múinteoir na pictiúir ar an mballa. ‘Déan cur síos ar an bpictiúr,’ arsa an múinteoir. Oíche Shamhna atá ann. Tá an ghealach sa spéir. Tá réaltaí sa spéir freisin.Tá cailleach sa phictiúr. Tá ___ uirthi (freisin). (gúna corcra, hata dubh, bróga dubha) Tá a gruaig glas.Tá an chailleach ag eitilt ar scuab. Tá cat dubh ag eitilt ar an scuab freisin. Ar fheabhas ar fad. Maith thú! ‘A Ruairí, déan cur síos ar an bpictiúr,’ arsa an múinteoir. Tá puimcín ar an bhfuinneog.Tá ___ sa phictiúr. (púca, cnámharlach) Tá sé ag damhsa. Tá vaimpír in aice leis an gcnámharlach. Tá sciathán leathair sa spéir. Tá ceann cait ar an gcrann. Tá úll ar crochadh ón gcrann. Tá tine chnámh sa ghairdín. Cuir na focail in aice leis na pictiúir. An Nuacht Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí mé gléasta mar phúca. Chuaigh mé ó theach go teach.‘Bob nó bia,’ a dúirt mé. Chonaic mé tine chnámh. Bhí féasta i mo theach. Tháinig mo chairde go dtí an féasta. Bhí ___ gléasta ___. (mar chnámharlach, mar phúca, mar chailleach, mar vaimpír) D’ith mé ___. (bairín breac, úlla, cnónna, criospaí, brioscaí, milseáin) D’ól mé oráiste. Bhí spórt agus scéip agam le mo chairde. An Aimsir Oíche Shamhna a bhí ann aréir. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí an ghealach agus na réaltaí sa spéir. Bhí an oíche an-fhuar. Bhí an oíche tirim. Bhí sé ag cur seaca. Foclóir (bairín breac, puimcín, úlla, cnónna, milseáin, brioscaí, criospaí) (cailleach, cnámharlach, púca, vaimpír, ceann cait, tine chnámh, sciathán leathair, gealach, réaltaí) xxv

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 25

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Bia Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Scéal a insint Beannú do dhuine Freagairt do bheannú Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Cur síos a dhéanamh Taitneamh a léiriú An t-am a rá Rogha a léiriú Amhráin agus Dánta A Nóra Bheag An Bricfeasta Cén Bia is Fearr leat? Mo Lá Breithe Lá Breithe Sona duit Scéal An Rí agus an tÓr Dráma bunaithe ar an scéal: Dinnéar Róisín Dramaíocht Dráma bunaithe ar an amhrán: A Nóra Bheag Dráma bunaithe ar an scéal: An Rí agus an tÓr Dráma bunaithe ar an scéal: An Leanbh agus an Bia Dráma bunaithe ar an scéal: Dinnéar Róisín Litriú Tá ocras orm.Tá tart orm.Tá fearg orm. Tá áthas orm. Tá ubh uaim.Tá tósta uait.Tá arán uaidh.Tá bainne uaithi. Cuireann sé.Tugann sé. Caitheann sé. Tá sé ___ a dó. (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun) trátaí, prátaí, glasraí. Is fearr liom úll. Is fearr liom oráiste. Itheann sé. Ólann sé. Ar ith sé? D’ith/Níor ith sé. Ar ól sé? D’ól/Níor ól sé.

Eiseamláirí Teanga Éirigh.Tá sé leathuair tar éis a seacht. Chuir Daidí an solas ar siúl.Tá tuirse orm. Ní maith liom éirí.Tá an bricfeasta réidh. Go hiontach.Tá ocras agus tart orm. D’éirigh Oisín ansin. Cad atá uait don bhricfeasta? Tá ___ uaim, le do thoil. Go raibh maith agat. Ná habair é. Cad atá uaithi don bhricfeasta? Tá ___ uaithi. Cad atá uaidh don bhricfeasta? Tá ___ uaidh. Tá sé an-bhlasta. Chuir Daidí bia ar an bpláta.Thug Daidí bia don leanbh. Chaith an leanbh an bia. Bhí ionadh ar Dhaidí. Bhí léine Dhaidí salach. Cén t-am é? Tá sé ___ chun a hocht. (fiche cúig, fiche, ceathrú, deich, cúig) Caithfidh mé an dinnéar a dhéanamh. An gcabhróidh tú liom? Cabhróidh mé leat. An bhfuil ___ sa chófra/sa chuisneoir? Tá ___ sa chófra/sa chuisneoir. Tóg ___ amach as an gcófra/as an gcuisneoir, más é do thoil é. Tógfaidh mé. Beidh ___ agus ___ againn don dinnéar. An bhfuil torthaí i do bhosca lóin? Tá torthaí i mo bhosca lóin. Tá ___ agus ___ i mo bhosca lóin. An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. An bhfuil go leor agat? Tá/Níl go leor agam. Tá mé lán go béal. Ba mhaith liom níos mó. Brostaigh ort. Ceart go leor.Tá go leor agam anois. Ar dtús d’ith na páistí anraith. Ansin, d’ith siad prátaí, glasraí agus feoil. Ar deireadh, d’ith siad sailéad torthaí agus uachtar reoite. D’ól siad uisce. Bhí siad lán go béal. Ar dtús, d’ith Róisín sailéad. Ansin, d’ith sí sceallóga prátaí, iasc agus piseanna. D’ól sí uisce. Ar deireadh, d’ith sí cáca milis. Ach ní raibh sí lán. ‘Ba mhaith liom níos mó cáca,’ arsa Róisín. ‘Tá go leor cáca agat,’ arsa Mamaí.‘Seo duit piorra.’ Bhí Róisín an-sásta ansin. Bhí sí lán go béal. Cén aois ___? (thú, é, í) Tá ___ (mé, sé, sí) ___ d’aois. Lá breithe Ruairí a bhí ann. Bhí sé naoi mbliana d’aois. Bhí sé ar bís. Bhí cóisir aige ina theach. Tháinig a chairde go dtí an chóisir. Fuair sé bronntanais óna chairde. D’ith sé cáca milis agus milseáin. D’ól sé cóla. Bhí spórt agus scléip aige.

xxvi

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 26

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Tá sé seacht mbliana d’aois.Tá sí ocht mbliana d’aois. mo theach, do theach, a theach, a teach. Fanann sé. Fágann sé. Féachann sé. mo chairde, do chairde, a chairde, a cairde. Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Bua na Cainte 3 Scéal: Ar Maidin lch. 44 An Réamhfhocal ó: uaim, uait, uaidh, uaithi. lch. 45 Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach Chuir/Cuireann.Thug/Tugann. Caith/Caitheann. lch. 46 Cén t-am é? lch. 47 Ceisteanna:An bhfuil? Tá/Níl. lch. 48 Ceisteanna: An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. lch. 49 Biachlár lch. 50 Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach D’ól/Ólann. D’ith/Itheann. lch. 50 Scéal: Dinnéar Róisín. lch. 51 Ceisteanna san aimsir chaite Ar ith? D’ith/Níor ith. Ar ól? D’ól/Níor ól. lch. 51 Dán: Mo Lá Breithe lch. 52 Scéal: Lá Breithe Oisín lch. 53 Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach D’fhan/Fanann sé. D’fhág/Fágann sé. D’fhéach/Féachann sé. lch. 54 An Nuacht lch. 55 Scéal: An Rí agus an tÓr lch. 56 Abairtí: D’athraigh an rí ___ go hór. lch. 56 Feasacht Teanga An Réamhfhocal ó: uaim, uait, uaidh, uaithi. Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach Chuir/Cuireann.Thug/Tugann. Caith/Caitheann. D’ól/Ólann. D’ith/Itheann. D’fhan/Fanann sé. D’fhág/Fágann sé. D’fhéach/Féachann sé. Ceisteanna: An bhfuil? Tá/Níl. Ceisteanna: An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. Ceisteanna san aimsir chaite Ar ith? D’ith/Níor ith. Ar ól? D’ól/Níor ól.

Bhí cóisir agam i mo theach. Bhí cóisir agat i do theach. Bhí cóisir aige ina theach. Bhí cóisir aici ina teach. Lá breithe Ruairí a bhí ann. Bhí sé ar bís. Ghearr sé an cáca le scian. Chan a chairde amhrán dó. Thug Mamaí píosa cáca do gach duine. D’fhéach na páistí ar an teilifís. D’fhan na páistí sa seomra suí. Bhí siad ag imirt cluichí. Bhí spórt agus scléip acu. D’fhág siad an chóisir ag a seacht a chlog. An Nuacht Dia dhaoibh a chairde agus fáilte romhaibh. Bhí mo lá breithe ann inné. Bhí mé naoi mbliana d’aois. Bhí mé ar bís. Bhí cóisir agam i mo theach.Tháinig mo chairde go dtí an chóisir. Fuair mé bronntanais ó mo chairde. Bhí mé ag imirt cluichí le mo chairde. Bhí spórt agus scléip agam. An Aimsir Beidh stoirm ann anocht. Beidh gaoth láidir ag séideadh. Beidh sé an-ghaofar. Beidh tintreach agus toirneach ann. Tháinig mo chairde go dtí mo chóisir.Tháinig do chairde go dtí do chóisir. Tháinig a chairde go dtí a chóisir. Tháinig a cairde go dtí a cóisir. Foclóir (slisíní bagúin, ispíní, ubh fhriochta, tósta, sú oráiste, gránach, leite, arán donn) (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun) (Glasraí: cabáiste, cairéid, pónairí, piseanna) (anraith, prátaí, sceallóga prátaí, sailéad, feoil, liamhás, iasc) (sailéad torthaí, uachtar reoite, cáca milis) (uisce, bainne, sú oráiste) (úll, oráiste, banana, sú talún, piorra, fíonchaora) (aon bhliain, dhá bhliain, trí bliana, ceithre bliana, cúig bliana, sé bliana, seacht mbliana, ocht mbliana, naoi mbliana, deich mbliana) Comhair na coinnle ar an gcáca. Coinneal amháin, Dhá choinneal,Trí choinneal, Ceithre choinneal, Cúig choinneal, Sé choinneal, Seacht gcoinneal, Ocht gcoinneal, Naoi gcoinneal, Deich gcoinneal.

xxvii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 27

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Measúnú Teanga ó Bhéal Cén aois thú? Cad atá uait don bhricfeasta? Cad atá uaidh? Cad atá uaithi? Cén t-am é? An fearr leat úll nó piorra? An gcabhróidh tú liom. Cén bia is fearr leat? An bhfuil torthaí i do bhosca lóin? Ar ith Róisín fíonchaora? Ar ól Róisín sú oráiste?

Léitheoireacht Chuir Daidí bia sa bhabhla. Thug Daidí bia don leanbh. Chaith an leanbh an bia. Bhí ionadh ar Dhaidí. Bhí léine Dhaidí salach.

Scríbhneoireacht An Dinnéar Ar dtús d’ith na páistí anraith. Ansin d’ith siad prátaí, glasraí agus feoil. D’ól siad uisce. Ar deireadh d’ith siad sailéad torthaí agus uachtar reoite. Bhí siad lán go béal.

xxviii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 28

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

An Aimsir – An Geimhreadh Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An t-aonú lá déag, An dara lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, Stór focal a shealbhú agus a úsáid An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, Tuairisciú An naoú lá déag, An fichiú lá ___. (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, Ceist a chur d’Eanáir) Ceist a fhreagairt Déan cur síos ar an bhfear sneachta. Scéal a insint Tá hata ar a cheann.Tá píopa ina bhéal. Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Tá ___ air. (súile, srón dhearg) Tá scairf ildaite ar a mhuineál. Cur síos a dhéanamh Tá cnaipí air.Tá scuab ina lámh dheas. Taitneamh a léiriú Tá cloigín ina lámh chlé. An dáta a rá Tarraing fear sneachta. Ar dtús, tarraing a chorp. Briathra a athrú ón aimsir chaite Ansin, tarraing a cheann.Tarraing ___. (hata ar a cheann, píopa ina bhéal, go dtí an aimsir láithreach agus an a shúile, a shrón, scairf ildaite ar a mhuineál, cnaipí air) aimsir fháistineach Ar deireadh, tarraing scuab ina lámh dheas agus cloigín ina lámh chlé. Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Litriú An t-aonú lá déag. An dara lá déag. An tríú lá déag. An ceathrú lá déag. An cúigiú lá déag. An séú lá déag. An seachtú lá déag. An t-ochtú lá déag. An naoú lá déag. An fichiú lá. Amhráin agus Dánta Amhrán: Míonna na Bliana Dán: An Sneachta Amhrán: An Spideog Scéal Ainmhithe san Artach Drámaíocht Dráma bunaithe ar an scéal: An Geimhreadh Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Bua na Cainte 3 An Dáta – An t-aonú lá déag go dtí an fichiú lá lch. 57 An Fear Sneachta lch. 58 Dán – An Sneachta lch. 59 Scéal – An Geimhreadh lch. 60 Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir fháistineach Chuir sí. Cuirfidh sí. Dhún sí. Dúnfaidh sí. Thit sí.Titfidh sí. lch. 60

An geimhreadh a bhí ann. Bhí sioc ar an talamh. Bhí sé an-fhuar. Bhí na páistí ag dul ar scoil. ‘Bí cúramach,’ arsa Mamaí.‘Seachain nó titfidh sibh.’ Ceart go leor. Thit Mamaí. Bhí na páistí sna trithí ag gáire.Thosaigh Mamaí ag gáire freisin. Inné Chuir sé. Dhún sé. Thit sé.

Gach Lá Cuireann sé. Dúnann sé. Titeann sé.

Amárach Cuirfidh sé. Dúnfaidh sé. Titfidh sé.

Tá crann cnó capaill ar an mbord dúlra.Tá an crann ___. (lom, donn) Níl duilleoga ar an gcrann. Tá spideog ar an gcrann.Tá a brollach dearg is a cleití donn.Tá dreoilín ar an gcrann freisin.Tá an dreoilín an-bheag.Tá a cleití donn.Tá fear sneachta in aice leis an gcrann. Tá scairf ildaite air.Tá píopa ina bhéal. Tá cnaipí air.Tá brat sneachta ar an talamh. Tá cuileann ar an mbord dúlra. Cuirigí na focail ar an mbord dúlra. Foclóir (fear sneachta, hata, píopa, scairf, cloigín, scuab, cnaipí) (a cheann, a mhuineál, a bhéal, a shúile, a shrón, a lámh dheas, a lámh chlé) (lom, dreoilín, spideog, cleití, brollach, crann cnó capaill, cuileann) (san artach, béar bán, béiríní, réinfhia, sionnach artach, plandaí, duilleoga, eireaball, éisc, san uisce, rónta, an sionnach artach)

xxix

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 29

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Ceisteanna: Ar thit? Thit/Níor thit lch. 60 Ceisteanna: An Fear Sneachta lch. 61 Dán: An Spideog lch. 62 Ainmhithe san Artach lch. 63 Scéal: An Sionnach Artach lch. 64 Scéal: An Béar Bán lch. 64 Feasacht Teanga Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach Inné Chuir sé. Dhún sé. Thit sé.

Gach Lá Cuireann sé. Dúnann sé. Titeann sé.

Amárach Cuirfidh sé. Dúnfaidh sé. Titfidh sé.

Briathra san aimsir chaite Ar thit? Thit/Níor thit. Orduimhreacha: An t-aonú lá déag go dtí an fichiú lá. Réamhfhocail: ar an gcrann, in aice leis an gcrann, ar an talamh. Ceisteanna: An bhfuil? Cá bhfuil?

xxx

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 30

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Ócáidí Speisialta – An Nollaig Eiseamláirí Teanga Mí na Nollag a bhí ann. Bhí na páistí ar bís. Nollaig shona daoibh. Go mba hé duit. Cuirfidh mé an crann Nollag sa chúinne. Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cuirfidh mé ___ ar an gcrann Nollag. Cuirfidh mé na soilse ar siúl. Tuairisciú Tá an crann Nollag go hálainn ar fad. Ceist a chur Cuirfidh mé ___ ar an matal os cionn na tine. Ceist a fhreagairt Fuair Daidí dréimire. Scéal a insint Cuirfidh mé cuileann ar an scáthán os cionn na tine. Beannú do dhuine Crochfaidh mé stocaí Nollag ar an matal os cionn na tine freisin. Freagairt do bheannú Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Tá an seomra suí go hálainn. Is breá liom é. Is breá liom é freisin. Cur síos a dhéanamh Seo é Daidí na Nollag.Tá cóta, hata agus bríste dearg air. Taitneamh a léiriú Tá buataisí dubha air.Tá féasóg bhán air. Tá mála mór donn ar a dhroim. Amhráin agus Dánta Déanann sé a lán bréagán do na páistí. Amhrán – An Nollaig Dán – Daidí na Nollag Tá carr sleamhnáin, sióga agus réinfhianna aige. Amhrán – An Drumadóir Gach Nollaig, tugann sé bréagáin do na páistí. Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Drámaíocht Dráma bunaithe ar an amhrán: An Drumadóir Litriú na ribíní, na cloigíní, na cailíní. na cótaí, na hataí, na stocaí, na málaí, na cártaí. rí, trí, Íosa, tuí. putóg Nollag, stoca Nollag, cáca Nollag. Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Bua na Cainte 3 An Nollaig lch. 65 Dán: An Nollaig lch. 66 Scéal: Daidí na Nollag lch. 67 Biachlár na Nollag lch. 68 Scéal: Oíche Nollag lch. 69 Scéal: An Drumadóir lch 70 Feasacht Teanga An Réamhfhocal ó: uaim, uait, uaidh, uaithi. Réamhfhocail – os cionn na tine, os cionn an mhainséir, ar an gcrann Nollag. Briathra san aimsir láithreach Déanann sé/Tugann sé.

Céard atá uait don dinnéar? Ar dtús, tá ___ uaim. Ansin, tá ___ agus ___ uaim. Ar deireadh, tá ___ uaim. Ceart go leor. Oíche Nollag a bhí ann. Chuaigh Muire agus Iósaf go Beithil. Bhí gach teach ósta lán. Chuaigh Muire agus Iósaf isteach i stábla. Bhí asal agus bó sa stábla. Rugadh an leanbh Íosa sa mhainséar.Tháinig na trí rí. Thug siad bronntanais don leanbh Íosa.Tháinig na haoirí. Thug siad bronntanais don leanbh Íosa freisin.Thug siad uain dó. Bhí réalta os cionn an mhainséir. Bhí na haingil ag canadh sa spéir. An Nuacht Bhí Nollaig mhaith agam. Chuir Daidí crann Nollag sa seomra suí. Chuir mé ___ ar an gcrann Nollag.Tháinig ___ go dtí mo theach.Thug siad bronntanas dom. Chroch mé mo stoca Nollag ar an matal os cionn na tine. Tháinig Daidí na Nollag.Thug sé ___ dom. Bhí mé ar bís. Bhí spórt agus scléip agam. Bhí dinnéar na Nollag an-bhlasta. D’ith mé ___ agus ___. D’ól mé ___. Bhí mé lán go béal. Is breá liom an Nollaig. Bhí an aimsir an-fhuar. Bhí sé ag cur sneachta. Bhí sé ag cur seaca freisin. Foclóir (soilse ildaite, maisiúcháin, San Nioclás, cloigíní, ribíní, réaltaí, fear sneachta, aingeal, coinnle, cártaí Nollag, cuileann, stocaí Nollag) (Dinnéar na Nollag, anraith, sailéad, putóg dhubh, turcaí rósta, liamhás, glasraí, prátaí, sceallóga prátaí, putóg Nollag, uachtar reoite, glóthach, cáca Nollag) (Muire, Iósaf, an leanbh Íosa, mainséar, na haoirí, na trí rí, teach ósta, stábla, asal, bó, uain, bronntanais, réalta, na haingil)

xxxi

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 31

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana An Dara Téarma 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

An Aimsir Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Scéal a insint Cur síos a dhéanamh Amhráin agus Dánta Dán – Seol amach an Geimhreadh Amhrán – Cúige Mumhan Drámaíocht Dráma bunaithe ar an scéal: An Timpiste Litriú amach, isteach, fliuch. sneachta, tintreach, toirneach. Bhuail sé. Buaileann sé. Cuireann sí.Tógann sí. Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Cairt Aimsire lch. 71 Dán: Seol amach an Geimhreadh lch. 72 Cairt Aimsire lch. 73 Scéal:Timpiste lch. 74 Léarscáil: Cúige Mumhan lch. 75 Feasacht Teanga Patrún na bhfocal: ag cur seaca, ag cur báistí, ag cur fearthainne Ceisteanna: Cén saghas aimsire a bhí ann? Ceisteanna san aimsir chaite Ar sciorr? Sciorr/Níor sciorr. Ar bhuail? Bhuail?/Níor bhuail.

Eiseamláirí Teanga Féach ar an gcairt aimsire. Cén saghas aimsire a bhí ann ___? (ar an Luan, ar an Máirt, ar an gCéadaoin, ar an Déardaoin, ar an Aoine, ar an Satharn, ar an Domhnach) Bhí sé ag cur sneachta. Bhí calóga sneachta ag titim. Bhí brat bán sneachta ar an talamh. Bhí na páistí préachta leis an bhfuacht. Bhí sioc ann. Bhí sé ag cur seaca. Bhí leac oighir ar an mbóthar. Bhí sé an-fhuar. Bhí an lá fliuch. Bhí sé ag cur báistí. Bhí sé ag cur fearthainne. Bhí na páistí fliuch báite. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí sé an-te. Bhí an lá grianmhar. Bhí tuar ceatha sa spéir. Bhí scamaill sa spéir. Bhí sé scamallach. Bhí sé gaofar. Bhí gaoth láidir ag séideadh. Bhí stoirm ann. Chuala mé toirneach. Chonaic mé tintreach. Lá amháin, bhí na páistí ag dul ar scoil. Bhí sé ag cur seaca. Bhí leac oighir ar an mbóthar. Bhí na páistí préachta leis an bhfuacht. Chonaic siad carr ag teacht. Sciorr an carr ar an leac oighir. Bhuail an carr crann. Chuir Róisín fios ar otharcharr. Tháinig an t-otharcharr go tapa.Tháinig na gardaí freisin. Bhí an tiománaí gortaithe. Bhí a lámh ag cur fola. Chuaigh an tiománaí isteach san otharcharr. Thóg an t-otharcharr an tiománaí go dtí an t-ospidéal. Port Láirge, Corcaigh, Ciarraí, Clár, Luimneach,Tiobraid Árann. Cén saghas aimsire atá ___? (i bPort Láirge, i gCorcaigh, i gCiarraí, i gClár, i Luimneach, i dTiobraid Árann) Foclóir (ag cur sneachta, calóga sneachta, brat bán sneachta, préachta leis an bhfuacht, sioc, ag cur seaca, leac oighir) (ag cur báistí, ag cur fearthainne, fliuch báite) (an ghrian ag taitneamh, an-te, grianmhar, tuar ceatha) (scamaill, scamallach, gaoth láidir ag séideadh, gaofar) (stoirm, tintreach, toirneach) (an t-otharcharr, an tiománaí, ag cur fola, an t-ospidéal, na gardaí)

xxxii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 32

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Caitheamh Aimsire Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Scéal a insint Daoine a chomhaireamh Aird a lorg Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Cur síos a dhéanamh Taitneamh/Easpa taitnimh a léiriú Rogha a léiriú Cead a lorg nó a thabhairt

Eiseamláirí Teanga Cad atá ar siúl ag na páistí? Tá na páistí ag ___. Cad atá ar siúl ___? (agat, aige, aici) Tá ___ (mé, sé, sí) ___. An maith leat bheith ag ___? Is/Ní maith liom bheith ag ___. Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Is fearr liom bheith ag ___. Bhí na páistí ag scríobh scéil. A mhúinteoir, tá críochnaithe agam. An bhfuil cead agam leabhar a fháil? Tá/Níl cead agat. Téigh go dtí an leabharlann agus faigh leabhar. Cén leabhar is fearr leat? Is fearr liom ___. Scríobh sé/sí scéal inné. Scríobhann sé/sí scéal gach lá. Scríobhfaidh sé/sí scéal amárach.

Amhráin agus Dánta Amhrán – Ag Luascadh Amhrán – Ag Rothaíocht Dán – An Port Amhrán – Oisín agus Bó Amhrán – Ag Imirt Peile Amhrán – Ceolchoirm sa Chró

An mó duine atá ag an leabharlann? Tá ___ ag an leabharlann. Bhí rás ag na páistí. Bhí an rás an-fhada. Bhí an lá an-te. Bhí siad ag cur allais. Bhí Ruairí chun tosaigh. Leag Bran Ruairí. Bhuaigh Bran an rás. Bhí Bran sa chéad áit. Bhí Oisín, srl. ___. (sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit, sa séú háit, sa seachtú háit, san ochtú háit, sa naoú háit, sa deichiú háit) Thug siad go léir bualadh bos do Ruairí.

Drámaíocht Dráma bunaithe ar an scéal: Cú Chulainn Dráma bunaithe ar an amhrán: Ceolchoirm sa Chró

Bhí Ruairí agus Róisín ag imirt peile i gclós na scoile. D’imir an múinteoir in éineacht leo. Bhuail Ruairí an liathróid. Rug an múinteoir ar an liathróid. Chonaic an múinteoir an príomhoide ag teacht. Bhuail an múinteoir an liathróid. Níor rug an príomhoide ar an liathróid. Bhris an liathróid an fhuinneog. Bhí ionadh ar an múinteoir. Bhí ionadh ar an bpríomhoide freisin. Thosaigh na páistí ag gáire.

Cú Chulainn

Scéal

Litriú ag imirt peile, ag canadh, ag rith rása. ag iomáint, ag tiomáint, ag seinm ceoil. Scríobh sí. Scríobhann sí. Scríobhfaidh sí. seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr. sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit. Ar rug sí? Rug sí. Níor rug sí. Ar imir sí? D’imir sí. Níor imir sí. Buail + fidh = Buailfidh. Caith + fidh = Caithfidh. Bris + fidh = Brisfidh. D’éirigh sé. Chuaigh sé. Chuala sé. Sheinn sí. Seinneann sí. Seinnfidh sí. Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Ceisteanna: Cad atá ar siúl ag na páistí? lch. 76 Ceisteanna: An maith leat ___? Is/Ní maith liom ___. lch. 77

Ar imir? D’imir/Níor imir. Ar ól? D’ól/Níor ól. Ar ith? D’ith/Níor ith. Ar chaith? Chaith/Níor chaith. Ar bhuail? Bhuail/Níor bhuail. Ar rug? Rug/Níor rug. Ar bhris? Bhris/Níor bhris. Ar thosaigh? Thosaigh/Níor thosaigh. A pháistí déanaigí ciorcal. A Róisín, seas i lár an chiorcail. A Róisín, cuir ort an púicín. Cuir an liathróid taobh thiar de do dhroim. Bain díot an púicín. An bhfuil an liathróid ag ___? (Niamh, srl.) Tá/Níl an liathróid ag ___. (Niamh, srl) Maith thú! Thug na páistí bualadh bos di. Bhuail Róisín an liathróid inné. Buaileann Róisín an liathróid gach lá. Buailfidh Róisín an liathróid amárach. Chaith Ruairí an liathróid inné. Caitheann Ruairí an liathróid gach lá. Caithfidh Ruairí an liathróid amárach. Bhris an múinteoir an fhuinneog inné. Briseann an múinteoir an fhuinneog gach lá. Brisfidh an múinteoir an fhuinneog amárach. Maidin amháin, d’éirigh Oisín go luath. Chuaigh sé ag rothaíocht amach faoin tuath. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Chuala sé torann. Chuala sé ceol. Bhí ceolchoirm ar siúl sa chró. Bhí an t-asal ag damhsa. Bhí an mhuc ag seinm ceoil. Bhí áthas an domhain ar na hainmhithe. xxxiii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 33

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Comhréir na teanga:An bhfuil cead agam ___ a fháil? lch. 78 Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach Scríobh. Scríobhann. Scríobhfaidh. lch. 78 Dán: An Port lch. 79 Ag comhaireamh daoine: An Leabharlann lch. 80 Orduimhreacha lch. 81 Amhrán – Oisín agus Bó lch. 82 Scéal – Ag Imirt Peile lch. 83 Ceisteana – Ar bhuail? Bhuail/Níor bhuail. Ar rug? Rug/Níor rug. lch. 83 Ceisteanna – Ar imir? D’imir/Níor imir. lch. 84 Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach Inné Gach Lá Amárach Bhuail. Buaileann. Buailfidh. Chaith. Caitheann. Caithfidh. Bhris. Briseann. Brisfidh. lch. 85 Amhrán: Ceolchoirm sa Chró lch. 86 Briathra san aimsir chaite: Ar sheinn? Sheinn/Níor sheinn. lch. 87 Scéal: Ag rothaíocht faoin tuath. lch. 88 An Nuacht/An Aimsir lch. 89 Scéal: Cú Chulainn lch. 90 Feasacht Teanga Ainm briathartha: Ag imirt peile, ag luascadh, srl. An Réamhfhocal le: liom, leat. Ainm briathartha: a fháil Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach Scríobh. Scríobhann. Scríobhfaidh. Bhuail. Buaileann. Buailfidh. Chaith. Caitheann. Caithfidh. Bhris. Briseann. Brisfidh. Ag comhaireamh daoine: duine, beirt, srl. Orduimhreacha (an chéad áit go dtí an deichiú háit) Briathra san aimsir chaite Ar imir? D’imir/Níor imir. Ar ól? D’ól/Níor ól. Ar ith? D’ith/Níor ith. Ar chaith? Chaith/Níor chaith. Ar bhuail? Bhuail/Níor bhuail. Ar rug? Rug/Níor rug. Ar bhris? Bhris/Níor bhris. Ar sheinn? Sheinn/Níor sheinn.

Bhí ceolchoirm ar siúl sa chró. Sheinn an mhuc an giotár. Sheinn an capall an fhidil. Sheinn an bhó an fheadóg stáin. Sheinn an chaora an pianó. Sheinn an tarbh an druma. Sheinn an t-asal an bodhrán. Bhí spórt agus scléip ag na hainmhithe go léir. Ar éirigh Oisín go luath? Cá ndeachaigh sé? Cad a chuala sé? An raibh ceolchoirm ar siúl sa chró? Cad a bhí ar siúl ag an asal? Cad a bhí ar siúl ag an muc? An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe? An raibh brón ar na hainmhithe? Sheinn ___ (an mhuc, srl.) ___ (an giotár, srl.) inné. Seinneann ___ (an bhó, srl.) ___ (an druma, srl.) gach lá. Seinnfidh ___ (an t-asal, srl.) ___ (an veidhlín, srl.) amárach. An Nuacht Bhí ceolchoirm ar siúl sa seomra ranga. Sheinn mé an giotár. Sheinn Oisín, srl. ___. (an fhidil, an fheadóg stáin, an pianó) Chan na páistí go léir amhrán le chéile. Chan an múinteoir amhrán freisin. Bhí spórt agus scléip againn. An Aimsir Dia daoibh, a chairde agus fáilte romhaibh. Beidh sé ag cur sneachta anocht. Beidh calóga sneachta ag titim. Beidh brat bán sneachta ar an talamh. Beidh gach duine préachta leis an bhfuacht. Foclóir (ag canadh go binn, ag rith rása, ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag iascaireacht) (ag péinteáil, ag tiomáint, ag tarraingt, ag iomáint, ag rothaíocht, ag seinm ceoil, ag imirt peile, ag scátáil) (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr) (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit) (an veidhlín, an fheadóg stáin, an druma, an bodhrán, an pianó) (an capall, an bhó, an chaora, an mhuc, an tarbh, an t-asal)

xxxiv

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 34

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Measúnú Teanga ó Bhéal Cad atá ar siúl ag na páistí? An maith leat bheith ag snámh? An maith leat bheith ag imirt peile? Ar imir Róisín peil? Ar imir Ruairí peil? Ar sheinn Róisín ceol? Ar sheinn Ruairí ceol? Ar bhuail Ruairí an liathróid? Ar bhuail Oisín an liathróid?

Léitheoireacht Ar imir ___ peil? D’imir/Níor imir ___ peil. Ar ól ___ uisce? D’ól/Níor ól ___ uisce. Ar ith ___ ceapaire? D’ith/Níor ith ___ ceapaire. Ar bhuail ___ an liathróid? Bhuail/Níor bhuail ___ an liathróid. Ar rug ___ ar an liathróid? Rug/Níor rug ___ ar an liathróid. Ar bhris ___ an fhuinneog? Bhris/Níor bhris ___ an fhuinneog.

Scríbhneoireacht Bhuail sé. Buaileann sé. Buailfidh sé. Sheinn sé. Seinneann sé. Seinnfidh sé. Chaith sé. Caitheann sé. Caithfidh sé. Chan sé. Canann sé. Canfaidh sé. Bhris sé. Briseann sé. Brisfidh sé.

xxxv

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 35

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

An Aimsir – An tEarrach Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An fichiú lá, An t-aonú lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, Stór focal a shealbhú agus a úsáid An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche, (Feabhra = bliain bhisigh) Tuairisciú Ceist a chur An tríochadú lá (d’Aibreán), An t-aonú lá is tríocha de Mhárta. Ceist a fhreagairt Ainmnigh na bláthanna. Scéal a insint Cén dath atá ___? (ar an mbainne bó bleachtáin, ar an sabhaircín, Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh ar an gcróc, ar an nóinín, ar lus an chromchinn) Cur síos a dhéanamh Tá ___ (an bainne bó bleachtáin, srl.)___. (buí, bán, buí agus bán) Taitneamh a léiriú An maith leat an ___? Is/Ní maith liom an ___. Rogha a léiriú Cén bláth is fearr leat? Is fearr liom ___. (an sabhaircín, srl.) Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Amhráin agus Dánta Amhrán – Míonna na Bliana Dán – Bláthanna Scéal An tEarrach Litriú An t-aonú lá is fiche, an dara lá is fiche, an tríú lá is fiche, an ceathrú lá is fiche.

Ainmnigh míonna an earraigh. Feabhra, Márta agus Aibreán. Cuirfidh mé crann ar an mbord dúlra. Cuirfidh mé ___ ar an gcrann. (bachlóga, nead) Cuirfidh mé uibheacha sa nead. Cuirfidh mé éan ar gor sa nead. Cuirfidh mé ___ in aice leis an gcrann. (uan óg, lao óg) Cuirfidh mé ___ sa spéir. (fáinleog, cuach) Cuirfidh mé ___ sa pháirc. (cróc, srl.) Cuirigí na focail in aice leis na pictiúir. Maith sibh! Tá an bord dúlra go han-deas.

An t-earrach a bhí ann. Bhí an aimsir go deas. Dhúisigh na hainmhithe tar éis codladh fada geimhridh. Dhúisigh an ghráinneog, an t-iora rua agus an sciathán leathair. Tháinig na héin ar ais ón Afraic.Tháinig an chuach agus an fháinleog ar ais. An cúigiú lá is fiche, an séú lá is fiche, an Rinne an fháinleog nead. Rug sí uibheacha sa nead. Ní dhearna an chuach nead. seachtú lá is fiche, an t-ochtú lá is fiche. Thóg sí nead ó éan eile. Rug sí uibheacha sa nead. uan, cuach, fuar, tua, rua. Foclóir An ndearna? Rinne. Ní dhearna. (bainne bó bleachtáin, sabhaircín, cróc, nóinín, lus an chromchinn) (bachlóga, nead, uibheacha, éan ar gor, uan óg, lao óg, cuach, fáinleog, Léitheoireacht agus An Afraic) Scríbhneoireacht Orduimhreacha (An fichiú go dtí an t-ochtú lá is fiche) lch. 91 Dán – Bláthanna lch. 92 An tEarrach: Ceisteanna lch. 93 Scéal: An tEarrach lch. 94 Briathra san aimsir chaite Ar tháinig? Tháinig/Níor tháinig. An ndearna? Rinne. Ní dhearna. lch. 94 Feasacht Teanga Orduimhreacha: An fichiú go dtí an t-ochtú lá is fiche. Réamhfhocail: ar an gcrann, sa nead, sa pháirc, sa spéir. Briathra san aimsir chaite Ar tháinig? Tháinig/Níor tháinig. An ndearna? Rinne. Ní dhearna.

xxxvi

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 36

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Éadaí Eiseamláirí Teanga Éistigí go géar. Féachaigí ar na pictiúir. Cuirigí na pictiúir i bhfolach.Tógfaidh mé pictiúr amháin. N’fheadar cad é? Stór focal a shealbhú agus a úsáid An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. Tuairisciú An bhfuil ___ ort? Tá/Níl ___ orm. Ceist a chur Conas atá tú gléasta?Tá ___ orm.Tá mé gléasta go compordach. Ceist a fhreagairt An maith leat d’éide scoile? Is breá liom m’éide scoile ach is fearr liom mo Scéal a insint chulaith spóirt. Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Tá cochall ar an gcóta. Cur síos a dhéanamh Taitneamh a léiriú Conas atá an luchóg gléasta? Tá ___ uirthi. Rogha a léiriú Conas atá an moncaí gléasta?Tá ___ air.Tá cochall ar an gcóta. Tá sé gléasta go deas. Amhráin agus Dánta An ndúirt? Dúirt/Ní dúirt. Dán:An Luchóg D’éirigh mé ar maidin. Bhain mé mo phitseámaí díom. Nigh mé m’aghaidh agus mo lámha. Chuir mé mo chuid éadaí orm. D’ith mé Drámaíocht mo bhricfeasta. Rith mé ar scoil go tapa. Bhí mé déanach don scoil.Thug an Dráma bunaithe ar an scéal: Fionn agus múinteoir íde béil dom. an Dragún Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Scéal Fionn agus an Dragún Litriú An ___ é? Is ea. Ní hea. na gúnaí, na stocaí, na sciortaí. Tá geansaí orm.Tá cóta ort. Tá bríste air.Tá sciorta uirthi. An ndúirt? Dúirt/Ní dúirt. Chuir mé mo chóta orm. Chuir tú do chóta ort. Chuir sé a chóta air. Chuir sí a cóta uirthi. Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir. Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. Inné Gach Lá Amárach Chuir sé. Cuireann sé. Cuirfidh sé. Bhain sé. Baineann sé. Bainfidh sé. Rith sé. Ritheann sé. Rithfidh sé. Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht An chopail ‘Is.’ An ___ é? Is ea. Ní hea. lch. 95 Conas atá tú gléasta? lch. 96 Conas atá siad gléasta? lch. 97 An Réamhfhocal ‘ar’ orm,ort, air, uirthi. lch. 97 Dán: An Luchóg lch. 98

Chuir mé mo chóta orm. Chuir tú do chóta ort. Chuir sé a chóta air. Chuir sí a cóta uirthi. D’éirigh Oisín ar maidin. Bhain sé a phitseámaí de. Nigh sé a aghaidh agus a lámha. Bhí a chuid éadaí caite timpeall an tseomra. Chuir sé a bhríste, a léine, a stocaí agus a bhróga air. ‘A Niamh, chaill mé mo charbhat.’ ‘Cá bhfuil mo charbhat?’ arsa Oisín. ‘Níl a fhios agam,’ arsa Niamh. Cabhraigh liom. An bhfuil do charbhat ___? (faoin leaba, in aice leis an gcófra, sa chófra, sa chúinne, ar an gcathaoir, taobh thiar den chathaoir) Níl/Tá mo charbhat ___. (faoin leaba, srl.) Go hiontach! Brostaigh ort. Beimid déanach don scoil. Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. An Nuacht D’éirigh mé ar ceathrú tar éis a hocht ar maidin. Bhí tuirse orm. Chuaigh mé isteach sa seomra folctha. Nigh mé m’aghaidh agus mo lámha. Bhain mé mo phitseámaí díom. Chuir mé mo chuid éadaí orm. Rith mé síos an staighre. D’ith mé mo bhricfeasta. Rith mé ar scoil. Bhí mé in am don scoil. Ní raibh mé déanach don scoil. An Aimsir Beidh sioc ann anocht. Beidh sé ag cur seaca. Beidh leac oighir ar an mbóthar. Beidh sé an-fhuar. Beidh gach duine préachta leis an bhfuacht. Foclóir (cóta, hata, bríste, sciorta, gúna, cochall, geansaí, blús, culaith spóirt, léine, t-léine, stocaí, bróga, carbhat, bróga spóirt, ribín, spéaclaí gréine, slabhra óir)

xxxvii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 37

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Briathra san aimsir chaite An ndúirt? Dúirt/Ní dúirt. lch. 99 Scéal: Ar maidin lch. 100 Dán: Coc a dúdal dú lch. 101 Briathra san aimsir chaite Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir. lch. 102 An Réamhfhocal ‘de’ Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. lch. 103 An Nuacht agus An Aimsir lch. 104 Scéal: Fionn agus an Dragún lch. 105 Scéal:An Féasta Mór lch. 106 Briathra san aimsir chaite Ar mharaigh? Mharaigh/Níor mharaigh. lch. 106 Feasacht Teanga An chopail ‘Is.’ An ___ é? Is ea. Ní hea. An Réamhfhocal ‘ar’ Tá ___ orm, ort, air, uirthi. Sraith Bhriathra san aimsir chaite D’éirigh mé. Bhain mé. Nigh mé. Chuir mé. D’ith mé. Rith mé. Bhí mé.Thug mé. Briathra san aimsir chaite An ndúirt? Dúirt/Ní dúirt. Briathra san aimsir chaite Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir. An Réamhfhocal ‘de’ Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. Briathra san aimsir chaite Ar mharaigh? Mharaigh/Níor mharaigh.

xxxviii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 38

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana An Tríú Téarma 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Sa Bhaile Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Eiseamláirí Teanga Seo é mo theach.Tá trí fhuinneog thuas staighre.Tá dhá fhuinneog thíos staighre. Tá doras dearg ar mo theach.Tá simléar ar an díon. Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tá gairdín beag os comhair an tí. Tuairisciú Tá crann ag fás sa ghairdín beag os comhair an tí. Ceist a chur Tá bláthanna ag fás sa ghairdín beag os comhair an tí. Ceist a fhreagairt Tá nóinín, cróc agus lus an chromchinn ag fás sa ghairdín. Scéal a insint Tá ___ sa ghairdín os comhair an tí. Beannú do dhuine Tá ___ os comhair an tí. (sceacha, cosán, balla, geata, carr) Freagairt do bheannú Is breá liom mo theach. Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Tá na páistí ag súgradh sa ghairdín os comhair an tí. Cur síos a dhéanamh Tá ___ os comhair ___. (Ruairí, srl.) Taitneamh a léiriú A ___ cé atá os do chomhair? (Oisín, srl.) An t-am a rá Tá ___ os mo chomhair. (Niamh, srl.) Rogha a léiriú Bhí Niamh, Oisín agus Bran thuas staighre. Bhí Bran salach. Amhráin agus Dánta Chuaigh siad isteach sa seomra folctha. Chuir Oisín é isteach sa chithfholcadh. Amhrán – An Gairdín Chuir Oisín an t-uisce ar siúl.Thug sé cithfholcadh dó. Léim Bran amach as an gcithfholcadh.Thosaigh sé ag crith. Bhí an seomra folctha salach agus fliuch. Dán – Tithe Thriomaigh Niamh Bran leis an tuáille.Thóg Niamh Bran amach as an seomra Dán – Cúige Laighean folctha. Ghlan Oisín an leithreas. Ghlan Niamh an báisín níocháin. Ghlan Niamh Amhrán – Ciara Tinn an scáthán ar an mballa. Ghlan Oisín an mata. Ghlan Niamh an t-urlár freisin. Bhí an seomra go deas glan arís. Scéal An Mhaighdean Mhara Chuir Oisín Bran isteach sa chithfholcadh inné. Cuireann Oisín é isteach sa Drámaíocht chithfholcadh gach lá. Cuirfidh Oisín é isteach sa chithfholcadh amárach. Dráma bunaithe ar an scéal: Ghlan Oisín Bran inné. Glanann Oisín Bran gach lá. Glanfaidh Oisín Bran amárach. Bran sa Seomra Folctha Léim Bran amach as an gcithfholcadh inné. Léimeann Bran amach as an Dráma bunaithe ar an scéal: gcithfholcadh gach lá. Léimfidh Bran amach as an gcithfholcadh amárach. An Mhaighdean Mhara Thóg Oisín Bran amach as an seomra folctha inné.Tógann Oisín Bran amach as an seomra folctha gach lá.Tógfaidh Oisín Bran amach as an seomra folctha Litriú amárach. Tá crann os comhair an tí. Tá gairdín os comhair an tí. Ainmnigh na contaetha i gCúige Laighean. Tá carr./ os comhair an tí. Lú, Mí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, ceoltóir, siopadóir, feirmeoir, múinteoir. Laois, Uíbh Fháilí, Cill Dara, Iarmhí, Longfort. Cá bhfuil tú i do chónaí? An ndeachaigh? Chuaigh./Ní dheachaigh. Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath.Tá tú i do chónaí i Lú. Tá sé ina chónaí i Mí.Tá sí ina cónaí i gCill Dara. Ghlan sí. Glanann sí. Glanfaidh sí. Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. D’éirigh Ruairí go moch ar maidin. Chuaigh sé isteach sa seomra folctha. Nigh sé Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí. a aghaidh agus a lámha. Scuab sé a fhiacla le scuab agus le taos fiacaile. Chíor sé Tá mé i mo chónaí i Mí. a chuid gruaige. Bhain sé a phitseámaí de. Chuir sé a éide scoile air. Rith sé síos Tá tú i do chónaí i Mí. an staighre ar nós na gaoithe. Bhí Mamaí, Daidí agus Róisín ag ithe an bhricfeasta. Tá sé ina chónaí i Mí. Cén fáth a bhfuil d’éide scoile ort? An Satharn atá ann. Rinne mé dearmad. Tá sí ina cónaí i Mí. Thosaigh gach duine ag gáire. Chíor mé mo chuid gruaige. Chíor tú do chuid gruaige. Chíor sé a chuid gruaige. Chíor sí a cuid gruaige.

Scuab/Scuabann/Scuabfaidh Oisín a fhiacla le scuab ___. (inné, gach lá, amárach) Chíor/Cíorann/Cíorfaidh Oisín a chuid gruaige ___. (inné, gach lá, amárach) Bhain/Baineann/Bainfidh Oisín a phitseámaí de ___. (inné, gach lá, amárach) Chuir/Cuireann/Cuirfidh Oisín a éide scoile air ___. (inné, gach lá, amárach) Rith/Ritheann/Rithfidh Oisín síos an staighre ar nós na gaoithe ___. (inné, gach lá, amárach)

xxxix

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 39

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Scuab. Scuabann. Scuabfaidh. Chíor. Cíorann. Cíorfaidh. Bhain. Baineann Bainfidh. Chuir. Cuireann. Cuirfidh. Rith. Rithean Rithfidh. Ar éirigh? D’éirigh/Níor éirigh. Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar scuab? Scuab/Níor scuab. Ar chíor? Chíor/Níor chíor. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir. Ar rith? Rith/Níor rith. cuisneoir, reoiteoir, triomadóir. Ar fhan sí? D’fhan sí. Níor fhan sí. Ar fhág sí? D’fhág sí. Níor fhág sí. Ar chodail sí? Chodail sí. Níor chodail sí. Ar tháinig sí? Tháinig sí. Níor tháinig sí. D’fhan sí. Fanann sí. Fanfaidh sí. D’fhág sí. Fágann sí. Fágfaidh sí. D’fhéach sí. Féachann sí. Féachfaidh sí. Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Foclóir – An Gairdín lch. 107 Amhrán – An Gairdín lch. 108 Comhréir na Teanga: Os comhair lch. 109 Scéal: An Seomra Folctha lch. 110 Ceisteanna san aimsir chaite An raibh? Bhí/Ní raibh. lch. 110 An ndeachaigh? Chuaigh/Ní dheachaigh. lch. 110 Foclóir: An Seomra Folctha lch. 111 Briathra san aimsir chaite/aimsir láithreach/aimsir fháistineach Chuir sí. Cuireann sí. Cuirfidh sí. Ghlan sí. Glanann sí. Glanfaidh sí. Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí. lch. 112 Cúige Laighean lch. 113 Scéal: Ruairí ar maidin lch. 114 Briathra san aimsir chaite/aimsir láithreach/aimsir fháistineach Scuab. Scuabann. Scuabfaidh. Chíor. Cíorann. Cíorfaidh. Bhain. Baineann. Bainfidh. Chuir. Cuireann. Cuirfidh. Rith. Ritheann. Rithfidh. lch. 115 Dán: Tithe lch. 116

Ar éirigh? D’éirigh/Níor éirigh. Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar scuab? Scuab/Níor scuab. Ar chíor? Chíor/Níor chíor. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir. Ar rith? Rith/Níor rith. Inis dom faoin gcistin.Tá cuirtíní ar an bhfuinneog.Tá dallóg ar an bhfuinneog freisin.Tá citeal agus sáspan ar an sorn.Tá doirteal in aice leis an sorn.Tá cófra faoin doirteal.Tá miasniteoir in aice leis an doirteal.Tá babhla torthaí ar an gcuntar.Tá cuisneoir sa chistin.Tá reoiteoir faoin gcuisneoir. Tá bosca bruscair agus scuab sa chúinne.Tá triomadóir in aice leis an inneall níocháin.Tá cathaoireacha in aice leis an mbord. Tá gréithe ar an tráidire.Tá taephota, crúiscín agus babhla siúcra ar an mbord. Tá cupán, fochupán agus pláta ar an mbord. Chuaigh Mamaí agus Daidí go dtí an siopa. D’fhan Mamó agus na páistí sa bhaile. Bhí Mamó i bhfeighil an tí.Thug Mamó milseáin do na páistí. D’fhág Mamó an mála mór milseán ar an mbord. Scuab Mamó an t-urlár. Chuir Oisín na gréithe salacha sa mhiasniteoir.Thóg Niamh na héadaí amach as an inneall níocháin agus chuir sí iad isteach sa triomadóir. D’ith Ciara na milseáin go léir. Thosaigh sí ag caoineadh. Cad atá ort, a stór? Tá pian i mo bholg. D’ith sí na milseáin go léir. Ciara bhocht! Beidh tú ceart go leor. Beidh biseach ort go luath. Bhí pian ina bolg ag Ciara aréir. Níor chodail sí i rith na hoíche. D’fhan Mamó léi. Ar maidin, chuir Mamó fios ar an dochtúir. Tháinig an dochtúir.Thug sí leigheas di. Bhí biseach uirthi go luath. D’fhan Mamó le Ciara inné. Fanann Mamó le Ciara gach lá. Fanfaidh Mamó le Ciara amárach. D’fhág Mamó milseáin ar an mbord inné. Fágann Mamó milseáin ar an mbord gach lá. Fágfaidh Mamó milseáin ar an mbord amárach. An Nuacht Bhí mé tinn inné. Ní raibh mé ar scoil. Bhí pian i mo bholg. Chuir Daidí fios ar an dochtúir.Tháinig an dochtúir go dtí mo theach.Thug sí leigheas dom. Bhí biseach orm ansin. An Aimsir Beidh stoirm ann anocht. Beidh sé an-ghaofar. Beidh gaoth láidir ag séideadh. Beidh tintreach agus toirneach ann. Beidh na páistí préachta leis an bhfuacht. D’fhág. Fágann. Fágfaidh. D’fhéach. Féachann. Féachfaidh. D’fhan. Fanann. Fanfaidh. Foclóir (gairdín, cosán, balla, cróc, nóinín, bainne bó bleachtáin, sabhaircíní, lus an chromchinn, crann) (ceoltóir, siopadóir, múinteoir, feirmeoir) (seomra folctha, scáthán, cithfholcadh, sa chúinne, báisín níocháin, leithreas, urlár, páipéar leithris, tuáille, ráille, mata, ar an mballa) (an chistin, cuirtíní, dallóg, fuinneog, gréithe, cupán, doirteal, cuntar, sáspan, citeal, cuisneoir, miasniteoir, sorn, reoiteoir, triomadóir, an t-urlár)

xl

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 40

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Briathra san aimsir chaite Ar éirigh? D’éirigh/Níor éirigh. Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar scuab? Scuab/Níor scuab. Ar chíor? Chíor/Níor chíor. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir. Ar rith? Rith/Níor rith. lch. 117 Foclóir: Sa Bhaile lch. 118 Mamó i bhfeighil an tí lch. 119 Scéal: Ciara Tinn lch. 120 Briathra san aimsir chaite Ar chodail sí? Chodail sí. Níor chodail sí. Ar tháinig sí? Tháinig sí. Níor tháinig sí. lch. 120 Briathra san aimsir chaite/aimsir láithreach/aimsir fháistineach D’fhan sí. Fanann sí. Fanfaidh sí. D’fhág sí. Fágann sí. Fágfaidh sí. D’fhéach sí. Féachann sí. Féachfaidh sí. lch. 121 Scéal: An Mhaighdean Mhara lch. 122 Abairtí: Gheobhaidh mé ___ duit. lch. 123 Feasacht Teanga Comhréir na Teanga: Os comhair Ceisteanna san aimsir chaite Ar/Níor Ar éirigh? D’éirigh/Níor éirigh. Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar scuab? Scuab/Níor scuab. Ar chíor? Chíor/Níor chíor. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir. Ar rith? Rith/Níor rith. Ar chodail sí? Chodail/Níor chodail sí. Ar tháinig sí? Tháinig/Níor tháinig sí. An/Ní An raibh? Bhí/Ní raibh. An ndeachaigh? Chuaigh/Ní dheachaigh. Briathra san aimsir chaite/aimsir láithreach/aimsir fháistineach Chuir sí. Cuireann sí. Cuirfidh sí. Ghlan sí. Glanann sí. Glanfaidh sí. Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí. Scuab. Scuabann. Scuabfaidh. Chíor. Cíorann. Cíorfaidh. Bhain. Baineann. Bainfidh. Rith. Ritheann. Rithfidh. D’fhan sí. Fanann sí. Fanfaidh sí. D’fhág sí. Fágann sí. Fágfaidh sí. D’fhéach sí. Féachann sí. Féachfaidh sí.

xli

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 41

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

An Teilifís Eiseamláirí Teanga An tráthnóna a bhí ann. Bhí an chlann sa seomra suí. Bhí pictiúr ar crochadh ar an mballa. Bhí scáthán os cionn na tine. Bhí tine mhór ar lasadh sa tinteán. Stór focal a shealbhú agus a úsáid Bhí dhá choinneal agus grianghraf ar an matal. Bhí lampa sa chúinne. Bhí Bran ina Tuairisciú chodladh sámh os comhair na tine. Bhí cuirtíní agus dallóg ar an bhfuinneog. Bhí Comhaireamh Daidí ina shuí ar an gcathaoir uilleach in aice na tine. Bhí sé ag caint le Daideo ar Ceist a chur an bhfón póca. Bhí Niamh ag imirt cluiche ar an ríomhaire. Ceist a fhreagairt Bhí Mamaí, Ciara agus Oisín ina suí ar an tolg. Lig siad a scíth. Bhí Mamaí ag léamh Scéal a insint Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh leabhair. Chuir Oisín an teilifís ar siúl.Thosaigh Ciara agus Oisín ag féachaint ar an teilifís. Bhí sorcas ar siúl ar an teilifís. Cur síos a dhéanamh Taitneamh/Easpa taitnimh a léiriú An tráthnóna a bhí ann. Chuaigh an chlann go dtí an sorcas. Chonaic siad capaill An t-am a rá ag damhsa. Bhí an madra ag seinm veidhlín. Bhí bríste ar an gcat.Tháinig leon. Bhí éan ar a shrón. Bhí an moncaí gléasta mar gharda. Bhí an luch ag marcaíocht Dán ar mhuc. Bhí an t-asal ag canadh amhráin.Thaitin an sorcas go mór leis na páistí. Tá an sorcas ag teacht. Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

An Fathach Rí na Sióg Rí na Sióg

Amhrán Scéal Drámaíocht

Litriú Tá ___ os comhair na tine. (mata, tolg, bord) an t-asal, an t-éan, an t-uan, an t-iasc, a deich, a haon déag, a dó dhéag. clár dúlra, clár ceoil, clár spóirt. sinn, sibh, siad. Léimeamar. Léim sibh. Léim siad. Ritheamar. Rith sibh. Rith siad. liom, leat, leis, léi. Screadamar. Scread sibh. Scread siad. D’fhéachamar. D’fhéach sibh. D’fhéach siad. Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht An Seomra Suí lch. 124 Scéal: An Sorcas lch. 125 Ceisteanna: An Sorcas lch. 125 Dán: An Sorcas lch. 126 An t-am lch. 127 Sceideal Teilifíse lch. 128 Léarscáil lch. 129 Scéal: An Phictiúrlann lch. 130 Ceisteanna: An Phictiúrlann lch. 130

Cén t-am é? Tá sé ___ a chlog. (a haon déag, a dó dhéag) Tá sé ___ tar éis a haon déag. (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) Tá sé ___ chun a dó dhéag. Bhí na páistí ag féachaint ar an sceideal teilifíse. Cén t-am a bheidh ___ ar siúl? (an clár dúlra, an sorcas, an cartún, an clár spóirt, an clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, an dráma) Beidh ___ (an clár dúlra, srl.) ar siúl ___. (ar leathuair tar éis a trí) Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain. mé, tú, sé, sí, sinn, sibh, siad. Chuaigh na páistí go dtí an phictiúrlann. Bhí siad ar bís. Bhí scannán uafáis ar siúl. Chuala Ciara fathach fíochmhar. Bhí eagla an domhain uirthi. Scread sí. Léim sí in airde. Rith sí amach as an bpictiúrlann ar nós na gaoithe. Lean Oisín agus Niamh í. Ná bí buartha. Beidh tú ceart go leor.Thug Oisín grán rósta di. Bhí sí sona sásta arís. Léim mé, léim tú, léim sé, léim sí, léimeamar, léim sibh, léim siad. Ar fhéach tú ar an teilifís aréir? D’fhéach mé ar an teilifís aréir. Cad a bhí ar siúl? Bhí clár dúlra ar siúl. Ar thaitin sé leat? Thaitin sé go mór liom. Cén t-am a thosaigh an clár? Thosaigh an clár ar ___. Cén t-am a chríochnaigh an clár? Chríochnaigh an clár ar ___. An Nuacht Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann aréir. Bhí mé ar bís. Bhí scannán uafáis ar siúl.Thosaigh an scannán ar a hocht a chlog. Chríochnaigh an scannán ar leathuair tar éis a naoi. D’ith mé gránach agus milseáin. D’ól mé oráiste.Thaitin an scannán go mór liom. Bhí an scannán ar fheabhas. An Aimsir Dia daoibh agus fáilte romhaibh. Beidh an lá fliuch. Beidh sé ag cur báistí. Beidh sé ag cur fearthainne. Beidh na páistí fliuch báite. Thaitin an sorcas ___. (liom, leat, leis, léi)

xlii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 42

31/08/2018 11:41


Scéim Bhliana Briathra san aimsir chaite Ar scread? Scread/Níor scread. Ar léim? Léim/Níor léim. Ar rith? Rith/Níor rith. Ar lean? Lean/Níor lean. lch. 130 Amhrán:An Fathach Fíochmhar lch. 131 Briathra san aimsir chaite Ar fhéach? D’fhéach/Níor fhéach. Suimeanna focal – Léimeamar. Screadamar. D’fhéachamar. Ritheamar. lch. 132 An Nuacht agus An Aimsir lch. 133 An Réamhfhocal ‘le’ (liom, leat, leis, léi) lch. 133 Scéal: Rí na Sióg lch. 134 Scríbhneoireacht: Rí na Sióg lch. 135 Ceisteanna san aimsir chaite An ndeachaigh? Chuaigh/Ní dheachaigh. An raibh? Bhí/Ní raibh. Ar sheinn? Sheinn/Níor sheinn. lch. 135

Foclóir (lampa, pictiúr, cúinne, cuirtíní, dallóg, scáthán, grianghraf, tolg, tine, cathaoir uilleach, mata, bord) (ar an bhfuinneog, ar crochadh ar an mballa, os cionn na tine, ar an matal, os comhair na tine, ar an tolg) (an clár dúlra, an sorcas, an cartún, an clár spóirt, an clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, an dráma) (Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain)

Feasacht Teanga Réamhfhocail – sa chúinne, ar an matal, ar an gcathaoir uilleach, ar an tolg, ar an bhfuinneog, ar an mballa, os cionn na tine, os comhair na tine. An t-am Briathra san aimsir chaite Ar scread? Scread/Níor scread. Ar léim? Léim/Níor léim. Ar rith? Rith/Níor rith. Ar lean? Lean/Níor lean. Ar fhéach? D’fhéach/Níor fhéach. An ndeachaigh? Chuaigh/Ní dheachaigh. An raibh? Bhí/Ní raibh. Ar sheinn? Sheinn/Níor sheinn. Léimeamar. Screadamar. D’fhéachamar. Ritheamar. An Réamhfhocal ‘le’ (liom, leat, leis, léi)

xliii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 43

31/08/2018 11:44


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Siopadóireacht Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: Stór focal a shealbhú agus a úsáid Rudaí a chomhaireamh Tuairisciú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Scéal a insint Beannú do dhuine Freagairt do bheannú Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Cur síos a dhéanamh Taitneamh a léiriú An t-am a rá Leithscéal a ghabháil Mothúchán a léiriú Beannú do dhuine Freagairt do bheannú Buíochas a léiriú Amhrán Beidh Aonach Amárach Neilí an Bhó An Bradán Feasa

Dán Scéal

Drámaíocht An Bradán Feasa Litriú deich, fiche, tríocha, daichead. Tá camán ag teastáil uaim. Tá clogad ag teastáil uait. Tá camán ag teastáil uaidh. Tá clogad ag teastáil uaithi. caoga, seasca, seachtó. ochtó, nócha, céad. Ar thóg sí? Thóg sí/Níor thóg sí. Ar leag sí? Leag sí/Níor leag sí. Ar phioc sí? Phioc sí/Níor phioc sí. Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. Phioc sí. Piocann sí. Piocfaidh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí. ar an gcuntar, faoin gcuntar, in aice leis an gcuntar, ag an gcuntar. Ritheamar.Thógamar. Leagamar. Phiocamar. Chuireamar. Ghlanamar. Léimeamar. Dhúnamar.

Eiseamláirí Teanga Tá mo bhróga spóirt caite. Tá poll i mo bhróga spóirt. Ba mhaith liom ___ nua a cheannach. (bróga spóirt, liathróid, camán) Tá airgead agam i mo bhosca airgid. Cé mhéad airgid atá agat? Tá ___ euro agam. (deich, srl.) Tá mé ___. (saibhir, bocht) Tá ___ briste. (mo chamán, mo liathróid) Ná bí buartha! Tabharfaidh mé ___ euro duit. Rachaimid go dtí an siopa spóirt. Rachaimid go dtí an siopa spóirt. Níl mé cinnte cá bhfuil an siopa spóirt. An bhfuil a fhios agat cá bhfuil an siopa spóirt? Níl a fhios agam. Gabh mo leithscéal. Dia duit. Dia’s Muire daoibh. Cá bhfuil an siopa spóirt? Téigh díreach ar aghaidh go dtí na soilse tráchta. Cas ar dheis ag na soilse tráchta. Lean ar aghaidh go dtí an séipéal. Cas ar chlé ag an séipéal.Tá an siopa spóirt ar chlé in aice leis an siopa éadaí. Go raibh míle maith agat. Ná habair é. Dia duit. Dia’s Muire duit. Conas atá tú? Tá mé togha. Conas atá tú? Tá mé ar fheabhas ar fad. Cad atá ag teastáil uait? Tá camán ag teastáil uaim. Cad atá ag teastáil uaidh? Tá bróga spóirt ag teastáil uaidh. Cad atá ag teastáil uaithi? Tá liathróid nua ag teastáil uaithi. Chaith Ciara an liathróid. Ná déan é sin! Rug an siopadóir ar an liathróid. Cuirfidh mé an liathróid sa mhála di. Cé mhéad atá ___? (ar an téad scipeála, ar an gcamán, ar an gclogad, ar an gcamán, ar na bróga spóirt) (Deich euro, srl.) Tá sé ___. (saor/daor) Cheannaigh Róisín téad scipeála agus cheannaigh Ruairí camán nua. An Satharn a bhí ann. Chuaigh Mamaí go dtí an baile mór. Bhí na páistí in éineacht le Mamaí. Bhí slua mór sa bhaile mór. Chuaigh siad isteach san ollmhargadh. Bhí a lán daoine san ollmhargadh freisin. Bhí Ciara ina suí sa tralaí. Thóg Ciara bosca milseán. Leag sí a lán boscaí. Bhí fearg ar an siopadóir. Phioc Oisín agus Niamh suas na boscaí milseán. Chuir siad ar ais ar an tseilf iad.Tá brón orainn. Ná bí buartha. Tá sé ceart go leor. Bhí Ciara in éineacht ___. (liom, leat, leis, léi) Thóg Ciara bosca milseán inné.Tógann Ciara bosca milseán gach lá. Tógfaidh Ciara bosca milseán amárach. Leag Ciara a lán boscaí inné. Leagann Ciara a lán boscaí gach lá. Leagfaidh Ciara a lán boscaí amárach. Phioc Oisín suas na boscaí inné. Piocann Oisín suas na boscaí gach lá. Piocfaidh Oisín suas na boscaí amárach. Bhí an siopadóir taobh thiar den chuntar. Bhí clogad ar an gcuntar. Bhí airgead ar an gcuntar freisin. Bhí camán in aice leis an gcuntar. Bhí liathróid faoin gcuntar. Bhí tralaí os comhair an chuntair. Bhí bríste gearr agus t-léine sa tralaí. Bhí Mamaí ag an doras. Thóg mé.Thóg tú.Thóg sé.Thóg sí.Thógamar.Thóg sibh.Thóg siad.

xliv

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 44

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Bua na Cainte 3 Uimhreacha lch. 136 Amhrán – Beidh Aonach Amárach lch. 137 Treoracha lch. 138 An Réamhfhocal ‘ó’ (uaim, uait, uaidh, uaithi) lch. 139 Cé mhéad? lch. 140 Scéal: San Ollmhargadh lch. 141 Briathra san aimsir chaite Ar thóg sí? Thóg sí/Níor thóg sí. Ar leag sí? Leag sí/Níor leag sí. Ar phioc sí? Phioc sí/Níor phioc sí. lch. 141 Dán: Neilí an Bhó Réamhfhocal ‘le’ (liom, leat, leis, léi) lch. 143 Briathra san aimsir chaite, aimsir láithreach agus aimsir fháistineach Thóg sí. Tógann sí. Tógfaidh sí. Phioc sí. Piocann sí. Piocfaidh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí. lch. 143 Réamhfhocail – ar an gcuntar, faoin gcuntar, in aice leis an gcuntar, ag an gcuntar. lch. 144 An Nuacht agus an Aimsir lch. 145 Scéal: An Bradán Feasa lch. 146 Ceisteanna: An Bradán Feasa lch. 147

An Nuacht Chuaigh mé go dtí an baile mór. Bhí Mamaí in éineacht liom. Bhí slua mór sa bhaile mór. Chuaigh mé go dtí an siopa spóirt. Cheannaigh mé bróga reatha nua. Bhí siad go hálainn ar fad. Bhí mé an-sásta. An Aimsir Beidh scamaill sa spéir. Beidh an lá scamallach. Beidh gaoth láidir ag séideadh freisin. Beidh an lá gaofar. Foclóir (deich euro, fiche euro, tríocha euro, daichead euro, caoga euro, seasca euro, seachtó euro, ochtó euro, nócha euro, céad euro)

Feasacht Teanga An Réamhfhocal ‘ó’ (uaim, uait, uaidh, uaithi) An Réamhfhocal ‘le’ (liom, leat, leis, léi) Réamhfhocail – ar an gcuntar, faoin gcuntar, in aice leis an gcuntar, ag an gcuntar. Briathra san aimsir chaite Ar thóg sí? Thóg sí. Níor thóg sí. Ar leag sí? Leag sí. Níor leag sí. Ar phioc sí? Phioc sí. Níor phioc sí. Briathra san aimsir chaite, aimsir láithreach agus aimsir fháistineach Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. Phioc sí. Piocann sí. Piocfaidh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí.

xlv

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 45

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Ócáidí Speisialta – Lá ’le Pádraig Eiseamláirí Teanga Lá ’le Pádraig a bhí ann. Bhí lá saoire ag na páistí ón scoil. Bhí paráid ar siúl sa bhaile mór. Stór focal a shealbhú agus a úsáid Bhí Mamaí, Daidí agus Ciara ag féachaint ar an bparáid. Tuairisciú Bhí bratach ag Ciara. Ceist a chur Bhí an bhratach glas, bán agus órga. Ceist a fhreagairt Chaith Mamaí seamróg ghlas. Scéal a insint Chaith Daidí hata glas. Beannú do dhuine Chonaic siad banna ceoil ag dul thar bráid. Freagairt do bheannú Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Bhí na páistí ag seinm ceoil sa pharáid. Sheinn ___ (Ruairí, srl.) ___. (an bodhrán, an fheadóg stáin, an druma, an veidhlín) Cur síos a dhéanamh Bhí Liam ag damhsa. Chuaigh Liam tóin thar cheann. Taitneamh a léiriú Bhí Ciara sna trithí ag gáire. Bhí spórt agus spraoi ag gach duine. Amhrán ‘Beannachtaí na Féile Pádraig,’ arsa na páistí. An Leipreachán Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Lá ’le Pádraig

Dán

Litriú seamróg, feadóg, bábóg, bróg. spideog, fuinneog, fáinleog, duilleog. Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Dán – Lá ’le Pádraig lch. 148 Scríobh abairtí: Beannachtaí na Féile Pádraig lch. 148 Scéal: Lá ’le Pádraig lch. 149 Ceisteanna: Lá ’le Pádraig lch. 149 Amhrán: An Leipreachán lch. 150

Tharraing na páistí pictiúr mór de leipreachán. Dhathaigh siad an pictiúr. Chroch siad an pictiúr ar an mballa. Chuir na páistí focail ar an bpictiúr. Tá an pictiúr go hálainn. Déan cur síos ar an bpictiúr. Tá an leipreachán ina shuí faoin gcrann. Tá sé ag deisiú bróige. Tá hata ar a cheann aige. Tá seamróg ar a chóta aige. Tá casúr ina lámh aige. Tá bratach ar foluain aige. Tá áthas ina chroí aige.

Feasacht Teanga Briathra san aimsir chaite Ar chaith? Chaith/Níor chaith. Ar sheinn? Sheinn/Níor sheinn.

xlvi

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 46

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

Ócáidí Speisialta – An Cháisc Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Scéal a insint Beannú do dhuine Freagairt do bheannú Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Cur síos a dhéanamh Rudaí a chomhaireamh Amhrán Damhsa na gCoiníní An Coinín

Scéal

Eiseamláirí Teanga Bhí an Cháisc ag teacht.Tharraing na páistí pictiúr mór le chéile. ___ (Tharraing/Dhathaigh) Niamh, srl. ___. (coinín na Cásca, ciseán don choinín, uibheacha sa chiseán, sicín, crann agus bláthanna sa gharraí, an ghrian agus scamall sa spéir) Scríobh Niamh na focail ‘Beannachtaí na Cásca’. Chroch siad an pictiúr os cionn an bhoird dúlra. Chuir Oisín luaschártaí ar an bpictiúr. (an ghrian, scamall, crann, bachlóga, sicín na Cásca, coinín na Cásca, ciseán, uibheacha, ubh Chásca, garraí, lus an chromchinn) Tá an pictiúr go hálainn ar fad. Maith sibh! Inis dom faoin bpictiúr.Tá an ghrian agus scamall sa spéir.Tá sicín na Cásca sa gharraí.Tá ciseán ag coinín na Cásca.Tá uibheacha sa chiseán.Tá coinín na Cásca ag damhsa.Tá ubh Chásca faoin gcrann.Tá lus an chromchinn ag fás sa gharraí. Thug an múinteoir uibheacha Cásca beaga do na páistí. Bhí na páistí an-sásta. Cé mhéad coinín atá sa gharraí? Ceann amháin, dhá cheann, trí cinn, ceithre cinn, cúig cinn, sé cinn, seacht gcinn, ocht gcinn, naoi gcinn, deich gcinn.

Litriú an sicín, an cailín, an coinín, an gairdín. an sicín/na sicíní, an cailín/na cailíní. an coinín/na coiníní, an gairdín/na gairdíní. ceann amháin, dhá cheann, trí cinn, ceithre cinn, cúig cinn, sé cinn. seacht gcinn, ocht gcinn, naoi gcinn, deich gcinn.

An Cháisc a bhí ann.Thug Mamó uibheacha Cásca do na páistí. Cheannaigh Daideo coinín bán do na páistí. Bhí an coinín go hálainn. Thug Ciara leitís agus cairéad don choinín. D’ith an coinín an leitís agus an cairéad.Thug Niamh uisce don choinín. D’ól an coinín an t-uisce.Thug Oisín aire don choinín. Bhí an coinín an-sásta.Thaitin an coinín go mór leis na páistí.

Ceisteanna san aimsir chaite Ar thug? Thug/Níor thug. Ar ith? D’ith/Níor ith.

An Aimsir Bhí an aimsir go deas. Bhí an ghrian ag taitneamh. Bhí an lá grianmhar.

An Nuacht An Cháisc a bhí ann. Bhí lá saoire againn ón scoil. Léitheoireacht agus Tháinig Mamó agus Daideo go dtí ár dteach. Scríbhneoireacht Thug Daideo coinín bán dúinn. Bua na Cainte 3 Bhí an coinín go hálainn. Amhrán – Damhsa na gCoiníní Thug mé uisce don choinín. lch. 151 Thug Ciara leitís agus cairéad don choinín. Ag comhaireamh rudaí lch. 152 Thug Oisín aire don choinín. Scéal: An Coinín lch. 153 Bhí an coinín an-sásta. Thug Mamó uibheacha Cásca dúinn. Feasacht Teanga D’ith mé ceithre cinn. Ag comhaireamh D’ith Ciara trí cinn. Ceann amháin, dhá cheann, trí cinn, D’ith Oisín sé cinn. ceithre cinn, cúig cinn, sé cinn, seacht Thaitin an Cháisc go mór linn. gcinn, ocht gcinn, naoi gcinn, deich gcinn. Bhí spórt agus scléip againn.

xlvii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 47

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana 3 Cuir tic sa bhosca cuí mar chabhair don chuntas míosúil.

An Aimsir – An Samhradh Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An Stór focal a shealbhú agus a úsáid seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá, An t-aonú lá déag, An dara Tuairisciú lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An An dáta a rá seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, An naoú lá déag, An fichiú lá, An chéad lá is Ceist a chur fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is Ceist a fhreagairt fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is Scéal a insint fiche, An tríochadú lá (de Mheitheamh) An chéad lá is tríocha ___. Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh (de Bhealtaine, d’Iúil) Cur síos a dhéanamh An samhradh atá ann.Tá an lá go hálainn.Tá an ghrian ag taitneamh go hard sa Amhrán spéir.Tá Niamh ina suí ar an gcarraig.Tá sí ag éisteacht le ceol.Tá Bran taobh An Samhradh thiar den charraig.Tá portán faoin gcarraig.Tá Niamh ag déanamh caisleáin.Tá buicéad agus spád aici.Tá bratach ar an gcaisleán.Tá sliogán ar an trá.Tá Mamaí Scéal ina luí faoi theas na gréine.Tá sí ag crú na gréine.Tá Daidí agus Ciara ag lapadaíl Cois Farraige san uisce.Tá Oisín agus Liam ag snámh san uisce.Tá an t-iasc ag snámh san uisce freisin.Tá fear sa bhád.Tá sé ag iascaireacht.Tá Ruairí in éineacht leis. Litriú An deichiú lá, an fichiú lá, an tríochadú Cois Farraige lá. An samhradh a bhí ann. Bhí an aimsir go hálainn. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí Ciara agus Mamó ag lapadáil. spád, portán, caisleán, sliogán. Chonaic siad portán agus iasc san uisce. Bhí Oisín ina luí faoi theas na gréine ar An bhfuair? Fuair/Ní bhfuair. an trá. Bhí sé ag crú na gréine. Rinne Niamh caisleán mór. Chuir sí bratach ar an trá, bád, ag snámh, ag lapadáil. gcaisleán. Bhailigh Ruairí sliogáin. Fuair sé sliogán an-mhór in aice leis an gcarraig. Chuaigh Róisín agus Daideo ag iascaireacht. Chuaigh Bran ag snámh san uisce. Léitheoireacht agus Nuair a tháinig sé amach as an uisce, bhí sé fliuch báite. Scríbhneoireacht Rith Bran go dtí Oisín. Chonaic Oisín Bran ag teacht. Bua na Cainte 3 Léim sé in airde. Rith Oisín ar nós na gaoithe. Rith Bran go tapa freisin. An Féilire lch. 154 Bhí spórt agus scléip ag na páistí cois farraige. Amhrán: An Samhradh lch. 155 Foclóir: Cois Farraige lch. 156 An mó duine atá ___? (ag imirt peile, ag snámh, ag lapadáil, ag crú na gréine, ag Ceisteanna: Cois Farraige lch. 157 iascaireacht ar an gcarraig, ag bailiú sliogán, ag déanamh caisleáin) An bhfuair? Fuair/Ní bhfuair lch. 157 Tá ___ ag bailiú sliogán, srl. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, An mó duine? lch. 158 seisear, seachtar) Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Ceisteanna san aimsir chaite An bhfuair? Fuair/Ní bhfuair. An ndeachaigh? Chuaigh/Ní dheachaigh. An bhfaca? Chonaic/Ní fhaca. An raibh? Bhí/Ní raibh. An ndúirt? Dúirt/Ní dúirt. An ndearna? Rinne/Ní dhearna.

Foclóir (ag éisteacht le ceol, ag lapadáil, ag crú na gréine, ina luí faoi theas na gréine, ag déanamh caisleáin, ag snámh, ag iascaireacht) (carraig, trá, bád, caisleán, spád, portán, sliogán, iasc, buicéad, bratach, buicéad) (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr)

xlviii

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 48

31/08/2018 10:58


Scéim Bhliana Feasacht Teanga Ag comhaireamh daoine – An mó duine? (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr) Réamhfhocail – ar an trá, san uisce, sa bhád, taobh thiar den charraig, ar an gcarraig. Ceisteanna san aimsir chaite An bhfuair? Fuair/Ní bhfuair. An ndeachaigh? Chuaigh/Ní dheachaigh. An bhfaca? Chonaic/Ní fhaca. An raibh? Bhí/Ní raibh. An ndúirt? Dúirt/Ní dúirt. An ndearna? Rinne/Ní dhearna.

xlix

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 49

31/08/2018 10:58


Plean Bliana Plean Bliana Meán Fómhair

Mé Féin An Aimsir – An Fómhar

Deireadh Fómhair

An Scoil Ócáidí Speisialta – Oíche Shamhna

Mí na Samhna

An Scoil Bia

Mí na Nollag

An Aimsir – An Geimhreadh Ócáidí Speisialta – An Nollaig

Eanáir

An Aimsir Caitheamh Aimsire

Feabhra

Caitheamh Aimsire An Aimsir – An tEarrach

Márta

Éadaí Ócáidí Speisialta – Lá ’le Pádraig

Aibreán

Sa Bhaile Ócáidí Speisialta – An Cháisc

Bealtaine

An Teilifís

Meitheamh

Siopadóireacht An Aimsir – An Samhradh Dul Siar

l

BUA NA CAINTE 3 TRB Prelims.indd 50

31/08/2018 10:58


Mé Féin Mé Féin – Aonad Teagaisc agus Foghlama 1 Snáitheanna

Gnéithe

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 1–6) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Torthaí Foghlama Léitheoireacht

Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Inspreagadh agus rogha Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach Eolas, míniú agus údar a thabhairt Cur síos, tuar agus machnamh

Acmhainní

3 3 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Feasacht fhóineolaíoch, fhóinéimeach agus feasacht teanga Fónaic, aithint focal agus staidéar ar fhocail Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Freagairt agus intinn an údair Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú agus staidéar ar fhocail Stór focal Cuspóir, seánra agus guth Ag cruthú téacs An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair Peannaireacht agus cur i láthair

3 3 3 3 3 3 3 3 3 3

3

3 3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Dia daoibh/Dia’s Muire duit ar maidin. Fáilte romhaibh ar ais ar scoil. Seo í an príomhoide nua. Conas atá sibh? Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin? Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia. Cad is ainm duit? ___ is ainm dom. Cad is ainm dó? ___ is ainm dó. Cad is ainm di? ___ is ainm di.

Cé hé sin? Sin é ___. (mo dheartháir, Oisín, Liam, an feirmeoir, Daidí, Daideo) Cé hí sin? Sin í ___. (Mamaí, mo dheirfiúr, Mamó, Niamh, Róisín, Ciara) Litriú: é, í.

Litriú: dom, duit, dó, di. Dúnaigí na boscaí lóin. Glanaigí na boird. Cuirigí an bruscar sa bhosca bruscair. Cuirigí na boscaí lóin agus na buidéil i bhur málaí scoile. An bhfuil sibh réidh? Maith sibh! Féachaigí ar an gclár bán. Litriú: Ól, Ólaigí. Dún, Dúnaigí.Tóg,Tógaigí

An Luch Bhí an múinteoir agus na páistí sa seomra ranga. Bhí siad ag léamh. Chonaic Oisín luch. Bhéic sé. Bhí eagla an domhain air. Léim sé ar an gcathaoir. Rith an luch isteach i bpoll. Thosaigh na páistí ag gáire. Litriú: Féach, Féachaigí. Glan, Glanaigí.

1

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 1

31/08/2018 11:00


Mé Féin Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Oideolaíochtaí Straitéisí Teagaisc agus Foghlama  Amhráin agus Dánta  Amhrán – Dilín Ó Deamhas  Amhrán – Na Gutaí  Drámaíocht   Dráma bunaithe ar an scéal: An Luch Dráma bunaithe ar an amhrán: Dilín Ó Deamhas Dráma bunaithe ar an scéal: An Leon agus an Luch

Scéalta An Luch An Leon agus an Luch

Cluichí Cluiche Kim Cuir na Pictiúir in Ord Spraoi le Briathra Suimeanna Focal Bí ag Léamh Líon na Bearnaí Scríobh na hAbairtí Tasc Tuisceana Scríóbh an Scéal Bí ag Caint

Obair Bheirte Cad is ainm ___? (duit, dó, di) ___ is ainm ___. (dom, dó, di) Cé hé/hí sin? Sin é/í ___.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Dia daoibh/Dia’s Muire duit. Conas atá sibh? Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin? Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia. Cad is ainm ___? (duit, dó, di) ___ is ainm ___. (dom, dó, di) Cé hé/hí sin? Sin é/í ___.

Dúnaigí na boscaí lóin. Glanaigí na boird. Cuirigí an bruscar sa bhosca bruscair. Cuirigí na boscaí lóin agus na buidéil i bhur málaí scoile

An bhfuil sibh réidh? Maith sibh! Féachaigí ar an gclár bán.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

 Idirdhealú sna straitéisí  Idirdhealú sna tascanna  Idirdhealú sa luas múinteoireachta

 Idirdhealú trí thacaíocht bhreise  Idirdhealú trí acmhainní 

 

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol Dilín Ó Deamhas Drámaíocht An Leon agus an Luch

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh an aonaid. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

2

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 2

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 1 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ●

Beannú do dhuine Freagairt do bheannú Buíochas a léiriú Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Dia daoibh ar maidin. Dia’s Muire duit. Fáilte romhaibh ar ais ar scoil. Go raibh maith agat. Seo í an príomhoide nua. Conas atá sibh? Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin? Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia. Cad is ainm duit? ___ is ainm dom. (Niamh, Oisín) Cad is ainm dó? ___ is ainm dó. (Ruairí, Liam) Cad is ainm di? ___ is ainm di. (Róisín)

Caint an Ranga Dia duit/daoibh. Dia’s Muire duit. Fáilte romhaibh ar ais ar scoil. Seo í ___. Cad is ainm duit? ___ is ainm dom. Cad is ainm dó? ___ is ainm dó. Cad is ainm di? ___ is ainm di. Conas atá sibh? Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin? Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Beannaíonn an múinteoir do na páistí go léir:‘Dia daoibh ar maidin.’ Spreagtar na páistí freagairt don bheannú:‘Dia is Muire duit.’ Beannaíonn an múinteoir/puipéad do pháiste amháin:‘Dia duit.’ Freagraíonn an páiste:‘Dia is Muire duit.’ Spreagtar páiste A beannú do pháiste B. Spreagtar páiste B freagairt don bheannú. Ceistítear na páistí:‘Conas atá sibh?’ Freagraíonn na páistí:‘Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin?’ Freagraíonn an múinteoir:‘Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia.’ Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cad is ainm duit?’ ‘___ is ainm dom.’ Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad is ainm duit?’ Freagraíonn páiste B:‘___ is ainm dom.’ Iarrann an múinteoir ar bhuachaill teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cad is ainm dó?’ Freagraíonn na páistí:‘___ is ainm dó.’ Iarrann an múinteoir ar chailín teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cad is ainm di?’ Freagraíonn na páistí:‘___ is ainm di.’ Bí ag Léamh: ___ is ainm dó. (Oisín, Bran, Ruairí, Liam) ___ is ainm di. (Róisín, Niamh) Líon na Bearnaí: ___ is ainm dó. (Oisín, Bran, Ruairí, Liam) ___ is ainm di. (Róisín, Niamh) Litriú: Róisín is ainm dom. Ruairí is ainm duit. Oisín is ainm dó. Niamh is ainm di.

Tréimhse Chumarsáide

Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Conas atá sibh?’ Freagraíonn na páistí:‘Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin?’ Freagraíonn an múinteoir:‘Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia.’ Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Ceistíonn an páiste páistí an ranga:‘Conas atá sibh?’ Freagraíonn na páistí:‘Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin?’ Freagraíonn páistí aonair:‘Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia.’ Obair Ghrúpa: Roinntear na páistí i ngrúpaí de thriúr. Ceistíonn páiste A na páistí eile: ‘Conas atá sibh?’ Freagraíonn na páistí:‘Táimid go maith, go raibh maith agat, agus tú féin?’ Freagraíonn páiste A:‘Tá mé ar fheabhas, buíochas le Dia.’ Taispeánann an múinteoir na carachtair do na páistí. (Oisín, Bran, Ruairí, Róisín, Niamh, Liam) Ceistítear na páistí:‘Cad is ainm ___?’ (dó, di) Freagraíonn na páistí:‘___ (Oisín, Niamh, srl.) is ainm ___.’ (dó, di) Bua na Cainte 3 lch. 1. Iarrann an múinteoir ar na páistí na habairtí a léamh:‘___ is ainm ___.’ (dó, di) Léann na páistí na habairtí i mbeirteanna.

3

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 3

03/09/2018 16:24


Mé Féin Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 1. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad is ainm ___?’ (duit, dó, di) Freagraíonn páiste B:‘___ (Niamh, Oisín, srl.) is ainm ___.’ (dom, dó, di)

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 1. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad is ainm ___?’ (duit, dó, di) Freagraíonn páiste B:‘___ (Niamh, Oisín, srl.) is ainm ___.’ (dom, dó, di) Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna ina gcóipleabhair. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Beannaíonn an múinteoir do na páistí gach maidin:‘Dia daoibh ar maidin.’ Spreagtar na páistí ‘Dia’s Muire duit’ a rá. Cuireann an múinteoir fáilte roimh na páistí gach maidin:‘Fáilte romhaibh.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Conas atá sibh?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Táimid go maith, go raibh maith agat.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann beannú/freagairt do bheannú? ‘Dia duit/daoibh.’ ‘Dia’s Muire duit.’ An bhfuil an páiste in ann buíochas a léiriú? ‘Go raibh maith agat.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cad is ainm ___?’(duit, dó, di) ‘___ is ainm ___.’ (dom, dó, di)

4

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 4

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 1 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Duine a chur in aithne

Eiseamláirí Teanga Cé hé sin? Sin é ___. (Daidí, mo dheartháir Oisín, Daideo, Liam, an feirmeoir) Cé hí sin? Sin í ___. (Mamaí, mo dheirfiúr Niamh, Mamó, an dochtúir, an garda, an siopadóir, an príomhoide)

Caint an Ranga Cé hé sin? Sin é ___. Cé hí sin? Sin í ___.

Amhrán – Dilín Ó Deamhas Dilín ó deamhas, ó deamhas, Dilín ó deamhas, ó dí. Dilín ó deamhas, ó deamhas, ó deamhas. Ó dilín ó deamhas ó dí.

Caithfimid suas, is suas é. Caithfimid suas an páiste. Caithfimid suas, is suas is suas. Is tiocfaidh sí anuas amárach.

Cuirfead mo rún chun suain. Cuirfead mo rún ina luí. Cuirfead mo rún chun suain go ciúin. Le dilín ó deamhas ó dí.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Dilín Ó Deamhas. Dírítear aird na bpáistí ar an nguta fada í. Múintear an comhrá ‘Cé hé sin?’ ‘Sin é ___.’ (Daidí, mo dheartháir Oisín, Daideo, Liam, an feirmeoir) ‘Cé hí sin?’ ‘Sin í ___.’ (Mamaí, mo dheirfiúr Niamh, Mamó, an dochtúir, an garda, an siopadóir, an príomhoide) Ceistíonn an múinteoir/puipéad na páistí:‘Cé hé sin?’ ‘Cé hí sin?’ Iarrann an múinteoir ar bhuachaill teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘Cé hé sin?’ Freagraíonn na páistí:‘Sin é ___.’ (ainm an bhuachalla) Iarrann an múinteoir ar chailín teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘Cé hí sin?’ Freagraíonn na páistí:‘Sin í ___.’ (ainm an chailín) Bí ag Léamh: Cé hé sin? Sin é ___. (Daidí, Oisín, Daideo, Liam, Ruairí, an feirmeoir) Cé hí sin? Sin í ___. (Róisín, Mamaí, Niamh, an garda, Mamó, an dochtúir, an siopadóir, an príomhoide) Scríobh na hAbairtí: Cé hé sin? Sin é ___. (Daidí, Oisín, Daideo) Cé hí sin? Sin í ___. (Mamaí, Niamh) Litriú: Sin é Ruairí. Sin é Oisín. Sin í Róisín. Sin í Niamh.

Tréimhse Chumarsáide

Ceistíonn an múinteoir páistí aonair:‘Cé hé sin?’ Freagraíonn an páiste:‘Sin é ___.’ (ainm an bhuachalla) ‘Cé hí sin?’ Freagraíonn an páiste:‘Sin í ___.’ (ainm an chailín) Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. (Oisín, Daidí, Daideo, an múinteoir, an feirmeoir) Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cé hé sin?’ Freagraíonn an páiste:‘Sin é ___.’ Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga.Tugtar cártaí dóibh. (Oisín, Daidí, Daideo, an múinteoir, an feirmeoir) Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé hé sin?’ Freagraíonn páiste B:‘Sin é ___.’ Úsáidtear na cártaí. (Niamh, Mamaí, Mamó, Róisín) Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘Cé hí sin?’ Freagraíonn an páiste:‘Sin í ___.’ Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 2. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé hé/hí sin?’ Freagraíonn páiste B:‘Sin é/í ___.’ (Oisín, Niamh, srl.) Malartaíonn na páistí róil.

5

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 5

31/08/2018 11:00


Mé Féin Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 2. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé hé/hí sin?’ Freagraíonn na páistí:‘Sin ___ (é, í) ___.’ (Liam, Niamh, srl.) Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 3. Canann na páistí an t-amhrán. Scríobhann na páistí an t-amhrán agus tarraingíonn na páistí pictiúr chun an t-amhrán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Spreagtar na páistí ‘Cé hé/hí sin?’ a rá nuair a fheictear cuairteoir sa scoil. Má bhíonn buachaill/cailín nua i rang eile ceistíonn na páistí an múinteoir:‘Cé hé/hí sin?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceol: Is féidir an t-amhrán a mhúineadh sa cheacht Ceoil.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? ‘Sin é/í ___.’ (Daidí, Mamaí, srl.) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cé hé/hí sin?’ ‘Sin é/í ___.’ (Oisín, Niamh, srl.) An bhfuil an páiste in ann duine a chur in aithne? ‘Sin é ___.’ (Daidí, mo dheartháir Oisín, Daideo, Liam, an feirmeoir)

6

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 6

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 1 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ● ● ●

Iarraidh ar dhaoine rud éigin a dhéanamh Ceist a chur Ceist a fhreagairt Teachtairacht a thabhairt Duine a mholadh

Eiseamláirí Teanga Dúnaigí na boscaí lóin. Glanaigí na boird. Cuirigí an bruscar sa bhosca bruscair. Cuirigí na boscaí lóin agus na buidéil i bhur málaí scoile. An bhfuil sibh réidh? Táimid réidh. Maith sibh! Féachaigí ar an gclár bán.

Caint an Ranga Dúnaigí na boscaí lóin. Glanaigí na boird. Cuirigí an bruscar sa bhosca bruscair. Cuirigí na boscaí lóin agus na buidéil i bhur málaí scoile. An bhfuil sibh réidh? Táimid réidh. Maith sibh!

Amhrán – Na Gutaí Is sinne na gutaí. aou, ie. Is sinne na gutaí. aou, ie.

aou Yahú! ie Yipí!

ie Tá siad caol. Téann siad le chéile. Sin an scéal.

aou Tá siad leathan. Téann siad le chéile Ó Luan go Satharn. (x2)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Na Gutaí. Éisteann na páistí leis an gcomhrá. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga le bosca lóin oscailte. Tugann an múinteoir orduithe don pháiste:‘Dún an bosca lóin,’ srl. Déanann an páiste mím chun gach gníomh a léiriú. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga.Tugann páiste A orduithe do pháiste B:‘Dún an bosca lóin,’ srl. Déanann páiste B mím chun gach gníomh a léiriú. Tugann an múinteoir orduithe don rang go léir:‘Dúnaigí na boscaí lóin,’ srl. Déanann na páistí mím chun na gníomhartha a léiriú. Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir.Tugann an páiste orduithe don rang go léir:‘Dúnaigí na boscaí lóin,’ srl. Déanann na páistí mím chun na gníomhartha a léiriú. Fiafraíonn an múinteoir de na páistí an bhfuil siad réidh:‘An bhfuil sibh réidh?’ Freagraíonn na páistí:‘Taimid réidh.’ Iarrann an múinteoir ar na páistí féachaint ar an gclár bán:‘Féachaigí ar an gclár bán.’ Nuair a fhéachann na páistí ar an gclár bán moltar iad:‘Maith sibh!’ Tasc Tuisceana 3.1: Taispeáin dom an guta ___. (a, e, i, o, u) Tasc Tuisceana 3.2: Tóg amach an bosca lóin.Tógaigí amach na boscaí lóin. Ól deoch. Ólaigí deoch. Dún an bosca lóin. Dúnaigí na boscaí lóin. Féach ar an gclár bán. Féachaigí ar an gclár bán. Glan an bord. Glanaigí na boird. Scríobh na hAbairtí: Tóg amach an bosca lóin.Tógaigí amach na boscaí lóin. Ól deoch. Ólaigí deoch. Dún an bosca lóin. Dúnaigí na boscaí lóin. Féach ar an gclár bán. Féachaigí ar an gclár bán. Glan an bord. Glanaigí na boird. Spraoi le Briathra: Tóg/Tógaigí. Ól/Ólaigí. Dún/Dúnaigí. Féach/Féachaigí. Glan/Glanaigí. Litriú: Tóg/Tógaigí. Ól/Ólaigí.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear na luaschártaí.Tugann an múinteoir orduithe do na páistí go léir:‘Ólaigí deoch,’ srl. Déanann na páistí an gníomh cuí chun an t-ordú a léiriú. Obair Ghrúpa: Roinntear na páistí i ngrúpaí de thriúr.Tugann páiste A orduithe do na páistí eile:‘Ólaigí deoch,’ srl. Déanann na páistí an gníomh cuí chun an t-ordú a léiriú.

7

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 7

31/08/2018 11:00


Mé Féin Tréimhse Iarchumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 4. Léann na páistí na horduithe.

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 5. Féachann na páistí ar phátrún na bhfocal chun na horduithe a thabhairt san uimhir iolra. Scríobhann na páistí na briathra cearta. Úsáideann na páistí na briathra cuí chun na habairtí a scríobh. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Tugann an múinteoir orduithe do na páistí ag amanna rialta i rith an lae:‘Féachaigí ar an gclár bán.’ Má éiríonn go maith le páistí i ngnéithe éagsúla de shaol na scoile deirtear:‘Maith sibh!’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/ Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: Nuair a bhíonn ceacht Ealaíne ar siúl deir an múinteoir le páiste/páistí: ‘Tóg/Tógaigí amach ___.’ (na criáin, srl.) Nuair a bhíonn an ceacht Ealaíne thart deir an múinteoir:‘Glan/Glanaigí ___.’ (an bord/na boird) Nuair a bhíonn obair ar siúl ag an múinteoir ar an gclár bán deir an múinteoir le páiste/páistí: ‘Féach/Féachaigí ar an gclár bán.’ Ceol: Is féidir an t-amhrán seo a dhéanamh mar cheacht Ceoil.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine/ar dhaoine rud éigin a dhéanamh? ‘Dún an bosca lóin/ Dúnaigí na boscaí lóin.’ srl. An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An bhfuil sibh réidh?’ ‘Táimid réidh.’ An bhfuil an páiste in ann teachtaireacht a thabhairt? ‘Táimid réidh.’ An bhfuil an páiste in ann duine a mholadh? ‘Maith sibh!’

8

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 8

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 1 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga Bhí an múinteoir agus na páistí sa seomra ranga. Bhí siad ag léamh. Chonaic Oisín luch. Bhéic sé. Bhí eagla an domhain air. Léim sé ar an gcathaoir. Rith an luch isteach i bpoll. Thosaigh na páistí ag gáire.

Caint an Ranga Bí ___. (ag léamh, ag scríobh) Cad a chonaic tú? Ná bí ___. (ag caint, ag rith, ag béiceadh) Bhí siad ___. (ag caint, ag léamh, ag scríobh)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a bhí sa seomra ranga?’ ‘An raibh siad ___?’ (ag scríobh, ag léamh) ‘Cad a chonaic Oisín?’ ‘Cad a rinne Oisín nuair a chonaic sé an luch?’ ‘Cad a rinne an luch?’ ‘Cén fáth a raibh eagla ar Oisín?’ Spreagtar na páistí an scéal a insint le chéile. Iarrtar ar ochtar páistí teacht amach os comhair an ranga.Tugtar pictiúr an duine dóibh. Deir gach páiste abairt amháin chun an scéal a insint. Spreagtar páistí aonair an scéal a insint de réir a chéile. Cuir na Pictiúir in Ord: Iarrann an múinteoir ar na páistí na pictiúir a chur in ord chun an scéal a insint. Bhí an múinteoir agus na páistí sa seomra ranga. Bhí siad ag léamh. Chonaic Oisín luch. Bhéic sé. Bhí eagla an domhain air. Léim sé ar an gcathaoir. Rith an luch isteach i bpoll.Thosaigh na páistí ag gáire. Scríobh an Scéal: Bhí an múinteoir agus na páistí sa seomra ranga. Bhí siad ag léamh. Chonaic Oisín luch. Bhéic sé. Bhí eagla an domhain air. Léim sé ar an gcathaoir. Rith an luch isteach sa pholl.Thosaigh na páistí ag gáire. Bí ag Caint: Cé a bhí sa seomra ranga? An raibh siad ag scríobh? An raibh siad ag léamh? Cad a chonaic Oisín? Cad a rinne Oisín nuair a chonaic sé an luch? Cad a rinne an luch? Cén fáth a raibh eagla ar Oisín? Cén fáth gur thosaigh na páistí ag gáire? Lítriú: Dún/Dúnaigí, Féach/Féachaigí, Glan/Glanaigí.

Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Tagann páistí amach os comhair an ranga. Bíonn páiste mar Oisín, páiste mar mhúinteoir, páiste mar luch, beirt pháistí mar pháistí an ranga. Déanann siad dráma chun an scéal a léiriú le linn do na páistí eile bheith ag insint an scéil le chéile. Obair Bheirte: Tugtar pictiúir den scéal do gach beirt pháistí. Cuireann na páistí na pictiúir in ord. Insíonn páiste A an scéal do pháiste B. Insíonn páiste B an scéal do pháiste A.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 6. Léann na páistí an scéal le chéile. Iarrann an múinteoir ar na páistí na bearnaí a líonadh chun an scéal a scríobh. Scríobhann gach páiste an scéal ina c(h)óipleabhar féin. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla bheith ___: (ag léamh, ag scríobh) ‘Bí ___.’ (ag léamh, srl.) Ceistítear páistí éagsúla:‘Cad a chonaic tú?’ Iarrtar ar pháistí éagsúla gan a bheith ___: (ag rith, ag béiceadh) ‘Ná bí ___.’ (ag béiceadh, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann an scéal a insint? ‘Bhí an múinteoir agus na páistí sa seomra ranga.’ ‘Bhí siad ag léamh.’ ‘Chonaic Oisín luch.’ srl.

9

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 9

31/08/2018 11:00


Mé Féin Mé Féin – Aonad Teagaisc agus Foghlama 2 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 7–11) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Cé tusa? Is mise ___. Cén aois thú? Tá mé ___ mbliana d’aois. (ocht, naoi) Cén dath atá ar do chuid gruaige? Tá mo chuid gruaige ___. (fionn, donn) An bhfuil do chuid gruaige ___? (catach, díreach, gearr, fada) Tá/Níl mo chuid gruaige ___? (catach, díreach, gearr, fada) Cén dath atá ar do shúile? Tá mo shúile ___. (gorm, glas, donn) Tá mo shúile ___ freisin.

Léim go hard./Léimigí go hard. Rith go tapa./Rithigí go tapa. Caith an liathróid./Caithigí an liathróid. Beir ar an liathróid./Beirigí ar an liathróid. Litriú: Léim/Léimigí. Rith/Rithigí. Caith/Caithigí.

Litriú: gorm, donn, glas. Duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr. An mó duine atá i do chlann? Tá ___ i mo chlann. An mó ___ atá agat? (deartháir, deirfiúr) Níl aon ___ agam. Tá ___ amháin agam. Tá ___ deirfiúracha agam. Tá Niamh ocht mbliana d’aois. Tá Ciara dhá bhliain d’aois.

Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá mé i mo chónaí ___. (i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan) Ainmnigh na contaetha i gCúige Chonnacht. Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin. Litriú: ceathrar, cúigear, seisear.

Litriú: duine amháin, beirt, triúr.

10

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 10

31/08/2018 11:00


Mé Féin Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Dán – Shiúil mé Amhrán – Na Gutaí Amhrán – Cúige Chonnacht

Scéalta An Leon agus an Luch

Drámaíocht Dráma bunaithe ar an dán: Shiúil mé Dráma bunaithe ar an scéal:An Leon agus an Luch

Cluichí Tasc Tuisceana Spraoi le Briathra Foclóir Suimeanna Focal Bí ag Scríobh Bí ag Léamh Scríobh na hAbairtí

Obair Bheirte Cé tusa? Is mise ___. Cén aois thú? Tá mé ___ mbliana d’aois. Cén dath atá ar do chuid gruaige? Tá mo chuid gruaige ___. (fionn, donn) An bhfuil do chuid gruaige ___? Tá/Níl mo chuid gruaige ___. Cén dath atá ar do shúile?

An mó duine atá i do chlann? Tá ___ i mo chlann. An mó ___ atá agat? (deartháir, deirfiúr) Níl aon ___ agam. Tá ___ amháin agam. Tá ___ deirfiúracha agam.

Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá mé i mo chónaí ___. (i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan)

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Léim go hard./Léimigí go hard. Rith go tapa./Rithigí go tapa. Caith an liathróid./Caithigí an liathróid. Beir ar an liathróid./Beirigí ar an liathróid.

Cé tusa? Cén aois thú? An mó duine atá i do chlann? An mó duine atá sa líne?

Cá bhfuil tú i do chónaí?

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile Ealaín Shiúil mé Drámaíocht An Leon agus an Luch Oideachas Sóisialta, Comhshaoil agus Eolaíochta Na Contaetha i gCúige Chonnacht

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

11

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 11

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 2 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Duine a chur in aithne

Eiseamláirí Teanga Cé tusa? Is mise ___. (Róisín, Oisín) Cén aois thú? Tá mé ___ mbliana d’aois. (ocht, naoi) Cén dath atá ar do chuid gruaige? Tá mo chuid ghruaig ___. (fionn, donn) An bhfuil do chuid gruaige ___? (catach, díreach, gearr, fada) Tá/Níl mo chuid ghruaig ___ (freisin). (díreach, catach, fada, gearr) Cén dath atá ar do shúile? Tá mo shúile gorm (freisin).

Caint an Ranga Cé tusa? Cén aois thú? Cén dath atá ar ___?

Dán – Shiúil Mé Shiúil mé agus shiúil mé, Agus shiúil mé liom féin. Chonaic mé capall, Agus chonaic mé carr. Chonaic mé crann, Agus nead ar a bharr.

Chonaic mé cat, Agus chonaic mé cú. Chonaic mé moncaí Thuas ag an zú.

Chonaic mé eala, Agus chonaic mé gé. Chonaic mé tarbh, Agus chonaic sé mé. Sin deireadh mo scéil.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán Shiúil Mé. Deir an múinteoir an dán. Deir an múinteoir agus na páistí an dán le chéile. Deir an múinteoir agus grupaí éagsula páistí an dán. Deir an rang go léir/grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an dán. Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé tusa?’ ‘Cén aois thú?’ ‘Cén dath atá ar ___?’ (do chuid gruaige, do shúile) ‘An bhfuil do ghruaig ___?’ (díreach, catach, fada, gearr) Spreagtar páistí difriúla na ceisteanna a fhreagairt. Tasc Tuisceana: Cén dath atá ar do chuid gruaige? Tá mo chuid gruaige ___. (fionn, dubh, rua) An bhfuil do chuid gruaige ___? (díreach, catach, fada, gearr) Tá/Níl mo ghruaig ___. Cén dath atá ar do shúile? Tá mo shúile ___. (gorm, glas) Bí ag Scríobh: Tá mo chuid gruaige ___. (fionn, dubh, donn, díreach, catach, fada, gearr) Tá mo shúile ___. (gorm, donn, glas) Litriú: Tá mo shúile gorm.Tá mo shúile donn.Tá mo shúile glas. Iarrann an múinteoir/puipéad ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Ceistítear an páiste:‘Cé tusa?’ ‘Cén aois thú?’ ‘Cén dath atá ar ___?’ (do chuid gruaige, do shúile) ‘An bhfuil do chuid gruaige ___?’ (díreach, catach, fada, gearr)

Tréimhse Chumarsáide

Bí ag Léamh: Is mise Ruairí.Tá mé naoi mbliana d’aois.Tá mo chuid gruaige fionn.Tá mo chuid gruaige gearr.Tá mo chuid gruaige díreach.Tá mo shúile gorm. Bua na Cainte 3 lch. 7. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé tusa?’ ‘Cén aois thú?’ ‘Cén dath atá ar do chuid gruaige?’ ‘An bhfuil do chuid gruaige ___?’ (díreach, catach, fada, gearr) ‘Cén dath atá ar do shúile?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna.

12

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 12

31/08/2018 11:00


Mé Féin Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 7. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé tusa?’ ‘Cén aois thú?’ ‘Cén dath atá ar do chuid gruaige?’ ‘An bhfuil do chuid gruaige ___?’ (díreach, catach, fada, gearr) ‘Cén dath atá ar do shúile?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 7. Léann na páistí na habairtí faoi Ruairí. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 8. Scríobhann na páistí an dán ina gcóipleabhair.Tarraingíonn siad pictiúr chun an dán a léiriú. Scríobhann siad abairtí bunaithe ar an dán. Chonaic mé ___. (nead, tarbh, cat, eala, crann, gé, capall, cú) Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn breithlá ag páiste ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cén aois thú inniu?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte: Nuair a bhíonn páistí éagsúla ag cur síos orthu féin i gceacht san Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte ceistítear na páistí:‘Cén aois thú?’ ‘Cén dath atá ar do chuid gruaige?’ ‘An bhfuil do chuid gruaige ___?’ (díreach, catach, fada, gearr) ‘Cén dath atá ar do shúile?’ Drámaíocht: Is féidir dráma a bhunú ar ábhar an dáin.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cé tusa?’ ‘Cén aois thú?’ ‘Cén dath atá ar ___?’ ‘An bhfuil do chuid gruaige ___?’ An bhfuil an páiste in ann é/í féin a chur in aithne? ‘Is mise ___.’

13

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 13

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 2 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Iarraidh ar dhuine/dhaoine rud éigin a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Léim go hard. Rith go tapa. Caith an liathróid. Beir ar an liathróid. Léimigí go hard. Rithigí go tapa. Caithigí an liathróid. Beirigí ar an liathróid.

Caint an Ranga Léim/Léimigí. Rith/Rithigí. Caith/Caithigí. Beir/Beirigí.

Amhrán – Na Gutaí Is sinne na gutaí. aou, ie. Is sinne na gutaí. aou, ie.

aou Yahú! ie Yipí!

ie Tá siad caol. Téann siad le chéile. Sin an scéal.

aou Tá siad leathan. Téann siad le chéile Ó Luan go Satharn. (x2)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an amhrán Na Gutaí. Éisteann na páistí leis an gcomhrá. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga.Tugann an múinteoir orduithe do pháiste:‘Léim go hard,’ srl. Déanann an páiste mím chun gach gníomh a léiriú. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga.Tugann páiste A orduithe do pháiste B:‘Rith go tapa,’ srl. Déanann páiste B mím chun gach gníomh a léiriú. Tugann an múinteoir orduithe don rang go léir:‘Léimigí go hard,’ srl. Déanann gach páiste mím chun na gníomhartha a léiriú. Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir.Tugann an páiste orduithe don rang go léir:‘Rithigí go tapa,’ srl. Déanann gach páiste mím chun na gníomhartha a léiriú. Tasc Tuisceana: Léim/Léimigí go hard. Rith/Rithigí go tapa. Caith/Caithigí an liathróid. Beir/Beirigí ar an liathróid. Scríobh na hAbairtí: ___ go hard. ___ go tapa. ___ ar an liathróid. ___ ar an liathróid. (Léim, Léimigí, Rith, Rithigí, Caith, Caithigí, Beir, Beirigí) Suimeanna Focal: Léim + igí = Léimigí. Caith + igí = Caithigí. Beir + igí = Beirigí. Rith + igí = Rithigí. Spraoi le Briathra: Léim/Léimigí. Rith/Rithigí. Caith/Caithigí. Litriú: Léim/Léimigí. Rith/Rithigí. Caith/Caithigí.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear na luaschártaí.Tugann an múinteoir orduithe do na páistí go léir:‘Léimigí,’ srl. Déanann na páistí an gníomh cuí chun an t-ordú a léiriú. Obair Ghrúpa: Roinntear na páistí i ngrúpaí de thriúr.Tugann páiste A orduithe do na páistí eile:‘Ólaigí deoch,’ srl.Taispeánann páiste A an luaschárta cuí do na páistí. Déanann na páistí an gníomh cuí chun an t-ordú a léiriú.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 9. Léann na páistí na habairtí. Féachann siad ar phátrún na bhfocal chun na horduithe a thabhairt san uimhir iolra. Scríobhann na páistí na briathra cearta chun na habairtí a chríochnú. 14

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 14

31/08/2018 11:00


Mé Féin Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Tugann an múinteoir orduithe do na páistí ag amanna rialta i rith an lae: ‘Léim/ Léimigí.’ ‘Rith/Rithigí.’ ‘Caith/Caithigí.’ ‘Beir/Beirigí.’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Corpoideachas: Nuair a bhíonn ceacht sa Chorpoideachas ar siúl deir an múinteoir Léim/Léimigí go hard. Rith/Rithigí go tapa. Caith/Caithigí ___. (an liathróid, an sliotar) Beir/Beirigí ar ___. (an liathróid, an sliotar) Ceol: Is féidir an t-amhrán seo a dhéanamh mar cheacht Ceoil.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine/ar dhaoine rud éigin a dhéanamh? ‘Léim go hard.’ ‘Léimigí go hard.’ ‘Rith go tapa.’ ‘Rithigí go tapa.’ ‘Caith an liathróid.’ ‘Caithigí an liathróid.’ ‘Beir ar an liathróid.’ ‘Beirigí ar an liathróid.’

15

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 15

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 2 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Comhaireamh Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

(duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr)

An mó duine atá sa líne? Tá ___ sa líne. An mó duine atá ag an mbord? Tá ___ ag an mbord. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr)

An mó duine atá i do chlann? Tá ___ i mo chlann. An mó deartháir atá agat? Níl aon deartháir agam. An mó deirfiúr atá agat? Tá deirfiúr amháin agam. Róisín is ainm di. Tá sí naoi mbliana d’aois. Tá Niamh ocht mbliana d’aois. Tá Ciara dhá bhliain d’aois.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí páistí a chomhaireamh le chéile. (Duine amháin, Beirt,Triúr, Ceathrar, Cúigear, Seisear, Seachtar, Ochtar, Naonúr, Deichniúr) Comhaireann grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An mó duine atá i do chlann?’ ‘Tá ___ i mo chlann.’ (ceathrar, srl.) ‘An mó deartháir atá agat?’ ‘Níl aon deartháir agam.’ ‘Tá ___ deartháireacha agam.’ ‘An mó deirfiúr atá agat?’ ‘Níl aon deirfiúr agam.’ ‘Tá ___ deirfiúracha agam.’ Tasc Tuisceana: An mó duine atá i do chlann? Tá ___ i mo chlann. (beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr) Bí ag Léamh: Níl aon deartháir agam.Tá deartháir amháin agam.Tá ___ deartháireacha agam. (beirt, triúr, ceathrar, cúigear) Níl aon deirfiúr agam.Tá deirfiúr amháin agam.Tá ___ deirfiúracha agam. (beirt, ceathrar,) Scríobh na hAbairtí: Tá ___ deartháireacha agam. (beirt, triúr, ceathrar, cúigear) Tá ___ deirfiúracha agam. (beirt, triúr, ceathrar, cúigear) Litriú: duine amháin, beirt, triúr.

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘An mó duine atá i do chlann?’ ‘An mó ___ atá agat?’ (deartháir, deirfiúr) Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Ceistíonn an páiste páistí éagsúla:‘An mó duine atá i do chlann?’ ‘An mó ___ atá agat?’ (deartháir, deirfiúr) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Ceistíonn páiste B páiste A.Tig leis an múinteoir na ceisteanna a chur ar leidchárta ar an gclár bán mar chabhair do na páistí na ceisteanna a chur más gá. Obair Bheirte: Ceistíonn páiste A páiste B:‘An mó duine atá i do chlann?’ ‘An mó ___ atá agat?’ (deartháir, deirfiúr) Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil. Tig leis na páistí úsáid a bhaint as leidchártaí chun na ceisteanna a chur ar dtús. Spreagtar na páistí na ceisteanna a chur gan úsáid a bhaint as na leidchártaí de réir a chéile.

16

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 16

31/08/2018 11:00


Mé Féin Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 10. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An mó duine atá i do chlann?’ ‘An mó ___ atá agat?’ (deartháir, deirfiúr) Spreagtar na páistí ceisteanna a chur ar an bpáiste in aice leo. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Scríobhann na páistí na habairtí:‘Tá ___ (beirt, triúr, ceathrar, cúigear) ___ agam.’ (deartháireacha, deirfiúracha) Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn na páistí ag dul amach sa chlós, ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An mó duine atá sa líne?’ ‘Tá ___ sa líne.’ (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte: Ceistítear na páistí:‘An mó duine atá i do chlann?’ ‘An mó ___ atá agat?’ (deartháir, deirfiúr) Corpoideachas: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An mó duine atá sa ghrúpa seo?’ ‘Tá ___ sa ghrúpa.’ (beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann daoine a chomhaireamh? (Duine amháin go Deichniúr) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An mó duine atá i do chlann?’ ‘Tá ___ i mo chlann.’ ‘An mó ___ atá agat?’ (deartháir, deirfiúr) ‘Tá ___ (beirt, triúr, ceathrar, cúigear, srl.) ___ agam.’ (deartháireacha, deirfiúracha)

17

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 17

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 2 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá mé i mo chónaí ___. (i gCúige Mumhan, i gCúige Laighean, i gCúige Uladh, i gCúige Chonnacht) Ainmnigh na contaetha i gCúige Chonnacht. Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin.

Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá mé i mo chónaí ___. (i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan) An bhfuil tú i do chónaí i ___?

Amhrán – Cúige Chonnacht Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an amhrán Cúige Chonnacht. Múintear an comhrá ‘Cá bhfuil tú i do chónaí?’ ‘Tá mé i mo chónaí i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan.’ ‘Ainmnigh na contaetha i gCúige Chonnacht.’ ‘Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin.’ Iarrann an múinteoir ar na páistí na cúigí éagsúla a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (Cúige Mumhan, srl.) Ceistítear na páistí:‘Cá bhfuil tú i do chónaí?’ ‘An bhfuil tú i do chónaí i gCúige ___?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá/Níl mé i mo chónaí ___.’ Ainmníonn na páistí na contaetha le chéile. Léiríonn an múinteoir contae do na páistí agus ainmníonn na páistí an contae. Tasc Tuisceana: Gliogáil ar an gcontae ceart. Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin. Foclóir: Ainmnigh an contae. Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin. Litriú: ceathrar, cúigear, seisear.

Tréimhse Chumarsáide

Léiríonn an múinteoir contaetha Chonnacht do na páistí. Ainmníonn na páistí na contaetha le chéile. Léiríonn an múinteoir contae do na páistí agus iarrann an múinteoir ar pháiste aonair an contae a ainmniú. Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Léiríonn an páiste contae do pháiste eile. Ainmníonn an páiste an contae. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Léiríonn páiste A contae do pháiste B. Ainmníonn páiste B an contae. Ansin malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Léiríonn páiste A contae do pháiste B. Ainmníonn páiste B an contae. Ansin malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 11. Léann na páistí ainmneacha na gcontaetha.Tarraingíonn siad léarscáil ina gcóipleabhair agus scríobhann siad ainmneacha na gcontaetha. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cár tharla an timpiste?’ Freagraíonn na páistí: ‘Tharla sé sin ___.’ (i nGaillimh, i Maigh Eo, i Sligeach, i Liatroim, i Ros Comáin) ‘Cé a bhuaigh an cluiche?’ Freagraíonn na páistí:‘Bhuaigh ___ an cluiche.’ (Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin) Má bhíonn cluiche spóirt ar siúl deir an múinteoir:‘Bhuaigh ___ an cluiche.’ (Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Oideachas Sóisialta, Comhshaoil agus Eolaíochta.Tíreolaíocht: D’fhéadfadh na páistí na contaetha i gConnacht a ainmniú i nGaeilge sna ceachtanna Tíreolaíochta.

18

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 18

31/08/2018 11:00


Mé Féin Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? ‘Tá mé i mo chónaí ___.’ (i gCúige Mumhan, srl.) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cá bhfuil tú i do chónaí?’ ‘An bhfuil tú i do chónaí ___?’ ‘Tá mé i mo chónaí ___.’ (i gCúige Mumhan, srl.)

19

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 19

31/08/2018 11:00


Mé Féin Mé Féin – Aonad Teagaisc agus Foghlama 3 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 12–18) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Bí cúramach. Cad a tharla? Bhuail sí mé. Tá brón orm. Timpiste a bhí ann. Ní dhéanfaidh mé arís é. Bhrúigh sé mé. An bhfuil tú ceart go leor? Tá mé ceart go leor. Ghortaigh mé mo ghlúin. Tá mo ghlúin ag cur fola. Cuirfidh mé fios ar an múinteoir. A mhúinteoir, tá Niamh ag cur fola. Beidh tú go breá. Nífidh mé do ghlúin duit. An bhfuil tú ceart go leor? Tá mé ceart go leor. Go raibh maith agat.

Thit Róisín sa chlós. Ghortaigh sí a cos. Chuir Niamh fios ar an múinteoir. Chuir an múinteoir bindealán ar a cos. Bhí biseach ar Róisín ansin.

Litriú: mo lámh, mo cheann, mo chos.

An Aimsir An fómhar atá ann. Bhí an ghrian ag taitneamh inné. Bhí sé te agus tirim. Tá an lá fliuch inniu. Tá scamaill sa spéir. Beidh an ghaoth ag séideadh amárach. Beidh sé gaofar. Beidh sé fuar.

Dún an leabhar./Dúnaigí na leabhair. Cuir an leabhar i do mhála scoile./Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile. Seas suas./Seasaigí suas. Pioc suas na páipéir./Piocaigí suas na páipéir. Déan líne ag an doras./Déanaigí líne ag an doras. Rith go dtí an clós./Rithigí go dtí an clós. Léim go hard./Léimigí go hard. Litriú: Cuir/Cuirigí, Seas/Seasaigí.

Litriú: Ar ghortaigh? Ghortaigh/Níor ghortaigh. An Nuacht Meán Fómhair atá ann. ___ is ainm dom. Tá mo ghruaig ___ agus ___. (gearr, catach, srl.) Tá mo shúile ___. (gorm, glas, donn) Tá ___ i mo chlann. (cúigear, srl.) Tá ___ amháin agam. (deartháir, deirfiúr) Níl aon ___ agam. (deartháir, deirfiúr)

Litriú: Pioc/Piocaigí. Déan/Déanaigí.

20

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 20

31/08/2018 11:00


Mé Féin Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán – Míonna na Bliana Dán – Ruairí Rón

An Leon agus an Luch

Drámaíocht Dráma bunaithe ar thimpiste i gclós na scoile. Dráma bunaithe ar an dán: Ruairí Rón Dráma bunaithe ar an scéal:An Leon agus an Luch

Cluichí Cluiche Kim Tasc Tuisceana Spraoi le Briathra Foclóir Cuir na Pictiúir in Ord Bí ag Caint Bí ag Scríobh Scríobh an Scéal Scríobh na hAbairtí Suimeanna Focal

Obair Bheirte

Cad a tharla sa chlós? Thit sí. Bhrúigh sé í. Scéal a insint: Thit Róisín sa chlós, srl.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Bí cúramach. Cad a tharla? Bhuail sí mé. Tá brón orm. Timpiste a bhí ann. Ní dhéanfaidh mé arís é. Bhrúigh sé mé. An bhfuil tú ceart go leor? Tá mé ceart go leor. Ghortaigh mé mo ghlúin. Tá mo ghlúin ag cur fola. Cuirfidh mé fios ar an múinteoir. A mhúinteoir, tá Niamh ag cur fola. Beidh tú go breá. Nífidh mé do ghlúin duit. An bhfuil tú ceart go leor? Tá mé ceart go leor. Go raibh maith agat.

Dún an leabhar. Dúnaigí na leabhair. Cuir an leabhar i do mhála scoile. Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile. Seas suas. Seasaigí suas. Pioc suas na páipéir. Piocaigí suas na páipéir. Déan líne ag an doras. Déanaigí líne ag an doras. Rith go dtí an clós. Rithigí go dtí an clós. Léim go hard. Léimigí go hard.

An bhfuil nuacht agat? Cén saghas lae é? Cén saghas aimsire atá ann inniu? Cén saghas aimsire a bheidh ann amárach?

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga Ealaín Ruairí Rón An Leon agus an Luch

Drámaíocht An Leon agus an Luch

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7 21

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 21

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 3 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ● ● ● ●

Foláireamh a thabhairt Aird a tharraingt Ceist a chur Ceist a fhreagairt Teachtaireacht a chur in iúl Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cur síos a dhéanamh Buíochas a ghabháil

Eiseamláirí Teanga Bí cúramach! Cad a tharla? Bhuail sí mé. Tá brón orm. Timpiste a bhí ann. Ní dhéanfaidh mé arís é. Cad a tharla? Bhrúigh sé mé. An bhfuil tú ceart go leor? Tá mé ceart go leor. Cad a tharla? Thit mé. An bhfuil tú ceart go leor? Níl mé ceart go leor. Ghortaigh mé mo ghlúin. Tá mo ghlúin ag cur fola. Cuirfidh mé fios ar an múinteoir. A mhúinteoir, tá Niamh ag cur fola. Beidh tú go breá. Nífidh mé do ghlúin duit. An bhfuil tú ceart go leor? Tá mé ceart go leor. Go raibh maith agat.

Caint an Ranga Bí cúramach! Cad a tharla? Bhuail sí mé. Bhrúigh sé mé. Thit mé. An bhfuil tú ceart go leor? Tá/Níl mé ceart go leor. Tá ___ ag cur fola. Ní dhéanfaidh mé arís é. Tá brón orm. Ghortaigh mé ___. Cuirfidh mé fios ar an múinteoir. Beidh tú go breá. Nífidh mé do ghlúin. Go raibh maith agat.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a tharla ___?’ (do Ruairí, do Róisín, do Niamh) Freagraíonn na páistí:‘Bhuail Róisín Ruairí.’ ‘Bhrúigh Ruairí Róisín.’ ‘Thit Niamh.’ Spreagann an múinteoir na páistí abairtí éagsúla a rá: ‘Ghortaigh mé ___.’ (mo lámh, mo chos, mo dhroim, mo ghualainn, mo ghlúin, mo cheann, mo bholg) Cluiche Kim: mo lámh, mo chos, mo dhroim, mo ghualainn, mo ghlúin, mo cheann, mo bholg. Bí ag Léamh: Ghortaigh mé ___. (mo lámh, mo chos, mo dhroim, mo ghualainn, mo ghlúin, mo cheann, mo bholg) Bí ag Scríobh: Ghortaigh mé ___. (mo lámh, mo chos, mo shúil, mo ghlúin, mo ghualainn, mo bholg, mo cheann, mo dhroim) Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ligeann páiste A air/uirthi gur thit sé/sí. Ceistíonn páiste B páiste A:‘Cad a tharla?’ ‘An bhfuil tú ceart go leor?’ Spreagtar páiste A na ceisteanna a fhreagairt:‘Thit mé.’ ‘Níl mé ceart go leor mar ghortaigh mé ___.’ Deir páiste B:‘Cuirfidh mé fios ar an múinteoir.’ Litriú: mo cheann, mo lámh, mo chos.

Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Iarrann an múinteoir ar pháistí teacht amach os comhair an ranga. Cuirtear dráma ar siúl. Glaonn páiste B ar pháiste C (an múinteoir):‘A mhúinteoir, tá ___ ag cur fola.’ Deir páiste C le páiste A:‘Beidh tú ceart go leor.’ ‘Nífidh mé do ghlúin.’ Ceistíonn páiste C páiste A:‘An bhfuil tú ceart go leor?’ Gabhann páiste A buíochas le páiste C. Ligeann páiste A air/uirthi gur thit sé/sí. Ceistíonn páiste B páiste A:‘Cad a tharla?’ ‘An bhfuil tú ceart go leor?’ Spreagtar páiste A na ceisteanna a fhreagairt:‘Thit mé.’ ‘Níl mé ceart go leor mar ghortaigh mé ___.’ Deir an páiste B:‘Cuirfidh mé fios ar an múinteoir.’ Obair Ghrúpa: Cuirtear dráma ar siúl idir na páistí. 22

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 22

31/08/2018 11:00


Mé Féin Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 12.‘Ghortaigh mé ___.’ (mo lámh, mo chos, mo dhroim, mo ghualainn, mo ghlúin, mo cheann, mo bholg) Spreagann an múinteoir na páistí na habairtí a léamh. Léann na páistí na habairtí i mbeirteanna. Líonann na páistí na bearnaí chun na habairtí a scríobh. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Má thiteann páiste sa chlós ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cad a tharla?’ ‘An bhfuil tú ceart go leor?’ Spreagtar an páiste na ceisteanna a fhreagairt. Má thiteann páiste sa chlós spreagtar na páistí eile an abairt seo a rá:‘Cuirfidh mé fios ar an múinteoir.’ Má thugann an múinteoir bileog nó leabhar don pháiste spreagtar an páiste buíochas a ghabháil leis an múinteoir:‘Go raibh maith agat.’ ‘Ná habair é,’ arsa an múinteoir. Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Drámaíocht: Bunaítear dráma ar ábhar an chomhrá: ‘Cad a tharla?’ ‘Thit mé.’ ‘Ghortaigh mé mo ghlúin.’ ‘Tá mo ghlúin ag cur fola.’ ‘A mhúinteoir, ghortaigh Niamh a glúin.’ ‘Tá sí ag cur fola.’ ‘Beidh tú go breá.’ ‘Nífidh mé do ghlúin.’ ‘An bhfuil tú ceart go leor?’ ‘Tá mé ceart go leor.’ ‘Go raibh maith agat.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (mo lámh, mo chos, mo dhroim, mo ghualainn, srl.) An bhfuil an páiste in ann foláireamh a thabhairt? ‘Bí cúramach!’ An bhfuil an páiste in ann aird a tharraingt? ‘Bí cúramach!’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cad a tharla?’ ‘An bhfuil tú ceart go leor?’ ‘Bhuail sí mé.’ ‘Tá/Níl mé ceart go leor.’ An bhfuil an páiste in ann teachtaireacht a chur in iúl? ‘Ghortaigh mé mo ghlúin.’ An bhfuil an páiste in ann buíochas a léiriú? ‘Go raibh míle maith agat.’ An bhfuil an an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Bhrúigh sé mé.’

23

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 23

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 3 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga Thit Róisín sa chlós. Ghortaigh sí a cos. Chuir Niamh fios ar an múinteoir. Chuir an múinteoir bindealán ar a cos. Bhí biseach ar Niamh ansin.

Caint an Ranga Thit ___. Ghortaigh sí ___. (a lámh, a cos, a ceann, a gualainn, a bolg, a glúin, a méar) Chuir ___ fios ar an múinteoir.

Dán – Ruairí Rón Ruairí Rón, Bhris sé a shrón: Deora móra – ‘Och, ochón!’

Éist, a Ruairí, Éist, a stór! Chuir Mamaí fios Ar an Turtar Mór.

Beidh sé anseo Faoi cheann uair nó dhó, Is cuirfidh sé cóir ort, A stóirín ó.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán Ruairí Rón. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad is ainm don rón?’ ‘Cad a tharla dó?’ ‘An raibh sé ag caoineadh?’ ‘Cén fáth?’ ‘Cad a rinne Mamaí?’ Spreagtar na páistí an dán a rá le chéile. Dírítear aird na bpáistí ar an nguta fada ó. Bunaítear dráma ar scéal an dáin.Tagann triúr páistí amach os comhair an ranga. Bíonn páiste mar Ruairí Rón, páiste mar Mhamaí Rón agus páiste mar thurtar. Deir na páistí eile/grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an dán. Éisteann na páistí leis an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a tharla do Róisín?’ ‘Ar ghortaigh sí a lámh?’ ‘Cé a chuir fios ar an múinteoir?’ ‘Cad a chuir an múinteoir ar a cos?’ ‘An raibh biseach ar Róisín?’ Spreagtar na páistí go léir an scéal a insint le chéile. Spreagtar páistí aonair an scéal a insint de réir a chéile. Iarrtar ar chúigear páistí teacht amach os comhair an ranga.Tugtar pictiúr an duine dóibh. Deir gach páiste abairt amháin chun an scéal a insint. Cuir na Pictiúir in Ord: Iarrann an múinteoir ar na páistí na pictiúir a chur in ord chun an scéal a insint.Thit Róisín sa chlós. Ghortaigh sí a cos. Chuir Niamh fios ar an múinteoir. Chuir an múinteoir bindealán ar a cos. Bhí biseach ar Róisín ansin. Bí ag Caint: Cé a thit sa chlós? Thit Róisín sa chlós. Ar ghortaigh sí a cos? Ghortaigh sí a cos. Ar ghortaigh sí a lámh? Níor ghortaigh sí a lámh. Ar ghortaigh sí a ceann? Níor ghortaigh sí a ceann. Ar ghortaigh sí a bolg? Níor ghortaigh sí a bolg. Ar ghortaigh sí a droim? Níor ghortaigh sí a droim. Cé a chuir fios ar an múinteoir? Chuir Niamh fios ar an dochtúir. Cé a chuir bindealán ar a cos? Chuir an múinteoir bindealán ar a cos. Scríobh an Scéal: Líonann na páistí na bearnaí chun an scéal a insint.Thit ___ sa chlós. (Róisín) Ghortaigh sí a ___. (cos) Chuir Niamh fios ar an ___. (múinteoir) Chuir an múinteoir ___ ar a cos. (bindealán) Bhí ___ ar Róisín ansin. (biseach) Litriú: Ar ghortaigh Niamh a lámh? Ghortaigh Niamh a lámh. Ar ghortaigh Niamh a cos? Níor ghortaigh Niamh a cos.

Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Iarrann an múinteoir ar thriúr páistí amach os comhair an ranga. Bíonn páiste mar Róisín, páiste mar Niamh agus páiste mar mhúinteoir. Déanann siad mím chun an scéal a léiriú le linn do na páistí eile bheith ag insint an scéil le chéile. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch.13. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé a thit sa chlós?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil.

24

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 24

31/08/2018 11:00


Mé Féin Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 13. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna ina gcóipleabhair. Bua na Cainte 3 lch. 14. Scríobhann na páistí an dán Ruairí Rón ina gcóipleabhair.Tarraingíonn siad pictiúr chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Tar éis do na páistí filleadh ar ais ar an seomra ranga tar éis am lóin spreagtar na páistí tuairisciú faoi rudaí a tharla sa chlós:‘Thit ___.’ ‘Ghortaigh sí ___.’ ‘Chuir ___ fios ar an múinteoir.’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/ Comhtháthú le hÁbhair eile: Drámaíocht: D’fhéadfadh na páistí dráma a bhunú ar ábhar an dáin.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann an scéal a insint? ’Thit Róisín sa chlós.’ ‘Ghortaigh sí a cos.’ ‘Chuir Niamh fios ar an múinteoir.’ ‘Chuir an múinteoir bindealán ar a cos.’ ‘Bhí biseach ar Niamh ansin.’

25

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 25

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 3 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Iarraidh ar dhuine/ar dhaoine rud éigin a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Dún an leabhar. Dúnaigí na leabhair. Cuir an leabhar i do mhála scoile. Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile. Seas suas. Seasaigí suas. Pioc suas na páipéir. Piocaigí suas na páipéir. Déan líne ag an doras. Déanaigí líne ag an doras. Rith go dtí an clós. Rithigí go dtí an clós. Léim go hard. Léimigí go hard.

Caint an Ranga Dúnaigí na leabhair. Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile. Piocaigí suas na páipéir. Seasaigí suas. Déanaigí líne. Rithigí. Léimigí.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an gcomhrá. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga.Tugann an múinteoir orduithe don pháiste:‘Dún an leabhar,’ srl. Déanann an páiste mím chun gach gníomh a léiriú. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga.Tugann páiste A orduithe do pháiste B:‘Cuir an leabhar i do mhála scoile,’ srl. Déanann páiste B mím chun gach gníomh a léiriú. Tugann an múinteoir orduithe don rang go léir:‘Dúnaigí na leabhair,’ srl. Déanann gach páiste mím chun na gníomhartha a léiriú. Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir.Tugann an páiste orduithe don rang go léir:‘Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile,’ srl. Déanann gach páiste mím chun na gníomhartha a léiriú. Tasc Tuisceana: Dún an leabhar. Dúnaigí na leabhair. Cuir an leabhar i do mhála scoile. Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile. Seas suas. Seasaigí suas. Pioc suas na páipéir. Piocaigí suas na páipéir. Déan líne. Déanaigí líne. Rith go dtí an clós. Rithigí go dtí an clós. Léim go hard. Léimigí go hard. Scríobh na hAbairtí: ___ an leabhar. (Dún) ___ na leabhair. (Dúnaigí) ___ an leabhar i do mhála scoile. (Cuir) ___ na leabhair i bhur málaí scoile. (Cuirigí) ___ suas. (Seas) ___ suas. (Seasaigí) ___ suas na páipéir. (Pioc) ___ suas na páipéir. (Piocaigí) ___ ar an gclár bán. (Féach) ___ ar an gclár bán. (Féachaigí) Spraoi le Briathra: Dún/Dúnaigí. Cuir/Cuirigí. Seas/Seasaigí. Pioc/Piocaigí. Rith/Rithigí. Léim/Léimigí.Tóg/Tógaigí. Ól/Ólaigí. Féach/Féachaigí. Suimeanna Focal: Tóg + aigí = Tógaigí. Rith + igí = Rithigí. Ól + aigí = Ólaigí. Léim + igí = Léimigí. Dún + aigí = Dúnaigí. Cuir + igí = Cuirigí. Féach + aigí = Féachaigí. Pioc + aigí = Piocaigí. Seas + aigí = Seasaigí. Glan + aigí = Glanaigí. Litriú: Cuir/Cuirigí. Seas/Seasaigí.

Tréimhse Chumarsáide

Tugann an múinteoir orduithe do na páistí go léir:‘Léimigí,’ srl. Déanann na páistí an gníomh cuí chun an t-ordú a léiriú. Obair Ghrúpa: Roinntear na páistí i ngrúpaí de thriúr.Tugann páiste A orduithe do na páistí eile:‘Ólaigí deoch,’ srl. Déanann na páistí an gníomh cuí chun an t-ordú a léiriú.

26

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 26

31/08/2018 11:00


Mé Féin Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 15. Féachann na páistí ar phátrún na bhfocal chun na horduithe a thabhairt san uimhir iolra. Scríobhann na páistí na horduithe san uimhir iolra. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Tugann an múinteoir orduithe do na páistí ag amanna rialta i rith an lae:‘Dún an leabhar/Dúnaigí na leabhair.’ ‘Cuir an leabhar i do mhála scoile/Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile.’ ‘Seas suas/Seasaigí suas.’ ‘Pioc suas na páipéir/ Piocaigí suas na páipéir.’ ‘Déan líne/Déanaigí líne.’ ‘Rith amach/Rithigí amach.’ ‘Léim/Léimigí.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine/ar dhaoine rud éigin a dhéanamh? ‘Dún an leabhar/ Dúnaigí na leabhair.’ ‘Cuir an leabhar i do mhála scoile/Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile.’ ‘Seas suas/Seasaigí suas.’ ‘Pioc suas na páipéir/Piocaigí suas na páipéir.’ ‘Déan líne/Déanaigí líne.’ ‘Rith amach/Rithigí amach.’ ‘Léim/Léimigí.’ ‘Dún an leabhar/Dúnaigí na leabhair.’ ‘Cuir an leabhar i do mhála scoile/Cuirigí na leabhair i bhur málaí scoile.’ ‘Seas suas/Seasaigí suas.’ ‘Pioc suas na páipéir/Piocaigí suas na páipéir.’ ‘Déan líne/ Déanaigí líne.’ ‘Rith amach/Rithigí amach.’ ‘Léim/Léimigí.’

27

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 27

31/08/2018 11:00


Mé Féin Aonad 3 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Nuacht a thabhairt Cur síos a dhéanamh ar an aimsir

Eiseamláirí Teanga An Nuacht An nuacht á léamh ag Róisín. Meán Fómhair atá ann. Róisín is ainm dom. Tá mo ghruaig fionn agus fada. Tá mo shúile gorm. Tá ceathrar i mo chlann. Tá deartháir amháin agam. Ruairí is ainm dó. Níl aon deirfiúr agam.

An Aimsir An fómhar atá ann. Bhí an ghrian ag taitneamh inné. Bhí sé te agus tirim. Tá an lá fliuch inniu. Tá scamaill sa spéir. Beidh an ghaoth ag séideadh amárach. Beidh sé gaofar. Beidh sé fuar.

Caint an Ranga An bhfuil aon nuacht agat? Cén saghas lae é?

Amhrán – Míonna na Bliana Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Mí na Samhna, Mí na Nollag. Sin iad míonna na bliana. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Canann na páistí an t-amhrán Míonna na Bliana. Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén mhí atá ann?’ ‘Cad is ainm duit?’ ‘Cén dath atá ar do chuid gruaige?’’An bhfuil do chuid gruaige gearr?’ ‘Cén dath atá ar do shúile?’ ‘An mó duine atá i do chlann?’ ‘An bhfuil deartháir agat?’ ‘An bhfuil deirfiúr agat?’ ‘Cén séasúr atá ann?’ Úsáidtear an chairt aimsire. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén saghas lae atá ann inniu?’ ‘Cén saghas lae a bhí ann inné?’ ‘Cén saghas lae a bheidh ann amárach?’ Cuireann páiste an tsiombail chuí i ngach bosca (inné, inniu, amárach) chun an aimsir a léiriú. Iarrann an múinteoir ar na páistí an nuacht a léamh le chéile in éineacht le Róisín. Tasc Tuisceana: ___ atá ann. (An t-earrach, An samhradh, An fómhar, An geimhreadh) Bí ag Léamh: Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Mí na Samhna, Mí na Nollag. Bí ag Scríobh: ___ atá ann. (Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Mí na Samhna, Mí na Nollag) Litriú: Pioc/Piocaigí. Déan/Déanaigí.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘Meán Fómhair atá ann.’ ‘___ is ainm dom.’ ‘Tá do chuid gruaige ___ agus ___.’ ‘Tá mo shúile ___.’ ‘Tá ___ i mo chlann.’ ‘Tá deartháir amháin agam.’ ‘___ is ainm dó.’ ‘Tá deirfiúr amháin agam.’ ‘___ is ainm di.’ Tugann na páistí eile bualadh bos nuair a bhíonn críochnaithe ag an bpáiste. Obair Bheirte: Insíonn páiste A nuacht do pháiste B. Insíonn páiste B nuacht do pháiste A. Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus déanann an páiste cur síos ar an aimsir. Obair Bheirte: Déanann páiste A cur síos ar an aimsir. Malartaíonn na páistí róil.

28

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 28

31/08/2018 11:00


Mé Féin Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 16. Críochnaíonn na páistí na habairtí chun an nuacht a thabhairt. Scríobhann na páistí an nuacht.Tagann páistí éagsúla amach os comhair an ranga agus léann siad an nuacht atá scríofa acu. Féachann na páistí ar phátrún na bhfocal agus scríobhann siad na habairtí san uimhir iolra.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú an Mhúinteora/ Tascanna An bhfuil an páiste in ann nuacht a thabhairt? ‘Meán Fómhair atá ann,’ srl. An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh ar an aimsir? ‘Bhí an ghrian ag taitneamh inné.’ srl.

29

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 29

31/08/2018 11:00


Mé Féin Scéal – An Leon agus an Luch Scéalaí:

An fómhar a bhí ann. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí an ghaoth ag séideadh. Bhí duilleoga ar an talamh. Bhí leon ag fiach sa choill. Go tobann, chonaic an leon luch bheag.

Leon:

Tá ocras orm. Beidh lón deas agam.

Scéalaí:

Rug an leon ar an luch. Bhí an luch i bponc.

Luch:

Ná hith mé! Scaoil saor mé. Cabhróidh mé leat lá éigin.

Scéalaí:

Bhí an leon sna trithí ag gáire.

Leon:

Ní chabhróidh tú liom mar tá tú róbheag. Bhí an leon ag gáire agus ag gáire. Ar aghaidh leat mar sin. Tá tú an-ghreannmhar.

Luch:

Go raibh míle maith agat. Cabhróidh mé leat lá éigin.

Scéalaí:

An lá ina dhiaidh sin, bhí an leon ag fiach sa choill arís. Thit líon mór air. Bhí an leon i bponc. Bhéic an leon. Chuala an luch an leon. Rith an luch ar nós na gaoithe. Chonaic an luch an leon.

Luch:

Cabhróidh mé leat. Íosfaidh mé an téad.

Scéalaí:

D’ith an luch an téad. Scaoil sé an leon saor. Bhí áthas an domhain ar an leon.

Leon:

Chabhraigh tú liom. Scaoil tú saor mé. Go raibh míle maith agat.

Luch:

Ná habair é!

Scéalaí:

Bhí an leon agus an luch sona sásta.

30

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 30

31/08/2018 11:00


Mé Féin Freagair na Ceisteanna: 1 Cén séasúr a bhí ann? 2 Cá raibh an leon? 3 Cad a bhí ar siúl ag an leon? 4 Cén saghas lae a bhí ann? 5 Cad a bhí ar an talamh? 6 An raibh an ghaoth ag séideadh? 7 An bhfaca an leon luch? 8 An raibh ocras ar an leon? 9 Ar rug an leon ar an luch? 10 Ar chabhraigh an luch leis an leon? Scríobh an Scéal: An lá ina dhiaidh sin bhí an leon ___ sa choill arís. (ag fiach) Thit ___ mór air. (líon) Bhí an ___ i bponc. (leon) ___ an leon. (Bhéic) Chuala an ___ an leon. (luch) ___ an luch ar nós na gaoithe. (Rith) Foclóir: An fómhar, an ghaoth, an leon, líon, an ghrian, an choill, an luch, duilleog. Bí ag Scríobh: Rith ___ ar nós na gaoithe. (an luch, an leon, an giorria, an coinín, an sionnach, an tíogar, an béar, an t-iora rua, an ghráinneog, an broc) Bua na Cainte 3 lch. 17. Labhraíonn na páistí faoin bpictiúr. Tarraingíonn na páistí pictiúr ina gcóipleabhair chun an scéal a léiriú. Scríobhann siad na focail in aice leis na rudaí éagsúla sa phictiúr. (an choill, an ghrian, duilleoga, luch, téad, an ghaoth, leon, líon) Bua na Cainte 3 lch. 18. Scríobhann na páistí abairtí bunaithe ar eiseamláirí teanga an scéil. ‘Tá mé i bponc,’ arsa ___. (an cú, an turtar, an luch, an lón an rón) ‘Cabhraigh liom,’ arsa ___. (an eala, an capall, an cat, an moncaí, an tarbh)

31

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 31

31/08/2018 11:00


Mé Féin Measúnú don Fhoghlaim Teanga ó Bhéal 1 Dia daoibh. 2 Conas atá sibh ar maidin? 3 Cad is ainm duit? 4 Cad is ainm dó? 5 Cad is ainm di? 6 Cé hé sin? 7 Cén dath atá ar do chuid gruaige? 8 An bhfuil do chuid gruaige catach? 9 An bhfuil do chuid gruaige fada? 10 Cén dath atá ar do shúile? 11 Cén aois thú? 12 An mó duine atá i do chlann? 13 An mó deartháir atá agat? 14 An mó deirfiúr atá agat? 15 Cá bhfuil tú i do chónaí? Léitheoireacht ___ is ainm dó. (Oisín, Bran, Ruairí, Liam) ___ is ainm di. (Róisín, Niamh) Scríbhneoireacht Bhí an múinteoir agus na ___ sa seomra ranga. (páistí) Bhí siad ___. (ag léamh) Chonaic Oisín ___. (luch) Bhéic ___. (sé) Bhí eagla an domhain ___. (air) ___ sé ar an gcathaoir. (Léim) Rith an luch ___ i bpoll. (isteach) Thosaigh na páistí ___. (ag gáire)

32

BUA NA CAINTE 3 TRB pp001-32).indd 32

31/08/2018 11:49


An Fómhar An Fómhar – Aonad Teagaisc agus Foghlama Snáitheanna

Gnéithe

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Acmhainní

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 19–23) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá ___. (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair)

Cén séasúr atá ann? An fómhar atá ann. Ainmnigh míonna an fhómhair. Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair. Chuir an múinteoir crann mór ar an mbord dúlra. Amhrán – Cén Dáta Atá ann? Seo crann cnó capaill. Chuir Oisín duilleoga ar an gcrann agus ar an talamh freisin. An chéad lá, an dara lá, an tríú lá de Lúnasa, Chuir Niamh iora rua ar an gcrann. An ceathrú lá, an cúigiú lá, an séú lá de Lúnasa, Chuir Ruairí gráinneog faoin gcrann. An seachtú lá, an t-ochtú lá, an naoú lá de Lúnasa, Chuir Róisín péist in aice leis an ngráinneog. An deichiú lá de Lúnasa. (de Mheán Fómhair, de Dheireadh Chuir Oisín sciathán leathair ar an gcrann freisin. Fómhair) Chuir Niamh broc in aice leis an gcrann. Chuir Ruairí sionnach in aice leis an mbroc. Litriú Tá cnónna agam. An chéad lá, an dara lá, an tríú lá, an ceathrú lá, an cúigiú lá, Cuirfidh mé na cnónna ar an mbord dúlra. an séú lá, an seachtú lá, an t-ochú lá, an naoú lá, an deichiú lá. Tá duilleoga agam. Cuirfidh mé duilleoga ar an mbord dúlra freisin. Cuirigí na focail in aice leis na pictiúir: crann cnó capaill, duilleoga, iora rua, gráinneog, péist, sciathán leathair, broc, sionnach, cnónna. Maith sibh! Tá an bord dúlra go han-deas.

33

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 33

04/09/2018 09:13


An Fómhar An Damhán Alla An fómhar a bhí ann. Bhí damhán alla ar an mballa. Tháinig éan. D’ith an t-éan an damhán alla. Damhán alla Damhán alla Ar an mballa Ar an mballa Tháinig éan Tháinig éan Ó mo léan! Ó mo léan!

Dán – Damhán Alla

Seo iora rua. Tá an t-iora rua sa choill. Tá sé ag obair go dian. Tá sé ag bailiú cnónna. Tá sé ag cur cnónna i bpoll don gheimhreadh. Tá sé ag ithe cnónna freisin. Tá a eireaball an-mhór. Seo iora liath. Tá an t-iora liath sa choill. Tá sé ag obair go dian. Tá sé ag bailiú cnónna. Tá sé ag cur cnónna i bpoll don gheimhreadh. Tá sé ag ithe cnónna freisin. Tá a eireaball an-mhór.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Amhrán – Cén Dáta Atá ann? Dán – Damhán Alla

Spórt sa Choill

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an dán: Damhán Alla Foclóir Dráma bunaithe ar an scéal: Spórt sa Bí ag Scríobh Choill Bí ag Caint Scríobh an Scéal Scríobh na hAbairtí Dathaigh Tasc Tuisceana

Obair Bheirte Cén dáta atá ann? An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá ___. (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair)

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cén dáta atá ann? An chéad lá, an dara lá, an tríú lá, an ceathrú lá, an cúigiú lá, an séú lá, an seachtú lá, an t-ochtú lá, an naoú lá, an deichiú lá ___. (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair)

Cén séasúr atá ann? An fómhar atá ann. Ainmnigh míonna an fhómhair. Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

34

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 34

03/09/2018 16:32


An Fómhar Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol Cén Dáta Atá ann?

Drámaíocht Spórt sa Choill

Ealaín Damhan Alla

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

35

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 35

03/09/2018 16:33


An Fómhar Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá ___. (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair)

Caint an Ranga Cén lá atá ann? ___ atá ann. Cén dáta atá ann? ___ atá ann.

Amhrán – Cén Dáta Atá ann? An chéad lá, an dara lá, an tríú lá de Lúnasa, An ceathrú lá, an cúigiú lá, an séú lá de Lúnasa, An seachtú lá, an t-ochtú lá, an naoú lá de Lúnasa, An deichiú lá de Lúnasa. (de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair) Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Cuirtear laethanta na seachtaine ar taispeáint sa seomra ranga. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá atá ann inniu?’ Freagraíonn na páistí:‘___ atá ann.’ (An Mháirt, An Chéadaoin, An Déardaoin, An Aoine, An Satharn, An Domhnach) Cuirtear míonna na bliana ar taispeáint sa seomra ranga.Téitear siar ar an amhrán Míonna na Bliana. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén mhí atá ann?’ Múintear an t-amhrán Cén Dáta Atá ann?. Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén dáta atá ann?’ Spreagtar na páistí an dáta a rá le chéile:‘An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá ___.’ (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair) Tasc Tuisceana: Cén dáta atá ann? An naoú lá de Dheireadh Fómhair atá ann. An dara lá de Dheireadh Fómhair atá ann. An chéad lá de Lúnasa atá ann. An ceathrú lá de Lúnasa atá ann. An séú lá de Dheireadh Fómhair atá ann.An tríú lá de Mheán Fómhair atá ann.An seachtú lá de Lúnasa atá atá ann. An cúigiú lá de Mheán Fómhair atá ann. An deichiú lá de Mheán Fómhair atá ann. An t-ochtú lá déag de Mheán Fómhair atá ann. Úsáideann an múinteoir féilire mór. Léiríonn an múinteoir dáta do na páistí. Ceistítear na páistí:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí: ‘An chéad lá, srl. ___ atá ann.’ (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair) Litriú: An chéad lá, an dara lá, an tríú lá, an ceathrú lá.

Tréimhse Iarchumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Bíonn féilire ag an bpáiste. Léiríonn an páiste dáta do pháiste eile sa rang. Ceistíonn an páiste an páiste eile:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí:‘An dara lá, srl. ___ atá ann.’ (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Léiríonn páiste A dáta do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn páiste B:‘An tríú lá, srl. ___ atá ann.’ (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair) Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 19. Léiríonn páiste A dáta do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn páiste B:‘An ceathrú lá, srl. ___ atá ann.’ (de Lúnasa, de Mheán Fómhair, de Dheireadh Fómhair)

36

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 36

31/08/2018 11:02


An Fómhar Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 19. Léann na páistí na dátaí:‘An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá ___.’ (de Mheán Fómhair) Ceistítear na páistí: ‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí: ‘An naoú lá de Mheán Fómhair atá ann.’ Scríobhann na páistí na dátaí. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí gach lá:‘Cén lá atá ann inniu?’ ‘Cén dáta atá ann inniu?’ Cabhraíonn na páistí leis an múinteoir an dáta a scríobh ar an gclár bán gach maidin. Scríobhann na páistí an dáta ina gcóipleabhair.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén dáta atá ann?’ ‘An chéad lá de Lúnasa atá ann.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘An t-ochtú lá de Mheán Fómhair atá ann.’

37

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 37

31/08/2018 11:02


An Fómhar Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an paiste in ann: ● ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Tuairisciú Daoine a mholadh

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Cén séasúr atá ann? An fómhar atá ann. Ainmnigh míonna an fhómhair. Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair. Chuir an múinteoir crann mór ar an mbord dúlra. Seo crann cnó capaill. Chuir Oisín duilleoga ar an gcrann agus ar an talamh freisin. Chuir Niamh iora rua ar an gcrann. Chuir Ruairí gráinneog faoin gcrann. Chuir Róisín péist in aice leis an ngráinneog. Chuir Oisín sciathán leathair ar an gcrann freisin. Chuir Niamh broc in aice leis an gcrann. Chuir Ruairí sionnach in aice leis an mbroc. Tá cnónna agam. Cuirfidh mé na cnónna ar an mbord dúlra. Tá duilleoga agam. Cuirfidh mé duilleoga ar an mbord dúlra freisin. Cuirigí na focail in aice leis na pictiúir: crann cnó capaill, duilleoga, iora rua, gráinneog, péist, sciathán leathair, broc, sionnach, cnónna. Maith sibh! Tá an bord dúlra go han-deas.

Cén séasúr atá ann? An fómhar atá ann. Ainmnigh míonna an fhómhair. Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair. Cuir ___ ar an mbord dúlra. Cuirfidh mé ___ ar an mbord dúlra. Maith sibh!

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Iarrann an múinteoir ar na páistí séasúir na bliana a ainmniú – An tEarrach, An Samhradh, An Fómhar, An Geimhreadh. Ceistítear na páistí: ‘Cén séasúr atá ann anois?’ Freagraíonn na páistí:‘An fómhar atá ann.’ Téitear siar ar an amhrán Míonna na Bliana. Iarrann an múinteoir ar na páistí míonna an fhómhair a ainmniú: ‘Ainmnigh míonna an fhómhair.’ ‘Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair.’ Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí ___ a chur ar an mbord dúlra:‘Cuir ___ ar an mbord dúlra.’ (crann, srl.) Tasc Tuisceana: Cuir crann cnó capaill ar an mbord dúlra. Cuir duilleog ghlas ar an gcrann. Cuir duilleog bhuí ar an gcrann. Cuir cnónna faoin gcrann. Cuir iora rua ar an gcrann. Cuir sciathán leathair ar an gcrann freisin. Cuir broc faoin gcrann. Cuir gráinneog in aice leis an mbroc. Cuir sionnach in aice leis an gcrann. Cuir péist ar an talamh. Sula gcuireann na páistí na rudaí ar an mbord dúlra, spreagtar iad an abairt ‘Cuirfidh mé ___ ar an mbord dúlra’ srl. a rá. Foclóir: cnónna, sionnach, broc, sciathán leathair, péist, gráinneog, iora rua, crann cnó capaill, duilleoga. Bí ag Scríobh: Cuirfidh mé ___ ar an mbord dúlra. (crann cnó capaill, cnónna, sionnach, broc, duilleoga, iora rua, gráinneog, péist, sciathán leathair) Litriú: An cúigiú lá, an séú lá, an seachtú lá.

Tréimhse Chumarsáide

Cuireann an múinteoir crann cnó capaill ar an mbord dúlra sa seomra ranga. Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla rudaí difriúla a chur ar an mbord dúlra:‘Cuir crann cnó capaill ar an mbord dúlra.’ ‘Cuir ___ ar an gcrann.’ ‘Cuir ___ ar an talamh freisin.’ (duilleoga, iora rua, sciathán leathair, broc, sionnach) ‘Cuir gráinneog faoin gcrann.’ ‘Cuir péist in aice leis an ngráinneog.’

38

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 38

31/08/2018 11:02


An Fómhar Sula gcuireann na páistí na rudaí sna háiteanna difriúla spreagtar iad an abairt ‘Cuirfidh mé ___ ar an mbord dúlra’ a rá. Úsáidtear na luaschártaí. Iarrtar ar na páistí an focal cuí a chur in aice le gach pictiúr ar an mbord dúlra. Bua na Cainte 3 lch. 20. Spreagtar na páistí cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil ___?’ (an t-iora rua, an sciathán leathair, an ghráinneog, an broc, an sionnach, an phéist) Freagraíonn na páistí: ‘Tá ___ (an phéist, srl.) ___.’ (ar an gcrann, faoin gcrann, in aice leis an gcrann, ar an talamh) Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 20. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cá bhfuil ___?’ (an t-iora rua, srl.) Freagraíonn páiste B: ‘Tá ___ (an phéist, srl.) ___.’ (ar an gcrann, srl.)

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 20. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Iarrann an múinteoir ar gach páiste pictiúr den fhómhar a tharraingt ina c(h)óipleabhar féin: ‘Tarraing ___.’ (crann cnó capaill, iora rua ar an gcrann, sciathán leathair ar an gcrann, srl.) Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cad iad míonna an fhómhair?’ ‘An maith leat an fómhar?’ ‘Cá bhfuil ___?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta: Iarrann an múinteoir ar na páistí rudaí a bhaineann leis an bhfómhar a bhailiú agus iad a chur ar an mbord dúlra sa seomra ranga i gceacht san Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta. Iarrtar orthu lipéid i nGaeilge a chur ar na nithe éagsúla ar an mbord dúlra.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén séasúr atá ann?’ ‘An fómhar atá ann.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Cuirfidh mé ___ ar an mbord dúlra.’ An bhfuil an páiste in ann daoine a mholadh? ‘Maith sibh!’ ’

39

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 39

31/08/2018 11:02


An Fómhar Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga An Damhán Alla An fómhar a bhí ann. Bhí damhán alla ar an mballa. Tháinig éan. D’ith an t-éan an damhán alla.

Caint an Ranga Cén séasúr atá ann? Cé a tháinig isteach? Cad a d’ith tú? An raibh ___ ar an mbord? Bhí/Ní raibh ___ ar an mbord.

Dán – Damhán Alla Damhán alla Damhán alla Ar an mballa Ar an mballa Tháinig éan Tháinig éan Ó mo léan! Ó mo léan! Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán Damhán Alla do na páistí. Spreagtar na páistí an dán a rá. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cá raibh an damhán alla?’ ‘Cad a tháinig?’ ‘Cad a tharla?’ ‘Ar ith an t-éan an damhán alla?’ ‘Ar ith an damhán alla an t-éan?’ Iarrann an múinteoir ar ghrúpa páistí/páistí aonair an dán a rá. Bunaítear dráma ar ábhar an dáin. Bíonn páiste amháin mar dhamhán alla agus páiste eile mar éan. Deir na páistí eile an dán. Éisteann na páistí leis an scéal:‘An fómhar a bhí ann.’ ‘Bhí damhán alla ar an mballa.’ ‘Tháinig éan.’ ‘D’ith an t-éan an damhán alla.’ Ceistítear na páistí:‘Cá raibh an damhán alla?’ ‘Cad a tháinig?’ ‘Cad a tharla?’ ‘Ar ith an t-éan an damhán alla?’ Spreagtar na páistí an scéal a insint i gcomhar leis an scéalaí. Úsáidtear na pictiúir.Tagann ceathrar páistí amach os comhair an ranga.Tugtar pictiúr an duine dóibh. Insíonn na páistí go léir/ grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an scéal. Scríobh an Scéal: An fómhar a bhí ann. Bhí damhán alla ar an mballa.Tháinig éan. D’ith an t-éan an damhán alla. Scríobh na hAbairtí: An raibh ___ ar an mballa? Bhí ___ ar an mballa. Ní raibh ___ ar an mballa. (damhán alla, éan, sionnach, broc, iora rua, gráinneog, péist, sciathán leathair) Bí ag Caint: An raibh ___ ar an mballa? Bhí ___ ar an mballa. Ní raibh ___ ar an mballa. (damhán alla, éan, sionnach, broc, iora rua, gráinneog, péist, sciathán leathair, péist) Litriú: An t-ochtú, an naoú lá, an deichiú lá.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáideann an múinteoir ceithre phictiúr chun an scéal a mhealladh ó na páistí: ‘An fómhar a bhí ann.’ ‘Bhí damhán alla ar an mballa.’ ‘Tháinig éan.’ ‘D’ith an t-éan an damhán alla.’ Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus an scéal a insint. Obair Bheirte: Cuirtear na pictiúir den scéal ar an gclár bán. Insíonn páiste A an scéal do pháiste B. Insíonn páiste B an scéal do pháiste A:‘An fómhar a bhí ann.’ ‘Bhí damhán alla ar an mballa.’ ‘Tháinig éan.’ ‘D’ith an t-éan an damhán alla.’

40

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 40

31/08/2018 11:02


An Fómhar Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 21. Léann na páistí an scéal. Spreagtar na páistí an scéal a scríobh: ‘An fómhar a bhí ann.’ ‘Bhí damhán alla ar an mballa.’ ‘Tháinig éan.’ ‘D’ith an t-éan an damhán alla.’ Cuirtear na scéalta ar taispeáint sa seomra ranga. Freagraíonn na páistí na ceisteanna: ‘An raibh ___ ar an mballa?’ ‘Bhí/Ní raibh ___ ar an mballa.’ (damhán alla, éan, sionnach, broc, iora rua, gráinneog, péist, sciathán leathair) Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a tháinig isteach sa seomra?’ ‘Cad a d’ith tú?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Drámaíocht: Déanann na páistí dráma bunaithe ar ábhar an scéil.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann an scéal a insint? ‘An fómhar a bhí ann.’ ‘Bhí damhán alla ar an mballa.’ ‘Tháinig éan.’ ‘D’ith an t-éan an damhán alla.’

41

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 41

31/08/2018 11:02


An Fómhar Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Tuairiscíú

Eiseamláirí Teanga Seo iora rua. Tá an t-iora rua sa choill. Tá sé ag obair go dian. Tá sé ag bailiú cnónna. Tá sé ag cur cnónna i bpoll don gheimhreadh. Tá sé ag ithe cnónna freisin. Tá a eireaball an-mhór.

Caint an Ranga An bhfuil tú ag obair go dian? Tá/Níl mé ag obair go dian. An bhfuil tú ag ithe? Tá/Níl mé ag ithe.

Seo iora liath. Tá an t-iora liath sa choill. Tá sé ag obair go dian. Tá sé ag bailiú cnónna. Tá sé ag cur cnónna i bpoll don gheimhreadh. Tá sé ag ithe cnónna freisin. Tá a eireaball an-mhór. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistítear na páistí:‘Cad é seo?’ ‘Cá bhfuil an t-iora rua?’ ‘Cad atá ar siúl aige?’ ‘An bhfuil a eireaball beag?’ Tasc Tuisceana: Seo ___. (iora rua, gráinneog, iora liath) Tá an t-iora ___ sa choill. (rua, liath) Tá an t-iora ___ ag bailiú cnónna. (rua, liath) Tá an t-iora ___ ag obair go dian. (rua, liath) Tá an t-iora ___ ina chodladh. (rua, liath) Tá an t-iora ___ ag cur cnónna i bpoll don gheimhreadh. (rua, liath) Tá an t-iora ___ ar an gcrann. (rua, liath) Tá an t-iora ___ ag ithe cnónna. (rua, liath) Dathaigh: Seo iora liath. Dathaigh a eireaball liath. Dathaigh an féar glas. Dathaigh na duilleoga buí. Dathaigh na cnónna donn. Dathaigh a fhiacla bán. Dathaigh a shúile gorm. Dathaigh an poll dubh. Scríobh an Scéal: Seo iora ___. (rua) Tá an t-iora rua ___ choill. (sa) Tá an t-iora rua ag obair go ___. (dian) Tá sé ag bailiú ___. (cnónna) Tá sé ag cur ___ i bpoll don gheimhreadh. (cnónna) Tá sé ___ cnónna freisin. (ag ithe) Tá a ___ an-mhór. (eireaball) Seo iora ___. (liath) Tá ___ liath sa choill. (an t-iora) Tá an t-iora liath ag ___ go dian. (obair) Tá sé ag bailiú ___. (cnónna) Tá sé ag cur ___ i bpoll don gheimhreadh. (cnónna) Tá sé ag ithe ___ freisin. (cnónna) Tá a ___ an-mhór freisin. (eireaball)

Tréimhse Chumarsáide

Taispeántar pictiúir den iora rua do na páistí: ‘Seo é an t-iora rua.’ ‘Tá an t-iora rua sa choill.’ ‘Tá an t-iora rua ag bailiú cnónna.’ ‘Tá an t-iora rua ag cur cnónna i bpoll don gheimhreadh.’ ‘Tá an t-iora rua ag ithe cnónna.’ ‘Tá a eireaball an-mhór.’ Tuairiscíonn na páistí faoi na pictiúir. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga.Tuairiscíonn an páiste faoin iora rua. Obair Bheirte: Cuirtear na pictiúir ar an gclár bán. Ar dtús tuairiscíonn páiste A faoin iora rua. Ansin tuairiscíonn páiste B faoin iora rua.

42

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 42

31/08/2018 11:02


An Fómhar Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 22. Léann na páistí na habairtí faoin iora rua agus faoin iora liath. Spreagtar na páistí abairtí a scríobh faoin iora liath. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: I rith an lae deir an múinteoir:‘Seo ___.’ (leabhar, bioróir, scriosán, srl.) Nuair a bhíonn na páistí ag obair go neamhspleách sa rang deir an múinteoir:‘Maith sibh!’ ‘Tá sibh ag obair go dian.’ Nuair a bhíonn na páistí ag ithe ag am sosa/lóin deir an múinteoir:‘Tá ___ (ainm an pháiste) ag ithe ___.’ (ceapaire, úill, oráiste, srl.) Nuair a bhíonn páiste ag bailiú na leabhar, na gcóipleabhar deir an múinteoir:‘Tá ___ (ainm an pháiste) ag bailiú ___.’ (na leabhar, na gcóipleabhar) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tá an t-iora rua sa choill.’ srl.

43

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 43

31/08/2018 11:02


An Fómhar Scéal – Spórt sa Choill Scéalaí:

Tráthnóna amháin, bhí Úna agus Pól ag dul abhaile ón scoil. Meán Fómhair a bhí ann. Bhí an tráthnóna fuar agus tirim. Bhí duilleoga ar an talamh. Chonaic na páistí cnónna ar an talamh.

Úna:

Baileoimid cnónna don bhord dúlra ar scoil.

Scéalaí:

Thosaigh na páistí ag bailiú cnónna. Chuir Úna na cnónna ina póca. Chuir Pól na cnónna ina mhála scoile. Bhí na páistí ag obair go dian. Go tobann, bhuail cnó Pól.

Pól:

Ar chaith tú cnó liom?

Úna:

Níor chaith mé cnó leat.

Scéalaí:

Thosaigh na páistí ag bailiú cnónna arís. Go tobann, bhuail cnó Úna.

Úna:

Ar chaith tú cnó liom?

Pól:

Níor chaith mé cnó leat.

Scéalaí:

D’fhéach na páistí in airde. Chonaic siad iora rua beag in airde ar chrann. Bhí sé ag caitheamh cnónna leis na páistí. Bhí sé sna trithí ag gáire. Thosaigh na páistí ag gáire freisin. Rith na páistí abhaile ar nós na gaoithe.

44

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 44

31/08/2018 11:02


An Fómhar Freagair na Ceisteanna: 1 Cá raibh Úna agus Pól ag dul? Bhí Úna agus Pól ag dul ___. (ar scoil, ag dul abhaile ón scoil, go dtí an siopa) 2 Cén mhí a bhí ann? ___ a bhí ann. (Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair) 3 Cén saghas tráthnóna a bhí ann? Bhí an tráthnóna ___. (fliuch, fuar agus tirim, te) 4 Cad a chonaic na páistí ar an talamh? Chonaic na páistí ___ ar an talamh. (úlla, cnónna, péist) 5 An bhfaca na páistí cnónna ar an talamh? ___ na páistí cnónna ar an talamh. (Chonaic, Ní fhaca) 6 Ar chuir ___ na cnónna ina m(h)ála scoile? (Úna, Pól) ___ (Chuir, Níor chuir) ___ na cnónna ina m(h)ála scoile. (Pól, Úna) 7 Ar chaith ___ cnó le Pól? (Úna, an t-iora rua) ___ (Chaith, Níor chaith) ___ cnó le Pól. (Úna, an t-iora rua) Foclóir: (crann cnó capaill, duilleoga, iora rua, gráinneog, péist, sionnach, broc, sciathán leathair) Bí ag Scríobh: Chonaic mé ___ in airde ar chrann. (éan, cat, nead, iora rua, iora liath, duilleoga, ceann cait, sciathán leathair) Bua na Cainte 3 lch. 23. Scríobhann na páistí abairtí bunaithe ar eiseamláirí teanga an scéil. Rith ___ ar nós na gaoithe. (an damhán alla, an t-éan, an ghráinnneog, an leon, an t-iora rua, an sionnach, an luch, an cú, an gabhar, an tarbh)

45

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 45

31/08/2018 11:02


An Fómhar Measúnú don Fhoghlaim Teanga ó Bhéal Cén lá atá ann inniu? An Aoine atá ann. Cén dáta atá ann? An ceathrú lá de Dheireadh Fómhair atá ann. Cén séasúr atá ann? An fómhar atá ann. Ainmnigh míonna an fhómhair. Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair. Cad é sin? Sin ___. (iora rua, gráinneog, broc, damhán alla, éan, sionnach) Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Damhán Alla An ___ a bhí ann. (fómhar) Bhí ___ ar an mballa. (damhán alla) Tháinig ___. (éan) D’ith an t-éan an ___. (damhán alla)

46

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 46

31/08/2018 11:52


An Scoil An Scoil – Aonad Teagaisc agus Foghlama 1 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 24–28) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga A Ruairí, an bhfuil rialóir agat? Níl rialóir agam. An bhfuil rialóir aige? Níl rialóir aige. An bhfuil rialóir aici? Tá rialóir aici. Rialóir, más é do thoil é. Seo duit. Go raibh maith agat. Ná habair é.

Dúnaigí bhur súile. Osclaígí bhur súile. Cad é? An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. (scriosán, peann luaidhe, cás peann luaidhe, peann dearg, bioróir, cóipleabhar, gliú, siosúr) Litriú: An peann é? Is peann é.An rialóir é? Ní rialóir é.

Litriú: Tá peann agam.Tá mála scoile agat. Tá rialóir aige.Tá bioróir aici. Déanaigí líne. Ná caith an liathróid. Ná scríobh ar an mballa. Ná cuir an peann sa bhosca bruscair. Cuir an peann ar an tseilf. Ná tóg an bosca lóin amach sa chlós. Cuir an bosca lóin ar an mbord. Ná déan é sin. Tá brón orm. Ceart go leor. An bhfuil gach duine réidh? Táimid réidh. Ar aghaidh libh.

Cá bhfuil ___? (mo mhála scoile, mo chás peann luaidhe, mo rialóir, mo bhioróir) Níl a fhios agam. An bhfaca tú mo ___? Chonaic/Ní fhaca mé ___. (do mhála scoile, do chás peann luaidhe, do rialóir, do bhioróir, do scriosán) Tá ___ (do chás peann luaidhe, srl.) ___. (in aice leis an doras, i do mhála scoile, ar an talamh, ag Niamh) Tá ___ i mo mhála scoile. (mo mharcóirí, mo scriosán) Ar fheabhas! Tá an pictiúr go hálainn. Maith sibh!

Litriú: Ná caith. Ná tóg. Ná cuir.

Litriú: An bhfaca? Chonaic. Ní fhaca. 47

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 47

31/08/2018 11:02


An Scoil Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Dán – Mo Mhála Scoile

Scéalta Na Trí Ghabhar

Drámaíocht Dráma bunaithe ar an dán: Mo Mhála Scoile. Dráma bunaithe ar an scéal: Na Trí Ghabhar

Cluichí Cluiche Kim Líon na Bearnaí Suimeanna Focal Foclóir Tasc Tuisceana Bí ag Scríobh Cuir Ceist Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra Bí ag Caint

Obair Bheirte An bhfuil ___ agat? Tá/Níl ___ agam. An ___ é? Is/Ní ___ é. An bhfaca tú ___? Chonaic/Ní fhaca mé ___.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge An bhfuil ___ agat? Tá/Níl ___ agam. An bhfuil ___ aige? Tá/Níl ___ aige. An bhfuil ___ aici? Tá/Níl ___ aici. An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é.

Dúnaigí/Osclaígí ___. (bhur leabhair, bhur gcóipleabhair, bhur málaí, bhur súile, an doras, srl.) Déanaigí líne. Ná caith an liathróid. Ná cuir an peann sa bhosca bruscair. Ná scríobh ar an mballa. Ná tóg an bosca lóin.

Ná déan é sin. Cuir an leabhar i do mhála. Cuir an leabhar ar an mbord. An bhfuil gach duine réidh? Táimid réidh. Ar aghaidh libh. Cuir ___ sa mhála scoile. Seas/Seasaigí sa líne.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Comhtháthú le hÁbhair Drámaíocht Na Trí Ghabhar

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

48

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 48

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 1 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ● ●

Glaoch ar dhuine Ceist a chur Ceist a fhreagairt Rud éigin a lorg ó dhuine Teachtaireacht a thabhairt Buíochas a léiriú

Eiseamláirí Teanga A Ruairí, an bhfuil rialóir agat? Níl rialóir agam. An bhfuil rialóir aige? Níl rialóir aige. An bhfuil rialóir aici? Tá rialóir aici. Rialóir, más é do thoil é. Seo duit. Go raibh maith agat. Ná habair é.

Caint an Ranga An bhfuil ___ agat? Tá/Níl ___ agam. An bhfuil ___ aige? Tá/Níl ___ aige. An bhfuil ___ aici? Tá/Níl ___ aici.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Úsáidtear ábhair nithiúla. (rialóir, scriosán, bioróir, leabhar, cóipleabhar, peann luaidhe, peann dearg, cás peann luaidhe) Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Roghnaíonn an páiste rud amháin. Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘An bhfuil ___ agat?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá/Níl ___ agam.’ Iarrann an múinteoir ar bhuachaill teacht amach os comhair an ranga. Roghnaíonn an buachaill rud amháin. Ceistíonn an múinteoir páiste eile:‘An bhfuil ___ aige?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá/Níl ___ aige.’ Iarrann an múinteoir ar chailín teacht amach os comhair an ranga. Roghnaíonn an cailín rud amháin. Ceistíonn an múinteoir páiste eile:‘An bhfuil ___ aici?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá/Níl ___ aici.’ Tugann an múinteoir rialóir do pháiste. Iarrann an múinteoir ar an bpáiste an rialóir a thabhairt dó/di:‘Rialóir, más é do thoil é.’ Tugann an páiste an rialóir don mhúinteoir:‘Seo duit.’ Freagraíonn an múinteoir:‘Go raibh maith agat.’ Freagraíonn an páiste:‘Ná habair é.’ Cluiche Kim: rialóir, scriosán, peann luaidhe, peann dearg, bioróir, leabhar, cóipleabhar, cás peann luaidhe, siosúr, gliú. Líon na Bearnaí: Tá ___ agam/agat/aige/aici. (mála scoile, peann, rialóir, bioróir, siosúr, gliú) Litriú: Tá peann agam.Tá mála scoile agat.Tá rialóir aige.Tá bioróir aici.

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Roghnaíonn an páiste rud amháin i ngan fhios don mhúinteoir. (scriosán, srl.) Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘An bhfuil ___ agat?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá/Níl ___ agam.’ Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Roghnaíonn páiste A rud amháin. Ceistíonn páiste B páiste A:‘An bhfuil ___ agat?’ Freagraíonn páiste A:‘Tá/Níl ___ agam.’ Obair Bheirte: Úsáidtear ábhair nithiúla. (scriosán, bioróir, srl.) Roghnaíonn páiste A rud amháin. Ceistíonn páiste B páiste A:‘An bhfuil ___ agat?’ Freagraíonn páiste A: ‘Tá/Níl ___ agam.’ Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 24. Deir na páistí na habairtí agus úsáideann siad an réamhfhocal ceart i ngach abairt. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Mura bhfuil ___ (peann, srl.) ag páiste A deir an páiste:‘An bhfuil ___ agat?’’ Freagraíonn páiste B:‘Tá/Níl ___ agam.’ Nuair a thugann páiste A ___ (peann, srl.) do pháiste B deir páiste B: ‘Go raibh maith agat.’ Freagraíonn páiste A:‘Ná habair é.’

49

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 49

31/08/2018 11:02


An Scoil Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann aird a lorg? ‘A Ruairí, an bhfuil rialóir agat?’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An bhfuil ___ agat?’ ‘Tá ___ agam.’ An bhfuil an páiste in ann rud a lorg ó dhuine? ‘An bhfuil rialóir agat?’ An bhfuil an páiste in ann teachtaireacht a thabhairt? ‘Tá ___ agam/agat/aige/aici.’ An bhfuil an páiste in ann buíochas a léiriú? ‘Go raibh maith agat.’

50

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 50

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 1 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ● ● ● ●

Iarraidh ar dhaoine rud éigin a dhéanamh Ceist a chur Ceist a fhreagairt Stór focal a shealbhú agus a úsáid Aontú le ráiteas Easaontú le ráiteas

Eiseamláirí Teanga Dúnaigí bhur súile. Osclaígí bhur súile. Cad é? An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. (scriosán, peann luaidhe, cás peann luaidhe, peann dearg, bioróir, cóipleabhar, gliú, siosúr)

Caint an Ranga An ___ é? Is/Ní ___ é. (rialóir, scriosán, srl.)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Úsáidtear ábhair nithiúla. (cás peann luaidhe, leabhar, srl.) Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus rud amháin a roghnú. Ní thaispeántar an rud a roghnaítear don mhúinteoir ná do na páistí eile. Ceistíonn an múinteoir an páiste chun a fháil amach cén rud atá roghnaithe aige/aici: ‘An ___ é?’ Freagraíonn an páiste: ‘Ní/Is ___ é.’ Nuair a fhaigheann an múinteoir amach cad atá roghnaithe ag an bpáiste taispeánann an páiste an rud don mhúinteoir. Roghnaíonn an múinteoir rud amháin. Ní thaispeánann an múinteoir an rud do na páistí. Ceistíonn na páistí an múinteoir chun a fháil amach cad atá roghnaithe ag an múinteoir: ‘An ___ é?’ Freagraíonn an múinteoir:‘Ní/Is ___ é.’ Nuair a fhaigheann páiste amach cad atá roghnaithe ag an múinteoir taispeánann an múinteoir an rud don pháiste.Tagann an páiste sin amach os comhair an ranga agus leanann an cluiche ar aghaidh. Tasc Tuisceana: An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. (rialóir, scriosán, peann luaidhe, peann dearg, bioróir, leabhar, cóipleabhar, cás peann luaidhe, siosúr, gliú) Bí ag Scríobh: Is ___ é. (rialóir, scriosán, peann luaidhe, peann dearg, bioróir, leabhar, cóipleabhar, cás peann luaidhe, siosúr, gliú) Cuir Ceist: An ___ é? Is/Ní ___ é. (rialóir, scriosán, peann luaidhe, peann dearg, bioróir, leabhar, cóipleabhar, cás peann luaidhe, siosúr, gliú) Litriú: An peann é? Is peann é. An rialóir é? Ní rialóir é.

Tréimhse Chumarsáide

Obair Bheirte: Úsáidtear ábhair nithiúla. (peann luaidhe, cás peann luaidhe, srl.) Roghnaíonn páiste A rud amháin i ngan fhios do pháiste B. Ceistíonn páiste B páiste A chun a fháil amach cad atá roghnaithe ag páiste A: ‘An ___ é?’ Freagraíonn páiste B: ‘Ní/Is ___ é.’ Nuair a fhaigheann páiste B amach cad atá roghnaithe ag páiste A roghnaíonn páiste B rud éigin agus leanann an cluiche ar aghaidh mar sin.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 25. Ceistíonn páiste A páiste B:‘An ___ é?’ Freagraíonn páiste B:‘Is/Ní ___ é.’ Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí i rith an lae ar scoil:‘An ___ é?’ (peann, leabhar, bioróir, srl.) Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt: ‘Is/Ní ___ é.’ (peann, leabhar, bioróir, srl.) I rith an lae deir an múinteoir:‘Dúnaigí/Osclaígí ___.’ (bhur gcóipleabhair, bhur málaí, srl.) Nuair a fhaightear scór i gcluiche peile/iománaíochta i gceacht Corpoideachais ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An ___ é?’ (cúl, cúilín, scór) Spreagtar na páistí ‘Is/Ní ___ é’ a rá. (cúl, cúilín, scór)

51

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 51

31/08/2018 11:02


An Scoil Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhaoine rud éigin a dhéanamh? ‘Dúnaigí bhur súile.’ ‘Osclaígí bhur súile.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An ___ é?’ ‘Is ea.’ ‘Is ___ é.’ ‘Ní hea.’ ‘Ní ___ é.’ An bhfuil an páiste in ann aontú le ráiteas? ‘Is ea.’ ‘Is ___ é.’ An bhfuil an páiste in ann easaontú le ráiteas? ‘Ní hea.’ ‘Ní ___ é.’ An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (rialóir, scriosán, peann luaidhe, peann dearg, bioróir, leabhar, cóipleabhar, cás peann luaidhe, siosúr, gliú)

52

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 52

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 1 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ● ● ●

Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Foláireamh a thabhairt Leithscéal a dhéanamh Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Déanaigí líne. Ná caith an liathróid. Ná scríobh ar an mballa. Ná cuir an peann sa bhosca bruscair. Cuir an peann ar an tseilf. Ná tóg an bosca lóin amach sa chlós. Cuir an bosca lóin ar an mbord. Ná déan é sin. Tá brón orm. Ceart go leor. An bhfuil gach duine réidh? Táimid réidh. Ar aghaidh libh.

Caint an Ranga Déanaigí líne. Ná caith an liathróid. Ná cuir an peann sa bhosca bruscair. Ná scríobh ar an mballa. Ná tóg an bosca lóin. Ná déan é sin. Cuir an leabhar i do mhála. Cuir an leabhar ar an mbord. An bhfuil gach duine réidh? Ar aghaidh libh.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an gcomhrá. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga.Tugann an múinteoir treoracha don pháiste:‘Caith an liathróid.’ Caitheann an páiste an liathróid. Nuair a thugann an múinteoir ordú diúltach ‘Ná caith an liathróid’ ní chaitheann an páiste an liathróid. Ligeann an múinteoir air/uirthi go bhfuil sé/sí ag scríobh ar an mballa agus tugann sé/sí an t-ordú diúltach don pháiste ‘Ná scríobh ar an mballa’ ní scríobhann an páiste ar an mballa. Deir an múinteoir:‘Cuir an peann sa bhosca bruscair.’ Cuireann an páiste an peann sa bhosca bruscair. Nuair a thugann an múinteoir an t-ordú diúltach ‘Ná cuir an peann sa bhosca bruscair’ ní chuireann an páiste an peann sa bhosca bruscair. Deir an múinteoir:‘Cuir an peann ar an tseilf.’ Cuireann an páiste an peann ar an tseilf. Deir an múinteoir:‘Tóg an bosca lóin amach sa chlós.’ Tógann an páiste an bosca lóin amach sa chlós. Nuair a tugann an múinteoir an t-ordú diúltach ‘Ná tóg an bosca lóin amach sa chlós’ ní thógann an páiste an bosca lóin amach sa chlós. Deir an múinteoir:‘Cuir an bosca lóin ar an tseilf.’ Cuireann an páiste an bosca lóin ar an tseilf. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga agus brúnn páiste A páiste B. Deir an múinteoir:‘Ná déan é sin.’ Deir páiste A:‘Tá brón orm.’ Deir páiste B:‘Ceart go leor.’ Ceistíonn an múinteoir an rang:‘An bhfuil gach duine réidh?’ Deir an rang:‘Táimid réidh.’ Deir an múinteoir:‘Ar aghaidh libh.’ Siúlann na páistí amach sa chlós. Tasc Tuisceana: Caith/Ná caith an liathróid. Cuir/Ná cuir an bruscar sa bhosca bruscair. Scríobh/Ná scríobh ar an mbord. Tóg/Ná tóg do bhosca lóin amach as do mhála scoile.Tóg/Ná tóg do chás peann luaidhe amach as do mhála scoile. Déan/Ná déan é sin. Scríobh na hAbairtí: Caith/Ná caith an liathróid. Cuir/Ná cuir ___ sa bhosca bruscair. (an bruscar, an ceapaire) Scríobh ar an gclár bán.Tóg/Ná tóg ___ amach as do mhála scoile. (do leabhar Gaeilge, an liathróid) Ná scríobh ar an mballa. Ná déan é sin. Spraoi le Briathra: Caith/Ná caith. Cuir/Ná cuir.Tóg/Ná tóg. Scríobh/Ná scríobh. Déan/Ná déan. Litriú: Ná caith. Ná tóg. Ná cuir.

53

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 53

31/08/2018 11:02


An Scoil Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 26. Meallann an múinteoir na horduithe diúltachta ó na páistí. Obair Bheirte: Tugann páiste A ordú dearfach agus tugann páiste B ordú diúltach. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 26. Leánn na páistí na horduithe dearfacha agus scríobhann na páistí na horduithe diúltacha. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Iarrann an múinteoir ar pháiste gan rudaí a dhéanamh i rith an lae:‘Ná déan é sin.’ ‘Ná bí ag caint.’ srl. Iarrann an múinteoir ar pháistí líne a dhéanamh ag amanna difriúla i rith an lae:‘Déanaigí líne.’ Nuair a dhéanann páiste A rud éigin as an tslí do pháiste B spreagtar páiste A ‘Tá brón orm’ a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh? ‘Cuir an bosca lóin ar an tseilf.’ An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine gan rud éigin a dhéanamh? ‘Ná caith an liathróid.’ ‘Ná scríobh ar an mballa.’ An bhfuil an páiste in ann foláireamh a thabhairt? ‘Ná caith an liathróid.’ ‘Ná scríobh ar an mballa.’ ‘Ná cuir an peann sa bhosca bruscair.’ ‘Ná tóg an bosca lóin amach sa chlós?’ ‘Ná déan é sin.’ An bhfuil an páiste in ann leithscéal a ghabháil? ‘Tá brón orm.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An bhfuil sibh réidh?’ ‘Táimid réidh.’

54

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 54

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 1 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Taitneamh a léiriú Daoine a mholadh

Eiseamláirí Teanga Cá bhfuil ___? (mo mhála scoile, mo chás peann luaidhe, mo rialóir, mo bhioróir) Níl a fhios agam. An bhfaca tú mo ___? Chonaic/Ní fhaca mé ___. (do mhála scoile, do chás peann luaidhe, do rialóir, do bhioróir, do scriosán) Tá ___ (do mhála scoile, srl.) ___. (in aice leis an doras, i do mhála scoile, ar an talamh, ag Niamh) Tá ___ i mo mhála scoile. (mo mharcóirí, mo scriosán) Ar fheabhas! Tá an pictiúr go hálainn. Maith sibh!

Caint an Ranga Cá bhfuil ___? (an mála scoile, an cás peann luaidhe, an rialóir) An bhfaca tú ___? Chonaic/Ní fhaca mé ___. (an scriosán, an bioróir, an cóipleabhar)

Dán – Mo Mhála Scoile Cá bhfuil mo mhála scoile? An bhfaca tusa é? An bhfuil a fhios agat, a Dhaidí Cár imigh sé ar strae?

Níl sé sa chistin, Ná istigh sa seomra suí. Níor thug mé suas an staighre é, Nuair a chuaigh mé féin a luí.

Feicim do mhála scoile is, Níor imigh sé ar strae. Thiar ar do dhroim atá sé, Is tú féin a chuir ann é!

Cinnte bhí sé agam, Ar mo theacht ón scoil inné. Mar rinne mé mo cheachtanna, Díreach tar éis an tae. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an dán Mo Mhála Scoile. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil do mhála scoile?’ ‘An bhfaca tú an mála scoile?’ ‘An bhfuil an mála scoile sa chistin?’ ‘An bhfuil an mála scoile sa seomra suí?’ ‘An bhfuil an mála scoile thuas staighre?’ ‘An bhfeiceann tú an mála scoile?’ ‘Cá bhfuil sé?’ Iarrann an múinteoir ar na páistí an dán a rá le chéile. Roinneann an múinteoir an rang in dhá ghrúpa. Deir leath an ranga línte an pháiste agus deir an leath eile línte Dhaidí. Múintear an comhrá. Cuireann an múinteoir na rudaí i bhfolach ag barr an ranga. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil ___?’ (mo mhála scoile, mo chás peann luaidhe, mo rialóir, mo bhioróir, mo scriosán) Úsáideann an múinteoir geaitsí chun ‘Níl a fhios agam’ a mhíniú. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfaca tú ___?’ (mo mhála scoile, mo chás peann luaidhe, mo rialóir, mo bhioróir, mo scriosán) Freagraíonn na páistí:‘Chonaic/Ní fhaca mé ___.’ (do mhála scoile, srl.) Tasc Tuisceana: An bhfaca tú ___? (mo mhála scoile, mo scriosán, mo bhioróir, mo chóipleabhar, mo ghliú, mo rialóir, mo chriáin, mo mharcóirí) Chonaic mé ___. Ní fhaca mé ___. (do mhála scoile, do scriosán, do bhioróir, do chóipleabhar, do ghliú, do rialóir, do chriáin, do mharcóirí) Scríobh na hAbairtí: An bhfaca tú ___? (mo chás peann luaidhe, mo chóta, mo scriosán, mo rialóir, mo chathaoir, mo chóipleabhar, mo bhord, mo mhála scoile, mo bhioróir) Chonaic/Ní fhaca mé ___. (do chás peann luaidhe, do chóta, do scriosán, do rialóir, do chathaoir, do chóipleabhar, do bhord, do mhála scoile, do bhioróir) Bí ag Caint: An bhfaca tú ___? (mo mhála scoile, mo chóipleabhar, mo chás peann luaidhe, mo rialóir, mo bhioróir, mo chathaoir, mo pheann dearg, an páipéar, mo bhord) Chonaic/Ní fhaca mé ___. (do mhála scoile, do chóipleabhar, do chás peann luaidhe, do rialóir, do bhioróir, do chathaoir, do pheann dearg, an páipéar, do bhord) Litriú: An bhfaca? Chonaic. Ní fhaca. 55

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 55

31/08/2018 11:02


An Scoil Tréimhse Chumarsáide

Bunaítear dráma ar scéal an dáin. Ligeann páiste air/uirthi go bhfuil a m(h)ála scoile caillte aige/aici. Glacann páiste eile ról Dhaidí. Obair Bheirte: Cuirtear dráma beag ar siúl idir gach beirt pháistí. Ligeann páiste A air/ uirthi go bhfuil a m(h)ála scoile caillte aige/aici. Glacann páiste B ról Dhaidí.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 27. Ceistíonn páiste A páiste B:‘An bhfaca tú ___?’ Freagraíonn páiste B:‘Chonaic/Ní fhaca mé ___.’ Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 28. Léann na páistí an dán le chéile. Scríobhann siad an dán ina gcóipleabhair agus tarraingíonn na páistí pictiúr chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí ag amanna difriúla i rith an lae:‘Cá bhfuil ___?’ (mo leabhar, mo pheann, srl.) Freagraíonn na páistí: ‘Tá ___ (do leabhar, srl.) ___.’ (ar an mbord, srl.) ‘An bhfaca tú?’ (mo leabhar, mo pheann, srl.) ‘Chonaic/Ní fhaca mé ___.’ (do leabhar, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (mála scoile, scriosán, bioróir, cóipleabhar, gliú, rialóir, criáin, marcóirí) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cá bhfuil ___?’ (mo leabhar, mo pheann, srl.) ‘Tá ___ (do leabhar, srl.) ___.’ (ar an mbord, srl.) An bhfuil an páiste in ann taitneamh a léiriú? ‘Tá an pictiúr go hálainn.’ An bhfuil an páiste in ann daoine a mholadh? ‘Maith sibh!’ An bhfuil an páiste in ann an dán a rá?

56

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 56

31/08/2018 11:02


An Scoil An Scoil – Aonad Teagaisc agus Foghlama 2 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 29–32) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga An bhfuil tú réidh? Níl mé réidh. Brostaigh ort. Tá mé réidh, a mhúinteoir. Go maith. Bailigh ___, le do thoil. (na siosúir, na marcóirí, na criáin) Ceart go leor. Tá mé réidh anois, a mhúinteoir. Bailigh na pictiúir le do thoil. Maith sibh! Tá na pictiúir go hálainn. Litriú: Tá Oisín ag léamh.Tá Niamh ag scríobh. Tá Róisín ag ithe.Tá Ruairí ag léim.

Cad atá sa seomra ranga? Tá ___ sa seomra ranga. (léarscáil, bord dúlra, leabharlann, seilfeanna, cófra, ríomhaire glúine, printéir, doirteal, bosca bruscair, clár bán, clog) Litriú: Tá leabhar sa seomra ranga.Tá cóipleabhar sa seomra ranga.Tá leabharlann sa seomra ranga. Tóg amach do hata as do mhála scoile. Thóg Niamh a hata as a mála scoile inné. Cuir ort do hata. Chuir Niamh a hata uirthi inné. Dún do mhála scoile. Dhún Niamh a mála scoile inné.

57

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 57

31/08/2018 11:02


An Scoil Déan cur síos ar an seomra ranga. Tá doirteal sa seomra ranga. Tá cófra faoin doirteal. Tá cófra in aice leis an doirteal freisin. Tá ríomhaire glúine ar an gcófra. Tá printéir agus luch in aice leis an ríomhaire. Tá clár bán sa seomra ranga freisin. Tá leabharlann in aice leis an gclár bán. Tá leabhair sa leabharlann. Tá bord dúlra in aice leis an leabharlann. Tá clog ar an mballa. Tá pictiúir ar an mballa freisin. Tá seilfeanna in aice leis an doras. Tá gliú, siosúir, marcóirí agus criáin ar na seilfeanna. Tá fuinneog in aice leis na seilfeanna. Tá léarscáil ar an mballa. Tá bosca bruscair sa chúinne. Maith thú!

Seas sa líne. Sheas Niamh sa líne inné. Ar aghaidh libh. Slán abhaile. Slán leat agus go raibh maith agat. Litriú: Tóg/Thóg. Cuir/Chuir. Dún/Dhún

Litriú: Tá an luch in aice leis an ríomhaire. Tá an printéir in aice leis an ríomhaire freisin.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Amhrán – Na hAinmhithe

Scéalta Na Trí Ghabhar

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an dán: Na hAinmhithe Dráma bunaithe ar an scéal: Na Trí Ghabhar

Tasc Tuisceana Feicim le Mo Shúilín Foclóir Bí ag Léamh Bí ag Scríobh Aimsigh an Focal Scríobh an Scéal Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra

Obair Bheirte An bhfuil tú réidh? Tá/Níl mé réidh. Cad atá sa seomra ranga? Tá ___ sa seomra ranga. Cá bhfuil an leabhar?

Tá an leabhar sa ___. Tá an leabhar in aice leis an ___. Tá an leabhar ar an ___. Tá an leabhar faoin ___.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge An bhfuil tú réidh? Tá/Níl mé réidh. Brostaigh ort. Bailigh ___, le do thoil. Cad atá sa seomra ranga? Tá ___ sa seomra ranga. Maith thú!

Cá bhfuil an leabhar? Tá an leabhar sa mhála. Cá bhfuil an peann? Tá an peann in aice leis an ríomhaire.

Cá bhfuil an clog? Tá an clog ar an mballa. Cá bhfuil an mála? Tá an mála faoin mbord.

58

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 58

31/08/2018 11:02


An Scoil Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol Na hAinmhithe

Drámaíocht Na hAinmhithe Na Trí Ghabhar

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

59

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 59

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 2 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Stór focal a shealbhú agus a úsáid Daoine a mholadh Taitneamh a léiriú

Eiseamláirí Teanga An bhfuil tú réidh? Níl mé réidh. Brostaigh ort. Tá mé réidh, a mhúinteoir. Go maith. Bailigh ___, le do thoil. (na siosúir, na marcóirí, na criáin) Ceart go leor. Tá mé réidh anois, a mhúinteoir. Bailigh na pictiúir le do thoil. Maith sibh! Tá na pictiúir go hálainn.

Caint an Ranga An bhfuil tú réidh? Tá/Níl mé réidh. Brostaigh ort. Bailigh ___, le do thoil. (na cóipleabhair, na siosúir, na marcóirí, na criáin, na leabhair)

Amhrán – Na hAinmhithe Féach ar na hainmhithe, Amuigh faoin spéir, Ag rith is ag léim, Is ag ithe an fhéir.

Ní féidir leo léamh. Ní féidir leo scríobh. Ní thagann siad ar scoil. Níor tháinig ariamh.

Ach bíonn siad sásta, An bhliain go léir, Amuigh sa pháirc, Ag ithe an fhéir.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an amhrán Na hAinmhithe. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil na hainmhithe?’ ‘Cad iad na hainmhithe atá sa pháirc?’ ‘Cad eile atá sa pháirc?’ ‘Cad atá ar siúl ag na hainmhithe?’ ‘An bhfuil siad ag rith?’ ‘An bhfuil siad ag siúl?’ ‘An bhfuil siad ag léim?’ ‘An bhfuil siad ag ithe an fhéir?’ ‘An bhfuil siad ag ól uisce?’ ‘An féidir leo léamh?’ ‘An féidir leo scríobh?’ ‘An féidir leo ithe?’ ‘An féidir leo ól?’ ‘An féidir leo siúl?’ ‘An bhfuil na hainmhithe ar scoil?’ ‘An bhfuil siad sásta?’ Canann na páistí go léir/grúpaí páistí/páistí aonair an chéad véarsa den amhrán.Tugtar dúshlán do na páistí an chéad véarsa den amhrán a chur de ghlanmheabhair. Déantar amhlaidh maidir leis an dara agus an tríú véarsa den amhrán. Múintear an comhrá ‘An bhfuil tú réidh?’ ‘Tá/Níl mé réidh.’ ‘Brostaigh ort.’ ‘Bailigh ___, le do thoil.’ (na cóipleabhair, na siosúir, na marcóirí, na criáin) Iarrann an múinteoir ar cheathrar páistí teacht chuig bord ag barr an ranga.Tugtar leabhair do bheirt agus ligeann siad orthu go bhfuil siad ag obair. Cuirtear cóipleabhair, siosúir, marcóirí agus criáin ar an mbord freisin. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘An bhfuil tú réidh?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Tá/Níl mé réidh.’ Nuair a deir páiste nach bhfuil sé/sí réidh deir an múinteoir:‘Brostaigh ort.’ Brostaíonn an páiste. Nuair a deir páiste go bhfuil sé/sí réidh deir an múinteoir:‘Go maith.’ Tugann an múinteoir treoracha do pháistí éagsúla:‘Bailigh ___, le do thoil.’ (na cóipleabhair, na siosúir, na marcóirí, na criáin) Deir an páiste:‘Ceart go leor.’ Bailíonn an páiste na rudaí.Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Iarrann an páiste ar pháiste eile ___ a bhailiú:‘Bailigh na ___, le do thoil.’ Bailíonn an páiste eile na rudaí. Féachann an múinteoir ar na pictiúir agus deir sé/sí:‘Maith sibh!’ ‘Tá na pictiúir go hálainn.’ Tasc Tuisceana:Tá na hainmhithe amuigh faoin spéir.Tá na hainmhithe ___. (istigh sa chró, amuigh sa pháirc) Tá na hainmhithe ___. (ag ithe an fhéir, ag ól uisce, ina gcodladh sámh, ag rith, ag léim) Tá na hainmhithe sona sásta.Tá brón ar na hainmhithe. Scríobh an Scéal: Féach ar ___ ___. (na hainmhithe) Amuigh faoin ___. (spéir) Ag rith is ___ ___. (ag léim) Is ___ ___ an fhéir. (ag ithe) Ní féidir leo ___. (léamh) Ní féidir leo ___. (scríobh) Ní thagann siad ar ___. (scoil) Níor tháinig ariamh. Ach bíonn siad ___. (sásta) An bhliain go léir. Amuigh ___ ___. (sa pháirc) Ag ithe an fhéir. Litriú: Tá Oisín ag léamh.Tá Niamh ag scríobh.Tá Róisín ag ithe.Tá Ruairí ag léim.

60

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 60

31/08/2018 11:02


An Scoil Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Bunaítear dráma ar ábhar an dáin.Tagann triúr páistí amach os comhair an ranga. Ligeann siad orthu gurb ainmhithe iad. Déanann an triúr páistí na gníomhartha cuí le linn do na páistí eile bheith ag rá an dáin le chéile. Tagann triúr páistí eile amach os comhair an ranga. Déanann an triúr páistí na gníomhartha cuí le linn do ghrúpa páistí bheith ag rá na véarsaí éagsúla.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 29. Scríobhann na páistí an t-amhrán ina gcóipleabhair. Tarraingíonn na páistí pictiúr chun an t-amhrán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn an múinteoir ar tí ceacht a thosú deir sé/sí le páistí áirithe:‘An bhfuil tú réidh?’ Spreagtar an páiste ‘Tá/Níl mé réidh’ a rá. Má bhíonn páiste mall ag críochnú a c(h)uid oibre deir an múinteoir:‘Brostaigh ort.’ Tar éis tascanna áirithe deir an múinteoir le páistí éagsúla:‘Bailigh ___, le do thoil.’ (na pinn, na leabhair, na cóipleabhair, na marcóirí, na siosúir, na criáin) Nuair a bhíonn pictiúir tarraingthe ag na páistí deir an múinteoir:‘Tá na pictiúir go hálainn.’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceol: Is féidir an t-amhrán seo a dhéanamh i gceacht Ceoil. Drámaíocht: Is féidir dráma a bhunú ar an amhrán i gceacht Drámaíochta.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An bhfuil tú réidh?’ ‘Tá/Níl mé réidh.’ An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh? ‘Brostaigh ort.’ An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (na pictiúir, na siosúir, na marcóirí, na criáin) An bhfuil an páiste in ann daoine a mholadh? ‘Maith sibh!’ An bhfuil an páiste in ann taitneamh a léiriú? ‘Tá na pictiúir go hálainn.’

61

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 61

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 2 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Cad atá sa seomra ranga? Tá ___ sa seomra ranga. (léarscáil, bord dúlra, leabharlann, seilfeanna, cófra, ríomhaire glúine, printéir, doirteal, bosca bruscair, clár bán, clog)

Caint an Ranga Cad atá sa seomra ranga? Tá ___ sa seomra ranga. (múinteoir, buachaillí, cailíní, leabhair, cóipleabhair, málaí scoile, boscaí lóin)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí ___ a thaispeáint dó/di sa seomra ranga. (léarscáil, bord dúlra, leabharlann, seilfeanna, srl.) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá sa seomra ranga?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá ___ sa seomra ranga.’ (bord dúlra, srl.) Feicim le mo Shúilín: doirteal, léarscáil, bord dúlra, leabharlann, seilfeanna, ríomhaire glúine, cófra, bosca bruscair, clár bán, clog, printéir. Foclóir: Cuireann na páistí gach lipéad san áit cheart. (léarscáil, bord dúlra, leabharlann, seilfeanna, ríomhaire glúine, doirteal, cófra, bosca bruscair, clár bán, clog, printéir, luch) Bí ag Léamh: Tá ___ sa seomra ranga. (léarscáil, bord dúlra, seilfeanna, clár bán, leabharlann, ríomhaire glúine, printéir, sicín, bosca bruscair, clog, doirteal, cófra) Bí ag Scríobh: Tá ___ sa seomra ranga. (léarscáil, bord dúlra, leabharlann, seilfeanna, ríomhaire glúine, doirteal, cófra, bosca bruscair, clár bán, clog, printéir, sicín) Litriú: Tá leabhar sa seomra ranga.Tá cóipleabhar sa seomra ranga.Tá leabharlann sa seomra ranga.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear na pictiúir. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Taispeánann an múinteoir pictiúr amháin don pháiste agus ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cad atá sa seomra ranga?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ sa seomra ranga.’ Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga.Taispeánann páiste A pictiúr amháin do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá sa seomra ranga?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ sa seomra ranga.’ Malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 30. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá sa seomra ranga?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ sa seomra ranga.’ Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 30. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ag amanna difriúla deir an múinteoir: ‘Tá ___ sa seomra ranga.’ (an príomhoide, buachaill nua, cailín nua, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (léarscáil, bord dúlra, leabharlann, seilfeanna, ríomhaire glúine, srl.) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cad atá sa seomra ranga?’ ‘Tá ___ sa seomra ranga.’

62

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 62

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 2 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Déan cur síos ar an seomra ranga. Tá doirteal sa seomra ranga. Tá cófra faoin doirteal. Tá cófra in aice leis an doirteal freisin. Tá ríomhaire glúine ar an mbord. Tá printéir agus luch in aice leis an ríomhaire. Tá clár bán sa seomra ranga freisin. Tá leabharlann in aice leis an gclár bán. Tá leabhair sa leabharlann. Tá clog ar an mballa. Tá pictiúir ar an mballa freisin. Tá seilfeanna in aice leis an doras. Tá gliú, siosúir, marcóirí agus criáin ar na seilfeanna. Tá fuinneog in aice leis na seilfeanna. Tá bord dúlra in aice leis an bhfuinneog. Tá léarscáil ar an mballa. Tá bosca bruscair sa chúinne. Maith thú!

Cá bhfuil an leabhar? Tá an leabhar sa leabharlann. Cá bhfuil an luch? Tá an luch in aice leis an ríomhaire. Tá an clog ar an mballa. Tá na leabhar sa mhála. Tá an mála faoin mbord. Maith thú!

● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cur síos a dhéanamh Duine a mholadh

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil an doirteal?’ ‘Cad atá faoin doirteal?’ ‘Cad atá in aice leis an doirteal?’ ‘Cad atá ar an gcófra?’ ‘Cad atá in aice leis an gclár bán?’ ‘Cad atá sa leabharlann?’ ‘Cad atá in aice leis an leabharlann?’ ‘Cá bhfuil an clog?’ ‘Cad eile atá ar an mballa?’ ‘Cá bhfuil na seilfeanna?’ ‘Cad atá ar na seilfeanna?’ ‘Cá bhfuil an fhuinneog?’ ‘Cá bhfuil an léarscáil?’ ‘Cad atá in aice leis an ríomhaire?’ ‘Cá bhfuil an bosca bruscair?’ Tasc Tuisceana: Cuir an bord dúlra in aice leis an ríomhaire. Cuir leabhair sa leabharlann. Cuir seilfeanna ar an mballa in aice leis an doras. Cuir an clár bán ar an mballa in aice leis an leabharlann. Cuir an cófra in aice leis an gclár bán. Cuir an ríomhaire glúine ar an gcófra. Cuir an printéir in aice leis an ríomhaire glúine. Cuir an luch in aice leis an bprintéir. Cuir an léarscáil ar an mballa. Cuir an clog ar an mballa freisin. Aimsigh an Focal: doirteal, leabharlann, léarscáil, bord dúlra, printéir, ríomhaire glúine, clog, bosca bruscair. Scríobh an Scéal: Tá ___ faoin doirteal. (cófra) Tá cófra in aice leis an ___. (doirteal) Tá ___ ar an gcófra. (ríomhaire glúine) Tá ___ in aice leis an ríomhaire glúine. (printéir) Tá ___ in aice leis an ríomhaire glúine freisin. (cófra) Tá ___ ar an mballa. (léarscáil) Tá ___ ___ sa seomra ranga. (clár bán) Tá ___ in aice leis an gclár bán. (leabharlann) Tá ___ sa leabharlann. (leabhair) Tá ___ in aice leis an bhfuinneog. (bord dúlra) Tá ___ ar an mballa. (clog) Tá ___ ar an mballa. (pictiúir) Litriú: Tá an luch in aice leis an ríomhaire.Tá an printéir in aice leis an ríomhaire freisin.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 31. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá faoin doirteal?’ ‘Cad atá in aice leis an doirteal?’ ‘Cad atá ar an gcófra?’ ‘Cad atá in aice leis an gclár bán?’ ‘Cad atá sa leabharlann?’ ‘Cad atá in aice leis an leabharlann?’ ‘Cá bhfuil an clog?’ ‘Cá bhfuil an léarscáil?’ ‘Cad atá in aice leis an ríomhaire?’ ‘Cá bhfuil an bosca bruscair?’ Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus na ceisteanna a chur ar na páistí eile. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Cuireann páiste A na ceisteanna ar pháiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil. 63

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 63

31/08/2018 11:02


An Scoil Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 31. Cuireann páiste A na ceisteanna ar pháiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 31. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá sa seomra ranga?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá ___ sa seomra ranga.’ (clog, bosca bruscair, léarscáil, leabharlann, doirteal, bord dúlra, ríomhaire glúine, luch, printéir) Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh bunaithe ar a seomra ranga féin: Mo sheomra ranga.Tig leo an foclóir ar lch. 31 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Tarraingíonn na páistí pictiúr den seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: I rith an lae ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil ___?’ (an leabhar, srl.) Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Tá an leabhar ar an mbord.’ ‘Tá an bioróir faoin mbord.’ ‘Tá an peann in aice leis an gcóipleabhar.’ ‘Tá an clár bán sa seomra ranga briste.’ ‘Tá clog ar an mballa.’ ‘Tá pictiúir ar an mballa.’ ‘Tá na leabhair ar na seilfeanna.’ I gceacht Ealaíne ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An bhfuil ___ ar do bhord?’ (marcóirí, gliú, siosúir, criáin) Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Tá ___ ar an mbord.’ I gceacht Tíreolaíochta deir an múinteoir:‘Tá léarscáil ar an mballa.’ Má chruthaíonn páiste go maith in aon ghné de shaol na scoile deir an múinteoir:‘Maith thú!’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (ar an, faoin, in aice leis, sa) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá an leabhar ar an mbord.’ ‘Tá an bioróir faoin mbord.’ ‘Tá an peann in aice leis an gcóipleabhar.’ ‘Tá an clár bán sa seomra ranga briste.’ ‘Tá clog ar an mballa.’ An bhfuil an páiste in ann duine a mholadh? ‘Maith thú!’

64

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 64

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 2 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ●

Cur síos a dhéanamh san aimsir chaite Sruchtúr abairte agus gramadach a ionramháil Slán a fhágáil Buíochas a léiriú

Eiseamláirí Teanga Tóg amach do hata as do mhála scoile. Thóg Niamh a hata as a mála scoile inné. Cuir ort do hata. Chuir Niamh a hata uirthi inné. Dún do mhála scoile. Dhún Niamh a mála scoile inné. Seas sa líne. Sheas Niamh sa líne inné. Ar aghaidh libh. Slán abhaile. Slán leat agus go raibh maith agat.

Caint an Ranga Cuir ort ___. (do hata, do chóta, do scairf, do bhróga) Tóg amach ___. Dún an doras. Seas sa líne. Ar aghaidh libh. Slán abhaile. Slán leat agus go raibh maith agat.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá ‘Tóg amach do hata as do mhála scoile.’ ‘Thóg Niamh a hata as a mála scoile inné.’ ‘Cuir ort do hata. Chuir Niamh a hata uirthi inné.’ ‘Dún do mhála scoile.’ ‘Dhún Niamh a mála scoile inné.’ ‘Seas sa líne.’ ‘Sheas Niamh sa líne inné.’ Iarrann an múinteoir ar pháiste amháin teacht amach os comhair an ranga. Iarrann an múinteoir ar an bpáiste rud éigin a dhéanamh:‘Tóg an leabhar amach as do mhála scoile.’ Tógann an páiste an leabhar amach as a m(h)ála scoile. Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘Cad a rinne sé/sí?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Thóg sé/sí an leabhar amach as a m(h)ála scoile.’ Iarrann an múinteoir ar an bpáiste a hata a chur air/uirthi:‘Cuir ort do hata.’ Cuireann an páiste an hata air/uirthi. Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘Cad a rinne sé/sí?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Chuir sé/sí an hata air/uirthi.’ Déantar amhlaidh leis na horduithe eile. Tagann páistí amach os comhair an ranga. Fágann an múinteoir slán leo:‘Slán abhaile.’ Spreagtar na páistí ‘Slán leat agus go raibh maith agat’ a rá. Bí ag Léamh Tóg amach do hata as do mhála scoile.Thóg Niamh a hata as a mála scoile inné. Cuir ort do hata. Chuir Niamh a hata uirthi inné. Dún do mhála scoile. Dhún Niamh a mála scoile inné. Seas sa líne. Sheas Niamh sa líne inné. Scríobh na hAbairtí: Dún do mhála scoile. Dhún Niamh a mála scoile inné.Tóg do hata as do mhála scoile.Thóg Niamh a hata as a mála scoile inné. Cuir ort do hata. Chuir Niamh a hata uirthi inné. Seas sa líne. Sheas Niamh sa líne inné. Spraoi le Briathra: Tóg/Thóg. Cuir/Chuir. Dún/Dhún. Seas/Sheas. Litriú: Tóg/Thóg. Cuir/Chuir. Dún/Dhún.

Tréimhse Chumarsáide

Scríobhann an múinteoir na briathra:‘Cuir,Tóg, Dún, Seas’ ar an gclár bán. Baineann an múintear leas as na briathra chun orduithe a thabhairt do na páistí. Spreagtar na páistí an abairt chéanna a rá san aimsir chaite. Cuir an leabhar sa mhála scoile. Chuir Niamh an leabhar sa mhála scoile inné. Tóg amach an hata.Thóg Niamh an hata amach inné. Dún an mála scoile. Dhún Niamh an mála scoile inné. Seas sa líne. Sheas Niamh sa líne inné. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Baineann páiste A leas as na briathra chun orduithe a thabhairt do pháiste B. Spreagtar páiste B an abairt chéanna a rá san aimsir chaite. (cuir, chuir, tóg, thóg, dún, dhún, seas, sheas) Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 32.Tugann páiste A orduithe do pháiste B. Deir páiste B an briathar/an abairt chéanna san aimsir chaite. Malartaíonn na páistí róil.

65

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 65

31/08/2018 11:02


An Scoil Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 32. Léann na páistí na habairtí. Iarrann an múinteoir ar na páistí an focal cuí a roghnú. Scríobhann na páistí na briathra/na habairtí san aimsir chaite. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Tugann an múinteoir orduithe do pháiste éagsúla i rith an lae:‘Cuir ___ sa mhála scoile.’ ‘Tóg amach ___.’ ‘Dún ___.’ ‘Seas sa líne.’ Nuair a dhéanann an páiste gníomh i rith an lae deir an múinteoir:‘Chuir ___ (ainm an pháiste) ___ sa mhála scoile.’ ‘Thóg ___ an leabhar.’ (ainm an pháiste) ‘Dhún ___ (ainm an pháiste) ___.’ (an leabhar, an doras, an fhuinneog) ‘Sheas ___ sa líne.’ (ainm an pháiste)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann pátrún a aithint chun abairt a chruthú san aimsir chaite? An bhfuil an páiste in ann slán a fhágáil? ‘Slán leat.’ An bhfuil an páiste in ann buíochas a léiriú? ‘Go raibh maith agat.’

66

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 66

31/08/2018 11:02


An Scoil An Scoil – Aonad Teagaisc agus Foghlama 3 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 33–38) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Cén t-am é? Tá sé a trí a chlog. Tá sé ___ tar éis a trí. (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) Litriú: Tá sé a trí a chlog.Tá sé cúig tar éis a trí. Tá sé deich tar éis a trí.Tá sé ceathrú tar éis a trí. Fadó, fadó, bhí clár dubh sa seomra ranga. Bhí tinteán sa seomra ranga. Bhí tine ar lasadh sa tinteán. Bhí a lán páistí sa seomra ranga. Scríobh an múinteoir le cailc. Bhí bata sa chúinne. Bhí léarscáil ar an mballa. Ní raibh ríomhaire sa seomra ranga. Ní raibh printéir sa seomra ranga. Ní raibh clár bán sa seomra ranga. Ní raibh a lán leabhar sa seomra ranga. Litriú: An raibh? Bhí. Ní raibh.

Ól an bainne. D’ól sé an bainne. Fág an liathróid ar an gcófra. D’fhág sé an liathróid ar an gcófra. Féach ar an gclár bán. D’fhéach sé ar an gclár bán. Fan sa seomra ranga. D’fhan sé sa seomra ranga. Litriú: Ól/D’ól. Féach/D’fhéach. Fan/D’fhan. Fág/D’fhág. An Nuacht An nuacht á léamh ag Róisín. Deireadh Fómhair atá ann. Tá mé i rang a trí. Tá múinteoir nua agam. Iníon Uí Riain is ainm do mo mhúinteoir. Tá cairde agam ar scoil. Niamh agus Oisín is ainm do mo chairde. Tá cás peann luaidhe agus leabhar i mo mhála. Tá leabharlann agus bord dúlra sa seomra ranga.

67

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 67

31/08/2018 11:02


An Scoil An Aimsir An fómhar atá ann. Bhí an lá te agus tirim inné. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí tuar ceatha sa spéir.

An bhfuil nuacht agat? Tá nuacht agam. Tá mé i rang a trí freisin. Iníon Uí Riain is ainm do mo mhúinteoir. Is breá liom rang a trí.

Tá an lá fliuch inniu. Tá sé ag cur báistí. Tá sé scamallach freisin. Tá scamaill sa spéir.

Litriú: Tá sé fiche tar éis a trí.Tá sé fiche cúig tar éis a trí. Tá sé leathuair tar éis a trí.

Beidh ceo ann amárach. Beidh an lá ceomhar. Slán tamaill.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Amhrán – Bog Braon

Scéalta Na Trí Ghabhar

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an amhrán: Bog Braon. Dráma bunaithe ar an scéal: Na Trí Ghabhar

Tasc Tuisceana Cén t-am é? Aimsigh an Abairt Bí ag Léamh Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra Bí ag Scríobh Foclóir

Obair Bheirte Cén t-am é? Tá sé ___ tar éis ___. (cúig, deich, srl.) (a haon, a dó, srl.)

An raibh ___ sa seomra ranga? Bhí/Ní raibh ___ sa seomra ranga.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cén t-am é? Tá sé a ___ a chlog. (a haon, a dó, srl.) Tá sé ___ tar éis ___. (cúig, deich, srl) (a haon, a dó, srl.)

Ól an bainne. Ól an t-uisce. Fág an leabhar ar an bord. Fág ann é. Féach ar an gclár bán. Féach ar an leabhar. Fan sa líne. Fan sa seomra ranga.

Tá mé i rang ___. (a haon, a dó, srl.) An bhfuil ___ nua agat? Tá ___ nua agam. (leabhar, srl.) Cad is ainm do do mhúinteoir? ___ is ainm do mo mhúinteoir. (Seán, Máire, Liam, srl.) Cad is ainm do do chairde? ___ agus ___ is ainm do mo chairde. (Caoimhe, Niamh, Bríd, Pádraig) Cad atá i do mhála scoile? Tá ___ agus ___ i mo mhála scoile. (leabhar, bioróir, srl.) Cad atá sa seomra ranga? Tá ___ agus ___ sa seomra ranga. (leabhair, léarscáil, srl.)

68

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 68

31/08/2018 11:02


An Scoil Cén saghas lae é? Cad atá sa seomra ranga? Tá an lá ___ agus ___. (te, fuar, tirim, scamallach, gaofar, srl.) An bhfuil nuacht agat? Tá nuacht agam.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol Bog Braon

Drámaíocht Na Trí Ghabhar

Stair Scéal – Scoil Fadó

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

69

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 69

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 3 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt An t-am a insint

Eiseamláirí Teanga Cén t-am é? Tá sé a trí a chlog. Tá sé ___ tar éis a trí. (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair)

Caint an Ranga Cén t-am é? Tá sé a ___ a chlog. Tá sé ___ tar éis a trí. (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Baineann an múinteoir úsáid as clog.Téitear siar ar an am.Tá sé ___ a chlog. (a ceathair, a cúig, a sé, srl.) Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí amanna an chloig a rá le chéile:‘___ tar éis a trí.’ (Cúig, Deich, Ceathrú, Fiche, Fiche cúig, Leathuair) ) Socraíonn an múinteoir lámha an chloig ag amanna éagsúla. Ceistíonn an múinteoir páiste:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá sé ___ tar éis ___.’ Tagann páiste amach os comhair an ranga. Socraíonn an páiste lámha an chloig ag amanna éagsúla. Ceistíonn an páiste páiste eile:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá sé ___ tar éis ___.’ Tasc Tuisceana: Cén t-am é? Tá sé ___ (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) tar éis ___. (a haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig, a sé, a seacht, a hocht, a naoi, a deich) Cén t-am é? Cén t-am é? Tá sé ___ (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) tar éis ___. (a haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig, a sé, a seacht, a hocht, a naoi, a deich, a haon déag, a dó dhéag) Aimsigh an Abairt: Cén t-am é? Tá sé ___ (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) tar éis ___. (a dó, a trí, a ceathair, a cúig, a sé, a seacht, a hocht, a naoi, a deich, a haon déag, a dó dhéag) Litriú: Tá sé a trí a chlog.Tá sé cúig tar éis a trí.Tá sé deich tar éis a trí.Tá sé ceathrú tar éis a trí.

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Socraíonn an múinteoir lámha an chloig ag amanna éagsúla. Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá sé ___ tar éis ___.’ Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Socraíonn páiste A lámha an chloig ag amanna éagsúla. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá sé ___ tar éis ___.’ Malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Tugtar clog beag do gach beirt pháistí. Socraíonn páiste A lámha an chloig ag amanna éagsúla. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn páiste B: ‘Tá sé ___ tar éis ___.’ Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 33. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá sé ___ tar éis ___.’ Léann na páistí na habairtí agus tarraingíonn siad an t-am ceart ar an gclog. Scríobhann na páistí na hamanna cuí. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am é?’ Spreagtar na páistí an cheist a chur chomh maith. Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Matamaitic: Nuair a mhúintear am sa Mhatamaitic úsáidtear na téarmaí seo.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén t-am é?’ ‘Tá sé ___ tar éis a trí.’ (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) An féidir leis an bpáiste an t-am a insint? ‘Tá sé ___ (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) tar éis ___.’ (a haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig, a sé, a seacht, a hocht, a naoi, a deich, a haon déag, a dó dhéag) 70

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 70

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 3 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Abairtí a rá san aimsir chaite Orduithe a thabhairt

Eiseamláirí Teanga Ól an bainne. D’ól sé an bainne. Fág an liathróid ar an gcófra. D’fhág sé an liathróid ar an gcófra. Féach ar an gclár bán. D’fhéach sé ar an gclár bán. Fan sa seomra ranga. D’fhan sé sa seomra ranga.

Caint an Ranga Ól an bainne. Ól an t-uisce. Fág an leabhar ar an bord. Fág ann é. Féach ar an gclár bán. Féach ar an leabhar. Fan sa líne. Fan sa seomra ranga.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar pháiste amháin teacht amach os comhair an ranga. Iarrann an múinteoir ar an bpáiste rud éigin a dhéanamh:‘Fág do leabhar ar an mbord.’ Fágann an páiste an leabhar ar an mbord. Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘Cad a rinne sé/sí?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘D’fhág sé an leabhar ar an mbord.’ Tagann páiste amach os comhair an ranga agus iarrann an múinteoir air/uirthi uisce a ól:‘Ól an t-uisce.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí eile: ‘Cad a rinne sé/sí?’ Spreagtar na páistí ‘D’ól sé/sí uisce’ a rá. Déantar amhlaidh leis na horduithe eile. Bí ag Léamh: Ól an bainne. D’ól sé an bainne inné. Fág an liathróid ar an gcófra. D’fhág sé an liathróid ar an gcófra inné. Féach ar an gclár bán. D’fhéach sé ar an gclár bán inné. Fan sa seomra ranga. D’fhan sé sa seomra ranga inné. Scríobh na hAbairtí: Ól an bainne. D’ól sé an bainne inné. Fág an liathróid ar an gcófra. D’fhág sé an liathróid ar an gcófra inné. Féach ar an gclár bán. D’fhéach sé ar an gclár bán inné. Fan sa seomra ranga. D’fhan sé sa seomra ranga inné. Spraoi le Briathra: Ól/D’ól. Féach/D’fhéach. Fan/D’fhan. Fág/D’fhág. Litriú: Ól/D’ól. Féach/D’fhéach. Fan/D’fhan. Fág/D’fhág.

Tréimhse Chumarsáide

Ordú Inné Scríobhann an múinteoir briathra ar an gclár bán. D’ Tugann an múinteoir ordú do pháiste agus bíonn ar an bpáiste an abairt chéanna a rá Ól san aimsir chaite. Fág Ól an bainne. D’ól sé bainne inné. Féach Fág an leabhar ar an mbord. D’fhág sé a leabhar ar an mbord inné. Fan Féach ar an teilifís. D’fhéach sé ar an teilifís inné. Fan sa seomra suí. D’fhan sé sa seomra suí inné. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga.Tugann páiste A ordú do pháiste B agus bíonn ar pháiste B an abairt chéanna a rá san aimsir chaite. (Ól/D’ól. Féach/D’fhéach. Fan/D’fhan. Fág/D’fhág.) Obair Bheirte: Tugann páiste A ordú do pháiste B agus bíonn ar pháiste B an abairt chéanna a rá san aimsir chaite. Malartaíonn na páistí róil.

71

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 71

31/08/2018 11:02


An Scoil Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 34.Tugann an múinteoir ordú agus léann na páistí an abairt chuí san aimsir chaite. Féachann na páistí ar an ordú agus leanann siad an pátrún chun an briathar a chur san aimsir chaite. Scríobhann na páistí na habairtí san aimsir chaite. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Tugann an múinteoir orduithe do pháistí éagsúla: ‘Fan sa seomra ranga.’ ‘Fan sa líne.’ ‘Ól an bainne.’ ‘Ól an t-uisce.’ ‘Féach ar an gclár bán.’ ‘Féach ar leathanach a trí.’ srl.‘Fág an leabhar ar an mbord.’ ‘Fág ann é.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann pátrún a aithint chun abairt a chruthú san aimsir chaite? An bhfuil an páiste in ann ordú a thabhairt? ‘Ól an bainne.’ ‘Féach ar an gclár bán.’

72

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 72

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 3 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga Fadó, fadó, bhí clár dubh sa seomra ranga. Bhí tinteán sa seomra ranga. Bhí tine ar lasadh sa tinteán. Bhí a lán páistí sa seomra ranga. Scríobh an múinteoir le cailc. Bhí bata sa chúinne. Bhí léarscáil ar an mballa. Ní raibh ríomhaire sa seomra ranga. Ní raibh printéir sa seomra ranga. Ní raibh clár bán sa seomra ranga. Ní raibh a lán leabhar sa seomra ranga.

Caint an Ranga Bhí a lán ___ sa seomra ranga. (buachaillí, cailíní, páistí, leabhar) Bhí ___ ar an mballa. (pictiúir, léarscáil) Ní raibh ___ sa seomra ranga. (ríomhaire, múinteoir, printéir)

Amhrán – Bog Braon Bog braon, bog braon, Bog braon don seanduine. Bog braon, is blais féin. Is é a thabhairt don seanduine.

Ubh chirce, ubh chirce, Ubh chirce don seanduine. Ubh chirce is blúirín ime. Is é a thabhairt don seanduine.

Feoil úr, feoil úr, Feoil úr don seanduine. Feoil úr is braon sú. Is é a thabhairt don seanduine.

Cuir a chodladh, cuir a chodladh, Cuir a chodladh an seanduine. Cuir a chodladh is nigh a chosa. Bog braon don seanduine.

Cuir a chodladh, cuir a chodladh, Cuir a chodladh an seanduine. Cuir a chodladh is nigh a chosa. Bog braon don seanduine.

Cuir a chodladh, cuir a chodladh, Cuir a chodladh an seanduine. Cuir a chodladh is nigh a chosa. Bog braon don seanduine.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Bog Braon. Ceistítear na páistí:‘Cad a thug sí don seanduine?’ ‘Ar nigh sí a chosa?’ ‘Ar thug sí ubh don seanduine?’ ‘Ar thug sí im don seanduine?’ ‘Cad eile a thug sí don seanduine?’ Múintear an comhrá do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An raibh ___ sa seomra ranga?’ (clár dubh, clár bán, tinteán, tine, a lán páistí, ríomhaire, printéir, a lán leabhar) ‘Cad a bhí ar lasadh sa tinteán?’ ‘Cad a bhí ag an múinteoir?’ Spreagtar na páistí na ceisteanna a fhreagairt:‘Bhí/Ní raibh ___ sa seomra ranga.’ Tuairiscíonn na páistí faoin seomra ranga in éineacht leis an scéalaí:‘Fadó, fadó, bhí ___ sa seomra ranga.’ srl. (clár dubh, léarscáil, tine, tinteán, bata, a lán páistí) Úsáidtear na pictiúir mar spreagthach. Spreagann an múinteoir na páistí tuairisciú faoin seomra ranga:‘Fadó, fadó, bhí ___ sa seomra ranga.’ srl. (clár dubh, léarscáil, tine, tinteán, bata, a lán páistí) Bí ag Scríobh: Fadó, fadó, bhí ___ sa seomra ranga. (tinteán, bata, clár dubh, tine, a lán páistí, léarscáil, múinteoir, cailc) Scríobh na hAbairtí: An raibh ___ sa seomra ranga? Bhí/Ní raibh ___ sa seomra ranga. (clár dubh, léarscáil, tine, tinteán, bata, a lán páistí, ríomhaire, printéir, a lán leabhar, múinteoir) Bí ag Caint: An raibh ___ sa seomra ranga? Bhí/Ní raibh ___ sa seomra ranga. (múinteoir, clár, dubh, léarscáil, tine, tinteán, bata, a lán páistí, ríomhaire, printéir, a lán leabhar) Litriú: An raibh? Bhí. Ní raibh.

73

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 73

31/08/2018 11:02


An Scoil Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 35. Léann na páistí faoin seomra ranga. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An raibh ___ sa seomra ranga?’ Freagraíonn na páistí:‘Bhí/Ní raibh ___ sa seomra ranga.’ (clár dubh, léarscáil, tine, tinteán, bata, a lán páistí) Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘An raibh ___ sa seomra ranga?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna.Ansin malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Ceistíonn páiste A páiste B:‘An raibh ___ sa seomra ranga?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna.Ansin malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 35. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ag amanna difriúla deir an múinteoir: ‘Bhí a lán ___ sa seomra ranga.’ (buachaillí, cailíní, páistí, leabhar) ‘Bhí ___ ar an mballa.’ (ealaín, pictiúir, léarscáil) ‘Ní raibh ___ sa seomra ranga.’ (ríomhaire, múinteoir, printéir) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceol: Nuair a bhíonn Ceol ar siúl cantar an t-amhrán Bog Braon. Drámaíocht: D’fhéadfaí dráma a bhunú ar ábhar an amhráin.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (clár dubh, tinteán, tine, a lán páistí, bata, léarscáil) An féidir leis an bpáiste tuairisciú? ‘Fadó, fadó, bhí ___ sa seomra ranga.’

74

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 74

31/08/2018 11:02


An Scoil Aonad 3 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Nuacht a thabhairt Cur síos a dhéanamh Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

An Nuacht An nuacht á léamh ag Róisín. Deireadh Fómhair atá ann. Tá mé i rang a trí. Tá múinteoir nua agam. Iníon Uí Riain is ainm do mo mhúinteoir. Tá cairde agam ar scoil. Niamh agus Oisín is ainm do mo chairde. Tá cás peann luaidhe agus leabhar i mo mhála. Tá leabharlann agus bord dúlra sa seomra ranga.

Tá mé i rang ___. (a haon, a dó, a trí) Tá ___ nua agam. (leabhar, peann, boróir, scriosán, rothar, ríomhaire) ___ is ainm do mo mhúinteoir. (Seán, Máire, Liam, srl.) ___ agus ___ is ainm do mo chairde. (Daire, Cian, Fearghal, Cillian) Tá ___ agus ___ i mo mhála scoile. (leabhar, bioróir, cóipleabhar, scriosán) Tá ___ agus ___ sa seomra ranga. (leabhair, léarscáil, buachaillí, cailíní) Bhí an lá ___ agus ___. (te, fuar, tirim, scamallach, gaofar) An bhfuil nuacht agat? Tá nuacht agam. Is breá liom ___. (uachtar reoite, milseáin, srl.) Slán tamaill.

An bhfuil nuacht agat? Tá nuacht agam. Tá mé i rang a trí freisin. Iníon Uí Riain is ainm do mo mhúinteoir. Is breá liom rang a trí. An Aimsir An fómhar atá ann. Bhí an lá te agus tirim inné. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí tuar ceatha sa spéir. Tá an lá fliuch inniu. Tá sé ag cur báistí. Tá sé scamallach freisin. Tá scamaill sa spéir. Beidh ceo ann amárach. Beidh an lá ceomhar. Slán tamaill. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Canann na páistí an t-amhrán Míonna na Bliana. Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén mhí atá ann?’ ‘Cén rang ina bhfuil tú?’ ‘An bhfuil múinteoir nua agat?’ ‘Cad is ainm don mhúinteoir?’ ‘An bhfuil cairde agat?’ ‘Cad is ainm do do chairde?’ ‘Cad atá i do mhála scoile?’ ‘Cad atá sa seomra ranga?’ Úsáidtear an chairt aimsire. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cén saghas lae atá ann inniu?’ ‘Cén saghas lae a bhí ann inné?’ ‘Cén saghas lae a bheidh ann amárach?’ Cuireann páiste an tsiombail chuí i ngach bosca (Inné, Inniu, Amárach) chun an aimsir a léiriú. Iarrann an múinteoir ar na páistí an nuacht a léamh le chéile in éineacht le Róisín. Aimsigh an Abairt: Bhí an ghrian ag taitneamh inné.Tá sé ag cur báistí inniu. Beidh ceo ann amárach. Bhí an ghaoth ag séideadh inné.Tá scamaill sa spéir inniu. Beidh tuar ceatha ann amárach. Bhí an lá scamallach inné.Tá an lá gaofar inniu. Beidh an lá ceomhar amárach. Bí ag Scríobh: Beidh sé ___ amárach. (fliuch, tirim, fuar, ceomhar, gaofar, scamallach, ag cur báistí, ag cur sneachta) Litriú: Tá sé fiche tar éis a trí.Tá sé fiche cúig tar éis a trí.Tá sé leathuair tar éis a trí. 75

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 75

31/08/2018 11:02


An Scoil Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘Deireadh Fómhair atá ann.’ ‘Tá mé i rang a ___.’ ‘Tá múinteoir nua ___.’ ‘___ is ainm do mo mhúinteoir.’ ‘Tá cairde agam ar ___.’ ‘___ agus ___ is ainm do mo chairde.’ ‘Tá ___ agus ___ i mo mhála scoile.’ ‘Tá ___ agus ___ sa seomra ranga.’ Tugann na páistí eile bualadh bos nuair a bhíonn críochnaithe ag an bpáiste. Obair Bheirte: Insíonn páiste A nuacht do pháiste B. Insíonn páiste B nuacht do pháiste A. Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus déanann an páiste cur síos ar an aimsir. Obair Bheirte: Déanann páiste A cur síos ar an aimsir. Déanann páiste B cur síos ar an aimsir.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 36. Ceistíonn páiste A páiste B chun cuidiú leis an bpáiste nuacht a thabhairt. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí a nuacht féin a scríobh. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ag amanna difriúla i rith an lae ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfuil ___ nua agat?’ ‘Tá ___ nua agam.’ (leabhar, srl.) ‘Cad atá i do mhála scoile?’ ‘Tá ___ agus ___ i sa mhála scoile.’ (leabhar, bioróir, cóipleabhar, scriosán) ’Cad atá sa seomra ranga?’ ‘Tá ___ agus ___ sa seomra ranga.’ (leabhair, léarscáil, buachaillí, cailíní) ‘Cén saghas lae é?’ ‘Tá an lá ___ agus ___.’ (te, fuar, tirim, scamallach, gaofar) ‘An bhfuil nuacht agat?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann an nuacht a thabhairt? ‘Deireadh Fómhair atá ann.’ An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh ar an aimsir? ‘Tá sé ag cur báistí.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tá múinteoir nua agam.’

76

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 76

31/08/2018 11:02


An Scoil Scéal – Na Trí Ghabhar Scéalaí:

Fadó, fadó, bhí trí ghabhar ar an sliabh. Bhí siad ag ithe féir. Bhí an lá te agus tirim. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Tar éis tamaill, bhí an féar go léir ite acu. Chonaic siad féar glas sa pháirc trasna na habhann. Bhí an chéad ghabhar ag dul thar an droichead. Bhí fathach mór gránna faoin droichead. Chuala sé an gabhar ag siúl ar an droichead.

Fathach:

Stop! Ná téigh thar an droichead! Is fathach mór láidir mé. Is liomsa an droichead seo. Tá ocras an domhain orm. Íosfaidh mé tú.

An Chéad Ghabhar:

Ná hith mé! Is gabhar beag tanaí mé. Tá mo dheartháir ag teacht. Tá sé i bhfad níos mó na mise. Tá sé mór agus ramhar.

Fathach:

Ceart go leor. Ar aghaidh leat.

Scéalaí:

Chuaigh an chéad ghabhar thar an droichead. Chuaigh sé isteach sa pháirc ghlas. Thosaigh sé ag ithe féir. Bhí an féar an-bhlasta. Bhí an chéad ghabhar an-sásta. Tar éis tamaill, bhí an dara gabhar ag dul thar an droichead. Bhí an fathach mór gránna faoin droichead. Chuala sé an gabhar ag siúl ar an droichead.

Fathach:

Stop! Ná téigh thar an droichead! Is fathach mór láidir mé. Is liomsa an droichead seo. Tá ocras an domhain orm. Íosfaidh mé tú.

An Dara Gabhar:

Ná hith mé! Is gabhar tanaí mé. Tá mo dheartháir ag teacht. Tá sé i bhfad níos mó ná mise. Tá sé an-mhór agus an-ramhar.

Fathach:

Ceart go leor. Ar aghaidh leat.

77

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 77

31/08/2018 11:02


An Scoil Scéalaí:

Chuaigh an dara gabhar thar an droichead. Chuaigh sé isteach sa pháirc ghlas. Thosaigh sé ag ithe féir. Bhí an féar an-bhlasta. Bhí an dara gabhar an-sásta. Tar éis tamaill, bhí an tríú gabhar ag dul thar an droichead. Bhí an fathach mór gránna faoin droichead. Chuala sé an gabhar ag siúl ar an droichead.

Fathach:

Stop! Ná téigh thar an droichead! Is fathach mór láidir mé. Is liomsa an droichead seo. Tá ocras an domhain orm. Íosfaidh mé tú.

An Tríú Gabhar:

Ní íosfaidh tú mé. Níl eagla orm. Maróidh mé tú.

Scéalaí:

Bhí fearg an domhain ar an bhfathach.

Fathach:

Ní mharóidh tú mé!

Scéalaí:

Léim an fathach ar an droichead. Bhuail an tríú gabhar é. Thit an fathach isteach san uisce. Ní fhaca éinne go deo arís é. Bhí an tríú gabhar an-sásta. Chuaigh an tríú gabhar thar an droichead. Chuaigh sé isteach sa pháirc ghlas. Thosaigh sé ag ithe féir. Bhí na gabhair sna trithí ag gáire. Bhí siad an-sásta.

Freagair na Ceisteanna: 1 Cá raibh na gabhair? 2 Cén saghas aimsire a bhí ann? 3 An raibh na gabhair ag ithe féir? 4 Cad a bhí sa pháirc trasna na habhann? 5 Cá raibh an fathach? 6 Ar chuala an fathach an gabhar ar an droichead? 7 Ar chuala an fathach tarbh ar an droichead? 8 An raibh an chéad ghabhar tanaí? 9 An raibh an chéad ghabhar ramhar? 10 An raibh an chéad ghabhar níos mó ná an dara gabhar?

78

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 78

31/08/2018 11:02


An Scoil Foclóir: an ghrian, an chéad ghabhar, fathach, an sliabh, droichead, abhainn, an dara gabhar, féar, an pháirc, an tríú gabhar. Bua na Cainte 3 lch. 37. Iarrann an múinteoir ar na páistí cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr.Tarraingíonn na páistí an pictiúr agus scríobhann siad na focail in aice leis an bpictiúr. Bua na Cainte 3 lch. 38. Iarrann an múinteoir ar na páistí abairtí a scríobh. Tá an gabhar níos mó ná an ___. (eala, gabhar, rón, cú, tarbh, capall, luch, leon, moncaí, fathach) Chonaic siad ___ sa pháirc trasna na habhann. (fathach, gabhar, tarbh, capall, cú) Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr ar lch. 37: Na Trí Ghabhar. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga.

79

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 79

31/08/2018 11:02


An Scoil Measúnú don Fhoghlaim Teanga ó Bhéal 1 An bhfuil cás peann luaidhe aici? 2 An bhfuil siosúr aige? 3 An rialóir é? 4 An scriosán é? 5 An bhfaca tú páipéar? 6 An bhfaca tú an mála scoile? 7 Cad atá sa seomra ranga? 8 Déan cur síos ar an seomra ranga? 9 Cad atá in aice leis an ríomhaire? 10 Cá bhfuil an bosca bruscair? 11 Cén t-am é? 12 An raibh tinteán sa seomra ranga? 13 An raibh ríomhaire sa seomra ranga? Léitheoireacht Tá ___ agam/agat/aige/aici. (mála scoile, peann, rialóir, bioróir, siosúr, gliú) Scríbhneoireacht An Seomra Ranga Tá ___ faoin doirteal. (cófra) Tá cófra in aice leis an ___. (doirteal) Tá ___ ar an gcófra. (ríomhaire glúine) Tá ___ in aice leis an ríomhaire glúine. (printéir) Tá ___ in aice leis an ríomhaire glúine freisin. (cófra) Tá ___ ar an mballa. (léarscáil) Tá ___ sa seomra ranga. (clár bán) Tá ___ in aice leis an gclár bán. (leabharlann) Tá ___ sa leabharlann. (leabhair) Tá ___ in aice leis an leabharlann. (bord dúlra) Tá ___ ar an mballa. (clog) Tá ___ ar an mballa. (pictiúir)

80

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp033-080).indd 80

31/08/2018 11:02


Oíche Shamhna Ócáidí Speisialta – Oíche Shamhna – Aonad Teagaisc agus Foghlama Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 39–43) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Oíche Shamhna Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí féasta mór sa choill. D’ith an púca bairín breac. Is thug sé fáinne don phuimcín. Bhí an ceann cait ag ithe. Bhí an sciathán leathair ag ól. Bhí an cnámharlach ag rince. Is bhí an chailleach ag seinm ceoil. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí úll ar crochadh ón gcrann. Bhí spórt agus scléip ag gach éinne. Oíche Shamhna a bhí ann.

Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí an ghealach sa spéir. Bhí Niamh gléasta mar phúca. Bhí Oisín gléasta mar chnámharlach. Bhí Ruairí gléasta mar vaimpír. Bhí Róisín gléasta mar chailleach. Bhí Liam gléasta mar phúca. Chonaic na páistí tine chnámh. Chuaigh na páistí ó theach go teach. ‘Bob nó bia,’ arsa na páistí. Fuair siad úlla, cnónna agus milseáin. Bhí spórt agus scléip acu. Litriú: Chonaic na páistí tine chnámh.

Oíche Shamhna shona! Go mba hé duit. ‘Oíche Shamhna shona!’ A scread na seanchait. Litriú: cailleach, púca, féasta, bairín breac.

81

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 81

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Tharraing na páistí pictiúir d’Oíche Shamhna. Dhathaigh na páistí na pictiúir. Ghearr na páistí amach na pictiúir le siosúir. ‘A Oisín, bailigh na pictiúir, le do thoil,’ arsa an múinteoir. Bhailigh Oisín na pictiúir. Thug sé na pictiúir don mhúinteoir. Chuir an múinteoir na pictiúir ar an mballa. ‘A Niamh, déan cur síos ar an bpictiúr,’ arsa an múinteoir. Oíche Shamhna atá ann. Tá an ghealach sa spéir. Tá réaltaí sa spéir freisin. Tá cailleach sa phictiúr. Tá ___ uirthi (freisin). (gúna corcra, hata dubh, bróga dubha) Tá a gruaig glas. Tá an chailleach ag eitilt ar scuab. Tá cat dubh ag eitilt ar an scuab freisin. Ar fheabhas ar fad. Maith thú! ‘A Ruairí, déan cur síos ar an bpictiúr,’ arsa an múinteoir. Tá puimcín ar an bhfuinneog. Tá ___ sa phictiúr. (púca, cnámharlach) Tá sé ag damhsa. Tá vaimpír in aice leis an gcnámharlach. Tá sciathán leathair sa spéir. Tá ceann cait ar an gcrann. Tá úll ar crochadh ón gcrann. Tá tine chnámh sa ghairdín. Ar fheabhas ar fad. Maith thú! A Róisín, cuir na focail in aice leis na pictiúir. (cailleach, cnámharlach, púca, vaimpír, ceann cait, crann, tine chnámh, sciathán leathair, puimcín, gealach, réaltaí. Ar fheabhas ar fad! Maith thú!

An Nuacht An nuacht á léamh ag Niamh. Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí mé gléasta mar phúca. Chuaigh mé ó theach go teach. ‘Bob nó bia,’ a dúirt mé. Chonaic mé tine chnámh. Bhí féasta i mo theach. Tháinig mo chairde go dtí an féasta. Bhí Oisín gléasta mar chnámharlach. Bhí Liam gléasta mar phúca. Bhí Róisín gléasta mar chailleach. D’ith mé bairín breac. D’ith Oisín úlla agus cnónna. D’ith Róisín criospaí agus brioscaí. D’ith Ruairí milseáin. D’ól mé oráiste. Bhí spórt agus scéip agam le mo chairde. Anois an aimsir á léamh ag Oisín. An Aimsir Oíche Shamhna a bhí ann aréir. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí an ghealach agus na réaltaí sa spéir. Bhí an oíche an-fhuar. Bhí an oíche tirim. Bhí sé ag cur seaca. Litriú: spórt agus scléip, ó theach go teach, bob nó bia.

Litriú: Tharraing, puimcín, vaimpír.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Oíche Shamhna

An Chailleach Uaigneach

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an dán: Oíche Shamhna Dráma bunaithe ar an scéal: Oíche Shamhna Dráma bunaithe ar an scéal: An Chailleach Uaigneach

Cluiche Kim Foclóir Bí ag Caint Scríobh an Scéal Bí ag Léamh Dathaigh

Obair Bheirte Cad a d’ith ___? (an púca, srl.) D’ith ___ (an púca, srl.) ___. (bairín breac, srl.) Cad a d’ól ___? (an chailleach, srl.) D’ól ___ (an chailleach, srl.) ___. (oráiste, srl.)

Cad a bhí ar siúl agat Oíche Shamhna? Cad a d’ith tú? Cad a d’ól tú? Cad a chonaic tú? Conas a bhí tú gléasta? Cén saghas aimsire a bhí ann Oíche Shamhna?

82

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 82

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Oíche Shamhna shona! Go mba hé duit. Cad a bhí ar siúl agat Oíche Shamhna? Cad d’ith tú? Cad d’ól tú?

Cad a fuair tú? An raibh spórt agus scléip agat? Conas a bhí tú gléasta? Tarraing ___. Dathaigh ___. Déan cur síos ar an bpictiúr.

Ar fheabhas ar fad. Maith thú! Maith sibh! A ___, bailigh ___. (na cóipleabhair, na málaí, srl.)

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ealaín Oíche Shamhna

Drámaíocht Oíche Shamhna An Chailleach Uaigneach

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

83

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 83

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Beannú do dhuine Freagairt do bheannú Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga Oíche Shamhna Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí féasta mór sa choill. D’ith an púca bairín breac. Is thug sé fáinne don phuimcín. Bhí an ceann cait ag ithe. Bhí an sciathán leathair ag ól. Bhí an cnámharlach ag rince. Is bhí an chailleach ag seinm ceoil. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí úll ar crochadh ón gcrann. Bhí spórt agus scléip ag gach éinne. Oíche Shamhna a bhí ann.

Caint an Ranga Oíche Shamhna shona. Go mba hé duit. Cad a bhí ar siúl ag __? Bhí ___ (ainm an pháiste) ___. (ag ithe, ag ól, ag rince, ag seinm ceoil) Cad a d’ith sé/sí? D’ith ___ (ainm an pháiste) ___. (úll, oráiste, banana, srl.) Cad a d’ól sé/sí? D’ól ___ (ainm an pháiste) ___. (uisce, bainne, srl.) An raibh spórt agus scléip agat?

Oíche Shamhna shona! Go mba hé duit. ‘Oíche Shamhna shona!’ A scread na seanchait. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an dán Oíche Shamhna. Ceistíonn an múinteoir na páistí faoin gcéad véarsa:‘Cén oíche a bhí ann?’ ‘Cad a bhí ar siúl sa choill?’ ‘Cad a d’ith an púca?’ ‘Cad a thug an púca don phuimcín?’ Múintear an chéad véarsa den dán do na páistí líne ar líne. Ceistítear na páistí:‘Cad a bhí ar siúl ag an gceann cait?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an sciathán leathair?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an gcnámharlach?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an gcailleach?’ Múintear an dara véarsa den dán do na páistí líne ar líne. Ceistítear na páistí:‘Cén saghas oíche a bhí ann?’ ‘Cad a bhí ar crochadh ón gcrann?’ ‘An raibh spórt agus scléip ag gach duine?’ ‘Cén oíche a bhí ann?’ Múintear an tríú véarsa den dán do na páistí líne ar líne. Deir an múinteoir ‘Oíche Shamhna shona.’ Spreagtar na páistí freagairt don bheannú:‘Go mba hé duit.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cad a scread na seanchait?’ Cluiche Kim: cailleach, púca, bairín breac, cnónna, fáinne, puimcín, sciathán leathair, ag seinm ceoil, cnámharlach, ceann cait, féasta. Foclóir: cailleach, púca, bairín breac, cnónna, fáinne, puimcín, sciathán leathair, ag seinm ceoil, cnámharlach, ceann cait. Bí ag Caint: Cén oíche a bhí ann? An raibh féasta ar siúl sa choill? Cad a d’ith an púca? Cé a thug fáinne don phuimcín? Cad a bhí ar siúl ag an gceann cait? Cad a bhí ar siúl ag an gcnámharlach? Cad a bhí ar siúl ag an gcailleach? Cad a bhí ar siúl ag an sciathán leathair? Scríobh an Scéal: Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí féasta ar siúl sa choill. D’ith an púca bairín breac.Thug sé fáinne don phuimcín. Bhí an ceann cait ag ithe. Bhí an sciatháin leathair ag ól. Bhí an cnámharlach ag rince. Bhí an chailleach ag seinm ceoil. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí úll ar crochadh ón gcrann. Bhí spórt agus scléip ag gach éinne. Oíche Shamhna a bhí ann. ‘Oíche Shamhna shona.’ ‘Go mba hé duit.’ ‘Oíche Shamhna shona,’ a scread na seanchait. Litriú: cailleach, púca, féasta, bairín breac.

84

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 84

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Déantar dráma bunaithe ar scéal an dáin. Cuirtear bairín breac ar an mbord. Crochtar úll sa seomra ranga. Bíonn páiste mar phúca, páiste mar phuimcín, páiste mar sciathán leathair, páiste mar cheann cait, páiste mar chnámharlach, páiste mar sciathán leathair, páistí mar sheanchait. Gléasann na páistí suas don dráma. Deir na páistí go léir an dán le chéile. Itheann an púca bairín breac agus tugann sé fáinne don phuimcín. Bíonn an ceann cait ag ithe. Bíonn an sciathán leathair ag ól. Bíonn an cnámharlach ag rince. Bíonn an chailleach ag seinm ceoil. Bíonn páistí ag iarraidh píosa den úll atá ar crochadh a ithe. Deir an púca:‘Oíche Shamhna shona.’ Freagraíonn an puimcín:‘Go mba hé duit.’ Screadann na seanchait:‘Oíche Shamhna shona.’

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 39. Deir an rang go léir/grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an dán. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén oíche a bhí ann?’ ‘An raibh féasta ar siúl sa choill?’ srl. Bua na Cainte 3 lch. 39. Scríobhann na páistí an dán ina gcóipleabhair agus tarraingíonn siad pictiúr chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: ‘Cad a bhí ar siúl agat?’ ‘Cad a d’ith tú?’ ‘Cad a d’ól tú?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Drámaíocht: Is féidir dráma a bhunú ar ábhar an dáin.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann na focail ‘cailleach, púca, bairín breac, cnónna, fáinne, puimcín, sciathán leathair, ag seinm ceoil, cnámharlach, ceann cait, féasta, ar crochadh’ a úsáid? An bhfuil an páiste in ann beannú do dhuine? ‘Oíche Shamhna shona.’ An bhfuil an páiste in ann freagairt do bheannú? ‘Go mba hé duit.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Oíche Shamhna a bhí ann.’ ‘Bhí féasta ar siúl sa choill.’ srl.

85

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 85

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Scéal a insint Ceisteanna a chur agus a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí an ghealach sa spéir. Bhí Niamh gléasta mar phúca. Bhí Oisín gléasta mar chnámharlach. Bhí Ruairí gléasta mar vaimpír. Bhí Róisín gléasta mar chailleach. Bhí Liam gléasta mar phúca. Chonaic na páistí tine chnámh. Chuaigh na páistí ó theach go teach. ‘Bob nó bia,’ arsa na páistí. Fuair siad úlla, cnónna agus milseáin. Bhí spórt agus scléip acu.

Caint an Ranga Cad a rinne tú oíche Shamhna? Conas a bhí tú gléasta? Cad a fuair tú? An raibh spórt agus scléip agat?

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén oíche a bhí ann?’ ‘Cad a bhí sa spéir?’ ‘Conas a bhí ___ gléasta?’ (Niamh, Oisín, srl.) ‘Cad a chonaic na páistí?’ ‘Cá ndeachaigh na páistí?’ ‘Cad a dúirt na páistí?’ ‘Cad a fuair na páistí?’ ‘An raibh spórt agus scléip acu?’ Spreagtar na páistí an scéal a insint. Cluiche Kim: gealach, cnámharlach, cailleach, púca, vaimpír, tine chnámh, úlla, cnónna, sciathán leathair, fáinne, bairín breac, milseáin. Bí ag Léamh: Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí an ghealach sa spéir. Bhí Niamh gléasta mar phúca. Bhí Oisín gléasta mar chnámharlach. Bhí Ruairí gléasta mar vaimpír. Bhí Róisín gléasta mar chailleach. Chonaic na páistí tine chnámh. Chuaigh na páistí ó theach go teach.‘Bob nó bia,’ arsa na páistí. Fuair siad úlla, cnónna agus milseáin. Bhí spórt agus scléip acu. Scríobh an Scéal: Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí an ghealach sa spéir. Bhí Niamh gléasta mar phúca. Bhí Oisín gléasta mar chnámharlach. Bhí Ruairí gléasta mar vaimpír. Bhí Róisín gléasta mar chailleach. Chonaic na páistí tine chnámh. Chuaigh na páistí ó theach go teach.‘Bob nó bia,’ arsa na páistí. Fuair siad úlla, cnónna agus milseáin. Bhí spórt agus scléip acu. Litriú: Chonaic na páistí tine chnámh.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáideann an múinteoir pictiúir chun cabhrú leis na páistí an scéal a insint. Insíonn na páistí go léir an scéal le chéile.Ansin insíonn grúpaí éagsúla páistí an scéal le cabhair na bpictiúr. Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir.Taispeánann an páiste na pictiúir do pháiste eile agus spreagtar an páiste an scéal a insint. Bua na Cainte 3 lch. 40. Léann na páistí an scéal: Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí an ghealach sa spéir. Bhí Niamh gléasta mar phúca. Bhí Oisín gléasta mar chnámharlach. Bhí Ruairí gléasta mar vaimpír. Bhí Róisín gléasta mar chailleach. Bhí Liam gléasta mar phúca. Chonaic na páistí tine chnámh. Chuaigh na páistí ó theach go teach.‘Bob nó bia,’ arsa na páistí. Fuair siad úlla, cnónna agus milseáin. Bhí spórt agus scléip acu. Bua na Cainte 3 lch. 40. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén oíche a bhí ann?’ ‘Conas a bhí Niamh gléasta?’ ‘Conas a bhí ___ gléasta?’ (Oisín, srl.) ‘Cad a chonaic na páistí?’ ‘Cad a fuair na páistí?’ ‘An raibh spórt agus scléip acu?’ Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 40. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén oíche a bhí ann?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil. 86

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 86

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: ‘Cad a rinne tú oíche Shamhna?’ ‘Conas a bhí tú gléasta?’ ‘Cad a fuair tú?’ ‘An raibh spórt agus scléip agat?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Drámaíocht: Is féidir dráma a bhunú ar ábhar an cheachta seo.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (an ghealach, cnámharlach, púca, vaimpír, tine chnámh, teach, cnónna, cailleach) An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Oíche Shamhna a bhí ann.’ srl. An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén oíche a bhí ann?’ ‘Conas a bhí Niamh gléasta?’ ‘Conas a bhí ___ gléasta?’ (Oisín, srl.) ‘Cad a chonaic na páistí?’ ‘Cad a fuair na páistí?’ ‘An raibh spórt agus scléip acu?’

87

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 87

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ● ●

● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú Aird a lorg Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Cur síos a dhéanamh Duine a mholadh

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Tharraing na páistí pictiúir d’Oíche Shamhna. Dhathaigh na páistí na pictiúir. Ghearr na páistí amach na pictiúir le siosúir. ‘A Oisín, bailigh na pictiúir, le do thoil,’ arsa an múinteoir. Bhailigh Oisín na pictiúir. Thug sé na pictiúir don mhúinteoir. Chuir an múinteoir na pictiúir ar an mballa. ‘A Niamh, déan cur síos ar an bpictiúr,’ arsa an múinteoir. Oíche Shamhna atá ann. Tá an ghealach sa spéir. Tá réaltaí sa spéir freisin. Tá cailleach sa phictiúr. Tá ___ uirthi (freisin). (gúna corcra, hata dubh, bróga dubha) Tá a gruaig glas. Tá an chailleach ag eitilt ar scuab. Tá cat dubh ag eitilt ar an scuab freisin. Ar fheabhas ar fad. Maith thú! ‘A Ruairí, déan cur síos ar an bpictiúr,’ arsa an múinteoir. Tá puimcín ar an bhfuinneog. Tá ___ sa phictiúr. (púca, cnámharlach) Tá sé ag damhsa. Tá vaimpír in aice leis an gcnámharlach. Tá sciathán leathair sa spéir. Ta ceann cait ar an gcrann. Tá úll ar crochadh ón gcrann. Tá tine chnámh sa ghairdín. Ar fheabhas ar fad. Maith thú! A Róisín, cuir na focail in aice leis na pictiúir. (cailleach, cnámharlach, púca, vaimpír, ceann cait, crann, tine chnámh, sciathán leathair, puimcín, gealach, réaltaí) Ar fheabhas ar fad! Maith thú!

Tarraing ___. Dathaigh ___. Déan cur síos ar an bpictiúr. Tá ___ uirthi. (cóta, hata, gúna, lámhainní, bríste, bróga, srl.) Tá sé ___. (ag rith, ag siúl, ag damhsa, srl.) Tá ___ar crochadh. (pictiúr, léarscáil, srl.) Ar fheabhas ar fad. Maith thú! Maith sibh!

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an gcomhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén oíche atá ann?’ ‘Cad atá sa spéir?’ ‘Cé hí seo?’ ‘Cén dath atá ar ___?’ (a gúna, a hata, a gruaig) ‘Cad atá ar siúl ag an bpuimcín?’ ‘Cá bhfuil ___?’ (an puimcín, an vaimpír, an sciathán leathair, an cat dubh, an ceann cait, an t-úll, an tine chnámh) Tasc Tuisceana: Cuir ___ sa spéir. (an ghealach, réaltaí, sciathán leathair) Cuir ___ ar an scuab (freisin). (an chailleach, an cat dubh) Cuir puimcín ar an bhfuinneog. Cuir cnámharlach in aice leis an bhfuinneog. Cuir vaimpír in aice leis an gcnámharlach. Cuir ceann cait ar an gcrann. Cuir úll ar crochadh ón gcrann. Cuir tine chnámh sa ghairdín. Dathaigh: Féach ar an gcailleach. Dathaigh a gúna corcra. Dathaigh a hata corcra freisin. Dathaigh a bróga dubh. Dathaigh an scuab donn. Dathaigh a gruaig glas. Dathaigh an cat dubh. Dathaigh an puimcín ar an bhfuinneog oráiste. Dathaigh an ceann cait ar an gcrann liath. Dathaigh an cnámharlach bán. Dathaigh an ghealach buí. Dathaigh na réaltaí buí freisin. Dathaigh an sciathán leathair dubh. Dathaigh an tine chnámh dearg. Féach ar an vaimpír. Dathaigh a ghruaig dubh. Dathaigh a chóta corcra. Dathaigh a léine bán. Dathaigh a bhríste dubh. Dathaigh a charbhat dearg. Litriú: Tharraing, puimcín, vaimpír.

88

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 88

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Tréimhse Chumarsáide

Déanann an múinteoir agus na páistí taispeántas d’oíche Shamhna ar an mballa sa seomra ranga. Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla na rudaí seo leanas a chur sa phictiúr ar an mballa:‘Cuir ___ sa spéir.’ (an ghealach, réaltaí, sciathán leathair) ‘Cuir ___ ar an scuab.’ (cailleach, cat dubh) ‘Cuir puimcín ar an bhfuinneog.’ ‘Cuir cnámharlach in aice leis an bhfuinneog.’ ‘Cuir vaimpír in aice leis an gcnámharlach.’ ‘Cuir ceann cait ar an gcrann.’ ‘Cuir úll ar crochadh ón gcrann.’ ‘Cuir tine chnámh sa ghairdín.’ Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla na luaschártaí a chur in aice leis na pictiúir. Ansin iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr:‘Oíche Shamhna atá ann.’ ‘Tá an ghealach sa spéir.’ ‘Tá réaltaí sa spéir freisin.’ ‘Tá cailleach sa phictiúr.’ ‘Tá gúna corcra uirthi.’ srl. Bua na Cainte 3 lch. 41. Labhraíonn na páistí faoin bpictiúr:‘Oíche Shamhna a bhí ann.’ ‘Bhí an ghealach agus réaltaí sa spéir.’ srl.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 41. Léann na páistí na treoracha faoi phictiúr d’oíche Shamhna a tharraingt.Tarraingíonn na páistí pictiúr d’Oíche Shamhna ina gcóipleabhair. Cuireann na páistí lipéid ar an bpictiúr. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí scéal a scríobh bunaithe ar an bpictiúr ar lch. 41: Oíche Shamhna.Tig leo an foclóir ar lch. 41 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: I rith an lae deir an múinteoir:‘A ___ (ainm an pháiste), bailigh ___.’ (na cóipleabhair, na leabhair, srl.) Nuair a mholann an múinteoir páiste/páistí deir sé/sí:‘Maith thú!/Maith sibh!’ ‘Ar fheabhas ar fad!’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: Is féidir ceacht Ealaíne a bhunú ar ábhar an cheachta seo.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (puimcín, vaimpír, cnámharlach, srl.) An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Oíche Shamhna a bhí ann.’ ‘Bhí an ghealach agus réaltaí sa spéir.’ srl. An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh? ‘Cuir na focail in aice leis na pictiúir.’ ‘Déan cur síos ar an ___.’ An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá vaimpír agus cnámharlach in aice leis an tine chnámh.’

89

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 89

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Tuairisciú Nuacht a thabhairt

Eiseamláirí Teanga An Nuacht An nuacht á léamh ag Niamh. Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí mé gléasta mar phúca. Chuaigh mé ó theach go teach. ‘Bob nó bia,’ a dúirt mé. Chonaic mé tine chnámh. Bhí féasta i mo theach. Tháinig mo chairde go dtí an féasta. Bhí Oisín gléasta mar chnámharlach. Bhí Liam gléasta mar phúca. Bhí Róisín gléasta mar chailleach. D’ith mé bairín breac. D’ith Oisín úlla agus cnónna. D’ith Róisín criospaí agus brioscaí. D’ith Ruairí milseáin. D’ól mé oráiste. Bhí spórt agus scéip agam le mo chairde. Anois an aimsir á léamh ag Oisín.

Caint an Ranga Cad a d’ith tú? D’ith mé ___. Cad a d’ól tú? D’ól mé ___. (uisce, cóla, srl.) Cad a chonaic tú? Chonaic mé ___. An raibh spórt agus scléip agat? Cén saghas aimsire a bhí ann? Bhí sé ___. (tirim, an-fhuar, ag cur seaca) Tá sé fuar agus dorcha.

An Aimsir Oíche Shamhna a bhí ann aréir. Bhí an oíche dubh agus dorcha. Bhí an ghealach agus na réaltaí sa spéir. Bhí an oíche an-fhuar. Bhí an oíche tirim. Bhí sé ag cur seaca. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén oíche a bhí ann?’ ‘An raibh an oíche ___.’ (fuar, dubh, dorcha) ‘Conas a bhí tú gléasta?’ ‘Cad a d’ith tú?’ ‘Cad a d’ól tú?’ ‘Cá ndeachaigh tú?’ ‘Cad a chonaic tú?’ ‘An raibh spórt agus scléip agat?’ Bí ag Caint: Conas a bhí tú gléasta Oíche Shamhna? Cad a bhí sa spéir Oíche Shamhna? An ndeachaigh tú ó theach go teach? An raibh féasta i do theach? Cad a d’ith tú Oíche Shamhna? Cad a d’ól tú Oíche Shamhna? An bhfaca tú tine chnámh? An raibh spórt agus scléip agat? Litriú: spórt agus scléip, ó theach go teach, bob nó bia.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘___ is ainm dom.’ (ainm an pháiste) ‘Tá nuacht agam.’ ‘Oíche Shamhna a bhí ann.’ ‘Bhí sé ___.’ ‘Ghléas mé mar ___.’ ‘D’ith mé ___.’ ‘D’ól mé ___.’ ‘Chonaic mé ___.’ ‘Bhí spórt agus scléip agam.’ Tugann na páistí eile bualadh bos dó/di nuair a bhíonn críochnaithe ag an bpáiste. Obair Bheirte: Insíonn páiste A nuacht do pháiste B. Insíonn páiste B nuacht do pháiste A. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘Cén oíche a bhí ann?’ ‘Cad a bhí sa spéir?’ srl. Freagraíonn páiste B. Malartaíonn siad róil.

90

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 90

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 42. Léann na páistí an nuacht. Scríobhann gach páiste nuacht ina c(h)óipleabhar. Úsáid neamhfoirmiúil na Gaeilge: ‘Cad a d’ith tú?’ ‘Cad a d’ól tú?’ ‘Cad a chonaic tú?’ ‘An raibh spórt agus scléip agat?’ ‘Cén saghas aimsire a bhí ann?’ ‘Bhí sé ___.’ (tirim, an-fhuar, ag cur seaca) ‘Bhí sé fuar agus dorcha.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann an nuacht a thabhairt? ‘Oíche Shamhna a bhí ann.’ srl. An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tháinig mo chairde go dtí an féasta.’ srl.

91

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 91

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Scéal – An Chailleach Uaigneach Scéalaí:

Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí cailleach óg ina cónaí ar bhruach na habhann.

Cailleach:

Tá uaigneas orm. Níl aon chairde agam.

Scéalaí:

Thosaigh an chailleach óg ag súgradh. Thit an liathróid isteach san uisce.

Cailleach:

Cad a dhéanfaidh mé? Tá mé i bponc.

Scéalaí:

Bhí frog beag ar bhruach na habahann. Chuala sé an chailleach óg.

Frog:

Cabhróidh mé leat. Gheobhaidh mé an liathróid duit.

Scéalaí:

Léim an frog isteach san uisce agus fuair sé an liathróid. Thug sé an liathróid ar ais don chailleach óg.

Cailleach:

Go raibh míle maith agat. Is frog an-deas tú.

Frog:

Fuair mé an liathróid duit. An dtabharfaidh tú póg dom?

Cailleach:

Tá tú fuar agus fliuch ach fuair tú an liathróid dom. Tabharfaidh mé póg duit.

Scéalaí:

Thug an chailleach óg póg don fhrog. Leis sin, d’athraigh an frog go buachaill. Bhí sé ina bhuachaill álainn. Prionsa ab ea é.

Buachaill:

Fadó, fadó, bhí mé i mo chónaí sa chaisleán sin. D’athraigh cailleach ghránna mé go frog fadó.

Scéalaí:

Bhí áthas ar an gcailleach agus ar an mbuachaill.

Cailleach:

Níl uaigneas orm anois. Tá cara nua agam.

Buachaill:

Tá cara nua agam freisin.

Scéalaí:

Thosaigh an chailleach agus an buachaill ag spraoi le chéile. Bhí spórt agus scléip acu.

92

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 92

31/08/2018 11:06


Oíche Shamhna Freagair na Ceisteanna: 1 Cén oíche a bhí ann? 2 Cá raibh an chailleach ina cónaí? 3 Cá raibh an frog? 4 Ar chabhraigh an frog leis an gcailleach? 5 An bhfuair an frog an liathróid don chailleach? 6 Ar thug an frog an liathróid ar ais don chailleach? Foclóir: liathróid, bruach na habhann, puimcín, frog, prionsa, uisce, tine chnámh, cailleach, caisleán, ceann cait. Bí ag Scríobh: Bhí ___ ar bhruach na habhann. (cnámharlach, sciathán leathair, puimcín, prionsa, cailleach, ceann cait, gabhar) Bua na Cainte 3 lch. 43. Labhraíonn na páistí faoi bpictiúr:‘Tá an ghealach sa spéir.’ ‘Tá ceann cait ar an gcrann.’ ‘Tá scuab ag an gcailleach.’ srl. Scríobhann na páistí an focal ceart chun na habairtí a chríochnú:‘Bhí ___ ar bhruach na habhann.’ (frog, ceann cait, sciathán leathair, cailleach, caisleán, scuab) Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí scéal a scríobh bunaithe ar an bpictiúr ar lch. 43: Oíche Shamhna.Tig leo an foclóir ar lch. 43 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga.

93

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 93

31/08/2018 11:06


Bia Bia – Aonad Teagaisc agus Foghlama 1 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 44–47) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Éirigh. Tá sé leathuair tar éis a seacht. Chuir Daidí an solas ar siúl. Tá tuirse orm. Ní maith liom éirí. Tá an bricfeasta réidh. Go hiontach. Tá ocras agus tart orm. D’éirigh Oisín ansin. Litriú: Tá ocras orm.Tá tart orm.Tá fearg orm. Tá áthas orm. Chuir Daidí bia ar an bpláta. Thug Daidí bia don leanbh. Chaith an leanbh an bia. Bhí ionadh ar Dhaidí. Bhí léine Dhaidí salach.

Cad atá uait don bhricfeasta? Tá ___ uaim le do thoil. (slisíní bagúin, ispíní, tósta, sú oráiste) Go raibh maith agat. Ná habair é. Cad atá uaithi don bhricfeasta? Tá ___ uaithi (freisin). (ubh fhriochta, ispíní, leite, arán donn) Tá sé an-bhlasta. Cad atá uaidh don bhricfeasta? Tá ___ uaidh. Litriú: Tá ubh uaim.Tá tósta uait.Tá arán uaidh. Tá bainne uaithi. Tá sé ___ a hocht. (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun) Litriú: Tá sé ___ a dó. (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun)

Litriú: Cuireann sé.Tugann sé. Caitheann sé.

94

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 94

31/08/2018 11:06


Bia Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán – A Nóra Bheag Amhrán – Na Gútaí Dán – An Bricfeasta

An Rí agus an tÓr

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an amhrán: A Nóra Bheag Dráma bunaithe ar an scéal: An Rí agus an tÓr Dráma bunaithe ar an scéal: An Leanbh agus an Bia (Ceacht 3)

Tasc Tuisceana Bí ag Léamh Bí ag Scríobh Líon na Bearnaí Cuir na Pictiúir in Ord Scríobh an Scéal Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra Suimeanna Focal Cén t–am é?

Obair Bheirte An bhfuil ___ ort? Tá ___ orm. (ocras, tart, tuirse, brón, áthas, fearg) Cad atá uait? Tá ___ uaim. (leite, srl.) Cad atá uaidh? Tá ___ uaidh.

Cad atá uaithi? Tá ___ uaithi. Cén t-am é? Tá sé ___ a hocht. (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun)

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Éirigh. Tá sé leathuair tar éis a ___. Cuir ___ ar siúl. (an solas, an ríomhaire) Múch an solas. An bhfuil ___ ort? Tá/Níl ___ orm. (ocras, tart, srl.) Go hiontach

Cad atá uait? Tá ___ uaim Cad atá uaidh? Tá ___ uaidh Cad atá uaithi? Tá ___ uaithi. (úll, oráiste, peann, leabhar, cóipleabhar, srl.)

Chuir sé/sí ___ ar an mbord. Chuir sé/sí ___ ar an gcathaoir. Chaith sé/sí an liathróid. Tá ___ salach. (do chóta, do bhróga) Cén t-am é? Tá sé ___ a hocht. (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun)

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol A Nóra Bheag

Drámaíocht An Leanbh agus an Bia An Rí agus an tÓr A Nóra Bheag

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7 95

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 95

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 1 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ● ●

Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Mothúcháin a léiriú Taitneamh/Easpa taitnimh a léiriú Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga Éirigh. Tá sé leathuair tar éis a seacht. Chuir Daidí an solas ar siúl. Tá tuirse orm. Ní maith liom éirí. Tá an bricfeasta réidh. Go hiontach! Tá ocras agus tart orm. D’éirigh Oisín ansin.

Caint an Ranga Éirigh Tá sé leathuair tar éis a ___. Cuir ___ ar siúl. (an solas, an ríomhaire) Múch an solas. An bhfuil ___ ort? Tá/Níl ___ orm. (ocras, tart, tuirse, brón, áthas, fearg)

Amhrán – A Nóra Bheag ‘A Nóra bheag, cá raibh tú aréir?’ ’Sé dúirt mo Mhamaí liomsa. ‘I gcúl an tí ag tobar an uisce Ag foghlaim coiscéim damhsa.’

Is maith le Nóra pis agus pónairí. Is maith le Nóra bainne. Is maith le Nóra prátaí rósta. Is d’íosfadh Nóra an t-im leo.

‘A Nóra bheag, cá raibh tú aréir?’ ‘Bhí mé i gcúl an gharraí.’ ‘Cé bhí agat féin ansin?’ ‘An píobaire beag is a mhálaí.’

‘Is iomba Nóra, Nóra, Nóra.’ ‘Is iomba is tú mo ghrá geal.’ ‘Is iomba Nóra is tú mo stóirín.’ ‘Tá mise dúnta i ngrá leat.’ Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán A Nóra Bheag. Ceistítear na páistí:‘Cá raibh Nóra?’ ‘Cad a bhí ar siúl aici?’ ‘An maith le Nóra ___.’ (pis, pónairí, bainne, prátaí rósta, im) ‘Cé eile a bhí i gcúl an tí?’ Múintear an comhrá do na páistí.Tugann an múinteoir orduithe do na páistí:‘Éirigh.’ ‘Cuir ___ ar siúl.’ (an solas, an ríomhaire, an raidió, an teilifís) ‘Múch ___.’ (an solas, an ríomhaire, srl.) Ceistítear na páistí:‘Cén t-am é?’ ‘Cad a dúirt Oisín?’ ‘An maith leis éirí?’ ‘Cad a dúirt Daidí?’ ‘An bhfuil ___ ar Oisín?’ (ocras, tart, tuirse) Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga mar Oisín. Glacann an múinteoir ról Dhaidí. Luíonn an páiste ar bhord agus ligeann sé air/uirthi go bhfuil sé/sí ina c(h)odladh sámh. Iarrann an múinteoir ar an bpáiste éirí:‘Éirigh.’ ‘Tá sé leathuair tar éis a seacht.’ Cuireann an múinteoir an solas ar siúl. Spreagann an múinteoir na páistí an abairt ‘Chuir Daidí an solas ar siúl’ a rá. Spreagann an múinteoir ‘Oisín’ chun na habairtí seo leanas a rá:‘Ní maith liom éirí.’ ‘Tá tuirse orm.’ Deir an múinteoir:‘Tá an bricfeasta réidh.’ Spreagtar an páiste ‘Tá ocras agus tart orm’ a rá. Éiríonn an páiste. Spreagtar na páistí eile an abairt ‘D’éirigh Oisín ansin’ a rá. Tasc Tuisceana: Cén t-am é? Tá sé ___ tar éis a seacht. (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) Bí ag Léamh: ‘Éirigh,’ arsa Daidí.‘Tá sé leathuair tar éis a seacht.’ ‘Tá tuirse orm,’ arsa Oisín.‘Ní maith liom éirí.’ ‘Tá an bricfeasta réidh,’ arsa Daidí.‘Go hiontach,’ arsa Oisín.‘Tá ocras agus tart orm.’ D’éirigh Oisín ansin. Bí ag Scríobh: Tá ___ orm. (fearg, áthas, tart, ocras, brón, tuirse) Litriú: Tá ocras orm.Tá tart orm.Tá fearg orm.Tá áthas orm.

Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Bíonn páiste mar Dhaidí agus páiste mar Oisín. Insíonn an múinteoir agus na páistí eile an scéal. Taispeánann an múinteoir pictiúir do na páistí.Tá ___ orm. (ocras, tart, tuirse, brón, áthas, fearg) Meallann an múinteoir an abairt chuí ó na páistí.

96

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 96

31/08/2018 11:06


Bia Tagann páiste A amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Roghnaíonn páiste A pictiúr agus taispeánann páiste A an pictiúr do pháiste eile. Deir an páiste an abairt chuí:‘Tá ___ orm.’ (ocras, srl.) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Roghnaíonn páiste A pictiúr agus taispeánann páiste A an pictiúr do pháiste B. Deir páiste B an abairt chuí:‘Tá ___ orm.’ (ocras, srl.) Obair Bheirte: Tugtar pictiúir do gach beirt pháistí. Roghnaíonn páiste A pictiúr agus taispeánann páiste A an pictiúr do pháiste B. Deir páiste B an abairt chuí:‘Tá ___ orm.’ (ocras, srl.) Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 44. Léann na páistí an scéal. Léann na páistí na habairtí: Tá ___ orm.’ (ocras, tart, tuirse, brón, áthas, fearg) Scríobhann na páistí na habairtí ina gcóipleabhair. Comhtháthún le hÁbhair eile: Ceol: A Nóra Bheag. Drámaíocht: Is féidir dráma a bhunú ar ábhar an chomhrá:An bricfeasta. Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceistíonn an múinteoir na páistí ag amanna difriúla i rith an lae:‘Cén t-am é?’ ‘An bhfuil ___ ort?’ (tuirse, ocras, tart) Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla rudaí sa seomra ranga a chur ar siúl:‘Cuir ___ ar siúl.’ (an solas, an ríomhaire, an raidió) Nuair a dhéanann páiste rud maith ar scoil deir an múinteoir: ‘Go hiontach.’ Má fhaigheann páiste scór i gcluiche i gceacht sa Chorpoideachas spreagtar na páistí ‘Go hiontach!’ a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh? ‘Éirigh.’ An bhfuil an páiste in ann mothúcháin a léiriú? ‘Tá ___ orm.’ (ocras, tart, tuirse, brón, áthas, fearg) An bhfuil an páiste in ann easpa taitnimh a léiriú? ‘Ní maith liom éirí.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘D’éirigh Oisín ansin.’

97

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 97

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 1 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Taitneamh a léiriú Buíochas a léiriú

Eiseamláirí Teanga Cad atá uait don bhricfeasta? Tá ___ uaim le do thoil. (slisíní bagúin, ispíní agus tósta) Tá sú oráiste uaim freisin. Go raibh maith agat. Ná habair é. Cad atá uaithi don bhricfeasta? Tá ___ uaithi. (ubh fhriochta, ispíní agus arán donn) Tá bainne uaithi freisin. Go raibh maith agat.Tá sé an-bhlasta. Ná habair é.

Caint an Ranga Cad atá uait? Tá ___ uaim Cad atá uaidh? Tá ___ uaidh Cad atá uaithi? Tá ___ uaithi. (peann, leabhar, cóipleabhar)

Cad atá uaidh don bhricfeasta? Tá leite uaidh.Tá gloine uisce uaidh freisin. Go raibh maith agat.Tá sé an-bhlasta. Ná habair é. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá do na páistí. Ceistítear páistí éagsúla:‘Cad atá uait?’ ‘Tá ___ uaim.’ ‘Cad atá uaidh?’ ‘Tá ___ uaidh.’ ‘Cad atá uaithi?’ ‘Tá ___ uaithi.’ (gránach, leite, tósta, arán donn, ispíní, ubh fhriochta, bainne, gloine uisce, sú oráiste) Léiríonn an múinteoir pictiúr de na bianna difriúla do na páistí. Iarrann an múinteoir ar bhuachaill teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir an buachaill:‘Cad atá uait?’ Freagraíonn an buachaill:‘Tá ___ uaim.’ Ansin cuireann an múinteoir ceist ar pháiste eile sa rang:‘Cad atá uaidh?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ uaidh.’ Iarrann an múinteoir ar chailín teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir an cailín:‘Cad atá uait?’ Freagraíonn an cailín:‘Tá ___ uaim.’ Ansin cuireann an múinteoir ceist ar pháiste eile sa rang:‘Cad atá uaithi?’ Freagraíonn an páiste: ‘Tá ___ uaithi.’ Bí ag Léamh: Tá ___ uaidh/uaithi. (sú oráiste, leite, gránach, tósta, arán donn, uisce, arán, im agus subh, slisíní bagúin, ispíní, ubh fhriochta) Bí ag Scríobh: Tá ___ uaidh.Tá ___ uaithi. (leite, slisíní bagúin, gránach, ubh fhriochta, sú oráiste, arán donn, tósta, ispíní) Líon na Bearnaí: mé, tú, sé, sí.Tá ___ uaim/uait/uaidh/uaithi. (sú oráiste, leite, gránach. tósta, arán donn) Litriú: Tá ubh uaim.Tá tósta uait.Tá arán uaidh.Tá bainne uaithi.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear pictiúir de bhianna don bhricfeasta. Ceistíonn an múinteoir páistí difriúla:‘Cad atá uait?’ Freagraíonn an páiste: ‘Tá ___ uaim.’ Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá uait?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ uaim.’ Obair Bheirte: Tugtar pictiúir de bhianna don bhricfeasta do gach beirt pháistí. (gránach, tósta, arán donn, ispíní, arán, im agus subh, ubh fhriochta, uisce) Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá uait?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ uaim.’ Malartaíonn na páistí róil. Drámaíocht: Cuirtear bianna don bhricfeasta ar an mbord. Bíonn an múinteoir i ról. Glacann an múinteoir ról an tuismitheora. Iarrann an múinteoir ar thriúr páistí teacht amach os comhair an ranga, buachaill agus cailín ina measc. Ceistíonn an múinteoir páiste:‘Cad atá ___?’ (uait, uaidh, uaithi) Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ (leite, srl.) ___.’ (uaim, uaidh, uaithi) Ansin glacann páiste ról an tuismitheora. Ceistíonn an múinteoir páiste:‘Cad atá ___?’ (uait, uaidh, uaithi) Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ (leite, srl.) ___.’ (uaim, uaidh, uaithi) 98

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 98

31/08/2018 11:06


Bia Obair Bheirte: Tugtar pictiúir de chailín agus de bhuachaill do gach beirt pháistí. (gránach, tósta, arán donn, ispíní, arán, im agus subh, ubh fhriochta) Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá ___?’ (uaidh, uaithi) Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ uaidh/uaithi.’ Malartaíonn na páistí róil. (Cuirtear abairtchártaí ar an gclár bán chun scafall a thabhairt do pháistí áirithe más gá.)

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 45. Léann na páistí na habairtí:‘Tá ___ (tósta, srl.) ___.’ (uaim, uait, uaidh, uaithi) Scríobhann na páistí na habairtí. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn rud éigin ag teastáil ó pháiste sa seomra ranga cuireann an múinteoir ceist ar an bpáiste:‘Cad atá uait?’ Spreagtar an páiste an cheist a fhreagairt:‘Tá ___ uaim.’ Nuair a bhíonn rud éigin ag teastáil ó pháiste eile sa seomra ranga cuireann an múinteoir ceist ar pháiste:‘Cad atá uaidh/uaithi?’ Spreagtar an páiste an cheist a fhreagairt:‘Tá ___ uaidh/uaithi.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (gránach, leite, tósta, arán donn, ispíní, ubh fhriochta, bainne, gloine uisce, sú oráiste) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cad atá ___?’ (uait, uaidh, uaithi) ‘Tá ___ (arán donn, srl.) ___.’ (uaim, uaidh, uaithi) An bhfuil an páiste in ann taitneamh a léiriú? ‘Tá sé an-bhlasta.’ An bhfuil an páiste in ann buíochas a léiriú? ‘Go raibh maith agat.’

99

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 99

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 1 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Scéal a insint Abairtí a athrú go dtí an aimsir chaite

Eiseamláirí Teanga Chuir Daidí bia ar an bpláta. Thug Daidí bia don leanbh. Chaith an leanbh an bia. Bhí ionadh ar Dhaidí. Bhí léine Dhaidí salach.

Caint an Ranga Chuir sé/sí an leabhar ar an mbord. Chuir sé/sí a m(h)ála ar an gcathaoir. Chaith sé/sí an liathróid. Tá ___ salach. (do chóta, do bhróga)

Amhrán – Na Gutaí Is sinne na gutaí. aou, ie. Is sinne na gutaí. aou, ie.

ie Tá siad caol. Téann siad le chéile. Sin an scéal.

aou Tá siad leathan. Téann siad le chéile Ó Luan go Satharn. (x2)

aou Yahú! ie Yipí! Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Na Gutaí. Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a chuir bia ar an bpláta? ‘Cad a thug Daidí don leanbh?’ ‘Cad a rinne an leanbh?’ ‘An raibh áthas ar Dhaidí?’ ‘An raibh ionadh ar Dhaidí?’ ‘An raibh léine Dhaidí salach?’ ‘An raibh bríste Dhaidí salach?’ ‘An raibh an leanbh salach?’ Úsáidtear na pictiúir. Spreagtar na páistí an scéal a insint. Iarrtar ar chúigear páistí teacht amach os comhair an ranga.Tugtar pictiúr an duine dóibh.Ardaíonn gach páiste an pictiúr cuí ag an am cuí agus insíonn na páistí eile an scéal. De réir a chéile, insíonn grúpa páistí, páistí aonair an scéal. Cuir na Pictiúir in Ord: Chuir Daidí bia ar an bpláta.Thug Daidí bia don leanbh. Chaith an leanbh an bia. Bhí ionadh ar Dhaidí. Bhí léine Dhaidí salach. Scríobh an Scéal: Chuir Daidí bia ar an bpláta.Thug Daidí bia don leanbh. Chaith an leanbh an bia. Bhí ionadh ar Dhaidí. Bhí léine Dhaidí salach. Scríobh na hAbairtí: Chuir Daidí bia ar an bpláta inné. Cuireann Daidí bia ar an bpláta gach lá.Thug Daidí bia don leanbh inné.Tugann Daidí bia don leanbh gach lá. Chaith an leanbh an bia inné. Caitheann an leanbh an bia gach lá. Spraoi le Briathra: Inné, chuir sé. Gach lá, cuireann sé. Inné, thug sé. Gach lá, tugann sé. Inné, chaith sé. Gach lá, caitheann sé. Suimeanna Focal: Cuir + eann = Cuireann.Tug + ann = Tugann. Caith + eann = Caitheann. Litriú: Cuireann sé.Tugann sé. Caitheann sé.

Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Bíonn páiste mar Dhaidí agus páiste mar leanbh. Déanann na páistí na gníomhartha cuí agus insíonn na páistí eile an scéal. Luaschártaí: Iarrann an múinteoir ar na páistí na briathra a chur sa cholún ceart. Inné nó Gach Lá. (Chuir, Cuireann,Thug, Tugann, Chaith, Caitheann)

100

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 100

31/08/2018 11:06


Bia Obair Bheirte: Tugtar briathra do gach beirt pháistí. Iarrann an múinteoir ar na páistí na briathra a chur sa cholún ceart. Ar dtús cuireann páiste A na briathra sa cholún ceart.Ansin cuireann páiste B na briathra sa cholún ceart. Inné nó Gach Lá. (Chuir, Cuireann,Thug,Tugann, Chaith, Caitheann)

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 46. Léann na páistí an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cad a chuir Daidí ar an bpláta?’ ‘Cé a thug bia don leanbh?’ ‘Cé a chaith an bia?’ Léann an múinteoir na briathra san aimsir chaite. Iarrann an múinteoir ar na páistí na briathra a léamh san aimsir láithreach. Scríobhann na páistí na habairtí san aimsir láithreach. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a chuireann páiste ___ ar an an mbord deir páiste:‘Chuir ___ a leabhar, srl. ar an mbord.’ Nuair a thugann páiste peann do pháiste eile deir páiste:‘Thug ___ an peann do ___.’ Nuair a chaitheann páiste an liathróid/sliotar i gcluiche peile/iománaíochta sa chlós deir páiste:‘Chaith sé/sí an liathróid/sliotar.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint san aimsir chaite. ’Chuir Daidí bia ar an bpláta?’ srl. An bhfuil an páiste in ann abairtí a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach? (Chuir, Cuireann,Thug,Tugann, Chaith, Caitheann)

101

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 101

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 1 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt An t-am a insint Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga Tá sé ___ a hocht (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun) Rann – An Bricfeasta Ithim leite. Ithim ubh. Ólaim tae. Is maith liom subh.

Caint an Ranga Cén t-am é? Tá sé ___ a hocht. (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun) Is maith to liom ___. Tá mé lán.

Bainne ar an leite. Im ar an arán. Siúcra ar an tae. Is bímse lán. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an rann An Bricfeasta. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a itheann tú ar maidin?’ ‘Cad a ólann tú ar maidin?’ ‘An maith leat subh?’ ‘Cad a chuireann tú ar an leite?’ ‘Cad a chuireann tú ar an arán?’ ‘An maith leat siúcra?’ ‘An mbíonn tú lán?’ Baintear úsáid as clog.Téitear siar ar an am. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am é?’ ‘Tá sé a seacht a chlog.’ ‘Tá sé ___ tar éis a seacht.’ (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) Múintear an comhrá ‘Tá sé ___ chun a hocht.’ (fiche cúig, fiche, ceathrú, deich, cúig) Taispeántar amanna difriúla do na páistí. Ceistítear na páistí:‘Cén t-am é?’ Tasc Tuisceana: Cén t-am é? Tá sé ___ (fiche cúig, fiche, ceathrú, deich, cúig) chun ___. (a dó, a ceathair, a cúig, a sé, a seacht, a hocht, a naoi, a deich, a haon déag, a dó dhéag) Cén t-am é?: Cén t-am é? Tá sé ___ (fiche cúig, fiche, ceathrú, deich, cúig) chun ___. (a haon, a dó, a trí, a ceathair, a seacht, a hocht, a naoi, a haon déag, a dó dhéag) Litriú: Tá sé ___ chun a dó. (fiche cúig, fiche, ceathrú, deich, cúig)

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair ranga mar mhúinteoir.Tugtar clog don pháiste.Taispeánann an páiste amanna difriúla do na páistí eile. Ceistíonn an páiste na páistí eile:‘Cén t-am é?’ Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga.Tugtar clog do pháiste A. Socraíonn páiste A an t-am. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn páiste B: ‘Tá sé ___ chun a hocht.’ (fiche cúig, fiche, ceathrú, deich, cúig) Malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Tugtar clog do gach beirt pháistí. Socraíonn páiste A an t-am. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá sé ___ a hocht.’ (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun) Malartaíonn na páistí róil.

102

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 102

31/08/2018 11:06


Bia Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 47. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn páistí éagsúla: ‘Tá sé ___ chun a naoi.’ (fiche cúig, fiche, ceathrú, deich, cúig) Scríobhann na páistí an t-am ceart faoi gach clog. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistítear na páistí i rith an lae:‘Cén t-am é?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt. Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Matamaitic: Nuair a bhíonn an t-am á mhúineadh sa Mhatamaitic d’fhéadfadh na páistí an t-am a rá as Gaeilge.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén t-am é?’ ‘Tá sé ___ a hocht.’ (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun) An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tá sé ___ a hocht.’ (fiche cúig chun, fiche chun, ceathrú chun, deich chun, cúig chun)

103

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 103

31/08/2018 11:06


Bia Bia – Aonad Teagaisc agus Foghlama 2 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 48–51) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Caithfidh mé an dinnéar a dhéanamh. An gcabhróidh tú liom? Cabhróidh mé leat. An bhfuil ___ sa chófra/sa chuisneoir? (anraith, prátaí, feoil, glasraí) Tá ___ sa chófra/sa chuisneoir. (anraith, prátaí, sicín agus liamhás) Tóg ___ amach as an gcófra/as an gcuisneoir más é do thoil é. (anraith, na prátaí, liamhás, cairéid agus cabáiste) Tógfaidh mé. Maith thú, a Ruairí! Beidh anraith, prátaí, liamhás, cabáiste agus cairéid againn don dinnéar. Litriú: trátaí, prátaí, glasraí. Ar dtús d’ith na páistí anraith. Ansin, d’ith siad prátaí, glasraí agus feoil. Ar deireadh, d’ith siad sailéad torthaí agus uachtar reoite. D’ól siad uisce. Bhí siad lán go béal. Litriú: Itheann sé. Ólann sé.

An bhfuil torthaí i do bhosca lóin? Tá torthaí i mo bhosca lóin. Tá ___ agus ___ i mo bhosca lóin. An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. (úll, oráiste, banana, sú talún, piorra, fíonchaora) An bhfuil go leor agat? Tá/Níl go leor agam. Tá mé lán go béal. Ba mhaith liom níos mó. Brostaigh ort. Ceart go leor.Tá go leor agam anois. Litriú: Is fearr liom úll. Is fearr liom oráiste. Ar dtús, d’ith Róisín sailéad. Ansin, d’ith sí sceallóga prátaí, iasc agus piseanna. D’ól sí uisce. Ar deireadh, d’ith sí cáca milis. Ach ní raibh sí lán. ‘Ba mhaith liom níos mó cáca,’ arsa Róisín. ‘Tá go leor cáca agat,’ arsa Mamaí. ‘Seo duit piorra.’ Bhí Róisín an-sásta ansin. Bhí sí lán go béal. Litriú: Ar ith sé? D’ith/Níor ith sé. Ar ól sé? D’ól/Níor ól sé.

104

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 104

31/08/2018 11:06


Bia Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Dán – Cén Bia is Fearr Leat?

An Rí agus an tÓr

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: Dinnéar Róisín Dráma bunaithe ar an scéal: An Rí agus an tÓr

Tasc Tuisceana Cluiche Kim Cuir Ceist Bí ag Scríobh Foclóir Bí ag Caint Bí ag Léamh Scríobh na hAbairtí Scríobh an Scéal Spraoi le Briathra

Obair Bheirte Tóg ___ amach as an gcuisneoir. Tógfaidh mé. An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. (úll, oráiste, sú talún, fíonchaora, srl.)

An bhfuil ___ i do bhosca lóin? Tá/Níl ___ i mo bhosca lóin. (torthaí, úll, oráiste, piorra, banana, sú talún, fíonchaora)

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge An gcabhróidh tú liom? Cabhróidh mé leat. Tóg ___ amach as do mhála scoile, más é do thoil é. Tógfaidh mé. An bhfuil ___ sa mhála? (an ceapaire, an t-úll, an t-oráiste, an piorra, uisce, bainne) An bhfuil ___ sa chófra? (an leabhar, an peann, an peann luaidhe, an bioróir, an rialóir, srl.)

An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. (torthaí, úll, oráiste, piorra, banana, sú talún, fíonchaora) An bhfuil go leor agat? Tá/Níl go leor agam. Ba mhaith liom níos mó.

Cad a d’ith tú don lón? D’ith mé ___. Cad a d’ól tú don lón? D’ól mé ___. An bhfuil tú lán go béal? Tá mé lán go béal. An raibh tú ag caint? Bhí/Ní raibh mé ag caint. An raibh spórt agat sa chlós? Bhí/Ní raibh spórt agam sa chlós.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Drámaíocht An Rí agus an tÓr

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

105

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 105

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 2 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga

Eiseamláirí Teanga

Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Daidí:

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ordú a thabhairt Ceist a chur Ceist a fhreagairt Duine a mholadh

Ruairí: Daidí:

● ● ● ● ●

Ruairí: Dadaí:

Ruairí: Daidí:

Caithfidh mé an dinnéar a dhéanamh. An gcabhróidh tú liom? Cabhróidh mé leat. An bhfuil ___ sa chófra/sa chuisneoir? (anraith, prátaí, feoil, glasraí) Tá ___ sa chófra/sa chuisneoir. (anraith, prátaí, sicín agus liamhás) Tóg ___ amach as an gcófra/as an gcuisneoir más é do thoil é. (anraith, na prátaí, liamhás, cairéid agus cabáiste) Tógfaidh mé. Maith thú, a Ruairí! Beidh anraith, prátaí, liamhás, cabáiste agus cairéid againn don dinnéar.

Caint an Ranga An gcabhróidh tú liom? Cabhróidh mé leat. Tóg Bua na Cainte 3 amach as do mhála scoile, más é do thoil é. Tógfaidh mé. An bhfuil ___ sa mhála? (an ceapaire, an t-úll, an t-oráiste, an piorra, uisce, bainne) An bhfuil ___ sa chófra? (an leabhar, an peann, an peann luaidhe, an bioróir, an rialóir, an scriosán)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An gcabhróidh tú liom?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt: ‘Cabhróidh mé leat.’ Spreagtar na páistí an abairt seo a rá ag amanna a mbíonn cabhair ag teastáil ón múinteoir i rith an lae. Ceistítear na páistí:‘Cad atá ___?’ (sa chuisneoir, sa chófra) Freagraíonn na páistí:‘Tá ___ sa chuisneoir.’ (cabáiste, cairéid, leitís, trátaí, piseanna, pónairí, liamhás, sicín, anraith, prátaí) Tasc Tuisceana: Tóg ___ amach as an gcuisneoir. (cabáiste, leitís, trátaí, sicín, pónairí, cairéid, piseanna, liamhás) Sula dtógann na páistí bianna amach as an gcuisneoir, spreagtar iad ‘Tógfaidh mé’ a rá. Cluiche Kim: prátaí, cairéid, piseanna, cabáiste, sicín, anraith, pónairí, leitís, liamhás, trátaí. Cuir Ceist: An bhfuil ___ sa chuisneoir? Tá/Níl ___ sa chuisneoir. (cairéid, cabáiste, leitís, trátaí, piseanna, pónairí, liamhás, sicín) Bí ag Scríobh: Tógfaidh mé ___ amach as an gcuisneoir. (piseanna, pónairí, trátaí, liamhás, cabáiste, sicín, cairéid, leitís) Litriú: trátaí, prátaí, glasraí.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Cuirtear bianna sa chuisneoir. Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla ___ a thógáil amach as an gcuisneoir:‘Tóg ___ amach as an gcuisneoir.’ Spreagtar an páiste ‘Tógfaidh mé’ a rá. Iarrtar ar pháiste A teacht amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Iarrann páiste A ar pháistí éagsúla ___ a thógáil amach as an gcuisneoir:‘Tóg ___ amach as an gcuisneoir.’ Spreagtar an páiste ‘Tógfaidh mé’ a rá. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Iarrann páiste A ar pháiste B ___ a thógáil amach as an gcuisneoir:‘Tóg ___ amach as an gcuisneoir.’ Spreagtar páiste B ‘Tógfaidh mé’ a rá. Obair Bheirte: Ar dtús iarrann páiste A ar pháiste B ___ a thógáil amach as an gcuisneoir:‘Tóg ___ amach as an gcuisneoir.’ Spreagtar páiste B ‘Tógfaidh mé’ a rá. Ansin iarrann páiste B ar pháiste A ___ a thógáil amach as an gcuisneoir:‘Tóg ___ amach as an gcuisneoir.’ Spreagtar páiste A ‘Tógfaidh mé’ a rá.

106

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 106

31/08/2018 11:06


Bia Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 48. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfuil ___ (cabáiste, leitís, im, srl.) ___?’ (sa chuisneoir, sa chófra) Ceistíonn páiste A páiste B. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An gcabhróidh tú liom?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Cabhróidh mé leat.’ Spreagtar na páistí an abairt seo a rá ag amanna a mbíonn cabhair ag teastáil ón múinteoir i rith an lae. Iarrann an múinteoir ar pháiste ___ a thógáil amach as a mhála. Spreagtar na páistí ‘Tógfaidh mé’ a rá. Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: I gceacht Ealaíne d’fhéadfadh na páistí póstaeir de ghlasraí a dhéanamh. D’fhéadfadh na páistí an focal ‘Glasraí’ a scríobh mar theideal ar an bpóstaer. D’fhéadfaidís na glasraí a tharraingt agus an focal cuí a scríobh faoi gach glasra.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (cairéid, cabáiste, leitís, trátaí, piseanna, pónairí, liamhás, sicín) An bhfuil an páiste in ann ordú a thabhairt? ‘Tóg ___ amach as an gcuisneoir.’ An bhfuil an páiste in ann freagairt don ordú? ‘Tógfaidh mé.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An bhfuil ___ (glasraí, srl.) ___?’ (sa chuisneoir, sa chófra) ‘Tá/Níl ___ (glasraí, srl.) ___.’ (sa chuisneoir, sa chófra) An bhfuil an páiste in ann duine a mholadh? ‘Maith thú!’

107

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 107

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 2 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Rogha a léiriú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga An bhfuil torthaí i do bhosca lóin? Tá torthaí i mo bhosca lóin. Tá ___ agus ___ i mo bhosca lóin. An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. (úll, oráiste, banana, sú talún, piorra, fíonchaora) An bhfuil go leor agat? Tá/Níl go leor agam. Tá mé lán go béal. Ba mhaith liom níos mó. Brostaigh ort. Ceart go leor.Tá go leor agam anois.

Caint an Ranga An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. An bhfuil go leor agat? Tá/Níl go leor agam. Ba mhaith liom níos mó. Tá mé lán go béal.

Rann – Cén Bia is Fearr Leat? Cén bia is fearr leat? Is fearr liom glasraí. Cén bia is fearr leat? Is fearr liom glasraí. Cabáiste, cairéid is pónairí. Cén bia is fearr leat? Is fearr liom glasraí.

Cén bia is fearr leat? Is fearr liom torthaí. Cén bia is fearr leat? Is fearr liom torthaí. Úlla, piorraí is oráistí. Cén bia is fearr leat? Is fearr liom torthaí.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an rann Cén Bia is Fearr Leat? Ceistítear na páistí:‘An maith leat ___?’ (glasraí, cabáiste, cairéid, pónairí) ‘An maith leat ___?’ (torthaí, úlla, piorraí, oráistí) ‘Cén bia is fearr leat?’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An fearr leat torthaí nó glasraí?’ Iarrann an múinteoir ar na páistí na torthaí difriúla a ainmniú. Múintear na focail nua ‘fíonchaora’ agus ‘sú talún’ do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfuil torthaí i do bhosca lóin?’ ‘An fearr leat ___ nó ___?’ (úll, oráiste, piorra, banana, sú talún, fíonchaora) ‘An bhfuil go leor agat?’ Spreagtar na páistí na ceisteanna a fhreagairt. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Cuireann an múinteoir ___ agus ___ sa bhosca lóin. (torthaí, glasraí, úll, oráiste, piorra, banana, sú talún, fíonchaora) Ceistíonn an múinteoir an páiste: ‘An bhfuil torthaí i do bhosca lóin?’ ‘An fearr leat ___ nó ___?’ (sú talún, fíonchaora, srl.) Ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ag ithe na dtorthaí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfuil go leor agat?’ Spreagtar an páiste an cheist a fhreagairt:‘Tá go leor agam.’ ‘Tá mé lán go béal.’ nó ‘Níl go leor agam.’ ‘Ba mhaith liom níos mó.’ Tasc Tuisceana 2.1: An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. (torthaí, glasraí, úll, oráiste, piorra, banana, sú talún, fíonchaora) Tasc Tuisceana 2.2: Cuir ___ sa bhabhla torthaí. (piorra, sú talún, fíonchaora, úll, oráiste, banana) Foclóir: úll, sú talún, fíonchaora, piorra, oráiste, banana. Bí ag Caint: An fearr leat ___ nó ___? Is fearr liom ___. (úll, oráiste, piorra, banana, sú talún, fíonchaora, glasraí, torthaí) Litriú: Is fearr liom úll. Is fearr liom oráiste.

108

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 108

31/08/2018 11:06


Bia Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 49. Iarrann an múinteoir ar na páistí na torthaí sa bhabhla torthaí a ainmniú. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘An fearr leat sú talún nó fíonchaora?’ srl. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘An fearr leat úll nó piorra?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna.. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 49. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘An fearr leat banana nó oráiste?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 49. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘An fearr leat ___ nó ___?’ Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna.Tarraingíonn na páistí babhla torthaí ina gcóipleabhair. Dúshlán Breise: Bua na Cainte 3 lch. 49. Scríobhann na páistí faoin mbabhla torthaí atá tarraingthe acu. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí ag am lóin: ‘An bhfuil torthaí i do bhosca lóin?’ ‘An fearr leat ___ nó ___?’ ‘An bhfuil go leor agat?’ Spreagtar na páistí ‘Tá mé lán go béal’ a rá nuair a bhíonn an lón críochnaithe aige/aici gach lá sa seomra ranga. Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: D’fhéadfadh na páistí póstaeir de thorthaí a dhéanamh i gceacht Ealaíne. D’fhéadfadh na páistí an focal ‘Torthaí’ a scríobh mar theideal ar an bpóstaer. D’fhéadfaidís na torthaí a tharraingt agus an focal cuí a scríobh faoi gach toradh. D’fhéadfadh na páistí babhla torthaí a tharraingt agus an focal cuí a scríobh in aice leis na torthaí sa bhabhla.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (torthaí, glasraí, úll, oráiste, piorra, banana, sú talún, fíonchaora) An bhfuil an páiste in ann rogha a léiriú? ‘An fearr leat ___ nó ___?’ ‘Is fearr liom ___.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An bhfuil ___ i do bhosca lóin?’ Tá ___ i mo bhosca lóin.’ ‘An bhfuil go leor agat?’ ‘Tá/Níl go leor agam.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tá mé lán go béal.’

109

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 109

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 2 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid An aimsir chaite a úsáid Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga An Dinnéar Ar dtús d’ith na páistí anraith. Ansin, d’ith siad prátaí, glasraí agus feoil. Ar deireadh, d’ith siad sailéad torthaí agus uachtar reoite. D’ól siad uisce. Bhí siad lán go béal.

Caint an Ranga Cad a d’ith tú don lón? D’ith mé ___. Cad a d’ól tú don lón? D’ól mé ___. An bhfuil tú lán go béal? Tá mé lán go béal.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a d’ith na páistí ar dtús?’ ‘Cad a d’ith siad ansin?’ ‘Cad a d’ith siad ar deireadh?’ ‘Ar ith na páistí ___?’ (sicín, cáca milis, anraith, sailéad torthaí) ‘Cad a d’ól siad?’ ‘An raibh siad lán go béal?’ Cuirtear na leidchártaí seo leanas ar an gclár bán.Ar dtús d’ith siad ___.Ansin d’ith siad ___, ___, agus ___.Ar deireadh d’ith siad ___ agus ___. D’ól siad ___. Bhí siad ___. Cuirtear na pictiúir seo leanas ar an gclár bán freisin: anraith, prátaí, glasraí agus feoil, sailéad torthaí agus uachtar reoite. Spreagtar na páistí an scéal a insint le chéile.Ansin iarrtar ar ghrúpaí páistí/pháistí aonair an scéal a insint le chéile. Bí ag Léamh: D’ith sé feoil inné. Itheann sé feoil gach lá. D’ith sé glasraí inné. Itheann sé glasraí gach lá. D’ith sé uachtar reoite inné. Itheann sé uachtar reoite gach lá. D’ól sé bainne inné. Ólann sé bainne gach lá. D’ól sé sú oráiste inné. Ólann sé sú oráiste gach lá. D’ól sé uisce inné. Ólann sé uisce gach lá. Scríobh an Scéal: Ar dtús d’ith na páistí ___. (anraith) Ansin, d’ith siad ___, (prátaí) ___ (glasraí) agus ___. (feoil) D’ól siad ___. (uisce) Ar deireadh, d’ith siad ___ (sailéad torthaí) agus ___. (uachtar reoite) Bhí siad ___. (lán go béal) Scríobh an hAbairtí: D’ith Ruairí ___ inné. (uachtar reoite, feoil, glasraí) D’ól Ruairí ___ inné. (bainne, sú oráiste) Itheann Ruairí ___ gach lá. (feoil, glasraí, uachtar reoite) Ólann Ruairí ___ gach lá. (bainne, uisce) Spraoi le Briathra: Inné, d’ól sé. Gach lá, ólann sé. Inné, d’ith sé. Gach lá, itheann sé. Litriú: Itheann sé. Ólann sé.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear na luaschártaí agus na pictiúir ón gclár bán arís.Tagann páiste amach os comhair an ranga. Déanann an páiste cur síos ar an dinnéar a d’ith na páistí. An Dinnéar Ar dtús, d’ith siad ___. Ansin, d’ith siad ___, ___, agus ___. Ar deireadh, d’ith siad ___ agus ___. D’ól siad ___. Bhí siad ___ ___ ___. Obair Bheirte: Ar dtús déanann páiste A cur síos ar an dinnéar a d’ith na páistí.Ansin déanann páiste B cur síos ar an dinnéar a d’ith na páistí.

110

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 110

31/08/2018 11:06


Bia Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 50. Scríobhann na páistí faoin dinnéar. Bíonn abairtí san aimsir chaite agus bíonn ar na páistí na habairtí a athscríobh san aimsir láithreach. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoina rogha dhinnéir: Mo Dhinnéar.Tig leo an foclóir ar lch. 50 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Spreagtar na páistí ‘Tá mé lán go béal’ a rá nuair a bhíonn an lón ite acu ar scoil.Tar éis am lóin/am sosa spreagtar na páistí ‘D’ith mé ___’ (úll, oráiste, piorra, ceapaire) agus ‘D’ól mé ___’ (uisce, bainne, sú oráiste) a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (anraith, prátaí, glasraí agus feoil, sailéad torthaí agus uachtar reoite) An bhfuil an páiste in ann abairtí a rá san aimsir cheart? ‘D’ith . . .’ ‘D’ól . . .’ An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Ar dtús, Ansin, Ar deireadh.’

111

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 111

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 2 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Dinnéar Róisín Ar dtús, d’ith Róisín sailéad. Ansin, d’ith sí sceallóga prátaí, iasc agus piseanna. D’ól sí uisce. Ar deireadh, d’ith sí cáca milis. Ach ní raibh sí lán. ‘Ba mhaith liom níos mó cáca,’ arsa Róisín. ‘Tá go leor cáca agat,’ arsa Mamaí. ‘Seo duit piorra.’ Bhí Róisín an-sásta ansin. Bhí sí lán go béal.

Ar ith tú ___ don lón? D’ith/Níor ith mé ___ don lón. Ar ól tú ___ don lón? D’ól/Níor ól mé ___ don lón. An raibh tú ag caint? Bhí/Ní raibh mé ag caint. An raibh spórt agat sa chlós? Bhí/Ní raibh spórt agam sa chlós.

● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Tuairisciú

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a d’ith Róisín ar dtús?’ ‘Cad a d’ith sí ansin?’ ‘Cad a d’ith sí ar deireadh?’ ‘Ar ith sí ___?’ (anraith, sailéad, torthaí, iasc, cáca milis, sceallóga prátaí, piseanna, pónairí, glasraí) ‘Ar ól sí ___?’ (bainne, uisce, tae, cóla, oráiste) ‘An raibh sí lán go béal?’ Ceistiú: ‘Ar ith sí ___?’ (anraith, fíonchaora, sú talún, srl.) ‘Ar ól sí ___?’ (bainne, uisce, tae, cóla, oráiste) Taispeánann an múinteoir cúig phictiúr de bhianna éagsúla do na páistí. (sailéad, glasraí, torthaí, iasc, sceallóga prátaí) Iarrann an múinteoir ar na páistí na bianna a ainmniú.Ansin roghnaíonn an múinteoir pictiúr amháin ón gcúig phictiúr. Cuireann an múinteoir an pictiúr taobh thiar dá d(h)roim. Ní thaispeántar an pictiúr seo do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a d’ith mé?’ Cuireann páistí éagsúla ceisteanna chun a fháil amach cén pictiúr atá taobh thiar de dhroim an mhúinteora: ‘Ar ith tú ___?’ Freagraíonn an múinteoir:‘Níor ith mé ___’ go dtí go gcuireann páiste an cheist cheart.Ansin freagraíonn an múinteoir:‘D’ith mé ___.’ Ansin tagann an páiste sin amach os comhair an ranga. Roghnaíonn an páiste pictiúr amháin ón gcúig phictiúr. Cuireann an páiste an pictiúr taobh thiar dá d(h)roim. Ní thaispeántar an pictiúr seo do na páistí eile. Ceistíonn an páiste na páistí eile: ‘Cad a d’ith mé?’ Cuireann na páistí eile ceisteanna chun a fháil amach cén pictiúr atá taobh thiar de dhroim an pháiste: ‘Ar ith tú ___?’ Freagraíonn an páiste:‘Níor ith mé ___’ go dtí go gcuireann páiste an cheist cheart. Ansin freagraíonn an páiste: ‘D’ith mé ___.’ Leanann an cluiche ar aghaidh mar sin.Taispeánann an páiste cúig phictiúr de dheochanna éagsúla do na páistí. (bainne, uisce, oráiste, tae, cóla) Iarrann an múinteoir ar na páistí na deochanna a ainmniú. Ansin roghnaíonn an múinteoir pictiúr amháin ón gcúig phictiúr. Cuireann an múinteoir an pictiúr taobh thiar dá d(h)roim. Ní thaispeántar an pictiúr seo do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cad a d’ól mé?’ Cuireann páistí éagsúla ceisteanna chun a fháil amach cén pictiúr atá taobh thiar de dhroim an mhúinteora: ‘Ar ól tú ___?’ Freagraíonn an múinteoir:‘Níor ól mé ___.’ go dtí go gcuireann páiste an cheist cheart. Ansin freagraíonn an múinteoir:‘D’ól mé ___.’ Ansin tagann an páiste sin amach os comhair an ranga. Roghnaíonn an páiste pictiúr amháin ón gcúig phictiúr. Cuireann an páiste an pictiúr taobh thiar dá d(h)roim. Ní thaispeántar an pictiúr seo do na páistí eile. Ceistíonn an páiste na páistí eile:‘Cad a d’ól mé?’ Cuireann na páistí eile ceisteanna chun a fháil amach cén pictiúr atá taobh thiar de dhroim an pháiste: ‘Ar ól tú ___?’ Freagraíonn an páiste:‘Níor ól mé ___.’ go dtí go gcuireann páiste an cheist cheart. Ansin freagraíonn an páiste:‘D’ól mé ___.’ Leanann an cluiche ar aghaidh mar sin. Tasc Tuisceana: Ar ith sí ___? D’ith/Níor ith sí ___. (sceallóga prátaí, iasc, cáca milis) Ar ól sí ___? D’ól/Níor ól sí ___. (uisce, bainne) An raibh sí sásta? Bhí/Ní raibh sí sásta. Cuir Ceist: fíonchaora, cáca milis, glasraí, úll, sceallóga prátaí, feoil, sú talún, iasc, piorra, piseanna, sailéad, anraith, pónairí, torthaí, uachtar reoite. Bí ag Caint: Ar ith Róisín iasc? Ar ól Róisín ___? (bainne, uisce) An raibh sí sásta? Bhí/Ní raibh sí sásta.An raibh sí lán go béal? Ní raibh sí lán go béal. Spraoi le Briathra: Ar ith? D’ith/Níor ith. Ar ól? D’ól/Níor ól. Litriú: Ar ith sé? D’ith/Níor ith sé. Ar ól sé? D’ól/Níor ól sé. 112

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 112

31/08/2018 11:06


Bia Tréimhse Chumarsáide

Obair Bheirte: Tugtar cúig phictiúr de bhianna éagsúla do gach beirt pháistí. Roghnaíonn páiste A pictiúr amháin ón gcúig phictiúr. Cuireann páiste A an pictiúr taobh thiar dá d(h)roim. Ní thaispeántar an pictiúr seo do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad a d’ith mé?’ Cuireann páiste B ceisteanna éagsúla chun a fháil amach cén pictiúr atá taobh thiar de dhroim pháiste A:‘Ar ith tú ___?’ Freagraíonn páiste A:‘Níor ith mé ___.’ go dtí go gcuireann páiste B an cheist cheart.Ansin freagraíonn páiste A ‘D’ith mé ___.’ Ansin roghnaíonn páiste B pictiúr agus leanann an cluiche ar aghaidh mar sin. Obair Bheirte: Tugtar cúig phictiúr de dheochanna éagsúla do gach beirt pháistí. Roghnaíonn páiste A pictiúr amháin ón gcúig phictiúr. Cuireann páiste A an pictiúr taobh thiar dá d(h)roim. Ní thaispeántar an pictiúr seo do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad a d’ól mé?’ Cuireann páiste B ceisteanna éagsúla chun a fháil amach cén pictiúr atá taobh thiar de dhroim pháiste A:‘Ar ól tú ___?’ Freagraíonn páiste A:‘Níor ól mé ___.’ go dtí go gcuireann páiste B an cheist cheart.Ansin freagraíonn páiste A:‘D’ól mé ___.’ Ansin roghnaíonn páiste B pictiúr agus leanann an cluiche ar aghaidh mar sin.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 51. Léann na páistí an scéal: Dinnéar Róisín. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar ith Róisín ___?’ ‘Ar ól Róisín?’ ‘An raibh Róisín sásta?’ ‘An raibh Róisín lán go béal?’ Cuireann páiste A na ceisteanna ar pháiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Scríobhann gach páiste freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí tar éis am lóin: ‘Ar ith tú ___ don lón?’ ‘Ar ól tú ___ don lón?’ Ceistítear na páistí i rith an lae:‘An raibh tú ___?’ (ag caint, ag rith, ag léamh, srl.) ‘An raibh spórt agat sa chlós?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (sailéad, sceallóga prátaí, iasc, piseanna, uisce, cáca milis, piorra) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Ar ith sí ___?’ ‘D’ith/Níor ith sí ___.’ ‘Ar ól sí ___?’ ‘D’ól/Níor ól sí ___.’ An raibh sí ___?’ ‘Bhí/Ní raibh sí ___.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Ar dtús. Ansin, Ar deireadh.’

113

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 113

31/08/2018 11:06


Bia Bia – Aonad Teagaisc agus Foghlama 3 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 52–56) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Cén aois ___? (thú, é, í) Tá ___ (mé, sé, sí) ___ d’aois. (aon bhliain, dhá bhliain, trí bliana, ceithre bliana, cúig bliana, sé bliana, seacht mbliana, ocht mbliana, naoi mbliana, deich mbliana) Comhair na coinnle ar an gcáca. Coinneal amháin, Dhá choinneal,Trí choinneal, Ceithre choinneal, Cúig choinneal, Sé choinneal, Seacht gcoinneal, Ocht gcoinneal, Naoi gcoinneal, Deich gcoinneal.

Lá breithe Ruairí a bhí ann. Bhí sé naoi mbliana d’aois. Bhí sé ar bís. Bhí cóisir aige ina theach. Tháinig a chairde go dtí an chóisir. Fuair sé bronntanais óna chairde. D’ith sé cáca milis agus milseáin. D’ól sé cóla. Bhí spórt agus scléip aige.

Bhí cóisir agam i mo theach. Litriú: Tá sé seacht mbliana d’aois.Tá sí ocht mbliana d’aois. Bhí cóisir agat i do theach. Tá sé naoi mbliana d’aois.Tá sí deich mbliana d’aois. Bhí cóisir aige ina theach. Bhí cóisir aici ina teach. Lá breithe Ruairí a bhí ann. Bhí sé ar bís. Litriú: mo theach, do theach, a theach, a teach. Ghearr sé an cáca le scian. Chan a chairde amhrán dó. An Nuacht Thug Mamaí píosa cáca do gach duine. An nuacht á léamh ag Ruairí. D’fhéach na páistí ar an teilifís. Dia dhaoibh a chairde agus fáilte rómhaibh. D’fhan na páistí sa seomra suí. Bhí mo lá breithe ann inné. Bhí siad ag imirt cluichí. Bhí mé naoi mbliana d’aois. Bhí spórt agus scléip acu. Bhí mé ar bís. D’fhág siad an chóisir ag a seacht a chlog. Bhí cóisir agam i mo theach. Tháinig mo chairde go dtí an chóisir. Litriú: Fanann sé. Fágann sé. Féachann sé. Fuair mé bronntanais ó mo chairde. Bhí mé ag imirt cluichí le mo chairde. Bhí spórt agus scléip agam.

114

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 114

31/08/2018 11:06


Bia An Aimsir Dia dhaoibh a chairde agus fáilte rómhaibh. Beidh stoirm ann anocht. Beidh gaoth láidir ag séideadh. Beidh sé an-ghaofar. Beidh tintreach agus toirneach ann. Tháinig mo chairde go dtí mo chóisir. Tháinig do chairde go dtí do chóisir. Tháinig a chairde go dtí a chóisir. Tháinig a cairde go dtí a cóisir. Litriú: mo chairde, do chairde, a chairde, a cairde.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán – Mo Lá Breithe Amhrán – Lá Breithe Sona duit

An Rí agus an tÓr

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an amhrán: Mo Lá Breithe

Tasc Tuisceana Scríobh an Scéal Bí ag Scríobh Bí ag Caint Bí ag Léamh Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra Suimeanna Focal Líon na Bearnaí Foclóir

Dráma bunaithe ar an scéal: An Rí agus an tÓr

Obair Bheirte Cén lá a bhí ann? ___ a bhí ann. (An Luan,An Mháirt, An Chéadaoin, srl.) Cén aois thú? Tá mé ___ bliana d’aois. (ocht, naoi, deich) An raibh cóisir agat? Bhí cóisir agam. Cá raibh an chóisir ar siúl? Bhí an chóisir i mo theach.

Cé a tháinig go dtí an chóisir? Tháinig mo chairde go dtí an chóisir. Cad a fuair tú? Fuair mé bronntanais. An raibh spórt agus scléip agat? Bhí spórt agus scléip agam. An raibh áthas ort? Bhí áthas orm.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cén aois thú? Cén aois é? Cén aois í? Tá ___ (mé, sé, sí) ___ d’aois. Lá breithe sona duit! Go raibh maith agat.

Lá breithe ___ atá ann inniu. Ar thug tú ___ do gach duine? (cóipleabhar, píosa páipéir) Ar fhág tú do theach ag a hocht a chlog ar maidin? Ar fhéach tú ar an teilifís aréir? Ar fhan tú sa seomra ranga ag am sosa/ am lóin? An raibh tú ag imirt cluichí sa chlós?

An raibh do lá breithe ann inné? An raibh cóisir agat? Ar tháinig do chairde go dtí do chóisir? An raibh spórt agus scléip agat?

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

115

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 115

31/08/2018 11:06


Bia Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol A Nóra Bheag

Drámaíocht An Bricfeasta An Leanbh agus an Bia An Rí agus an tÓr

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

116

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 116

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 3 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Tuairisciú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Comhaireamh

Eiseamláirí Teanga Comhrá 1.1 Cén aois ___? (thú, é, í) Tá ___ (mé, sé, sí) ___ d’aois. (aon bhliain, dhá bhliain, trí bliana, ceithre bliana, cúig bliana, sé bliana, seacht mbliana, ocht mbliana, naoi mbliana, deich mbliana)

Caint an Ranga Cén aois thú? Cén aois é? Cén aois í? Tá ___ (mé, sé, sí) ___ d’aois. (ocht mbliana, naoi mbliana, deich mbliana)

Comhrá 1.2 Comhair na coinnle ar an gcáca. Coinneal amháin, Dhá choinneal, Trí choinneal, Ceithre choinneal, Cúig choinneal, Sé choinneal, Seacht gcoinneal, Ocht gcoinneal, Naoi gcoinneal, Deich gcoinneal. Amhrán – Mo Lá Breithe Inniu mo lá breithe, Is táimse ar bís. Is buachaill breá mór mé. Táim naoi mbliana d’aois.

Cáca mór blasta. Tá naoi gcoinneal air. Bronntanais dheasa Ó mo chairde go léir.

Táimse mór leatsa. Is maith liom thú. Ba bhreá liom dul Chuig do chóisir inniu.

Beidh cóisir agamsa, Inniu i mo theach. Beidh spórt agus scléip ann. Ar mhaith leatsa teacht? Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an amhrán Mo Lá Breithe. Múintear an chéad véarsa den amhrán do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí agus spreagtar na páistí na ceisteanna a fhreagairt:‘Cén lá atá ann inniu?’ ‘Inniu a lá breithe.’ ‘An bhfuil sé sásta?’ ‘Tá sé sona sásta.’ ‘An bhfuil sé ar bís?’ ‘Tá sé ar bís.’ ‘An buachaill mór é?’ ‘Is buachaill mór é.’ ‘Cén aois é?’ ‘Tá sé naoi mbliana d’aois.’ Spreagtar na páistí an chéad véarsa a chanadh le chéile. Múintear an dara véarsa den amhrán do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cad atá ar an mbord?’ ‘Comhair na coinnle ar an gcáca.’ ‘Cad a fuair sé óna chairde?’ Spreagtar na páistí an dara véarsa a chanadh le chéile. Spreagtar na páistí an chéad agus an dara véarsa a chanadh le chéile. Múintear an tríú véarsa den amhrán do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a bheidh ar siúl ina theach?’ ‘An mbeidh spórt ann?’ ‘An mbeidh scléip ann?’ Spreagtar na páistí an tríú véarsa a chanadh le chéile. Spreagtar na páistí an chéad, an dara agus an tríú véarsa den amhrán a chanadh le chéile. Múintear an véarsa deireanach den amhrán do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar mhaith leat dul chuig an gcóisir?’ Spreagtar na páistí an véarsa deireanach a rá le chéile. Spreagtar na páistí an dán go léir a rá le chéile. Múintear comhrá 1.1:‘Cén aois ___?’ (tú, é, í,) ‘Tá ___ (mé, sé, sí) ___ d’aois. (aon bhliain, dhá bhliain, trí bliana, ceithre bliana, cúig bliana, sé bliana, seacht mbliana, ocht mbliana, naoi mbliana, deich mbliana) Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘Cén aois tú?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá mé ___ mbliana d’aois.’ (seacht, ocht, naoi, deich) Iarrann an múinteoir ar chailín teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘Cén aois í?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá sí ___ mbliana d’aois.’ (seacht, ocht, naoi, deich) Iarrann an múinteoir ar bhuachaill teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘Cén aois é?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá sé ___ mbliana d’aois.’ (seacht, ocht, naoi, deich) Cuirtear ceist ar pháiste A:‘Cén aois thú?’ Freagraíonn páiste A:‘Tá mé ___ d’aois.’ (ocht mbliana, naoi mbliana) Cuireann páiste A ceist ar pháiste B. Freagraíonn páiste B. Cuireann páiste B ceist ar pháiste C. Freagraíonn páiste C agus leantar ar aghaidh mar sin. 117

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 117

31/08/2018 11:06


Bia Múintear comhrá 1.2: ‘Comhair na coinnle ar an gcáca.’ ‘Coinneal amháin, Dhá choinneal,Trí choinneal, Ceithre choinneal, Cúig choinneal, Sé choinneal, Seacht gcoinneal, Ocht gcoinneal, Naoi gcoinneal, Deich gcoinneal.’ Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla na coinnle a chomhaireamh. Tasc Tuisceana: Cuir ___ ar an gcáca. (coinneal amháin, dhá choinneal, trí choinneal, ceithre choinneal, cúig choinneal, sé choinneal, seacht gcoinneal, ocht gcoinneal, naoi gcoinneal, deich gcoinneal) Scríobh an Scéal: Inniu mo lá breithe, Is táimse ar bís. Is buachaill breá mór mé. Táim naoi mbliana d’aois.

Cáca mór blasta. Tá naoi gcoinneal air Bronntanais dheasa Ó mo chairde go léir.

Beidh cóisir agamsa, Inniu i mo theach. Beidh spórt agus scléip ann. Ar mhaith leatsa teacht?

Táimse mór leatsa. Is maith liom thú. Ba bhreá liom dul Chuig do chóisir inniu.

Litriú: Tá mé seacht mbliana d’aois.Tá mé ocht mbliana d’aois.Tá mé naoi mbliana d’aois.Tá mé deich mbliana d’aois.

Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Cuirtear hata breithlae ar pháiste amháin. Canann páistí an ranga an t-amhrán agus déanann an bheirt pháistí mím chun an dán a léiriú.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 52. Canann na páistí an t-amhrán. Scríobhann gach páiste an t-amhrán ina c(h)óipleabhar féin.Tarraingíonn na páistí pictiúr chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cén aois ___?’ (tú, é, í) An raibh cóisir agat? An raibh spórt agus scléip agat? Foghlaim Chomhtháite Ábar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceol: Is féidir an t-amhrán seo a mhúineadh i gceacht Ceoil.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tá mé ___ d’aois.’ (aon bhliain, dhá bhliain, trí bliana, ceithre bliana, cúig bliana, sé bliana, seacht mbliana, ocht mbliana, naoi mbliana, deich mbliana) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén aois tú?’ ‘Tá mé ___ d’aois.’ (aon bhliain, dhá bhliain, trí bliana, ceithre bliana, cúig bliana, sé bliana, seacht mbliana, ocht mbliana, naoi mbliana, deich mbliana) An bhfuil an páiste in ann rudaí a chomhaireamh? (Coinneal amháin, Dhá choinneal,Trí choinneal, Ceithre choinneal, Cúig choinneal, Sé choinneal, Seacht gcoinneal, Ocht gcoinneal, Naoi gcoinneal, Deich gcoinneal)

118

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 118

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 3 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga Comhrá 2.1 Lá breithe Ruairí a bhí ann. Bhí sé naoi mbliana d’aois. Bhí sé ar bís. Bhí cóisir aige ina theach. Tháinig a chairde go dtí an chóisir. Fuair sé bronntanais óna chairde. D’ith sé cáca milis agus milseáin. D’ól sé cóla. Bhí spórt agus scléip aige.

Caint an Ranga Lá breithe sona duit! Go raibh maith agat. An bhfuil tú ar bís?

Comhrá 2.2 Bhí cóisir agam i mo theach. Bhí cóisir agat i do theach. Bhí cóisir aige ina theach. Bhí cóisir aici ina teach. Amhrán – Lá Breithe Sona duit Lá breithe sona duit. Lá breithe sona duit. Lá breithe, lá breithe. Lá breithe sona duit. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an amhrán Lá Breithe Sona duit. Canann na páistí an t-amhrán le chéile. Éisteann na páistí leis an scéal ‘Lá breithe Oisín a bhí ann.’ ‘Bhí sé naoi mbliana d’aois.’ ‘Bhí sé ar bís.’ ‘Bhí cóisir aige ina theach.’ ‘Tháinig a chairde go dtí an chóisir.’ ‘Fuair sé bronntanais óna chairde.’ ‘D’ith sé cáca milis agus milseáin.’ ‘D’ól sé cóla.’ ‘Bhí spórt agus scléip aige.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá a bhí ann?’ ‘Cén aois é?’ ‘An raibh áthas ar Oisín?’ ‘An raibh sé sásta?’ ‘Cad a bhí ar siúl ina theach?’ ‘Cé a tháinig go dtí an chóisir?’ ‘Cad a fuair sé óna chairde?’ ‘Cad a d’ith sé?’ ‘Cad a d’ól sé?’ ‘An raibh spórt aige?’ Múintear comhrá 2.2:‘Bhí cóisir agam i mo theach.’ ‘Bhí cóisir agat i do theach.’ ‘Bhí cóisir aige ina theach.’ ‘Bhí cóisir aici ina teach.’ Líon na Bearnaí: Bhí cóisir agam i mo theach. Bhí cóisir agat i do theach. Bhí cóisir aige ina theach. Bhí cóisir aici ina teach. Bí ag Léamh: Lá Breithe Ruairí a bhí ann. Bhí sé naoi mbliana d’aois. Bhí sé ar bís. Bhí cóisir aige ina theach.Tháinig a chairde go dtí an chóisir. Fuair sé bronntanais óna chairde. D’ith sé cáca milis agus milseáin. D’ól sé cóla. Bhí spórt agus scléip aige. Úsáideann an múinteoir pictiúir. Meallann an múinteoir an scéal ó na páistí. Iarrann an múinteoir ar naonúr páistí teacht amach os comhair an ranga.Tugtar pictiúr an duine dóibh. Deir gach páiste abairt amháin chun an scéal a insint. Bí ag Caint: ‘Cén aois thú?’ ‘Cén lá a bhí ann?’ ‘Cén aois é?’ ‘An raibh áthas ar Ruairí?’ ‘An raibh cóisir aige?’ ‘Cá raibh an chóisir ar siúl?’ ‘Cé a tháinig go dtí an chóisir?’ ‘Cad a fuair sé óna chairde?’ ‘Cad a d’ith sé?’ ‘Cad a d’ól sé?’ Litriú: mo theach, do theach, a theach, a teach.

119

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 119

31/08/2018 11:06


Bia Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 53. Léann na páistí an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá a bhí ann?’ ‘Cén aois é?’ ‘An raibh áthas ar Oisín?’ ‘An raibh cóisir aige?’ ‘Cá raibh an chóisir ar siúl?’ ‘Cé a tháinig go dtí an chóisir?’ ‘Cad a fuair sé óna chairde?’ ‘Cad a d’ith sé?’ ‘Cad a d’ól sé?’ ‘An raibh spórt agus scléip aige?’ Tagann páiste amach os comhair an ranga. Ceistíonn an páiste páistí éagsúla:‘Cén lá a bhí ann?’ srl. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén lá a bhí ann?’ srl. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 53. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén lá a bhí ann?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna.Ansin malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna ina gcóipleabhair féin. Ceistíonn an múinteoir na páistí. Léann na páistí na freagraí atá scríofa acu. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn lá breithe páiste sa rang ann deir an múinteoir:‘Lá breithe ___ atá ann.’ ‘Tá sé/sí ___ d’aois.’ (ocht, naoi, deich mbliana) Nuair a thagann páiste isteach tar éis am lóin ag súgradh ceistíonn an múinteoir an páiste:‘An raibh spórt agus scléip agat?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Drámaíocht: D’fhéadfaí dráma a bhunú ar an scéal seo.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Lá breithe Ruairí a bhí ann.’ ‘Bhí sé naoi mbliana d’aois.’ ‘Bhí sé ar bís.’ ‘Bhí cóisir aige ina theach.’ ‘Tháinig a chairde go dtí an chóisir.’ ‘Fuair sé bronntanais óna chairde.’ ‘D’ith sé cáca milis agus milseáin.’ ‘D’ól sé cóla.’ ‘Bhí spórt agus scléip aige.’

120

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 120

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 3 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Scéal a insint Tuairisciú Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach

Eiseamláirí Teanga Lá breithe Ruairí a bhí ann. Bhí sé ar bís. Ghearr sé an cáca le scian. Chan a chairde amhrán dó. Thug Mamaí píosa cáca do gach duine. D’fhéach na páistí ar an teilifís. D’fhan na páistí sa seomra suí. Bhí siad ag imirt cluichí. Bhí spórt agus scléip acu. D’fhág siad an chóisir ag a seacht a chlog.

Caint an Ranga Lá breithe ___ a bhí ann. Bhí sé ar bís. D’fhéach na páistí ar an ___. D’fhan na páistí sa ___. Bhí siad ag imirt cluichí. Bhí spórt agus scléip acu.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a ghearr an cáca?’ ‘Cad a chan a chairde?’ ‘Cad a thug Mamaí do gach duine?’ ‘Cé a d’fhéach ar an teilifís?’ ‘Cár fhan na páistí?’ ‘An raibh spórt agus scléip ag na páistí?’ ‘Cén t-am a d’fhág na páistí an chóisir?’ Bí ag Léamh: Ghearr sé an cáca inné. Gearrann sé an cáca gach lá. Chan a chairde amhrán inné. Canann a chairde amhrán gach lá. Thug Mamaí píosa cáca do gach duine inné.Tugann Mamaí píosa cáca do gach duine gach lá. D’fhan na páistí sa seomra suí inné. Fanann na páistí sa seomra suí gach lá. D’fhág na páistí an chóisir ag a seacht a chlog inné. Fágann na páistí an chóisir ag a seacht a chlog gach lá. Scríobh na hAbairtí: Ghearr sé an cáca inné. Gearrann sé an cáca gach lá. Chan a chairde amhrán inné. Canann a chairde amhrán gach lá.Thug Mamaí píosa cáca do gach duine inné.Tugann Mamaí píosa cáca do gach duine gach lá. D’fhan na páistí sa seomra suí inné. Fanann na páistí sa seomra suí gach lá. D’fhág na páistí an chóisir ag a seacht a chlog inné. Fágann na páistí an chóisir ag a seacht a chlog gach lá. Spraoi le Briathra: Inné, d’fhéach sé. Gach lá, féachann sé. Inné, d’fhan sé. Gach lá, fanann sé. Inné, d’fhág sé. Gach lá, fágann sé. Suimeanna Focal: Féach + ann = Féachann. Fan + ann = Fanann. Fág + ann = Fágann. Litriú: Fanann sé. Fágann sé. Féachann sé.

Tréimhse Chumarsáide

Léann an múinteoir na habairtí thíos san aimsir chaite. Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla na habairtí seo a leanas a rá san aimsir láithreach:‘Ghearr Oisín an cáca inné.’ ‘Chan a chairde amhrán dó inné.’ ‘Thug Mamaí píosa cáca do gach duine inné.’ ‘D’fhéach na páistí ar an teilifís inné.’ ‘D’fhan na páistí sa seomra suí inné.’ ‘D’fhág na páistí an chóisir ag a seacht a chlog inné.’ Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Léann an páiste na habairtí san aimsir chaite. Iarrann an páiste ar pháistí éagsúla na habairtí a rá san aimsir láithreach. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí amach os comhair an ranga. Léann páiste A na habairtí san aimsir chaite. Iarrann páiste A ar pháiste B na habairtí a rá san aimsir láithreach. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 54. Léann páiste A na habairtí san aimsir chaite. Léann páiste B na habairtí san aimsir láithreach.

121

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 121

03/09/2018 16:34


Bia Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 54. Léann na páistí an scéal. Scríobhann na páistí na habairtí san aimsir láithreach ina gcóipleabhair. Léann na páistí na habairtí atá scríofa acu.

Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páiste:‘Ar thug tú ___ do gach duine?’ (cóipleabhar, píosa páipéir) ‘Ar fhéach tú ar an teilifís aréir?’ ‘Ar fhan tú sa seomra ranga ag am lóin?’ ‘An raibh tú ag imirt cluichí sa chlós?’ ‘An raibh spórt agus scléip agat?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Lá breithe Oisín a bhí . . . a seacht a chlog.’ An bhfuil an páiste in ann abairtí a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach? ‘Inné, d’fhéach sé.’ ‘Gach lá, féachann sé.’ ‘Inné, d’fhan sé.’ ‘Gach lá, fanann sé.’ ‘Inné, d’fhág sé.’ ‘Gach lá, fágann sé.’

122

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 122

31/08/2018 11:06


Bia Aonad 3 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Nuacht a insint Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga An Nuacht Comhrá 4.1 An nuacht á léamh ag Ruairí. Dia dhaoibh a chairde agus fáilte romhaibh. Bhí mo lá breithe ann inné. Bhí mé naoi mbliana d’aois. Bhí mé ar bís. Bhí cóisir agam i mo theach. Tháinig mo chairde go dtí an chóisir. Fuair mé bronntanais ó mo chairde. Bhí mé ag imirt cluichí le mo chairde. Bhí spórt agus scléip agam.

Caint an Ranga Bhí mo lá breithe ann inné. Bhí mé ___ mbliana d’aois. (ocht, naoi, deich) Bhí mé ar bís. Bhí cóisir agam i mo theach. An raibh spórt agus scléip agat sa chlós? Bhí spórt agus scléip agam.

An Aimsir Dia dhaoibh a chairde agus fáilte romhaibh. Beidh stoirm ann anocht. Beidh gaoth láidir ag séideadh. Beidh sé an-ghaofar. Beidh tintreach agus toirneach ann. Comhrá 4.2 Tháinig mo chairde go dtí mo chóisir. Tháinig do chairde go dtí do chóisir. Tháinig a chairde go dtí a chóisir. Tháinig a cairde go dtí a cóisir. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Téitear siar ar an amhrán Mo Lá Breithe. Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá a bhí ann inné?’ ‘Cén aois é Ruairí?’ ‘An raibh brón air?’ ‘Cén fáth a raibh sé ar bís?’ ‘An raibh cóisir aige?’ ‘Cá raibh an chóisir ar siúl?’ ‘Cé a tháinig go dtí an chóisir?’ ‘Cad a fuair sé?’ ‘An raibh spórt agus scléip aige?’ ‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cén mhí atá ann?’ ‘Cén saghas aimsire a bheidh ann anocht?’ Múintear comhrá 4.2:‘Tháinig mo chairde go dtí mo chóisir.’ ‘Tháinig do chairde go dtí do chóisir.’ ‘Tháinig a chairde go dtí a chóisir.’ ‘Tháinig a cairde go dtí a cóisir.’ Scríobh na hAbairtí: Tháinig mo chairde go dtí mo chóisir.Tháinig do chairde go dtí do chóisir.Tháinig a chairde go dtí a chóisir.Tháinig a cairde go dtí a cóisir. Bí ag Caint: ‘Cén aois thú?’ ‘Nuair a bhí do bhreithlá ann an raibh tú ar bís?’ ‘An raibh cóisir agat?’ ‘Cá raibh an chóisir ar siúl?’ ‘Cé a tháinig go dtí an chóisir?’ ‘Cad a fuair tú?’ ‘An raibh spórt agus scléip agat?’ ‘Ar ith tú glasraí?’ ‘Ar ól tú bainne?’ ‘An raibh áthas ort?’ Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus ligeann sé/sí air/uirthi go raibh a b(h)reithlá ann inné. Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘An bhfuil nuacht agat?’ Insíonn an páiste nuacht faoina b(h)reithlá.Tig leis an múinteoir leidchárta a úsáid chun an páiste a spreagadh chun an nuacht a thabhairt. Litriú: mo chairde, do chairde, a chairde, a cairde.

123

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 123

31/08/2018 11:06


Bia Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘Bhí mo lá breithe ann inné.’ ‘Bhí mé naoi mbliana d’aois.’ ‘Bhí mé ar bís.’ ‘Bhí cóisir agam i mo theach.’ ‘Tháinig mo chairde go dtí an chóisir.’ ‘Fuair mé bronntanais ó mo chairde.’ ‘Bhí spórt agus scléip agam.’ Tugann na páistí eile bualadh bos nuair a bhíonn críochnaithe ag an bpáiste. Ceistíonn an múinteoir na páistí faoin aimsir:‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cén mhí atá ann?’ ‘Cén lá atá ann?’ ‘Cén saghas lae é inniu?’ ‘Cén saghas aimsire a bheidh ann anocht?’ ‘An mbeidh stoirm ann?’ ‘An mbeidh sé gaofar?’ ‘An mbeidh gaoth láidir ag séideadh?’ ‘An mbeidh tintreach agus toirneach ann?’ Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus déanann an páiste cur síos ar an aimsir. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 55. Insíonn páiste A nuacht do pháiste B. Insíonn páiste B nuacht do pháiste A. Déanann páiste A cur síos ar an aimsir. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 55. Léann na páistí an nuacht agus an aimsir. Freagraíonn na páistí na ceisteanna chun a nuacht phearsanta a thabhairt. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin aimsir.Tig leo an foclóir ar lch. 55 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn lá breithe páiste ann spreagtar é/í ‘Tá mé ___ ocht/naoi/deich liana d’aois’ a rá. Nuair a thagann na páistí isteach sa seomra ranga tar éis am sosa nó am lóin ceistíonn an múinteoir an páiste:‘An raibh spórt agus scléip agat sa chlós?’ Nuair a bhíonn sceitimíní áthais ar pháiste faoi rud éigin a tharlaíonn dó/di spreagtar an páiste ‘Tá mé ar bís’ a rá. Má bhíonn cóisir ag páiste dá b(h)reithlá spreagtar é/í ‘Tháinig mo chairde go dtí mo chóisir’ a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An féidir leis an bpáiste nuacht a thabhairt? ‘Bhí mo lá breithe ann inné.’ ‘Bhí mé naoi mbliana d’aois.’ srl. An féidir leis an bpáiste tuairisciú faoin aimsir? ‘Beidh stoirm ann anocht.’ ‘Beidh gaoth láidir ag séideadh.’ srl.

124

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 124

31/08/2018 11:06


Bia Scéal – An Rí agus an tÓr Scéalaí:

Fadó, fadó bhí rí ina chónaí i gcaisleán mór. Bhí an rí agus a iníon ag imirt peile sa ghairdín.

Banphrionsa: Is breá liom an gairdín seo. Is breá liom na bláthanna. Tá siad go hálainn. Scéalaí:

Chuaigh an rí isteach sa chaisleán. Chuir sé a chuid óir go léir ar an mbord.

Rí:

Ba mhaith liom níos mó óir.

Scéalaí:

Thosaigh an rí ag caoineadh. Tháinig sióg bheag chuige.

Sióg:

Cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh?

Rí:

Ba maith liom níos mó óir. Ba mhaith liom gach rud a athrú go hór.

Sióg:

Ceart go leor.

Scéalaí:

D’imigh an tsióg. Chuir an rí a lámh ar an mbord. D’athraigh an bord go hór. Bhí áthas an domhain ar an rí. Thosaigh sé ag gáire agus ag damhsa.

Rí:

Yahú! Tá mé saibhir! Tá mé saibhir!

Scéalaí:

Chuir sé a lámh ar an doras agus d’athraigh an doras go hór. Bhí an rí ar bís. Rith sé amach sa ghairdín.

Rí:

Tar anseo! Is féidir liom gach rud a athrú go hór.

Scéalaí:

Chuir sé a lámh ar na bláthanna agus d’athraigh na bláthanna go hór.

Rí:

Go hiontach.Tá mé an-sásta.

Iníon:

Cad atá ar siúl agat? Tá an gairdín gránna anois! Féach ar mo bhláthanna! Tá na bláthanna gránna anois.

Scéalaí:

Bhí brón uirthi. Thosaigh sí ag caoineadh. Bhí trua ag an rí di.

Rí:

Ná bí brónach.

Scéalaí:

Thug sé póg di. Nuair a chuir sé lámh uirthi, d’athraigh sí go hór. Baineadh geit as an rí.

125

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 125

31/08/2018 11:06


Bia Rí:

Cad a dhéanfaidh mé?

Scéalaí:

Thosaigh sé ag caoineadh.

Rí:

Ó m’iníon álainn!

Scéalaí:

Tháinig an tsióg ar ais.

Sióg

Cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh?

Rí:

Féach! D’athraigh mé m’iníon álainn go hór. Is fearr liom m’iníon ná ór.

Sióg

Éist go cúramach! Téigh go dtí an abhainn agus faigh uisce. Cuir uisce ar gach rud agus beidh tú ábalta gach rud a athrú ar ais arís.

Scéalaí:

Fuair an rí crúiscín agus rith sé go dtí an abhainn ar nós na gaoithe. Fuair an rí uisce. Chaith an rí uisce ar na bláthanna. D’imigh an t-ór. Bhí na bláthanna go hálainn arís. Chaith an rí uisce ar a iníon. D’imigh an t-ór. Bhí a iníon beo arís. Bhí áthas an domhain ar an rí arís. Thosaigh an rí agus a iníon ag imirt peile sa ghairdín álainn. Bhí siad sna trithí ag gáire. Bhí siad sona sásta.

Scríobh an Scéal: Fadó, fadó bhí an rí ina chónaí i gcaisleán mór. Bhí an rí agus a iníon ag imirt peile sa ghairdín. Bhí an gairdín go hálainn. Chuaigh an rí isteach sa chaisleán. Chuir sé a chuid óir ar an mbord. Bí ag Scríobh: D’athraigh ___ go hór. (an caisleán, an fhuinneog, an cófra, an doirteal, an sorn, an bord, an doras, an chathaoir. Foclóir: rí, iníon, caisleán, gairdín, crann, sióg, liathróid, bláthanna. Bua na Cainte 3 lch. 56.Tuairiscíonn na páistí faoin bpictiúr. Freagraíonn na páistí na ceisteanna.Tarraingíonn na páistí pictiúr ina gcóipleanbhair féin agus scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Scríobhann siad na focail chearta chun na habairtí a chomhlánú. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr ar lch. 56: An Rí agus an tÓr. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga.

126

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 126

31/08/2018 11:06


Bia Measúnú don Fhoghlaim Teanga ó Bhéal 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12

Cén aois thú? Cad atá uait don bhricfeasta? Cad atá uaidh? Cad atá uaithi? Cén t-am é? Cén t-am é? An fearr leat úll nó piorra? An gcabhróidh tú liom? Cén bia is fearr leat? An bhfuil torthaí i do bhosca lóin? Ar ith Róisín fíonchaora? Ar ól Róisín sú oráiste?

Léitheoireacht, Chuir Daidí bia sa bhabhla. Thug Daidí bia don leanbh. Chaith an leanbh an bia. Bhí ionadh ar Dhaidí. Bhí léine Dhaidí salach. Scríbhneoireacht An Dinnéar Ar dtús d’ith na páistí anraith. Ansin d’ith siad prátaí, glasraí agus feoil. D’ól siad uisce. Ar deireadh d’ith siad sailéad torthaí agus uachtar reoite. Bhí siad lán go béal.

127

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp081-127).indd 127

31/08/2018 11:06


An Geimhreadh An Aimsir – An Geimhreadh – Aonad Teagaisc agus Foghlama Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 57–64) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal

Léitheoireacht

Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An t-aonú lá déag, An dara lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, An naoú lá déag, An fichiú lá ___. (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, d’Eanáir) Litriú: An t-aonú lá déag. An dara lá déag. An tríú lá déag. An geimhreadh a bhí ann. Bhí sioc ar an talamh. Bhí sé an-fhuar. Bhí na páistí ag dul ar scoil. ‘Bí cúramach,’ arsa Mamaí. ‘Seachain nó titfidh sibh.’ Ceart go leor. Thit Mamaí. Bhí na páistí sna trithí ag gáire. Thosaigh Mamaí ag gáire freisin. Inné Chuir sé Dhún sé Thit sé

Gach Lá Cuireann sé Dúnann sé Titeann sé

Déan cur síos ar an bhfear sneachta. Tá hata ar a cheann.Tá píopa ina bhéal. Tá ___ air. (súile, srón dhearg) Tá scairf ildaite ar a mhuineál. Tá cnaipí air. Tá scuab ina lámh dheas. Tá cloigín ina lámh chlé. Tarraing fear sneachta. Ar dtús, tarraing a chorp. Ansin, tarraing a cheann.Tarraing ___. (hata ar a cheann, píopa ina bhéal, a shúile, a shrón, scairf ildaite ar a mhuineál, cnaipí air) Ar deireadh, tarraing scuab ina lámh dheas agus cloigín ina lámh chlé. Litriú: An ceathrú lá déag. An cúigiú lá déag. An séú lá déag.

Amárach Cuirfidh sé Dúnfaidh sé Titfidh sé

Litriú: An seachtú lá déag. An t-ochtú lá déag.

Tá crann cnó capaill ar an mbord dúlra. Tá an crann ___. (lom, donn) Níl duilleoga ar an gcrann. Tá spideog ar an gcrann. Tá a brollach dearg is a cleití donn. Tá dreoilín ar an gcrann freisin. Tá an dreoilín an-bheag. Tá a cleití donn.

128

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 128

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Tá fear sneachta in aice leis an gcrann. Tá scairf ildaite air. Tá píopa ina bhéal. Tá cnaipí air. Tá brat sneachta ar an talamh. Tá cuileann ar an mbord dúlra. Cuirigí na focail ar an mbord dúlra. (lom, dreoilín, spideog, cleití, brollach, crann cnó capaill, fear sneachta, cnaipí, scairf idaite, píopa, cuileann) Litriú: An naoú lá déag. An fichiú lá.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán – Míonna na Bliana Dán – An Sneachta Amhrán – An Spideog

Ainmhithe san Artach

Drámaíocht

Cluichí

Drámaíocht Dráma bunaithe ar an scéal: An Geimhreadh Dráma bunaithe ar an dán: An Sneachta

Tasc Tuisceana Cé hé? Bí ag Léamh Tarraing Scríobh an Scéal Freagair na Ceisteanna Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra Suimeanna Focal Foclóir

Obair Bheirte Cén dáta atá ann? An ceathrú lá, srl. ___ atá ann. (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, d’Eanáir)

Cad atá ar an mbord dúlra? Tá ___ ar an mbord dúlra. (crann cnó capaill, duilleoga) Déan cur síos ar an bhfear sneachta.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cén lá atá ann inniu? Cén mhí atá ann? Cén dáta atá ann? Cén séasúr atá ann? Cén saghas lae é? Déan cur síos ___. (ar an gcluiche, ar an dráma, srl.)

Tarraing ___. (pictiúr, líne, srl.) Tá ___ ina lámh chlé. (scuab, leabhar, peann, bioróir, srl.) Tá ___ ina lámh dheas. (úll, oráiste, piorra, gloine uisce, srl.) Tarraing ___. (pictiúr, líne, srl.)

Bí cúramach. Seachain nó titfidh ___. (tú, sibh) Thit ___ sa chlós. Ceart go leor. Cuir ___ ar an mbord dúlra. Tá ___ ar an mbord, ar an gcathaoir, in aice leis an mbord, in aice leis an gcathaoir.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

129

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 129

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Eolas Imshaoil Ainmnithe san Artach

Drámaíocht An Geimhreadh

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

130

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 130

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Stór focal a shealbhú agus a úsáid

Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An t-aonú lá déag, An dara lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, An naoú lá déag, An fichiú lá ___. (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, d’Eanáir)

Caint an Ranga Cén lá atá ann inniu? Cén mhí atá ann? ___ atá ann. Cén dáta atá ann?

Amhrán – Míonna na Bliana Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Mí na Samhna, Mí na Nollag. Sin iad míonna na bliana. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá atá ann inniu?’ Freagraíonn na páistí:‘___ atá ann.’ (An Luan, an Mháirt, An Chéadaoin, An Déardaoin, An Aoine, An Satharn, An Domhnach) Téitear siar ar an amhrán Míonna na Bliana. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén mhí atá ann?’ ‘Cén séasúr atá ann?’ Téann an múinteoir siar ar an dáta ón gcéad lá go dtí an deichiú lá. Múintear an comhrá:‘Cén dáta atá ann?’ ‘An t-aonú lá déag, An dara lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, An naoú lá déag, An fichiú lá ___.’ (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, d’Eanáir) Tasc Tuisceana: Cén dáta atá ann? An t-aonú lá déag, An dara lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, An naoú lá déag, An fichiú lá ___ atá ann. (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, d’Eanáir) Úsáideann an múinteoir féilire mór. Léiríonn an múinteoir dáta do na páistí. Ceistítear na páistí:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí: ‘An t-aonú déag lá, srl. ___ atá ann.’ (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, d’Eanáir) Cé hé?: N’fheadar cé hé? Is ___ é. (broc, sionnach, rón, fear sneachta, béar, réinfhia, sciathán leathair, damhán alla) Litriú: An t-aonú lá déag. An dara lá déag. An tríú lá déag.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Bíonn féilire ag an bpáiste. Léiríonn an páiste dáta do pháiste eile sa rang. Ceistíonn an páiste an páiste eile: ‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí: ‘An dara lá déag, srl. ___ atá ann.’ (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, d’Eanáir) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Léiríonn páiste A dáta do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn páiste B: ‘An tríú lá déag, srl. ___ atá ann.’ (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, d’Eanáir) Obair Bheirte: Tugtar féilire beag do gach beirt pháistí. Léiríonn páiste A dáta do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn páiste B: ‘An ceathrú lá déag, srl. ___ atá ann.’ (de Mhí na Samhna, de Mhí na Nollag, d’Eanáir)

131

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 131

04/09/2018 11:44


An Geimhreadh Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 57. Léann na páistí na dátaí. An t-aonú lá déag, An dara lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, An naoú lá déag, An fichiú lá d’Eanáir. Ceistítear na páistí:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí: ‘An naoú lá déag d’Eanáir atá ann.’ Scríobhann na páistí na dátaí ina gcóipleabhair. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí gach lá.‘Cén lá atá ann inniu?’ ‘Cén dáta atá ann inniu?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén dáta atá ann?’ ‘An ceathrú lá déag, d’Eanáir atá ann.’ An féidir leis an bpáiste tuairisciú? ‘An cúigiú lá déag, d’Eanáir atá ann.’ An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? ‘An t-aonú lá déag … An fichiú lá.’

132

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 132

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ●

Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Cur síos a dhéanamh Stór focal a shealbhú agus a úsáid

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

An Fear Sneachta Déan cur síos ar an bhfear sneachta. Tá hata ar a cheann.Tá píopa ina bhéal. Tá ___ air. (súile, srón dhearg) Tá scairf ildaite ar a mhuineál. Tá cnaipí air. Tá scuab ina lámh dheas. Tá cloigín ina lámh chlé. Tarraing fear sneachta. Ar dtús, tarraing a chorp. Ansin, tarraing a cheann.Tarraing ___. (hata ar a cheann, píopa ina bhéal, a shúile, a shrón, scairf ildaite ar a mhuineál, cnaipí air) Ar deireadh, tarraing scuab ina lámh dheas agus cloigín ina lámh chlé.

Déan cur síos ar ___. Conas atá sé gléasta? Tá ___ air. (hata, cóta, scairf, lámhainní, bróga dubha, srl.) Tarraing ___. (pictiúr, líne, srl.) Tá ___ ina lámh chlé. (scuab, leabhar, peann, bioróir, srl.) Tá ___ ina lámh dheas. (úll, oráiste, piorra, gloine uisce, srl.)

Dán – An Sneachta Thit sneachta bog bán anuas ón spéir. Nuair a bhí mé i mo luí ar mo leaba aréir.

Tá sneachta bog bán anois i ngach áit. Ar theach is ar chrann, ar shráid is ar pháirc.

Beidh spórt againn mé féin agus Seán. Ag súgradh inniu sa sneachta bog bán.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán An Sneachta. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a thit anuas ón spéir aréir?’ ‘An bhfuil sneachta i ngach áit?’ ‘Cá bhfuil an sneachta?’ ‘An maith ___ an sneachta?’ (leat, leis) ‘Cén dath atá ar an sneachta?’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá ar a cheann.’ ‘Cad atá ina bhéal?’ ‘An bhfuil ___ air?’ (súile, srón) ‘Céard atá ar a mhuineál?’ ‘Cad atá ar a chorp?’ ‘Céard atá ina lámh chlé?’ ‘An bhfuil scuab ina lámh dheas?’ Iarrann an múinteoir ar na páistí cur síos a dhéanamh ar an bhfear sneachta. Bí ag Léamh: Tá hata ar a cheann.Tá píopa ina bhéal.Tá súile air.Tá srón dhearg air.Tá scairf ildaite ar a mhuineál.Tá cnaipí air.Tá scuab ina lámh dheas.Tá cloigín ina lámh chlé. Tarraing: Tarraing fear sneachta. Ar dtús, tarraing a chorp. Ansin, tarraing a cheann.Tarraing ___. (hata ar a cheann, píopa ina bhéal, a shúile, a shrón, scairf ar a mhuineál, cnaipí air) Tarraing scuab ina lámh dheas.Ar deireadh, tarraing cloigín ina lámh chlé. Scríobh an Scéal: Tá hata ar a cheann.Tá píopa ina bhéal.Tá ___ air. (súile, cnaipí) Tá scairf ildaite ar a mhuineál.Tá scuab ina lámh dheas.Tá cloigín ina lámh chlé. Litriú: An ceathrú lá déag. An cúigiú lá déag. An séú lá déag.

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus cur síos a dhéanamh ar an bhfear sneachta. Obair Bheirte: Ar dtús, déanann páiste A cur síos ar an bhfear sneachta. Ansin, déanann páiste B cur síos ar an bhfear sneachta.

133

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 133

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 58. Léann na páistí faoin bhfear sneachta. Leanann na páistí na treoracha chun fear sneachta a tharraingt. Bua na Cainte 3 lch. 59. Léann na páistí an dán. Scríobhann siad an dán ina gcóipleabhair agus tarraingíonn siad pictiúr. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin bhfear sneachta.Tig leo an foclóir ar lch. 58 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Conas atá sé gléasta?’ Freagraíonn páiste:‘Tá ___ air.’ (cóta, hata, scairf, lámhainní, bróga reatha, srl.) Ag am lóin/sosa ceistíonn an múinteoir páiste:‘An bhfuil ___ ort.’ (ocras, tart) Freagraíonn an páiste:’‘Tá ___ orm.’ (ocras, tart) Tar éis cluiche ceistíonn an múinteoir páiste:‘An bhfuil tuirse ort?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá tuirse orm.’ Tar éis cluiche iarrann an múinteoir ar pháiste cur síos a dhéanamh ar chluiche:‘Déan cur síos ar an gcluiche.’ Iarrann an múinbteoir ar pháiste:‘Tarraing ___.’ (pictiúr, líne, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh? ‘Tarraing ___.’ (hata ar a cheann, srl.) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá scairf ildaite ar a mhuineál.’ srl. An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (fear sneachta, hata, srón, súile, píopa, scairf, cnaipí, scuab, cloigín)

134

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 134

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Scéal a insint Foláireamh a thabhairt Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir fháistineach

Eiseamláirí Teanga Comhrá 3.1 An Geimhreadh An geimhreadh a bhí ann. Bhí sioc ar an talamh. Bhí sé an-fhuar. Bhí na páistí ag dul ar scoil. ‘Bí cúramach,’ arsa Mamaí. ‘Seachain nó titfidh sibh.’ Ceart go leor. Thit Mamaí. Bhí na páistí sna trithí ag gáire. Thosaigh Mamaí ag gáire freisin. Comhrá 3.2 Inné Gach Lá Chuir sé Cuireann sé Dhún sé Dúnann sé Thit sé Titeann sé

Caint an Ranga Cén séasúr atá ann? Cén saghas lae é? Tá sioc ann. Tá sé an-fhuar. Bí cúramach. Seachain nó titfidh ___. (tú, sibh) Thit ___ sa chlós. Ceart go leor. Bhí na páistí sna trithí ag gáire.

Amárach Cuirfidh sé Dúnfaidh sé Titfidh sé

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear comhrá 3.1. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén séasúr a bhí ann?’ ‘Cén saghas aimsire a bhí ann?’ ‘An raibh sé ag cur báistí?’ ‘An raibh sioc ar an talamh?’ ‘Cá raibh na páistí ag dul?’ ‘Cad a tharla do Mhamaí?’ ‘Cén fáth a raibh na páistí ag gáire?’ Spreagann an múinteoir na páistí an scéal a insint le chéile. Múintear comhrá 3.2. Spreagtar na páistí na briathra a rá sna haimsirí difriúla. Chuir Mamaí a cóta uirthi inné. Cuireann Mamaí a cóta uirthi gach lá. Cuirfidh Mamaí cóta uirthi amárach. Dhún Mamaí an doras inné. Dúnann Mamaí an doras gach lá. Dúnfaidh Mamaí an doras amárach. Thit Mamaí inné.Titeann Mamaí gach lá.Titfidh Mamaí amárach. Freagair na Ceisteanna: Cén séasúr a bhí ann? Cad a bhí ar an talamh? Cá raibh na páistí ag dul? Ar thit Mamaí? Ar thit Róisín? Cén fáth a raibh na páistí ag gáire? Scríobh na hAbairtí: Chuir Mamaí a cóta uirthi inné. Cuirfidh Mamaí cóta uirthi amárach. Dhún Mamaí an doras inné. Dúnfaidh Mamaí an doras amárach. Thit Mamaí inné.Titfidh Mamaí amárach. Spraoi le Briathra: Chuir sí. Cuirfidh sí. Dhún sí. Dúnfaidh sí.Thit sí.Titfidh sí. Suimeanna Focal: Dún + faidh = Dúnfaidh. Cuir + fidh = Cuirfidh.Tit + fidh = Titfidh. Litriú: An seachtú lá déag. An t-ochtú lá déag.

Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Tagann grúpa páistí amach os comhair an ranga. Déanann na páistí dráma bunaithe ar an scéal.

135

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 135

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 60. Léann na páistí an scéal. Freagraíonn na páistí na ceisteanna bunaithe ar an scéal. Scríobhann na páistí na habairtí san aimsir fháistineach. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Gach maidin, ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cén saghas lae é?’ Nuair a bhíonn na páistí ag spraoi sa chlós ag am lóin nó ag am sosa iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla bheith cúramach:‘Bí cúramach.’ ‘Seachain tú féin nó titfidh tú.’ Nuair a thugann páiste A leithscéal do pháiste B spreagtar páiste B ‘Ceart go leor’ a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘An geimhreadh a bhí ann.’ ‘Bhí sioc ar an talamh.’ srl. An bhfuil an páiste in ann foláireamh a thabhairt? ‘Bí cúramach.’ An bhfuil an páiste in ann briathra a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile? ‘Chuir/Cuirfidh.’ ‘Dhún/Dúnfaidh.’ ‘Thit/Titfidh.’

136

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 136

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Tá crann cnó capaill ar an mbord dúlra. Tá an crann ___. (lom, donn) Níl duilleoga ar an gcrann. Tá spideog ar an gcrann. Tá a brollach dearg is a cleití donn. Tá dreoilín ar an gcrann freisin. Tá an dreoilín an-bheag. Tá a cleití donn. Tá fear sneachta in aice leis an gcrann. Tá scairf ildaite air. Tá píopa ina bhéal. Tá cnaipí air. Tá brat sneachta ar an talamh. Tá cuileann ar an mbord dúlra. Cuirigí na focail ar an mbord dúlra. (lom, dreoilín, spideog, cleití, brollach, crann cnó capaill, fear sneachta, cnaipí, scairf idaite, píopa, cuileann)

Caint an Ranga Déan cur síos ar ___. Cuir ___ ar an mbord dúlra. Tá ___ ar an mbord, ar an gcathaoir. Tá ___ in aice leis an mbord, in aice leis an gcathaoir.

Amhrán – An Spideog Tá grá agam don spideog Thuas ar an gcrann. Tá a brollach dearg Is tá a cleití donn.

Tá nead aici Ar chúl an tí. Tugann sí aire Do na héiníní.

Ha ha ha hí hí hí! Tugann sí aire do na héiníní.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán An Spideog. Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla ___ a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (an spideog, a brollach, a cleití, an nead, na héiníní) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An maith leat an spideog?’ ‘An bhfuil grá agat don spideog?’ ‘Cá bhfuil an spideog?’ ‘Cén dath atá ar a brollach?’ ‘Cén dath atá ar a cleití?’ ‘Cá bhfuil a nead?’ Iarrann an múinteoir ar na páistí briathar a athrú ón aimsir láithreach go dtí an aimsir chaite:‘Gach lá, tugann sí aire do na héiníní.’ ‘Inné, ___ sí aire do na héiníní.’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén crann atá ar an mbord dúlra?’ ‘Déan cur síos ar an gcrann.’ ‘Cá bhfuil an spideog?’ ‘Cén dath atá ar a brollach?’ ‘Cén dath atá ar a cleití?’ ‘Ainmnigh an t-éan eile atá ar an gcrann.’ ‘Déan cur síos ar an dreoilín.’ ‘Déan cur síos ar an bhfear sneachta.’ ‘Céard atá ar an talamh?’ Foclóir: cleití, spideog, cuileann, brollach, crann cnó capaill, dreoilín. Scríobh an Scéal: Tá crann cnó capaill ar an mbord dúlra.Tá an crann lom.Tá an crann donn. Níl duilleoga ar an gcrann. Tá spideog ar an gcrann.Tá a brollach dearg is a cleití donn.Tá dreoilín ar an gcrann freisin.Tá an dreoilín an-bheag.Tá a cleití donn. Litriú: An naoú lá déag. An fichiú lá.

Tréimhse Chumarsáide

Cuireann an múinteoir pictiúir ar an mbord dúlra. (crann cnó capaill, spideog, dreoilín, fear sneachta) Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla cur síos a dhéanamh ar an mbord dúlra:‘Déan cur síos ___.’ (ar an mbord dúlra, ar an gcrann cnó capaill, ar an spideog, ar an dreoilín, ar an bhfear sneachta) Tugann an múinteoir luaschártaí do pháistí difriúla. Iarrann an múinteoir ar na páistí na focail a chur san áit chuí. (dreoilín, spideog, nead, cleití, brollach, éiníní, crann cnó capaill, fear sneachta, píopa, muineál, cnaipí, scairf, súile, srón, hata)

137

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 137

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Obair Bheirte: Iarrann páiste A ar pháiste B cur síos a dhéanamh ar an mbord dúlra:‘Déan cur síos ar an mbord dúlra.’ ‘Tá ___ ar an mbord dúlra.’ Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 61. Déanann na paistí cur síos ar an bpictiúr. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Tarraingíonn na páistí pictiúr den dreoilín. Bua na Cainte 3 lch. 62. Déanann na páistí cur síos ar an spideog. Scríobhann na páistí an t-amhrán ina gcóipleabhair. Tarraingíonn siad pictiúr den spideog chun an t-amhrán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Spreagtar na páistí rudaí a thabhairt isteach agus a chur ar an mbord dúlra. (duilleoga, cuileann, srl.) Iarrann an múinteoir ar na páistí na rudaí a chur ar an mbord dúlra:‘Cuir ___ ar an mbord dúlra.’ Ceistítear na páistí:‘Céard é seo?’ Iarrann an múinteoir ar na páistí cur síos a dhéanamh ar rudaí éagsúla:‘Déan cur síos ar ___.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (dreoilín, spideog, nead, cleití, brollach, éiníní, crann cnó capaill, fear sneachta, píopa, muineál, cnaipí, scairf, súile, srón, hata) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá spideog ar an gcrann.’ srl.

138

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 138

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Scéal – Ainmhithe san Artach Scéalaí:

Bíonn an aimsir an-fhuar san artach. Bíonn sé ag cur sneachta. Bíonn calóga sneachta ag titim. Bíonn brat sneachta ar an talamh. An Sionnach Artach Seo é an sionnach artach. Bíonn an sionnach artach bán sa gheimhreadh. Bíonn sé donn nó liath sa samhradh. Bíonn a eireaball an-fhada. Bíonn a chosa gearr. Itheann sé éin agus éisc. An Béar Bán Bíonn an béar bán ina chónaí san artach. Bíonn sé an-mhór. Bíonn a cheann beag. Bíonn a shúile dubh. Bíonn a shrón dubh freisin. Bíonn an béar bán an-mhaith ag snámh. Is breá leis bheith ag snámh san uisce. Itheann sé rónta. Ní ólann an béar bán uisce. Téann an béar bán isteach i bpluais. Bíonn béiríní beaga ag an mbéar bán. An Réinfhia Bíonn an réinfhia ina chónaí san artach. Bíonn dath donn air sa samhradh. Bíonn dath liath air sa gheimhreadh. Bíonn a eireaball bán. Bíonn a bholg bán freisin. Bíonn sé an-mhaith ag rith. Ritheann sé ar nós na gaoithe. Bíonn sé an-mhaith ag snámh freisin. Is maith leis an réinfhia bheith ag ithe. Itheann sé plandaí. Itheann sé duilleoga freisin.

Foclóir: pluais, plandaí, rón, réinfhia, éisc, sneachta, béar artach, eireaball, béiríní, sionnach artach. Scríobh an Scéal: Bíonn an aimsir an-fhuar san artach. Bíonn sé ag cur sneachta. Bíonn calóga sneachta ag titim. Bíonn brat sneachta ar an talamh. Seo é an sionnach artach. Bíonn an sionnach artach bán sa gheimhreadh. Bíonn sé donn nó liath sa samhradh. Bíonn a eireaball an-fhada. Bíonn a chosa gearr. Itheann sé éin agus éisc. Bíonn an béar bán ina chónaí san artach. Bíonn an béar bán an-mhaith ag snámh. Is breá leis bheith ag snámh san uisce. Itheann sé rónta san uisce. Bíonn béiríní beaga ag an mbéar bán. Freagair na Ceisteanna: 1 Cad é seo? Is ___ é. (béar artach, réinfhia, rón, eireaball, sionnach artach) 2 Cad iad seo? Is ___ iad. (éisc, rónta, éin)

139

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 139

31/08/2018 11:08


An Geimhreadh Bua na Cainte 3 lch. 63.Tarraingíonn na páistí pictiúr de na hainmhithe san artach. Scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Léann na páistí an scéal faoin réinfhia. Scríobhann na páistí an scéal. Bua na Cainte 3 lch. 64. Léann na páistí an scéal faoin sionnach artach. Scríobhann na páistí an scéal. Léann na páistí an scéal faoin mbéar bán. Scríobhann na páistí an scéal.

140

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 140

31/08/2018 11:08


An Nollaig Ócáidí Speisialta – An Nollaig – Aonad Teagaisc agus Foghlama Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 65–70) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Mí na Nollag a bhí ann. Bhí na páistí ar bís. Nollaig shona daoibh. Go mba hé duit. Cuirfidh mé an crann Nollag sa chúinne. Cuirfidh mé ___ ar an gcrann Nollag. (soilse ildaite, maisiúcháin, San Nioclás, cloigíní, ribíní, réaltaí, fear sneachta, aingeal) Cuirfidh mé na soilse ar siúl. Tá an crann Nollag go hálainn ar fad. Cuirfidh mé ___ ar an matal os cionn na tine. (dhá choinneal, soilse, cártaí Nollag) Fuair Daidí dréimire. Cuirfidh mé cuileann ar an scáthán os cionn na tine. Crochfaidh mé stocaí Nollag ar an matal os cionn na tine freisin. Tá an seomra suí go hálainn. Is breá liom é. Is breá liom é freisin. Litriú: na ribíní, na cloigíní, na cailíní.

Seo é Daidí na Nollag. Tá cóta, hata agus bríste dearg air. Tá buataisí dubha air. Tá féasóg bhán air. Tá mála mór donn ar a dhroim. Déanann sé a lán bréagán do na páistí. Tá carr sleamhnáin, sióga agus réinfhianna aige. Gach Nollaig, tugann sé bréagáin do na páistí. Litriú: na cótaí, na hataí, na stocaí, na málaí, na cártaí. Oíche Nollag a bhí ann. Chuaigh Muire agus Iósaf go Beithil. Bhí gach teach ósta lán. Chuaigh Muire agus Iósaf isteach i stábla. Bhí asal agus bó sa stábla. Rugadh an leanbh Íosa sa mhainséar. Tháinig na trí rí. Thug siad bronntanais don leanbh Íosa. Tháinig na haoirí. Thug siad bronntanais don leanbh Íosa freisin. Thug siad uain dó. Bhí réalta os cionn an mhainséir. Bhí na haingil ag canadh sa spéir. Litriú: rí, trí, Íosa, tuí.

141

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 141

31/08/2018 11:08


An Nollaig Céard atá uait don dinnéar? Ar dtús, tá ___ uaim. (anraith, sailéad, putóg dhubh) Ansin, tá ___ agus ___ uaim. (turcaí rósta, liamhás, prátaí rósta, sceallóga prátaí, glasraí) Ar deireadh, tá ___ uaim. (putóg Nollag, cáca Nollag, uachtar reoite, glóthach) Ceart go leor. Litriú: putóg Nollag, stoca Nollag, cáca Nollag.

Dia dhaoibh a chairde agus fáilte romhaibh. Bhí Nollaig mhaith agam. Chuir Daidí crann Nollag sa seomra suí. Chuir Mamaí soilse ildaite ar an gcrann Nollag. Chuir mé maisiúcháin ar an gcrann Nollag. Tháinig Mamó agus Daideo go dtí mo theach. Thug siad bronntanas dom. Chroch mé mo stoca Nollag ar an matal os cionn na tine. Tháinig Daidí na Nollag. Thug sé rothar dom. Bhí mé ar bís. Bhí spórt agus scléip agam. Bhí dinnéar na Nollag an-bhlasta. D’ith mé turcaí, liamhás, sceallóga prátaí agus putóg Nollag. D’ól mé oráiste. Bhí mé lán go béal. Is breá liom an Nollaig. An Aimsir Dia dhaoibh a chairde agus fáilte romhaibh. Bhí an aimsir an-fhuar. Bhí sé ag cur sneachta. Bhí sé ag cur seaca freisin.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán – An Nollaig Dán – Daidí na Nollag Amhrán – An Drumadóir

An Drumadóir

Drámaíocht Dráma bunaithe ar an scéal: An Drumadóir Dráma bunaithe ar an amhrán: An Drumadóir

Cluichí Tasc Tuisceana Cluiche Kim Bí ag Scríobh Spraoi le Briathra Bí ag Léamh Scríobh an Scéal Feicim le Mo Shúilín Foclóir Bí ag Caint

Obair Bheirte Cad atá ar an gcrann Nollag? Tá ___ ar an gcrann Nollag. Cad atá os cionn na tine? Tá ___ os cionn na tine. Cad atá uait don dinnéar?

Tá ___ uiam. (anraith, liamhás, turcaí rósta, putóg Nollag)

142

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 142

31/08/2018 11:08


An Nollaig Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Nollaig shona duit. Go mba hé duit. Cuirfidh mé ___ sa chúinne. (an bosca bruscair, an mála, an liathróid, srl.) Cuirfidh mé ___ ar siúl. (an solas, srl.) Cuirfidh mé ___ ar an mbord. (an leabhar, an rialóir, srl.) Is breá liom é. Tá ___ go hálainn. (an leabhar, srl.) Seo é ___. (an múinteoir, an buachaill, an príomhoide, srl.) Tá ___ air. (hata, cóta, srl.) Tá ___ aige. (leabhar, peann, srl.)

Céard atá uait? Tá ___ uaim. (leabhar, srl.) Ceart go leor. Chuaigh ___ (mé, tú, sé, sí) go ___. (Corcaigh, srl.) Bhí ___ lán. (an bosca bruscair, an mála, an cófra) Bhí ___ sa mhála. (leabhar, srl.) Thug sé leabhar ___. (don bhuachaill, don chailín, srl.) Chuaigh ___ (ainm an pháiste) go dtí ___. (an leithreas, srl.) .

Chuir mé ___ (leabhar, srl.) ___. (ar an mbord, srl.) Tháinig ___ go dtí mo theach. (mo chairde, na buachaillí, srl.) Chroch mé suas ___ (mo chóta, srl.) ___. (sa halla, srl.) Bhí mé ar bís. Bhí spórt agus scléip agam. D’ól mé ___. (uisce, srl.) Bhí mé lán go béal. Bhí ___ an-fhuar. (an lá, srl.) Bhí sé ag cur sneachta. Bhí sé ag cur seaca freisin.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ealaín Mainséar, crann Nollag, srl. a tharraingt agus a mhaisiú.

Ceol An Drumadóir

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

143

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 143

31/08/2018 11:08


An Nollaig Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Mí na Nollag a bhí ann. Bhí na páistí ar bís. Nollaig shona daoibh. Go mba hé duit. Cuirfidh mé an crann Nollag sa chúinne. Cuirfidh mé ___ ar an gcrann Nollag. (soilse ildaite, maisiúcháin, San Nioclás, cloigíní, ribíní, réaltaí, fear sneachta, aingeal) Cuirfidh mé na soilse ar siúl. Tá an crann Nollag go hálainn ar fad. Cuirfidh mé ___ ar an matal os cionn na tine. (dhá choinneal, soilse, cártaí Nollag) Fuair Daidí dréimire. Cuirfidh mé cuileann ar an scáthán os cionn na tine. Crochfaidh mé stocaí Nollag ar an matal os cionn na tine freisin. Tá an seomra suí go hálainn. Is breá liom é. Is breá liom é freisin.

___ a bhí ann. (Eanáir, Feabhra, srl.) Nollaig shona duit. Go mba hé duit. Cuirfidh mé ___ sa chúinne. (an bosca bruscair, an mála, an liathróid, srl.) Cuirfidh mé ___ ar siúl. (an solas an ríomhaire, srl.) Cuirfidh mé ___ ar an mbord. (an leabhar, an rialóir, srl.) Is breá liom é. Tá ___ go hálainn. (an leabhar, an pictiúr, srl.)

Amhrán – An Nollaig Nollaig, Nollaig, Nollaig aoibhinn, Nollaig álainn ó! San Nioclás ag teacht san oíche, Ag líonadh stocaí ó!

Putóg, Putóg, Putóg Nollag, Putóg álainn ó! Cáca milis sa chófra, Úlla breátha ó!

Nollaig, Nollaig, Nollaig aoibhinn, Nollaig aoibhinn ó! Íosa beag anseo i mainséar, Oíche aoibhinn ó!

Saoire, saoire, saoire Nollag, Saoire álainn ó! Codladh fada gach aon mhaidin, Codladh aoibhinn ó! Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán An Nollaig. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén mhí a bhí ann?’ ‘Cé a tháinig?’ ‘Cad a rinne sé?’ ‘An maith leat putóg Nollag?’ ‘Cá raibh an cáca milis?’ ‘An maith leat úlla?’ ‘Cá raibh Íosa?’ ‘An maith leat an Nollaig?’ ‘Cén fáth?’ Múintear an comhrá. Beannaíonn an múinteoir do na páistí:‘Nollaig shona daoibh.’ Spreagtar na páistí freagairt don bheannú: ‘Go mba hé duit.’ Tagann páiste amach os comhair an ranga. Beannaíonn an páiste do na páistí go léir:‘Nollaig shona daoibh.’ Freagraíonn na páistí:‘Go mba hé duit.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén mhí a bhí ann?’ ‘Cár chuir Daidí an crann Nollag?’ ‘Cad a chuir na páistí ar an gcrann Nollag?’ ‘An raibh an crann Nollag go hálainn?’ ‘Ar chuir siad soilse ildaite ar an gcrann Nollag?’ ‘Ar chuir Mamaí cártaí Nollag ar an gcrann Nollag?’ Tasc Tuisceana: Cuir ___ ar an gcrann Nollag. (cuileann, coinneal, soilse ildaite, cloigíní, réaltaí, ribíní, stoca, aingeal, fear sneachta, San Nioclas) Cuir ___ ar an matal os cionn na tine. (dhá choinneal, soilse ildaite, cártaí Nollag, cuileann, cloigíní, ribíní, réaltaí) Cluiche Kim: cuileann, maisiúcháin, crann Nollag, soilse ildaite, cloigín, réalta, ribín, stoca, aingeal, cárta Nollag, coinneal, tine. Bí ag Scríobh: Cuirfidh Mamaí ___ ar an matal os cionn na tine. (cuileann, soilse ildaite, ribíní, aingeal, cártaí Nollag, dhá choinneal, cloigíní)

144

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 144

31/08/2018 11:08


An Nollaig Spraoi: an cloigín, na cloigíní, an ribín, na ribíní, an cailín, na cailíní. Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Iarrann an múinteoir ar pháiste maisiúcháin a chur ar an gcrann Nollag:‘Cuir ___ ar an gcrann Nollag.’ Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cad a chuirfidh tú ar an gcrann Nollag?’ Freagraíonn an páiste: ‘Cuirfidh mé ___ ar an gcrann Nollag.’ (cuileann, maisiúcháin, soilse, cloigín, réalta, ribín, stocaí Nollag, aingeal, coinneal) Cuireann an páiste maisiúchán ar an gcrann Nollag. Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Iarrann an múinteoir ar pháiste ___ a chur ar an matal os cionn na tine:‘Cuir ___ ar an matal os cionn na tine.’ Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cad a chuirfidh tú os cionn na tine?’ Freagraíonn an páiste: ‘Cuirfidh mé ___ ar an matal os cionn na tine.’ Cuireann páiste ___ os cionn na tine.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear an clár bán idirghníomhach.Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá os cionn na tine?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ os cionn na tine.’ (scáthán, cárta Nollag, coinneal, cuileann) Malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘Cad atá os cionn na tine?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ os cionn na tine.’ (scáthán, cárta Nollag, coinneal, cuileann) Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 65. Labhraíonn na páistí faoin bpictiúr.‘Tá ___ ar an gcrann Nollag.’ (soilse ildaite, maisiúcháin, cloigíní, ribíní, aingeal, fear sneachta) ‘Tá ___ os cionn na tine.’ (scáthán, cárta Nollag, coinneal, cuileann) ‘Tá ___ in aice leis an gcrann Nollag.’ Scríobhann na páistí na habairtí. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin bpictiúr ar lch. 65.Tig leis na páistí an foclóir a úsáid mar chabhair dóibh. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Bua na Cainte 3 lch. 66. Scríobhann na páistí an t-amhrán An Nollaig.Tarraingíonn siad pictiúr chun an t-amhrán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Cuirtear crann Nollag sa seomra ranga. Maisíonn na páistí an crann Nollag. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cad a chuirfidh tú ar an gcrann Nollag?’ Freagraíonn na páistí an cheist:‘Cuirfidh mé ___ ar an gcrann Nollag’: (maisiúcháin, soilse, srl.) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: Spreagtar na páistí crann Nollag a tharraingt agus an crann Nollag a mhaisiú. Spreagtar na páistí cur síos a dhéanamh ar an gcrann Nollag: ‘Tá ___ ar an gcrann Nollag.’ Ceol:An Drumadóir.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (cuileann, maisiúcháin, crann Nollag, soilse ildaite, cloigín, réalta, ribín, stoca, aingeal, cárta Nollag, coinneal, tine) An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tá ___ ar an gcrann Nollag.’ ‘Tá ___ os cionn na tine.’

145

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 145

31/08/2018 11:08


An Nollaig Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Cur síos a dhéanamh Tuairisciú Stór focal a shealbhú agus a úsáid

Eiseamláirí Teanga Seo é Daidí na Nollag. Tá cóta, hata agus bríste dearg air. Tá buataisí dubha air. Tá féasóg bhán air. Tá mála mór donn ar a dhroim. Déanann sé a lán bréagán do na páistí. Tá carr sleamhnáin, sióga agus réinfhianna aige. Gach Nollaig, tugann sé bréagáin do na páistí.

Caint an Ranga Seo é ___. (an múinteoir, an buachaill, an príomhoide, srl.) Tá ___ air. (hata, cóta, bríste, bróga, srl.) Tá ___ aige. (leabhar, peann, bioróir, srl.) Tugann sé ___ do na páistí. (leabhair, milseáin, srl.)

Dán – Daidí na Nollag Ba bhreá leis na páistí Nuair a tháinig oíche Nollag. Bhí spórt agus scléip acu Sula ndeachaigh siad a chodladh.

Fuair Áine is Páidín beag Stoca an duine. Chroch siad ar an matal iad Os cionn na tine.

Tháinig Daidí na Nollag I lár na hoíche. Líon sé na stocaí Go barr le féiríní.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán Daidí na Nollag. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An raibh na páistí sásta?’ ‘An raibh spórt agus scléip acu?’ ‘Cad a fuair Áine agus Páidín?’ ‘Cár chroch siad na stocaí?’ ‘Cá bhfuil an matal?’ ‘Cad atá ar an matal os cionn na tine?’ ‘Cé a tháinig?’ ‘Cad a rinne Daidí na Nollag?’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé hé seo?’ ‘Conas atá sé gléasta?’ ‘Cad atá ar a dhroim?’ ‘Cad atá ina mhála?’ ‘Cad a dhéanann sé?’ ‘Cad a thugann sé do na páistí?’ Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga gléasta mar Dhaidí na Nollag.Tuairiscíonn na páistí eile faoin bpáiste:‘Seo é Daidí na Nollag.’ ‘Tá cóta, hata agus bríste dearg air.’ srl. Bí ag Léamh: Seo é Daidí na Nollag.Tá cóta, hata agus bríste dearg air.Tá buataisí dubha air.Tá féasóg bhán air.Tá mála mór donn ar a dhroim.Tá carr sleamhnáin, sióga agus réinfhianna aige. Déanann sé a lán bréagán do na páistí. Gach Nollaig, tugann sé bréagáin do na páistí. Scríobh an Scéal: Seo é Daidí na Nollag.Tá cóta, hata agus bríste dearg air.Tá buataisí dubha air.Tá féasóg bhán air.Tá mála mór donn ar a dhroim.Tá carr sleamhnáin, sióga agus réinfhianna aige. Déanann sé a lán bréagán do na páistí. Gach Nollaig, tugann sé bréagáin do na páistí. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus tuairisciú faoi Dhaidí na Nollag. Spraoi: an cóta, na cótaí, an hata, na hataí, an stoca, na stocaí, an mála, na málaí, an cárta, na cártaí.

Tréimhse Chumarsáide

Gléastar páiste mar Dhaidí na Nollag.Tuairiscíonn na páistí eile faoi:‘Seo é Daidí na Nollag.’ ‘Tá cóta, hata agus bríste dearg air.’ ‘Tá buataisí dubha air.’ ‘Tá féasóg bhán air.’ ‘Tá mála mór donn ar a dhroim.’ ‘Tá carr sleamhnáin, sióga agus réinfhianna aige.’ ‘Déanann sé a lán bréagán do na páistí.’ ‘Gach Nollaig, tugann sé bréagáin do na páistí.’ Tuairiscíonn páiste aonair faoi Dhaidí na Nollag.

146

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 146

31/08/2018 11:08


An Nollaig Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 67. Léann na páistí an tuairisc faoi Dhaidí na Nollag. Scríobhann na páistí abairtí faoi Dhaidí na Nollag. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoi Dhaidí na Nollag. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a thagann duine isteach sa rang spreagtar na páistí ‘Seo é ___’ (ainm an pháiste, an múinteoir, an buachaill, an príomhoide, srl.) a rá. Nuair a thagann páiste isteach ar scoil ar maidin spreagtar na páistí ‘Tá ___ air’ (hata, cóta, bríste, bróga dubha, scairf, srl.) a rá. Ag amanna difriúla i rith an lae deir an múinteoir:‘Tá ___ aige.’ (leabhar, peann, cóipleabhar, bioróir, scriosán, rialóir, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (Daidí na Nollag, cóta, hata, bríste, buataisí, féasóg, mála bréagán, carr sleamháin, sióga, réinfhianna) An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Seo é Daidí na Nollag.’ srl. An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá féasóg bhán air.’ srl.

147

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 147

31/08/2018 11:08


An Nollaig Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Dinnéar na Nollag Céard atá uait don dinnéar? Ar dtús, tá ___ uaim. (anraith, sailéad, putóg dhubh) Ansin, tá ___ agus ___ uaim. (turcaí rósta, liamhás, prátaí rósta, sceallóga prátaí, glasraí) Ar deireadh, tá ___ uaim. (putóg Nollag, cáca Nollag, uachtar reoite, glóthach) Ceart go leor.

Céard atá uait? Tá ___ uaim. (anraith, turcaí rósta, putóg Nollag, srl.) Ceart go leor.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Céard atá uait do dhinnéar na Nollag?’ Freagraíonn páistí éagsúla: ‘Tá anraith uaim.’ ‘Tá sailéad uaim.’ ‘Tá putóg dhubh uaim.’ ‘Tá turcaí rósta uaim.’ ‘Tá liamhás uaim.’ ‘Tá prátaí rósta uaim.’ ‘Tá sceallóga prátaí uaim.’ ‘Tá glasraí uaim.’ ‘Tá putóg Nollag uaim.’ ‘Tá cáca Nollag uaim.’ ‘Tá uachtar reoite uaim.’ ‘Tá glóthach uaim.’ Tasc Tuisceana: Cuir ___ ar an bpláta. (prátaí rósta, sailéad, liamhás, turcaí rósta, uachtar reoite, glasraí, putóg Nollag, cáca Nollag, putóg dhubh, glóthach, sceallóga prátaí) Feicim le Mo Shúilín: Feicim le mo shúilín rud éigin a thosaíonn le ___. (anraith, sailéad, putóg dhubh, turcaí rósta, liamhás, glasraí, putóg Nollag, cáca Nollag, glóthach, uachtar reoite) Scríobh an Scéal: Dinnéar na Nollag.Ar dtús, tá ___ uaim. (anraith, putóg dhubh, sailéad) Ansin, tá ___ uaim. (sceallóga prátaí, glasraí agus turcaí rósta, prátaí rósta, glasraí agus liamhás) Ar deireadh, tá ___ uaim. (putóg Nollag, glóthach, cáca Nollag) Foclóir: anraith, sailéad, putóg dhubh, turcaí, liamhás, prátaí, glasraí, glóthach, putóg Nollag, cáca Nollag, coinneal. Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Iarrtar ar pháiste A bianna do dhinnéar na Nollag a roghnú. Ceistíonn an múinteoir páiste A:‘Cad atá uait don dinnéar ar dtús?’ ‘Cad atá uait ansin?’ ‘Cad atá uait ar deireadh?’ Freagraíonn na páistí. Iarrtar ar pháiste B bianna do dhinnéar na Nollag a roghnú. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá uait don dinnéar ar dtús?’ ‘Cad atá uait ansin?’ ‘Cad atá uait ar deireadh?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ uaim.’ Iarrtar ar pháiste C bianna do dhinnéar na Nollag a roghnú. Ceistíonn páiste B páiste C. Freagraíonn páiste C. Leantar ar aghaidh mar sin. Iarrann an múinteoir ar bhuachaill teacht amach os comhair an ranga.Tugtar deis don bhuachaill bianna don dinnéar a roghnú. Ceistíonn an múinteoir páiste eile:‘Cad atá uaidh don dinnéar?’ Freagraíonn an páiste:Tá ___ uaidh.’ Iarrann an múinteoir ar chailín teacht amach os comhair an ranga.Tugtar deis don chailín bianna a roghnú. Ceistíonn an múinteoir páiste eile:‘Cad atá uaithi don dinnéar?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ uaithi.’ Litriú: putóg Nollag, stoca Nollag, cáca Nollag.

148

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 148

31/08/2018 11:08


An Nollaig Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar na páistí biachlár do bhia na Nollag a dhéanamh.Tarraingíonn na páistí na pictiúir agus scríobhann siad na focail chuí. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cad atá uait don dinnéar?’ Obair Bheirte: Úsáideann na páistí na biachláir. Úsáidtear an leidchárta ‘Ar dtús,Ansin, Ar deireadh’ mar chabhair. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá uait don dinnéar?’ Spreagtar páiste B ‘Ar dtús, Ansin, Ar deireadh’ a úsáid chun an cheist a fhreagairt. Ar dtús, tá ___ uaim. Ansin, tá ___, ___ agus ___ uaim. Ar deireadh, tá ___ uaim. Ansin, malartaíonn na páistí róil. Cuirtear biachláir na bpáistí ar taispeáint sa seomra ranga. Tréimhse Iarchumarsáide Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 68. Léann na páistí an biachlár. Ceistíonn an múinteoir páiste:‘Cad atá uait do dhinnéar na Nollag ar dtús?’ ‘Cad atá uait ansin?’ ‘Cad atá uait ar deireadh?’ Freagraíonn an páiste na ceisteanna.Tarraingíonn na páistí biachlár agus scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá ___?’ (uait, uaidh, uaithi) Nuair a thugann páiste leithscéal do pháiste eile spreagtar an páiste eile ‘Ceart go leor’ a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (anraith, sailéad, putóg dhubh, turcaí rósta, liamhás, glasraí, putóg Nollag, cáca Nollag, glóthach, uachtar reoite) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Céard atá uait don dinnéar?’ ‘Ar dtús, tá ___ uaim.’ srl.

149

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 149

31/08/2018 11:08


An Nollaig Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Scéal a insint Stór focal a shealbhú agus a úsáid

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

An Chéad Oíche Nollag Oíche Nollag a bhí ann. Chuaigh Muire agus Iósaf go Beithil. Bhí gach teach ósta lán. Chuaigh Muire agus Iósaf isteach i stábla. Bhí asal agus bó sa stábla. Rugadh an leanbh Íosa sa mhainséar. Tháinig na trí rí. Thug siad bronntanais don leanbh Íosa. Tháinig na haoirí. Thug siad bronntanais don leanbh Íosa freisin. Thug siad uain dó. Bhí réalta os cionn an mhainséir. Bhí na haingil ag canadh sa spéir.

Chuaigh mé go ___. (Corcaigh, Baile Átha Cliath, srl.) Bhí ___ lán. (an bosca bruscair, an mála, an cófra) Bhí ___ sa mhála. (leabhar, bioróir, scriosán, srl.) Thug sé leabhar ___. (don bhuachaill, don chailín, srl.)

Amhrán – An Drumadóir ‘Tar,’ a dúirt siad liom, pa rum pum pum pum. Is feicfidh tú rí an domhain, pa rum pa pum pum. Tá bronntanais againn dó, pa rum pa pum pum. Le tabhairt do rí an domhain, pa rum pum pum pum, Rum pa pum pum, rum pum pum pum. Chun grá a thaispeáint dó, pa rum pum pum pum. A Íosa, bí liom.

Íosa, rí an domhain, pa rum pum pum pum. Is buachaill an-bhocht mé, pa rum pum pum pum. Níl bronntanais agam dó, pa rum pum pum pum. Le tabhairt do rí an domhain, pa rum pum pum pum, Rum pa pum pum, rum pa pum pum. Seinnfidh mé an druma dó, pa rum pa pum pum. A Íosa, bí liom.

Chroith Muire a ceann, pa rum pa pum pum. Choinnigh an bhó an t-am, pa rum pum pum pum. Sheinn mé an druma dó, pa rum pa pum pum. Sheinn mé ceol álainn dó, pa rum pum pum pum, Rum pa pum pum, rum pum pum pum. Bhí Íosa sásta liom, pa rum pum pum pum. A Íosa, bí liom.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán An Drumadóir. Canann an múinteoir an t-amhrán. Canann an rang an t-amhrán. Canann grúpa amháin an chéad véarsa. Canann an chéad ghrúpa eile an dara véarsa agus canann grúpa eile an tríú véarsa. Ceistítear na páistí: ‘An raibh an drumadóir bocht?’ ‘Ar thug an drumadóir bronntanas don leanbh Íosa?’ ‘An raibh an leanbh Íosa sásta leis an gceol?’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén oíche a bhí ann?’ ‘Cé a chuaigh go Beithil?’ ‘An raibh gach teach ósta lán?’ ‘Cé a bhí sa stábla?’ ‘Céard iad na hainmhithe a bhí sa stábla?’ ‘Cé mhéad rí a tháinig go dtí an stábla?’ ‘Céard a thug na trí rí don leanbh Íosa?’ Tasc Tuisceana: Cuir ___ sa stábla. (Muire Iósaf, asal, bó, mainséar) Cuir ___ sa mhainséar. (tuí, an leanbh Íosa) Cuir in aice leis an stábla. (na haoirí, na trí rí) Cuir uan in aice leis na haoirí. Cuir réalta os cionn an stábla. Cuir aingeal os cionn an stábla. Foclóir: stábla, uan, Muire, Iósaf, an leanbh Íosa, tuí, aingeal, na trí rí, aoirí, réalta. Bí ag Scríobh: Bhí ___ sa stábla. (Muire, Iósaf, an leanbh Íosa, tuí, na haoirí, trí rí, uan, bó) Bhí ___ os cionn an stábla. (aingeal, réalta) Litriú: rí, trí, Íosa, tuí.

150

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 150

31/08/2018 11:08


An Nollaig Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Tagann páistí amach os comhair an ranga. Bíonn páistí mar Mhuire, Iósaf, na haoirí, Íosa, na trí rí, uan, bó. Insíonn an múinteoir an scéal. Déanann na páistí dráma bunaithe ar an scéal. Tar éis tamaill, insíonn na páistí go léir/grúpa páistí an scéal le linn do na páistí eile bheith ag déanamh drámaíochta.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 69. Léann na páistí an scéal.Tarraingíonn siad mainséar. Scríobhann siad na focail chuí in aice leis an bpictiúr. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh: An Mainséar. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a théann páiste go dtí an leithreas, an leabharlann deir an páiste:‘Chuaigh ___ (ainm an pháiste) go dtí ___.’ (an leithreas, an leabharlann) Nuair a bhíonn rud éigin lán deir an páiste:‘Bhí ___ lán.’ (an bosca, an bosca bruscair, an mála, an cófra, an buidéal) Nuair a thugann páiste rud éigin do pháiste eile deir an páiste: ‘Thug ___ (ainm an pháiste) ___ (leabhar, srl.) ___.’ (don bhuachaill, don chailín, srl.) Nuair a fhaigheann an páiste rud a bhí ar iarraidh deir sé/sí:‘Bhí ___ (an leabhar, an bioróir, an scriosán, srl.) ___.’ (sa mhála, sa chófra, srl.) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: D’fhéadfadh na páistí mainséar a dhéanamh agus spreagtar na páistí cur síos a dhéanamh air: ‘Tá ___ sa mhainséar.’ ‘Tá ___ os cionn an mhainséir.’ Ceol: An Drumadóir.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Oíche Nollag a bhí ann.’ ‘Chuaigh Muire agus Iósaf go Beithil.’ An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? ‘ (Oíche Nollag, Muire agus Iósaf, Beithil, teach ósta, stábla, asal, bó, an leanbh Íosa, mainséar, na trí rí, bronntanais, na haoirí, uain, réalta, na haingil)

151

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 151

31/08/2018 11:08


An Nollaig Ceacht 5 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Nuacht a insint Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga An Nuacht An nuacht á léamh ag Niamh. Dia dhaoibh a chairde agus fáilte romhaibh. Bhí Nollaig mhaith agam. Chuir Daidí crann Nollag sa seomra suí. Chuir Mamaí soilse ildaite ar an gcrann Nollag. Chuir mé maisiúcháin ar an gcrann Nollag. Tháinig Mamó agus Daideo go dtí mo theach. Thug siad bronntanas dom. Chroch mé mo stoca Nollag ar an matal os cionn na tine. Tháinig Daidí na Nollag. Thug sé rothar dom. Bhí mé ar bís. Bhí spórt agus scléip agam. Bhí dinnéar na Nollag an-bhlasta. D’ith mé turcaí, liamhás, sceallóga prátaí agus putóg Nollag. D’ól mé oráiste. Bhí mé lán go béal. Is breá liom an Nollaig.

Caint an Ranga Tháinig ___ go dtí mo theach. (mo chairde, na buachaillí, na cailíní) Chroch mé ___ (mo chóta, mo hata, mo scairf, srl.) ___. (ar an gcathaoir, ar an doras, srl.) Thug sé ___ dom. (leabhar, cáca, milseán, srl.) Tá mé ar bís. Bhí spórt agus scléip agam. D’ól mé ___. (uisce, bainne, oráiste, srl.) Tá mé lán go béal. Tá ___ an-fhuar. (an mhaidin, an lá, srl.) Tá sé ag cur sneachta. Tá sé ag cur seaca freisin.

An Aimsir An aimsir á léamh ag Oisín. Dia dhaoibh a chairde agus fáilte romhaibh. Bhí an aimsir an-fhuar. Bhí sé ag cur sneachta. Bhí sé ag cur seaca freisin. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén séasúr a bhí ann?’ ‘Cé a chuir an crann Nollag sa seomra suí?’ ‘Cad a chuir Mamaí ar an gcrann Nollag?’ ‘Cad a chuir tú ar an gcrann Nollag?’ ‘Cé a tháinig go dtí do theach?’ ‘Cad a thug Mamó agus Daideo duit?’ ‘Cár chroch tú do stoca Nollag?’ ‘Cad a thug Daidí na Nollag duit?’ ‘An raibh spórt agus scléip agat?’ ‘An raibh dinnéar na Nollag blasta?’ ‘Cad a d’ith tú don dinnéar?’ ‘Cad a d’ól tú?’ ‘An maith leat an Nollaig?’ Bí ag Caint: An raibh Nollaig mhaith agat? Cad a chuir tú ar an gcrann Nollag? Ar tháinig Daidí na Nollag? Cad a thug Daidí na Nollag duit? An raibh stoca Nollag agat? An raibh spórt agus scléip agat? Cad a d’ith tú do dhinnéar na Nollag? Cén saghas aimsire a bhí ann lá Nollag? Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cad a chuir tú ar an gcrann Nollag?’ ‘An raibh stoca Nollag agat?’ ‘Cad a thug Daidí na Nollag duit?’ ‘An bhfuil nuacht agat?’ Insíonn an páiste nuacht faoin Nollaig.Tig leis an múinteoir leidchárta a úsáid chun an páiste a spreagadh chun an nuacht a thabhairt.

152

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 152

31/08/2018 11:08


An Nollaig Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘Bhí Nollaig mhaith agam.’ ‘Chuir Daidí crann Nollag sa seomra suí.’ ‘Chuir Mamaí soilse ildaite ar an gcrann.’ ‘Bhí spórt agus scléip agam.’ ‘Tháinig Daidí na Nollag.’ ‘Thug sé rothar dom.’ ‘Bhí mé ar bís.’ ‘Bhí dinnéar na Nollag an-bhlasta.’ ‘D’ith mé anraith ar dtús.’ ‘Ansin d’ith mé turcaí rósta, liamhás agus glasraí.’ ‘Ar deireadh, d’ith mé putóg Nollag.’ ‘Bhí mé lán go béal.’ Tugann na páistí eile bualadh bos nuair a bhíonn críochnaithe ag an bpáiste. Ceistíonn an múinteoir na páistí faoin aimsir:‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cén mhí atá ann?’ ‘Cén lá atá ann?’ ‘Cén saghas lae é inniu?’ ‘An raibh an aimsir fuar?’ ‘An raibh sé ag cur sneachta?’ ‘An raibh sé ag cur seaca?’ Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus déanann an páiste cur síos ar an aimsir. Obair Bheirte: Ceistíonn páiste A páiste B:‘Ar tháinig Daidí na Nollag?’ ‘Cad a thug Daidí na Nollag duit?’ Freagraíonn páiste B:‘Tháinig Daidí na Nollag.’ ‘Thug sé rothar agus tarracóir dom.’ Malartaíonn na páistí róil agus ceistíonn páiste B páiste A. Ansin déanann páiste A cur síos ar an aimsir. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Ceistíonn an múinteoir na páistí agus freagraíonn na páistí na ceisteanna chun a nuacht phearsanta a thabhairt. Scríobhann na páistí an nuacht. Léann na páistí an nuacht atá scríofa acu. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a thagann na páistí isteach sa seomra ranga tar éis am sosa nó am lóin deir páiste:‘Bhí spórt agus scléip agam sa chlós.’ Nuair a bhíonn sceitimíní áthais ar pháiste faoi rud éigin a tharlaíonn dó/di spreagtar an páiste ‘Tá mé ar bís’ a rá. Ag am sosa/am lóin spreagtar an páiste ‘D’ól mé ___’ (uisce, bainne, oráiste, srl.) a rá. Ag am lóin spreagtar an páiste ‘Tá mé lán go béal’ a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann nuacht a thabhairt? ‘Dia dhaoibh a chairde agus fáilte romhaibh’ ‘Bhí Nollaig mhaith agam.’ srl. An bhfuil an páiste in ann tuairisciú faoin aimsir? ‘Bhí an aimsir an-fhuar.’ ‘Bhí sé ag cur sneachta.’ ‘Bhí sé ag cur seaca freisin.’

153

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 153

31/08/2018 11:08


An Nollaig Scéal – An Drumadóir Scéalaí:

Oíche Nollag a bhí ann. Bhí réalta mhór gheal sa spéir. Bhí sé ag cur sneachta. Bhí calóga sneachta ag titim. Bhí brat bán sneachta ar an talamh. Bhí an drumadóir ag dul abhaile. Bhuail sé le trí rí.

Drumadóir:

Dia daoibh.

Na Trí Rí:

Dia’s Muire duit.

An Chéad Rí:

Táimid ag dul go Beithil. Tar linn.

An Dara Rí:

Rugadh Íosa, rí an domhain, i stábla ann.

An Tríú Rí:

Tá bronntanais againn dó.

An Drumadóir:

Is buachaill an-bhocht mé. Níl aon bhronntanas agam dó. Cad a dhéanfaidh mé? Tá a fhios agam. Seinnfidh mé ceol dó.

Scéalaí:

Lean na trí rí agus an drumadóir an réalta. Stop an réalta os cionn an stábla i mBeithil. Bhí Iósaf agus Muire sa stábla. Bhí an leanbh Íosa sa mhainséar. Bhí asal, bó agus uan sa stábla. Bhí aoirí sa stábla freisin. Thug na trí rí bronntanais don leanbh Íosa. Sheinn an drumadóir ceol don leanbh Íosa. Bhí an ceol go hálainn. Chroith Muire a ceann. Choinnigh an bhó, an t-asal, agus an t-uan an t-am. Bhí an leanbh Íosa an-sásta. Bhí an drumadóir sona sásta freisin.

Freagair na Ceisteanna: 1 Cén oíche a bhí ann? 2 Cén saghas oíche a bhí ann? 3 Cad a bhí sa spéir? 4 Ar bhuail an drumadóir le trí rí? 5 Ar sheinn an drumadóir ceol? 6 Ar sheinn na trí rí ceol? Scríobh an Scéal: Oíche Nollag a bhí ann. Bhí réalta mhór gheal sa spéir. Bhí sé ag cur sneachta. Bhí calóga sneachta ag titim. Bhí brat bán sneachta ar an talamh. Bhí an drumadóir ag dul abhaile. Bhuail sé le trí rí. Bua na Cainte 3 lch. 70. Iarrann an múinteoir ar na páistí cur síos a dhéanamh ar an mainséar. Labhraíonn na páistí faoi bpictiúr:‘Tá ___ sa stábla.’ (Muire, Iósaf an leanbh Íosa, srl.) ‘Tá ___ os cionn an mhainséir.’ (réalta, aingeal, srl.) Scríobhann na páistí faoin mainséar.

154

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp128-154).indd 154

31/08/2018 11:08


Caitheamh Aimsire Caitheamh Aimsire – Aonad Teagaisc agus Foghlama 1 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 76–80) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Cad atá ar siúl ag na páistí? Tá na páistí ___. (ag canadh go binn, ag rith rása, ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag iascaireacht) Cad atá ar siúl ___? (agat, aige, aici) Tá ___ (mé, sé, sí) ___. (ag canadh go binn, ag rith rása, ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag iascaireacht)

An maith leat bheith ___? (ag péinteáil, ag tiomáint, ag tarraingt, ag iomáint, ag rothaíocht, ag seinm ceoil, ag imirt peile, ag scátáil) Is/Ní maith liom bheith ___. Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Is fearr liom bheith ___.

Litriú: amach, isteach, fliuch.

An mó duine atá ag an leabharlann? Tá ___ ag an leabharlann. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr)

Bhí na páistí ag scríobh scéil. A mhúinteoir, tá críochnaithe agam. An bhfuil cead agam leabhar a fháil? Tá cead agat. Téigh go dtí an leabharlann agus faigh leabhar. An maith leat bheith ag léamh? Is breá liom bheith ag léamh. Cén leabhar is fearr leat? Is fearr liom Cú Chulainn!

Litriú: Tá sí ag iomáint.Tá sí ag tiomáint.Tá sí ag seinm ceoil.

Litriú: seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr.

Scríobh sé/sí scéal inné. Scríobhann sé/sí scéal gach lá. Scríobhfaidh sé/sí scéal amárach. Litriú: Scríobh sí. Scríobhann sí. Scríobhfaidh sí.

155

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 155

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Amhrán – Ag Luascadh Amhrán – Ag Rothaíocht Dán – An Port

Cú Chulainn

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: Cú Chulainn

Freagair na Ceisteanna Aimsigh an Focal Bí ag Scríobh Tasc Tuisceana Aimsigh an Abairt Bí ag Léamh Scríobh na hAbairtí

Obair Bheirte Cad atá ar siúl ag na páistí? Tá na páistí ___. (ag snámh, srl.) An maith leat bheith ___? (ag tiomáint, srl.) Is/Ní maith liom bheith ___. Cén caitheamh aimsire is fearr leat?

Is fearr liom bheith ___. An bhfuil cead agam ___ a fháil? Tá/Níl cead agat ___ a fháil. An mó duine atá ag an leabharlann? Tá ___ ag an leabharlann.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cad atá ar siúl ___? (agat, aige, aici) Tá ___ (mé, sé, sí) ___. (ag caint, ag obair go dian, ag léamh, ag éisteacht, ag imirt peile, srl.) An maith leat bheith ___? (ag seinm ceoil, ag canadh, srl.) Is/Ní maith liom bheith ___. (ag léamh, ag obair go dian, srl.)

Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Is fearr liom bheith ___. (ag péinteáil, ag tarraingt, srl.) A mhúinteoir, tá críochnaithe agam. An bhfuil críochnaithe agat? Tá/Níl críochnaithe agam.

An bhfuil cead agam ___ a fháil? (leabhar, peann, srl.) Tá/Níl cead agat. Téigh go dtí an leabharlann agus faigh leabhar. An mó duine atá ___? (ag an leabharlann, sa seomra ranga, sa halla, sa líne, srl.) Tá ___ sa líne. (triúr, seisear, srl.)

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol Ag Luascadh

Drámaíocht Cú Chulainn

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

156

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 156

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 1 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Comhrá 1.1 Cad atá ar siúl ag na páistí? Tá na páistí ___. (ag canadh go binn, ag rith rása, ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag iascaireacht)

Caint an Ranga Cad atá ar siúl ___? (agat, aige, aici) Tá ___ (mé, sé, sí) ___. (ag caint, ag obair go dian, ag éisteacht, ag imirt peile, ag léamh, ag scríobh, srl.)

Comhrá 1.2 Cad atá ar siúl ___? (agat, aige, aici) Tá ___ (mé, sé, sí) ___. (ag canadh go binn, ag rith rása, ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag iascaireacht) Amhrán – Ag Luascadh Táimse féin ag luascadh, ag luascadh, ag luascadh. Táimse féin ag luascadh, ag luascadh atáimse. (ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag canadh go binn, ag rith rása, ag snámh san uisce, ag iascaireacht) Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Ag Luascadh. Canann an rang go léir/grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an t-amhrán. Múintear comhrá 1.1. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá ar siúl ag na páistí?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá na páistí ___.’ (ag canadh go binn, ag rith rása, ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag iascaireacht) Úsáidtear na pictiúir. Spreagtar na páistí tuairisciú faoi gach pictiúr:‘Tá na páistí ___.’ (ag luascadh, srl.) Múintear comhrá 1.2. Cuirtear na pictiúir ar an gclár bán. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus mím a dhéanamh. (ag imirt peile, srl.) Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cad atá ar siúl agat?’ Freagraíonn an páiste: ‘Tá mé ___.’ (ag imirt peile, srl.) Iarrann an múinteoir ar bhuachaill teacht amach os comhair an ranga agus mím a dhéanamh. (ag dreapadh, srl.) Ceistíonn an múinteoir páiste eile:‘Cad atá ar siúl aige?’ Freagraíonn páiste:‘Tá sé ___.’ (ag dreapadh, srl.) Iarrann an múinteoir ar chailín teacht amach os comhair an ranga agus mím a dhéanamh. (ag sleamhnú, srl.) Ceistíonn an múinteoir páiste eile:‘Cad atá ar siúl aici?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá sí ___.’ (ag sleamhnú, srl.) Iarrann an múinteoir ar ochtar páistí teacht amach os comhair an ranga.Tugtar pictiúr an duine dóibh. Cuireann na páistí go léir ceist ar gach páiste:‘Cad atá ar siúl ag na páistí?’ Tuairiscíonn gach páiste faoin bpictiúr atá aige/aici:‘Tá na páistí ___.’ (ag sleamhnú, srl.) Cuirtear na pictiúir (ag dreapadh, srl.) ar an gclár bán. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ligeann siad orthu go bhfuil siad ___. (ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag rith rása, ag iascaireacht, ag canadh) Déanann siad mím chun an gníomh a léiriú. Cuireann an múinteoir ceist ar na páistí go léir:‘Cad atá ar siúl ag na páistí?’ Ansin, tagann páiste amháin amach le linn do bheirt eile bheith ag déanamh míme. Cuireann an páiste ceist ar na páistí eile: ‘Cad atá ar siúl ag na páistí?’ Úsáidtear na pictiúir.Tagann páiste amháin amach os comhair an ranga.Taispeánann an páiste pictiúr amháin do na páistí. Ceistíonn an páiste páistí éagsúla:‘Cad atá ar siúl ag na páistí?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá na páistí ___.’ (ag rith rása, srl.) Freagair na Ceisteanna: Cad atá ar siúl ag na páistí? Tá na páistí ___. (ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag rith rása, ag iascaireacht, ag canadh) Aimsigh an Focal: ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag rith rása, ag iascaireacht, ag canadh.

157

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 157

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Bí ag Scríobh:Tá na páistí ___. (ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag rith rása, ag iascaireacht, ag canadh) Litriú: amach, isteach, fliuch.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear na pictiúir. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘Cad atá ar siúl ag na páistí?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá na páistí ___.’ (ag snámh, srl.) Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Tugtar pictiúir do gach beirt pháistí: Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá ar siúl ag na páistí?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá na páistí ___.’ (ag snámh, srl.) Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 76. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá ar siúl ag na páistí?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá na páistí ___.’ (ag luascadh, ag sleamhnú, ag dreapadh, ag imirt peile, ag snámh, ag rith rása, ag iascaireacht, ag canadh) Scríobhann gach páiste freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla ag amanna difriúla i rith an lae:‘Cad atá ar siúl agat?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá mé ___.’ (ag léamh, ag scríobh, ag caint, ag éisteacht, srl.) Ag am sosa/lóin le linn don mhúinteoir bheith ag déanamh feitheoireachta sa chlós ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cad atá ar siúl agat?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá mé ___.’ (ag imirt peile, ag rith, ag siúl, srl.) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceol: Is féidir an t-amhrán Ag Luascadh a dhéanamh mar cheacht Ceoil.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cad atá ar siúl ag na páistí?’ ‘Tá na páistí ___.’ (ag imirt peile, ag rith rása, srl.) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá na páistí ___.’ (ag sleamhnú, srl.)

158

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 158

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 1 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Taitneamh a léiriú Rogha a léiriú

Eiseamláirí Teanga An maith leat bheith ___? (ag péinteáil, ag tiomáint, ag tarraingt, ag iomáint, ag rothaíocht, ag seinm ceoil, ag imirt peile, ag scátáil) Is/Ní maith liom bheith ___. Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Is fearr liom bheith ___. Amhrán – Ag Rothaíocht Táimse féin ag rothaíocht, ag rothaíocht, ag rothaíocht. Táimse féin ag rothaíocht, ag rothaíocht atáimse. (ag péinteáil, ag tiomáint, ag iomáint, ag tarraingt, ag imirt cluiche, ag scátáil, ag seinm ceoil)

Caint an Ranga An maith leat bheith ___? (ag seinm ceoil, ag canadh, ag rith) Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Is fearr liom bheith ___. (ag péinteáil, ag tiomáint, ag tarraingt)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Ag Rothaíocht. Canann an múinteoir an t-amhrán. Canann an rang go léir/grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an t-amhrán. Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘An maith leat bheith ___?’ (ag péinteáil, ag tiomáint, ag iomáint, ag tarraingt, ag rothaíocht, ag imirt cluiche, ag scátáil, ag seinm ceoil) Freagraíonn an páiste:‘Is/Ní maith liom bheith ___.’ Tasc Tuisceana: An maith leat bheith ___? Is/Ní maith liom bheith ___. (ag péinteáil, ag tiomáint, ag iomáint, ag tarraingt, ag rothaíocht, ag imirt cluiche, ag scátáil, ag seinm ceoil) Aimsigh an Abairt: Is maith liom bheith ___. (ag péinteáil, ag tiomáint, ag iomáint, ag tarraingt, ag rothaíocht, ag imirt cluiche, ag scátáil, ag seinm ceoil) Úsáideann an múinteoir na pictiúir mar spreagthach. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘An maith leat bheith ___?’ (ag péinteáil, srl.) Freagraíonn na páistí: ‘Is/Ní maith liom bheith ___.’ Tagann páiste amach os comhair an ranga. Úsáideann an páiste na pictiúir mar spreagthach. Ceistíonn an páiste páistí éagsúla: ‘An maith leat bheith ___?’ (ag scátáil, srl.) Freagraíonn na páistí:‘Is/Ní maith liom bheith ___.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén caitheamh aimsire is fearr leat?’ Freagraíonn na páistí: ‘Is fearr liom bheith ___.’ Litriú: Tá sí ag iomáint.Tá sí ag tiomáint.Tá sí ag seinm ceoil.

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Úsáidtear na pictiúir mar spreagthach. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘An maith leat bheith ___?’ (ag iomáint, srl.) Freagraíonn páiste B:‘Is/Ní maith liom bheith ___.’ Obair Bheirte: Tugtar pictiúir bheaga do gach beirt pháistí. Ceistíonn páiste A páiste B:‘An maith leat bheith ___?’ (ag tiomáint, srl.) Freagraíonn páiste B: ‘Is/Ní maith liom bheith ___.’ Ansin, malartaíonn na páistí róil. Ceistíonn an múinteoir páiste A: ‘Cén caitheamh aimsire is fearr leat?’ Freagraíonn páiste A: ‘Is fearr liom bheith ___.’ Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B. Ceistíonn páiste B páiste C. Freagraíonn páiste C. Leantar ar aghaidh mar sin.

159

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 159

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 77. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘An maith leat bheith ___?’ ‘Cén caitheamh aimsire is fearr leat?’ Ceistíonn páiste A páiste B: ‘An maith leat bheith ___?’ ‘Cén caitheamh aimsire is fearr leat?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna.Tarraingíonn na páistí pictiúr den chaitheamh aimsire is fearr leo. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘An maith leat bheith ag imirt peile?’ ‘Cén caitheamh aimsire is fearr leat?’ Ag am sosa/lóin le linn don mhúinteoir bheith ag déanamh feitheoireachta sa chlós ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An maith leat bheith ag imirt peile, ag iomáint, ag rith rása?’ srl. Freagraíonn an páiste:‘Is maith liom bheith ___.’ (ag imirt peile, srl.) ‘Cén caitheamh aimsire is fearr leat?’ ‘Is fearr liom bheith ___.’ (ag iomáint, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An maith leat bheith ag ___?’ ‘Cén caitheamh aimsire is fearr leat?’ ‘Is/Ní maith liom bheith ag ___.’ ‘Is fearr liom bheith ag ___.’ An féidir leis an bpáiste taitneamh a léiriú? ‘Is maith liom bheith ag ___.’ An féidir leis an bpáiste rogha a léiriú? ‘Is fearr liom bheith ag ___.

160

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 160

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 1 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ● ●

● ● ●

Aird a lorg Ceist a chur Ceist a fhreagairt Cead a lorg Cead a thabhairt Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Taitneamh nó easpa taitnimh a léiriú Rogha a dhéanamh Briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach go dtí an aimsir fháistineach

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Comhrá 3.1 Bhí na páistí ag scríobh scéil. A mhúinteoir, tá críochnaithe agam. An bhfuil cead agam leabhar a fháil? Tá cead agat. Téigh go dtí an leabharlann agus faigh leabhar. An maith leat bheith ag léamh? Is breá liom bheith ag léamh. Cén leabhar is fearr leat? Is fearr liom Cú Chulainn!

A mhúinteoir, tá críochnaithe agam. An bhfuil críochnaithe agat? Tá/Níl críochnaithe agam. An bhfuil cead agam ___ a fháil? (leabhar, peann, srl.) Tá/Níl cead agat. Téigh go dtí an leabharlann agus faigh leabhar.

Comhrá 3.2 Scríobh sé/sí scéal inné. Scríobhann sé/sí scéal gach lá. Scríobhfaidh sé/sí scéal amárach. Dán – An Port Shuigh Seán síos Is sheinn sé port. Phreab an frog A bhí ag snámh sa loch.

Thug sé léim Isteach i dtír. Le dúil sa cheol . . . Is lig sé sian!

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán An Port do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a sheinn Seán?’ ‘Ar shuigh ___?’ (Seán, an frog) ‘Ar phreab ___?’ (Seán, an frog) ‘Cá raibh an frog?’ Múintear an comhrá do na páistí. Múintear an nath ‘A mhúinteoir, tá críochnaithe agam.’ do na páistí. Úsáidtear pictiúir mar spreagthach. (leabhar, cóipleabhar, peann luaidhe, peann, rialóir, scriosán, gliú, bioróir) Spreagtar na páistí ceist a chur:‘An bhfuil cead agam ___ a fháil?’ (leabhar, srl.) Má deir an múinteoir ‘Tá cead agat’ faigheann an páiste an ___. (leabhar, srl.) Má deir an múinteoir ‘Níl cead agat’ ní fhaigheann an páiste an ___. (leabhar, srl.) Iarrann an múinteoir ar pháiste dul go dtí an leabharlann agus leabhar a fháil:‘Téigh go dtí an leabharlann agus faigh leabhar.’ Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘An maith leat bheith ag léamh?’ ‘Cén leabhar is fearr leat?’ Bí ag Léamh: An bhfuil cead agam ___ a fháil? (leabhar, cóipleabhar, peann luaidhe, peann, rialóir, scriosán, gliú, bioróir) Bí ag Scríobh: An bhfuil cead agam ___ a fháil? (leabhar, cóipleabhar, peann luaidhe, peann, rialóir, scriosán, gliú, bioróir) Scríobh na hAbairtí: Scríobh sí scéal inné. Scríobhann sí scéal gach lá. Scríobhfaidh sí scéal amárach. Litriú: Scríobh sí. Scríobhann sí. Scríobhfaidh sí.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear na pictiúir mar spreagthach. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Cuireann an páiste ceist:‘An bhfuil cead agam ___ a fháil?’ (leabhar, cóipleabhar, peann luaidhe, peann, rialóir, scriosán, gliú, bioróir, siosúr, cás peann luaidhe) Má deir an múinteoir ‘Tá cead agat’ tógann an páiste an leabhar, srl. Má deir an múinteoir ‘Níl cead agat’ ní thógann an páiste an leabhar, srl. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Úsáidtear na pictiúir mar spreagthach. Cuireann páiste A ceist ar pháiste B:‘An bhfuil cead agam ___ a fháil?’ (leabhar, cóipleabhar, peann luaidhe, peann, rialóir, scriosán, gliú, bioróir, siosúr, cás peann luaidhe) Má deir páiste B ‘Tá cead agat’ tógann páiste A an leabhar, srl. Má deir páiste B ‘Níl cead agat’ ní thógann páiste A an leabhar, srl. 161

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 161

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Obair Bheirte: Tugtar pictiúir bheaga do gach beirt pháistí. Cuireann páiste A ceist ar pháiste B:‘An bhfuil cead agam ___ a fháil?’ (leabhar, cóipleabhar, peann luaidhe, peann, rialóir, scriosán, gliú, bioróir, siosúr, cás peann luaidhe) Má deir páiste B ‘Tá cead agat’ tógann páiste A an leabhar, srl. Má deir páiste B ‘Níl cead agat’ ní thógann páiste A an leabhar, srl. Ansin, malartaíonn na páistí róil. Litriú: Scríobh sí. Scríobhann sí. Scríobhfaidh sí.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 78. Spreagtar na páistí na habairtí a léamh:‘An bhfuil cead agam ___ a fháil?’ (peann, srl.) Scríobhann na páistí abairtí chun ceisteanna a chur:‘An bhfuil cead agam ___ a fháil?’ (peann, peann luaidhe, gliú, rialóir, scriosán, leabhar, bioróir, cás peann luaidhe) Léann na páistí na habairtí: ‘Scríobh ___ scéal inné.’ (Oisín, Niamh) ‘Scríobhann ___ scéal gach lá.’ ‘Scríobhfaidh ___ scéal amárach.’ Scríobhann na páistí na habairtí. Bua na Cainte 3 lch. 79. Scríobhann na páistí an dán An Port.Tarraingíonn siad pictiúr chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Spreagann an múinteoir na páistí ‘A mhúinteoir, tá críochnaithe agam’ a rá nuair a bhíonn a gcuid oibre críochnaithe acu. Spreagtar na páistí ‘An bhfuil cead agam ___ a fháil?’ a rá má bhíonn rud éigin ag teastáil uathu.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann aird a lorg? ‘A mhúinteoir, tá críochnaithe agam.’ An bhfuil an páiste in ann cead a lorg/a thabhairt/a dhiúltiú? ‘An bhfuil cead agam ___ a fháil?’ ‘Tá/Níl cead agat.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An maith leat bheith ag léamh?’ ‘Is maith liom bheith ag léamh.’ An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh? ‘Téigh go dtí an leabharlann agus faigh leabhar.’ An bhfuil an páiste in ann taitneamh a léiriú? ‘Is breá liom bheith ag léamh.’ An bhfuil an páiste in ann rogha a dhéanamh? ‘Is fearr liom Cú Chulainn!’ An féidir leis an bpáiste briathra a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile? ‘Scríobh sé/sí scéal inné.’ ‘Scríobhann sé/sí scéal gach lá.’ ‘Scríobhfaidh sé/sí scéal amárach.’

162

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 162

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 1 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Daoine a chomhaireamh Ceist a chur Ceist a fhreagairt Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga An mó duine atá ag an leabharlann? Tá ___ ag an leabharlann. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr)

Caint an Ranga An mó duine atá ___? (ag an leabharlann, sa seomra ranga, sa halla, srl.)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí na daoine a chomhaireamh. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr) Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘An mó duine atá ag an leabharlann?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá ___ ag an leabharlann.’ Tasc Tuisceana: duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr. Iarrann an múinteoir ar pháiste dul go dtí an leabharlann. Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘An mó duine atá ag an leabharlann?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Tá duine amháin ag an leabharlann.’ Iarrann an múinteoir ar pháiste eile dul go dtí an leabharlann. Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘An mó duine atá ag an leabharlann?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Tá beirt ag an leabharlann.’ Déantar amhlaidh le triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr. Bí ag Scríobh: Tá ___ ag an leabharlann. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr) Úsáidtear pictiúir mar spreagthach. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An mó duine atá ag an leabharlann?’ Freagraíonn na páistí an cheist:‘Tá ___ ag an leabharlann.’ (beirt, srl.) Úsáidtear pictiúir mar spreagthach. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an páiste páiste eile:‘An mó duine atá ag an leabharlann?’ Úsáidtear leidchárta chun an páiste a spreagadh más gá. Spreagtar an páiste an cheist a chur gan bheith ag féachaint ar an leidchárta de réir a chéile. Freagraíonn páiste an cheist:‘Tá ___ ag an leabharlann.’ (triúr, srl.) Litriú: seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear pictiúir mar spreagthach.Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘An mó duine atá ag an leabharlann?’ Freagraíonn páiste B an cheist:‘Tá ___ ag an leabharlann.’ (ceathrar, srl.) Obair Bheirte: Tugtar pictiúir bheaga do gach beirt pháistí: Ceistíonn páiste A páiste B:‘An mó duine atá ag an leabharlann?’ Freagraíonn páiste B an cheist:‘Tá ___ ag an leabharlann.’ (cúigear, srl.) Malartaíonn na páistí róil.

163

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 163

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 80. Léann na páistí na habairtí:‘Tá ___ ag an leabharlann.’ (seisear, srl.) Scríobhann na páistí na habairtí. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí ag amanna difriúla i rith an lae:‘An mó duine atá ___?’ (ag an leabharlann, sa halla, sa leithreas, sa líne, srl.) Freagraíonn na páistí na ceisteanna:‘Tá ___ sa líne.’ (duine amháin, beirt, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann daoine a chomhaireamh? (duine amháin, beirt, srl.) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An mó duine atá ag an leabharlann?’ ‘Tá ___ ag an leabharlann.’ (ceathrar, srl.) An féidir leis an bpáiste tuairisciú? ‘Tá ___ ag an leabharlann.’ (cúigear, srl.)

164

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 164

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Caitheamh Aimsire – Aonad Teagaisc agus Foghlama 2 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 81–85) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga (an chéad áit, an dara háit, an tríú háit, an ceathrú háit, an cúigiú háit, an séú háit, an seachtú háit, an t-ochtú háit, an naoú háit, an deichiú háit) Bhí rás ag na páistí. Bhí an rás an-fhada. Bhí an lá an-te. Bhí siad ag cur allais. Bhí Ruairí chun tosaigh. Leag Bran Ruairí. Bhuaigh Bran an rás. Bhí Bran sa chéad áit. Bhí Oisín sa dara háit. Bhí Liam sa tríú háit. Bhí Niamh sa cheathrú háit. Bhí Colm sa chúigiú háit. Bhí Pól sa séú háit. Bhí Cáit sa seachtú háit. Bhí Eoin san ochtú háit. Bhí Seán sa naoú háit. Bhí Ruairí sa deichiú háit. Thug siad go léir bualadh bos do Ruairí. Litriú: sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit.

Bhí Ruairí agus Róisín ag imirt peile i gclós na scoile. D’imir an múinteoir in éineacht leo. Bhuail Ruairí an liathróid. Rug an múinteoir ar an liathróid. Chonaic an múinteoir an príomhoide ag teacht. Bhuail an múinteoir an liathróid. Níor rug an príomhoide ar an liathróid. Bhris an liathróid an fhuinneog. Bhí ionadh ar an múinteoir. Bhí ionadh ar an bpríomhoide freisin. Thosaigh na páistí ag gáire. Litriú: Ar rug sí? Rug sí. Níor rug sí. A pháistí, déanaigí ciorcal. A Róisín, seas i lár an chiorcail. A Róisín, cuir ort an púicín. Cuir an liathróid taobh thiar de do dhroim. Bain díot an púicín. An bhfuil an liathróid ag ___? (Niamh, Ruairí, Liam, Oisín) Tá/Ní an liathróid ag ___. (Niamh, Ruairí, Liam, Oisín) Maith thú! Thug na páistí bualadh bos di.

165

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 165

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Ar imir ___ peil? (Ruairí, Liam) D’imir/Níor imir ___ peil. Ar ól ___ uisce? (Róisín, Ruairí) D’ól/Níor ól. Ar ith ___ ceapaire? (Róisín, Ruairí) D’ith/Níor ith. Ar chaith ___ an liathróid? (an múinteoir, an príomhoide) Chaith/Níor chaith. Ar bhuail ___ an liathróid? (an múinteoir, an príomhoide) Bhuail/Níor bhuail. Ar rug ___ ar an liathróid? (an múinteoir, an príomhoide) Rug/Níor rug. Ar bhris ___ an fhuinneog? (an múinteoir, an príomhoide) Bhris/Níor bhris. Ar thosaigh ___ ag gáire? (na páistí, an príomhoide) Thosaigh/Níor thosaigh.

Bhuail Róisín an liathróid inné. Buaileann Róisín an liathróid gach lá. Buailfidh Róisín an liathróid amárach. Chaith Ruairí an liathróid inné. Caitheann Ruairí an liathróid gach lá. Caithfidh Ruairí an liathróid amárach. Bhris an múinteoir an fhuinneog inné. Briseann an múinteoir an fhuinneog gach lá. Brisfidh an múinteoir an fhuinneog amárach. Litriú: Buail + fidh = Buailfidh. Caith + fidh = Caithfidh. Bris + fidh = Brisfidh.

Litriú: Ar imir sí? D’imir sí. Níor imir sí.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Amhrán – Oisín agus Bó Amhrán – Ag Imirt Peile

Cú Chulainn

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: Cú Chulainn

Tasc Tuisceana Scríobh an Scéal Bí ag Caint Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra Bí ag Léamh Suimeanna Focal

Obair Bheirte Cé a bhí ___? (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, srl.) Bhí ___ (ainm an pháiste) ___. (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, srl.) Ar bhuail Ruairí an liathróid? Bhuail Ruairí an liathróid. Ar imir ___ peil? (Ruairí, Niamh, Ciara, Róisín, an múinteoir, Daidí) D’imir/Níor imir ___ peil.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cé atá ___? (sa chéad áit, srl.) Tá ___ (sé, sí) ___. (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, srl.) Ar bhuaigh tú ___? (an cluiche, an rás) Bhuaigh/Níor bhuaigh mé ___. Cé a bhuaigh an cluiche? Bhuaigh ___ an cluiche. (ainm an pháiste) Ar imir tú peil ag am lóin? D’imir/Níor imir mé.

Ar ól tú ___? (uisce, bainne, oráiste) D’ól/Níor ól. Ar bhris ___ (ainm an pháiste) ___? (an fhuinneog, an doras) Bhris/Níor bhris. Seas i lár an chiorcail. A ___ (ainm an pháiste) cuir ort ___. (do chóta, do hata, srl.) Cuir ___ ar an mbord. (an leabhar, an peann, srl.)

Bain díot ___. (do chóta, do hata srl.) An bhfuil an liathróid ag ___? (ainm an pháiste) Déan ___. (líne, ciorcal, deifir) A ___, (ainm an pháiste) seas ___. (ag an doras, sa líne) A bhuachaillí/chailíní, déanaigí líne.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

166

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 166

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol Oisín agus Bó Ag Imirt Peile

Drámaíocht Cú Chulainn

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

167

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 167

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 2 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ●

Orduimhreacha a shealbhú agus a úsáid Eolas a thabhairt Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga Comhrá 1.1 (an chéad áit, an dara háit, an tríú háit, an ceathrú háit, an cúigiú háit, an séú háit, an seachtú háit, an t-ochtú háit, an naoú háit, an deichiú háit) Comhrá 1.2 Bhí rás ag na páistí. Bhí an rás an-fhada. Bhí an lá an-te. Bhí siad ag cur allais. Bhí Ruairí chun tosaigh. Leag Bran Ruairí. Bhuaigh Bran an rás. Bhí Bran sa chéad áit. Bhí Oisín sa dara háit. Bhí Liam sa tríú háit. Bhí Niamh sa cheathrú háit. Bhí Colm sa chúigiú háit. Bhí Pól sa séú háit. Bhí Cáit sa seachtú háit. Bhí Eoin san ochtú háit. Bhí Seán sa naoú háit. Bhí Ruairí sa deichiú háit. Thug siad go léir bualadh bos do Ruairí.

Caint an Ranga Cé atá ___? (sa chéad áit, srl.) Tá ___ (sé, sí) ___. (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit, sa séú háit, sa seachtú háit, san ochtú háit, sa naoú háit, sa deichiú háit) Ar bhuaigh tú ___? (an cluiche, an rás) Bhuaigh/Níor bhuaigh mé. Cé a bhuaigh an cluiche?

Amhrán – Oisín agus Bó Oisín agus bó, Ina suí le chéile. Nach breá dóibh é, Ina suí le chéile. Oisín agus bó.

Oisín agus bó, Faoi theas na gréine. Nach breá dóibh é, Faoi theas na gréine. Oisín agus bó.

Oisín agus bó. Ina suí le chéile. Ceol á chanadh Faoi theas na gréine. Oisín agus bó.

Oisín agus bó, Agus ceol á chanadh. Nach breá dóibh é, Agus ceol á chanadh. Oisín agus bó. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Oisín agus Bó. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil Oisín agus bó?’ ‘Cad atá ar siúl acu?’ ‘An bhfuil an ghrian ag taitneamh?’ ‘An bhfuil an lá fliuch?’ ‘An bhfuil siad sona sásta?’ Múintear comhrá 1.1. Iarrann an múinteoir ar na páistí comhaireamh ón gcéad áit go dtí an deichiú háit. (an chéad áit, an dara háit, an tríú háit, an ceathrú háit, an cúigiú háit, an séú háit, an seachtú háit, an t-ochtú háit, an naoú háit, an deichiú háit) Iarrann an múinteoir ar pháistí aonair comhaireamh ón gcéad áit go dtí an deichiú háit. Múintear comhrá 1.2. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a bhí ar siúl ag na páistí?’ ‘An raibh na páistí fuar?’ ‘An raibh an rás fada?’ ‘Cé a bhuaigh an rás?’ ‘Ar bhuaigh ___ an rás?’ (Oisín, Niamh, srl.) ‘Cé a bhí ___?’ (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit, sa séú háit, sa seachtú háit, san ochtú háit, sa naoú háit, sa deichiú háit)

168

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 168

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Tasc Tuisceana: Cuir ___ (Niamh, Oisín, Ruairí, Liam) ___. (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit, sa séú háit, sa seachtú háit, san ochtú háit, sa naoú háit, sa deichiú háit) Iarrann an múinteoir ar dheichniúr páistí teacht amach os comhair an ranga agus líne a dhéanamh:‘Déanaigí líne.’ Ainmníonn na páistí na háiteanna. (an chéad áit, an dara háit, an tríú háit, an ceathrú háit, an cúigiú háit, an séú háit, an seachtú háit, an t-ochtú háit, an naoú háit, an deichiú háit) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé atá ___?’ (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit, sa séú háit, sa seachtú háit, san ochtú háit, sa naoú háit, sa deichiú háit) Spreagann an múinteoir na páistí tuairisciú faoi na páistí atá sa líne:‘Tá ___ (Seán, srl.) ___.’ (sa chéad áit, srl.) Úsáidtear an clár bán.Tugann an múinteoir deis do na páistí deichniúr carachtar a chur ar an raon rása. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a bhuaigh an rás?’ Spreagann an múinteoir na páistí tuairisciú faoin rás:‘Bhí ___ (Bran, srl.) ___.’ (sa chéad áit, sa dara háit, srl.) Scríobh an Scéal: Bhí ___ (Bran, Oisín, Liam, Niamh, Colm, Pól, Cáit, Eoin, Ciara, Ruairí) ___. (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit, sa séú háit, sa seachtú háit, san ochtú háit, sa naoú háit, sa deichiú háit) Bí ag Caint: Cé a bhí ___? (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit) Bhí ___ (Bran, Oisín, Liam, Niamh, Colm) ___. (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit) Litriú: sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, sa cheathrú háit, sa chúigiú háit.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 81. Féachann na páistí ar an raon rása. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a bhí ___?’ (sa chéad áit, srl.) Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé a bhí ___?’ (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, srl.) Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 81. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé a bhí ___?’ (sa chéad áit, sa dara háit, sa tríú háit, srl.) Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 81. Ceistítear na páistí:‘Cé a bhí ___?’ (sa chéad áit, srl.) Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 82. Léann agus deir na páistí an dán Oisín agus Bó. Scríobhann na páistí an dán agus tarraingíonn siad pictiúr chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Iarrann an múinteoir ar na páistí líne a dhéanamh nuair a bhíonn siad ag dul amach sa chlós:‘Déanaigí líne.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cé atá ___?’ (sa séú háit, sa seachtú háit, srl.) Ceistíonn an múinteoir na páistí tar éis tascanna éagsúla a dhéanamh i rith an lae:‘Ar bhuaigh ___ (tú, Pól, srl.) ___?’ (an cluiche, an rás) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceol: Is féidir an t-amhrán Oisín agus Bó dhéanamh mar cheacht Ceoil.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann orduimhreacha a úsáid? (an chéad áit, an dara háit . . . an deichiú háit) An bhfuil an páiste in ann eolas a thabhairt? ‘Thug siad go léir bualadh bos do Ruairí.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Bhí ___ (Niamh, Oisín, srl.) ___.’ (sa chéad áit, srl.)

169

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 169

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 2 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga Bhí Ruairí agus Róisín ag imirt peile i gclós na scoile. D’imir an múinteoir in éineacht leo. Bhuail Ruairí an liathróid. Rug an múinteoir ar an liathróid. Chonaic an múinteoir an príomhoide ag teacht. Bhuail an múinteoir an liathróid. Níor rug an príomhoide ar an liathróid. Bhris an liathróid an fhuinneog. Bhí ionadh ar an múinteoir. Bhí ionadh ar an bpríomhoide freisin. Thosaigh na páistí ag gáire.

Caint an Ranga Cé a bhí ___ i gclós na scoile? (ag iomáint, ag imirt peile, srl.) Cé a bhuail ___? (an liathróid, an sliotar, an doras, an fhuinneoig, srl.) Cé a bhris ___? (an chathaoir, srl.)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an scéal do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a bhí ag imirt peile i gclós na scoile?’ ‘Cé a d’imir in éineacht leis na páistí?’ ‘Ar bhuail ___ an liathróid?’ (Róisín, Ruairí) ‘Cé a rug ar an liathróid?’ ‘Cé a bhí ag teacht?’ ‘Ar rug an príomhoide ar an liathróid?’ ‘Cad a tharla ansin?’ Spreagtar an rang go léir/grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an scéal a insint in éineacht leis an scéalaí. Scríobh an Scéal: Bhí Ruairí agus Róisín ag imirt peile i gclós na scoile. D’imir an múinteoir in éineacht leo. Bhuail Ruairí an liathróid. Rug an múinteoir ar an liathróid. Chonaic an múinteoir an príomhoide ag teacht. Níor rug an príomhoide ar an liathróid. Bhris an liathróid an fhuinneog. Bhí ionadh ar an múinteoir. Bhí ionadh ar an bpríomhoide freisin. Thosaigh na páistí ag gáire. Bí ag Caint: Cé a bhí ag imirt peile? Cé a d’imir in éineacht leo? Ar bhuail Róisín an liathróid? Ar bhuail Ruairí an liathróid? Ar rug an múinteoir ar an liathróid? Ar rug an príomhoide ar an liathróid? Litriú: Ar rug sí? Rug sí. Níor rug sí.

Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Cuirtear na pictiúir mhóra ar an gclár bán.Tagann páistí amach os comhair an ranga. Déanann na páistí dráma bunaithe ar an scéal. Insíonn na páistí eile an scéal. Cuirtear na pictiúir ar an gclár bán. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus úsáid a bhaint as na pictiúir chun an scéal a insint. Obair Bheirte: Úsáidtear na pictiúir ar an gclár bán. Ar dtús insíonn páiste A an scéal do pháiste B. Ansin insíonn páiste B an scéal do pháiste A.

170

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 170

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 83. Léann na páistí an scéal le chéile.Ansin ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a bhí ag imirt peile?’ ‘Cé a d’imir in éineacht leo?’ ‘Ar bhuail Róisín an liathróid?’ ‘Ar bhuail Ruairí an liathróid?’ ‘Ar rug an múinteoir ar an liathróid?’ ‘Ar rug an príomhoide ar an liathróid?’ Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Spreagtar na páistí tuairisciú faoi na rudaí a bhí ar siúl acu sa chlós ag am sosa/lóin:‘Bhí mé ___ i gclós na scoile.’ (ag rith, ag léim, ag siúl, ag spraoi, ag imirt peile, ag iomáint) ‘D’imir mé ___.’ (peil, cluiche) ‘Rug mé ___.’ (ar an liathróid, ar an sliotar) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Drámaíocht: Is féidir dráma a bhunú ar ábhar an cheachta seo.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Bhí Ruairí agus Róisín ag imirt peile i gclós na scoile.’ srl.

171

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 171

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 2 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Ar imir Ruairí peil? D’imir/Níor imir. Ar ól Róisín uisce? D’ól/Níor ól. Ar ith Ruairí ceapaire? D’ith/Níor ith. Ar chaith an múinteoir an liathróid? Chaith/Níor chaith. Ar bhuail an príomhoide an liathróid? Bhuail/Níor bhuail. Ar rug an príomhoide ar an liathróid? Rug/Níor rug. Ar bhris an príomhoide an fhuinneog? Bhris/Níor bhris. Ar thosaigh na páistí ag gáire? Thosaigh/Níor thosaigh.

Caint an Ranga Ar imir tú peil am lóin? D’imir/Níor imir. Ar ól tú ___? (uisce, bainne, oráiste) D’ól/Níor ól mé. Ar bhris ___ (Seán, srl.) ___? (an fhuinneog, an doras) Bhris/Níor bhris sé ___.

Amhrán – Ag Imirt Peile Nuair a bhím ag imirt peile, Is breá liom í. Nuair a bhím ag imirt peile, Is breá liom í.

Nuair a bhím ag imirt peile, Is fearr liom í ná aon rud eile. Nuair a bhím ag imirt peile, Is breá liom í. Yipí!

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistítear na páistí:‘Ar imir ___ peil?’ (Ruairí, Liam) ‘D’imir/Níor imir ___ peil.’ ‘Ar ól ___ uisce?’ (Róisín, Ruairí) ‘D’ól/Níor ól.’ ‘Ar ith ___ ceapaire?’ (Róisín, Ruairí) ‘D’ith/Níor ith.’ ‘Ar chaith ___ an liathróid?’ (an múinteoir, an príomhoide) ‘Chaith/Níor chaith.’ ‘Ar bhuail ___ an liathróid?’ (an múinteoir, an príomhoide) ‘Bhuail/Níor bhuail.’ ‘Ar rug ___ ar an liathróid?’ (an múinteoir, an príomhoide) ‘Rug/Níor rug.’ ‘Ar bhris ___ an fhuinneog?’ (an múinteoir, an príomhoide) ‘Bhris/Níor bhris.’ ‘Ar thosaigh ___ ag gáire?’ (na páistí, an príomhoide) ‘Thosaigh/Níor thosaigh.’ Scríobh na hAbairtí: Ar imir Niamh/Oisín peil? D’imir/Níor imir Niamh/Oisín peil. Ar ól Niamh/Oisín uisce? D’ól/Níor ól. Ar ith Niamh/Oisín ceapaire? D’ith/Níor ith Niamh/Oisín ceapaire. Ar bhuail Ruairí/Róisín an liathróid? Bhuail Ruairí/Róisín an liathróid. Ar rug an múinteoir/an príomhoide ar an liathróid? Rug/Níor rug an múinteoir/an príomhoide ar an liathróid. Ar bhris an múinteoir/an príomhoide an fhuinneog? Bhris/Níor bhris an múinteoir/an príomhoide an fhuinneog. Bí ag Caint: Ar imir Ruairí peil? Ar imir Oisín peil? Ar imir Róisín peil? Ar imir an múinteoir peil? Ar imir Niamh peil? Ar bhuail an múinteoir an liathróid? Ar bhuail an príomhoide an liathróid? Ar rug an múinteoir ar an liathróid? Ar rug an príomhoide ar an liathróid? Ar bhris an liathróid an fhuinneog? Ar bhris Ruairí an fhuinneog? Spraoi le Briathra: Ar imir? D’imir. Níor imir. Ar ól? D’ól. Níor ól. Ar ith? D’ith. Níor ith. Ar bhuail? Bhuail. Níor bhuail. Ar rug? Rug. Níor rug. Ar bhris? Bhris. Níor bhris. Ar thosaigh? Thosaigh. Níor thosaigh. Litriú: Ar imir sí? D’imir sí. Níor imir sí.

172

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 172

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 84. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Ar imir ___ peil?’ ‘D’imir/Níor imir ___ peil.’ (Ruairí, Niamh, Ciara, Róisín, an múinteoir, Daidí) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘Ar imir ___ peil?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna:‘D’imir/Níor imir ___ peil.’ (Ruairí, Niamh, Ciara, Róisín, an múinteoir, Daidí) Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 84. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 84. Scríobhann gach páiste freagraí na gceisteanna. Léann na páistí na freagraí atá scríofa acu. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a thagann páistí isteach tar éis am lóin/ sosa ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘Ar imir tú ___?’ (peil, iománaíocht, sacar, rugbaí, srl.) Spreagtar na páistí ‘D’imir mé ___’ (peil, iománaíocht, srl.) a rá. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Ar imir tú ___ ag an deireadh seachtaine?’ (peil, iománaíocht, sacar, rugbaí, srl.) Spreagtar na páistí ‘D’imir mé ___’ (peil, iománaíocht, rubgaí, srl.) a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Ar imir ___ peil?’ (Ruairí, Niamh, Oisín, srl.) ‘D’imir/Níor imir ___ peil.’ (Ruairí, Niamh, Oisín, srl.)

173

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 173

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 2 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

● ● ● ● ●

Aird a lorg Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Ceist a chur Ceist a fhreagairt Stór focal a shealbhú agus a úsáid Comhghairdeas a dhéanamh Briathra a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile

Eiseamláirí Teanga Comhrá 4.1 A pháistí, déanaigí ciorcal. A Róisín, seas i lár an chiorcail. A Róisín, cuir ort an púicín. Cuir an liathróid taobh thiar de do dhroim. Bain díot an púicín. An bhfuil an liathróid ag ___? (Niamh, srl.) Tá/Ní an liathróid ag ___. (Ruairí, srl.) Maith thú! Thug na páistí bualadh bos di. Comhrá 4.2 Bhuail Róisín an liathróid inné. Buaileann Róisín an liathróid gach lá. Buailfidh Róisín an liathróid amárach.

Caint an Ranga A bhuachaillí/chailíní, déanaigí ___. (líne, ciorcal, deifir) A ___, (ainm an pháiste) ___. (seas ag an doras, sa líne) Bain díot ___. (do chóta, do hata, do lámhainní, do scairf) An bhfuil ___ (an peann, an leabhar, srl.) ag ___? (ainm an pháiste) Tá an ___ (an peann, an leabhar, srl.) ag ___. (ainm an pháiste)

Chaith Ruairí an liathróid inné. Caitheann Ruairí an liathróid gach lá. Caithfidh Ruairí an liathróid amárach. Bhris an múinteoir an fhuinneog inné. Briseann an múinteoir an fhuinneog gach lá. Brisfidh an múinteoir an fhuinneog amárach. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear comhrá 4.1. Iarrann an múinteoir ar chúigear páistí suí i gciorcal ag barr an tseomra. Cuireann an múinteoir púicín ar pháiste amháin.Tugann an múinteoir an liathróid do pháiste eile sa chiorcal. Iarrann an múinteoir ar an bpáiste an liathróid a chur taobh thiar dá d(h)roim. Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cé aige a bhfuil an liathróid?’ Cuireann an páiste ceisteanna chun a fháil amach cé aige a bhfuil an liathróid:‘An bhfuil an liathróid ag ___?’ Freagraíonn na páistí sa chiorcal:‘Níl/Tá an liathróid ag ___.’ go dtí go bhfaigheann an páiste amach cé aige/aici a bhfuil an liathróid. Cuireann an múinteoir an púicín ar pháiste eile agus leanann an cluiche ar aghaidh. Múintear comhrá 4.2. Bhuail Róisín an liathróid inné. Buaileann Róisín an liathróid gach lá. Buailfidh Róisín an liathróid amárach. Chaith Ruairí an liathróid inné. Caitheann Ruairí an liathróid gach lá. Caithfidh Ruairí an liathróid amárach. Bhris an múinteoir an fhuinneog inné. Briseann an múinteoir an fhuinneog gach lá. Brisfidh an múinteoir an fhuinneog amárach. Scríobh na hAbairtí: Bhuail Róisín an liathróid inné. Buaileann Róisín an liathróid gach lá. Buailfidh Róisín an liathróid amárach. Chaith Ruairí an liathróid inné. Caitheann Ruairí an liathróid gach lá. Caithfidh Ruairí an liathróid amárach. Bhris an múinteoir an fhuinneog inné. Briseann an múinteoir an fhuinneog gach lá. Brisfidh an múinteoir an fhuinneog amárach. Líon na Bearnaí: Bhuail Róisín an liathróid inné. Buaileann Róisín an liathróid gach lá. Buailfidh Róisín an liathróid amárach. Chaith Ruairí an liathróid inné. Caitheann Ruairí an liathróid gach lá. Caithfidh Ruairí an liathróid amárach. Bhris an múinteoir an fhuinneog inné. Briseann an múinteoir an fhuinneog gach lá. Brisfidh an múinteoir an fhuinneog amárach. Spraoi le Briathra: Inné bhuail sé. Gach lá buaileann sé. Amárach buailfidh sé. Inné chaith sé. Gach lá caitheann sé. Amárach caithfidh sé. Inné bhris sé. Gach lá briseann sé. Amárach brisfidh sé. Suimeanna Focal: Buail + fidh = Buailfidh. Caith + fidh = Caithfidh. Bris + fidh = Brisfidh.

174

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 174

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Litriú: Inné bhuail sé. Gach lá buaileann sé. Amárach buailfidh sé. Inné chaith sé. Gach lá caitheann sé. Amárach caithfidh sé. Inné bhris sé. Gach lá briseann sé. Amárach brisfidh sé.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 85. Iarrann an múinteoir ar na páistí na briathra ‘Buail’ ‘Caith’ agus ‘Bris’ a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus go dtí an aimsir fháistineach. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Deir an múinteoir na briathra san aimsir chaite. Bíonn ar an bpáiste na briathra a rá san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Obair Bheirte: Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Deir páiste A na briathra san aimsir chaite. Bíonn ar pháiste B na briathra a rá san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 85. Léann na páistí na habairtí san aimsir chaite. Scríobhann siad na briathra san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn cluichí ar siúl ag na páistí sa chlós spreagtar iad ‘Seas i lár an chiorcail’ ‘Seas sa chúl’ a rá. ‘A ___ cuir ort do chóta, do hata.’ srl. (ainm an pháiste) ‘Cuir ___ ar an mbord.’ (an leabhar, an peann, srl.) ‘Bain díot ___.’ (do chóta, do hata srl.) ‘An bhfuil an liathróid ag ___?’ (ainm an pháiste)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Ar imir ___ peil?’ (Ruairí, Niamh, Oisín, srl.) ‘D’imir/Níor imir ___ peil.’ (Ruairí, Niamh, Oisín, srl.) An bhfuil an páiste in ann briathra a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile? ‘Inné bhuail sé.’ ‘Gach lá buaileann sé.’ ‘Amárach buailfidh sé.’ An bhfuil an páiste in ann comhghairdeas a dhéanamh? ‘Maith thú!’ An bhuil an páiste in ann aird a lorg? ‘A pháistí, déanaigí ciorcal.’ An bhuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh? ‘Bain díot an púicín.’

175

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 175

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Caitheamh Aimsire – Aonad Teagaisc agus Foghlama 3 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 86–90) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Maidin amháin, d’éirigh Oisín go luath. Chuaigh sé ag rothaíocht amach faoin tuath. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Chuala sé torann. Chuala sé ceol. Bhí ceolchoirm ar siúl sa chró. Bhí an t-asal ag damhsa. Bhí an mhuc ag seinm ceoil. Bhí áthas an domhain ar na hainmhithe.

Bhí ceolchoirm ar siúl sa chró. Sheinn an mhuc an giotár. Sheinn an capall an fhidil. Sheinn an bhó an fheadóg stáin Sheinn an chaora an pianó. Sheinn an tarbh an druma. Sheinn an t-asal an bodhrán. Bhí spórt agus scléip ag na hainmhithe go léir.

Litriú: D’éirigh sé. Chuaigh sé. Chuala sé.

Litriú: Ar sheinn sí? Sheinn sí. Níor sheinn sí.

Ar éirigh Oisín go luath? Cá ndeachaigh sé? Cad a chuala sé? An raibh ceolchoirm ar siúl sa chró? Cad a bhí ar siúl ag an asal? Cad a bhí ar siúl ag an muc? An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe? An raibh brón ar na hainmhithe?

An Nuacht An nuacht á léamh ag Róisín. Bhí ceolchoirm ar siúl sa seomra ranga. Sheinn mé an giotár. Sheinn Oisín an fhidil. Sheinn Niamh an fheadóg stáin. Sheinn Ruairí an pianó. Chan na páistí go léir amhrán le chéile. Chan an múinteoir amhrán freisin. Bhí spórt agus scléip againn.

176

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 176

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Sheinn ___ (an mhuc, srl.) ___ (an giotár, srl.) inné. Seinneann ___ (an bhó, srl.) ___ (an druma, srl.) gach lá. Seinnfidh ___ (an t-asal, srl.) ___ (an veidhlín, srl.) amárach. Litriú: Sheinn sí. Seinneann sí. Seinnfidh sí.

An Aimsir An aimsir á léamh ag Oisín. Dia daoibh, a chairde agus fáilte romhaibh. Beidh sé ag cur sneachta anocht. Beidh calóga sneachta ag titim. Beidh brat bán sneachta ar an talamh. Beidh gach duine préachta leis an bhfuacht. Litriú: Chan sé. Canann sé. Canfaidh sé.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán – Ceolchoirm sa Chró

Cú Chulainn

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an amhrán: Ceolchoirm sa Chró

Scríobh an Scéal Bí ag Caint Cluiche Kim Foclóir Scríobh na hAbairtí Freagair na Ceisteanna Spraoi le Briathra Suimeanna Focal

Dráma bunaithe ar an scéal: Cú Chulainn

Obair Bheirte Ar sheinn ___ (an chaora, srl.) ___. (an druma, srl.) Sheinn/Níor sheinn ___ (an chaora, srl.) ___. (an druma, srl.) Ar éirigh Oisín go luath? Cá ndeachaigh sé? Cad a chuala sé? An raibh ceolchoirm ar siúl sa chró? Cad a bhí ar siúl ag an asal? Cad a bhí ar siúl ag an muc? An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe? An raibh brón ar na hainmhithe?

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cén saghas lae é? Cad a chuala tú? Cad a bhí ar siúl ag ___? Bhí ___ (ainm an pháiste) ___. (ag scríobh, ag léamh, ag damhsa, srl.) Seinn ceol. Seinnigí ceol.

Ar éirigh ___ go luath? (tú, sé, sí, siad) Cá ndeachaigh ___? (tú, sé, sí, siad)

Cad a bhí ar siúl ___? (agat, aige, aici) An raibh spórt agus scléip ag ___? (ainm an pháiste, na páistí, na cailíní, na buachaillí)

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

177

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 177

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol Ceolchoirm sa Chró

Drámaíocht Cú Chulainn

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

178

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 178

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 3 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga An Cheolchoirm Maidin amháin, d’éirigh Oisín go luath. Chuaigh sé ag rothaíocht amach faoin tuath. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Chuala sé torann. Chuala sé ceol. Bhí ceolchoirm ar siúl sa chró. Bhí an t-asal ag damhsa. Bhí an mhuc ag seinm ceoil. Bhí áthas an domhain ar na hainmhithe.

Caint an Ranga Cén saghas lae é? Tá an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Cad a chuala tú? Chuala mé ceol. Bhí ___ (ainm an pháiste) ___. (ag scríobh, ag léamh, ag damhsa, srl.)

Amhrán – Ceolchoirm sa Chró Maidin amháin, d’éirigh mé go luath. Chuaigh mé ag rothaíocht amach faoin tuath. Chuala mé torann! Chuala mé ceol. Bhí ceolchoirm mhór ar siúl sa chró. Ceolchoirm sa chró. Hó! Hó! Hó! Spórt sa tuí. Hí! Hí! Hí!

Bhí an t-asal ag damhsa. Is an mhuc ag seinm ceoil. Bhí spórt agus scléip Ag na hainmhithe sa chró.

Bhí an t-asal ag damhsa. Is an mhuc ag seinm ceoil. Bhí spórt agus scléip Ag na hainmhithe sa chró.

Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí áthas an domhain ar na hainmhithe go léir. Chuaigh an tarbh tóin thar cheann. Scread na hainmhithe go léir a bhí ann.

Bhí an t-asal ag damhsa. Is an mhuc ag seinm ceoil. Bhí spórt agus scléip Ag na hainmhithe sa chró.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Ceolchoirm sa Chró. Ceistíonn an múinteoir na páistí.‘Ar éirigh Oisín go luath?’ ‘Cá ndeachaigh sé?’ ‘Cad a chuala sé?’ ‘Cad a bhí ar siúl sa chró?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an muc?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an asal?’ Canann na páistí an t-amhrán le chéile. Déanann na páistí dráma bunaithe ar an amhrán Múintear an comhrá do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí.‘Ar éirigh Oisín go luath?’ ‘Cá ndeachaigh sé?’ ‘Cad a chuala sé?’ ‘Cad a bhí ar siúl sa chró?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an asal?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an muc?’ ‘An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe?’ ‘An raibh brón ar na hainmhithe?’ Spreagann an múinteoir na páistí an scéal a insint le chéile. Iarrann an múinteoir ar ochtar páistí teacht amach os comhair an ranga.Tugtar pictiúr an duine dóibh. Insíonn páistí an ranga an scéal le chéile. Ansin, spreagtar gach páiste atá os comhair an ranga an abairt a chomhfhreagraíonn dá p(h)ictiúr féin a rá chun an scéal a insint. Scríobh an Sceal: Maidin amháin d’éirigh Oisín go luath. Chuaigh sé ag rothaíocht amach faoin tuath. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Chuala sé torann. Chuala sé ceol. Bhí ceolchoirm ar siúl sa chró. Bhí an t-asal ag damhsa. Bhí an mhuc ag seinm ceoil. Bhí áthas an domhain ar na hainmhithe. Bí ag Caint: Ar éirigh Oisín go luath? Cad a rinne Oisín? Cad a chuala Oisín? Cad a bhí ar siúl sa chró? Cé a bhí ag damhsa? Cé a bhí ag seinm ceoil? An raibh áthas an domhain ar na hainmhithe? Litriú: D’éirigh sé. Chuaigh sé. Chuala sé.

179

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 179

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Cuirtear na pictiúir ar an gclár bán. Ar dtús, insíonn páiste A an scéal do pháiste B. Ansin, insíonn páiste B an scéal do pháiste A. Obair Bheirte: Fágtar pictiúir an scéil ar an gclár bán. Ar dtús, insíonn páiste A an scéal do pháiste B. Ansin, insíonn páiste B an scéal do pháiste A.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 86. Scríobhann na páistí an t-amhrán.Tarraingíonn siad pictiúr chun an dán a léiriú.

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceol: D’fhéadfaí an t-amhrán a mhúineadh i gceacht Ceoil. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistítear na páistí:‘Cén saghas lae é?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Tá an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir.’ Ceistítear na páistí:‘Cad a chuala tú?’ Freagraíonn na páistí:‘Chuala mé ceol.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Maidin amháin, d’éirigh Oisín go luath.’ srl.

180

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 180

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 3 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga Bhí ceolchoirm ar siúl sa chró. Sheinn an mhuc an giotár. Sheinn an capall an fhidil. Sheinn an bhó an fheadóg stáin Sheinn an chaora an pianó. Sheinn an tarbh an druma. Sheinn an t-asal an bodhrán. Bhí spórt agus scléip ag na hainmhithe go léir.

Caint an Ranga Seinn ceol. Seinnigí ceol. Sheinn ___ (ainm an pháiste) ___. (an giotár, an fhidil, an pianó, srl.) Bhí spórt agus scléip ag na páistí.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Téitear siar ar an amhrán Ceolchoirm sa Chró. Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí na hainmhithe éagsúla a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (an mhuc, an capall, an bhó, an chaora, an tarbh, an t-asal) Iarrann an múinteoir ar na páistí na huirlisí ceoil éagsúla a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (an giotár, an fhidil, an fheadóg stáin, an pianó, an druma, an bodhrán) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a bhí ar siúl sa chró?’ ‘Cad a sheinn ___?’ (an mhuc, srl.) ‘An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe?’ Spreagtar na páistí abairt a rá faoi gach pictiúr:‘Sheinn an chaora an pianó.’ srl. Cluiche Kim: an giotár, an fhidil, an fheadóg stáin, an pianó, an druma, an bodhrán. Foclóir: an giotár, an fhidil, an fheadóg stáin, an pianó, an druma, an bodhrán. Scríobh na hAbairtí: Ar sheinn ___ (an mhuc, an capall, an bhó, an chaora, an tarbh, an t-asal) ___? (an giotár, an fhidil, an fheadóg stáin, an pianó, an druma, an bodhrán) Sheinn/Níor sheinn ___ (an mhuc, srl.) ___. (an giotár, srl.)

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 87. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar sheinn ___ (an chaora, srl.) ___?’ (an druma, srl.) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Cuireann páiste A ceisteanna ar pháiste B:‘Ar sheinn ___ (an bhó, srl.) ___?’ (an veidhlín, srl.) Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 87. Cuireann páiste A na ceisteanna ar pháiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna.Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 87. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn ceolchoirm na bpáistí ar siúl sa rang/sa scoil spreagtar na páistí ‘Sheinn ___ (ainm an pháiste) ___’ (an giotár, an fhidil, an pianó, srl.) a rá. Nuair a thagann páiste isteach sa rang tar éis am sosa/am lóin spreagtar é/í ‘Bhí spórt agus scléip agam’ a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (an giotár, an fhidil, an fheadóg stáin, an pianó, an druma, an bodhrán) An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Sheinn ___ (an bhó, srl.) ___.’ (an fheadóg stáin, srl.)

181

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 181

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 3 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Abairtí a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile.

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Comhrá 3.1 Ar éirigh Oisín go luath? Cá ndeachaigh sé? Cad a chuala sé? An raibh ceolchoirm ar siúl sa chró? Cad a bhí ar siúl ag an asal? Cad a bhí ar siúl ag an muc? An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe? An raibh brón ar na hainmhithe?

Ar éirigh ___ go luath? (tú, sé, sí) Cá ndeachaigh ___? (tú, sé, sí) Cad a bhí ar siúl ___? (agat, aige, aici) An raibh spórt agus scléip ag ___? (ainm an pháiste, na páistí, na cailíní, na buachaillí)

Comhrá 3.2 Sheinn___ (an mhuc, srl.) ___ (an giotár, srl.) inné. Seinneann ___ (an bhó, srl.) ___ (an druma, srl.) gach lá. Seinnfidh ___ (an t-asal, srl.) ___ (an veidhlín, srl.) amárach. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear comhrá 3.1. Ceistítear na páistí:‘Ar éirigh Oisín go luath?’ ‘Cá ndeachaigh sé?’ ‘Cad a chuala sé?’ ‘An raibh ceolchoirm ar siúl sa chró?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an asal?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an muc?’ ‘An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe?’ ‘An raibh brón ar na hainmhithe?’ Múintear comhrá 3.2. Sheinn___ (an mhuc, srl.) ___ (an giotár, srl.) inné. Seinneann ___ (an bhó, srl.) ___ (an druma, srl.) gach lá. Seinnfidh ___ (an t-asal, srl.) ___ (an veidhlín, srl.) amárach. Freagair na Ceisteanna: Ar éirigh Oisín go luath? Cá ndeachaigh sé? Cad a chuala sé? An raibh ceolchoirm ar siúl sa chró? Cad a bhí ar siúl ag an asal? Cad a bhí ar siúl ag an muc? An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe? An raibh brón ar na hainmhithe? Bí ag Caint: Ar éirigh Oisín go luath? Cá ndeachaigh sé? Cad a chuala sé? An raibh ceolchoirm ar siúl sa chró? Cad a bhí ar siúl ag an asal? Cad a bhí ar siúl ag an muc? An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe? An raibh brón ar na hainmhithe? Scríobh na hAbairtí: Sheinn/Seinneann/Seinnfidh ___ (an mhuc, an capall, an bhó, an chaora, an tarbh, an t-asal) ___ (an giotár, an fhidil, an fheadóg stáin, an pianó, an druma, an bodhrán) ___. (inné, gach lá, amárach) Spraoi le Briathra: Inné, sheinn sé. Gach lá, seinneann sé. Amárach, seinnfidh sé. Suimeanna Focal: Seinn + eann = Seinneann. Seinn + fidh = Seinnfidh. Iarrann an múinteoir ar sheisear páistí teacht amach os comhair an ranga.Tugann an múinteoir pictiúr an duine dóibh. (an giotár, an fhidil, an fheadóg stáin, an pianó, an druma, an bodhrán) Spreagtar na páistí eile tuairisciú faoi gach páiste:‘Inné, sheinn ___ (ainm an pháiste) ___.’ (an pianó) ‘Gach lá, seinneann ___ (ainm an pháiste) ___.’ (an pianó) ‘Amárach, ___ (ainm an pháiste) ___.’ (an pianó) Litriú: Sheinn sí. Seinneann sí. Seinnfidh sí.

182

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 182

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 88. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar éirigh Oisín go luath?’ ‘Cá ndeachaigh sé?’ ‘Cad a chuala sé?’ ‘Cad a bhí ar siúl sa chró?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag Oisín?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an asal?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an muc?’ ‘An raibh spórt agus scléip ag na hainmhithe?’ ‘An raibh brón ar na hainmhithe?’ Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 88. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘Ar éirigh Oisín go luath?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 88. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Iarrann an múinteoir ar na páistí na habairtí a rá san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Sheinn___ (an mhuc, srl.) ___ (an giotár, srl.) inné. Seinneann ___ (an bhó, srl.) ___ (an druma, srl.) gach lá. Seinnfidh ___ (an t-asal, srl.) ___ (an veidhlín, srl.) amárach. Scríobhann na páistí na habairtí san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí aonair/grúpaí páistí:‘Ar éirigh tú go luath ar maidin?’ ‘Cá ndeachaigh tú inné?’ ‘Cad a bhí ar siúl agat inné?’ ‘An raibh spórt agus scléip agat inné?’ ‘An seinnfidh tú an fheadóg stáin?’ srl.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Ar éirigh Oisín go luath?’ ‘D’éirigh Oisín go luath.’ srl. An bhfuil an páiste in ann abairtí a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile? ‘Sheinn/Seinneann/Seinnfidh.’

183

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 183

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Aonad 3 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Nuacht a thabhairt Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga An Nuacht An nuacht á léamh ag Róisín. Bhí ceolchoirm ar siúl sa seomra ranga. Sheinn mé an giotár. Sheinn Oisín an fhidil. Sheinn Niamh an fheadóg stáin. Sheinn Ruairí an pianó. Chan na páistí go léir amhrán le chéile. Chan an múinteoir amhrán freisin. Bhí spórt agus scléip againn.

Caint an Ranga Bhí ___ ar siúl sa seomra ranga. (dráma, ceol, srl.) Sheinn mé ___. (an giotár, an pianó, srl.) Chan ___ an t-amhrán. (ainm an pháiste) Bhí spórt agus scléip againn. Tá mé préachta leis an bhfuacht.

An Aimsir An aimsir á léamh ag Oisín. Dia daoibh, a chairde agus fáilte romhaibh. Beidh sé ag cur sneachta anocht. Beidh calóga sneachta ag titim. Beidh brat bán sneachta ar an talamh. Beidh gach duine préachta leis an bhfuacht. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a bhí ar siúl sa seomra ranga?’ ‘Cad a sheinn tú? ‘Cad a sheinn Oisín?’ ‘Cad a sheinn Niamh?’ ‘Cad a sheinn Ruairí?’ ‘Cé a chan amhrán?’ ‘An raibh spórt agus scléip acu?’ Éisteann na páistí leis an aimsir. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cén saghas aimsire a bheidh ann anocht?’ ‘Cad a bheidh ag titim?’ ‘Cad a bheidh ar an talamh?’ ‘An mbeidh gach duine fuar?’ Scríobh na hAbairtí: Chan Róisín/Ruairí amhrán inné. Canann Róisín/Ruairí amhrán gach lá. Canfaidh Róisín/Ruairí amhrán amárach. Chan Róisín/Ruairí amhrán inné. Spraoi le Briathra: Chan sé. Canann sé. Canfaidh sé.

Tréimhse Chumarsáide

Cuirtear ceolchoirm bheag ar siúl sa seomra ranga.Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘Bhí ceolchoirm ar siúl sa seomra ranga.’ ‘Sheinn mé an giotár.’ ‘Sheinn ___ an fhidil.’ ‘Sheinn ___ an fheadóg stáin.’ ‘Sheinn ___ an pianó.’ ‘Chan na páistí go léir amhrán le chéile.’ ‘Chan an múinteoir amhrán freisin.’ ‘Bhí spórt agus scléip againn.’ Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus déanann an páiste cur síos ar an aimsir. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 89. Insíonn páiste A an nuacht do pháiste B. Malartaíonn na páistí róil agus insíonn páiste B an nuacht do pháiste A.

184

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 184

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 89. Léann na páistí an nuacht agus an aimsir. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc faoin gceolchoirm sa seomra ranga a scríobh.Tig leo an foclóir ar lch. 89 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn ceolchoirm na Nollag ar siúl spreagtar na páistí ‘Sheinn mé ___’ (an fheadóg stáin, an giotár, srl.) a rá. Nuair a thagann na páistí isteach sa seomra ranga tar éis am sosa nó am lóin ceistíonn an múinteoir an páiste:‘An raibh spórt agus scléip agat sa chlós?’ Nuair a thagann páistí isteach ón gclós lá fuar tar éis am lóin/ sosa ceistítear na páistí:‘An bhfuil sibh préachta leis an bhfuacht?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann nuacht a thabhairt? ‘Bhí ceolchoirm ar siúl sa seomra ranga.’ srl. An féidir leis an bpáiste tuairisciú faoin aimsir? ‘Beidh sé ag cur sneachta anocht.’ srl.

185

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 185

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Scéal – Cú Chulainn Scéalaí:

Fadó, fadó, bhí buachaill óg ina chónaí i gCúige Uladh. Setanta ab ainm dó. Bhí a uncail ina rí ar Chúige Uladh. Conchúr Mac Neasa ab ainm dó. Lá amháin, bhí Setanta ag iomáint lena chairde. Chonaic sé a uncail ag teacht.

Conchúr:

Dia duit.

Setanta:

Dia’s Muire duit.

Conchúr:

Beidh cóisir ar siúl i mo chaisleán anocht. An dtiocfaidh tú go dtí mo chóisir?

Setanta:

Tiocfaidh mé, cinnte. Cén t-am?

Conchúr:

Beidh an chóisir ar siúl ar a hocht a chlog. Bí in am. Ná bí déanach.

Setanta:

Ceart go leor.

Scéalaí:

Bhí gabha ag an rí. Culann ab ainm dó. Bhí cú ag Culann. Thug an cú aire do chaisleán an rí. An oíche sin, thosaigh an chóisir ar a hocht a chlog. Tháinig a lán daoine go dtí an chóisir. Bhí daoine ag ithe agus ag ól. Bhí daoine ag seinm ceoil agus ag damhsa. Bhí spórt agus scléip ag gach duine. Tar éis tamaill, chuir Culann an cú ag an ngeata.

Culann:

Fan ansin ag an ngeata. Tabhair aire mhaith don chaisleán.

Scéalaí:

Bhí Setanta fós ag iomáint. Rinne sé dearmad ar an gcóisir. Go tobann, smaoinigh sé ar an gcóisir.

Setanta:

Caithfidh mé dul go dtí an chóisir. Tá sé leathuair tar éis a hocht.

Scéalaí:

Rith Setanta ar nós na gaoithe. Thóg sé a chamán agus a shliotar leis. Nuair a chonaic an cú Setanta ag teacht thosaigh sé ag tafann.

Conchúr:

Cén fáth a bhfuil an cú ag tafann?

Culann:

Níl a fhios agam.

Conchúr:

Níl Setanta anseo. Maróidh an cú Setanta bocht.

186

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 186

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Scéalaí:

Rith an rí agus an gabha go dtí an doras. Bhí an cú ag rith i dtreo Setanta. D’oscail sé a bhéal. Bhí sé ar tí Setanta a mharú. Leis sin, bhuail Setanta an sliotar go láidir leis an gcamán. Chuaigh an sliotar isteach i mbéal an chú. Bhí Setanta slán sábháilte. Bhí áthas ar an rí ach bhí brón ar Chulann. Bhí an cú marbh.

Culann:

Mo chú bocht! Cé a thabharfaidh aire don chaisleán?

Scéalaí:

Thosaigh Culann ag caoineadh.

Setanta:

Ní bí ag caoineadh. Tabharfaidh mé aire don chaisleán. Is mise do chú anois. Is mise Cú Chulainn.

Scéalaí:

Thug Cú Chulainn aire an-mhaith don chaisleán ón lá sin amach.

Freagair na Ceisteanna: 1 Cá raibh an buachaill óg ina chónaí? 2 An raibh an buachaill óg ina chónaí lena uncail? 3 Cad ab ainm don bhuachaill? 4 Cad ab ainm don rí? 5 Cad ab ainm don ghabha? 6 An ndeachaigh Setanta go dtí an chóisir? 7 An ndeachaigh Culann go dtí an chóisir? 8 Ar mharaigh an cú Setanta? 9 Ar mharaigh Setanta an cú? Foclóir: cú, gabha, sliotar, caisleán, camán, ag iomáint, a uncail, geata, ag tafann. Bí ag Scríobh: Tiocfaidh mé go dtí ___. (an chóisir, an fheirm, an teach, an cheolchoirm, an phicnic, an cluiche, an geata, an caisleán) Scríobh an Scéal: Setanta ab ainm dó. Bhí a uncail ina rí ar Chúige Uladh. Conchúr Mac Neasa ab ainm dó. Lá amháin, bhí Setanta ag iomáint. Chonaic sé a uncail ag teacht. Bua na Cainte 3 lch. 90. Tuairiscíonn na páistí faoin bpictiúr. Tarraingíonn na páistí pictiúr agus scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Scríobhann siad na focail chearta chun na habairtí a chomhlánú. Dúshlán Breise: Scríobhann na páistí faoin bpictiúr: Cú Chulainn. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta.Tig leis na páistí na focail ar lch. 90 a úsáid. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga.

187

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 187

31/08/2018 11:09


Caitheamh Aimsire Measúnú Teanga ó Bhéal Cad atá ar siúl ag na páistí? An maith leat bheith ag snámh? An maith leat bheith ag imirt peile? Ar imir Róisín peil? Ar imir Ruairí peil? Ar sheinn Róisín ceol? Ar sheinn Ruairí ceol? Ar bhuail Ruairí an liathróid? Ar bhuail Oisín an liathróid? Léitheoireacht Ar imir ___ peil? D’imir/Níor imir ___ peil. Ar ól ___ uisce? D’ól/Níor ól ___ uisce. Ar ith ___ ceapaire? D’ith/Níor ith ___ ceapaire. Ar bhuail ___ an liathróid? Bhuail/Níor bhuail ___ an liathróid. Ar rug ___ ar an liathróid? Rug/Níor rug ___ ar an liathróid. Ar bhris ___ an fhuinneog? Bhris/Níor bhris ___ an fhuinneog. Scríbhneoireacht Bhuail sé. Buaileann sé. Buailfidh sé. Sheinn sé. Seinneann sé. Seinnfidh sé. Chaith sé Caitheann sé Caithfidh sé. Chan sé. Canann sé. Canfaidh sé. Bhris sé. Briseann sé. Brisfidh sé. Scríobh sé. Scríobhann sé. Scríobhfaidh sé.

188

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 188

31/08/2018 11:09


An tEarrach An Aimsir – An tEarrach – Aonad Teagaisc agus Foghlama Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 91–94) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An fichiú lá, An t-aonú lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche, An tríochadú lá, An t-aonú lá is tríocha ___. Litriú: An t-aonú lá is fiche, an dara lá is fiche, an tríú lá is fiche, an ceathrú lá is fiche. Cén séasúr atá ann? An tEarrach atá ann. Ainmnigh míonna an earraigh. Feabhra, Márta agus Aibreán. Cuirfidh mé crann ar an mbord dúlra. Cuirfidh mé ___ ar an gcrann. (bachlóga, nead) Cuirfidh mé uibheacha sa nead. Cuirfidh mé éan ar gor sa nead. Cuirfidh mé ___ in aice leis an gcrann. (uan óg, lao óg) Cuirfidh mé ___ sa spéir. (fáinleog, cuach) Cuirfidh mé lus an chromchinn sa pháirc. Cuirfidh mé cróc sa pháirc freisin. Cuirigí na focail in aice leis na pictiúir. (bachlóga, nead, uibheacha, éan ar gor, uan óg, lao óg, lus an chromchinn, cróc, cuach, fáinleog) Maith sibh! Tá an bord dúlra go han-deas. Litriú: uan, cuach, fuar, tua, rua.

Ainmnigh na bláthanna. (bainne bó bleachtáin, sabhaircín, cróc, nóinín, lus an chromchinn) Cén dath atá ___? (ar an mbainne bó bleachtáin, ar an sabhaircín, ar an gcróc, ar an nóinín, ar lus an chromchinn) Tá ___ (an bainne bó bleachtáin, an sabhaircín, an cróc, an nóinín, lus an chromchinn) ___. (buí, bán, buí agus bán) An maith leat an bainne bó bleachtáin? Is maith liom an bainne bó bleachtáin. Cén bláth is fearr leat? Is fearr liom ___. (an sabhaircín, lus an chromchinn) Litriú: An cúigiú lá is fiche, an séú lá is fiche, an seachtú lá is fiche, an t-ochtú lá is fiche. An t-earrach a bhí ann. Bhí an aimsir go deas. Dhúisigh na hainmhithe tar éis codladh fada geimhridh. Dhúisigh an ghráinneog, an t-iora rua agus an sciathán leathair. Tháinig na héin ar ais ón Afraic. Tháinig an chuach agus an fháinleog ar ais. Rinne an fháinleog nead. Rug sí uibheacha sa nead. Ní dhearna an chuach nead. Thóg sí nead ó éan eile. Rug sí uibheacha sa nead. Litriú: An ndearna? Rinne/Ní dhearna.

189

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 189

31/08/2018 11:09


An tEarrach Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Cluichí

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Amhrán – Míonna na Bliana Dán – Bláthanna

Tasc Tuisceana Foclóir Bí ag Caint Bí ag Scríobh Freagair na Ceisteanna

Obair Bheirte Cén dáta atá ann? An ceathrú lá is fiche, srl. ___ atá ann. (de Fheabhra, de Mhárta, d’Aibreán) Cá bhfuil ___? (an lao, srl.) Tá ___ (an lao, srl.) ___. (sa pháirc, srl.) Ar tháinig ___ ar ais ón Afraic? (an chuach, an fháinleog, an spideog) Tháinig/Níor tháinig ___ ar ais ón Afraic. An ndearna ___ nead? (an fháinleog, an chuach) Rinne/Ní dhearna ___ nead. (an fháinleog, an chuach)

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cén séasúr atá ann? An t-earrach atá ann. Cén mhí atá ann? ___ atá ann. Cén dáta atá ann? An ___ atá ann. (fichiú lá, srl.) Cén lá atá ann inniu? Cad iad míonna an earraigh? An maith leat ___? (an t-earrach, ceol, Gaeilge, srl.) Is/Ní maith liom ___. (ceol, srl.)

Cuir ___ ar an mbord dúlra. Cuirfidh mé ___ ar an mbord dúlra. Maith sibh! Tá ___ go han deas. (an aimsir, srl.) An ndearna tú an obair bhaile? Rinne/ Ní dhearna mé an obair bhaile.

Ar thóg tú do leabhar amach as do mhála? Ar rug sé/sí ar an liathróid/sliotar? Cad atá ar an mbord dúlra? Ainmnigh ___. (na buachaillí, na cailíní, na múinteoirí, srl.)

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Matamaitic Ealaín

Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

190

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 190

31/08/2018 11:09


An tEarrach Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

An dáta a rá Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An fichiú lá, An t-aonú lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche (Feabhra = bliain bhisigh) An tríochadú lá (d’Aibreán) An t-aonú lá is tríocha de Mhárta.

Caint an Ranga Cén lá atá ann inniu? Cén mhí atá ann? ___ atá ann. Cén dáta atá ann? An ___ de Fheabhra, srl. atá ann. (An fichiú lá, An t-aonú lá is fiche, srl.)

Amhrán – Míonna na Bliana Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Mí na Samhna, Mí na Nollag. Seo iad míonna na bliana. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá atá ann inniu?’ Freagraíonn na páistí:‘___ atá ann.’ (An Luan, An Mháirt, An Chéadaoin, An Déardaoin, An Aoine) Téitear siar ar an amhrán Míonna na Bliana. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cén mhí atá ann?’ ‘Cén séasúr atá ann?’ Téann an múinteoir siar ar na dátaí ón gcéad lá go dtí an fichiú lá. Múintear an comhrá ‘Cén dáta atá ann?’ ‘An fichiú lá, An t-aonú lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche, (Feabhra = bliain bhisigh) An tríochadú lá, (d’Aibreán) An t-aonú lá is tríocha de Mhárta.’ Tasc Tuisceana: Cén dáta atá ann? ___ d’Aibreán. (An t-aonú lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche, An tríochadú lá) Úsáideann an múinteoir féilire mór. Léiríonn an múinteoir dáta do na páistí. Ceistítear na páistí:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí:‘An t-aonú lá is fiche ___ atá ann.’ srl. (de Mhárta, srl.) Litriú: An t-aonú lá is fiche, an dara lá is fiche, an tríú lá is fiche, an ceathrú lá is fiche.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Bíonn féilire ag an bpáiste. Léiríonn an páiste dáta do pháiste eile sa rang. Ceistíonn an páiste an páiste eile:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí: ‘An dara lá is fiche, srl. ___ atá ann.’ (de Mhárta, srl.) Bua na Cainte 3 lch. 91.Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Léiríonn páiste A dáta do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn páiste B: ‘An tríú lá is fiche, srl. ___ atá ann.’ (de Fheabhra, de Mhárta, d’Aibreán) Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 91. Léiríonn páiste A dáta do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn páiste B: ‘An ceathrú lá is fiche, srl. ___ atá ann.’ (de Fheabhra, de Mhárta, d’Aibreán)

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 91. Léann na páistí na dátaí: ‘An t-aonú lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche, An tríochadú lá ___.’ (de Fheabhra, de Mhárta, d’Aibreán)

191

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 191

31/08/2018 11:09


An tEarrach Ceistítear na páistí:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí: ‘An naoú lá is fiche de Mhárta atá ann.’ Scríobhann na páistí na dátaí. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí gach lá:‘Cén lá atá ann inniu?’ ‘Cén dáta atá ann inniu?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Matamaitic: Nuair a bhíonn orduimhreacha á ndéanamh sa Mhatamaitic úsáidtear na téarmaí seo.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann an dáta a rá? ‘An séú lá is fiche de Mhárta atá ann.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén dáta atá ann?’ ‘An t-aonú lá is fiche d’Aibreán atá ann.’ srl.

192

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 192

31/08/2018 11:09


An tEarrach Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Taitneamh a léiriú Rogha a léiriú Stór focal a shealbhú agus a úsáid

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Ainmnigh na bláthanna. (bainne bó bleachtáin, sabhaircín, cróc, nóinín, lus an chromchinn) Cén dath atá ___? (ar an mbainne bó bleachtáin, ar an sabhaircín, ar an gcróc, ar an nóinín, ar lus an chromchinn) Tá ___ (an bainne bó bleachtáin, an sabhaircín, an cróc, an nóinín, lus an chromchinn) ___. (buí, bán, buí agus bán) An maith leat an bainne bó bleachtáin? Is maith liom an bainne bó bleachtáin. Cén bláth is fearr leat? Is fearr liom ___. (an sabhaircín, lus an chromchinn)

Ainmnigh ___. (na buachaillí, na cailíní, na múinteoirí, srl.) An maith leat ___? (Ceol, Gaeilge, srl.) Is/Ní maith liom ___. (Ceol, srl.) Is fearr liom ___. (peil Ghaelach, srl.)

Dán – Bláthanna Bláthanna beaga bána. Bláthanna beaga buí. Bainne bó bleachtáin Is sabhaircíní. Cróc agus nóinín. Lus an chromchinn. Bláthanna beaga bána. Bláthanna beaga buí. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán Bláthanna do na páistí. Iarrann an múinteoir ar na páistí bláthanna difriúla a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (bainne bó bleachtáin, sabhaircín, cróc, nóinín, lus an chromchinn) Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí na bláthanna a ainmniú:‘Ainmnigh na bláthanna.’ Ainmníonn na páistí na bláthanna difriúla. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An maith leat ___?’ (an sabhaircín, srl.) Freagraíonn páistí éagsúla: ‘Is/Ní maith liom ___.’ ‘Cén dath atá ar an ___?’ ‘Tá an ___ (nóinín, srl.) ___.’ (bán, buí, srl.) ‘Cén bláth is fearr leat?’ ‘Is fearr liom ___.’ Tasc Tuisceana: Cuir ___ sa ghairdín. (bainne bó bleachtáin, sabhaircín, cróc, nóinín, lus an chromchinn) Foclóir: bainne bó bleachtáin, sabhaircín, cróc, nóinín, lus an chromchinn. Bí ag Caint: Ainmnigh an bláth. (bainne bó bleachtáin, sabhaircín, cróc, nóinín, lus an chromchinn) An maith leat an sabhaircín? Is maith liom an sabhaircín. Cén bláth is fearr leat? Is fearr liom lus an chromchinn. Litriú: An cúigiú lá is fiche, an séú lá is fiche, an seachtú lá is fiche, an t-ochtú lá is fiche.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Iarrann an múinteoir ar na páistí na bláthanna a ainmniú:‘Ainmnigh na bláthanna.’ (bainne bó bleachtáin, sabhaircín, cróc, nóinín, lus an chromchinn) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén dath atá ___?’ (ar an mbainne bó bleachtáin, srl.) ‘An maith leat ___?’ (an cróc, srl.) ‘Cén bláth is fearr leat?’ Cuirtear na ceisteanna ar leidchárta ar an gclár bán.

193

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 193

31/08/2018 11:09


An tEarrach Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Iarrann an páiste ar pháiste eile na bláthanna a ainmniú. Ceistíonn an páiste páiste eile:‘Cén dath atá ___?’ (ar an mbainne bó bleachtáin, srl.) ‘An maith leat ___?’ (an cróc, srl.) ‘Cén bláth is fearr leat?’ Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 92.Tarraingíonn na páistí na bláthanna agus scríobhann siad ainmneacha na mbláthanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘An maith leat ___.’ (torthaí, glasraí, peil, iomáint, srl.) Spreagtar an páiste ‘Is maith liom ___’ (peil, srl.) a rá.‘Cén dath atá ar do chuid gruaige, do chóta, do hata, do scairf?’ srl. Spreagtar an páiste ‘Tá mo ghruaig ___’ (donn, srl.) a rá.‘Cén bia is fearr leat?’ Spreagtar an páiste ‘Is fearr liom ___’ (feoil, srl.) a rá. Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: D’fhéadfadh na páistí páipéar síprise a úsáid chun bláthanna a dhéanamh. D’fhéadfaidís na bláthanna a chur ar taispeáint sa seomra ranga. Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta: Úsáidtear na téarmaí seo nuair a mhúintear na bláthanna i gceacht OSIE.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (bainne bó bleachtáin, sabhaircín, cróc, nóinín, lus an chromchinn) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An maith leat an bainne bó bleachtáin?’ ‘Is maith liom an bainne bó bleachtáin.’ ‘Cén bláth is fearr leat?’ ‘Is fearr liom ___.’ (lus an chromchinn, an sabhaircín) An bhfuil an páiste in ann taitneamh a léiriú? ‘Is maith liom lus an chromchinn.’ An bhfuil an páiste in ann rogha a léiriú? ‘Is fearr liom an sabhaircín.’

194

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 194

31/08/2018 11:09


An tEarrach Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Cén séasúr atá ann? An tEarrach atá ann. Ainmnigh míonna an earraigh. Feabhra, Márta agus Aibreán. Cuirfidh mé crann ar an mbord dúlra. Cuirfidh mé ___ ar an gcrann. (bachlóga, nead) Cuirfidh mé uibheacha sa nead. Cuirfidh mé éan ar gor sa nead. Cuirfidh mé ___ in aice leis an gcrann. (uan óg, lao óg) Cuirfidh mé ___ sa spéir. (fáinleog, cuach) Cuirfidh mé lus an chromchinn sa pháirc. Cuirfidh mé cróc sa pháirc freisin. Cuirigí na focail in aice leis na pictiúir. (bachlóga, nead, uibheacha, éan ar gor, uan óg, lao óg, lus an chromchinn, cróc, cuach, fáinleog) Maith sibh! Tá an bord dúlra go han-deas.

Cén séasúr atá ann? An t-earrach atá ann. Ainmnigh míonna an earraigh. Feabhra, Márta agus Aibreán. Cuir ___ ar an mbord dúlra. Cuirfidh mé ___ ar an mbord dúlra. Maith sibh! Tá ___ go han-deas. (an aimsir, an cóta, an hata, an t-úll, srl.)

● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Tuairisciú Daoine a mholadh

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Iarrann an múinteoir ar na páistí séasúir na bliana a ainmniú. (An tEarrach, An Samhradh, An Fómhar, An Geimhreadh) Ceistítear na páistí:‘Cén séasúr atá ann anois?’ ‘An fómhar atá ann.’ Téitear siar ar an amhrán Míonna na Bliana. Iarrann an múinteoir ar na páistí míonna an earraigh a ainmniú:‘Ainmnigh míonna an earraigh.’ ‘Feabhra, Márta agus Aibreán.’ Éisteann na páistí leis an gcomhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí ___ a chur ar an mbord dúlra. Tasc Tuisceana: Cuir bachlóga ar an gcrann. Cuir uan óg in aice leis an gcrann. Cuir lao óg in aice leis an uan. Cuir nead ar an gcrann. Cuir uibheacha sa nead. Cuir éan ar gor sa nead. Cuir fáinleog sa spéir. Cuir cuach sa spéir freisin. Cuir lus an chromchinn faoin gcrann. Nuair a chuireann na páistí na rudaí difriúla sna háiteanna difriúla spreagtar iad chun na habairtí ‘Cuirfidh mé ___ ar an gcrann’ srl.‘Cuirfidh mé ___ in aice ___’ (leis an gcrann, leis an éan) a rá. Foclóir: bachlóga, lao óg, uibheacha, cróc, cuach, uan óg, nead, éan ar gor, lus an chromchinn, fáinleog. Bí ag Scríobh: Tá bachlóga ar an gcrann.Tá uan óg in aice leis an gcrann.Tá lao óg in aice leis an uan.Tá nead ar an gcrann. Tá uibheacha sa nead.Tá éan ar gor sa nead.Tá fáinleog sa spéir.Tá cuach sa spéir freisin.Tá lus an chromchinn faoin gcrann. Tá cróc sa chúinne. Litriú: uan, cuach, fuar, tua, rua.

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla rudaí difriúla a chur ar an mbord dúlra sa seomra ranga:‘Cuir ___ ar an mbord dúlra.’ ‘Cuir ___ ar an gcrann.’ Nuair a chuireann na páistí na rudaí difriúla sna háiteanna difriúla spreagtar iad chun an abairt ‘Cuirfidh mé ___ ar an mbord dúlra’ a rá. Úsáidtear na luaschártaí. Iarrtar ar na páistí an focal cuí a chur in aice le gach pictiúr ar an mbord dúlra. Bua na Cainte 3 lch. 93. Ceistíonn an múinteoir na páistí faoin bpictiúr:‘Cá bhfuil ___?’ (an lao, an nead, na huibheacha, na bachlóga, an chuach, an fháinleog, an spideog, an nóinín) Freagraíonn na páistí:‘Tá ___ (an chuach, srl.) ____.’ (sa pháirc, sa spéir, ar an gcrann) Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cá bhfuil ___?’ (an lao, srl.) ‘Tá ___ (an chuach, srl.) ___.’ (sa pháirc, srl.)

195

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 195

31/08/2018 11:09


An tEarrach Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 93. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cá bhfuil ___?’ (an lao, srl.) ‘Tá ___ (an lao, srl.) ___.’ (sa pháirc, srl.) Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 93. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Iarrann an múinteoir ar gach páiste pictiúr den earrach a tharraingt agus an lipéad cuí a chur in aice le gach pictiúr. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cad iad míonna an earraigh?’ ‘An maith leat an tEarrach?’ ‘Cad atá ar an mbord dúlra?’ Nuair a éiríonn leis na páistí rudaí maithe a dhéanamh molann an múinteoir iad: ‘Maith sibh!’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta: Úsáidtear na téarmaí seo nuair a mhúintear na séasúir i gceacht OSIE. Iarrann an múinteoir ar na páistí rudaí a bhaineann leis an earrach a bhailiú agus iad a chur ar an mbord dúlra.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (bachlóga, lao óg, uibheacha, cróc, cuach, uan óg, nead, éan ar gor, lus an chromchinn, fáinleog) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cá bhfuil ___?’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tá bachlóga ar an gcrann.’ srl. An bhfuil an páiste in ann daoine a mholadh? ‘Maith sibh!’

196

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 196

31/08/2018 11:09


An tEarrach Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Cur síos a dhéanamh Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

An t-earrach a bhí ann. Bhí an aimsir go deas. Dhúisigh na hainmhithe tar éis codladh fada geimhridh. Dhúisigh an ghráinneog, an t-iora rua agus an sciathán leathair. Tháinig na héin ar ais ón Afraic. Tháinig an chuach agus an fháinleog ar ais. Rinne an fháinleog nead. Rug sí uibheacha sa nead. Ní dhearna an chuach nead. Thóg sí nead ó éan eile. Rug sí uibheacha sa nead.

An ndearna tú an obair bhaile? Rinne/Ní dhearna. Ar thóg tú an leabhar amach as do m(h)ála? Ar rug sé/sí ar an liathróid?

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá do na páistí. Múintear ainmneacha na n-éan do na páistí:‘An chuach, an fháinleog, an spideog.’ Iarrann an múinteoir ar na páistí ___ a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (an chuach, srl.) Iarrann an múinteoir ar na páistí na héin a ainmniú. Freagair na Ceisteanna: Ar tháinig an chuach ar ais ón Afraic? Ar tháinig an fháinleog ar ais ón Afraic? Ar tháinig an spideog ar ais ón Afraic? An ndearna an fháinleog nead? An ndearna an chuach nead? Bí ag Caint: Cén séasúr a bhí ann? Ar tháinig an chuach ar ais ón Afraic? Ar tháinig an fháinleog ar ais ón Afraic? Ar tháinig an spideog ar ais ón Afraic? An ndearna an fháinleog nead? An ndearna an chuach nead? Litriú: An ndearna? Rinne. Ní dhearna.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 94. Léann na páistí an scéal. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘Ar tháinig an chuach ar ais ón Afraic?’ ‘Ar tháinig an fháinleog ar ais ón Afraic?’ ‘Ar tháinig an spideog ar ais ón Afraic?’ ‘An ndearna an fháinleog nead?’ ‘An ndearna an chuach nead?’ ‘An ndearna an spideog nead?’ Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Ceistíonn an páiste páistí eile. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 94. Ceistíonn páiste A páiste B.‘Ar tháinig ___ ar ais ón Afraic?’ (an chuach, an fháinleog, an spideog) ‘An ndearna ___ nead?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna:‘Tháinig/Níor tháinig ___ ar ais ón Afraic.’ ‘Rinne/Ní dhearna ___ nead.’ Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 94. Léann na páistí faoin earrach. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna.Tarraingíonn na páistí na héin. Scríobhann siad ainm an éin faoi gach pictiúr. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cad iad míonna an earraigh?’ ‘An maith leat an t-earrach?’ ‘An bhfuil an aimsir go deas?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta.

197

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 197

31/08/2018 11:09


An tEarrach Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh ar an earrach? ‘An t-earrach a bhí ann.’ ‘Bhí an aimsir go deas.’ srl. An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (fáinleog, cuach, uibheacha, srl.) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An ndearna?’ ‘Rinne/Ní dhearna.’ ‘Ar tháinig?’ ‘Tháinig/Níor tháinig.’

198

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 198

31/08/2018 11:09


An tEarrach Measúnú don Fhoghlaim Teanga ó Bhéal 1 Ar tháinig an fháinleog ar ais ón Afraic? 2 Ar tháinig an chuach ar ais ón Afraic? 3 Ar tháinig an spideog ar ais ón Afraic? 4 An ndearna an fháinleog nead? 5 An ndearna an chuach nead? 6 Ar rug an fháinleog uibheacha sa nead? Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht 1 Ar tháinig an fháinleog ar ais ón Afraic? 2 Ar tháinig an chuach ar ais ón Afraic? 3 Ar tháinig an spideog ar ais ón Afraic? 4 An ndearna an fháinleog nead? 5 An ndearna an chuach nead? 6 Ar rug an fháinleog uibheacha sa nead?

199

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp155-199).indd 199

31/08/2018 11:09


ÉadaÍ Éadaí – Aonad Teagaisc agus Foghlama 1 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 95–99) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Éistigí go géar. Féachaigí ar na pictiúir. Cuirigí na pictiúir i bhfolach. Tógfaidh mé pictiúr amháin. N’fheadar cad é? An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. (cóta, hata, bríste, sciorta, gúna, cochall, geansaí, blús, culaith spóirt) Litriú: An ___ é? Is ea. Ní hea. Conas atá an luchóg gléasta? Tá ___ uirthi. (ribín bándearg, spéaclaí gréine, slabhra óir, blús bán, sciorta bándearg, stocaí bána, bróga corcra) Conas atá an moncaí gléasta? Tá ___ air. (léine bhán, carbhat dearg, geansaí dearg, cóta gorm, bríste gorm, stocaí bána, bróga dearga) Tá cochall ar an gcóta.Tá sé gléasta go deas. Litriú: Tá geansaí orm.Tá cóta ort.Tá bríste air. Tá sciorta uirthi.

An bhfuil ___ ort? Tá/Níl ___ orm. (cóta, léine, stocaí, bróga, carbhat, gúna, sciorta, bróga spóirt, culaith spóirt, cochall) Conas atá tú gléasta? Tá ___ orm. (t-léine liath, culaith spóirt ghorm, stocaí bána, bróga spóirt, éide scoile, léine ghorm, carbhat dearg, geansaí dúghorm, sciorta dúghorm, stocaí bána, bróga dubha, stocaí corcra, bróga bándearga, gúna bándearg, t-léine bhán, bríste liath, cóta glas, blús, sciorta) Tá mé gléasta go compordach. An maith leat d’éide scoile? Is breá liom m’éide scoile ach is fearr liom mo chulaith spóirt. Tá cochall ar an gcóta. Litriú: na gúnaí, na stocaí, na sciortaí. An ndúirt ___ ‘Ó-bhó-bhó!?’ (an bhó, an luchóg, an moncaí) Dúirt/Ní dúirt. An ndúirt ___ ‘Haigh, Haigh, Haigh!?’ (an bhó, an luchóg, an moncaí) Dúirt/Ní dúirt. Litriú: An ndúirt? Dúirt/Ní dúirt.

200

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 200

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Dán – An Luchóg

Fionn agus an Dragún

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: Fionn agus an Dragún

Cad é? Cuir Ceist Bí ag Scríobh Cluiche Kim Foclóir Scríobh an Scéal Bí ag Léamh Scríobh na hAbairtí Líon na Bearnaí Bí ag Caint

Obair Bheirte An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. (bríste, geansaí, stoca, culaith spóirt, cóta, hata, sciorta, blús, cochall) Conas atá tú gléasta? Tá ___ orm. Conas atá sé gléasta? Tá ___ air.

Conas atá sí gléasta? Tá ___ uirthi. (bríste, geansaí, stoca, culaith spóirt, cóta, hata, sciorta, blús, cochall) An ndúirt ___ ‘Ó-bhó-bhó!’? An ndúirt ___ ‘Haigh, Haigh, Haigh!’? (an luchóg, an bhó, an moncaí) Dúirt/Ní dúirt.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Éistigí. N’fheadar cad é? An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. Conas atá tú gléasta? Tá ___ orm.

Conas atá sé gléasta? Tá ___ air. Conas atá sí gléasta? Tá ___ uirthi. Tá sé/sí gléasta go deas. An bhfuil ___ ort? Tá/Níl ___ orm. (bróga spóirt, cóta, hata, srl.) Tá mé gléasta go compordach.

An maith leat ___? (d’éide scoile, srl.) Is breá liom ___. (m’éide scoile, srl.) Is fearr liom ___. (mo chulaith spóirt, srl.) An ndúirt tú é? Dúirt/Ní dúirt mé é. Céard a dúirt tú? Ní dúirt mé tada.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Drámaíocht – Fionn agus an Dragún

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

201

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 201

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Aonad 1 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Éistigí go géar. Féachaigí ar na pictiúir. Cuirigí na pictiúir i bhfolach. Tógfaidh mé pictiúr amháin. N’fheadar cad é? An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. (cóta, hata, bríste, sciorta, gúna, cochall, geansaí, blús, culaith spóirt)

Caint an Ranga Éistigí. N’fheadar cad é? Is ___ é. An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. (cóta, hata, bríste, srl.)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá do na páistí.Taispeánann an múinteoir pictiúir de na héadaí do na páistí. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘N’fheadar cad é?’ Freagraíonn na páistí:‘Is ___ é.’ (cóta, hata, bríste, gúna, sciorta, stoca, cochall, geansaí, blús, culaith spóirt) Cuireann an múinteoir na pictiúir i bhfolach. Roghnaíonn an múinteoir pictiúr amháin. Bíonn ar na páistí ceisteanna a chur chun a fháil amach cén pictiúr atá roghnaithe ag an múinteoir:‘An ___ é?’ Freagraíonn an múinteoir:‘Ní hea.’ ‘Ní ___ é.’ go dtí go gcuireann an páiste an cheist chuí. Ansin, freagraíonn an múinteoir:‘Is ea.’ ‘Is ___ é.’ Cad é?: Is ___ é. (bríste, hata, cóta, culaith spóirt, geansaí, stoca, sciorta, blús, cochall) Cuir Ceist: An ___ é? Is ea. Is ___ é. Ní hea. Ní ___ é. (cóta, hata, bríste, sciorta, gúna) Bí ag Scríobh: Is ___ é. (sciorta, gúna, bríste, cochall, hata, cóta, culaith spóirt, blús, geansaí, stoca) Litriú: An ___ é? Is ea. Ní hea.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáideann an múinteoir na pictiúir. Cuireann an múinteoir pictiúr amháin taobh thiar dá d(h)roim. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad é?’ Ceistíonn na páistí an múinteoir chun a fháil amach cad atá taobh thiar dá d(h)roim:‘An ___ é?’ (bríste, geansaí, stoca, culaith spóirt, cóta, hata, sciorta, blús, cochall) Freagraíonn an múinteoir:‘Ní hea.’ ‘Ní ___ é.’ go dtí go gcuireann páiste an cheist chuí. Ansin, freagraíonn an múinteoir:‘Is ea.’ ‘Is ___ é.’ Tagann páiste amach os comhair an ranga. Cuireann an páiste pictiúr amháin taobh thiar dá d(h)roim. Ceistíonn an páiste na páistí eile:‘Cad é?’ Ceistíonn na páistí eile an páiste chun a fháil amach cad atá taobh thiar dá d(h)roim:‘An ___ é?’ (bríste, geansaí, stoca, culaith spóirt, cóta, hata, sciorta, blús, cochall) Freagraíonn an páiste:‘Ní hea.’ ‘Ní ___ é.’ go dtí go gcuireann páiste an cheist chuí. Ansin, freagraíonn an páiste.‘Is ea.’ ‘Is ___ é.’ Obair Bheirte: Tugtar pictiúir do gach beirt pháistí. Cuireann páiste A pictiúr amháin taobh thiar dá d(h)roim. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad é?’ Ceistíonn páiste B páiste A chun a fháil amach cad atá taobh thiar dá d(h)roim:‘An ___ é?’ (bríste, geansaí, stoca, culaith spóirt, cóta, hata, sciorta, blús, cochall) Freagraíonn páiste A:‘Ní hea.’ ‘Ní ___ é.’ go dtí go gcuireann páiste an cheist chuí. Ansin, freagraíonn páiste A:‘Is ea.’ ‘Is ___ é.’ Ansin, malartaíonn na páistí róil.

202

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 202

03/09/2018 16:39


ÉadaÍ Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 95. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An ___ é?’ (hata, cóta, geansaí, cochall, sciorta, gúna, stoca, bríste, blús) Freagraíonn na páistí:‘Is ea.’ ‘Is ___ é.’ ‘Ní hea.’ ‘Ní ___ é.’ Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn dán á aithris nó amhrán á chanadh ag páiste os comhair an ranga spreagtar é/í ‘Éistigí’ a rá chun aird na bpáistí a fháil.Ag am lóin spreagtar na páistí ‘Tógfaidh mé ___ as mo mhála’ (an lón, an ceapaire, an buidéal bainne) a rá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (cóta, hata, bríste, sciorta, gúna, cochall, geansaí, blús, culaith spóirt) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An ___ é?’ ‘Is ea.’ ‘Ní hea.’ ‘Is/Ní ___ é.’

203

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 203

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Aonad 1 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Comhrá 2.1 An bhfuil ___ ort? Tá/Níl ___ orm. (cóta, léine, stocaí, bróga, carbhat, gúna, sciorta, bróga spóirt, culaith spóirt, cochall) Comhrá 2.2 Conas atá tú gléasta? Tá ___ orm. (t-léine liath, culaith spóirt ghorm, stocaí bána, bróga spóirt, éide scoile, léine ghorm, carbhat dearg, geansaí dúghorm, sciorta dúghorm, stocaí bána, bróga dubha, stocaí corcra, bróga bándearga, gúna bándearg, t-léine bhán, bríste liath, cóta glas, blús, sciorta) Tá mé gléasta go compordach. An maith leat d’éide scoile? Is breá liom m’éide scoile ach is fearr liom mo chulaith spóirt. Tá cochall ar an gcóta.

Caint an Ranga Conas atá tú gléasta? Tá ___ orm. An bhfuil ___ ort? Tá/Níl ___ orm. (bróga spóirt, cóta, hata, culaith spóirt, blús) Tá mé gléasta go compordach. An maith leat ___? (d’éide scoile, an blús, an geansaí, srl.) Is breá liom ___. (m’éide scoile, an geansaí, srl.) Is fearr liom ___. (mo chulaith spóirt, srl.)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Téitear siar ar an bhfoclóir d’éadaí trí Chluiche Kim a imirt. Cluiche Kim: (éide scoile, léine, bríste, geansaí, stoca, bróga, culaith spóirt, bróga spóirt, t-léine, cóta, sciorta, blús, cochall) Múintear comhrá 2.1. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfuil ___ ort?’ ‘Tá/Níl ___ orm.’ (culaith spóirt, bróga spóirt, cochall, cóta, hata, blús, éide scoile, carbhat) Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Ceistíonn an páiste páiste eile:‘An bhfuil ___ ort?’ Múintear comhrá 2.2. Déanann an múinteoir cur síos ar na héadaí atá air/uirthi féin:‘Tá ___ orm.’ (bríste dubh, bróga dubha, stocaí dubha, léine bhán, cóta dubh, srl.) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Conas atá tú gléasta?’ Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla teacht amach os comhair an ranga agus cur síos a dhéanamh ar na héadaí atá orthu:‘Tá ___ orm.’ (éide scoile, léine ghorm, geansaí dúghorm, sciorta gorm, bríste gorm, bróga donna, stocaí bána) Foclóir: blús, sciorta, cóta, éide scoile, bróga spóirt, culaith spóirt, carbhat, bríste, geansaí, léine, cochall. Scríobh an Scéal: Tá ___ orm. (éide scoile, léine ghorm, carbhat dearg, bríste dúghorm, geansaí dúghorm, stocaí bána, bróga dubha, blús corcra, culaith spóirt, t-léine liath, stocaí bána, bróga spóirt, sciorta bándearg, stocaí corcra, bróga bándearg) Tá mé gléasta go compordach. Is breá liom mo chulaith spóirt. Litriú: na gúnaí, na stocaí, na sciortaí.

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Conas atá tú gléasta?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ orm.’ (éide scoile, léine ghorm, geansaí dúghorm, sciorta gorm, bríste gorm, bróga donna, stocaí bána) Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Conas atá tú gléasta?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ orm.’ (culaith spóirt, t-léine bhán, bríste liath, cóta liath) Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Ceistíonn páiste A páiste B:‘Conas atá tú gléasta?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ orm.’ Ansin, malartaíonn na páistí róil. 204

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 204

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 96. Léann na páistí faoi na héadaí atá ar na páistí. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An bhfuil ___ ort?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá/Níl ___ orm.’ (bróga spóirt, cóta, hata, culaith spóirt, blús) Scríobhann gach páiste freagraí na gceisteanna ina gcóipleabhair. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoi na héadaí atá orthu féin.Tig leo an foclóir ar lch. 95 agus lch. 96 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga:‘Tá mé gléasta go compordach.’ ‘Tá ___ orm.’ (éide scoile, blús dearg, geansaí dúghorm, bríste dúghorm, stocaí bána, bróga bána) Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí éagsúla ar maidin:‘Conas atá tú gléasta?’ ‘An bhfuil ___ ort?’ (éide scoile, léine ghorm, geansaí dúghorm, sciorta gorm, bríste gorm, bróga donna, stocaí bána) ‘An maith leat ___?’ (d’éide scoile, an blús, an geansaí, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (éide scoile, culaith spóirt, cochall, srl.) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An bhfuil ___ ort?’ ‘Tá/Níl ___ orm.’ An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá ___ orm.’

205

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 205

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Aonad 1 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Conas atá an luchóg gléasta? Tá ___ uirthi. (ribín bándearg, spéaclaí gréine, slabhra óir, blús bán, sciorta bándearg, stocaí bána, bróga corcra) Conas atá an moncaí gléasta? Tá ___ air. (léine bhán, carbhat dearg, geansaí dearg, cóta gorm, bríste gorm, stocaí bána, bróga dearga) Tá cochall ar an gcóta.Tá sé gléasta go deas.

Caint an Ranga Conas atá sé gléasta? Tá ___ air. Conas atá sí gléasta? Tá ___ uirthi. Tá sé/sí gléasta go deas.

Dán – An Luchóg Céard a dúirt an luchóg Nuair a chonaic sí an bhó? Ní dúirt sí tada Ach ‘Ó-bhó-bhó!’

Céard a dúirt an moncaí Nuair a sheas sé ar an gclaí? Ní dúirt sé tada Ach ‘Haigh-haigh-haigh!’

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an dán An Luchóg. Iarrann an múinteoir ar na páistí ___ a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (an luchóg, an moncaí, an bhó, an claí) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfaca an luchóg bó?’ ‘An bhfaca an luchóg capall?’ ‘Cad a dúirt an luchóg?’ ‘Cá raibh an moncaí?’ ‘Cad a dúirt an moncaí?’ Canann an rang go léir/grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an t-amhrán. Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Conas atá an luchóg gléasta?’ ‘An bhfuil ___ uirthi?’ (blús, éide scoile, sciorta, bróga spóirt, culaith spóirt, slabhra óir, stocaí, bróga, ribín, t-léine) ‘Conas atá an moncaí gléasta?’ ‘An bhfuil ___ air?’ (cochall, carbhat, cóta, bríste donn, bróga gorma) Tagann páiste amach os comhair an ranga.Tuairiscíonn an páiste faoi na héadaí atá ar an luchóg:‘Tá ___ uirthi.’ Tagann páiste eile amach os comhair an ranga.Tuairiscíonn an páiste faoi na héadaí atá ar an moncaí:‘Tá ___ air.’ Bí ag Léamh: Tá an luchóg gléasta go deas.Tá ___ uirthi. (ribín bándearg, spéaclaí gréine, blús bán, sciorta bándearg, slabhra óir, stocaí bána, bróga corcra) Tá an moncaí gléasta go deas.Tá ___ air. (carbhat dearg, léine bhán, bríste gorm, cóta gorm) Scríobh na hAbairtí: Tá ___ (léine, carbhat, gúna, sciorta, geansaí) ___. (air, uirthi) Líon na Bearnaí 3.1: Tá cóta orm.Tá bríste ort.Tá sciorta uirthi.Tá gúna uirthi.Tá culaith spóirt air. Líon na Bearnaí 3.2: Tá sciorta uirthi.Tá carbhat air.Tá bróga air.Tá gúna uirthi.Tá léine air. Litriú: Tá geansaí orm.Tá cóta ort.Tá bríste air.Tá sciorta uirthi.

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar chailín teacht amach os comhair an ranga.Tuairiscíonn páiste faoi na héadaí atá ar an gcailín:‘Tá ___ uirthi.’ (gúna gorm, stocaí bána, bróga dubha) Iarrann an múinteoir ar bhuachaill teacht amach os comhair an ranga.Tuairiscíonn páiste faoi na héadaí atá ar an mbuachaill: ‘Tá ___ air.’ (bríste liath, léine bhán, geansaí liath, stocaí bána, bróga dubha) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga.Taispeánann páiste A pictiúr den luchóg do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Conas atá sí gléasta?’ Déanann páiste B cur síos ar na héadaí atá ar an luchóg:‘Tá ___ uirthi.’ Taispeánann páiste B pictiúr den mhoncaí do pháiste A. Ceistíonn páiste B páiste A:‘Conas atá sé gléasta?’ Déanann páiste A cur síos ar na héadaí atá ar an moncaí:‘Tá ___ air.’

206

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 206

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Obair Bheirte: Taispeánann páiste A pictiúr den luchóg do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Conas atá sí gléasta?’ Déanann páiste B cur síos ar na héadaí atá ar an luchóg:‘Tá ___ uirthi.’ Taispeánann páiste B pictiúr den mhoncaí do pháiste A. Ceistíonn páiste B páiste A:‘Conas atá sé gléasta?’ Déanann páiste A cur síos ar na héadaí atá ar an moncaí:‘Tá ___ air.’ Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 97. Scríobhann na páistí scéal.Tá ___ (carbhat, léine, bríste, blús, sciorta, slabhra, bróga) ___ (bán/bhán, corcra, bándearg, gorma) ___. (air, uirthi) Bua na Cainte 3 lch. 98. Léann na páistí an dán. Scríobhann siad an dán.Tarraingíonn siad pictiúr den bhó, den luchóg, den chlaí agus den mhoncaí. Scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla ar maidin:‘Conas atá ___ gléasta?’ (sé/sí) Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ air/uirthi.’ (éide scoile, culaith spóirt, srl.) ‘Tá sé/sí gléasta go deas.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (ribín bándearg, spéaclaí gréine, slabhra óir, blús bán, sciorta bándearg, stocaí bána, bróga corcra) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá ___ (léine, carbhat, gúna, sciorta, geansaí) ___.’ (air, uirthi)

207

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 207

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Aonad 1 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga An ndúirt ___ ‘Ó-bhó-bhó!’? (an bhó, an luchóg, an moncaí) Ní dúirt. Dúirt. An ndúirt ___ ‘Haigh-haigh-haigh!’? (an bhó, an luchóg, an moncaí) Ní dúirt/Dúirt.

Caint an Ranga An ndúirt tú é? Dúirt/Ní dúirt mé é. Céard a dúirt tú? Ní dúirt mé tada.

Dán – An Luchóg Céard a dúirt an luchóg Nuair a chonaic sí an bhó? Ní dúirt sí tada Ach ‘Ó-bhó-bhó!’

Céard a dúirt an moncaí Nuair a sheas sé ar an gclaí? Ní dúirt sé tada Ach ‘Haigh-haigh-haigh!’

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Deir na páistí an dán le chéile. Iarrann an múinteoir ar na páistí ___ a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (an luchóg, an moncaí, an bhó, an claí) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfaca an luchóg bhó?’ ‘An bhfaca an luchóg capall?’ ‘Cad a dúirt an luchóg?’ ‘Cá raibh an moncaí?’ ‘Cad a dúirt an moncaí?’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An ndúirt ___,‘Ó-bhó-bhó!’?’ (an luchóg, an bhó, an moncaí) ‘An ndúirt ___ ‘Haigh-haigh-haigh!’?’ (an luchóg, an bhó, an moncaí) Freagraíonn na páistí:‘Dúirt/Ní dúirt ___ (an luchóg, an bhó, an moncaí) ___.’ (Ó-bhó-bhó!, Haigh-haigh-haigh!) Scríobh na hAbairtí: An ndúirt ___ ‘Ó-bhó-bhó!?’ An ndúirt ___ ‘Haigh-haigh-haigh!’? (an luchóg, an bhó, an moncaí) Dúirt/ Ní dúirt. Bí ag Caint: An ndúirt ___ ‘Ó-bhó-bhó!?’ An ndúirt ___ ‘Haigh-haigh-haigh!’? (an luchóg, an bhó, an moncaí) Dúirt/Ní dúirt. Litriú: An ndúirt? Dúirt. Ní dúirt.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 99. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An ndúirt ___ ‘Ó-bhó-bhó!’?’ ‘An ndúirt ___ ‘Haigh-haigh-haigh!’?’ (an luchóg, an bhó, an moncaí) Freagraíonn na páistí: ‘Dúirt/Ní dúirt.’ Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘An ndúirt ___ ‘Ó-bhó-bhó!’?’ ‘An ndúirt ___ ‘Haigh-haigh-haigh!’?’ (an luchóg, an bhó, an moncaí) Freagraíonn páiste B:‘Dúirt/Ní dúirt.’ Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 99. Ceistíonn páiste A páiste B:‘An ndúirt ___ ‘Ó-bhó-bhó!?’ ‘An ndúirt ___ ‘Haigh-haigh-haigh!’?’ (an luchóg, an bhó, an moncaí) Freagraíonn páiste B:‘Dúirt/Ní dúirt.’ Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 99. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An ndúirt ___ ‘Ó-bhó-bhó!’?’ ‘An ndúirt ___ ‘Haigh-haigh-haigh!’?’ (an luchóg, an bhó, an moncaí) Freagraíonn na páistí:‘Dúirt/Ní dúirt.’ Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘An ndúirt tú é sin?’ Freagraíonn an páiste: ‘Dúirt/Ní dúirt mé.’

208

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 208

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (an bhó, an luchóg, an moncaí) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An ndúirt?’ ‘Dúirt/Ní dúirt.’

209

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 209

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Éadaí – Aonad Teagaisc agus Foghlama 2 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 100–106) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga D’éirigh mé ar maidin. Bhain mé mo phitseámaí díom. Nigh mé m’aghaidh agus mo lámha. Chuir mé mo chuid éadaí orm. D’ith mé mo bhricfeasta. Rith mé ar scoil go tapa. Bhí mé déanach don scoil. Thug an múinteoir íde béil dom. Chuir mé mo chóta orm. Chuir tú do chóta ort. Chuir sé a chóta air. Chuir sí a cóta uirthi. Litriú: Chuir mé mo chóta orm. Chuir tú do chóta ort. Chuir sé a chóta air. Chuir sí a cóta uirthi.

D’éirigh Niamh ar maidin ar leathuair tar éis a hocht. Nigh sí a haghaidh agus a lámha. Bhain sí a pitseámaí di. Chuir sí a héide scoile uirthi. ‘Dúisigh, a Oisín.’ ‘Tá sé fiche cúig chun a naoi.’ ‘Tá tuirse orm ar maidin.’ Fuair Niamh gloine uisce. ‘Éirigh, a Oisín,’ arsa Niamh. Dhoirt Niamh uisce ar Oisín. ‘Ná déan é sin,’ arsa Oisín. D’éirigh sé go tapa. Litriú: Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir.

210

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 210

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ D’éirigh Oisín ar maidin. Bhain sé a phitseámaí de. Nigh sé a aghaidh agus a lámha. Bhí a chuid éadaí caite timpeall an tseomra. Chuir sé a bhríste, a léine, a stocaí agus a bhróga air. A Niamh, chaill mé mo charbhat. Cá bhfuil mo charbhat? arsa Oisín. Níl a fhios agam, arsa Niamh. Cabhraigh liom. An bhfuil do charbhat ___? (faoin leaba, in aice leis an gcófra, sa chófra, sa chúinne, ar an gcathaoir, taobh thiar den chathaoir) Níl/Tá mo charbhat ___. (faoin leaba, srl.) Go hiontach! Brostaigh ort. Beimid déanach don scoil. Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. Litriú: Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di.

An Nuacht D’éirigh mé ar ceathrú tar éis a hocht ar maidin. Bhí tuirse orm. Chuaigh mé isteach sa seomra folctha. Nigh mé m’aghaidh agus mo lámha. Bhain mé mo phitseámaí díom. Chuir mé mo chuid éadaí orm. Rith mé síos an staighre. D’ith mé mo bhricfeasta. Rith mé ar scoil. Bhí mé in am don scoil. Ní raibh mé déanach don scoil. An Aimsir Anois, an aimsir á léamh ag Oisín. Dia daoibh, a chairde agus fáilte romhaibh. Beidh sioc ann anocht. Beidh sé ag cur seaca. Beidh leac oighir ar an mbóthar. Beidh sé an-fhuar. Beidh gach duine préachta leis an bhfuacht. Litriú: Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán – Ar Maidin Dán – Coc a dúdal dú!

Fionn agus an Dragún

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: Fionn agus an Dragún

Scríobh an Scéal Líon na Bearnaí Scríobh na hAbairtí Bí ag Caint Tasc Tuisceana Bí ag Scríobh Spraoi le Briathra Suimeanna Focal

Obair Bheirte Cén t-am a d’éirigh Niamh? D’éirigh Niamh ar ___. Ar nigh Niamh ___? Nigh/Níor nigh Niamh ___. (a lámha, a haghaidh, a cosa, srl.) An bhfuil ___ (an carbhat, srl.) ___? (sa chúinne, srl.)

Tá/Níl ___ (an carbhat, srl.) ___. (sa chúinne, srl.) Cad a rinne tú ar maidin? Cén saghas aimsire a bheidh ann inniu? An bhfuil nuacht agat?

211

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 211

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cén t-am é? Tá sé ___. Bhain mé ___ díom. (mo chóta, srl.) Fuair ___ (ainm an pháiste) ___. (leabhar, bioróir, srl.)

An bhfuil ___ ort? (tuirse, srl.) Tá/Níl ___ orm. (tuirse, srl.) Ná déan é sin arís. Cá bhfuil ___? (an leabhar, srl.) Tá ___ (an leabhar, srl.) ___. (ar an mbord, faoin mbord, sa chófra, in aice leis an mbord. srl.) Go hiontach. Brostaigh ort. Déan deifir. Cabhraigh liom.

Ar ith tú do lón? D’ith/Níor ith.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile

Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

212

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 212

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Aonad 2 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Comhrá 1.1 D’éirigh mé ar maidin. Bhain mé mo phitseámaí díom. Nigh mé m’aghaidh agus mo lámha. Chuir mé mo chuid éadaí orm. D’ith mé mo bhricfeasta. Rith mé ar scoil go tapa. Bhí mé déanach don scoil. Thug an múinteoir íde béil dom.

Caint an Ranga Ar bhain tú do chóta díot? Bhain/Níor bhain mé. Ar nigh tú d’aghaidh agus do lámha? Nigh mé m’aghaidh agus mo lámha. Ar chuir tú do chóta ort? Chuir/Níor chuir mé mo chóta orm. Ar ith tú do lón? D’ith mé/Níor ith mé mo lón.

Comhrá 1.2 Chuir mé mo chóta orm. Chuir tú do chóta ort. Chuir sé a chóta air. Chuir sí a cóta uirthi. Amhrán – Ar Maidin D’éirigh mé ar maidin. Bhain mé mo phitseámaí díom, ó yea! Bhain mé mo phitseámaí díom.

D’éirigh mé ar maidin. D’ith mé mo bhricfeasta, ó yea! D’ith mé mo bhricfeasta.

D’éirigh mé ar maidin. Bhí mé déanach don scoil, ó yea! Bhí mé déanach don scoil.

D’éirigh mé ar maidin. Nigh mé m’aghaidh ’s mo lámha, ó yea! Nigh mé m’aghaidh ’s mo lámha.

D’éirigh mé ar maidin. Rith mé ar scoil go tapa, ó yea! Rith mé ar scoil go tapa.

D’éirigh mé ar maidin. Thug an múinteoir íde béil dom, ó yea! Thug an múinteoir íde béil dom.

D’éirigh mé ar maidin. Chuir mé mo chuid éadaí orm, ó yea! Chuir mé mo chuid éadaí orm. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Ar Maidin. Canann na páistí an t-amhrán le chéile. Canann grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an t-amhrán. Múintear comhrá 1.1. Úsáidtear na pictiúir mar spreagthach chun an scéal a insint. Spreagtar na páistí leis an scéal a insint in éineacht leis an scéalaí. Spreagtar na páistí leis an scéal a insint le chéile. Múintear comhrá 1.2. Chuir mé mo chóta orm. Chuir tú do chóta ort. Chuir sé a chóta air. Chuir sí a cóta uirthi. Cuireann an múinteoir a c(h)óta air/uirthi. Deir an múinteoir:‘Chuir mé mo chóta orm.’ Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus a c(h)óta a chur air/uirthi:‘Cuir ort do chóta.’ Deir an múinteoir:‘Chuir tú do chóta ort.’ Iarrann an múinteoir ar bhuachaill a chóta a chur air:‘Cuir ort do chóta.’ Deir an múinteoir:‘Chuir sé a chóta air.’ Iarrann an múinteoir ar chailín a cóta a chur uirthi:‘Cuir ort do chóta.’ Deir an múinteoir:‘Chuir sí a cóta uirthi.’ Iarrann an múinteoir ar na páistí na habairtí a rá le chéile:‘Chuir mé mo chóta orm.’ ‘Chuir tú do chóta ort.’ ‘Chuir sé a chóta air.’ ‘Chuir sí a cóta uirthi.’ Scríobh an Scéal: D’éirigh mé ar maidin. Bhain mé mo phitseámaí díom. Nigh mé m’aghaidh agus mo lámha. Chuir mé mo chuid éadaí orm. D’ith mé mo bhricfeasta. Rith mé ar scoil go tapa. Bhí mé déanach don scoil.Thug an múinteoir íde béil dom. Líon na Bearnaí: Chuir mé mo chóta orm. Chuir tú do chóta ort. Chuir sé a chóta air. Chuir sí a cóta uirthi. Scríobh na hAbairtí: Chuir mé mo chóta orm. Chuir tú do chóta ort. Chuir sé a chóta air. Chuir sí a cóta uirthi. Insíonn na páistí an scéal:‘D’éirigh mé ar maidin.’ ‘Bhain mé mo phitseámaí díom.’ ‘Nigh mé m’aghaidh agus mo lámha.’ 213

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 213

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ ‘Chuir mé mo chuid éadaí orm.’ ‘D’ith mé mo bhricfeasta.’ ‘Rith mé ar scoil go tapa.’ ‘Bhí mé déanach don scoil.’ ‘Thug an múinteoir íde béil dom.’ Litriú: Chuir mé mo chóta orm. Chuir tú do chóta ort. Chuir sé a chóta air. Chuir sí a cóta uirthi.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear na pictiúir. Insíonn na páistí an scéal le chéile. Drámaíocht: Déanann na páistí dráma bunaithe ar an scéal. Obair Bheirte: Úsáidtear na pictiúir. Insíonn páiste A an scéal do pháiste B. Insíonn páiste B an scéal do pháiste A.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 100. Léann na páistí an scéal. Scríobhann gach páiste an scéal. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Ar nigh tú d’aghaidh agus do lámha?’ ‘Ar bhain tú do chóta díot?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (éadaí, bricfeasta, pitseamaí, aghaidh, lámha, maidin, múinteoir) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘D’éirigh mé ar maidin.’ srl.

214

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 214

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Aonad 2 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Scéal a insint Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh Foláireamh a thabhairt

Eiseamláirí Teanga D’éirigh Niamh ar maidin ar leathuair tar éis a hocht. Nigh sí a haghaidh agus a lámha. Bhain sí a pitseámaí di. Chuir sí a héide scoile uirthi. Dúisigh, a Oisín. Tá sé fiche cúig chun a naoi. Tá tuirse orm ar maidin. Fuair Niamh gloine uisce. ‘Éirigh, a Oisín,’ arsa Niamh. Dhoirt Niamh uisce ar Oisín. ‘Ná déan é sin,’ arsa Oisín. D’éirigh sé go tapa.

Caint an Ranga Cén t-am é? Tá sé ___. Ná déan é sin arís. Éirigh.

Dán – Coc a dúdal dú! Coc a dúdal dú! Tá sé in am na ba a chrú Ná cuirigí am amú Coc a dúdal dú! Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an dán Coc a dúdal dú!. Iarrann an múinteoir ar na páistí ___ a thaispeáint dó/dó:‘Taispeáin dom ___.’ (an coileach, an feirmeoir) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am é?’ ‘Cá raibh an feirmeoir?’ ‘An raibh an feirmeoir ina chodladh?’ Deir na páistí an dán le chéile. Múintear an comhrá. Spreagann an múinteoir na páistí an scéal a insint in éineacht leis an scéalaí. Úsáidtear na pictiúir. Spreagann an múinteoir na páistí an scéal a insint. Scríobh an Scéal: D’éirigh Niamh ar maidin ar leathuair tar éis a hocht. Nigh sí a haghaidh agus a lámha. Bhain sí a pitseámaí di. Chuir sí a héide scoile uirthi.‘Dúisigh, a Oisín.’ ‘Tá sé leathuair tar éis a hocht,’ arsa Niamh.‘Tá tuirse orm ar maidin,’ arsa Oisín. Fuair Niamh gloine uisce.‘Éirigh, a Oisín,’ arsa Niamh. Dhoirt Niamh uisce ar Oisín.‘Ná déan é sin,’ arsa Oisín. D’éirigh sé go tapa. Scríobh na hAbairtí: Ar nigh Niamh ___? (a haghaidh, a cosa, a lámha) Nigh/Níor nigh. Ar bhain Niamh ___ di? (a pitseamaí, a héide scoile, a cóta) Bhain/Níor bhain. Bí ag Caint: Ar nigh sí a haghaidh? Ar nigh sí a lámha? Ar nigh sí a cosa? Ar bhain sí a pitseámaí di? Ar bhain sí a héide scoile di? Ar bhain sí a cóta di? Ar chuir sí a héide scoile uirthi? Ar chuir sí a pitseámaí uirthi? Ar chuir sí a cóta uirthi? Litriú: Ar nigh? Nigh. Níor nigh. Ar bhain? Bhain. Níor bhain. Ar chuir? Chuir. Níor chuir.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 102. Léann an múinteoir an scéal do na páistí. Léann na páistí an scéal le chéile. Léann páistí aonair an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am a d’éirigh Niamh?’ ‘Ar nigh sí a haghaidh?’ ‘Ar nigh sí a lámha?’ ‘Ar bhain sí a pitseámaí di?’ ‘Ar bhain sí a héide scoile di?’ ‘Ar chuir sí a héide scoile uirthi?’ Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Úsáidtear Bua na Cainte 3 lch. 102. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén t-am a d’éirigh Niamh?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

215

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 215

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 102. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén t-am a d’éirigh Niamh?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 102. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 101. Scríobhann na páistí an dán.Tarraingíonn siad an coileach, na feirmeoirí, na ba chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí i rith an lae: ‘Cén t-am é?’ Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla a lámha a ní:‘Nigh do lámha.’ Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla ar maidin:‘An bhfuil tuirse ort?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá/Níl tuirse orm.’Tuairiscíonn páiste:‘D’éirigh mé ar maidin ar ___.’ (a hocht a chlog, srl.) I rith an lae deir páiste:‘Tá ___ orm.’ (ocras, tart, srl.) Má dhéanann páiste rud éigin nár chóir dó/di a dhéanamh tugann an múinteoir foláireamh dó/di gan é a dhéanamh arís:‘Ná déan é sin arís.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘D’éirigh Niamh ar maidin ar leathuair tar éis a hocht.’ srl. An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh? ‘Éirigh, a Oisín.’ An bhfuil an páiste in ann foláireamh a thabhairt? ‘Ná déan é sin arís.’

216

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 216

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Aonad 2 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ●

Scéal a insint Tuairisciú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Comhrá 3.1 D’éirigh Oisín ar maidin. Bhain sé a phitseámaí de. Nigh sé a aghaidh agus a lámha. Bhí a chuid éadaí caite timpeall an tseomra. Chuir sé a bhríste, a léine, a stocaí agus a bhróga air. A Niamh, chaill mé mo charbhat. Cá bhfuil mo charbhat? arsa Oisín. Níl a fhios agam, arsa Niamh. Cabhraigh liom. An bhfuil do charbhat ___? (faoin leaba, in aice leis an gcófra, sa chófra, sa chúinne, ar an gcathaoir) Níl mo charbhat ___. (faoin leaba, srl.) An bhfuil do charbhat taobh thiar den chathaoir? Tá mo charbhat taobh thiar den chathaoir. Go hiontach! Brostaigh ort. Beimid déanach don scoil.

Cá bhfuil ___? (mo chóta, mo hata, srl.) An bhfuil ___ (an cóta, an hata, srl.) ___? (faoin gcathaoir, srl.) An bhfuil ___ (an cóta, an hata, srl.) ___? (in aice leis an, faoin, ar an gcathaoir, srl.) An bhfuil ___ (an cóta, hata, srl.) ___? (sa chófra, sa seomra) Go hiontach. Brostaigh ort. Déan deifir. Cabhraigh liom.

Comhrá 3.2 Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear comhrá 3.1. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a d’éirigh ar maidin?’ ‘Cad a bhain sé de?’ ‘Cad a nigh sé?’ ‘Cá raibh a chuid éadaí?’ ‘Cad iad na héadaí a chuir sé air féin?’ ‘Cad a chaill sé?’ ‘An bhfuil an carbhat ___?’ (faoin leaba, in aice leis an gcófra, sa chófra, sa chúinne, ar an gcathaoir, taobh thiar den chathaoir) Tasc Tuisceana: Cuir an carbhat ar an leaba. Cuir an scairf sa chófra. Cuir na stocaí ar an gcathaoir. Cuir na bróga faoin gcathaoir. Cuir an mála scoile ag an doras. Cuir an camán in aice leis an doras. Cuir an sliotar ag an doras. Cuir an bosca faoin leaba. Croch an cóta ar an mballa taobh thiar den chathaoir. Bíonn hata ag an múinteoir. Cuireann an múinteoir an hata ___. (faoin mbord, in aice leis an gcófra, sa chófra, sa chúinne, ar an gcathaoir, taobh thiar den chathaoir) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil an hata?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá an hata ___.’ (faoin mbord, srl.) Tagann páiste amach os comhair an ranga. Cuireann an páiste an hata in áiteanna difriúla sa seomra ranga. Ceistíonn an páiste na páistí eile:‘Cá bhfuil an hata?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá an hata ___.’ (sa chúinne, srl.) Múintear comhrá 3.2. Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. Baineann an múinteoir a c(h)óta de/di. Deir an múinteoir:‘Bhain mé mo chóta díom.’ Iarrann an múinteoir ar pháiste a c(h)óta a bhaint de/di. Deir an múinteoir leis an bpáiste:‘Bhain tú do chóta díot.’ Iarrann an múinteoir ar bhuachaill a chóta a bhaint de. Deir an múinteoir:‘Bhain sé a chóta de.’ Iarrann an múinteoir ar chailín a cóta a bhaint di. Deir an múinteoir:‘Bhain sí a cóta di.’ Deir na páistí na habairtí le chéile. Bí ag Scríobh: Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. Líon na Bearnaí 3.1: Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. Líon na Bearnaí 3.2: Bhain Ruairí a chóta de. Bhain Oisín a chóta de. Bhain Niamh a cóta di. Bhain Róisín a cóta di. Bhain Daidí a chóta de. Bhain Mamaí a cóta di. Litriú: Bhain mé mo chóta díom. Bhain tú do chóta díot. Bhain sé a chóta de. Bhain sí a cóta di. 217

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 217

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 103. Léann na páistí na habairtí le chéile ag baint úsaide as an réamhfhocal cuí:‘Bhain sí a cóta ___.’ srl. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 103. Ar dtús, léann páiste A na habairtí le chéile ag baint úsaid as an réamhfhocal cuí:‘Bhain sí a cóta ___.’ srl. Ansin, léann páiste B na habairtí le chéile ag baint úsaid as an réamhfhocal cuí:‘Bhain sí a cóta ___.’ srl.

Tréimhse Iarchumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 103. Scríobhann na páistí na habairtí. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: I rith an lae ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cá bhfuil ___?’ (an leabhar, srl.) Freagraíonn na páistí:‘Tá ___ (an leabhar, srl.) ___.’ (ar an mbord, srl.) ‘An bhfuil ___ (an leabhar, srl.) ___?’ (ar an mbord, faoin mbord, srl.) Freagraíonn na páistí:‘Tá/Níl ___ (an leabhar, srl.) ___.’ (ar an mbord, srl.) Má éiríonn le páiste rud maith a dhéanamh deir an múinteoir:‘Go hiontach.’ Nuair a bhíonn páiste mall ag teacht isteach tar éis am lóin/sosa deir an múinteoir:‘Brostaigh ort.’ ‘Déan deifir.’ Nuair a bhíonn cabhair ag teastáil ón múinteoir deir sé/sí:‘Cabhraigh liom.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘D’éirigh Oisín ar maidin.’ srl. An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Bhí a chuid éadaí caite timpeall an tseomra.’ srl. An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An bhfuil do charbhat faoin leaba?’ ‘Níl mo charbhat faoin leaba.’ srl. An bhfuil an páiste in ann iarraidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh? ‘Cabhraigh liom.’

218

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 218

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Aonad 2 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Nuacht a thabhairt

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

An Nuacht D’éirigh mé ar ceathrú tar éis a hocht ar maidin. Bhí tuirse orm. Chuaigh mé isteach sa seomra folctha. Nigh mé m’aghaidh agus mo lámha. Bhain mé mo phitseámaí díom. Chuir mé mo chuid éadaí orm. Rith mé síos an staighre. D’ith mé mo bhricfeasta. Rith mé ar scoil. Bhí mé in am don scoil. Ní raibh mé déanach don scoil.

An bhfuil tuirse ort? Tá/Níl. Ar chuir tú do chóta ort? Chuir/ Níor chuir mé. Ar ith tú do lón? D’ith/Níor ith mé. Bí in am. Ná bí déanach.

An Aimsir Anois, an aimsir á léamh ag Oisín. Dia daoibh, a chairde agus fáilte romhaibh. Beidh sioc ann anocht. Beidh sé ag cur seaca. Beidh leac oighir ar an mbóthar. Beidh sé an-fhuar. Beidh gach duine préachta leis an bhfuacht. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am a d’éirigh tú ar maidin?’ ‘An raibh tuirse ort?’ ‘An ndeachaigh tú isteach sa seomra folctha?’ ‘Ar nigh tú d’aghaidh agus do lámha?’ ‘Ar bhain tú do phitseamaí díot?’ ‘Ar chuir tú do chuid éadaí ort?’ ‘Ar rith tú síos an staighre?’ ‘Ar ith tú do bhricfeasta?’ ‘Ar rith tú ar scoil?’ ‘An raibh tú in am don scoil?’ ‘An raibh tú déanach don scoil?’ ‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cén saghas aimsire a bheidh ann anocht?’ ‘An mbedh sé fuar?’ ‘An mbeidh sé ag cur seaca?’ ‘An mbeidh leac oighir ar an mbóthar?’ ‘An mbeidh na páistí préachta leis an bhfuacht?’ Spraoi le Briathra: Inné chuir sé. Gach lá cuireann sé. Amárach cuirfidh sé. Inné bhain sé. Gach lá baineann sé. Amárach bainfidh sé. Inné rith sé. Gach lá ritheann sé. Amárach rithfidh sé. Suimeanna Focal: Cuir + fidh = Cuirfidh. Bain + fidh = Bainfidh. Rith + fidh = Rithfidh. Litriú: Chuir sí. Cuireann sí. Cuirfidh sí. Bhain sí. Baineann sí. Bainfidh sí.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘D’éirigh mé ar ceathrú tar éis a hocht ar maidin.’ ‘Bhí tuirse orm.’ ‘Chuaigh mé isteach sa seomra folctha.’ Tugann na páistí eile bualadh bos nuair a bhíonn críochnaithe ag an bpáiste. Ceistíonn an múinteoir na páistí faoin aimsir:‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cén mhí atá ann?’ ‘Cén saghas aimsire a bheidh ann anocht?’ ‘An mbedh sé fuar?’ ‘An mbeidh sé ag cur seaca?’ ‘An mbeidh leac oighir ar an mbóthar?’ ‘An mbeidh na páistí préachta leis an bhfuacht?’ Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus déanann an páiste cur síos ar an aimsir. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 104. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad a rinne tú ar maidin?’ ‘Cén saghas aimsire a bheidh ann inniu?’ ‘An bhfuil nuacht agat?’ Insíonn páiste A nuacht do pháiste B. Insíonn páiste B nuacht do pháiste A. Déanann páiste A cur síos ar an aimsir. Malartaíonn na páistí róil.

219

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 219

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 104. Léann na páistí an nuacht agus an aimsir. Freagraíonn na páistí na ceisteanna chun a nuacht phearsanta a thabhairt. Scríobhann na páistí an nuacht. Léann na páistí an nuacht atá scríofa acu. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin aimsir. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: ‘An bhfuil ___ ort? (ocras, tart, tuirse) ‘Ar chuir tú do chóta ort? ‘Bí in am.’ ‘Ná bí déanach.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páste in ann nuacht a thabhairt? ‘D’éirigh mé ag ceathrú tar éis a hocht ar maidin.’ ‘Bhí tuirse orm.’ An bhfuil an páste in ann tuairisciú faoin aimsir? ‘Beidh sioc ann anocht.’ ‘Beidh sé ag cur seaca.’ ‘Beidh leac oighir ar an mbóthar.’

220

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 220

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Scéal – Fionn agus an Dragún Scéalaí:

Oíche amháin, bhí féasta mór ar siúl sa chaisleán. Bhí an rí ag an bhféasta. Bhí na Fianna ag an bhféasta freisin. Bhí tine mhór ar lasadh sa tinteán. Bhí ceoltóirí ag seinm ceoil. Bhí gach duine ag ithe agus ag ól.

Rí:

Bainigí taitneamh as an bhféasta.

Scéalaí:

Go tobann, tháinig dragún mór isteach sa chaisleán. Bhí tine ag teacht amach as a bhéal. Bhí ionadh ar gach duine. Léim saighdiúir amháin in airde. Rith sé go dtí an dragún. Scread an dragún. Dhóigh an dragún an tsleá. Léim saighdiúir eile in airde. Rith sé go dtí an dragún. Scread an dragún arís. Dhóigh an dragún an tsleá arís. Léim Fionn in airde.

Fionn:

Maróidh mé tú! Bainfidh mé an ceann díot.

Scéalaí:

Scread an dragún. Níor dhóigh an tine an tsleá mar bhí sleá dhraíochta ag Fionn. Bhain Fionn an ceann den dragún leis an tsleá. Mharaigh sé an dragún. Bhí áthas an domhain ar gach duine mar bhí an dragún marbh.

Rí:

Maith thú! Maith thú! Tá tú ar fheabhas! Is laoch tú! Cad atá uait?

Fionn:

Ba mhaith liom bheith i mo thaoiseach ar na Fianna.

Rí:

Seo é taoiseach nua na bhFiann.

Scéalaí:

Thug na Fianna bualadh bos do Fhionn. Thosaigh na ceoltóirí ag seinm ceoil arís. Thosaigh daoine ag damhsa. Bhain gach duine taitneamh as an bhféasta.

Foclóir: an rí, sleá dhraíochta, an féasta, an tinteán, an tine, ag seinm ceoil, an dragún, Na Fianna. Scríobh an Scéal: Oíche amháin, bhí féasta mór ar siúl sa chaisleán. Bhí an rí ag an bhféasta. Bhí tine mhór ar lasadh sa tinteán. Bhí ceoltóirí ag seinm ceoil. Go tobann, tháinig dragún mór isteach sa chaisleán. Bhí tine ag teacht amach as a bhéal. Freagair na Ceisteanna: Cad a bhí ar siúl sa chaisleán? Bhí féasta ar siúl sa chaisleán. An raibh an rí ag an bhféasta? Bhí an rí ag an bhféasta. Cá raibh an féasta ar siúl? Bhí an féasta ar siúl sa chaisleán. Ar mharaigh an rí an dragún? Níor mharaigh an rí an dragún. Ar mharaigh Fionn an dragún? Mharaigh Fionn an dragún.

221

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 221

31/08/2018 11:14


ÉadaÍ Bua na Cainte 3 lch. 105.Tarraingíonn na páistí pictiúr. Scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Bua na Cainte 3 lch. 106. Líonann na páistí na bearnaí chun an scéal a chríochnú. Scríobhann siad freagraí na gceisteanna.

Measúnú don Fhoghlaim Teanga ó Bhéal An ___ é? (bríste, gúna) An bhfuil bróga ort? Conas atá tú gléasta? An maith leat d’éide scoile? Conas atá sé gléasta? Conas atá sí gléasta? Ar bhain sé a chóta de? Ar bhain sí a hata di? Cad a rinne Ruairí ar maidin? Léitheoireacht Tá cóta orm. Tá bríste ort. Tá sciorta uirthi. Tá gúna uirthi. Tá culaith spóirt air. Tá sciorta uirthi. Tá carbhat air. Tá bróga air. Tá gúna uirthi. Tá léine air. Scríbhneoireacht Inné chuir sé. Gach lá cuireann sé. Amárach cuirfidh sé. Inné bhain sé. Gach lá baineann sé. Amárach bainfidh sé. Inné rith sé. Gach lá ritheann sé. Amárach rithfidh sé.

222

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 222

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Sa Bhaile – Aonad Teagaisc agus Foghlama 1 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 107–112) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Seo é mo theach. Tá trí fhuinneog thuas staighre. Tá dhá fhuinneog thíos staighre. Tá doras dearg ar mo theach. Tá simléar ar an díon. Tá gairdín beag os comhair an tí. Tá crann ag fás sa ghairdín beag os comhair an tí. Tá bláthanna ag fás sa ghairdín beag os comhair an tí. Tá nóinín, cróc agus lus an chromchinn ag fás sa ghairdín. Tá sceacha sa ghairdín os comhair an tí. Tá cosán os comhair an tí. Tá balla os comhair an tí. Tá geata os comhair an tí. Tá carr os comhair an tí. Is breá liom mo theach. Litriú: Tá crann os comhair an tí.Tá gairdín os comhair an tí.Tá carr os comhair an tí. Bhí Niamh, Oisín agus Bran thuas staighre. Bhí Bran salach. Chuaigh siad isteach sa seomra folctha. Chuir Oisín é isteach sa chithfholcadh. Chuir Oisín an t-uisce ar siúl. Thug sé cithfholcadh dó. Léim Bran amach as an gcithfholcadh. Thosaigh sé ag crith. Bhí an seomra folctha salach agus fliuch.

Tá na páistí ag súgradh sa ghairdín os comhair an tí. Tá ___ os comhair ___. (Ruairí, Róisín, Oisín, Niamh) A ___, cé atá os do chomhair? (Oisín, Róisín, Ruairí) Tá ___ os mo chomhair. (Ruairí, Róisín, Oisín, Niamh, tusa) Litriú: ceoltóir, siopadóir, feirmeoir, múinteoir. Chuir Oisín Bran isteach sa chithfholcadh inné. Cuireann Oisín é isteach sa chithfholcadh gach lá. Cuirfidh Oisín é isteach sa chithfholcadh amárach. Ghlan Oisín Bran inné. Glanann Oisín Bran gach lá. Glanfaidh Oisín Bran amárach. Léim Bran amach as an gcithfholcadh inné. Léimeann Bran amach as an gcithfholcadh gach lá. Léimfidh Bran amach as an gcithfholcadh amárach. Thóg Oisín Bran amach as an seomra folctha inné. Tógann Oisín Bran amach as an seomra folctha gach lá. Tógfaidh Oisín Bran amach as an seomra folctha amárach. Litriú: Ghlan sí. Glanann sí. Glanfaidh sí.Thóg sí. Tógann sí.Tógfaidh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí.

223

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 223

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Thriomaigh Niamh Bran leis an tuáille.Thóg Niamh Bran amach as an seomra folctha. Ghlan Oisín an leithreas. Ghlan Niamh an báisín níocháin. Ghlan Niamh an scáthán ar an mballa. Ghlan Oisín an mata. Ghlan Niamh an t-urlár freisin. Bhí an seomra go deas glan arís. Litriú: An ndeachaigh? Chuaigh. Ní dheachaigh.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Amhrán – An Gairdín

An Mhaighdean Mhara

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal:An Mhaighdean Mhara

Tasc Tuisceana Bí ag Scríobh Scríobh an Scéal Foclóir Freagair na Ceisteanna Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra Suimeanna Focal

Obair Bheirte Cad atá sa ghairdín os comhair an tí? Tá ___ sa ghairdín os comhair an tí. (bláthanna, crann, nóinín, srl.) An raibh na páistí thuas/thíos staighre? Bhí/Ní raibh na páistí thuas/thíos staighre. An raibh Niamh/Bran salach? Bhí/Ní raibh Niamh/Bran salach. An ndeachaigh na páistí isteach ___? (sa seomra folctha, sa seomra suí, sa chistin, sa seomra leapa, sa halla) Chuaigh/Ní dheachaigh na páistí isteach ___. (sa seomra folctha, srl.)

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Tar amach os comhair an ranga agus taispeáin taispeáin dom ___. Seo é ___. (mo leabahar, mo fhreagra) Tá ___ thuas/thíos staighre. (an seomra codlata, an chistin, srl.) Tá ___ os comhair an tí. (carr, gairdín) Cé atá os do chomhair? Tá ___ os mo chomhair. (ainm an pháiste)

Nigh/thriomaigh mé mo lámha. Ghlan mé an clár bán. Chuir mé ___ ar siúl. (an t-uisce, an ríomhaire, an solas) Bhí ___ salach. (an t-urlár, srl.)

Chuir/Cuireann/Cuirfidh mé mo leabhar i mo mhála. Léim/Léimeann mé/Léimfidh mé sa chlós. Thóg mé/Tógann mé/Tógfaidh mé an leabhar. Ghlan mé/Glanann mé/Glanfaidh mé an bord.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

224

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 224

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ealaín Gairdín a dhearadh

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

225

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 225

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 1 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cur síos a dhéanamh Suíomh a léiriú

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Seo é mo theach. Tá trí fhuinneog thuas staighre. Tá dhá fhuinneog thíos staighre. Tá doras dearg ar mo theach. Tá simléar ar an díon. Tá gairdín beag os comhair an tí. Tá crann ag fás sa ghairdín beag os comhair an tí. Tá bláthanna ag fás sa ghairdín beag os comhair an tí. Tá nóinín, cróc agus lus an chromchinn ag fás sa ghairdín. Tá sceacha sa ghairdín os comhair an tí. Tá cosán os comhair an tí. Tá balla os comhair an tí. Tá geata os comhair an tí. Tá carr os comhair an tí. Is breá liom mo theach.

Seo é ___. (mo leabahar, mo fhreagra, srl.) Tá ___ thuas staighre. (an seomra codlata, an seomra folctha, srl.) Tá ___ thíos. (an chistin, an seomra suí, srl.) Tá ___ os comhair an tí. (carr, crann, srl.) Tar amach os comhair an ranga agus taispeáin dom ___.

Amhrán – An Gairdín Tá gairdín ag m’athair Atá lán de bhláthanna. Tá gairdín ag m’athair Atá lán de bhláthanna.

Nóinín agus cróc, lus an chromchinn. Tar isteach i mo ghairdín. Féach ar na bláthanna. Tar isteach i mo ghairdín. Tá bláthanna i ngach áit.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán An Gairdín do na páistí. Iarrann an múinteoir ar pháiste na bláthanna éagsúla a thaispeáint dó/di: ‘Taispeáin dom ___.’ (na bláthanna, nóinín, cróc, lus an chromchinn) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad é seo?’ ‘Seo ___.’ (nóinín, cróc, lus an chromchinn) ‘Cad atá sa ghairdín?’ ‘Tá ___ sa ghairdín.’ Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí na fuinneoga a chomhaireamh:‘Comhair na fuinneoga ___.’ (thuas staighre, thíos staighre) (fuinneog amháin, dhá fhuinneog, trí fhuinneog) ‘Cén dath atá ar an doras?’ ‘Cad atá ar an díon?’ ‘Cad atá os comhair an tí?’ ‘Tá ___ os comhair an tí.’ (gairdín, crann, bláthanna, nóinín, cróc, lus an chromchinn, cosán, balla, geata, sceacha) Tasc Tuisceana: Cuir ___ sa ghairdín os comhair an tí. (crann, nóinín, lus an chromchinn, cosán, balla, geata, carr, sceacha) Bí ag Scríobh: Tá ___ sa ghairdín os comhair an tí. (crann, nóinín, lus an chromchinn, cosán, balla, geata, carr, sceacha) Scríobh an Scéal: Seo é mo theach.Tá trí fhuinneog thuas staighre.Tá dhá fhuinneog thíos staighre.Tá doras dearg ar mo theach.Tá simléar ar an díon.Tá gairdín beag os comhair an tí. Litriú: Tá crann os comhair an tí.Tá gairdín os comhair an tí.Tá carr os comhair an tí.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Cuireann an múinteoir rud amháin sa ghairdín os comhair an tí. (crann, nóinín, lus an chromchinn, cosán, balla, geata, carr, sceacha) Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cad atá sa ghairdín os comhair an tí?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ sa ghairdín os comhair an tí.’

226

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 226

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga mar mhúinteoir:‘Tar amach os comhair an ranga agus cuir rud éigin sa ghairdín.’ Cuireann an páiste rud amháin sa ghairdín os comhair an tí. (crann, nóinín, lus an chromchinn, cosán, balla, geata, carr, sceacha) Ceistíonn an páiste páiste eile:‘Cad atá sa ghairdín os comhair an tí?’ Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Cuireann páiste A rud amháin sa ghairdín os comhair an tí. (crann, nóinín, lus an chromchinn, cosán, balla, geata, carr, sceacha) Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá sa ghairdín os comhair an tí?’ Freagraíonn páiste B: ‘Tá ___ sa ghairdín os comhair an tí.’ Malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 107. Léiríonn páiste A rud amháin sa ghairdín os comhair an tí do pháiste B. (crann, nóinín, lus an chromchinn, cosán, balla, geata, carr, sceacha) Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad atá sa ghairdín os comhair an tí?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ sa ghairdín os comhair an tí.’ Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 107. Léann na páistí na habairtí faoin ngairdín:‘Tá ___ sa ghairdín os comhair an tí.’ Tarraingíonn na páistí gairdín. Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin ngairdín.Tig leo an foclóir ar lch. 107 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Bua na Cainte 3 lch. 108. Canann na páistí an t-amhrán. Scríobhann siad an t-amhrán. Tarraingíonn na páistí pictiúr den ghairdín, den athair, de Róisín, de Niamh, de na bláthanna. Scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus ___ a thaispeáint dó/di: ‘Tar amach os comhair an ranga agus taispeáin dom ___.’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: D’fhéadfadh na páistí gairdín os comhair an tí a tharraingt agus a dhathú agus na pictiúir a chrochadh ar an mballa. D’fhéadfaidís ___ a tharraingt sa ghairdín. (crann, nóinín, lus an chromchinn, cosán, balla, geata, carr, sceacha)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (lus an chromchinn, cosán, sceacha, srl.) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá ___ sa ghairdín os comhair an tí.’ srl. An bhfuil an páiste in ann suíomh a léiriú? ‘Tá simléar ar an díon.’ ‘Tá gairdín beag os comhair an tí.’ ‘Tá nóinín, cróc agus lus an chromchinn ag fás sa ghairdín.’

227

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 227

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 1 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ●

Tuairisciú Aird a lorg Ceist a chur Ceist a fhreagairt Suíomh a léiriú

Eiseamláirí Teanga Tá na páistí ag súgradh sa ghairdín os comhair an tí. Tá ___ os comhair ___. (Ruairí, Róisín, Oisín, Niamh) A ___, cé atá os do chomhair? (Oisín, Róisín, Ruairí) Tá ___ os mo chomhair. (Ruairí, Róisín, Oisín, Niamh, tusa)

Caint an Ranga Cé atá os do chomhair? Tá ___ os mo chomhair.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Téitear siar ar an amhrán An Gairdín. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil na páistí?’ ‘Cá bhfuil an gairdín?’ ‘Cad atá sa ghairdín os comhair an tí?’ Múintear an comhrá. Déanann na páistí aithris ar na habairtí:‘Tá ___ os comhair Róisín.’ (Ruairí, Oisín, Niamh) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé atá os comhair Róisín?’ Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Iarrann an múinteoir ar pháiste amháin seasamh os comhair an pháiste eile. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé atá os comhair ___?’ (ainm an pháiste) Freagraíonn na páistí: ‘Tá ___ (ainm an pháiste) os comhair ___.’ (ainm an pháiste) Tasc Tuisceana: Cuir ___ (Ciara, Bran, an cat, an ceoltóir, an siopadóir, an feirmeoir, an dochtúir) os comhair ___. (Ruairí, Oisín, Róisín) Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus seasamh os a c(h)omhair. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé atá os mo chomhair?’ Spreagtar páiste eile an cheist a fhreagairt:‘Tá ___ os do chomhair.’ (ainm an pháiste) Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Seasann páiste A os comhair páiste B. Ceistíonn an múinteoir páiste B:‘Cé atá os do chomhair?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ os mo chomhair.’ (ainm an pháiste) Bí ag Scríobh: Tá ___ os mo chomhair. (an feirmeoir, an dochtúir, an ceoltóir, an múinteoir, an siopadóir, an príomhoide) Litriú: ceoltóir, siopadóir, feirmeoir, múinteoir.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Roghnaíonn an múinteoir daoine. Cuireann an múinteoir ___ os comhair Oisín. (Róisín, srl.) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé atá os comhair Oisín?’ Tagann páiste amach os comhair an ranga. Cuireann an páiste ___ os comhair Ruairí. (Niamh, srl.) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé atá os comhair Ruairí?’ Bua na Cainte 3 lch. 109. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé atá os comhair ___?’ (Róisín, srl.) Féachann na páistí ar na pictiúir agus freagraíonn siad na ceisteanna:‘Tá ___ os comhair Róisín.’ Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 109. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé atá os comhair ___?’ (Oisín, srl.) Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ os comhair Oisín.’

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 109. Léann na páistí na habairtí. Scríobhann siad freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn na páistí sa líne ceistíonn an múinteoir páiste:‘Cé atá os do chomhair?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ os mo chomhair.’ (ainm an pháiste) Nuair a bhíonn an múinteoir ag iarraidh ar pháiste teacht amach os comhair an ranga deir sé/sí:‘Tar amach anseo os mo chomhair.’

228

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 228

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tá ___ os mo chomhair.’ An bhfuil an páiste in ann aird a lorg? ‘A Ruairí, cé atá os do chomhair?’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur? ‘A Ruairí, cé atá os do chomhair?’ An bhfuil an páiste in ann ceist a fhreagairt? ‘Tá ___ os mo chomhair.’ (ainm an pháiste) An bhfuil an páiste in ann suíomh a léiriú? ‘Tá Niamh os comhair Oisín.’

229

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 229

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 1 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Scéal a insint Stór focal a shealbhú agus a úsáid

Eiseamláirí Teanga Bhí Niamh, Oisín agus Bran thuas staighre. Bhí Bran salach. Chuaigh siad isteach sa seomra folctha. Chuir Oisín é isteach sa chithfholcadh. Chuir Oisín an t-uisce ar siúl. Thug sé cithfholcadh dó. Léim Bran amach as an gcithfholcadh. Thosaigh sé ag crith. Bhí an seomra folctha salach agus fliuch. Thriomaigh Niamh Bran leis an tuáille. Thóg Niamh Bran amach as an seomra folctha. Ghlan Oisín an leithreas. Ghlan Niamh an báisín níocháin. Ghlan Niamh an scáthán ar an mballa. Ghlan Oisín an mata. Ghlan Niamh an t-urlár freisin. Bhí an seomra go deas glan arís.

Caint an Ranga Glan an clár bán, más é do thoil é. Nigh do lámha. Triomaigh do lámha. Cuir ___ ar siúl. (an t-uisce, an ríomhaire, an solas) Tá ___ salach. (an seomra ranga, an t-urlár, srl.)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireach, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Déanann na páistí aithris ar na habairtí. Insíonn na páistí an scéal in éineacht leis an scéalaí. Léann na páistí an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An raibh na páistí thíos staighre?’ ‘An raibh Niamh salach?’ ‘Cé a bhí salach?’ ‘Cá ndeachaigh na páistí?’ ‘An ndeachaigh na páistí isteach ___?’ (sa seomra folctha, sa seomra suí, sa chistin, sa halla, sa seomra leapa) ‘Cár chuir Oisín Bran?’ ‘Cad a rinne Bran?’ ‘Cé a thóg Bran amach?’ ‘Cé a ghlan ___?’ (an leithreas, an scáthán, an báisín níocháin) Tasc Tuisceana: Cuir leithreas sa seomra folctha. Cuir cithfholcadh sa chúinne. Cuir tuáille ar an ráille. Cuir báisín níocháin in aice leis an leithreas. Cuir scáthán ar an mballa. Cuir mata ar an urlár. Cuir Oisín os comhair an bháisín níocháin. Foclóir: leithreas, cithfholcadh, tuáille, ráille, balla, urlár, báisín níocháin, scáthán. Scríobh an Scéal: Tá leithreas sa seomra folctha.Tá cithfholcadh sa chúinne.Tá tuáille ar an ráille.Tá scáthán ar an mballa. Tá báisín níocháin in aice leis an leithreas.Tá mata ar an urlár. Freagair na Ceisteanna: An raibh na páistí ___ staighre? (thuas, thíos) An raibh ___ salach? (Niamh, Bran) An ndeachaigh na páistí isteach ___? (sa seomra folctha, sa chistin, sa seomra suí) Lítriú: An ndeachaigh? Chuaigh. Ní dheachaigh.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 110. Cuireann an múinteoir ceisteanna ar pháiste. Freagraíonn an páiste na ceisteanna.‘An raibh na páistí thíos staighre?’ ‘An raibh na páistí thuas staighre?’ ‘An raibh Niamh salach?’ ‘An raibh Bran salach?’ ‘An ndeachaigh na páistí isteach ___?’ (sa seomra folctha, sa seomra suí, sa chistin, sa seomra leapa, sa halla) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 110. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

230

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 230

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 110. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 111.Tarraingíonn na páistí pictiúr den seomra folctha. Scríobhann na páistí na focail in aice leis na pictiúir. Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin seomra folctha.Tig leo an foclóir ar lch. 111 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar nigh/ thriomaigh tú do lámha?’ Freagraíonn an páiste:‘Nigh/thriomaigh mé mo lámha.’ ‘Ar ghlan tú an clár bán?’ Freagraíonn an páiste:‘Ghlan mé an clár bán.’ ‘Ar chuir tú ___ ar siúl?’ (an t-uisce, an ríomhaire, an solas) Freagraíonn an páiste:‘Chuir mé ___ ar siúl.’ (an t-uisce, an ríomhaire, an solas) ‘An raibh ___ salach.’ (an seomra ranga, an t-urlár, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Bhí ___ salach.’ (an seomra ranga, an t-urlár, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Ghlan mé an clár bán.’ ‘Ar chuir tú ___ ar siúl?’ (an t-uisce, an ríomhaire, an solas) Freagraíonn an páiste:‘Chuir mé ___ ar siúl.’ (an t-uisce, an ríomhaire, an solas) ‘An raibh ___ salach.’ (an seomra ranga, an t-urlár, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Bhí ___ salach.’ (an seomra ranga, an t-urlár, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Bhí Niamh, Oisín agus Bran thuas staighre.’ ‘Bhí Bran salach.’ srl. An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (thuas staighre, salach, seomra folctha, cithfholcadh, uisce, tuáille, leithreas, báisín níocháin, scáthán, mata, urlár)

231

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 231

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 1 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Briathra a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile

Eiseamláirí Teanga Chuir Oisín Bran isteach sa chithfholcadh inné. Cuireann Oisín é isteach sa chithfholcadh gach lá. Cuirfidh Oisín é isteach sa chithfholcadh amárach. Ghlan Oisín Bran inné. Glanann Oisín Bran gach lá. Glanfaidh Oisín Bran amárach. Léim Bran amach as an gcithfholcadh inné. Léimeann Bran amach as an gcithfholcadh gach lá. Léimfidh Bran amach as an gcithfholcadh amárach.

Caint an Ranga Ar chuir tú do leabhar i do mhála scoile? Chuir/Níor chuir mé mo leabhar i mo mhála scoile. Ar ghlan tú an bord? Ghlan/Níor ghlan mé. ___ mé an leabhar. Ar thóg tú do leabhar as do mhála? Thóg/Níor thóg mé.

Thóg Oisín Bran amach as an seomra folctha inné. Tógann Oisín Bran amach as an seomra folctha gach lá. Tógfaidh Oisín Bran amach as an seomra folctha amárach. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí aithris a dhéanamh ar na habairtí. Deir na páistí na habairtí i gcomhar leis an múinteoir. Léann na páistí na habairtí. Scríobh na hAbairtí: Chuir Oisín Bran isteach sa chithfholcadh inné. Cuireann Oisín é isteach sa chithfholcadh gach lá. Cuirfidh Oisín é isteach sa chithfholcadh amárach. Ghlan Oisín Bran inné. Glanann Oisín Bran gach lá. Glanfaidh Oisín Bran amárach. Léim Bran amach as an gcithfholcadh inné. Léimeann Bran amach as an gcithfholcadh gach lá. Léimfidh Bran amach as an gcithfholcadh amárach. Thóg Oisín Bran amach as an seomra folctha inné.Tógann Oisín Bran amach as an seomra folctha gach lá.Tógfaidh Oisín Bran amach as an seomra folctha amárach. Spraoi le Briathra: Chuir sé. Cuireann sé. Cuirfidh sé. Ghlan sé. Glanann sé. Glanfaidh sé.Thóg sé.Tógann sé.Tógfaidh sé. Léim sé. Léimeann sé. Léimfidh sé. Suimeanna Focal: Cuir agus fidh sin Cuirfidh. Glan agus faidh sin Glanfaidh.Tóg agus faidh sin Tógfaidh. Léim agus fidh sin Léimfidh. Litriú: Ghlan sí. Glanann sí. Glanfaidh sí.Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí.

232

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 232

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 112. Deir an múinteoir na habairtí san aimsir chaite (inné). Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla na habairtí a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach. (gach lá agus amárach) Tagann páiste amach os comhair an ranga. Deir an páiste na habairtí san aimsir chaite (inné). Iarrann an páiste ar pháistí éagsúla na habairtí a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach. (gach lá agus amárach) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Deir páiste A na habairtí san aimsir chaite (inné). Iarrann páiste A ar pháiste B na habairtí a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach. (gach lá agus amárach) Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Deir páiste A na habairtí san aimsir chaite (inné). Ansin deir páiste B na habairtí san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. (gach lá agus amárach) Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 112. Scríobhann na páistí na habairtí san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar chuir tú do leabhar i do mhála?’ ‘Ar léim tú sa chlós?’ ‘Ar thóg tú an leabhar?’ ‘Ar ghlan tú an bord?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann briathra a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile? ‘Chuir sé.’ ‘Cuireann sé.’ ‘Cuirfidh sé.’ ‘Ghlan sé.’ ‘Glanann sé.’ ‘Glanfaidh sé.’ ‘Thóg sé.’ ‘Tógann sé.’ ‘Tógfaidh sé.’ ‘Léim sé.’ ‘Léimeann sé.’ ‘Léimfidh sé.’

233

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 233

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Sa Bhaile – Aonad Teagaisc agus Foghlama 2 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 113–117) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Seo é mo theach. Tá trí fhuinneog thuas staighre. Tá dhá fhuinneog thíos staighre. Tá doras dearg ar mo theach. Tá simléar ar an díon. Tá gairdín beag os comhair an tí. Tá crann ag fás sa ghairdín beag os comhair an tí. Tá bláthanna ag fás sa ghairdín beag os comhair an tí. Tá nóinín, cróc agus lus an chromchinn ag fás sa ghairdín. Tá sceacha sa ghairdín os comhair an tí. Tá cosán os comhair an tí. Tá balla os comhair an tí. Tá geata os comhair an tí. Tá carr os comhair an tí. Is breá liom mo theach.

Tá na páistí ag súgradh sa ghairdín os comhair an tí. Tá ___ os comhair ___. (Ruairí, Róisín, Oisín, Niamh) A ___, cé atá os do chomhair? (Oisín, Róisín, Ruairí) Tá ___ os mo chomhair. (Ruairí, Róisín, Oisín, Niamh, tusa) Litriú: ceoltóir, siopadóir, feirmeoir, múinteoir. Chuir Oisín Bran isteach sa chithfholcadh inné. Cuireann Oisín é isteach sa chithfholcadh gach lá. Cuirfidh Oisín é isteach sa chithfholcadh amárach. Ghlan Oisín Bran inné. Glanann Oisín Bran gach lá. Glanfaidh Oisín Bran amárach.

Léim Bran amach as an gcithfholcadh inné. Litriú: Tá crann os comhair an tí.Tá gairdín os comhair an tí. Léimeann Bran amach as an gcithfholcadh gach lá. Tá carr os comhair an tí. Léimfidh Bran amach as an gcithfholcadh amárach. Thóg Oisín Bran amach as an seomra folctha inné. Tógann Oisín Bran amach as an seomra folctha gach lá. Tógfaidh Oisín Bran amach as an seomra folctha amárach. Litriú: Ghlan sí. Glanann sí. Glanfaidh sí.Thóg sí. Tógann sí.Tógfaidh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí.

234

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 234

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Bhí Niamh, Oisín agus Bran thuas staighre. Bhí Bran salach. Chuaigh siad isteach sa seomra folctha. Chuir Oisín é isteach sa chithfholcadh. Chuir Oisín an t-uisce ar siúl. Thug sé cithfholcadh dó. Léim Bran amach as an gcithfholcadh. Thosaigh sé ag crith. Bhí an seomra folctha salach agus fliuch. Thriomaigh Niamh Bran leis an tuáille. Thóg Niamh Bran amach as an seomra folctha. Ghlan Oisín an leithreas. Ghlan Niamh an báisín níocháin. Ghlan Niamh an scáthán ar an mballa. Ghlan Oisín an mata. Ghlan Niamh an t-urlár freisin. Bhí an seomra go deas glan arís. Litriú: An ndeachaigh? Chuaigh. Ní dheachaigh.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Amhrán – An Gairdín

An Mhaighdean Mhara

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal:An Mhaighdean Mhara

Tasc Tuisceana Bí ag Caint Scríobh an Scéal Foclóir Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra Suimeanna Focal

Obair Bheirte Cad atá sa ghairdín os comhair an tí? Tá ___ sa ghairdín os comhair an tí. (bláthanna, crann, nóinín, srl.) An raibh na páistí thuas/thíos staighre? Bhí/Ní raibh na páistí thuas/thíos staighre. An raibh Niamh/Bran salach? Bhí/Ní raibh Niamh/Bran salach. An ndeachaigh na páistí isteach ___? (sa seomra folctha, sa seomra suí, sa chistin, sa seomra leapa, sa halla) Chuaigh/Ní dheachaigh na páistí isteach ___. (sa seomra folctha, srl.)

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Tar amach os comhair an ranga agus taispeáin dom ___. Seo é ___ (mo leabahar, mo fhreagra) Tá ___. thuas/thíos staighre. (an seomra codlata, an chistin, srl.) Tá ___ os comhair an tí. (carr, gairdín) Cé atá os do chomhair? Tá ___ os mo chomhair. (ainm an pháiste)

Nigh/Thriomaigh mé mo lámha. Ghlan mé an clár bán. Chuir mé ___ ar siúl. (an t-uisce, an ríomhaire, an solas) Bhí ___ salach. (an t-urlár, srl.)

Chuir/Cuireann/Cuirfidh mé mo leabhar i mo mhála. Léim/Léimeann/Léimfidh mé sa chlós. Thóg mé/Tógann mé/Tógfaidh mé an leabhar. Ghlan mé/Glanann mé/Glanfaidh mé an bord.

235

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 235

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ealaín Gairdín a dhearadh

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

236

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 236

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 2 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Comhrá 1.1 Ainmnigh na contaetha i gCúige Laighean. Lú, Mí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fháilí, Cill Dara, Iarmhí, Longfort.

Caint an Ranga Cá bhfuil tú/sé/sí i do chónaí? Tá mé i mo chónaí ___. Tá sé ina chónaí i ___. Tá sí ina cónaí i ___.

Comhrá 1.2 Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath. Tá tú i do chónaí i Lú. Tá sé ina chónaí i Mí. Tá sí ina cónaí i gCill Dara. Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá mé i mo chónaí i Laois. Amhrán – Cúige Laighean Lú, Mí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fháilí, Cill Dara, Iarmhí, Longfort.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an amhrán Cúige Laighean. Canann na páistí an t-amhrán le chéile. Iarrann an múinteoir ar na páistí na contaetha i gcúige Laighean a ainmniú. Múintear comhrá 4.1. Iarrann an múinteoir ar na páistí na contaetha éagsúla a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (Cill Chainnigh, srl.) Ainmníonn na páistí na contaetha le chéile. Iarrann an múinteoir ar pháistí aonair na contaetha a ainmniú: ‘Ainmnigh na contaetha i gCúige Laighean.’ ‘Lú, Mí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fháilí, Cill Dara, Iarmhí, Longfort.’ Léiríonn an múinteoir contae do pháiste agus ainmníonn an páiste an contae. Múintear comhrá 4.2. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil tú i do chónaí?’ ‘Cá bhfuil sé ina chónaí?’ ‘Cá bhfuil sí ina cónaí?’ ‘An bhfuil tú i do chónaí i ___?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá/Níl mé i mo chónaí i ___.’ Tasc Tuisceana: Gliogáil ar an gcontae ceart. (Lú, Mí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fháilí, Cill Dara, Iarmhí, Longfort) Foclóir: Ainmnigh an contae. (Lú, Mí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fháilí, Cill Dara, Iarmhí, Longfort) Scríobh na hAbairtí: Tá mé i mo chónaí i Lú.Tá tú i do chónaí i Lú.Tá sé ina chónaí i Lú.Tá sí ina cónaí i Lú.Tá sé ina chónaí i Mí.Tá mé i mo chónaí i Mí.Tá sí ina cónaí i Mí.Tá tú i do chónaí i Mí. Litriú: Tá mé i mo chónaí i Mí.Tá tú i do chónaí i Mí.Tá sé ina chónaí i Mí.Tá sí ina cónaí i Mí.

Tréimhse Chumarsáide

Léiríonn an múinteoir contaetha Laighean do na páistí.Ainmníonn na páistí na contaetha le chéile. Léiríonn an múinteoir contae do na páistí agus iarrann an múinteoir ar pháiste aonair an contae a ainmniú. Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Léiríonn an páiste contae do pháiste eile.Ainmníonn an páiste an contae. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Léiríonn páiste A contae do pháiste B.Ainmníonn páiste B an contae.Ansin malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Léiríonn páiste A contae do pháiste B. Ainmníonn páiste B an contae. Ansin malartaíonn na páistí róil.

237

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 237

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch.113. Léann na páistí ainmneacha na gcontaetha i gCúige Laighean.Tarraingíonn na páistí léarscáil agus scríobhann siad ainmneacha na gcontaetha. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Má bhíonn cluiche spóirt ar siúl ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a bhuaigh an cluiche?’ Freagraíonn na páistí:‘Bhuaigh ___ an cluiche.’ (Lú, Mí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fháilí, Cill Dara, Iarmhí, Longfort) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Tíreolaíocht: D’fhéadfadh na páistí na contaetha i gCúige Laighean a ainmniú i nGaeilge.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (Lú, Mí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fháilí, Cill Dara, Iarmhí, Longfort) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cá bhfuil tú i do chónaí?’ ‘An bhfuil tú i do chónaí ___?’ ‘Tá mé i mo chónaí ___.’ (i mBaile Átha Cliath, srl.) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá mé i mo chónaí ___.’ (Lú, Mí, Baile Átha Cliath, srl.)

238

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 238

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 2 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Ar Maidin D’éirigh Ruairí go moch ar maidin. Chuaigh sé isteach sa seomra folctha. Nigh sé a aghaidh agus a lámha. Scuab sé a fhiacla le scuab agus le taos fiacaile. Chíor sé a chuid gruaige. Bhain sé a phitseámaí de. Chuir sé a éide scoile air. Rith sé síos an staighre ar nós na gaoithe. Bhí Mamaí, Daidí agus Róisín ag ithe an bhricfeasta. Cén fáth a bhfuil d’éide scoile ort? An Satharn atá ann. Rinne mé dearmad. Thosaigh gach duine ag gáire.

Ar bhain sé a chóta de? Bhain/Níor bhain sé ___ de. (a chóta, a hata, srl.) Ar chuir sé a chóta air? Chuir/Níor chuir sé a chóta air. Bain díot ___. (do chóta, srl.) Nigh do lámha. Rinne mé dearmad ar mo leabhar.

● ● ●

Tuairisciú Scéal a insint Easpa cuimhne a léiriú

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Déanann na páistí aithris ar na habairtí. Iarrann an múinteoir ar na páistí an scéal a insint i gcomhar leis an scéalaí. Iarrann an múinteoir ar na páistí an scéal a léamh i gcomhar leis an scéalaí. Baineann an múinteoir leas as sraith phictiúr chun an scéal a mhúineadh do na páistí. (D’éirigh, Chuaigh, Nigh, Scuab, Chíor, Bhain, Chuir, Rith, Bhí, srl.) Iarrann an múinteoir ar pháistí teacht amach os comhair an ranga.Tugtar pictiúr an duine do na páistí. Ardaíonn na páistí an pictiúr ag an am cuí agus deir páistí an ranga an scéal. Scríobh an Scéal: D’éirigh Ruairí go moch ar maidin. Chuaigh sé isteach sa seomra folctha. Nigh sé a aghaidh agus a lámha. Scuab sé a fhiacla le scuab agus le taos fiacaile. Chíor sé a chuid gruaige. Bhain sé a phitseámaí de. Chuir sé a éide scoile air. Rith sé síos an staighre ar nós na gaoithe. Bhí Mamaí, Daidí agus Róisín ag ithe an bhricfeasta. Cén fáth a bhfuil d’éide scoile ort? An Satharn atá ann. Rinne mé dearmad. Bhí gach duine ag gáire. Scríobh na hAbairtí: Chíor mé mo chuid gruaige. Chíor tú do chuid gruaige. Chíor sé a chuid gruaige. Chíor sí a cuid gruaige. Chíor Niamh a cuid gruaige. Chíor Oisín a chuid gruaige. Litriú: Chíor mé mo chuid gruaige. Chíor tú do chuid gruaige. Chíor sé a chuid gruaige. Chíor sí a cuid gruaige.

Tréimhse Chumarsáide

Léann na páistí an scéal le chéile.

Drámaíocht: Cuirtear dráma ar siúl ar ábhar an scéil. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 114. Insíonn páiste A an scéal do pháiste B. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 114. Scríobhann na páistí an scéal. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Ar éirigh tú go moch ar maidin?’ ‘An ndeachaigh tú isteach ___?’ (sa halla, srl.) ‘Ar chuir tú ___ ort?’ (cóta, hata, srl.) ‘Ar bhain tú do chóta díot?’ ‘Cén lá atá ann?’ ‘Ar nigh tú do lámha?’ ‘An ndearna tú dearmad ar do leabhar?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘D’éirigh Ruairí go moch ar maidin.’ srl. An bhfuil an páiste in ann easpa cuimhne a léiriú? ‘Rinne mé dearmad ar mo chóipleabhar.’

239

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 239

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 2 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Abairtí a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Scuab/Scuabann/Scuabfaidh Oisín a fhiacla le scuab ___. (inné, gach lá, amárach) Chíor/Cíorann/Cíorfaidh Oisín a chuid gruaige ___. (inné, gach lá, amárach) Bhain/Baineann/Bainfidh Oisín a phitseámaí de ___. (inné, gach lá, amárach) Chuir/Cuireann/Cuirfidh Oisín a éide scoile air ___. (inné, gach lá, amárach) Rith/Ritheann/Rithfidh Oisín síos an staighre ar nós na gaoithe ___. (inné, gach lá, amárach)

Ar scuab tú an t-urlár? Scuab/ Níor scuab mé an t-urlár. Ar chíor tú do chuid gruaige? Chíor/Níor chíor mé mo chuid gruaige. Ar bhain tú do chóta díot? Bhain/Níor bhain mé mo chóta díom. Ar chuir tú do chóta ort? Chuir/Níor chuir mé mo chóta orm.

Dán – Tithe Teach ag an seilide. Teach beag cruinn. Tugann sé leis é, Ar a dhroim.

Teach ag an madra. Amuigh sa chlós. Doras breá mór ann, Gan aon fhuinneog.

Teach ag an spideog, Istigh i dtor. Uibheacha beaga ann, Éan ar gor.

Tithe deasa, Iad go léir. Ach is fearr go mór liom, Mo theach beag féin.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán Tithe do na páistí. Iarrann an múinteoir ar na páistí ___ a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (an seilide, an madra, an spideog, na huibheacha) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil teach an tseilide?’ ‘An bhfuil an teach ___?’ (mór, beag, cruinn) ‘Cá bhfuil teach an mhadra?’ ‘An bhfuil doras ar an teach?’ ‘An bhfuil fuinneog ar an teach?’ ‘Cá bhfuil teach na spideoige?’ ‘Cad atá sa nead?’ Téann an múinteoir siar ar an scéal ‘Ar maidin’. Úsáideann an múinteoir sraith pictiúr chun an scéal a mhealladh ó na páistí. Múintear an comhrá do na páistí. Deir an múinteoir na habairtí san aimsir chaite. Iarrann an múinteoir ar na páistí na habairtí rá san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Scríobh na hAbairtí: Scuab Oisín a fhiacla le scuab agus le taos fiacaile inné. Scuabann Oisín a fhiacla le scuab agus le taos fiacaile gach lá. Scuabfaidh Oisín a fhiacla le scuab agus le taos fiacaile amárach. Chíor Oisín a chuid gruaige inné. Cíorann Oisín a chuid gruaige gach lá. Cíorfaidh Oisín a chuid gruaige amárach. Bhain Oisín a phitseámaí de inné. Baineann Oisín a phitseámaí de gach lá. Bainfidh Oisín a phitseámaí de amárach. Chuir Oisín a éide scoile air inné. Cuireann Oisín a éide scoile air gach lá. Cuirfidh Oisín a éide scoile air amárach. Rith Oisín síos an staighre ar nós na gaoithe. Ritheann Oisín síos an staighre ar nós na gaoithe. Rithfidh Oisín síos an staighre ar nós na gaoithe. Spraoi le Briathra: Inné, chíor sé. Gach lá, cíorann sé. Amárach, cíorfaidh sé. Inné, bhain sé. Gach lá, baineann sé. Amárach, bainfidh sé. Inné, chuir sé. Gach lá, cuireann sé. Amárach, cuirfidh sé. Inné, rith sé. Gach lá, ritheann sé. Amárach, rithfidh sé. Inné, scuab sé. Gach lá, scuabann sé. Amárach, scuabfaidh sé. Suimeanna Focal: Scuab agus ann sin Scuabann. Cíor agus ann sin Cíorann. Bain agus eann sin Baineann. Cuir agus eann sin Cuireann. Rith agus eann sin Ritheann. Scuab agus faidh sin Scuabfaidh. Cíor agus faidh sin Cíorfaidh. Cuir agus fidh sin Cuirfidh. Rith agus fidh sin Rithfidh. Litriú: Scuab Scuabann Scuabfaidh. Chíor Cíorann Cíorfaidh. Bhain Baineann Bainfidh. Chuir Cuireann Cuirfidh. Rith Ritheann Rithfidh.

240

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 240

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 115. Deir an múinteoir na habairtí san aimsir chaite. Iarrann an múinteoir ar na páistí na habairtí a athrú go dtí an aimsir láithreach agus go dtí an aimsir fháistineach. Bua na Cainte 3 lch. 115. Tagann páiste amach os comhair an ranga. Deir an páiste na habairtí san aimsir chaite. Deir na páistí eile na habairtí san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Deir páiste A na habairtí san aimsir chaite. Deir páiste B na habairtí san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 115. Deir páiste A na habairtí san aimsir chaite. Deir páiste B na habairtí san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 115. Scríobhann na páistí na habairtí san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Bua na Cainte 3 lch. 116. Léann na páistí an dán. Scríobhann siad an dán.Tarraingíonn siad pictiúir chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Ar scuab tú an t-urlár?’ ‘Ar chíor tú do chuid gruaige?’ ‘Ar bhain tú do chóta díot?’ ‘Ar chuir tú do chóta ort?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann briathra a athrú ón aimsir chaite go dtí an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach?

241

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 241

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 2 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Ar Maidin Ar éirigh ___ go moch ar maidin? (Oisín, Ruairí) D’éirigh/Níor éirigh ___ go moch ar maidin. Ar nigh ___ a aghaidh agus a lámha? (Oisín, Ruairí) Nigh/Níor nigh ___ a aghaidh agus a lámha. Ar scuab ___ a fhiacla le scuab agus le taos fiacaile? (Oisín, Ruairí) Scuab/Níor scuab ___ a fhiacla le scuab agus le taos fiacaile. Ar chíor ___ a chuid gruaige? (Oisín, Ruairí) Chíor/Níor chíor ___ a chuid gruaige. Ar bhain ___ a phitseámaí de? (Oisín, Ruairí) Bhain/Níor bhain ___ a phitseámaí de. Ar chuir ___ a éide scoile air? (Oisín, Ruairí) Chuir/Níor chuir ___ a éide scoile air. Ar rith ___ síos an staighre ar nós na gaoithe? (Oisín, Ruairí) Rith/Níor rith ___ síos an staighre ar nós na gaoithe.

Ar éirigh sé/sí go moch ar maidin? D’éirigh/Níor éirigh sé/ sí. Ar nigh sé/sí a lámha? Nigh/ Níor nigh sé/sí a lámha. Ar chíor sé/sí a c(h)uid gruaige? Chíor/Níor chíor sé/sí a c(h)uid gruaige. Ar bhain sé/sí a c(h)óta de/di? Bhain/Níor bhain sé/sí ___ a c(h)óta de/di. Ar chuir sé/sí a (h)éide scoile air/uirthi? Chuir/Níor chuir sé/sí a (h)éide scoile air/uirthi. Ar rith sé/sí ar nós na gaoithe? Rith/Níor rith sé/sí ar nós na gaoithe.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Téann an múinteoir siar ar an scéal ‘Ar maidin’. Úsáideann an múinteoir sraith pictiúr chun an scéal a mhealladh ó na páistí. Deir an múinteoir na habairtí san aimsir chaite. Iarrann an múinteoir ar na páistí na habairtí a rá san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar éirigh ___ go moch ar maidin?’ (sé, sí) ‘Ar nigh ___ a (h)aghaidh agus a lámha?’ (sé, sí) ‘Ar scuab ___ a f(h)iacla le scuab agus le taos fiacaile?’ (sé, sí) ‘Ar chíor ___ a c(h)uid gruaige?’ (sé, sí) ‘Ar bhain ___ (sé, sí) a p(h)itseámaí ___?’(de, di) ‘Ar chuir ___ (sé, sí) a (h)éide scoile ___?’ (air, uirthi) ‘Ar rith ___ síos an staighre ar nós na gaoithe?’ (sé, sí) Scríobh na hAbairtí: Ar éirigh? D’éirigh/Níor éirigh. Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar scuab? Scuab/Níor scuab Ar chíor? Chíor/ Níor chíor. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir. Ar rith? Rith/Níor rith. Bí ag Caint: Ar éirigh ___ go moch ar maidin? (Ruairí, Niamh) Ar nigh ___ a aghaidh agus a lámha? (Ruairí, Oisín) Ar scuab Ruairí a fhiacla le scuab agus le taos fiacaile? Ar chíor Ruairí a chuid gruaige? Ar bhain ___ a phitseámaí de? (Ruairí, Oisín) Ar chuir Ruairí a éide scoile air? Ar rith Ruairí síos an staighre ar nós na gaoithe? Spraoi le Briathra: D’éirigh/Níor éirigh. Nigh/Níor nigh. Chíor/Níor chíor. Bhain/Níor bhain. Chuir/Níor chuir. Rith/Níor rith. Litriú: Ar éirigh? D’éirigh/Níor éirigh. Ar nigh? Nigh/Níor nigh. Ar chíor? Chíor/Níor chíor. Ar bhain? Bhain/Níor bhain. Ar chuir? Chuir/Níor chuir. Ar rith? Rith/Níor rith.

242

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 242

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 117. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar éirigh ___ go moch ar maidin?’ (Ruairí, Róisín) Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Cuireann an páiste ceisteanna ar pháistí eile. Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Cuireann páiste A na ceisteanna ar pháiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 117. Cuireann páiste A na ceisteanna ar pháiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch.117. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Ar scuab tú an t-urlár, srl.) ‘Ar bhain tú ___ díot?’ (do chóta, do hata, srl.) ‘Ar chuir tú ___ ar an mbord.’ (an leabhar, srl.) ‘Ar rith tú go tapa?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann briathra a úsáid san aimsir chaite chun ceisteanna a chur/a fhreagairt? ‘Ar éirigh?’ ‘D’éirigh/Níor éirigh.’ ‘Ar nigh?’ ‘Nigh/Níor nigh.’ ‘Ar chíor?’ ‘Chíor/Níor chíor.’ ‘Ar bhain?’ ‘Bhain/Níor bhain.’ ‘Ar chuir?’ ‘Chuir/Níor chuir.’ ‘Ar rith?’ ‘Rith/Níor rith.’

243

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 243

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Sa Bhaile – Aonad Teagaisc agus Foghlama 3 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 118–123) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Inis dom faoin gcistin. Tá cuirtíní ar an bhfuinneog. Tá dallóg ar an bhfuinneog freisin. Tá citeal agus sáspan ar an sorn. Tá doirteal in aice leis an sorn. Tá cófra faoin doirteal. Tá miasniteoir in aice leis an doirteal. Tá babhla torthaí ar an gcuntar. Tá cuisneoir sa chistin. Tá reoiteoir faoin gcuisneoir. Tá bosca bruscair agus scuab sa chúinne. Tá triomadóir in aice leis an inneall níocháin. Tá cathaoireacha in aice leis an mbord. Tá gréithe ar an tráidire. Tá taephota, crúiscín agus babhla siúcra ar an mbord. Tá cupán, fochupán agus pláta ar an mbord.

Chuaigh Mamaí agus Daidí go dtí an siopa. D’fhan Mamó agus na páistí sa bhaile. Bhí Mamó i bhfeighil an tí. Thug Mamó milseáin do na páistí. D’fhág Mamó mála mór milseán ar an mbord. Scuab Mamó an t-urlár. Chuir Oisín na gréithe salacha sa mhiasniteoir. Thóg Niamh na héadaí amach as an inneall níocháin agus chuir sí iad isteach sa triomadóir. D’ith Ciara na milseáin go léir. Thosaigh sí ag caoineadh. Cad atá ort, a stór? Tá pian i mo bholg. D’ith sí na milseáin go léir. Ciara bhocht! Beidh tú ceart go leor. Beidh biseach ort go luath.

Litriú: cuisneoir, reoiteoir, triomadóir.

Litriú: Ar fhan sí? D’fhan sí. Níor fhan sí. Ar fhág sí? D’fhág sí. Níor fhág sí.

244

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 244

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Bhí pian ina bolg ag Ciara aréir. Níor chodail sí i rith na hoíche. D’fhan Mamó léi. Ar maidin, chuir Mamó fios ar an dochtúir. Tháinig an dochtúir. Thug sí leigheas di. Bhí biseach uirthi go luath.

An Nuacht An nuacht á léamh ag Róisín. Bhí mé tinn inné. Ní raibh mé ar scoil. Bhí pian i mo bholg. Chuir Daidí fios ar an dochtúir. Tháinig an dochtúir go dtí mo theach. Thug sí leigheas dom. Bhí biseach orm ansin.

D’fhan Mamó le Ciara inné. Fanann Mamó le Ciara gach lá. Fanfaidh Mamó le Ciara amárach. D’fhág Mamó milseáin ar an mbord inné. Fágann Mamó milseáin ar an mbord gach lá. Fágfaidh Mamó milseáin ar an mbord amárach. Litriú: Ar chodail sí? Chodail sí. Níor chodail sí. Ar tháinig sí? Tháinig sí. Níor tháinig sí.

An Aimsir An aimsir á léamh ag Oisín. Dia daoibh, a chairde agus fáilte romhaibh. Beidh stoirm ann anocht. Beidh sé an-ghaofar. Beidh gaoth láidir ag séideadh. Beidh tintreach agus toirneach ann. Beidh na páistí préachta leis an bhfuacht. D’fhág. Fágann. Fágfaidh. D’fhéach. Féachann. Féachfaidh. D’fhan. Fanann. Fanfaidh. Litriú: D’fhan sí. Fanann sí. Fanfaidh sí. D’fhág sí. Fágann sí. Fágfaidh sí. D’fhéach sí. Féachann sí. Féachfaidh sí.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán – Ciara Tinn

An Mhaighdean Mhara

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: An Mhaighdean Mhara

Cluiche Kim Foclóir Tasc Tuisceana Aimsigh an Focal Bí ag Caint Freagair na Ceisteanna Spraoi le Briathra Scríobh na hAbairtí

Obair Bheirte Déan cur síos ar an gcistin. Cad atá ar an bhfuinneog? Tá cuirtíní ar an bhfuinneog. Cad atá ar an sorn? Tá citeal ar an sorn. Cad atá in aice leis an sorn? Tá doirteal in aice leis an sorn. Cad atá faoin doirteal? Tá cófra faoin doirteal. Cad atá faoin gcuisneoir? Tá reoiteoir faoin gcuisneoir. Cad atá in aice leis an inneall níocháin? Tá triomadóir in aice leis an inneall níocháin. Cad atá ar an gcuntar? Tá gréithe ar an gcuntar.

245

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 245

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Inis dom faoin ___.

Beidh ___ i bhfeighil an ghrúpa.

Cá bhfuil ___? (an leabhar, srl.) Tá ___ (an leabhar, srl.) ___. (ar an mbord, in aice leis an gcófra, sa chófra, faoin mbord, srl.)

Tá mo lámh ag cur fola. Beidh tú ceart go leor. Tá pian i mo bholg. Tá tuirse orm.

Dún/Oscail an dallóg/na dallóga.

Cuir fios ar an bpríomhoide. Tá mé tinn, a mhúinteoir. An bhfuil biseach ort anois? Tá/Níl biseach orm.

Bhí mé tinn inné. Ní raibh mé ar scoil. Bhí pian i mo bholg. Chuir Daidí fios ar an dochtúir. Beidh stoirm ann anocht. Beidh sé an-ghaofar. Beidh gaoth láidir ag séideadh. Beidh tintreach agus toirneach ann.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol Ciara Tinn

Drámaíocht An Mhaighdean Mhara

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

246

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 246

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 3 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Inis dom faoin gcistin. Tá cuirtíní ar an bhfuinneog. Tá dallóg ar an bhfuinneog freisin. Tá citeal agus sáspan ar an sorn. Tá doirteal in aice leis an sorn. Tá cófra faoin doirteal. Tá miasniteoir in aice leis an doirteal. Tá babhla torthaí ar an gcuntar. Tá cuisneoir sa chistin. Tá reoiteoir faoin gcuisneoir. Tá bosca bruscair agus scuab sa chúinne. Tá triomadóir in aice leis an inneall níocháin. Tá cathaoireacha in aice leis an mbord. Tá gréithe ar an tráidire. Tá taephota, crúiscín agus babhla siúcra ar an mbord. Tá cupán, fochupán agus pláta ar an mbord.

Caint an Ranga Inis dom ___. (faoin gcluiche, faoin gcóisir, srl.) Cá bhfuil ___? Tá ___ (leabhar, srl.) ___. (ar an mbord, in aice leis an doras, faoin mbord, sa chófra, srl.) Dún/Oscail an dallóg/na dallóga.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá ___?’ (ar an bhfuinneog, ar an sorn) ‘Cad eile atá ___?’ (ar an bhfuinneog, ar an sorn) ‘Cad atá in aice leis ___?’ (an sorn, an doirteal) ‘Cad atá faoin doirteal?’ ‘Cad atá ar an gcuntar?’ ‘Cad atá in aice leis an gcuisneoir?’ ‘Cá bhfuil ___?’ (an scuab, an bosca bruscair) ‘Cad atá ar an mbord?’ Cluiche Kim: dallóg, cuirtíní, gréithe, crúiscín, sorn, doirteal, reoiteoir, cuisneoir, miasniteoir, triomadóir. Foclóir: dallóg, cuirtíní, gréithe, crúisín, sorn, doirteal, reoiteoir, cuisneoir, miasniteoir, triomadóir. Tasc Tuisceana 1.1: Cuir dallóg ar an bhfuinneog. Cuir cuirtíní ar an bhfuinneog freisin. Cuir citeal ar an sorn. Cuir sáspan ar an sorn freisin. Cuir an doirteal in aice leis an sorn. Cuir miasniteoir in aice leis an doirteal. Cuir inneall níocháin in aice leis an miasniteoir. Cuir triomadóir in aice leis an inneall níocháin. Cuir an cuisneoir agus an reoiteoir in aice leis an triomadóir. Tasc Tuisceana 1.2: Cuir an babhla torthaí ar an gcuntar. Cuir an crúiscín ar an mbord. Cuir an babhla siúcra ar an mbord. Cuir an bosca bruscair sa chúinne. Cuir scuab sa chúinne freisin. Cuir fochupán ar an mbord. Cuir cupán ar an bhfochupán. Cuir cáca milis ar an mbord. Cuir scian ar an tráidire. Cuir forc ar an tráidire. Cuir spúnóg ar an tráidire. Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Iarrann an múinteoir ar pháiste cur síos a dhéanamh ar an gcistin:‘Tá ___ ar an bhfuinneog.’ srl. Litriú: cuisneoir, reoiteoir, triomadóir.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 118. Iarrann an múinteoir ar pháiste cur síos a dhéanamh ar an gcistin. Bua na Cainte 3 lch. 118.Tagann páiste amach os comhair an ranga. Déanann an páiste cur síos ar an gcistin. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 118. Ar dtús, déanann páiste A cur síos ar an gcistin. Ansin, déanann páiste B cur síos ar an gcistin.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 118. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá ar an bhfuinneog?’ ‘Cad atá ar an sorn’ ‘Cad atá in aice leis an sorn?’ ‘Cad atá faoin doirteal?’ ‘Cad atá faoin gcuisneoir?’ ‘Cad atá in aice leis an inneall níocháin?’ ‘Cad atá ar an gcuntar?’ 247

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 247

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Dúshlán Breise: Tarraingíonn na páistí cistin agus scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin gcistin.Tig leo an foclóir ar lch. 118 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil ___?’ (an leabhar, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ (leabhar, srl.) ___.’ (ar an mbord, in aice leis an doras, faoin mbord, sa chófra) Tugann an múinteoir orduithe do na páistí:‘Dún/Oscail an dallóg/na dallóga.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (cistin, cuirtíní, fuinneog, dallóg, citeal, sáspan, sorn, doirteal, cófra, miasniteoir, babhla torthaí, cuisneoir, reoiteoir, bosca bruscair, scuab, cúinne, triomadóir, inneall níocháin, cathaoireacha, bord, gréithe, tráidire, taephota, crúiscín, babhla siúcra, cupán, fochupán, pláta, ar an, faoin, sa, in aice) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá cuirtíní ar an bhfuinneog.’ ‘Tá dallóg ar an bhfuinneog freisin.’ srl.

248

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 248

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 3 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cur síos a dhéanamh Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Chuaigh Mamaí agus Daidí go dtí an siopa. D’fhan Mamó agus na páistí sa bhaile. Bhí Mamó i bhfeighil an tí. Thug Mamó milseáin do na páistí. D’fhág Mamó mála mór milseán ar an mbord. Scuab Mamó an t-urlár. Chuir Oisín na gréithe salacha sa mhiasniteoir. Thóg Niamh na héadaí amach as an inneall níocháin agus chuir sí iad isteach sa triomadóir. D’ith Ciara na milseáin go léir. Thosaigh sí ag caoineadh. Cad atá ort, a stór? Tá pian i mo bholg. D’ith sí na milseáin go léir. Ciara bhocht! Beidh tú ceart go leor. Beidh biseach ort go luath.

Caint an Ranga Beidh ___ i bhfeighil an ghrúpa. Cad atá ort? Tá pian i mo ___. Beidh tú ceart go leor. An bhfuil biseach ort? Tá/Níl biseach orm.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá do na páistí. Iarrann an múinteoir ar na páistí cur síos a dhéanamh ar an gcistin. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a chuaigh go dtí an siopa?’ ‘An ndeachaigh Mamó go dtí an siopa?’ ‘Ar fhan Mamaí sa bhaile?’ ‘Cé a bhí i bhfeighil an tí?’ ‘Céard a thug Mamó do na páistí?’ ‘Ar fhág ___ milseáin ar an mbord?’ (Daidí, srl.) ’Ar thóg ___ na héadaí salacha amach as an inneall níocháin?’ (Mamó, Niamh, Oisín) ‘Ar chuir ___ na héadaí salacha isteach sa triomadóir?’ (Mamó, Niamh, Oisín) ‘Cé a d’ith na milseáin go léir?’ Ceistítear na páistí:‘Cad atá ort?’ Spreagtar na páistí an cheist a fhreagairt:‘Tá pian i ___.’ (mo bholg, mo cheann, mo chos, mo lámh, srl.) Aimsigh an Focal: miasniteoir, inneall níocháin, triomadóir, gréithe, cuisneoir, reoiteoir, sorn, doirteal. Freagair na Ceisteanna: Cé a chuaigh go dtí an siopa? An ndeachaigh Mamó go dtí an siopa? Ar fhan ___ sa bhaile? (Mamó, srl.) Cé a bhí i bhfeighil an tí? Cé a scuab an t-urlár? Cé a chuir na gréithe salacha isteach sa mhiasniteoir? Céard a thug Mamó do na páistí? Ar fhág ___ milseáin ar an mbord? Bí ag Caint: Cé a chuaigh go dtí an siopa? An ndeachaigh Mamó go dtí an siopa? Ar fhan ___ sa bhaile? Cé a bhí i bhfeighil an tí? Céard a thug Mamó do na páistí? Ar fhág ___ milseáin ar an mbord? (Mamó, srl.) Spraoi le Briathra: Ar fhan sí? D’fhan sí/Níor fhan sí. Ar fhág sí? D’fhág sí/Níor fhág sí. Litriú: Ar fhan sí? D’fhan sí/Níor fhan sí. Ar fhág sí? D’fhág sí/Níor fhág sí.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 119. Iarrann an múinteoir ar na páistí an scéal a léamh. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a chuaigh go dtí an siopa?’ ‘An ndeachaigh Mamó go dtí an siopa?’ ‘Ar fhan Mamaí sa bhaile?’ ‘Cé a bhí i bhfeighil an tí?’ ‘Céard a thug Mamó do na páistí?’ ‘Ar fhág ___ milseáin ar an mbord?’ Tagann páiste A amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Ceistíonn páiste A páistí éagsúla. Freagraíonn an páiste eile na ceisteanna. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna.

249

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 249

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 119. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 119. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An ndeachaigh tú go dtí ___?’ (an leithreas, an halla, srl.) ‘Cé a bhí i bhfeighil an ghrúpa?’ ‘Cad atá ort?’ ‘An bhfuil biseach ort?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (an siopa, páistí, sa bhaile, i bhfeighil an tí, milseáin, na gréithe, miasniteoir, éadaí, inneall níocháin, triomadóir, ag caoineadh, pian, bolg, biseach) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Chuaigh Mamaí agus Daidí go dtí an siopa.’ ‘D’fhan Mamó agus na páistí sa bhaile.’ srl. An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cé a bhí i bhfeighil an tí?’ srl.‘Bhí na páistí i bhfeighil an tí.’ srl.

250

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 250

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 3 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Scéal a insint Briathra a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile

Eiseamláirí Teanga Comhrá 3.1 Bhí pian ina bolg ag Ciara aréir. Níor chodail sí i rith na hoíche. D’fhan Mamó léi. Ar maidin, chuir Mamó fios ar an dochtúir. Tháinig an dochtúir. Thug sí leigheas di. Bhí biseach uirthi go luath. Comhrá 3.2 D’fhan Mamó le Ciara inné. Fanann Mamó le Ciara gach lá. Fanfaidh Mamó le Ciara amárach.

Caint an Ranga Tá pian i ___. (mo cheann, mo lámh, mo bholg, srl.) Níor chodail ___ aréir. (mé, tú, sé, sí) Thug sí ___dom. (cabhair, milseán, peann, srl.) Cuir fios ___. (ar an múinteoir, ar an dochtúir, ar an bpríomhoide) An bhfuil biseach ort? Tá biseach orm. An bhfuil biseach air/uirthi? Tá biseach air/uirthi.

D’fhág Mamó milseáin ar an mbord inné. Fágann Mamó milseáin ar an mbord gach lá. Fágfaidh Mamó milseáin ar an mbord amárach. Amhrán – Ciara Tinn Bhí pian ina bolg ag Ciara aréir. Níor chodail sí i rith na hoíche. ‘Ó, a Mhamó, tá mé tinn,’ arsa Ciara, is í ag caoineadh.

Chuir Mamó fios ar an dochtúir ansin. Tháinig sí go tapa. Chuir sí ceist ar Chiara. Ar ith sí milseáin bhlasta?

Dúirt sí gur ith sí milseáin, Milseáin dheasa bhlasta. Thug an dochtúir leigheas di. Is bhí biseach uirthi go tapa.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Ciara Tinn do na páistí. Ceistítear na páistí:‘Cé a bhí tinn?’ ‘Ar chodail sí i rith na hoíche?’ ‘Cé a chuir fios ar an dochtúir?’ ‘Ar ith Ciara milseáin?’ Múintear an scéal do na páistí. Iarrtar ar na páistí na habairtí a aithris agus a athrá tar éis an scéalaithe ar dtús agus leis an scéalaí de réir a chéile. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An raibh pian ag Ciara?’ ‘Cá raibh an phian?’ ‘Ar chodail sí i rith na hoíche?’ ‘Ar fhan ___ léi?’ (Daidí, Mamó) ‘Cé a chuir fios ar an dochtúir?’ ‘Ar tháinig ___?’ (an dochtúir, an múinteoir) ‘Céard a thug an dochtúir di?’ ‘An raibh biseach uirthi?’ Úsáideann an múinteoir sraith pictiúr chun an scéal a mhealladh ó na páistí. Iarrann an múinteoir ar sheachtar páistí teacht amach os comhair an ranga.Tugtar pictiúr an duine dóibh. Ar dtús, insíonn na páistí go léir an scéal le chéile. Ansin, insíonn grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an scéal. Freagair na Ceisteanna: Cé a bhí tinn? An raibh pian ag Ciara? Ar chodail sí i rith na hoíche? Ar fhan Mamó léí? Cé a chuir fios ar an dochtúir? Ar tháinig an dochtúir? Ar tháinig an t-otharcharr? Ar ith Ciara milseáin? Bí ag Caint: Cé a bhí tinn? An raibh pian ag Ciara? Ar chodail sí i rith na hoíche? Ar fhan Mamó léí? Cé a chuir fios ar an dochtúir? Ar tháinig an dochtúir? Ar tháinig an t-otharcharr? Ar ith Ciara milseáin? Deir an múinteoir abairt san aimsir chaite. Iarrann an múinteoir ar na páistí na habairtí a rá san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. D’fhan Mamó léi inné. ___ Mamó léi gach lá. ___ Mamó léi amárach. D’fhág sí mála milseán ar an mbord inné. ___ sí mála milseán ar an mbord gach lá. ___ sí mála milseán ar an mbord amárach. Litriú: Ar chodail sí? Chodail sí. Níor chodail sí. Ar tháinig sí? Tháinig sí. Níor tháinig sí.

251

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 251

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 120. Léann na páistí an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An raibh Ciara tinn aréir?’ ‘Ar chodail sí i rith na hoíche?’ ‘Cé a d’fhan léi?’ ‘Cé a chuir fios ar an dochtúir?’ ‘Ar tháinig ___?’ (an dochtúir, an múinteoir) ‘Céard a thug an dochtúir di?’ ‘An raibh biseach uirthi go luath?’ Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Ceistíonn an páiste páistí eile. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Cuireann páiste A na ceisteanna ar pháiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 120. Cuireann páiste A na ceisteanna ar pháiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 120. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An bhfuil pian agat i do bholg?’ ‘An bhfuil tuirse ort?’ ‘Ar chuir tú fios ar bpríomhoide?’ ‘An bhfuil biseach ort?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Bhí pian ina bolg ag Ciara aréir.’ ‘Níor chodail sí i rith na hoíche.’ An bhfuil an páiste in ann briathra a athrú ó aimsir go haimsir? ‘D’fhan Mamó le Ciara inné.’ ‘Fanann Mamó le Ciara gach lá.’ ‘Fanfaidh Mamó le Ciara amárach.’ ‘D’fhág Mamó milseáin ar an mbord inné.’ ‘Fágann Mamó milseáin ar an mbord gach lá.’ ‘Fágfaidh Mamó milseáin ar an mbord amárach.’

252

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 252

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Aonad 3 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Nuacht a thabhairt Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga An Nuacht An nuacht á léamh ag Róisín. Bhí mé tinn inné. Ní raibh mé ar scoil. Bhí pian i mo bholg. Chuir Daidí fios ar an dochtúir. Tháinig an dochtúir go dtí mo theach. Thug sí leigheas dom. Bhí biseach orm ansin. An Aimsir An aimsir á léamh ag Oisín. Dia daoibh, a chairde agus fáilte romhaibh. Beidh stoirm ann anocht. Beidh sé an-ghaofar. Beidh gaoth láidir ag séideadh. Beidh tintreach agus toirneach ann. Beidh na páistí préachta leis an bhfuacht.

Caint an Ranga Bhí mé tinn inné. Ní raibh mé ar scoil. Bhí pian i ___. (mo bholg, mo cheann, mo lámh, mo chos, srl.) Chuir mé fios ___. (ar an dochtúir, ar an múinteoir ar mo chara, srl.) Beidh stoirm ann anocht. Beidh sé an-ghaofar. Beidh gaoth láidir ag séideadh. Beidh tintreach agus toirneach ann.

D’fhág. Fágann. Fágfaidh. D’fhéach. Féachann. Féachfaidh. D’fhan. Fanann. Fanfaidh. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An raibh tú tinn inné?’ ‘An raibh tú ar scoil?’ ‘An raibh pian agat?’ ‘Cá raibh an phian?’ ‘Ar chuir tú fios ar an dochtúir?’ ‘Cé a chuir fios ar an dochtúir?’ ‘Ar tháinig an dochtúir go dtí do theach?’ ‘Cad a thug an dochtúir duit?’ ‘An raibh biseach ort?’ ‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cén saghas aimsire a bheidh ann anocht?’ ‘An mbedh sé gaofar?’ ‘An mbeidh gaoth láidir ag séideadh?’ ‘An mbeidh tintreach agus toirneach ann?’ ‘An mbeidh na páistí préachta leis an bhfuacht?’ Scríobh na hAbairtí: D’fhág Niamh an seomra suí inné. Fágann Niamh an seomra suí gach lá. Fágfaidh Niamh an seomra suí amárach. D’fhéach Niamh ar an teilifís inné. Féachann Niamh ar an teilifís gach lá. Féachfaidh Niamh ar an teilifís amárach. D’fhan Niamh sa seomra suí inné. Fanann Niamh sa seomra suí gach lá. Fanfaidh Niamh sa seomra suí amárach. Spraoi le Briathra: D’fhan sí/Fanann sí/Fanfaidh sí. D’fhág sí/Fágann sí/Fágfaidh sí. D’fhéach sí/Féachann sí/Féachfaidh sí. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus ceistítear an páiste:‘An raibh tú tinn inné?’ ‘An raibh tú ar scoil?’ ‘An raibh pian agat?’ ‘Cá raibh an phian?’ ‘Ar chuir tú fios ar an dochtúir?’ ‘Cé a chuir fios ar an dochtúir?’ ‘Ar tháinig an dochtúir go dtí do theach?’ Litriú: D’fhan sí. Fanann sí. Fanfaidh sí. D’fhág sí. Fágann sí. Fágfaidh sí. D’fhéach sí. Féachann sí. Féachfaidh sí.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘Bhí mé tinn inné.’ ‘Ní raibh mé ar scoil.’ ‘Bhí pian i mo bholg.’ ‘Chuir Daidí fios ar an dochtúir.’ ‘Tháinig an dochtúir go dtí mo theach.’ ‘Thug sí leigheas dom.’ ‘Bhí biseach orm ansin.’ Tugann na páistí eile bualadh bos nuair a bhíonn críochnaithe ag an bpáiste.

253

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 253

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Ceistíonn an múinteoir na páistí faoin aimsir:‘Cén séasúr atá ann?’ ‘Cén saghas aimsire a bheidh ann anocht?’ ‘An mbeidh sé gaofar?’ ‘An mbeidh gaoth láidir ag séideadh?’ ‘An mbeidh tintreach agus toirneach ann?’ ‘An mbeidh na páistí préachta leis an bhfuacht?’ Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus déanann an páiste cur síos ar an aimsir. Obair Bheirte: Insíonn páiste A nuacht do pháiste B. Insíonn páiste B nuacht do pháiste A. Déanann páiste A cur síos ar an aimsir. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 121. Léann na páistí na habairtí san aimsir chaite. Scríobhann siad na habairtí san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An raibh tú tinn inné?’ ‘An raibh tú ar scoil?’ ‘An raibh pian agat i do bholg?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann nuacht a thabhairt? ‘Bhí mé tinn inné.’ ‘Ní raibh mé ar scoil.’ ‘Bhí pian i mo bholg.’ srl. An bhfuil an páiste in ann tuairisciú faoin aimsir? ‘Beidh stoirm ann anocht.’ ‘Beidh sé an-ghaofar.’ ‘Beidh gaoth láidir ag séideadh.’ ‘Beidh tintreach agus toirneach ann.’ An bhfuil an páiste in ann briathra a athrú ó aimsir go haimsir? ‘D’fhan sí/Fanann sí/Fanfaidh sí.’ ‘D’fhág sí/Fágann sí/Fágfaidh sí.’ ‘D’fhéach sí/Féachann sí/Féachfaidh sí.’

254

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 254

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Scéal – An Mhaighdean Mhara Scéalaí:

Fadó, fadó, bhí clann ina cónaí i dteach beag in aice na farraige. An geimhreadh a bhí ann. Bhí sé ag cur seaca. Bhí gach duine préachta leis an bhfuacht. Ní raibh aon adhmad acu don tine. Chuaigh fear an tí amach chun adhmad a fháil. Bhí tua adhmaid aige. Chonaic sé crann mór in aice na farraige.

Fear an Tí:

Gearrfaidh mé an crann seo.

Scéalaí:

Thosaigh an fear ag gearradh. Go tobann, thit an tua isteach san uisce. Bhí brón ar an bhfear.

Fear an Tí:

Cad a dhéanfaidh mé?

An Mhaighdean Mhara:

Cad atá ort?

Fear an Tí:

Thit an tua isteach san uisce. Níl aon adhmad agam don tine.

An Mhaighdean Mhara:

Cabhróidh mé leat. Gheobhaidh mé an tua duit.

Scéalaí:

Chuaigh an mhaighdean mhara isteach san uisce. Nuair a tháinig sí amach as an uisce bhí tua óir aici.

An Mhaighdean Mhara:

An leatsa an tua óir seo?

Fear an Tí:

Tá an tua óir go hálainn ach ní liomsa é.

Scéalaí:

Chuaigh an mhaighdean mhara isteach san uisce arís. Nuair a tháing sí amach as an uisce bhí tua airgid aici.

An Mhaighdean Mhara:

An leatsa an tua airgid seo?

Fear an Tí:

Tá an tua airgid go hálainn ach ní liomsa é.

Scéalaí:

Chuaigh an mhaighdean mhara isteach san uisce arís.

Scéalaí:

Nuair a tháing sí amach as an uisce bhí tua adhmaid aici.

An Mhaighdean Mhara:

An leatsa an tua adhmaid seo?

Fear an Tí:

Is liomsa é.

Scéalaí:

Thug an mhaighdean mhara an tua adhmaid don fhear. Bhí áthas an domhain air.

Fear an Tí:

Go raibh míle maith agat.

An Mhaighdean Mhara:

Ná habair é. Tabharfaidh mé an tua óir agus an tua airgid duit freisin mar d’inis tú an fhírinne. Is fear deas macánta tú.

255

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 255

31/08/2018 11:14


Sa Bhaile Fear an Tí:

Go raibh míle maith agat.

An Mhaighdean Mhara:

Ná habair é.

Scéalaí:

Bhí áthas an domhain ar an bhfear. Chuaigh sé go dtí an baile mór. Dhíol sé an tua óir agus an tua airgid. Fuair sé a lán airgid. Cheannaigh sé a lán bia agus éadaí deasa don chlann. Nuair a tháinig an fear abhaile thug sé na héadaí deasa don chlann. Chuir siad na héadaí deasa orthu. Las fear an tí tine mhór sa tinteán. Bhí béile álainn acu. Bhí an chlann go léir sona sásta.

Foclóir: ag cur seaca, an mhaighdean mhara, an fear, tua óir, tua airgid, tua adhmaid, an fharraige, crann, adhmad, teach, uisce. Freagair na Ceisteanna: 1 Cá raibh an chlann ina cónaí? 2 Cén séasúr a bhí ann? 3 Cén saghas aimsire a bhí ann? 4 Cad a chonaic an fear san uisce? 5 Cén fáth a raibh brón ar an bhfear? 6 An bhfuair an mhaighdean mhara tua óir san uisce? 7 An bhfuair an mhaighdean mhara tua airgid san uisce? 8 An bhfuair an mhaighdean mhara tua adhmaid san uisce? 9 Cad a cheannaigh an fear don chlann? Bí ag Caint: 1 Cá raibh an chlann ina cónaí? 2 Cén séasúr a bhí ann? 3 Cén saghas aimsire a bhí ann? 4 Cad a chonaic an fear san uisce? 5 Cén fáth a raibh brón ar an bhfear? 6 An bhfuair an mhaighdean mhara tua óir san uisce? 7 An bhfuair an mhaighdean mhara tua airgid san uisce? 8 An bhfuair an mhaighdean mhara tua adhmaid san uisce? 9 Cad a cheannaigh an fear don chlann? Bí ag Scríobh: Geobhaidh mé ___ duit. (tua, babhla siúcra, cupán, pláta, torthaí, fochupán, crúiscín, adhmad) Bua na Cainte 3 lch. 122.Tarraingíonn na páistí pictiúr. Scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Bua na Cainte 3 lch. 123. Líonann na páistí na bearnaí chun na habairtí a chomhlánú. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin bpictiúr.Tig leo an foclóir ar lch. 122 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga.

256

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 256

03/09/2018 16:40


Sa Bhaile Measúnú don Fhoghlaim Teanga ó Bhéal 1 An bhfuil an carr os comhair an tí? 2 Cá bhfuil an veain? 3 Cad atá sa ghairdín? 4 Déan cur síos ar an teach. 5 Déan cur síos ar an ngairdín. 6 Ainmnigh na contaetha i gCúige Laighean. 7 Cá bhfuil tú i do chónaí? 8 Ar bhain Ruairí a phitseámaí de? 9 Ar éirigh Oisín go moch ar maidin? Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht 1 Cé a chuaigh go dtí an siopa? 2 An ndeachaigh Mamó go dtí an siopa? 3 Ar fhan Mamó sa bhaile? 4 Ar fhan Daidí sa bhaile? 5 Cé a bhí i bhfeighil an tí? 6 Cé a scuab an t-urlár? 7 Cé a chuir na gréithe salacha isteach sa mhiasniteoir? 8 Céard a thug Mamó do na páistí? 9 Ar fhág Daidí milseáin ar an mbord? 10 Ar fhág Mamó milseáin ar an mbord?

257

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp200-257).indd 257

31/08/2018 11:14


An Teilifís An Teilifís – Aonad Teagaisc agus Foghlama 1 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 124–128) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga An tráthnóna a bhí ann. Bhí an chlann sa seomra suí. Bhí pictiúr ar crochadh ar an mballa. Bhí scáthán os cionn na tine. Bhí tine mhór ar lasadh sa tinteán. Bhí dhá choinneal agus grianghraf ar an matal. Bhí lampa sa chúinne. Bhí Bran ina chodladh sámh os comhair na tine. Bhí cuirtíní agus dallóg ar an bhfuinneog. Bhí Daidí ina shuí ar an gcathaoir uilleach in aice na tine. Bhí sé ag caint le Daideo ar an bhfón póca. Bhí Niamh ag imirt cluiche ar an ríomhaire. Bhí Mamaí, Ciara agus Oisín ina suí ar an tolg. Lig siad a scíth. Bhí Mamaí ag léamh leabhair. Chuir Oisín an teilifís ar siúl. Thosaigh Ciara agus Oisín ag féachaint ar an teilifís. Bhí sorcas ar siúl ar an teilifís.

An tráthnóna a bhí ann. Chuaigh an chlann go dtí an sorcas. Chonaic siad capaill ag damhsa. Bhí an madra ag seinm veidhlín. Bhí bríste ar an gcat. Tháinig leon. Bhí éan ar a shrón. Bhí an moncaí gléasta mar gharda. Bhí an luch ag marcaíocht ar mhuc. Bhí an t-asal ag canadh amhráin. Thaitin an sorcas go mór leis na páistí. Litriú: an t-asal, an t-éan, an t-uan, an t-iasc.

Litriú: Tá mata os comhair na tine.Tá tolg os comhair na tine.Tá bord os comhair na tine.

258

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 258

31/08/2018 11:16


An Teilifís Cén t-am é? Tá sé ___ a chlog. (a haon déag, a dó dhéag) Tá sé ___ tar éis a haon déag. (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) Tá sé ___ chun a dó dhéag. (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig) Litriú: a deich, a haon déag, a dó dhéag.

Bhí na páistí ag féachaint ar an sceideal teilifíse. Cén t-am a bheidh ___ ar siúl? (an clár dúlra, an sorcas, an cartún, an clár spóirt, an clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, an dráma) Beidh ___ (an clár dúlra, srl.) ar siúl ___. (ar ceathrú tar éis a trí, ar ceathrú chun a ceathair, ar cúig tar éis a ceathair, ar fiche tar éis a ceathair, ar leathuair tar éis a cúig, ar deich chun a sé, ar fiche cúig tar éis a sé, ar fiche cúig chun a seacht) Litriú: clár dúlra, clár ceoil, clár spóirt.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Dán – Tá an Sorcas ag Teacht

Rí na Sióg

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: Rí na Sióg

Tasc Tuisceana Foclóir Feicim le mo Shúilín Scríobh an Scéal Freagair na Ceisteanna Bí ag Caint Bí ag Scríobh

Obair Bheirte Cá bhfuil ___ ina shuí? (Daidí, Oisín) Tá ___ (Daidí, Oisín) ina shuí ___. (ar an tolg, ar gcathaoir uilleach) Cá bhfuil ___? (an grianghraf, an scáthán, na cuirtíní, Bran, an pictiúr, an clog, an dallóg) Tá ___ ar an mballa, os cionn na tine, srl. (an grianghraf, an scáthán, srl.) Ar tháinig an sorcas? Tháinig/Níor tháinig an sorcas. An ndeachaigh ___ go dtí an sorcas? (Róisín, Ciara) Chuaigh/Ní dheachaigh ___ go dtí an sorcas. (Róisín, Ciara) Cad a bhí ar siúl ___? (ag an madra, ag an asal, ag an luch) Bhí ___ (an madra, srl.) ___. (ag seinm veidhlín, srl.) Conas a bhí ___ gléasta? (an cat, srl.) Bhí bríste ar an gcat. srl. Ar thaitin an sorcas leis na páistí? Thaitin/Níor thaitin an sorcas leis na páistí. Cén t-am a bheidh an clár dúlra ar siúl? Beidh an clár dúlra ar siúl ar ___. (ceathrú tar éis a trí, srl.) Cén t-am é? Tá sé ___ (cúig tar éis, cúig chun, srl.) ___. (a haon, srl.)

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Chuir mé ___ ar siúl. (an ríomhaire, an solas) Suigh síos agus lig do scíth. Seas os comhair an ranga. Seasaigí os comhair an chláir bháin. Féach ar an bpictiúr atá ar crochadh ar an mballa. Dún an dallóg/na dallóga. Bí ag caint le do chara.

Ar thaitin an leabhar leat? Thaitin/Níor thaitin an leabhar liom. Cén t-am a thagann tú ar scoil? Cén t-am a théann tú abhaile? Cén t-am a thosaíonn an sos? Cén t-am a chríochnaíonn an sos?

Cén t-am a a thosaíonn an lón? Cén t-am a chríochnaíonn an lón? Cén t-am a bheidh an clár spóirt ar siúl?

259

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 259

31/08/2018 11:16


An Teilifís Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Drámaíocht Rí na Sióg

Ceol An Fathach Fíochmhar

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

260

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 260

31/08/2018 11:16


An Teilifís Aonad 1 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

An Seomra Suí An tráthnóna a bhí ann. Bhí an chlann sa seomra suí. Bhí pictiúr ar crochadh ar an mballa. Bhí scáthán os cionn na tine. Bhí tine mhór ar lasadh sa tinteán. Bhí dhá choinneal agus grianghraf ar an matal. Bhí lampa sa chúinne. Bhí Bran ina chodladh sámh os comhair na tine. Bhí cuirtíní agus dallóg ar an bhfuinneog. Bhí Daidí ina shuí ar an gcathaoir uilleach in aice na tine. Bhí sé ag caint le Daideo ar an bhfón póca. Bhí Niamh ag imirt cluiche ar an ríomhaire. Bhí Mamaí, Ciara agus Oisín ina suí ar an tolg. Lig siad a scíth. Bhí Mamaí ag léamh leabhair. Chuir Oisín an teilifís ar siúl. Thosaigh Ciara agus Oisín ag féachaint ar an teilifís. Bhí sorcas ar siúl ar an teilifís.

Seas os comhair an ranga. Seasaigí os comhair an chláir bháin. Féach ar an bpictiúr atá ar crochadh ar an mballa. Dún na dallóga. Bí ag caint le do chara. Cuir ___ ar siúl. (an ríomhaire, an solas) Suigh síos agus lig do scíth. Suígí síos agus ligigí bhur scíth. Dún an dallóg. Bí ag féachaint ar an gclár bán. Cuir an bosca bruscair sa chúinne.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá raibh an chlann?’ ‘Cad a bhí ar crochadh ar an mballa?’ ‘Cad eile a bhí ar crochadh ar an mballa?’ ‘Cad a bhí ar lasadh sa tinteán?’ ‘Cad a bhí ar an matal?’ ‘Cá raibh an lampa?’ ‘Cá raibh Bran?’ ‘Cad a bhí ar an bhfuinneog?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag ___?’ (Mamaí, Daidí, Niamh, Oisín, Ciara) ‘Cad a bhí ar siúl ar an teilifís?’ Spreagann an múinteoir na páistí cur síos a dhéanamh ar an seomra suí.Tagann páiste amach go dtí an clár bán. Déanann an páiste cur síos ar an seomra suí. Tasc Tuisceana: Cuir pictiúr ar crochadh ar an mballa. Cuir scáthán os cionn na tine. Cuir Bran ar an mata os comhair na tine. Cuir dhá choinneal ar an matal. Cuir grianghraf ar an matal freisin. Cuir cathaoir uilleach in aice na tine. Cuir tolg in aice leis an gcathaoir uilleach. Cuir lampa sa chúinne. Cuir an teilifís ar an mballa. Cuir dallóg ar an bhfuinneog. Cuir cuirtíní ar an bhfuinneog. Cuir tine sa tinteán. Foclóir: tine, tinteán, tolg, cathaoir uilleach, cúinne, grianghraf, matal, scáthán, dallóg, cuirtíní. Feicim le mo Shúilín: tine, tinteán, tolg, cathaoir uilleach, cúinne, grianghraf, matal, scáthán, dallóg, cuirtíní. Scríobh an Scéal: Bhí an chlann sa seomra suí. Bhí grianghraf ar crochadh ar an mballa. Bhí scáthán ar crochadh ar an mballa freisin. Bhí tine mhór ar lasadh sa tinteán. Bhí dhá choinneal agus grianghraf ar an matal. Bhí lampa sa chúinne. Bhí Bran ina chodladh sámh os comhair na tine. Bhí cuirtíní agus dallóg ar an bhfuinneog. Bhí Mamaí ina suí ar an gcathaoir uilleach in aice na tine. Bhí sí ag caint le Mamó ar an bhfón póca. Bhí Niamh ag imirt cluiche ar an ríomhaire. Bhí Daidí, Ciara agus Oisín ina suí ar an tolg. Lig siad a scíth. Bhí Daidí ag léamh.Thosaigh Ciara agus Oisín ag féachaint ar an teilifís. Bhí sorcas ar siúl ar an teilifís.Thaitin an sorcas go mór leis na páistí. Litriú: Tá mata os comhair na tine.Tá tolg os comhair na tine.Tá bord os comhair na tine.

261

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 261

31/08/2018 11:16


An Teilifís Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga. Roghnaíonn an páiste troscán, srl. chun seomra suí a chruthú. Deir an múinteoir agus an páiste gach re abairt chun cur síos a dhéanamh ar an seomra suí. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Deir páiste A agus páiste B gach re abairt chun cur síos a dhéanamh ar an seomra suí. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 124. Féachann na páistí ar an seomra suí. Deir páiste A agus páiste B gach re abairt chun cur síos a dhéanamh ar an seomra suí.

Tréimhse Iarchumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 124. Freagraíonn na páistí ceisteanna agus scríobhann na páistí na freagraí. Tarraingíonn na páistí pictiúr den seomra suí. Scríobhann na páistí focail in aice leis na pictiúir. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoina seomra suí féin.Tig leo an foclóir ar lch. 124 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Tugann an múinteoir treoracha do na páistí: ‘Suigh síos agus lig do scíth.’ ‘Seas os comhair an ranga.’ srl.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (tráthnóna, an chlann, seomra suí, pictiúr, scáthán, os cionn na tine, tine, tinteán, coinneal, grianghraf, matal, lampa, cúinne, os comhair na tine, cuirtíní, dallóg, fuinneog, cathaoir uilleach, fón póca, ríomhaire, tolg, lig siad a scíth, teilifís, sorcas) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh faoin seomra suí? ‘An tráthnóna a bhí ann.’ ‘Bhí an chlann sa seomra suí.’ ‘Bhí pictiúr ar crochadh ar an mballa.’ ‘Beidh sé ag cur sneachta anocht.’ srl.

262

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 262

31/08/2018 11:16


An Teilifís Aonad 1 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Cur síos a dhéanamh Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga An tráthnóna a bhí ann. Chuaigh an chlann go dtí an sorcas. Chonaic siad capaill ag damhsa. Bhí an madra ag seinm veidhlín. Bhí bríste ar an gcat. Tháinig leon. Bhí éan ar a shrón. Bhí an moncaí gléasta mar gharda. Bhí an luch ag marcaíocht ar mhuc. Bhí an t-asal ag canadh amhráin. Thaitin an sorcas go mór leis na páistí.

Caint an Ranga An bhfaca tú ___? Chonaic/Ní fhaca mé ___. Cad atá ar siúl agat? Ar thaitin ___ leat? Thaitin ___ go mór liom.

Dán – Tá an Sorcas ag Teacht Seo chugainn an sorcas! Tá an sorcas ag teacht! Seo chugainn na capaill ag damhsa! Féach ar an madra ag seinm veidhlín! Féach ar an gcat is a threabhsar! Féach ar an leon is an t-éan ar a shrón! Seo moncaí is é gléasta mar gharda! Féach ar an luch ag marcaíocht ar mhuc Is an t-asal ag canadh amhráin dó. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán Tá an Sorcas ag Teacht do na páistí. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá ar siúl ___?’ (ag na capaill, ag an madra, ag an luch) ‘An maith leat an dán?’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá ndeachaigh na páistí?’ ‘Cad a chonaic siad?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an madra?’ ‘An bhfaca na páistí leon?’ ‘Conas a bhí an moncaí gléasta?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an luch?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag an asal?’ ‘Ar thaitin an sorcas leis na páistí?’ Úsáideann an múinteoir pictiúir chun an scéal a mhealladh ó na páistí. Freagair na Ceisteanna: Ar tháinig an sorcas? An ndeachaigh an chlann go dtí an sorcas? An raibh na capaill ag damhsa? Cad a bhí ar siúl ag an madra? An bhfaca na páistí leon? Conas a bhí an moncaí gléasta? Cad a bhí ar siúl ag an luch? Cad a bhí ar siúl ag an asal? Ar thaitin an sorcas leis na páistí? Bí ag Caint: Ar tháinig an sorcas? An ndeachaigh an chlann go dtí an sorcas? An raibh na capaill ag damhsa? Cad a bhí ar siúl ag an madra? An bhfaca na páistí leon? Conas a bhí an moncaí gléasta? Cad a bhí ar siúl ag an luch? Cad a bhí ar siúl ag an asal? Ar thaitin an sorcas leis na páistí? Litriú: An t-asal. An t-éan. An t-uan. An t-iasc.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 125. Léann na páistí an scéal. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla. Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna.

263

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 263

31/08/2018 11:16


An Teilifís Obair Bheirte: Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil. ‘Ar tháinig an sorcas?’ ‘An ndeachaigh ___ go dtí an sorcas?’ (Róisín, Ciara) ‘Cad a bhí ar siúl ___?’ (ag an madra, ag an asal, ag an luch) ‘Conas a bhí ___ gléasta?’ (an madra, an cat) ‘Ar thaitin an sorcas leis na páistí?’

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. ‘Ar tháinig an sorcas?’ ‘An ndeachaigh ___ go dtí an sorcas?’ (Róisín, Ciara) ‘Cad a bhí ar siúl ___?’ (ag an madra, ag an asal, ag an luch) ‘Conas a bhí ___ gléasta?’ (an madra, an cat) ‘Ar thaitin an sorcas leis na páistí?’ Bua na Cainte 3 lch. 126. Léann na páistí an dán. Scríobhann siad an dán.Tarraingíonn siad pictiúir chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘An ndeachaigh tú go dtí ___?’ (an cluiche, an halla, an sorcas) ‘Ar thaitin ___ leat?’ (an sorcas, an leabhar, an dán, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (an tráthnóna, an chlann, an sorcas, capaill, damhsa, an madra, ag seinm, bríste, cat, leon, éan, srón, moncaí, garda, luch, ag marcaíocht, muc, an t-asal, ag canadh, na páistí) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘An tráthnóna a bhí ann.’ ‘Chuaigh an chlann go dtí an sorcas.’ ‘Chonaic siad capaill ag damhsa.’ srl. An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Bhí an madra ag seinm veidhlín.’ ‘Bhí bríste ar an gcat.’

264

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 264

31/08/2018 11:16


An Teilifís Aonad 1 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt An t-am a insint

Eiseamláirí Teanga Cén t-am é? Tá sé ___ a chlog. (a haon déag, a dó dhéag) Tá sé ___ tar éis a haon déag. (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, leathuair) Tá sé ___ chun a dó dhéag. (cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig)

Caint an Ranga Cén t-am a bheidh ___ ar siúl? (an cluiche, an dráma, an cheolchoirm, srl.) Beidh ___ (an cluiche, an dráma, an cheolchoirm, srl.) ar siúl ar ___. (ceathrú tar éis a seacht, srl.)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá chun dul siar ar an am leis na páistí. Úsáidtear an clog ar an gclár bán idirghníomhach. Socraíonn an múinteoir lámha an chloig ag amanna difriúla. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am é?’ Socraíonn páiste lámha an chloig ag amanna difriúla. Ceistíonn an páiste páistí eile:‘Cén t-am é?’ Tasc Tuisceana 3.1: Cén t-am é? Tá sé fiche chun a cúig.Tá sé leathuair tar éis a seacht.Tá sé cúig tar éis a haon déag.Tá sé deich tar éis a dó dhéag.Tá sé fiche cúig chun a sé.Tá sé ceathrú chun a ceathair.Tá sé ceathrú tar éis a deich.Tá sé fiche tar éis a naoi.Tá sé fiche cúig tar éis a hocht. Tasc Tuisceana 3.2: Cén t-am é? Tá sé cúig chun a cúig.Tá sé cúig tar éis a haon déag.Tá sé leathuair tar éis a seacht.Tá sé cúig chun a trí.Tá sé deich tar éis a dó dhéag.Tá sé cúig chun a sé.Tá sé ceathrú chun a ceathair.Tá sé fiche tar éis a naoi.Tá sé ceathrú tar éis a deich.Tá sé a dó dhéag a chlog. Litriú: a deich, a haon déag, a dó dhéag.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Déanann an múinteoir sceideal teilifíse. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am a bheidh ___ ar siúl?’ (an seó spóirt, srl.) Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Déanann an páiste sceideal teilifíse. Ceistíonn an páiste páistí eile:‘Cén t-am a bheidh ___ ar siúl?’ (Tuar na hAimsire, srl.) Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 127. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén t-am a bheidh ___ ar siúl?’ (an clár ceoil, srl.) Freagraíonn páiste B na ceisteanna.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 127. Léann na páistí an t-am. Scríobhann na páistí an t-am ina gcóipleabhair:‘Tá sé a hocht a chlog.’ srl. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí ar maidin:‘Cén t-am é?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? ‘Tá sé a haon déag, a dó dhéag a chlog.’ ‘Tá sé cúig, deich, ceathrú, fiche, fiche cúig, tar éis/chun ___.’ (a haon déag, srl.) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén t-am é?’ ‘Tá sé cúig chun a hocht.’ srl. An bhfuil an páiste in ann an t-am a insint? ‘Tá sé deich chun a seacht.’ srl.

265

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 265

31/08/2018 11:16


An Teilifís Aonad 1 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ● ●

Stór focail a shealbhú agus a úsáid An t-am a insint Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Bhí na páistí ag féachaint ar an sceideal teilifíse. Cén t-am a bheidh ___ ar siúl? (an clár dúlra, an sorcas, an cartún, an clár spóirt, an clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, an dráma) Beidh ___ (an clár dúlra, srl.) ar siúl ___. (ar ceathrú tar éis a trí, ar ceathrú chun a ceathair, ar cúig tar éis a ceathair, ar fiche tar éis a ceathair, ar leathuair tar éis a cúig, ar deich chun a sé, ar fiche cúig tar éis a sé, ar fiche cúig chun a seacht)

Caint an Ranga Cén t-am a thosaigh ___? Cén t-am a chríochnaigh ___? Cén t-am a bheidh an clár spóirt ar siúl? Beidh an clár spóirt ar siúl ar leathuair tar éis a trí.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Úsáidtear an clog ar an gclár bán idirghníomhach. Socraíonn an múinteoir lámha an chloig ag amanna difriúla. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá sé fiche tar éis a trí.’ Socraíonn páiste lámha an chloig ag amanna difriúla. Ceistíonn an páiste páistí eile:‘Cén t-am é?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá sé cúig tar éis a sé.’ Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí féachaint ar an sceideal teilifíse agus meallann an múinteoir abairtí uathu:‘Thosaigh an clár ar ___.’ (ceathrú tar éis a trí, srl.) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am a thosaigh an clár?’ Freagraíonn na páistí:‘Thosaigh an clár ar ___.’ (deich tar éis a sé, srl.) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am a chríochnaigh an clár?’ Freagraíonn na páistí:‘Chríochnaigh an clár ar ___.’ (ceathrú tar éis a seacht, srl.) Bí ag Scríobh: Beidh ___ ar siúl ar an teilifís anocht. (clár dúlra, sorcas, cartún, clár spóirt, clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, dráma) Freagair na Ceisteanna: Cén t-am a bheidh ___ ar siúl? (an clár dúlra, an sorcas, an cartún, an clár spóirt, an clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, an dráma) Beidh ___ (an clár dúlra, an sorcas, an cartún, an clár spóirt, an clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, an dráma) ar siúl ar ___. (ceathrú tar éis a trí, ceathrú chun a ceathair, cúig chun a ceathair, fiche tar éis a ceathair, leathuair tar éis a cúig, deich chun a sé, fiche cúig tar éis a sé, fiche cúig chun a seacht) Bí ag Caint: Cén t-am a bheidh ___ ar siúl? (an clár dúlra, an sorcas, an cartún, an clár spóirt, an clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, an dráma) Beidh ___ (an clár dúlra, srl.) ar siúl ___. (ar ceathrú tar éis a trí, ceathrú chun a ceathair, ar cúig chun a ceathair, ar fiche tar éis a ceathair, ar leathuair tar éis a cúig, ar deich chun a sé, ar fiche cúig tar éis a sé, ar fiche cúig chun a seacht) Litriú: clár dúlra, clár ceoil, clár spóirt.

Tréimhse Chumarsáide

Úsáidtear an clár bán idirghníomhach. Déanann an múinteoir sceideal teilifíse. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén t-am a thosaigh an clár?’ ‘Cén t-am a chríochnaigh an clár?’ Freagraíonn na páistí na ceisteanna:‘Thosaigh an clár ar ___.’ (ceathrú tar éis a seacht, srl.) ‘Chríochnaigh an clár ar ___.’ (deich chun a naoi, srl.) Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Déanann an páiste sceideal teilifíse. Ceistíonn an páiste páistí eile:‘Cén t-am a thosaigh an clár?’ ‘Cén t-am a chríochnaigh an clár?’ Freagraíonn na páistí na ceisteanna:‘Thosaigh an clár ar ___.’ (fiche chun a seacht, srl.) ‘Chríochnaigh an clár ar ___.’ (cúig chun a naoi, srl.) Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 128. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén t-am a bheidh ___ ar siúl?’ (an clár dúlra, an sorcas, an cartún, an clár spóirt, an clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, an dráma) Freagraíonn páiste B:‘Beidh ___ (an clár dúlra, 266

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 266

31/08/2018 11:16


An Teilifís an sorcas, an cartún, an clár spóirt, an clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, an dráma) ar siúl ar ___.’ (ceathrú tar éis a trí, ceathrú chun a ceathair, cúig chun a ceathair, fiche tar éis a ceathair, leathuair tar éis a cúig, deich chun a sé, fiche cúig tar éis a sé, fiche cúig chun a seacht) ‘Cén t-am a thosaigh an clár?’ ‘Cén t-am a chríochnaigh an clár?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna:‘Thosaigh an clár ar ___.’ ‘Chríochnaigh an clár ar ___.’ Malartaíonn na páistí róil agus ceistíonn páiste B páiste A. Freagraíonn páiste A.

Tréimhse Iarchumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 128. Léann na páistí an sceideal teilifíse. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna.

Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí ar maidin:‘Cén t-am a d’éirigh tú ar maidin?’ ‘Cén t-am a d’fhág tú an baile?’ ‘Cén t-am a tháinig tú ar scoil?’ srl. Spreagtar na páistí na ceisteanna a fhreagairt:‘D’éirigh mé ar a seacht a chlog.’ srl.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (clár dúlra, an sorcas, an cartún, clár spóirt, clár ceoil, an nuacht, tuar na haimsire, dráma) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén t-am a bheidh ___ ar siúl?’ (an clár dúlra, srl.) ‘Beidh ___ (an clár dúlra, srl.) ar siúl ar ___.’ (ceathrú tar éis a trí, srl.) An bhfuil an páiste in ann an t-am a insint? ‘Tá sé fiche tar éis a ceathair.’ srl.

267

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 267

31/08/2018 11:16


An Teilifís An Teilifís – Aonad Teagaisc agus Foghlama 2 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 129–135) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain. mé, tú, sé, sí, sinn, sibh, siad. Litriú: sinn, sibh, siad. Ar fhéach tú ar an teilifís aréir? D’fhéach mé ar an teilifís aréir. Cad a bhí ar siúl? Bhí clár dúlra ar siúl. Ar thaitin sé leat? Thaitin sé go mór liom. Cén t-am a thosaigh an clár? Thosaigh an clár ar ceathrú tar éis a cúig. Cén t-am a chríochnaigh an clár? Chríochnaigh an clár ar ceathrú chun a sé. Litriú: Screadamar, scread sibh, scread siad. D’fhéachamar, d’fhéach sibh, d’fhéach siad.

Chuaigh na páistí go dtí an phictiúrlann. Bhí siad ar bís. Bhí scannán uafáis ar siúl. Chuala Ciara fathach fíochmhar. Bhí eagla an domhain uirthi. Scread sí. Léim sí in airde. Rith sí amach as an bpictiúrlann ar nós na gaoithe. Lean Oisín agus Niamh í. Ná bí buartha! Beidh tú ceart go leor. Thug Oisín grán rósta di. Bhí sí sona sásta arís. Léim mé, léim tú, léim sé, léim sí, léimeamar, léim sibh, léim siad. Litriú: Léimeamar, léim sibh, léim siad. Ritheamar, rith sibh, rith siad.

268

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 268

31/08/2018 11:16


An Teilifís An Nuacht An nuacht á léamh ag Róisín. Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann aréir. Bhí mé ar bís. Bhí scannán uafáis ar siúl. Thosaigh an scannán ar a hocht a chlog. Chríochnaigh an scannán ar leathuair tar éis a naoi. D’ith mé gránach agus milseáin. D’ól mé oráiste. Thaitin an scannán go mór liom. Bhí an scannán ar fheabhas. An Aimsir Dia daoibh agus fáilte romhaibh. Beidh an lá fliuch. Beidh sé ag cur báistí. Beidh sé ag cur fearthainne. Beidh na páistí fliuch báite. Thaitin an sorcas liom. Thaitin an sorcas leat. Thaitin an sorcas leis. Thaitin an sorcas léi. Litriú: liom, leat, leis, léi.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán - Cúige Uladh Dán - An Fathach Fíochmhar

Rí na Sióg

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: Rí na Sióg

Tasc Tuisceana Foclóir Bí ag Caint Spraoi le Briathra Suimeanna Focal Líon na Bearnaí

Obair Bheirte An bhfuil tú i do chónaí ___? (i nDún na nGall, srl.) Tá/Níl mé i mo chónaí ___. (i nDún na nGall, srl.) Cé a chuaigh go dtí an phictiúrlann? An raibh na páistí ar bís? Cé sórt scannáin a bhí ar siúl? Cad a chuala Ciara? Ar scread Ciara? Ar rith Ciara amach as an bpictiúrlann? Ar lean Oisín Ciara?

Cad a thug Oisín do Chiara? An raibh Ciara sona sásta ansin? Ar fhéach tú ar an teilifís aréir? Cad a bhí ar siúl? Ar thaitin sé leat? Cén t-am a thosaigh an clár? Cén t-am a chríochnaigh an clár?

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge

269

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 269

03/09/2018 16:43


An Teilifís Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol An Fathach Fíochmhar

Drámaíocht An Fathach Fíochmhar Rí na Sióg

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

270

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 270

31/08/2018 11:16


An Teilifís Aonad 2 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ●

Contaetha in Uladh a aithint agus ainmniú Stór focal a shealbhú agus a úsáid Forainmneacha pearsanta a shealbhú agus a úsáid

Eiseamláirí Teanga Comhrá 1.1 Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain. Comhrá 1.2 mé, tú, sé, sí, sinn, sibh, siad.

Caint an Ranga Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá mé i mo chónaí ___. (i gCúige Mumhan, i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, i gCúige Laighean) An bhfuil tú i do chónaí ___?

Amhrán – Cúige Uladh Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an amhrán Cúige Uladh.Téitear siar ar na cúigí. Iarrann an múinteoir ar na páistí na cúigí a thaispeáint ar an léarscáil agus a ainmniú:‘Taispeáin dom agus ainmnigh cúigí na hÉireann.’ Freagraíonn na páistí:‘Cúige Mumhan, Cúige Chonnacht, Cúige Uladh, Cúige Laighean.’ ‘An bhfuil tú i do chónaí ___?’ (i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan) Freagraíonn na páistí: ‘Tá mé i mo chónaí ___.’ (i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan) Ceistítear na páistí:‘Cá bhfuil tú i do chónaí?’ Freagraíonn na páistí:‘Tá mé i mo chónaí ___.’ Múintear comhrá 1.1. Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain. Ainmníonn na páistí na contaetha le chéile. Léiríonn an múinteoir contae do na páistí i gCúige Uladh agus ainmníonn na páistí an contae sin. Múintear comhrá 1.2. Mé, tú, sé, sí, sinn, sibh, siad. Síneann an múinteoir a m(h)éar ina t(h)reo féin agus deir sé/sí:‘mé.’ Síneann an múinteoir a m(h)éar i dtreo páiste in aice leis/léi agus deir sé/sí:‘tú.’ Síneann an múinteoir a m(h)éar i dtreo buachalla agus deir sé/sí:‘sé.’ Síneann an múinteoir a m(h)éar i dtreo cailín agus deir sé/sí:‘sí.’ Déanann an múinteoir ciorcal lena d(h)á lámh agus deir sé/sí: ‘sinn.’ Síneann an múinteoir a m(h)éar i dtreo grúpa páistí sa chúinne agus deir sé/sí:‘sibh.’ Síneann an múinteoir a m(h)éar i dtreo grúpa páistí amuigh sa chlós nó i rang eile agus deir sé/sí: ‘siad.’ Tasc Tuisceana: Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain. Foclóir: Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain. Litriú: sinn, sibh, siad.

Tréimhse Chumarsáide

Léiríonn an múinteoir contaetha Uladh do na páistí. Ainmníonn na páistí na contaetha le chéile. Léiríonn an múinteoir contae do na páistí agus iarrann an múinteoir ar pháiste aonair an contae a ainmniú. Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Léiríonn an páiste contae do pháiste eile. Ainmníonn an páiste an contae. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Léiríonn páiste A contae do pháiste B.Ainmníonn páiste B an contae. Ansin malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Léiríonn páiste A contae do pháiste B. Ainmníonn páiste B an contae. Ansin malartaíonn na páistí róil.

271

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 271

31/08/2018 11:16


An Teilifís Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 129. Léann na páistí ainmneacha na gcontaetha i gCúige Uladh.Tarraingíonn siad léarscáil agus scríobhann siad ainm gach contae i gCúige Uladh. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An raibh tú ___?’ (i nDún na nGall, srl.) Freagraíonn na páistí:‘Bhí/Ní raibh mé ___.’ (i nDún na nGall, srl.) ‘An raibh an cluiche, an timpiste, srl. ___?’ (i nDún na nGall, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Bhí ___ (an cluiche, an timpiste, srl.) ___.’ (i nDún na nGall, srl.) ‘Cé bhuaigh an cluiche?’ Freagraíonn an páiste:‘Bhuaigh ___ an cluiche.’ (Tír Eoghain, Dún na nGall, Muineachán, Ard Mhacha, Dún, An Cabhán, Doire, Aontroim, Fear Manach) Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Tíreolaíocht: I gceacht san ábhar Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta d’fhéadfadh na páistí contaetha Uladh a ainmniú i nGaeilge sna ceachtanna Tíreolaíochta.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann contaetha Uladh a aithint agus a ainmniú? (Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain) An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (Dún na nGall, Doire, Aontroim, Dún, Ard Mhacha, Muineachán, An Cabhán, Fear Manach,Tír Eoghain) An bhfuil an páiste in ann na forainmneacha pearsanta ‘mé, tú, sé, sí, sinn, sibh, siad’ a úsáid?

272

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 272

31/08/2018 11:16


An Teilifís Aonad 2 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ●

Scéal a insint Tuairisciú Stór focal a shealbhú agus a úsáid Mothúcháin a léiriú Briathra a úsáid san aimsir chaite

Eiseamláirí Teanga Comhrá 2.1 Chuaigh na páistí go dtí an phictiúrlann. Bhí siad ar bís. Bhí scannán uafáis ar siúl. Chuala Ciara fathach fíochmhar. Bhí eagla an domhain uirthi. Scread sí. Léim sí in airde. Rith sí amach as an bpictiúrlann ar nós na gaoithe. Lean Oisín agus Niamh í. Ná bí buartha! Beidh tú ceart go leor. Thug Oisín grán rósta di. Bhí sí sona sásta arís.

Caint an Ranga Chuaigh mé go dtí ___. (an cluiche, an phictúrlann) Bhí siad ar bís. Bhí eagla an domhain ___. (orm, ort, air, uirthi) Ná bí buartha. Beidh tú ceart go leor. Rith ___ ar nós na gaoithe. (mé, tú, sé, sí)

Comhrá 2.2 Léim mé, léim tú, léim sé, léim sí, léimeamar, léim sibh, léim siad. Dán – An Fathach Fíochmhar Fathach fíochmhar is fuadar faoi, Níl sé ag teacht le bheith ag spraoi. Súile dearga, fiacla géara, Béarfaidh sé ortsa, cinnte béarfaidh.

Fí fó fúm, A deir sé. Tá páiste uaim, I gcomhair an tae.

Fí fó fúm, Tá fuadar faoi. Béarfaidh sé ort, A haon, a dó, a trí.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán An Fathach Fíochmhar. Deir an múinteoir an dán. Deir an rang go léir/grúpaí éagsúla páistí/páistí aonair an dán. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfuil an fathach go deas?’ ‘An bhfuil an fathach ag dul go tapa.’ ‘Cén dath atá ar a shúile?’ ‘An bhfuil a chuid fiacla go deas?’ Múintear comhrá 2.1. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a chuaigh go dtí an phictiúrlann?’ ‘An raibh na páistí ar bís?’ ‘Cén sórt scannáin a bhí ar siúl?’ ‘Cad a chuala Ciara?’ ‘Ar scread Ciara?’ ‘Ar rith Ciara amach as an bpictiúrlann?’ ‘Ar lean Oisín Ciara?’ ‘Ar lean Niamh Ciara?’ ‘Cad a thug Oisín do Chiara?’ ‘An raibh Ciara sona sásta ansin?’ Múintear comhrá 2.2. Léimeann an múinteoir chun ‘léim mé’ a mhíniú. Léimeann páistí difriúla chun ‘léim tú’ ‘léim sé’ ‘léim sí’ ‘léimeamar’ ‘léim sibh’ ‘léim siad’ a mhíniú. Bí ag Caint: Cé a chuaigh go dtí an phictiúrlann? Cad a bhí ar siúl? Cad a chuala Ciara? Ar scread Ciara? Ar scread Oisín? Ar léim Ciara in airde? Ar léim Niamh in airde? Ar rith Ciara amach as an bpictiúrlann? Ar rith Róisín amach as an bpictiúrlann? Ar lean Niamh Ciara? Spraoi le Briathra: Léimeamar. Léim sibh. Léim siad. Ritheamar. Rith sibh. Rith siad. Litriú: sinn, sibh, siad.

273

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 273

04/09/2018 11:45


An Teilifís Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 130. Léann na páistí an scéal. Drámaíocht: Bunaítear dráma ar an scéal seo.Tagann ceathrar páistí amach os comhair an ranga. Bíonn páiste mar Niamh, páiste mar Oisín, páiste mar Chiara agus páiste mar fhathach. Bua na Cainte 3 lch. 130. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a chuaigh go dtí an phictúrlann?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé a chuaigh go dtí an phictúrlann?’ ‘Cad a bhí ar siúl?’ ‘Cad a chuala Ciara?’ ‘Ar scread Ciara?’ ‘Ar scread Oisín?’ ‘Ar léim Ciara in airde?’ ‘Ar rith Ciara amach as an bpictiúrlann?’ ‘Ar lean Niamh Ciara?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 130. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé a chuaigh go dtí an phictiúrlann?’ ‘An raibh na páistí ar bís?’ ‘Cén sórt scannáin a bhí ar siúl?’ ‘Cad a chuala Ciara?’ ‘Ar scread Ciara?’ ‘Ar rith Ciara amach as an bpictiúrlann?’ ‘Ar lean Oisín Ciara?’ ‘Ar lean Niamh Ciara?’ ‘Cad a thug Oisín do Chiara?’ ‘An raibh Ciara sona sásta ansin?’ Freagraíonn páiste B. Ansin malartaíonn siad róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 130. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 131. Léann na páistí an dán. Scríobhann siad an dán.Tarraingíonn siad pictiúir chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí ar maidin: ‘Cén t-am a d’éirigh tú ar maidin?’ ‘Cén t-am a d’fhág tú an baile?’ ‘Cén t-am a tháinig tú ar scoil?’ srl. Spreagtar na páistí na ceisteanna a fhreagairt:‘D’éirigh mé ar a seacht a chlog.’ srl.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Chuaigh na páistí go dtí an phictiúrlann.’ srl. An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Bhí scannán uafáis ar siúl.’ An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (pictiúrlann, fathach, scannán uafáis, grán rósta, ar nós na gaoithe) An bhfuil an páiste in ann mothúcháin a léiriú? ‘Ná bí buartha!’ An bhfuil an páiste in ann briathra a úsáid san aimsir chaite? ‘Léim mé, léim tú, léim sé, léim sí, léimeamar, léim sibh, léim siad.’

274

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 274

31/08/2018 11:16


An Teilifís Aonad 2 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Cur síos a dhéanamh Stór focal a shealbhú agus a úsáid

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Ar fhéach tú ar an teilifís aréir? D’fhéach mé ar an teilifís aréir. Cad a bhí ar siúl? Bhí clár dúlra ar siúl. Ar thaitin sé leat? Thaitin sé go mór liom. Cén t-am a thosaigh an clár? Thosaigh an clár ar ceathrú tar éis a cúig. Cén t-am a chríochnaigh an clár? Chríochnaigh an clár ar ceathrú chun a sé.

Ar fhéach tú ar an teilifís aréir? D’fhéach/Níor fhéach mé ar an teilifís aréir. Cad a bhí ar siúl? Bhí ___ ar siúl. Ar thaitin ___ leat? Thaitin/Níor thaitin ___ liom. Cén t-am a thosaigh ___? (an cluiche, an cheolchoirm, srl.) Cén t-am a chríochnaigh ___? (an cluiche, an cheolchoirm, srl.)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar fhéach tú ar an teilifís aréir?’ ‘Cad a bhí ar siúl?’ ‘Ar thaitin sé leat?’ ‘Cén t-am a thosaigh an clár?’ ‘Cén t-am a chríochnaigh an clár?’ Freagraíonn na páistí na ceisteanna:‘D’fhéach mé ar an teilifís aréir.’ ‘Bhí clár dúlra ar siúl.’ ‘Thaitin sé go mór liom.’ ‘Thosaigh an clár ar ___.’ ‘Chríochnaigh an clár ar ___.’ Bí ag Caint: Ar fhéach tú ar an teilifís aréir? D’fhéach mé ar an teilifís aréir. Cad a bhí ar siúl? Bhí clár ceoil ar siúl. Ar thaitin sé leat? Thaitin sé go mór liom. Níor thaitin sé liom. Cén t-am a thosaigh an clár? Thosaigh an clár ar ceathrú tar éis a cúig. Cén t-am a chríochnaigh an clár? Chríochnaigh an clár ar ceathrú tar éis a sé. Suimeanna Focal: Léim + eamar = Léimeamar. Scread + amar = Screadamar. Rith + eamar = Ritheamar. Lean + amar = Leanamar. D’fhéach + amar = D’fhéachamar. Bhain + eamar = Bhaineamar. Ghlan + amar = Ghlanamar. Chuir + eamar = Chuireamar. Chíor + amar = Chíoramar. Scuab + amar = Scuabamar. Litriú: liom, leat, leis léi.

Tréimhse Chumarsáide

Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘Ar fhéach tú ar an teilifís aréir?’ ‘Cad a bhí ar siúl?’ ‘Ar thaitin sé leat?’ ‘Cén t-am a thosaigh an clár?’ ‘Cén t-am a chríochnaigh an clár?’ Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 132. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 132. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Ar fhéach tú ar an teilifís aréir?’ ‘Cad a bhí ar siúl?’ ‘Ar thaitin an clár leat?’ ‘Cén t-am a thosaigh an clár.’ ‘Cén t-am a chríochnaigh an clár?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (teilifís, clár dúlra, srl.) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/fhreagairt? ‘Ar fhéach tú ar an teilifís aréir?’ ‘D’fhéach mé ar an teilifís aréir.’ srl. An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘D’fhéach mé ar an teilifís aréir.’ ‘Bhí clár dúlra ar siúl.’ ‘Thaitin sé go mór liom.’ 275

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 275

31/08/2018 11:16


An Teilifís Aonad 2 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Nuacht a thabhairt Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Comhrá 4.1 An Nuacht An nuacht á léamh ag Róisín. Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann aréir. Bhí mé ar bís. Bhí scannán uafáis ar siúl. Thosaigh an scannán ar a hocht a chlog. Chríochnaigh an scannán ar leathuair tar éis a naoi. D’ith mé gránach agus milseáin. D’ól mé oráiste. Thaitin an scannán go mór liom. Bhí an scannán ar fheabhas.

Caint an Ranga Chuaigh mé go dtí ___ aréir. (an phictiúrlann, an sorcas, an cluiche) Bhí mé ar bís. D’ith mé ___. (gránach, úll, oráiste, ceapaire) Beidh an lá fliuch. Beidh sé ag cur báistí. Beidh sé ag cur fearthainne. Bhí mé fliuch báite.

An Aimsir Dia daoibh agus fáilte romhaibh. Beidh an lá fliuch. Beidh sé ag cur báistí. Beidh sé ag cur fearthainne. Beidh na páistí fliuch báite. Comhrá 4.2 Thaitin an sorcas liom. Thaitin an sorcas leat. Thaitin an sorcas leis. Thaitin an sorcas léi. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an nuacht – comhrá 4.1. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An ndeachaigh tú go dtí an phictiúrlann aréir?’ ‘Cad a bhí ar siúl?’ ‘Cén t-am a thosaigh an scannán?’ ‘Cén t-am a chríochnaigh an scannán?’ ‘Cad a d’ith tú?’ ‘Cad a d’ól tú?’ ‘Ar thaitin an scannán leat?’ ‘An raibh an scannán go maith?’ Éisteann na páistí leis an aimsir. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén saghas aimsire a bheidh ann?’ ‘An mbeidh na páistí fliuch báite?’ Múintear comhrá 4.2: ‘Thaitin an sorcas liom.’ ‘Thaitin an sorcas leat.’ ‘Thaitin an sorcas leis.’ ‘Thaitin an sorcas léi.’ Líon na Bearnaí: Thaitin an cartún liom.Thaitin an clár ceoil leis.Thaitin an nuacht leat.Thaitin an clár dúlra léi.Thaitin an sorcas leis.Thaitin an sorcas léi. Bí ag Caint: An ndeachaigh Róisín go dtí an phictiúrlann aréir? An raibh sí ar bís? Cad a bhí ar siúl? Cén t-am a thosaigh an scannán? Cén t-am a chríochnaigh an scannán? Ar ith sí milseáin? Ar ith sí úll? Ar ól sí oráiste? Ar ól sí cóla? Ar thaitin an scannán léi? Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga agus ligeann sé/sí air/uirthi go bhfuil sé/sí ag cur síos ar chuairt ar an bpictiúrlann. Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘An bhfuil nuacht agat?’ Insíonn an páiste nuacht faoin gcuairt ar an bpictiúrlann:‘Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann aréir.’ ‘Bhí mé ar bís.’ ‘Bhí scannán uafáis ar siúl.’ ‘Thosaigh an scannán ar a hocht a chlog.’ ‘Chríochnaigh an scannán ar leathuair tar éis a naoi.’ ‘D’ith mé gránach agus milseáin.’ ‘D’ól mé oráiste.’ ‘Thaitin an scannán go mór liom.’ ‘Bhí an scannán ar fheabhas.’ Tig leis an múinteoir leidchárta a úsáid chun an páiste a spreagadh chun an nuacht a thabhairt. Litriú: liom, leat, leis léi.

276

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 276

31/08/2018 11:16


An Teilifís Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann aréir.’ ‘Bhí mé ar bís.’ ‘Bhí scannán uafáis ar siúl.’ ‘Thosaigh an scannán ar a hocht a chlog.’ ‘Chríochnaigh an scannán ar leathuair tar éis a naoi.’ ‘D’ith mé gránach agus milseáin.’ ‘D’ól mé oráiste.’ ‘Thaitin an scannán go mór liom.’ ‘Bhí an scannán ar fheabhas.’ Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus déanann an páiste cur síos ar an aimsir. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 133. Insíonn páiste A an nuacht do pháiste B. Malartaíonn na páistí róil agus insíonn páiste B an nuacht do pháiste A.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 133. Léann na páistí an nuacht agus an aimsir. Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Scríobhann siad freagraí na gceisteanna. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí nuacht a scríobh faoi thuras go dtí an phictiúrlann. Tig leo an foclóir ar lch. 133 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘An ndeachaigh tú go dtí an phictiúrlann?’ ‘An raibh tú ar bís?’ ‘Cad a bhí ar siúl?’ ‘Cén t-am a thosaigh an scannán?’ ‘Cén t-am a chríochnaigh an scannán?’ ‘Cad a d’ith tú?’ ‘Cad a d’ól tú?’ ‘Ar thaitin an scannán leat?’ ‘An raibh an scannán go maith?’ Nuair a thagann páistí isteach ón gclós lá fliuch tar éis am lóin/sosa ceistítear iad: ‘An bhfuil sibh fliuch báite?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann nuacht a thabhairt? ‘Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann aréir.’ srl. An féidir leis an bpáiste tuairisciú faoin aimsir? ‘Beidh an lá fliuch.’ srl.

277

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 277

31/08/2018 11:16


An Teilifís Scéal – Rí na Sióg Scéalaí:

Fadó, fadó, bhí féasta mór ar siúl i gcaisleán rí na sióg.

Iubhdán:

Is mise an rí is fearr agus is mó ar domhan.

Eisirt:

Tá rí in Éirinn atá i bhfad níos mó ná tusa.

Scéalaí:

Bhí fearg an domhain ar an rí.

Iubhdán:

Tabhair an rí seo go dtí mo chaisleán nó maróidh mé thú.

Scéalaí:

Chuaigh Eisirt go hÉirinn le cruit draíochta. Chuaigh sé go caisleán an rí. Bhí gach duine sa chaisleán an-mhór. Bhí ionadh ar na daoine nuair a chonaic siad an fear beag.

Fergus:

Cé tusa?

Eisirt:

Is mise Eisirt.

Fergus:

Fáilte romhat. Seinn ceol dúinn.

Scéalaí:

Sheinn Eisirt ceol álainn binn.

Fergus:

Ar fheabhas ar fad.

Conn:

Bhí an ceol sin go hálainn.

Eisirt:

An dtiocfaidh tú liom go dtí Tír na Sióg?

Conn:

Tiocfaidh mé, cinnte.

Scéalaí:

Chuaigh Eisirt agus Conn ar ais go Tír na Sióg. Chuaigh siad go dtí caisleán an rí.

Eisirt:

Seo an fear is lú in Éirinn.

Scéalaí:

Bhí ionadh ar an rí.

An Rí

Ba mhaith liom dul go hÉirinn. Ba mhaith liom na daoine móra a fheiceáil.

An Bhanríon:

Ba mhaith liom dul go hÉirinn freisin.

Scéalaí:

Chuaigh an rí agus an bhanríon go hÉirinn. Chuaigh siad ar an gcapall draíochta. Chuaigh siad go dtí caisleán an rí. Chuaigh siad isteach sa chistin. Chonaic siad pota mór. Thit siad isteach sa phota leitean. Tháinig an cócaire. Fuair sí babhla leitean don rí agus babhla leitean don bhanríon.

Fergus:

Cad atá i mo bhabhla leitean? Tá daoine beaga i mo bhabhla leitean.

278

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 278

31/08/2018 11:16


An Teilifís Scéalaí:

Thosaigh an rí ag gáire.

Fergus:

Fanaigí i mo chaisleán.

Iubhdán:

Ba mhaith linn dul abhaile.

Fergus:

Ná téigí abhaile. Fanaigí anseo i mo chaisleán.

Scéalaí:

Bhí uaigneas ar an rí agus ar an mbanríon.

Iubhdán:

Ba mhaith linn dul abhaile. Tabharfaimid bronntanas duit. Seo duit bróga draíochta. Is féidir leat siúl ar thalamh agus ar uisce leis na bróga draíochta seo.

Fergus:

Is breá liom na bróga draíochta.

Iubhdán:

Ceart go leor.Tá cead agaibh dul abhaile.

Scéalaí:

Bhí áthas an domhain ar an rí agus ar an mbanríon. Chuaigh siad abhaile go sona sásta ar an gcapall draíochta.

Freagair na Ceisteanna: 1 An ndeachaigh Eisirt go hÉirinn? 2 An raibh cruit draíochta ag Eisirt? 3 Ar sheinn Eisirt ceol? 4 Ar sheinn an rí ceol? 5 Ar sheinn an bhanríon ceol? 6 Conas a chuaigh an rí agus an bhanríon go hÉirinn? 7 Cad a chonaic an rí agus an bhanríon? 8 Cad a thug rí na sióg do rí na hÉireann? 9 Cad a thug banríon na sióg do bhanríon na hÉireann? 10 Conas a chuaigh rí agus banríon na sióg ar ais go Tír na Sióg? Bí ag Scríobh: Fadó, fadó, bhí féasta mór ar siúl i gcaisleán rí na sióg. An Rí: Is mise an rí is fearr agus is mó ar domhan. Eisirt:Tá rí in Éirinn atá i bhfad níos mó ná tusa. Bhí fearg an domhain ar an rí. An Rí: Tabhair an rí seo go dtí mo chaisleán nó maróidh mé tú. Chuaigh Eisirt go hÉirinn le cruit draíochta. Foclóir: féasta, rí, banríon, cruit, ag ithe, ag ól, tine, tinteán, ag seinm ceoil, bord. Bua na Cainte 3 lch. 134.Tarraingíonn na páistí pictiúr. Scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Bua na Cainte 3 lch. 135. Líonann na páistí na bearnaí chun an scéal a chríochnú. Scríobhann siad freagraí na gceisteanna. Dúshlán Breise: Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin bpictiúr.Tig leo an foclóir ar lch. 134 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga.

279

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 279

31/08/2018 11:16


An Teilifís Measúnú don Fhoghlaim Teanga ó Bhéal 1 Cá raibh an chlann? 2 Cá raibh an pictiúr? 3 Cá raibh an scáthán? 4 Cá raibh an tine? 5 Cá raibh an lampa? 6 Cá raibh an grianghraf? 7 Cá raibh Bran? 8 Cad a bhí ar siúl ag Oisín? 9 Cén t-am a thosaigh an cartún? 10 Cén t-am a chríochnaigh an clár dúlra? Léitheoireacht 1 Ar tháinig an sorcas? 2 An ndeachaigh an chlann go dtí an sorcas? 3 An raibh na capaill ag damhsa? 4 Cad a bhí ar siúl ag an madra? 5 An bhfaca na páistí leon? 6 Conas a bhí an moncaí gléasta? 7 Cad a bhí ar siúl ag an luch? 8 Cad a bhí ar siúl ag an asal? 9 Ar thaitin an sorcas leis na páistí? Scríbhneoireacht Léim + eamar = Léimeamar. Scread + amar = Screadamar. Rith + eamar = Ritheamar. Lean + amar = Leanamar. D’fhéach + amar = D’fhéachamar. Bhain + eamar = Bhaineamar. Ghlan + amar = Ghlanamar. Chuir + eamar = Chuireamar. Chíor + amar = Chíoramar. Scuab + amar = Scuabamar. Réamhfhocail Thaitin an cartún liom. Thaitin an nuacht leat. Thaitin an clár ceoil leis. Thaitin an clár dúlra léi.

280

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp258-280).indd 280

31/08/2018 11:16


Siopadóireacht Siopadóireacht – Aonad Teagaisc agus Foghlama 1 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 136–140) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Deich euro, Fiche euro,Tríocha euro, Daichead euro, Caoga euro, Seasca euro, Seachtó euro, Ochtó euro, Nocha euro, Céad euro.

Rachaimid go dtí an siopa spóirt. Níl mé cinnte cá bhfuil an siopa spóirt. An bhfuil fhios agat cá bhfuil an siopa spóirt? Níl a fhios agam. Tá mo bhróga spóirt caite. Gabh mo leithscéal. Tá poll i mo bhróga spóirt. Dia duit. Ba mhaith liom ___ nua a cheannach. (bróga spóirt, liathróid, Dia’s Muire daoibh. camán) Cá bhfuil an siopa spóirt? Tá airgead agam i mo bhosca airgid. Téigh díreach ar aghaidh go dtí na soilse tráchta. Cé mhéad airgid atá agat? Cas ar dheis ag na soilse tráchta. Tá ___ euro agam.Tá mé ___. (saibhir, bocht) Lean ar aghaidh go dtí an séipéal. Tá ___ briste. (mo chamán, mo liathróid) Cas ar chlé ag an séipéal. Ná bí buartha! Tá an siopa spóirt ar chlé in aice leis an siopa éadaí. Tabharfaidh mé ___ euro duit. Go raibh míle maith agat. Rachaimid go dtí an siopa spóirt. Ná habair é. Litriú: deich, fiche, tríocha, daichead.

Litriú: Tá camán ag teastáil uaim.Tá clogad ag teastáil uait. Tá camán ag teastáil uaidh.Tá clogad ag teastáil uaithi. Cé mhéad atá ___? (ar an téad scipeála, ar an gcamán, ar an gclogad, ar an gcamán, ar na bróga spóirt) (Deich euro, Fiche euro,Tríocha euro, Ochtó euro, Nócha euro) Tá sé ___. (saor/daor) Cheannaigh Róisín téad scipeála agus cheannaigh Ruairí camán nua. Litriú: ochtó, nócha, céad.

281

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 281

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Dia duit. Dia’s Muire duit. Conas atá tú? Tá mé togha. Conas atá tú? Tá mé ar fheabhas ar fad. Cad atá ag teastáil uait? Tá camán ag teastáil uaim. Cad atá ag teastáil uaidh? Tá bróga spóirt ag teastáil uaidh. Cad atá ag teastáil uaithi? Tá liathróid nua ag teastáil uaithi. Chaith Ciara an liathróid. Ná déan é sin! Rug an siopadóir ar an liathróid. Maith thú! Cuirfidh mé an liathróid sa mhála di. Litriú: caoga, seasca, seachtó.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta Amhrán – Beidh Aonach Amárach

An Bradán Feasa

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: An Bradán Feasa

Tasc Tuisceana Freagair na Ceisteanna Bí ag Caint Bí ag Scríobh Líon na Bearnaí

Obair Bheirte Dia duit. Dia’s Muire duit. Cad atá ag teastáil uait? Tá ___ ag teastáil uaim. (leabhar, srl.) Cad atá ag teastáil uaidh? Tá ___ ag teastáil uaidh. (peann, srl.) Cad atá ag teastáil uaithi? Tá ___ ag teastáil uaithi. (cóipleabhar, srl.) Cé mhéad airgid atá agat? Tá ___ agam. (caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha, céad) Cé mhéad atá ___? (ar an gcamán, srl.) Fiche,Tríocha, Daichead, srl.

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Tá mo bhróga spóirt caite. Tá poll i mo bhróga spóirt. Ba mhaith liom liathróid nua a cheannach. Tá airgead agam i mo bhosca airgid. Tá caoga euro agam. Tá mé ___. (saibhir, bocht)

Tá/Níl a fhios agam cá bhfuil mo leabhar. Cas ar dheis/ar chlé ag na solise tráchta. An dtabharfaidh tú cead dom? Tabharfaidh mé cead duit. Tá ___ ag teastáil uaim/uaidh/uaithi. (cabhair, peann, leabhar, srl.)

Dia duit. Dia’s Muire duit. Gabh mo leithscéal. Go raibh míle maith agat. Ná déan é sin! Maith thú. Cé mhéad atá ___? (ar na bróga reatha, srl.) ___ euro. (Fiche,Tríocha. srl.)

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

282

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 282

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ceol Beidh Aonach Amárach

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

283

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 283

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Aonad 1 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Comhaireamh Ceist a chur Ceist a fhreagairt Mothúcháin a léiriú

Eiseamláirí Teanga Deich euro, Fiche euro,Tríocha euro, Daichead euro, Caoga euro, Seasca euro, Seachtó euro, Ochtó euro, Nócha euro, Céad euro. Tá mo bhróga spóirt caite. Tá poll i mo bhróga spóirt. Ba mhaith liom ___ nua a cheannach. (bróga spóirt, liathróid, camán) Tá airgead agam i mo bhosca airgid. Cé mhéad airgid atá agat? Tá ___ euro agam.Tá mé ___. (saibhir, bocht) Tá ___ briste. (mo chamán, mo liathróid) Ná bí buartha! Tabharfaidh mé ___ euro duit. Rachaimid go dtí an siopa spóirt.

Caint an Ranga Cé mhéad? Deich Fiche Tríocha Daichead Caoga Seasca Seachtó Ochtó Nócha Céad Ná bí buartha!

Amhrán – Beidh Aonach Amárach Beidh aonach amárach i gContae an Chláir. Beidh aonach amárach i gContae an Chláir. Beidh aonach amárach i gContae an Chláir. Cén mhaith dom é, ní bheidh mé ann.

Táimse i ngrá le gréasaí bróg. Táimse i ngrá le gréasaí bróg. Táimse i ngrá le gréasaí bróg. Mura bhfaighidh mé é ní bheidh mé beo.

’S a mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé? ’S a mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé? ’S a mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé? ’S a mhúirnín ó ná héiligh é.

B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg. B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg. B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg. Ná oifigeach airm faoi lásaí óir.

Níl tú a deich nó a haon déag fós. Níl tú a deich nó a haon déag fós. Níl tú a deich nó a haon déag fós. Nuair a bheidh tú trí déag beidh tú mór. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Beidh Aonach Amárach. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá raibh an t-aonach ar siúl?’ ‘Cén cúige ina bhfuil contae an Chláir?’ ‘An raibh an cailín óg deich mbliana d’aois?’ ‘An raibh an cailín óg aon bhliain déag d’aois?’ Múintear an comhrá.Téann an múinteoir siar ar na huimhreacha ó 10 go 50. Iarrann an múinteoir ar na páistí comhaireamh i ndeicheanna ó dheich go caoga. Múineann an múinteoir na huimhreacha ó seasca go céad. (Seasca, Seachtó, Ochtó, Nócha, Céad) Iarrann an múinteoir ar na páistí comhaireamh i ndeicheanna ó seasca go céad. Tasc Tuisceana: Cé mhéad airgid atá sa sparán? Tá ___ euro sa sparán. (deich, fiche, tríocha, daichead, caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha, céad) Bí ag Scríobh: Cé mhéad airgid atá agat? Tá ___ euro agam. (deich, fiche, tríocha, daichead, caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha, céad) Freagair na Ceisteanna: Cé mhéad airgid atá agat? Tá ___ euro agam. (deich, fiche, tríocha, daichead, caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha, céad)

284

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 284

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Tugann an múinteoir airgead do na páistí. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cé mhéad airgid atá agat?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ euro agam.’ (deich, fiche, tríocha, daichead, caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha, céad) Litriú: deich, fiche, tríocha, daichead.

Tréimhse Chumarsáide

Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht amach os comhair an ranga.Tugann an múinteoir airgead don pháiste. Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cé mhéad airgid atá agat?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ euro agam.’ (caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha, céad) Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga.Tugann an múinteoir airgead do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé mhéad airgid atá agat?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ euro agam.’ (caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha, céad) Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Tugann an múinteoir airgead do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé mhéad airgid atá agat?’ Freagraíonn páiste B:‘Tá ___ euro agam.’ (caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha, céad) Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 136. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cé mhéad airgid atá agat?’ Freagraíonn páiste:‘Tá ___ euro agam.’ Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 137. Scríobhann na páistí an t-amhrán agus tarraingíonn siad pictiúr chun an t-amhrán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfuil do bhróga spóirt caite?’ ‘An bhfuil poll i do bhróga spóirt?’ Deir an múinteoir ‘Ná bí buartha!’ má bhíonn imní ar pháiste. Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceol: Beidh Aonach Amárach.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann comhaireamh? (Deich, Fiche,Tríocha, Daichead, Caoga, Seasca, Seachtó, srl.) An bhfuil an páiste in ann cheist a chur/a fhreagairt? ‘Cé mhéad atá uait?’ ‘Tá ___ euro uaim.’ (deich, fiche. srl.) An bhfuil an páiste in ann mothúchán a léiriú? ‘Ba mhaith liom ___ nua a cheannach.’ (bróga spóirt, srl.) ‘Ná bí buartha.’

285

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 285

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Aonad 1 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga

Eiseamláirí Teanga

Ba chóir go mbeadh an páiste in ann:

Rachaimid go dtí an siopa spóirt. Níl mé cinnte cá bhfuil an siopa spóirt. An bhfuil fhios agat cá bhfuil an siopa spóirt? Níl a fhios agam. Gabh mo leithscéal. Dia duit. Dia’s Muire daoibh. Cá bhfuil an siopa spóirt? Téigh díreach ar aghaidh go dtí na soilse tráchta. Cas ar dheis ag na soilse tráchta. Lean ar aghaidh go dtí an séipéal. Cas ar chlé ag an séipéal. Tá an siopa spóirt ar chlé in aice leis an siopa éadaí. Go raibh míle maith agat. Ná habair é.

● ● ● ● ● ● ●

Treoracha a thabhairt Easpa cinnteachta a léiriú Leithscéal a ghabháil Beannú do dhuine Ceist a chur Ceist a fhreagairt Buíochas a léiriú

Caint an Ranga Gabh mo leithscéal. Cá bhfuil ___? Níl a fhios agam. Níl mé cinnte. Téigh ar aghaidh. Téigh ar dheis. Téigh ar chlé. Bí cúramach. Lean ar aghaidh. Go raibh míle maith agat. Ná habair é.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil ___?’ (an siopa bia, an siopa éadaí, an siopa bréagán) Spreagann an múinteoir na páistí na ceisteanna a fhreagairt:‘Níl a fhios agam.’ ‘Níl mé cinnte.’ Iarrann an múinteoir ar na páistí na treoracha a thabhairt chun dul go dtí an siopa spóirt:‘Téigh díreach ar aghaidh.’ ‘Cas ar dheis.’ ‘Cas ar chlé.’ Tasc Tuisceana: Téigh díreach ar aghaidh. Cas ar chlé ___. Cas ar dheis ___. (ag an siopa bréagán, ag oifig an phoist, ag an séipéal, ag an siopa spóirt, ag an siopa bia, ag an siopa éadaí, ag an siopa ceoil, ag na soilse tráchta) Úsáidtear an clár bán. Cuireann an múinteoir an carr in áit áirithe. Iarrann an múinteoir ar pháiste treoracha a thabhairt chun dul go dtí ___. (an siopa bia, an siopa éadaí, an siopa bréagán, an séipéal, an scoil, oifig an phoist, an siopa spóirt, siopa na bpeataí) ‘Cá bhfuil ___?’ (an siopa bia, srl.) Bí ag Caint: Cas ar dheis ag an siopa bréagán. Cas ar chlé ag oifig an phoist. Téigh díreach ar aghaidh ag oifig an phoist. Cas ar dheis ag an séipéal. Cas ar chlé ag an siopa spóirt. Cas ar dheis ag an siopa bia. Cas ar chlé ag an siopa éadaí. Cas ar dheis ag na soilse tráchta.Téigh díreach ar aghaidh ag an siopa ceoil. Litriú: caoga, seasca, seachtó.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Cuireann páiste A an carr in áit áirithe. Iarrann páiste A ar pháiste B treoracha a thabhairt chun dul go dtí ___. (an siopa bia, an siopa éadaí, an siopa bréagán, an séipéal, an scoil, oifig an phoist, an siopa spóirt, siopa na bpeataí) ‘Cá bhfuil ___?’ (an siopa bia, srl.) Tugann páiste B na treoracha cuí:‘Téigh díreach ar aghaidh.’ ‘Cas ar chlé ___.’ ‘Cas ar dheis ___.’ (ag an siopa éadaí, srl.) Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Cuireann páiste A an carr in áit áirithe. Iarrann páiste A ar pháiste B treoracha a thabhairt chun dul go dtí ___. (an siopa bia, an siopa éadaí, an siopa bréagán, an séipéal, an scoil, oifig an phoist, an siopa spóirt, siopa na bpeataí) ‘Cá bhfuil ___?’ (an siopa bia, srl.) Tugann páiste B na treoracha cuí:‘Téigh díreach ar aghaidh.’ ‘Cas ar chlé ___.’ ‘Cas ar dheis ___.’ (ag an siopa spóirt, srl.) Ansin, malartaíonn na páistí róil.

286

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 286

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Tréimhse Iarchumarsáide

Tugann an múinteoir treoracha lena lámha agus spreagtar na páistí ‘ar dheis’ ‘ar chlé’ ‘díreach ar aghaidh’ a rá. Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 138. Léann na páistí na treoracha. Scríobhann na páistí na treoracha. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Spreagtar na páistí an teanga seo leanas a úsáid i rith an lae:‘An bhfuil a fhios agat cá bhfuil do leabhar?’ ‘Tá/Níl a fhios agam cá bhfuil mo leabhar.’ ‘Gabh mo leithscéal.’ ‘Cas ar dheis/ar chlé.’ ‘Bí cúramach.’ ‘Lean ar aghaidh.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann treoracha a thabhairt? ‘Lean ar aghaidh.’ ‘Cas ar chlé.’ srl. An bhfuil an páiste in ann easpa cinnteachta a léiriú? ‘Níl a fhios agam.’ An bhfuil an páiste in ann leithscéal a ghabháil? ‘Gabh mo leithscéal.’ An bhfuil an páiste in ann beannú do dhuine? ‘Dia duit.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cá bhfuil an siopa spóirt?’ ‘Díreach ar aghaidh.’ An bhfuil an páiste in ann buíochas a léiriú? ‘Go raibh míle maith agat?’

287

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 287

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Aonad 1 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ● ● ●

Beannú do dhuine Freagairt do bheannú Ceist a chur Ceist a fhreagairt Foláireamh a thabhairt Duine a mholadh

Eiseamláirí Teanga Dia duit. Dia’s Muire duit. Conas atá tú? Tá mé togha. Conas atá tú? Tá mé ar fheabhas ar fad. Cad atá ag teastáil uait? Tá camán ag teastáil uaim. Cad atá ag teastáil uaidh? Tá bróga spóirt ag teastáil uaidh. Cad atá ag teastáil uaithi? Tá liathróid nua ag teastáil uaithi. Chaith Ciara an liathróid. Ná déan é sin! Rug an siopadóir ar an liathróid. Cuirfidh mé an liathróid sa mhála di.

Caint an Ranga Dia duit. Dia’s Muire duit. Conas atá tú? Tá mé togha. Cad atá ag teastáil uait? Tá ___ ag teastáil uaim. Ná déan é sin! Maith thú!

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Beannaíonn an múinteoir do pháistí éagsúla. Spreagann an múinteoir páiste chun freagairt don bheannú: ‘Dia duit/Dia’s Muire duit.’ Ceistíonn an múinteoir páiste:‘Conas atá tú?’ Spreagtar an páiste an cheist a fhreagairt:‘Tá mé togha.’ Beannaíonn páiste A do pháiste B:‘Dia duit/Conas atá tú?’ Freagraíonn páiste B. Beannaíonn B do pháiste C. Freagraíonn páiste C. Beannaíonn páiste C do pháiste D. Freagraíonn páiste D agus leanann an cluiche ar aghaidh mar sin. Úsáideann an múinteoir pictiúir: bróga reatha, camán, clogad, bríste spóirt, liathróid, sliotar. Ceistíonn an múinteoir páiste:‘Cad atá ag teastáil uait?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ ag teastáil uaim.’ Iarrann an múinteoir ar bhuachaill teacht amach os comhair an ranga. Roghnaíonn an buachaill rud amháin. (clogad, srl.) Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘Cad atá ag teastáil uaidh?’ Freagraíonn na páistí eile:‘Tá ___ ag teastáil uaidh.’ Iarrann an múinteoir ar chailín teacht amach os comhair an ranga. Roghnaíonn an cailín rud amháin. (camán, srl.) Ceistíonn an múinteoir na páistí eile:‘Cad atá ag teastáil uaithi?’ Freagraíonn na páistí eile:‘Tá ___ ag teastáil uaithi.’ Bí ag Scríobh: Tá ___ ag teastáil uaithi. (bróga spóirt, clogad, camán, bríste gearr, téad scipeála, liathróid, sliotar, t-léine, culaith spóirt, geansaí peile) Líon na Bearnaí: Tá ___ (bróga spóirt, camán, liathróid, bríste gearr, sliotar, téad scipeála) ag teastáil ___. (uaim, uait, uaidh, uaithi) Litriú: Tá camán ag teastáil uaim.Tá clogad ag teastáil uait.Tá camán ag teastáil uaidh. Tá clogad ag teastáil uaithi.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 139. Léann na páistí an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí an réamhfhocal ceart a roghnú chun gach abairt a rá. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Léann na páistí gach re abairt. Roghnaíonn na páistí an réamhfhocal ceart chun gach abairt a rá. Obair Bheirte: Léann na páistí gach re abairt. Roghnaíonn na páistí an réamhfhocal ceart chun gach abairt a rá.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 139. Scríobhann na páistí na habairtí. Roghnaíonn siad an réamhfhocal ceart chun gach abairt a scríobh.

288

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 288

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Gach maidin beannaíonn na páistí dá chéile:‘Dia duit.’ ‘Dia’s Muire duit.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An bhfuil ___ ag teastáil uait?’ (peann, leabhar, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ ag teastáil uaim.’ (peann, leabhar, srl.) Nuair a bhíonn rud éigin ag teastáil ó bhuachaill sa rang lorgaíonn páiste aird an mhúinteora:‘Tá ___ ag teastáil uaidh.’ (peann, cabhair, srl.) Nuair a bhíonn rud éigin ag teastáil ó chailín sa rang lorgaíonn páiste aird an mhúinteora:‘Tá ___ ag teastáil uaithi.’ (marcóir, bioróir, srl.) Má bhíonn páiste dána deir an múinteoir:‘Ná déan é sin!’ Má fhaigheann páiste scór i gcluiche deir páiste eile:‘Maith thú.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann beannú do dhuine/freagairt do bheannú? ‘Dia duit.’ ‘Dia’s Muire duit.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/ceist a fhreagairt? ‘Cad atá uait?’ ‘Tá ___ ag teastáil uaim.’ (peann, srl.) An bhfuil an páiste in ann foláireamh a thabhairt? ‘Ná déan é sin!’ An bhfuil an páiste in ann duine a mholadh? ‘Maith thú.’

289

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 289

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Aonad 1 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga Cé mhéad atá ___? (ar an téad scipeála, ar an gcamán, ar an gclogad, ar na bróga spóirt) (Deich euro, Fiche euro,Tríocha euro, Ochtó euro, Nócha euro) Tá sé saor.Tá sé/siad daor. Cheannaigh Róisín téad scipeála agus cheannaigh Ruairí camán nua.

Caint an Ranga Cé mhéad atá ___? (ar an leabhar, ar an liathróid, srl.) Tá sé/siad saor. Tá sé/siad daor.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá.Taispeántar na rudaí éagsúla do na páistí le lipéid orthu agus ceistítear iad:‘Cé mhéad atá ___?’ (ar an téad scipeála, ar an gcamán, ar an gclogad, ar na bróga spóirt) Freagraíonn na páistí:‘Deich euro, Fiche euro,Tríocha euro, Ochtó euro, Nócha euro.’ Taispeántar pictiúr de Róisín ag ceannach téad scipeála. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a cheannaigh Róisín?’ Freagraíonn na páistí:‘Cheannaigh Róisín téad scipeála.’ Ceistítear na páistí:‘Cé mhéad atá ar an téad scipeála?’ Spreagtar na páistí ‘Deich euro’ a rá. Taispeántar pictiúr de Ruairí ag ceannach camáin. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a cheannaigh Ruairí?’ Freagraíonn na páistí: ‘Cheannaigh Ruairí camán.’ Ceistítear na páistí:‘Cé mhéad atá ar an gcamán?’ Spreagtar na páistí ‘Fiche euro’ a rá. Tasc Tuisceana 4.1: Cé mhéad atá ___? (ar an gcamán, ar an gclogad, ar an mbríste gearr, ar an téad scipeála, ar na bróga reatha) Fiche euro,Tríocha euro, Daichead euro, Caoga euro, Seasca euro, Seachtó euro, Ochtó euro, Nócha euro, Céad euro. Tasc Tuisceana 4.2: Tá ___ saor/daor. (na bróga reatha, an clogad, an camán, an bríste gearr, an sliotar) Litriú: ochtó, nócha, céad.

Tréimhse Chumarsáide

Cuireann an múinteoir na hábhair éagsúla ar an mbord le lipéid orthu.Tagann páiste amach os comhair an ranga. Ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cé mhéad atá ___?’ (ar an gclogad, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Deich euro.’ srl. Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ceannaíonn sé/sí rud éigin. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a cheannaigh ___?’ (ainm an pháiste) Freagraíonn na páistí:‘Cheannaigh ___ (ainm an pháiste) ___.’ (camán, sliotar, srl.) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Roghnaíonn páiste A ábhar amháin agus ceistíonn sé/sí páiste B:‘Cé mhéad atá ___?’ (ar an gcamán, srl.) Freagraíonn an páiste B:‘Deich euro.’ srl. Obair Bheirte: Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cé mhéad atá ___?’ (ar an sliotar, srl.) Freagraíonn an páiste B:‘Fiche euro.’ srl. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 140. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cé mhéad atá ___?’ (ar an téad scipeála, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Deich euro.’ srl. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Nuair a bhíonn rud nua ag páiste ceistíonn an múinteoir an páiste:‘Cé mhéad atá ___?’ (ar an leabhar, ar an ngeansaí, ar an liathróid, ar an mála scoile, ar na bróga reatha, srl.) Freagraíonn an páiste ‘___ euro.’ (Fiche,Tríocha, Daichead, Caoga, Seasca, Seachtó, Ochtó, Nócha, Céad)

290

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 290

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cé mhéad atá ___?’ (ar an téad scipeála, srl.) ‘Deich euro, Fiche euro,’ srl. An bhfuil an páiste in an n tuairisciú? ‘Tá sé/siad saor/daor.’

291

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 291

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Siopadóireacht – Aonad Teagaisc agus Foghlama 2 Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 141–147) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga An Satharn a bhí ann. Chuaigh Mamaí go dtí an baile mór. Bhí na páistí in éineacht le Mamaí. Bhí slua mór sa bhaile mór. Chuaigh siad isteach san ollmhargadh. Bhí a lán daoine san ollmhargadh freisin. Bhí Ciara ina suí sa tralaí. Thóg Ciara bosca milseán. Leag sí a lán boscaí. Bhí fearg ar an siopadóir. Phioc Oisín agus Niamh suas na boscaí milseán. Chuir siad ar ais ar an tseilf iad. Tá brón orainn. Ná bí buartha. Tá sé ceart go leor.

Bhí Ciara in éineacht liom. Bhí Ciara in éineacht leat. Bhí Ciara in éineacht leis. Bhí Ciara in éineacht léi. Thóg Ciara bosca milseán inné. Tógann Ciara bosca milseán gach lá.Tógfaidh Ciara bosca milseán amárach. Leag Ciara a lán boscaí inné. Leagann Ciara a lán boscaí gach lá. Leagfaidh Ciara a lán boscaí amárach. Phioc Oisín suas na boscaí inné. Piocann Oisín suas na boscaí gach lá. Piocfaidh Oisín suas na boscaí amárach. Litriú: Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. Phioc sí. Piocann sí. Piocfaifh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí.

Litriú: Ar thóg sí? Thóg sí. Níor thóg sí. Ar leag sí? Leag sí. Níor leag sí. Ar phioc sí? Phioc sí. Níor phioc sí.

292

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 292

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Bhí an siopadóir taobh thiar den chuntar. Bhí clogad ar an gcuntar. Bhí airgead ar an gcuntar freisin. Bhí camán in aice leis an gcuntar. Bhí liathróid faoin gcuntar. Bhí tralaí os comhair an chuntair. Bhí bríste gearr agus t-léine sa tralaí. Bhí Mamaí ag an doras.

An Nuacht An nuacht á léamh ag Niamh. Chuaigh mé go dtí an baile mór. Bhí Mamaí in éineacht liom. Bhí slua mór sa bhaile mór. Chuaigh mé go dtí an siopa spóirt. Cheannaigh mé bróga reatha nua. Bhí siad go hálainn ar fad. Bhí mé an-sásta.

Thóg mé.Thóg tú.Thóg sé.Thóg sí. Thógamar.Thóg sibh.Thóg siad. Litriú: ar an gcuntar, faoin gcuntar, in aice leis an gcuntar, ag an gcuntar.

An Aimsir An aimsir á léamh ag Oisín. Beidh scamaill sa spéir. Beidh an lá scamallach. Beidh gaoth láidir ag séideadh freisin. Beidh an lá gaofar. Litriú: Ritheamar.Thógamar. Leagamar. Phiocamar. Chuireamar. Ghlanamar. Léimeamar. Dhúnamar.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Scéalta

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Dán – Neilí an Bhó

An Bradán Feasa

Drámaíocht

Cluichí

Dráma bunaithe ar an scéal: An Bradán Feasa

Freagair na Ceisteanna Spraoi le Briathra Líon na Bearnaí Scríobh na hAbairtí Suimeanna Focal Scríobh an Scéal Tasc Tuisceana Bí ag Scríobh

Obair Bheirte Cá raibh ___? an siopadóir, an clogad dearg, an camán, srl.) Cá raibh ___? (an clogad dearg, srl.) Bhí ___ (an clogad gorm, srl.) ___. (ar an gcuntar, faoin mbord, os comhair an chuntair, sa tralaí, ag an doras) An ndeachaigh ___ go dtí an baile mór? (Niamh, Oisín) An raibh ___ in éineacht léi? (Mamaí, srl.) Bhí/Ní raibh ___ in éineacht léi. An raibh slua sa bhaile mór? Bhí/Ní raibh slua ag an mbaile mór. Cad a cheannaigh sí? Cheannaigh sí ___ nua. An raibh sí sásta? Bhí/Ní raibh sí sásta. Cén saghas aimsire a bheidh ann inniu?

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Tá brón orm. Ná bí buartha! Tá sé ceart go leor. An ndeachaigh tú go dtí ___? (an cluiche, an phictiúrlann, srl.) Chuaigh/Ní dheachaigh mé go dtí ___. (an cluiche, an phictiúrlann, srl.)

Cá bhfuil ___? (an cóipleabhar, srl.) Tá an cóipleabhar, srl. ___. (ar an mbord, faoin mbord, in aice leis an gcathaoir, taobh thiar den chófra)

Cé a bhí in éineacht leat? Bhí ___ in éineacht liom. Ar cheannaigh tú ___ nua? Cheannaigh/ Níor cheannaigh mé ___ nua.

293

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 293

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Drámaíocht An Bradán Feasa

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

294

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 294

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Aonad 2 – Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Scéal a insint Stór focal a shealbhú agus a úsáid Mothúchán a léiriú

Eiseamláirí Teanga An Satharn a bhí ann. Chuaigh Mamaí go dtí an baile mór. Bhí na páistí in éineacht le Mamaí. Bhí slua mór sa bhaile mór. Chuaigh siad isteach san ollmhargadh. Bhí a lán daoine san ollmhargadh freisin. Bhí Ciara ina suí sa tralaí. Thóg Ciara bosca milseán. Leag sí a lán boscaí. Bhí fearg ar an siopadóir. Phioc Oisín agus Niamh suas na boscaí milseán. Chuir siad ar ais ar an tseilf iad. Tá brón orainn. Ná bí buartha. Tá sé ceart go leor.

Caint an Ranga ___ a bhí ann. (An Luan, An Mháirt, An Chéadaoin, An Déardaoin, An Aoine, An Satharn An Domhnach) Bhí fearg ___. (ar Mhamaí, ar Dhaidí, ar an múinteoir) Tá brón orainn. Ná bí buartha! Tá sé ceart go leor.

Dán – Neilí an Bhó ‘Haigh-dí, daidh-dí, Daidhdil-dí-dó! Is aoibhinn liom ceol,’ A deir Neilí an Bhó.

Fuair Neilí an pianó Thíos ag an stór, Is ní dhéanann sí tada Ach seinm is gleo!

‘Ceannóidh mé pianó Thíos ag an stór, Is seinnfidh mé haigh-dí Daighdil-dí-dó!’

Ní thálann sí bainne Ach uair sa ló; Is fearr léi an haigh-dí, Daighdil-dí-dó!

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán Neilí an Bhó. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad is ainm don bhó?’ ‘Cad a cheannaigh Neilí?’ ‘Cá bhfuair Neilí an pianó?’ ‘An raibh slua mór sa bhaile mór?’ ‘An ndeachaigh siad isteach san ollmharghadh?’ ‘An raibh a lán daoine sa bhaile mór?’ ‘Cá raibh Ciara ina suí?’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá a bhí ann?’ ‘An ndeachaigh Mamaí go dtí an baile mór?’ ‘Cé a bhí in éineacht le Mamaí?’ ‘An raibh a lán daoine sa bhaile mór?’ ‘Cá raibh Ciara ina suí?’ ‘Cad a thóg Ciara?’ ‘Cad a leag Ciara?’ ‘An raibh fearg ar an siopadóir?’ ‘Cé a phioc suas na boscaí milseán?’ ‘Cár chuir siad na boscaí milseán?’ ‘An raibh brón orthu?’ Freagair na Ceisteanna: Cén lá a bhí ann? An ndeachaigh Mamaí go dtí an baile mór? An raibh Daidí in éineacht le Mamaí? An raibh a lán daoine sa bhaile mór? Ar thóg Niamh bosca milseán? Ar thóg Ciara bosca milseán? Ar leag Oisín na boscaí milseán? Ar leag Ciara na boscaí milseán? Ar phioc Oisín suas na boscaí milseán? Ar phioc Ciara suas na boscaí milseán? Spraoi le Briathra: Ar thóg sí? Thóg sí. Níor thóg sí. Ar leag sí? Leag sí. Níor leag sí. Ar phioc sí? Phioc sí. Níor phioc sí. Litriú: Ar thóg sí? Thóg sí. Níor thóg sí. Ar leag sí. Leag sí. Níor leag sí. Ar phioc sí? Phioc sí. Níor phioc sí.

295

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 295

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Tréimhse Chumarsáide

Drámaíocht: Bunaítear dráma ar ábhar an scéil. Bua na Cainte 3 lch. 141. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘Cén lá a bhí ann?’ ‘An ndeachaigh Mamaí go dtí an baile mór?’ ‘An raibh Daidí in éineacht le Mamaí?’ ‘An raibh a lán daoine sa bhaile mór?’ ‘Ar thóg Oisín bosca milseán?’ ‘Ar thóg Ciara bosca milseán?’ ‘Ar leag Oisín a lán boscaí?’ ‘Ar leag Ciara a lán boscaí?’ ‘Ar phioc Oisín suas na boscaí milseán?’ ‘Ar phioc Ciara suas na boscaí milseán?’ Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén lá a bhí ann?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 141. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén lá a bhí ann?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 141. Léann na páistí an scéal. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 142. Scríobhann na páistí an dán.Tarraingíonn siad pictiúr chun an dán a léiriú. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla:‘An ndeachaigh tú go dtí ___?’ (an cluiche, an sorcas, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Chuaigh mé go dtí ___.’ (an cluiche, an sorcas, srl.) ‘An ndeachaigh tú isteach ___?’ (sa scoil, sa halla, srl.) Freagraíonn an páiste:‘Chuaigh mé isteach ___.’ (sa scoil, sa halla, srl.) ‘An bhfuil brón ort?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá brón orm.’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Chuaigh Mamaí go dtí an t-ollmhargadh.’ srl. An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (ollmhargadh, tralaí, bosca milseán, siopadóir, fearg) An bhfuil an páiste in ann mothúcháin a léiriú? ‘Tá brón orm.’

296

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 296

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Aonad 2 – Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Briathra a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile An réamhfhocal ceart a úsáid in abairt

Eiseamláirí Teanga Comhrá 2.1 Bhí Ciara in éineacht liom. Bhí Ciara in éineacht leat. Bhí Ciara in éineacht leis. Bhí Ciara in éineacht léi.

Caint an Ranga Bhí ___ (ainm an pháiste) in éineacht ___. (liom, leat, leis, léi)

Comhrá 2.2 Thóg Ciara bosca milseán inné. Tógann Ciara bosca milseán gach lá. Tógfaidh Ciara bosca milseán amárach. Leag Ciara a lán boscaí inné. Leagann Ciara a lán boscaí gach lá. Leagfaidh Ciara a lán boscaí amárach. Phioc Oisín suas na boscaí inné. Piocann Oisín suas na boscaí gach lá. Piocfaidh Oisín suas na boscaí amárach.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear comhrá 2.1.‘Bhí Ciara in éineacht liom.’ ‘Bhí Ciara in éineacht leat.’ ‘Bhí Ciara in éineacht leis.’ ‘Bhí Ciara in éineacht léi.’ Múintear comhrá 2.2. Deir an múinteoir na habairtí san aimsir chaite. Spreagann an múinteoir na páistí leis na habairtí a rá san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Líon na Bearnaí: mé:Tá Ciara in éineacht liom. sí:Tá Ciara in éineacht léi. tú:Tá Ciara in éineacht leat. sé:Tá Ciara in éineacht leis. Oisín:Tá Ciara in éineacht leis. Niamh:Tá Ciara in éineacht léi. Scríobh na hAbairtí:Thóg Ciara milseáin inné.Tógann Oisín úll gach lá.Tógfaidh Róisín banana amárach. Leag Oisín a lán boscaí inné. Leagann Róisín a lán boscaí gach lá. Leagfaidh Niamh a lán boscaí amárach. Phioc Róisín suas na boscaí inné. Piocann Niamh suas na boscaí gach lá. Piocfaidh Ciara suas na boscaí amárach. Spraoi le Briatharta: Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. Leag sí. Leagann sí. Leagfaidh sí. Phioc sí. Piocann sí. Piocfaidh sí. Suimeanna Focal: Tóg + ann = Tógann. Leag + ann = Leagann. Pioc + ann = Piocann. Tóg + faidh = Tógfaidh. Leag + faidh = Leagfaidh. Pioc + faidh = Piocfaidh. Litriú: Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. Phioc sí. Piocann sí. Piocfaifh sí. Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 143. Iarrann an múinteoir ar na páistí an réamhfhocal ceart a roghnú chun na habairtí a rá: ‘Tá Ciara in éineacht ___.’ (liom, leat, leis, léi) Iarrann an múinteoir ar pháiste teacht os comhair an ranga. Iarrann an múinteoir ar an bpáiste an réamhfhocal ceart a roghnú i ngach abairt: ‘Tá Ciara in éineacht ___.’ (liom, leat, leis, léi) Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 143. Roghnaíonn na páistí an réamhfhocal ceart i ngach abairt.

297

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 297

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Bua na Cainte 3 lch. 143. Deir an múinteoir na habairtí san aimsir chaite. Spreagann an múinteoir na páistí na habairtí a rá san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Obair Bheirte: Tugann páiste A an abairt san aimsir chaite agus tugann páiste B an abairt san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 142. Scríobhann na páistí an dán agus tarraingíonn siad pictiúr. Bua na Cainte 3 lch. 143. Roghnaíonn an páiste an réamhfhocal ceart i ngach abairt. (liom, leat, leis, léi) Léann an páiste an abairt san aimsir chaite agus scríobhann an páiste an abairt san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé atá in éineacht leat sa líne?’ ‘Cé atá in éineacht leis sa líne? ‘Cé atá in éineacht léi sa líne?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann abairtí a athrú ó aimsir amháin go haimsir eile? ‘Thóg sí.Tógann sí. Tógfaidh sí.’ ‘Phioc sí. Piocann sí. Piocfaifh sí.’ ‘Léim sí. Léimeann sí. Léimfidh sí.’ An bhfuil an páiste in ann an réamhfhocal ceart a úsáid in abairt? (liom, leat, leis lé)

298

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 298

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Aonad 2 – Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Cur síos a dhéanamh Briathra a úsáid san aimsir chaite An réamhfhocal ceart a úsáid in abairt

Eiseamláirí Teanga Comhrá 3.1 Bhí an siopadóir taobh thiar den chuntar. Bhí clogad ar an gcuntar. Bhí airgead ar an gcuntar freisin. Bhí camán in aice leis an gcuntar. Bhí liathróid faoin gcuntar. Bhí tralaí os comhair an chuntair. Bhí bríste gearr agus t-léine sa tralaí. Bhí Mamaí ag an doras.

Caint an Ranga Cá bhfuil an leabhar? Tá an leabhar ___. (ar an gcófra, faoin gcófra, in aice leis an gcófra)

Comhrá 3.2 Thóg mé.Thóg tú.Thóg sé.Thóg sí. Thógamar.Thóg sibh.Thóg siad. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear comhrá 3.1. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cé a bhí taobh thiar den chuntar?’ ‘Cad a bhí ar an gcuntar.’ ‘An raibh airgead ar an gcuntar?’ ‘Cá raibh an camán?’ ‘Cá raibh an liathróid?’ ‘Cá raibh an tralaí?’ ‘Cad a bhí sa tralaí?’ ‘Cá raibh Mamaí?’ Spreagtar na páistí na ceisteanna a fhreagairt. Cruthaíonn an múinteoir siopa ag barr an ranga. Seasann an páiste taobh thiar den chuntar agus deir an múinteoir:‘Bhí ___ taobh thiar den chuntar.’ (ainm an pháiste) Cuireann an múinteoir rudaí éagsúla ar an gcuntar, leabhar, peann, srl. agus deir an múinteoir:‘Bhí ___ ar an gcuntar.’ (leabhar, peann, srl.) Múintear comhrá 3.2. Cuirtear leabhar ar an mbord agus tógann an múinteoir an leabhar agus deir sé/sí:Thóg mé an leabhar.’ Déantar amhlaidh do na pearsana eile. Tasc Tuisceana: Cuir an siopadóir taobh thiar den chuntar. Croch t-léine taobh thiar den chuntar freisin. Cuir clogad ar an gcuntar. Cuir airgead ar an gcuntar. Cuir camán in aice leis an gcuntar. Cuir liathróid faoin gcuntar. Cuir tralaí os comhair an chuntair. Cuir bríste gearr sa tralaí. Cuir Mamaí ag an doras. Scríobh an Scéal: Bhí an siopadóir taobh thiar den chuntar. Bhí clogad ar an gcuntar. Bhí camán in aice leis an gcuntar. Bhí liathróid faoin gcuntar. Bhí tralaí os comhair an chuntair. Bhí bríste gearr agus t-léine sa tralaí. Bhí Mamaí ag an doras. Spraoi le Briathra: Rith sé. Ritheamar.Thóg sé.Thógamar. Leag sé. Leagamar. Phioc sé. Phiocamar. Chuir sé. Chuireamar. Ghlan sé. Ghlanamar. Léim sé. Léimeamar. Dhún sé. Dhúnamar. Litriú: ar an gcuntar, faoin gcuntar, in aice leis an gcuntar, ag an gcuntar.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 144. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá raibh an siopadóir?’ srl. Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cá raibh an siopadóir?’ ‘Cá raibh an camán?’ ‘Cá raibh an t-airgead?’ ‘Cá raibh an clogad gorm?’ ‘Cá raibh an liathróid dhearg?’ ‘Cá raibh an tralaí?’ ‘Cá raibh an bríste gearr?’ ‘Cá raibh Mamaí?’ ‘Cá raibh an clogad dearg?’ ‘Cá raibh Ciara?’ Malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 144. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Malartaíonn na páistí róil.

299

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 299

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 144. Léann na páistí na habairtí. Scríobhann siad freagraí na gceisteanna.

Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cá bhfuil ___?’ Freagraíonn an páiste:‘Tá ___ (an liathróid, srl.) ___.’ (taobh thiar den bhord, ar an mbord, in aice leis an mbord, faoin mbord)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Bhí an siopadóir taobh thiar den chuntar.’ ‘Bhí clogad ar an gcuntar.’ An bhfuil an páiste in ann briathra a úsáid san aimsir chaite? ‘Thóg mé.Thóg tú.Thóg sé.Thóg sí. Thógamar.Thóg sibh.Thóg siad.’

300

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 300

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Aonad 2 – Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Nuacht a thabhairt Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga An Nuacht An nuacht á léamh ag Niamh. Chuaigh mé go dtí an baile mór. Bhí Mamaí in éineacht liom. Bhí slua mór sa bhaile mór. Chuaigh mé go dtí an siopa spóirt. Cheannaigh mé bróga reatha nua. Bhí siad go hálainn ar fad. Bhí mé an-sásta.

Caint an Ranga An ndeachaigh tú go dtí an baile mór? Cé a bhí in éineacht leat? Cad a cheannaigh tú? An raibh tú sásta?

An Aimsir An aimsir á léamh ag Oisín. Beidh scamaill sa spéir. Beidh an lá scamallach. Beidh gaoth láidir ag séideadh freisin. Beidh an lá gaofar. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An ndeachaigh Niamh go dtí an baile mór?’ ‘Cé a bhí in éineacht léi?’ ‘An raibh slua mór sa bhaile mór?’ ‘An ndeachaigh Niamh go dtí an siopa spóirt?’ ‘Cad a cheannaigh Niamh?’ ‘An raibh na bróga go hálainn?’ ‘An raibh Niamh sásta?’ ‘Cén saghas aimsire a bheidh ann?’ ‘An mbeidh scamaill sa spéir?’ ‘An mbeidh an lá scamallach?’ ‘An mbeidh gaoth ag séideadh?’ ‘An mbeidh an lá gaofar?’ Bí ag Scríobh: Bhí ___ taobh thiar den chuntar. (siopadóir, camán, t-léine, airgead, clogad, liathróid, bríste gearr, tralaí) Litriú: Ritheamar.Thógamar. Leagamar. Phiocamar. Chuireamar. Ghlanamar. Léimeamar. Dhúnamar.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘Chuaigh mé go dtí an baile mór.’ ‘Bhí Mamaí in éineacht liom.’ ‘Bhí slua mór sa bhaile mór.’ ‘Chuaigh mé go dtí an siopa spóirt.’ ‘Cheannaigh mé bróga reatha nua.’ ‘Bhí siad go hálainn ar fad.’ ‘Bhí mé an-sásta.’ Tugann na páistí eile bualadh bos nuair a bhíonn críochnaithe ag an bpáiste. Ceistíonn an múinteoir na páistí faoin aimsir:‘Cén saghas aimsire a bheidh ann?’ ‘An mbeidh scamaill sa spéir?’ ‘An mbeidh an lá scamallach?’ ‘An mbeidh gaoth ag séideadh?’ ‘An mbeidh an lá gaofar?’ Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus déanann an páiste cur síos ar an aimsir. Obair Bheirte: Insíonn páiste A nuacht do pháiste B. Déanann páiste A cur síos ar an aimsir. Insíonn páiste B nuacht do pháiste A. Malartaíonn na páistí róil.

301

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 301

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 145. Léann na páistí an nuacht agus an aimsir. Freagraíonn na páistí na ceisteanna chun a nuacht phearsanta a thabhairt. Scríobhann na páistí an nuacht. Léann na páistí an nuacht atá scríofa acu. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘An ndeachaigh tú go dtí an baile mór?’ ‘Cé a bhí in éineacht leat?’ ‘Cad a cheannaigh tú?’ ‘An raibh tú sásta?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann nuacht a thabhairt? ‘Chuaigh mé go dtí an baile mór.’ ‘Bhí Mamaí in éineacht liom.’ ‘Bhí slua mór sa bhaile mór.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú faoin aimsir? ‘Beidh scamaill sa spéir.’ ‘Beidh an lá scamallach.’ ‘Beidh gaoth láidir ag séideadh freisin.’ ‘Beidh an lá gaofar.’

302

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 302

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Scéal – An Bradán Feasa Scéalaí:

Fadó, fadó, nuair a bhí Fionn Mac Cumhaill ina bhuachaill óg, bhí sé ina chónaí lena mhúinteoir. Finnéigeas ab ainm dó. Bhí teach ag Finnéigeas ar bhruach na habhann. Lá amháin, bhí Finnéigeas ag iascaireacht ar bhruach na habhann. Bhí Fionn in éineacht leis. Mí Bhealtaine a bhí ann. Bhí an lá go hálainn. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Go tobann, rug Finnéigeas ar bhradán. Bhí sceitimíní áthais air.

Finnéigeas:

Ar fheabhas ar fad.

Scéalaí:

Chuir Finnéigeas an bradán os cionn na tine chun é a róstadh.

Finnéigeas:

Faigh adhmad don tine.

Scéalaí:

Chuaigh Fionn chun adhmad a fháil don tine.

Finnéigeas:

Is bradán feasa é seo. Íosfaidh mé an bradán feasa. Beidh gach rud ar eolas agam.

Scéalaí:

Bhí Finnéigeas ar bís. Bhí áthas an domhain air. Bhí sé ag damhsa le háthas. Nuair a tháinig Fionn ar ais, chuir sé an t-adhmad sa tine.

Finnéigeas:

Caithfidh mé níos mó adhmaid a fháil. Tabhair aire don bhradán. Ná hith é. Ná dóigh é.

Fionn:

Ní íosfaidh mé an bradán. Ní dhófaidh mé an bradán.

Scéalaí:

Bhí tine mhór faoin mbradán. Tháinig cloigín ar an mbradán. Chuir Fionn a ordóg ar an mbradán chun an cloigín a bhriseadh. Dhóigh sé a ordóg.

Fionn:

Áááá!

Scéalaí:

Bhí a ordóg dóite. Chuir sé a ordóg ina bhéal. Leis sin, tháinig Finnéigeas ar ais. Ní raibh Fionn sásta.

Finnéigeas:

Cad a tharla?

Fionn:

Tháinig cloigín ar an mbradán. Chuir mé m’ordóg air chun é a bhriseadh. Dhóigh mé m’ordóg. Chuir mé m’ordóg i mo bhéal. Tá m’ordóg dóite. 303

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 303

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Finnéigeas:

Beidh tú ceart go leor. Ná bí buartha! Nuair a chuir tú d’ordóg i do bhéal, d’ith tú píosa beag den bhradán. Is bradán feasa é sin. Is tusa an chéad duine a d’ith an bradán feasa. Nuair a chuirfidh tú d’ordóg i do bhéal ón lá seo amach, beidh gach rud ar eolas agat.

Scéalaí:

Bhí ordóg feasa ag Fionn Mac Cumhail ón lá sin amach. Nuair a chuir sé a ordóg ina bhéal, bhí gach rud ar eolas aige.

Foclóir: Fionn, Finnéigeas, an bradán feasa, tine mhór, teach adhmad, ar bhruach na habhann, os cionn na tine, fear, ordóg, cloigín, spéir. Freagair na Ceisteanna: 1 Cá raibh Fionn? 2 Cad a bhí ar siúl ag Finnéigeas? 3 Cé a bhí in éineacht le Finnéigeas? 4 Cén mhí a bhí ann? 5 Cén saghas lae a bhí ann? 6 Ar rug Fionn ar an mbradán feasa? 7 Ar rug Finnéigeas ar an mbradán feasa? 8 An raibh an bradán feasa os comhair na tine? 9 An raibh an bradán feasa os cionn na tine? 10 Ar dhóigh Finnéigeas a ordóg? Bí ag Scríobh: Is ___ é. (éan, bradán feasa, gréasaí bróg, tarbh, teach, cú, capall, rón) Bua na Cainte 3 lch. 146.Tarraingíonn na páistí pictiúr. Scríobhann siad na focail in aice leis na pictiúir. Bua na Cainte 3 lch. 147. Iarrtar ar na páistí tuairisc a scríobh faoin bpictiúr.Tig leo an foclóir ar lch. 146 agus lch. 147 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann na páistí dréacht. Déanann siad eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann siad an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Scríobhann siad freagraí na gceisteanna. Líonann na páistí na bearnaí.

304

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 304

31/08/2018 11:18


Siopadóireacht Measúnú don Fhoghlaim Teanga ó Bhéal 1 Cé mhéad atá ar an téad scipeála? 2 Cé mhéad airgid atá sa sparán? 3 An bhfuil a fhios agat cá bhfuil an siopa spóirt? 4 Cá bhfuil an siopa spóirt? 5 Cá bhfuil an siopa bréagán? 6 Cad atá ag teastáil uait? 7 Cad atá ag teastáil uaidh? 8 Cad atá ag teastáil uaithi? 9 An ndeachaigh Mamaí agus na páistí go dtí an baile mór? 10 Ar leag Oisín a lán boscaí milseán? 11 Cá raibh an clogad? 12 Cá raibh an tralaí? 13 Cá raibh an camán? 14 Cá raibh an siopadóir? Léitheoireacht Téigh díreach ar aghaidh. Cas ar chlé ___. Cas ar dheis ___. (ag an siopa bréagán, ag Oifig an Phoist, ag an séipéal, ag an siopa spóirt, ag an siopa bia, ag an siopa éadaí, ag an siopa ceoil, ag na soilse tráchta) Freagair na Ceisteanna Ar thóg sí? Thóg sí. Níor thóg sí. Ar leag sí? Leag sí. Níor leag sí. Ar phioc sí? Phioc sí. Níor phioc sí. Scríbhneoireacht Thóg sí.Tógann sí.Tógfaidh sí. Leag sí. Leagann sí. Leagfaidh sí. Phioc sí. Piocann sí. Piocfaidh sí. Réamhfhocail (ó – uaim, uait, uaidh, uaithi) Tá ___ (bróga spóirt, srl.) ag teastáil ___. (uaim, uait, uaidh, uaithi)

305

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp281-305).indd 305

31/08/2018 11:18


Lá ’le Pádraig Ócáidí Speisialta – Lá ’le Pádraig – Aonad Teagaisc agus Foghlama Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 148–150) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Lá ’le Pádraig a bhí ann. Bhí lá saoire ag na páistí ón scoil. Bhí paráid ar siúl sa bhaile mór. Bhí Mamaí, Daidí agus Ciara ag féachaint ar an bparáid. Bhí bratach ag Ciara. Bhí an bhratach glas, bán agus órga. Chaith Mamaí seamróg ghlas. Chaith Daidí hata glas. Chonaic siad banna ceoil ag dul thar bráid. Bhí na páistí ag seinm ceoil sa pharáid. Sheinn ___ (Ruairí, srl.) ___. (an bodhrán, an fheadóg stáin, an druma, an veidhlín) Bhí Liam ag damhsa. Chuaigh Liam tóin thar cheann. Bhí Ciara sna trithí ag gáire. Bhí spórt agus spraoi ag gach duine. ‘Beannachtaí na Féile Pádraig,’ arsa na páistí. Litriú: seamróg, feadóg, bábóg, bróg.

Tharraing na páistí pictiúr mór de leipreachán. Dhathaigh siad an pictiúr. Chroch siad an pictiúr ar an mballa. Chuir na páistí focail ar an bpictiúr. Tá an pictiúr go hálainn. Déan cur síos ar an bpictiúr. Tá an leipreachán ina shuí faoin gcrann. Tá sé ag deisiú bróige. Tá hata ar a cheann aige. Tá seamróg ar a chóta aige. Tá casúr ina lámh aige. Tá bratach ar foluain aige. Tá áthas ina chroí aige. Litriú: spideog, fuinneog, fáinleog, duilleog.

306

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp306-311).indd 306

31/08/2018 11:19


Lá ’le Pádraig Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin Cluichí Amhrán – An Leipreachán Dán – Lá ’le Pádraig

Tasc Tuisceana Foclóir Bí ag Caint Scríobh an Scéal Spraoi le Briathra Freagair na Ceisteanna

Obair Bheirte Cén lá a bhí ann? An raibh lá saoire ag na páistí ón scoil? Cad a bhí ar siúl sa bhaile mór? Cé a bhí ag féachaint ar an bparáid?

Cad a bhí ag Ciara? Cén dath a bhí ar an mbratach? Ar chaith ___ seamróg ghlas? (Mamaí, srl.) Cad a sheinn Ruairí? Ar sheinn Oisín an fheadóg stáin?

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Beannachtaí na Féile Pádraig Go mba hé duit. Cad atá ar siúl agat? Tá mé ___. (ag obair, ag caint, ag léamh, ag scríobh) Cad a chonaic tú? Chonaic mé ___.

Cad a bhí ag Ciara? Cén dath a bhí ar an mbratach? Ar chaith ___ seamróg ghlas? (Mamaí, srl.) Cad a sheinn Ruairí? Ar sheinn Oisín an fheadóg stáin?

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ealaín An Leipreachán

Ceol An Leipreachán

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

307

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp306-311).indd 307

31/08/2018 11:19


Lá ’le Pádraig Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Lá ’le Pádraig a bhí ann. Bhí lá saoire ag na páistí ón scoil. Bhí paráid ar siúl sa bhaile mór. Bhí Mamaí, Daidí agus Ciara ag féachaint ar an bparáid. Bhí bratach ag Ciara. Bhí an bhratach glas, bán agus órga. Chaith Mamaí seamróg ghlas. Chaith Daidí hata glas. Chonaic siad banna ceoil ag dul thar bráid. Bhí na páistí ag seinm ceoil sa pharáid. Sheinn ___ (Ruairí, srl.) ___. (an bodhrán, an fheadóg stáin, an druma, an veidhlín) Bhí Liam ag damhsa. Chuaigh Liam tóin thar cheann. Bhí Ciara sna trithí ag gáire. Bhí spórt agus spraoi ag gach duine. ‘Beannachtaí na Féile Pádraig,’ arsa na páistí.

Beannachtaí na Féile Pádraig. Go mba hé duit. Cad atá ar siúl agat? Tá mé ___. (ag obair, ag caint, ag léamh, ag scríobh) Cad a chonaic tú? Chonaic mé ___.

Dán – Lá ’le Pádraig Lá ’le Pádraig, Bratach dheas, Lá saoire, Seamróg ghlas.

Banna ceoil, Ag dul thar bráid. Spórt is spraoi, Ar an tsráid.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an dán Lá ’le Pádraig. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá a bhí ann?’ ‘Cad a bhí ag Róisín?’ ‘Ar chaith ___ seamróg?’ (Ruairí, Róisín) ‘Cad a bhí ag dul thar bráid?’ ‘Cad a bhí ar siúl ag na daoine ar an tsráid?’ ‘Ar sheinn siad ceol?’ ‘An raibh spórt agus spraoi ag na páistí?’ Múintear an scéal Lá ’le Pádraig do na páistí. Baintear úsáid as na pictiúir mar spreagthach. Spreagtar na páistí leis an scéal a insint. Foclóir: veidhlín, feadóg stáin, druma, bodhrán, Naomh Pádraig, tóin thar cheann, bratach, seamróg. Spraoi le Briathra: Ar chaith sí? Chaith sí. Níor chaith sí. Ar sheinn sí? Sheinn sí. Níor sheinn sí. Freagair na Ceisteanna: Cén lá a bhí ann? An raibh lá saoire ag na páistí ón scoil? Cad a bhí ar siúl sa bhaile mór? Cé a bhí ag féachaint ar an bparáid? Cad a bhí ag Ciara? Cén dath a bhí ar an mbratach? Ar chaith ___ seamróg ghlas? (Mamaí, srl.) Cad a sheinn Ruairí? Ar sheinn Oisín an fheadóg stáin? Bí ag Caint: An raibh lá saoire ag na páistí ón scoil? Cad a bhí ar siúl sa bhaile mór? Cé a bhí ag féachaint ar an bparáid? Cad a bhí ag Ciara? Cén dath a bhí ar an mbratach? Ar chaith ___ seamróg ghlas? (Mamaí, srl.) Cad a sheinn Ruairí? Ar sheinn Oisín an fheadóg stáin? Litriú: seamróg, feadóg, bábóg, bróg.

308

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp306-311).indd 308

31/08/2018 11:19


Lá ’le Pádraig Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 149. Léann na páistí an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá a bhí ann?’ srl. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘An raibh lá saoire ag na páistí ón scoil?’ ‘Cad a bhí ar siúl sa bhaile mór?’ ‘Cé a bhí ag féachaint ar an bparáid?’ ‘Cad a bhí ag Ciara?’ ‘Cén dath a bhí ar an mbratach?’ ‘Ar chaith ___ seamróg ghlas?’ (Mamaí, srl.) ‘Cad a sheinn Ruairí?’ ‘Ar sheinn Oisín an fheadóg stáin?’ Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 149. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna.Ansin, malartaíonn na páistí róil.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 149 Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Bua na Cainte 3 lch. 148. Scríobhann na páistí an dán.Tarraingíonn siad pictiúr chun an dán a léiriú. Dúshlán Breise: Scríobhann na páistí tuairisc faoin bpictiúr ar leathanach 148: Beannachtaí na Féile Pádraig.Tig leo an foclóir ar lch. 148 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann an páiste dréacht. Déanann sé/sí eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann sé/sí an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga.

Lá ’le Pádraig – Ceacht 2

Bí ag Léamh

Lá ’le Pádraig

Lá ’le Pádraig a bhí ann. Bhí lá saoire ag na páistí ón scoil. Bhí paráid ar siúl sa bhaile mór.

Bhí Mamaí, Daidí agus Ciara ag féachaint ar an bparáid. Bhí bratach ag Ciara. Bhí an bhratach glas, bán agus órga.

Bhí na páistí ag seinm ceoil sa pharáid. Sheinn Ruairí an bodhrán . Sheinn Niamh an fheadóg stáin. Sheinn Oisín an druma. Sheinn Róisín an veidhlín.

Chaith Mamaí seamróg ghlas. Chaith Daidí hata glas. Chonaic siad banna ceoil ag dul thar bráid.

Bhí Liam ag damhsa . Chuaigh Liam tóin thar cheann.

Bhí Ciara sna trithí ag gáire. Bhí spórt agus spraoi ag gach duine. ‘Beannachtaí na féile Pádraig,’ arsa na

Obair Bheirte

1 Cén lá a bhí ann? 2 An raibh lá saoire ? ag na páistí ón scoil? 3 Cad a bhí ar siúl sa bhaile mór? Ar chaith? 4 Cé a bhí ag féachain t ar an bparáid? 5 Cad a bhí ag Ciara? Ar sheinn? 6 Cén dath a bhí ar an mbratach? 7 Ar chaith Mamaí seamróg ghlas? 8 Ar chaith Daidí seamró g ghlas? 9 Cad a sheinn Ruairí? 10 Ar sheinn Oisín an fheadóg stáin?

3

páistí.

7

Chaith

Níor chaith

Sheinn

Níor sheinn

149

Ceacht 1

Lá ’le Pádraig

Lá ΄le Pádraig

Lá ’le Pádraig, Bratach dheas, Lá saoire, Seamróg ghlas. Banna ceoil, Ag dul thar bráid. Spórt is spraoi, Ar an tsráid.

Scríobh an dán i do chóipleabhar. Tarraing pictiúr.

Bí ag Caint

bratach

Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: ‘Beannachtaí na Féile Pádraig.’ ‘Go mba hé duit.’ ‘Cad atá ar siúl agat?’ ‘Tá mé ___.’ (ag obair, ag caint, ag léamh, ag scríobh) ‘Cad a chonaic tú?’ ‘Chonaic mé ___.’

ag dul thar bráid

seamróg

tóin thar cheann

veidhlín bodhrán

ag seinm ceoil

spórt is spraoi

feadóg stáin

druma Tarraing an pictiúr. Scríobh abairtí faoin

Naomh Pádraig

ar an tsráid bpictiúr. 148

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (Lá ’le Pádraig, paráid, seamróg, bodhrán, feadóg stáin, druma, veidhlín) An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Lá ’le Pádraig a bhí ann.’ ‘Bhí lá saoire ag na páistí ón scoil.’ ‘Bhí paráid ar siúl sa bhaile mór.’ srl

309

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp306-311).indd 309

31/08/2018 11:19


Lá ’le Pádraig Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga Tharraing na páistí pictiúr mór de leipreachán. Dhathaigh siad an pictiúr. Chroch siad an pictiúr ar an mballa. Chuir na páistí focail ar an bpictiúr. Tá an pictiúr go hálainn. Déan cur síos ar an bpictiúr. Tá an leipreachán ina shuí faoin gcrann. Tá sé ag deisiú bróige. Tá hata ar a cheann aige. Tá seamróg ar a chóta aige. Tá casúr ina lámh aige. Tá bratach ar foluain aige. Tá áthas ina chroí aige. Ar fheabhas ar fad.

Caint an Ranga Tarraing pictiúr. Tharraing ___ pictiúr álainn. Dathaigh an pictiúr. Tá an pictiúr go hálainn. Déan cur síos ar an bpictiúr. Ar fheabhas ar fad.

Amhrán – An Leipreachán Bhí leipreachán ina shuí faoin gcrann, Bhí leipreachán ina shuí faoin gcrann, Is é ag deisiú bróige. Oró mo Dhaideó (x4) Ó Ó Ó! Bhí hata ar a cheann aige, ar a cheann aige, ar a cheann aige, Bhí hata ar a cheann aige, Is é ag deisiú bróige.

Bhí seamróg ar a chóta aige, ar a chóta aige, ar a chóta aige, Bhí seamróg ar a chóta aige, Is é ag deisiú bróige.

Bhí bratach ar foluain aige, ar foluain aige, ar foluain aige, Bhí bratach ar foluain aige, Is é ag deisiú bróige.

Bhí casúr ina lámh aige, ina lámh aige, ina lámh aige, Bhí casúr ina lámh aige, Is é ag deisiú bróige.

Bhí áthas ina chroí aige, ina chroí aige, ina chroí aige, Bhí áthas ina chroí aige, Is é ag deisiú bróige.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán An Leipreachán. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cá raibh an leipreachán ina shuí?’ ‘Cad a bhí ar siúl aige?’ ‘Cad a bhí ar a cheann aige?’ ‘Cad a bhí ar a chóta aige?’ ‘Cad a bhí ina lámh aige?’ ‘Cad a bhí ar foluain?’ ‘An raibh áthas air?’ ‘An raibh an leipreachán sásta?’ Múintear an comhrá. Úsáidtear pictiúr den leipreachán. Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla na luaschártaí seo leanas a chur san áit chuí – leipreachán, faoin gcrann, hata, seamróg, casúr, bratach, ar foluain. Spreagtar na páistí cur síos a dhéanamh ar an leipreachán:‘Tá leipreachán ina shuí faoin gcrann.’ ‘Tá hata ar a cheann aige.’ ‘Tá seamróg ar a chóta aige.’ ‘Tá casúr ina lámh aige.’ ‘Tá bratach ar foluain aige.’ Tasc Tuisceana: Cuir stól faoin gcrann. Cuir an leipreachán ina shuí ar an stól. Cuir hata ar a cheann. Cuir carbhat glas air. Cuir cóta air. Cuir féasóg air. Cuir seamróg ar a chóta. Cuir buataisí dubha air. Cuir casúr ina lámh. Cuir bratach ar foluain. Cuir pota óir taobh thiar den chrann. Foclóir: casúr, cóta, hata, seamróg, féasóg, stól, crann, pota óir, croí, bratach. Scríobh an Scéal: Tá leipreachán ina shuí faoin gcrann.Tá sé ag deisiú bróige.Tá hata ar a cheann aige.Tá seamróg ar a chóta aige.Tá bróga dubha air.Tá casúr ina lámh aige.Tá bratach ar foluain aige.Tá áthas ina chroí aige. Litriú: spideog, fuinneog, fáinleog, duilleog.

310

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp306-311).indd 310

31/08/2018 11:19


Lá ’le Pádraig Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 150. Iarrann an múinteoir ar na páistí pictiúr den leipreachán a tharraingt agus na focail seo leanas a chur san áit chuí - leipreachán, faoin gcrann, hata, seamróg, casúr, bratach, ar foluain. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 150.Ar dtús, déanann páiste A cur síos ar an leipreachán.Ansin, déanann páiste B cur síos ar an leipreachán.

Ceacht 3

An Leipreachán

Bhí leipreachán ina shuí faoin gcrann, ina shuí faoin gcrann, ina shuí faoin gcrann, Bhí leipreachán ina shuí faoin gcrann, Is é ag deisiú bróige. Oró mo Dhaideó (x 4)

Ó Ó Ó!

Bhí hata ar a cheann aige, ar a cheann aige, ar a cheann

Bhí hata ar a cheann aige, Is é ag deisiú bróige.

aige,

Bhí seamróg ar a chóta aige, ar a chóta aige, ar a chóta aige, Bhí seamróg ar a chóta aige,

Is é ag deisiú bróige.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 150. Scríobhann na páistí tuairisc faoin leipreachán. Tig leo an foclóir ar lch. 150 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann an páiste dréacht. Déanann sé/sí eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann sé/sí an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga.

Bhí casúr ina lámh aige, ina lámh aige, ina lámh aige, Bhí casúr ina lámh aige,

Is é ag deisiú bróige.

Bhí bratach ar foluain aige, ar foluain aige, ar foluain aige, Bhí bratach ar foluain aige, Is é ag deisiú bróige. Bhí áthas ina chroí aige,

ina chroí aige, ina chroí aige, Bhí áthas ina chroí aige, Is é ag deisiú bróige.

Scríobh an t-amhrá n i do chóipleabhar. Tarraing pictiúr. 150

Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: ‘Tarraing pictiúr.’ ‘Tharraing ___ pictiúr álainn.’ ‘Dathaigh an pictiúr.’ ‘Tá an pictiúr go hálainn.’ ‘Déan cur síos ar an bpictiúr.’ ‘Ar fheabhas ar fad.’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: D’fhéadfadh na páistí colláis de leipreachán mór a dhéanamh i gceacht Ealaíne. Ceol: D’fhéadfaí an t-amhrán seo a dhéanamh i gceacht Ceoil.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (leipreachán, pictiúr, crann, seamróg, casúr, bratach, ar foluain) An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘Tá an leipreachán ina shuí faoin gcrann.’ ‘Tá sé ag deisiú bróige.’ ‘Tá hata ar a cheann aige.’ ‘Tá seamróg ar a chóta aige.’ srl.

311

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp306-311).indd 311

31/08/2018 11:19


An Cháisc Ócáidí Speisialta – An Cháisc – Aonad Teagaisc agus Foghlama Snáitheanna

Gnéithe

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Acmhainní

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 151–153) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Bhí an Cháisc ag teacht. Tharraing na páistí pictiúr mór le chéile. ___ (Tharraing/Dhathaigh) Niamh, srl. ___. (coinín na Cásca, ciseán don choinín, uibheacha sa chiseán, sicín, crann agus bláthanna sa gharraí, an ghrian agus scamall sa spéir) Scríobh Niamh na focail ‘Beannachtaí na Cásca’. Chroch siad an pictiúr os cionn an bhord dúlra. Chuir Oisín luaschártaí ar an bpictiúr. (an ghrian, scamall, crann, bachlóga, sicín na Cásca, coinín na Cásca, ciseán, uibheacha, ubh Chásca, garraí, lus an chromchinn) Tá an pictiúr go hálainn ar fad. Maith sibh! Inis dom faoin bpictiúr. Tá an ghrian agus scamall sa spéir.Tá sicín na Cásca sa gharraí.Tá ciseán ag coinín na Cásca.Tá uibheacha sa chiseán. Tá coinín na Cásca ag damhsa.Tá ubh Chásca faoin gcrann. Tá lus an chromchinn ag fás sa gharraí. Thug an múinteoir uibheacha Cásca beaga do na páistí. Bhí na páistí an-sásta. Litriú: an coinín, an gairdín, an sicín, an cailín.

Cé mhéad coinín atá sa gharraí? Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn. Litriú: an cailín/na cailíní, an sicín/na sicíní, an coinín/na coiníní, an gairdín/na gairdíní. An Nuacht An Nuacht á léamh ag Niamh. An Cháisc a bhí ann. Bhí lá saoire againn ón scoil. Tháinig Mamó agus Daideo go dtí ár dteach. Thug Daideo coinín bán dúinn. Bhí an coinín go hálainn. Thug mé uisce don choinín. Thug Ciara leitís agus cairéad don choinín. Thug Oisín aire don choinín. Bhí an coinín an-sásta. Thug Mamó uibheacha Cásca dúinn. D’ith mé ceithre cinn. D’ith Ciara trí cinn. D’ith Oisín sé cinn. Thaitin an Cháisc go mór linn. Bhí spórt agus scléip againn.

312

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 312

31/08/2018 11:22


An Cháisc An Cháisc a bhí ann. Thug Mamó uibheacha Cásca do na páistí. Cheannaigh Daideo coinín bán do na páistí. Bhí an coinín go hálainn. Thug Ciara leitís agus cairéad don choinín. D’ith an coinín an leitís agus an cairéad. Thug Niamh uisce don choinín. D’ól an coinín an t-uisce. Thug Oisín aire don choinín. Bhí an coinín an-sásta. Thaitin an coinín go mór leis na páistí.

An Aimsir An aimsir á léamh ag Oisín. Bhí an aimsir go deas. Bhí an ghrian ag taitneamh. Bhí an lá grianmhar. Litriú: seacht gcinn, ocht gcinn, naoi gcinn, deich gcinn.

Litriú: ceann amháin, dhá cheann, trí cinn, ceithre cinn, cúig cinn, sé cinn.

Oideolaíochtaí Modhanna Múinte An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin agus Dánta Cluichí Amhrán – Damhsa na gCoiníní

Tasc Tuisceana Dathaigh Tarraing Foclóir Bí ag Caint Freagair na Ceisteanna

Obair Bheirte Déan cur síos ar an bpictiúr. Comhair (Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn) Cad a thug Mamó do na páistí? Cad a thug Daideo do na páistí? Ar thug Daidí coinín do na páistí? An raibh an coinín go deas? Cé a thug leitís don choinín? Cad a thug Niamh don choinín? Ar ith an coinín leitís? Cén dath a bhí ar an gcoinín? An bhfuil nuacht agat? Cén saghas aimsire atá ann?

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Beannachtaí na Cásca. Go mba hé duit. Tarraing ___. Dathaigh ___. Scríobh scéal. Croch ___ ar an mballa. Croch ___ os cionn an bhord dúlra. Tá an pictiúr go hálainn ar fad. Maith sibh! Inis dom faoin bpictiúr.

Cé mhéad? Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn.

Ar ith tú ceapaire? D’ith/Níor ith. Ar ól tú uisce? D’ól/Níor ól. An bhfuil tú sásta? Tá/Níl mé sásta. Ar thaitin ___ leat? (an ceapaire, an scéal, an leabhar) Thaitin/Níor thaitin sé liom.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

313

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 313

31/08/2018 11:22


An Cháisc Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ealaín Damhsa na gCoiníní

Ceol Damhsa na gCoiníní

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3

7

314

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 314

31/08/2018 11:22


An Cháisc Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú Beannú do dhuine Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga Bhí an Cháisc ag teacht. Tharraing na páistí pictiúr mór le chéile. ___ (Tharraing/Dhathaigh) Niamh, srl. ___. (coinín na Cásca, ciseán don choinín, uibheacha sa chiseán, sicín, sa spéir, crann agus bláthanna sa gharraí, an ghrian agus scamall) Scríobh Niamh na focail ‘Beannachtaí na Cásca’. Chroch siad an pictiúr os cionn an bhord dúlra. Chuir Oisín luaschártaí ar an bpictiúr. (an ghrian, scamall, crann, bachlóga, sicín na Cásca, coinín na Cásca, ciseán, uibheacha, ubh Chásca, garraí, lus an chromchinn) Tá an pictiúr go hálainn ar fad. Maith sibh! Inis dom faoin bpictiúr. Tá an ghrian agus scamall sa spéir.Tá sicín na Cásca sa gharraí.Tá ciseán ag coinín na Cásca.Tá uibheacha sa chiseán.Tá coinín na Cásca ag damhsa.Tá ubh Chásca faoin gcrann.Tá lus an chromchinn ag fás sa gharraí. Thug an múinteoir uibheacha Cásca beaga do na páistí. Bhí na páistí an-sásta.

Caint an Ranga Beannachtaí na Cásca. Go mba hé duit. Tarraing ___. Dathaigh ___. Scríobh scéal. Croch ___ ar an mballa. Croch ___ os cionn an bhord dúlra. Tá an pictiúr go hálainn ar fad. Maith sibh! Inis dom faoin bpictiúr.

Amhrán – Damhsa na gCoiníní Damhsa na gcoiníní i ngarraí na heorna. An coinín ab óige bhris sí a cos. An coinín ba shine rinne sé uachta, Is thit sé ar a thóin i dtoimín na mbrobh. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán Damhsa na gCoiníní. Iarrann an múinteoir ar na páistí ___ a thaispeáint dó/di:‘Taispeáin dom ___.’ (an pháirc nó an garraí, an eorna, an coinín óg, an seanchoinín) Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá ar siúl ag na coiníní?’ ‘Cá bhfuil siad?’ ‘Cad a tharla don choinín ab óige?’ ‘Cad a rinne an coinín be shine?’ ‘Cad a tharla don choinín ba shine?’ Múintear an comhrá. Beannaíonn an múinteoir do na páistí:‘Beannachtaí na Cásca.’ Spreagtar na páistí freagairt don bheannú: ‘Go mba hé duit.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a tharraing ___?’ (Niamh, srl.) ‘Cad a dhathaigh ___?’ (Liam, srl.) ‘Cad a scríobh Niamh?’ ‘Cár chroch siad an pictiúr?’ Léiríonn an múinteoir pictiúr de choinín na Cásca, srl. do na páistí. Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla luaschártaí de na focail seo leanas a chur san áit cheart – an ghrian, scamall, crann, bachlóga, sicín na Cásca, coinín na Cásca, ciseán, uibheacha, ubh Chásca, garraí, lus an chromchinn. Iarrann an múinteoir ar na páistí cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr. Tarraing: Tarraing ___. (coinín na Cásca sa gharraí, ciseán, uibheacha sa chiseán, sicín na Cásca sa gharraí, crann sa gharraí, lus an chromchinn sa gharraí, bachlóga ar an gcrann, an ghrian sa spéir, scamall sa spéir, ubh Chásca faoin gcrann) Dathaigh: Dathaigh ___ (an garraí, coinín na Cásca, a chóta, a chluasa, an ciseán, an ubh Chásca sa chiseán, sicín na Cásca, an ubh Chásca faoin gcrann, an ubh Chásca taobh thiar den chrann) ___. (glas, liath, gorm, bándearg, buí, oráiste, corcra) Foclóir: an ghrian, scamall, sicín na Cásca, coinín na Cásca, ubh Chásca, lus an chromchinn, ciseán, uibheacha. Litriú: an coinín, an gairdín, an sicín, an cailín.

315

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 315

31/08/2018 11:22


An Cháisc Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 151. Iarrann an múinteoir ar na páistí cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr:‘Tá an ghrian agus scamall sa spéir.’ ‘Tá sicín na Cásca sa gharraí.’ ‘Tá ciseán ag coinín na Cásca.’ ‘Tá uibheacha sa chiseán.’ ‘Tá coinín na Cásca ag damhsa.’ ‘Tá ubh Chásca faoin gcrann.’ ‘Tá lus an chromchinn ag fás sa gharraí.’ Tagann páiste amach os comhair an ranga agus déanann an páiste cur síos ar an bpictiúr. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 151. Ar dtús, déanann páiste A cur síos ar an bpictiúr. Ansin, déanann páiste B cur síos ar an bpictiúr.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 151.Tarraingíonn na páistí pictiúr de choinín na Cásca. Scríobhann na páistí na focail san áit cheart. (an ghrian, scamall, sicín na Cásca, coinín na Cásca, ubh Chásca, lus an chromchinn, ciseán, uibheacha) Dúshlán Breise: Scríobhann na páistí tuairisc faoin bpictiúr.Tig leo an foclóir ar lch. 151 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann an páiste dréacht. Déanann sé/sí eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann sé/sí an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Bua na Cainte 3 lch. 151. Scríobhann na páistí an t-amhrán.Tarraingíonn siad pictiúr chun an t-amhrán a léiriú.Tarraingíonn siad na coiníní ag damhsa, garraí na heorna, an coinín ba shine, an coinín ab óige. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Beannaíonn an múinteoir do na páistí:‘Beannachtaí na Cásca.’ Spreagtar na páistí le freagairt don bheannú:‘Go mba hé duit.’ Iarrann an múinteoir ar na páistí rudaí éagsúla a tharraingt agus a dhathú:‘Tarraing ___.’ ‘Dathaigh ___.’ Tugann an múinteoir treoracha as Gaeilge nuair a bhíonn scéalta á scríobh as Gaeilge nó Béarla:‘Scríobh/Scríobhaigí scéal.’ Tugann an múinteoir treoracha as Gaeilge nuair a bhíonn Ealaín ar siúl: ‘Croch/Crochaigí an pictiúr ar an mballa.’ ‘Croch an pictiúr os cionn an bhord dúlra.’ ‘Inis dom faoin bpictiúr.’ Nuair a bhíonn an múinteoir ag moladh na bpáistí deir an múinteoir: ‘Tá ___ go hálainn ar fad.’ ‘Maith sibh!’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ealaín: D’fhéadfadh na páistí Ealaín a dhéanamh bunaithe ar théama na Cásca. (sicín na Cásca, coinín na Cásca, ubh Chásca, lus an chromchinn, ciseán, uibheacha, coiníní ag damhsa, garraí na heorna, an coinín ba shine, an coinín ab óige, srl.)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (an ghrian, scamall, sicín na Cásca, coinín na Cásca, ubh Chásca, lus an chromchinn, ciseán, uibheacha, coiníní ag damhsa, garraí na heorna, an coinín ba shine, an coinín ab óige, srl.) An bhfuil an páiste in ann beannú do dhuine? ‘Beannachtaí na Cásca.’ An bhfuil an páiste in ann freagairt do bheannú? ‘Go mba hé duit.’ An bhfuil an páiste in ann tuairisciú? ‘Tharraing na páistí pictiúr mór.’ srl. An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá an ghrian agus scamall sa spéir.’ ‘Tá sicín na Cásca sa gharraí.’ srl.

316

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 316

31/08/2018 11:22


An Cháisc Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Rudaí a chomhaireamh Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga Cé mhéad coinín atá sa gharraí? Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn.

Caint an Ranga Cé mhéad leabhar atá sa chófra? Trí cinn, srl.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí na coiníní a chomhaireamh.‘Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cé mhéad coinín atá sa gharraí?’ Freagraíonn na páistí: ‘Deich gcinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn,’ srl. Iarrann an múinteoir ar na páistí na sicíní a chomhaireamh: ‘Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cé mhéad sicín atá sa gharraí?’ Freagraíonn na páistí: ‘Seacht gcinn,Trí cinn, Dhá cheann, Deich gcinn, Ocht gcinn,’ srl. Iarrann an múinteoir ar na páistí na huibheacha a chomhaireamh: ‘Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cé mhéad ubh atá sa chiseán?’ Freagraíonn na páistí:‘Ceann amháin, Cúig cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn,’ srl. Tasc Tuisceana: Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn. Bí ag Caint: Cé mhéad ubh atá sa chiseán? Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn. Litriú: an cailín/na cailíní, an sicín/na sicíní, an gairdín/na gairdíní, an coinín/na coiníní.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 152. Iarrann an múinteoir ar pháistí éagsúla na sicíní a chomhaireamh: ‘Cé mhéad sicín atá sa gharraí?’ Freagraíonn na páistí:‘Seacht gcinn,Trí cinn, Dhá cheann, Deich gcinn, Ocht gcinn,’ srl. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cé mhéad ubh atá sa chiseán?’ Freagraíonn na páistí: ‘Ceann amháin, Cúig cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn,’ srl. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. ‘Cé mhéad sicín atá sa gharraí?’ ‘Cé mhéad ubh atá sa chiseán?’ Freagraíonn páiste B: ‘Ceann amháin, Cúig cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn,’ srl. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 152. Ceistíonn páiste A páiste B.‘Cé mhéad sicín atá sa gharraí?’ ‘Cé mhéad ubh atá sa chiseán?’ Freagraíonn páiste B: ‘Ceann amháin, Ceithre cinn, Sé gcinn, Naoi gcinn,’ srl. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

317

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 317

31/08/2018 11:22


An Cháisc Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 152. Comhaireann na páistí ___. (na sicíní, na huibheacha). Scríobhann siad líon na sicíní/líon na n-uibheacha atá i ngach pictiúr. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí ‘Cé mhéad?’ Freagraíonn na páistí:‘Ceann amháin, Ceithre cinn, Sé gcinn, Naoi gcinn,’ srl.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann rudaí a chomhaireamh? ‘Ceann amháin, Dhá cheann,Trí cinn, Ceithre cinn, Cúig cinn, Sé cinn, Seacht gcinn, Ocht gcinn, Naoi gcinn, Deich gcinn.’ An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/fhreagairt? ‘Cé mhéad?’ ‘Ceann amháin, Ceithre cinn, Sé cinn, Naoi gcinn,’ srl.

318

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 318

31/08/2018 11:22


An Cháisc Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Scéal a insint Ceist a chur Ceist a fhreagairt

Eiseamláirí Teanga An Cháisc a bhí ann. Thug Mamó uibheacha Cásca do na páistí. Cheannaigh Daideo coinín bán do na páistí. Bhí an coinín go hálainn. Thug Ciara leitís agus cairéad don choinín. D’ith an coinín an leitís agus an cairéad. Thug Niamh uisce don choinín. D’ól an coinín an t-uisce. Thug Oisín aire don choinín. Bhí an coinín an-sásta. Thaitin an coinín go mór leis na páistí.

Caint an Ranga Ar ith tú ceapaire? D’ith/Níor ith. Ar ól tú uisce? D’ól/Níor ól. An bhfuil tú sásta? Tá/Níl mé sásta. Ar thaitin ___ leat? (an scéal, (an ceapaire, an leabhar) Thaitin/Níor thaitin sé liom.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a thug Mamó do na páistí?’ ‘Cad a thug Daideo do na páistí?’ ‘Ar thug Daidí coinín do na páistí?’ ‘Cén dath a bhí ar an gcoinín?’ ‘An raibh an coinín go deas?’ ‘Cé a thug leitís don choinín?’ ‘Ar thug Oisín cairéad don choinín?’ ‘Cad a thug Niamh don choinín?’ ‘Ar ith an coinín an leitís?’ ‘Ar ith Ciara an cairéad?’ Úsáidtear na pictiúir. Spreagann an múinteoir na páistí an scéal a insint. Freagair na Ceisteanna: Cad a thug Mamó do na páistí? Cad a thug Daideo do na páistí? Ar thug Daidí coinín do na páistí? Cén dath a bhí ar an gcoinín? An raibh an coinín go deas? Cé a thug leitís don choinín? Ar thug Oisín cairéad don choinín? Cad a thug Niamh don choinín? Ar ith an coinín an leitís? Ar ith Ciara an cairéad? Bí ag Caint: Cad a thug Mamó do na páistí? Cad a thug Daideo do na páistí? Ar thug Daidí coinín do na páistí? Cén dath a bhí ar an gcoinín? An raibh an coinín go deas? Cé a thug leitís don choinín? Ar thug Oisín cairéad don choinín? Cad a thug Niamh don choinín? Ar ith an coinín an leitís? Ar ith Ciara an cairéad? Litriú: ceann amháin dhá cheann, trí cinn, ceithre cinn, cúig cinn, sé cinn.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 153. Léann na páistí an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad a thug Mamó do na páistí?’ srl. Freagraíonn na páistí na ceisteanna. Iarrann an múinteoir ar bheirt pháistí teacht os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad a thug Daideo do na páistí?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 153. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cad a thug Daideo do na páistí?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 153. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna. Leanann na páistí treoracha chun coinín a tharraingt. Scríobhann na páistí na focail san áit chuí. (cluasa, súile, srón, béal, eireaball, ciseán, uibheacha) Dúshlán Breise: Scríobhann na páistí tuairisc faoin bpictiúr: Coinín na Cásca.Tig leo an foclóir ar lch. 153 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann an páiste dréacht. Déanann sé/sí eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann sé/sí an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ag am lóin, ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar ith tú ceapaire?’ ‘Ar ól tú uisce?’ ‘Ar thaitin an ceapaire leat?’ ‘An bhfuil tú sásta?’ Spreagtar na páistí na ceisteanna a fhreagairt.

319

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 319

31/08/2018 11:22


An Cháisc Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (coinín, uibheacha, leitís, cairéad, srl.) An bhfuil an páiste in ann scéal a insint? ‘An Cháisc a bhí ann.’ srl. An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cad a thug Mamó do na páistí?’ srl.‘Thug Mamó uibheacha Cásca do na páistí.’ srl.

320

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 320

31/08/2018 11:22


An Cháisc Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ●

Nuacht a thabhairt Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga An Nuacht An nuacht á léamh ag Niamh. An Cháisc a bhí ann. Bhí lá saoire againn ón scoil. Tháinig Mamó agus Daideo go dtí ár dteach. Thug Daideo coinín bán dúinn. Bhí an coinín go hálainn. Thug mé uisce don choinín. Thug Ciara leitís agus cairéad don choinín. Thug Oisín aire don choinín. Bhí an coinín an-sásta. Thug Mamó uibheacha Cásca dúinn. D’ith mé ceithre cinn. D’ith Ciara trí cinn. D’ith Oisín sé cinn. Thaitin an Cháisc go mór linn. Bhí spórt agus scléip againn.

Caint an Ranga Ar thaitin ___ leat? Thaitin ___ liom. (an cluiche, an dráma, an scéal) D’ith mé ___. (ubh Chásca, milseán, úll, srl.) Thug ___ (Mamaí, Daidí, srl.) ___ dom. (bronntanas, leabhar, srl.) Bhí ___ go hálainn. (an bronntanas, an gúna, srl.)

An Aimsir An aimsir á léamh ag Oisín. Bhí an aimsir go deas. Bhí an ghrian ag taitneamh. Bhí an lá grianmhar. Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Éisteann na páistí leis an nuacht. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘An raibh lá saoire ag na páistí ón scoil?’ ‘Cén fáth?’ ‘Cé a tháinig go dtí an teach?’ ‘Cad a thug Daideo do na páistí?’ ‘Cén dath a bhí ar an gcoinín?’ ‘Cad a thug ___ don choinín?’ (Niamh, Oisín, Ciara) ‘Cad a thug Mamó do na páistí?’ ‘Ar thaitin an Cháisc leis na páistí?’ Tasc Tuisceana: Cé mhéad ubh a d’ith ___? (Oisín, srl.) D’ith ___ (Oisín, Niamh, srl.) ___. (ceann amháin, dhá cheann, trí cinn, ceithre cinn, cúig cinn, sé cinn, seacht gcinn, ocht gcinn, naoi gcinn, deich gcinn) Litriú: seacht gcinn, ocht gcinn, naoi gcinn, deich gcinn.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga agus ligeann an páiste air/uirthi go bhfuil sé/sí ar an teilifís.Tugtar micreafón don pháiste agus tugann an páiste an nuacht don rang:‘___ is ainm dom.’ (ainm an pháiste) ‘Tá nuacht agam.’ ‘An Cháisc a bhí ann.’ ‘Tháinig ___ go dtí ár dteach.’ ‘D’ith mé ___.’ ‘Bhí spórt agus scléip agam.’ ‘Thaitin an Cháisc liom.’ Tugann na páistí eile bualadh bos dó/di nuair a bhíonn críochnaithe ag an bpáiste. Obair Bheirte: Insíonn páiste A nuacht do pháiste B. Insíonn páiste B nuacht do pháiste A.

321

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 321

31/08/2018 11:22


An Cháisc Tréimhse Iarchumarsáide

Dúshlán Breise: Scríobhann na páistí an nuacht. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann an páiste dréacht. Déanann sé/sí eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann sé/sí an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Ar thaitin ___ leat?’ (an cluiche, an dráma, an scéal)

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An féidir leis an bpáiste nuacht a thabhairt? ‘An Cháisc a bhí ann.’ ‘Bhí lá saoire againn ón scoil.’ ‘Tháinig Mamó agus Daideo go dtí ár dteach.’ ‘Thug Daideo coinín bán dúinn.’

322

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp312-322) .indd 322

31/08/2018 11:22


An Samhradh An Aimsir – An Samhradh – Aonad Teagaisc agus Foghlama Snáitheanna

Gnéithe

Acmhainní Bua na Cainte 3 (Teicneolaíocht) Bua na Cainte 3 Leabhar an Pháiste (lch. 154–158) Pictiúir Luaschártaí/Cártaí Cainte

Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid

Teanga ó Bhéal Léitheoireacht Scríbhneoireacht

Torthaí Foghlama Teanga ó Bhéal Rannpháirtíocht, éisteacht agus aird Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile Struchtúr abairte agus gramadach Stór focal a shealbhú agus a úsáid Léiriú tuisceana Iarratais Ceisteanna Catagóiriú Athinsint agus mionléiriú Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach

Léitheoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach Fónaic agus aithint focal Foclóir léitheoireachta Cuspóir, seánra agus guth Tuiscint Líofacht agus féincheartú

Scríbhneoireacht 3 3 3 3 3 3 3 3

Rannpháirtíocht Inspreagadh agus rogha Gnásanna cló agus struchtúr abairte Litriú Stór focal Cuspóir, seánra agus guth An próiseas scríbhneoireachta Freagairt agus intinn an údair

3 3 3 3 3 3 3 3

3

3

Ábhar Eiseamláirí Teanga Cén dáta atá ann? An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá, An t-aonú lá déag, An dara lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, An naoú lá déag, An fichiú lá, An chéad lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche, An tríochadú lá, (de Mheitheamh) An chéad lá is tríocha ___. (de Bhealtaine, d’Iúil) Litriú: an deichiú lá, an fichiú lá, an tríochadú lá

An samhradh atá ann.Tá an lá go hálainn.Tá an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir.Tá Róisín ina suí ar an gcarraig. Tá sí ag éisteacht le ceol.Tá Bran taobh thiar den charraig. Tá portán faoin gcarraig.Tá Niamh ag déanamh caisleáin.Tá buicéad agus spád aici.Tá bratach ar an gcaisleán.Tá sliogán ar an trá.Tá Mamaí ina luí faoi theas na gréine.Tá sí ag crú na gréine.Tá Daidí agus Ciara ag lapadáil san uisce.Tá Oisín agus Liam ag snámh san uisce.Tá an t-iasc ag snámh san uisce freisin.Tá fear sa bhád.Tá sé ag iascaireacht. Tá Ruairí in éineacht leis. Litriú: spád, portán, sliogán, caisleán. An mó duine atá ___? ag imirt peile, ag snámh, ag lapadáil, ag crú na gréine, ag iascaireacht ar an gcarraig, ag bailiú sliogán, ag déanamh caisleáin) Tá ___ ag bailiú sliogán, srl. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar)

Cois Farraige An samhradh a bhí ann. Bhí an aimsir go hálainn. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí Ciara agus Mamó ag lapadáil. Chonaic siad portán agus iasc san uisce. Bhí Oisín ina luí faoi theas na gréine ar an trá. Bhí sé ag crú na gréine. Litriú: trá, bád, ag snámh, ag lapadáil. Rinne Niamh caisleán mór. Chuir sí bratach ar an gcaisleán. Bhailigh Ruairí sliogáin. Fuair sé sliogán an-mhór in aice leis an gcarraig. Chuaigh Róisín agus Daideo ag iascaireacht. Chuaigh Bran ag snámh san uisce. Nuair a tháinig sé amach as an uisce, bhí sé fliuch báite. Rith Bran go dtí Oisín. Chonaic Oisín Bran ag teacht. Léim sé in airde. Rith Oisín ar nós na gaoithe. Rith Bran go tapa freisin. Bhí spórt agus scléip ag na páistí cois farraige Litriú: An bhfuair sí? Fuair sí. Ní bhfuair sí.

323

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 323

31/08/2018 11:23


An Samhradh Oideolaíochtaí Modhanna Múinte

Straitéisí Teagaisc agus Foghlama Amhráin Cluichí

An Modh Díreach Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí An Modh Closamhairc An Modh Closlabhartha Modh na Sraithe Modh na Ráite

Amhrán – Míonna na Bliana Amhrán – An Samhradh

Tasc Tuisceana Foclóir Freagair na Ceisteanna Scríobh na hAbairtí Spraoi le Briathra Bí ag Caint

Obair Bheirte Cén dáta atá ann? An dara lá is fiche de Mheitheamh, srl. Cá bhfuil ___? (an t-iasc, an bhratach, an portán, an caisleán) Tá ___ (an t-iasc, srl.) ___. (ar an trá, san uisce, sa bhád, taobh thiar den charraig, ar an gcarraig)

Cén saghas aimsire a bhí ann? Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí an lá grianmhar. Bhí sé te agus tirim. An bhfuair Ruairí, srl. sliogán? Fuair/Ní bhfuair. An mó duine atá ___? (ag imirt peile, ag snámh, ag lapadáil) Tá ___ ag snámh. srl. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr)

Úsáid Neamhfhoirmiúil na Gaeilge Cén dáta atá ann? An dara lá is fiche de Mheitheamh, srl. An bhfuil tú ag éisteacht? Tá/Níl mé ag éisteacht. An bhfuil gach duine ag éisteacht? Tá/Níl mé ag éisteacht. Cá bhfuil ___? (an liathróid, an sliotar)

Cén saghas aimsire atá ann? Tá an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Tá an lá grianmhar.Tá sé te agus tirim. An ndearna tú an obair bhaile? Rinne/ Ní dhearna mé. An bhfaca tú mo leabhar? Chonaic/Ní fhaca mé.

An mó duine atá tinn? Tá ___ tinn. (beirt, srl.) An bhfuair tú do lón? Fuair/Ní bhfuair mé mo lón. An raibh tú ag caint? Bhí/Ní raibh mé ag caint. An ndeachaigh tú go dtí an leithreas? Chuaigh/Ní dheachaigh mé go dtí an leithreas. An ndúirt tú é? Dúirt/Ní dúirt.

Idirdhealú Idirdhealú sna spriocanna foghlama Idirdhealú san ábhar Idirdhealú sa mhodheolaíocht

Measúnú Measúnú don Fhoghlaim Dírbhreathnú an Mhúinteora Ceistiú Tascanna Measúnaithe Féinmheasúnú

Idirdhealú sna straitéisí Idirdhealú sna tascanna Idirdhealú sa luas múinteoireachta

Idirdhealú trí thacaíocht bhreise Idirdhealú trí acmhainní

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga agus Comhtháthú le hÁbhair eile Ealaín An Samhradh

Ceol An Samhradh

OSIE An Samhradh

Féinmhachnamh Cuir na siombailí thíos in aice leis na heiseamláirí ag deireadh na seachtaine. Múineadh an t-ábhar seo agus d’éirigh leis na páistí dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim. Múineadh an t-ábhar seo ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó na páistí chun a chinntiú go mbeidh dul chun cinn san fhoghlaim. Níor múineadh an t-ábhar seo.

3 

7

324

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 324

31/08/2018 11:23


An Samhradh Ceacht 1 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Ceist a chur Ceist a fhreagairt Tuairisciú

Eiseamláirí Teanga Cén data atá ann? An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá, An t-aonú lá déag, An dara lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, An naoú lá déag, An fichiú lá, An chéad lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche, An tríochadú lá, (de Mheitheamh) An chéad lá is tríocha ___. (de Bhealtaine, d’Iúil)

Caint an Ranga Cén lá atá ann? ___ atá ann. (An Luan, an Mháirt, srl.) Cén mhí atá ann?

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén lá atá ann inniu?’ Freagraíonn na páistí:‘___ atá ann.’ (An Luan, An Mháirt, An Chéadaoin, An Déardaoin, An Aoine, An Satharn, An Domhnach) Téitear siar ar an amhrán Míonna na Bliana. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén mhí atá ann?’ ‘Ainmnigh míonna an tsamhraidh.’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén dáta atá ann?’ Spreagtar na páistí leis an dáta a rá le chéile: ‘An fichiú lá, An chéad lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche, An tríochadú lá, An chéad lá is tríocha ___.’ (de Bhealtaine, de Mheitheamh, d’Iúil) Tasc Tuisceana: Cén dáta atá ann? An chéad lá, An dara lá, An tríú lá, An ceathrú lá, An cúigiú lá, An séú lá, An seachtú lá, An t-ochtú lá, An naoú lá, An deichiú lá, An t-aonú lá déag, An dara lá déag, An tríú lá déag, An ceathrú lá déag, An cúigiú lá déag, An séú lá déag, An seachtú lá déag, An t-ochtú lá déag, An naoú lá déag, An fichiú lá, An chéad lá is fiche, An dara lá is fiche, An tríú lá is fiche, An ceathrú lá is fiche, An cúigiú lá is fiche, An séú lá is fiche, An seachtú lá is fiche, An t-ochtú lá is fiche, An naoú lá is fiche, An tríochadú lá, An chéad lá is tríocha ___. (de Mheitheamh) Úsáideann an múinteoir féilire mór. Léiríonn an múinteoir dáta do na páistí. Ceistítear na páistí:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí: ‘An seachtú lá is fiche, srl. ___ atá ann.’ (de Bhealtaine, de Mheitheamh, d’Iúil) Litriú: An deichiú lá, An fichiú lá, An tríochadú lá.

Tréimhse Chumarsáide

Tagann páiste amach os comhair an ranga mar mhúinteoir. Bíonn féilire ag an bpáiste. Léiríonn an páiste dáta do pháiste eile sa rang. Ceistíonn an páiste an páiste eile:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí:‘An dara lá is fiche, srl. ___ atá ann.’ (de Bhealtaine, de Mheitheamh, d’Iúil) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Léiríonn páiste A dáta do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn páiste B: ‘An tríú lá is fiche, srl. ___ atá ann.’ (de Bhealtaine, de Mheitheamh, d’Iúil) Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 154. Léiríonn páiste A dáta do pháiste B. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn páiste B: ‘An fichiú lá, srl. de Mheitheamh atá ann.’

325

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 325

31/08/2018 11:23


An Samhradh Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 154. Léann na páistí na dátaí. Ceistítear na páistí:‘Cén dáta atá ann?’ Freagraíonn na páistí: ‘An fichiú lá de Mheitheamh atá ann.’ Scríobhann na páistí na dátaí. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí gach lá:‘Cén lá atá ann inniu?’ ‘Cén dáta atá ann inniu?’ Cabhraíonn na páistí leis an múinteoir ranga an dáta a scríobh ar an gclár bán gach maidin. Scríobhann na páistí an dáta ina gcóipleabhair gach lá.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cén dáta atá ann?’ ‘An fichiú lá, srl. de Mheitheamh atá ann.’ An bhfuil an páiste in ann an dáta a rá? ‘An t-ochtú lá is fiche de Mheitheamh atá ann.’

326

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 326

31/08/2018 11:23


An Samhradh Ceacht 2 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú Cur síos a dhéanamh

Eiseamláirí Teanga An samhradh atá ann. Tá an lá go hálainn. Tá an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Tá Róisín ina suí ar an gcarraig. Tá sí ag éisteacht le ceol. Tá Bran taobh thiar den charraig. Tá portán faoin gcarraig. Tá Niamh ag déanamh caisleáin.Tá buicéad agus spád aici. Tá bratach ar an gcaisleán. Tá sliogán ar an trá. Tá Mamaí ina luí faoi theas na gréine.Tá sí ag crú na gréine. Tá Daidí agus Ciara ag lapadáil san uisce. Tá Oisín agus Liam ag snámh san uisce. Tá an t-iasc ag snámh san uisce freisin. Tá fear sa bhád.Tá sé ag iascaireacht.Tá Ruairí in éineacht leis.

Caint an Ranga Cén séasúr atá ann? An samhradh atá ann. Cén saghas lae é? Tá an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir.

Amhrán – An Samhradh Ní fada uainn an samhradh, An samhradh, an samhradh. Ní fada uainn an samhradh, An samhradh álainn séimh.

Éist le ceol na cuaiche, Na cuaiche, na cuaiche. Éist le ceol na cuaiche, Ag fógairt an scéil.

Fáilte roimh an samhradh, An samhradh, an samhradh. Fáilte roimh an samhradh, An samhradh álainn séimh.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an t-amhrán An Samhradh. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén séasúr atá ann?’ ‘An maith leat an samhradh?’ Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cad atá ar an trá?’ ‘Cá bhfuil ___?’ (Bran, Róisín, Ciara, Mamaí, an portán) ‘Cad atá ar siúl ___?’ (ag an bhfear sa bhád, ag Mamaí, ag Ciara, ag Róisín, ag Niamh, ag Liam agus Oisín) Tasc Tuisceana: Cuir caisleán ar an trá. Cuir bratach ar an gcaisleán. Cuir sliogán ar an trá. Cuir carraig ar an trá. Cuir portán faoin gcarraig. Cuir sliogán ar an gcarraig. Cuir Bran taobh thiar den charraig. Cuir bád san uisce. Cuir an t-iasc san uisce. Cuir fear sa bhád. Foclóir: ag crú na gréine, faoi theas na gréine, an t-iasc, sliogán, ag iascaireacht, ag lapadáil, ag snámh, portán, ag éisteacht le ceol, carraig, bratach, caisleán. Freagair na Ceisteanna: Cá bhfuil ___? (an t-iasc, an sliogán, an buicéad, an bhratach, Róisín ina suí, Bran, an portán) Tá an t-iasc, srl. ___. (ar an trá, san uisce, ar an gcarraig, faoin gcarraig, taobh thiar den charraig) Cad atá ar siúl ___? (ag an bhfear sa bhád, ag Mamaí, ag Ciara, ag Róisín, ag Niamh, ag Liam agus Oisín) Tá Ciara, srl. ___. (ag iascaireacht, ag snámh, ag lapadáil, ag crú na gréine, ag éisteacht le ceol) Bí ag Caint: Cá bhfuil ___? (an t-iasc, an sliogán, an buicéad, an bhratach, Róisín ina suí, Bran, an portán) Tá an t-iasc, srl. ___. (ar an trá, san uisce, ar an gcarraig, faoin gcarraig, taobh thiar den charraig) Cad atá ar siúl ___? (ag an bhfear sa bhád, ag Mamaí, ag Ciara, ag Róisín, ag Niamh, ag Liam agus Oisín) Tá Ciara, srl. ___. (ag iascaireacht, ag snámh, ag lapadáil, ag crú na gréine, ag éisteacht le ceol) Litriú: spád, portán, sliogán, caisleán.

327

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 327

31/08/2018 11:23


An Samhradh Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 156. Iarrann an múinteoir ar pháiste cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr:‘Tá Róisín ina suí ar an gcarraig.’ ‘Tá Bran taobh thiar den charraig.’ srl. Tagann páiste amach os comhair an ranga. Déanann an páiste cur síos ar an bpictiúr. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 156. Deir páiste A agus páiste B gach re abairt chun cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr.

Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 155. Scríobhann na páistí an t-amhrán.Tarraingíonn siad pictiúr chun an t-amhrán a léiriú. Bua na Cainte 3 lch. 156. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna:‘Cá bhfuil ___?’ (an t-iasc, an sliogán, an buicéad, an bhratach, Róisín ina suí, Bran, an portán) ‘Cad atá ar siúl ___?’ (ag an bhfear sa bhád, ag Mamaí, ag Ciara, ag Róisín, ag Niamh, ag Liam agus Oisín) Dúshlán Breise: Scríobhann na páistí tuairisc faoin bpictiúr: Cois Farraige.Tig leo an foclóir ar lch. 156 a úsáid mar chabhair. Baintear leas as an bpróiseas scríbhneoireachta. Scríobhann an páiste dréacht. Déanann sé/sí eagarthóireacht ar an dréacht agus athscríobhann sé/sí an píosa. Foilsítear an píosa scríbhneoireachta sa seomra ranga. Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘Cén saghas lae é?’ ‘Cá bhfuil an siosúr?’ ‘Cad atá ar siúl agat?’ Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga/Comhtháthú le hÁbhair eile: Ceol: Amhrán – An Samhradh.

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (iasc, portán, sliogán, caisleán, carraig, bratach, srl.) An bhfuil an páiste in ann cur síos a dhéanamh? ‘Tá ___ (an portán, srl.) ___.’ (ar an gcarraig, faoin gcarraig, taobh thiar den charraig) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘Cá bhfuil ___?’ (an sliogán, an buicéad, an bhratach, an portán) ‘Tá an t-iasc, srl. ___.’ (ar an trá, san uisce, ar an gcarraig, faoin gcarraig, taobh thiar den charraig) ‘Cad atá ar siúl ___?’ (ag Ciara, srl.) ‘Tá Ciara, srl. ___.’ (ag iascaireacht, ag snámh, ag lapadáil, ag crú na gréine, ag éisteacht le ceol)

328

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 328

31/08/2018 11:23


An Samhradh Ceacht 3 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Tuairisciú Scéal a insint

Eiseamláirí Teanga

Caint an Ranga

Cois Farraige An samhradh a bhí ann. Bhí an aimsir go hálainn. Bhí an ghrian ag taitneamh go hard sa spéir. Bhí Ciara agus Mamó ag lapadáil. Chonaic siad portán agus iasc san uisce. Bhí Oisín ina luí faoi theas na gréine ar an trá. Bhí sé ag crú na gréine. Rinne Niamh caisleán mór. Chuir sí bratach ar an gcaisleán. Bhailigh Ruairí sliogáin. Fuair sé sliogán an-mhór in aice leis an gcarraig. Chuaigh Róisín agus Daideo ag iascaireacht. Chuaigh Bran ag snámh san uisce. Nuair a tháinig sé amach as an uisce, bhí sé fliuch báite. Rith Bran go dtí Oisín. Chonaic Oisín Bran ag teacht. Léim sé in airde. Rith Oisín ar nós na gaoithe. Rith Bran go tapa freisin. Bhí spórt agus scléip ag na páistí cois farraige.

An bhfaca tú mo leabhar? Chonaic/Ní fhaca mé do leabhar. An bhfuair tú do chóipleabhar? Fuair/Ní bhfuair mé mo chóipleabhar. Rith mé ar nós na gaoithe.

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén saghas aimsire a bhí ann?’ ‘Céard a chonaic Ciara san uisce?’ ‘Céard a rinne Niamh?’ ‘Céard a chuir sí ar an gcaisleán?’ ‘Cé a bhí ag iascaireacht?’ ‘Cé a bhí ag crú na gréine?’ ‘Cé a fuair sliogán an-mhór in aice leis an gcarraig?’ ‘An bhfuair ___ sliogán?’ (Niamh, srl.) Scríobh na hAbairtí: An bhfuair ___ sliogán? Fuair/Ní bhfuair ___ sliogán. Spraoi le Briathra: An bhfuair? Fuair. Ní bhfuair. Freagair na Ceisteanna: Cén saghas aimsire a bhí ann? Céard a chonaic Ciara san uisce? Céard a rinne Niamh? Céard a chuir sí ar an gcaisleán? Cé a bhí ag iascaireacht? Cé a bhí ag crú na gréine? Cé a fuair sliogán an-mhór in aice leis an gcarraig? An bhfuair ___ sliogán? (Niamh, srl.) Bí ag Caint: Cén saghas aimsire a bhí ann? Céard a chonaic Ciara san uisce? Céard a rinne Niamh? Céard a chuir sí ar an gcaisleán? Cé a bhí ag iascaireacht? Cé a bhí ag crú na gréine? Cé a fuair sliogán an-mhór in aice leis an gcarraig? An bhfuair ___ sliogán? (Niamh, srl.) Litriú: An bhfuair? Fuair/Ní bhfuair.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 157. Léann na páistí an scéal. Ceistíonn an múinteoir na páistí:‘Cén saghas aimsire a bhí ann?’ ‘Céard a chonaic Ciara san uisce?’ ‘Céard a rinne Niamh?’ ‘Céard a chuir sí ar an gcaisleán?’ ‘Cé a bhí ag iascaireacht?’ ‘Cé a bhí ag crú na gréine?’ ‘Cé a fuair sliogán an-mhór in aice leis an gcarraig?’ ‘An bhfuair ___ sliogán?’ (Niamh, srl.) Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Céard a chonaic Ciara san uisce?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 157. Ceistíonn páiste A páiste B:‘Céard a chonaic Ciara san uisce?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

329

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 329

31/08/2018 11:23


An Samhradh Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 157. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna.

Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘An bhfaca tú mo leabhar?’ ‘An bhfuair tú do chóipleabhar?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (ag lapadáil, ina luí faoi theas na gréine, bratach, ag iascaireacht, ag déanamh caisleáin, srl.) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An bhfuair tú do chóipleabhar?’ ‘Ní bhfuair mé mo chóipleabhar.’

330

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 330

31/08/2018 11:23


An Samhradh Ceacht 4 Feidhmeanna Teanga Ba chóir go mbeadh an páiste in ann: ●

● ● ●

Stór focal a shealbhú agus a úsáid Ceist a chur Ceist a fhreagairt Daoine a chomhaireamh

Eiseamláirí Teanga An mó duine atá ___? (ag imirt peile, ag snámh, ag lapadáil, ag crú na gréine, ag iascaireacht ar an gcarraig, ag bailiú sliogán, ag déanamh caisleáin) Tá ___ ag bailiú sliogán, srl. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar)

Caint an Ranga An mó duine atá ag imirt peile? Tá ___ ag imirt peile. (triúr, srl.) An mó duine atá tinn? Tá ___ tinn. (beirt, srl.)

Snáitheanna: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Gnéithe: Tuiscint, Fiosrú agus Úsáid, Cumarsáid

Tréimhse Réamhchumarsáide

Múintear an comhrá. Iarrann an múinteoir ar na páistí daoine a chomhaireamh: ‘Duine amháin, Beirt,Triúr, Ceathrar, Cúigear, Seisear, Seachtar, Ochtar, Naonúr, Deichniúr.’ Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘An mó duine atá ___?’ (ag imirt peile, ag snámh, sa bhád, ag lapadáil, ag crú na gréine, ar an gcarraig) ‘Tá ___ ag iascaireacht ar an gcarraig.’ srl. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar) Scríobh na hAbairtí: An mó duine atá ___? (ag imirt peile, ag snámh, sa bhád, ag lapadáil, ag crú na gréine, ar an gcarraig) Tá ___ ag iascaireacht ar an gcarraig, srl. (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar) Freagair na Ceisteanna: An ndeachaigh tú go dtí an trá? Cén saghas aimsire a bhí ann? An raibh an ghrian ag taitneamh? An bhfuair tú uachtar reoite? Cad a chonaic tú? An bhfaca tú portán? An ndearna tú caisleán? An raibh tú ___? (ag lapadáil, ag snámh, ag crú na gréine) Spraoi le Briathra: An ndeachaigh? Chuaigh/Ní dheachaigh. An bhfaca? Chonaic/Ní fhaca. An raibh? Bhí/Ní raibh. An ndearna? Rinne/Ní dhearna. An ndúirt? Dúirt/Ní dúirt. An bhfuair? Fuair/Ní bhfuair. Bí ag Caint: An ndeachaigh tú go dtí an trá? Cén saghas aimsire a bhí ann? An raibh an ghrian ag taitneamh? An bhfuair tú uachtar reoite? Cad a chonaic tú? An bhfaca tú portán? An ndearna tú caisleán? An raibh tú ___? (ag lapadáil, ag snámh, ag crú na gréine) Litriú: trá, bád, ag snámh, ag lapadáil.

Tréimhse Chumarsáide

Bua na Cainte 3 lch. 158. Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘An mó duine atá ___?’ (ag imirt peile, srl.) Freagraíonn na páistí: ‘Tá triúr ag imirt peile.’ srl. Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 158. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘An mó duine atá ___?’ (ag imirt peile, srl.) Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil. Bua na Cainte 3 lch. 158. Ceistíonn an múinteoir páistí éagsúla: ‘An ndeachaigh tú go dtí an trá?’ srl. Freagraíonn an páiste: ‘Chuaigh/Ní dheachaigh mé go dtí an trá.’ Tagann beirt pháistí amach os comhair an ranga. Ceistíonn páiste A páiste B. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil. Obair Bheirte: Bua na Cainte 3 lch. 158. Ceistíonn páiste A páiste B: ‘An ndeachaigh tú go dtí an trá?’ srl. Freagraíonn páiste B na ceisteanna. Ansin, malartaíonn na páistí róil.

331

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 331

31/08/2018 11:23


An Samhradh Tréimhse Iarchumarsáide

Dul siar: Bua na Cainte 3 lch. 158. Scríobhann na páistí freagraí na gceisteanna.

Úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge: Ceistíonn an múinteoir na páistí: ‘An mó duine atá sa líne?’ ‘An mó duine atá tinn?’ ‘An mó duine atá ag dul go dtí an cluiche?’

Measúnú don Fhoghlaim: Dírbhreathnú an Mhúinteora/Ceistiú/Tascanna An bhfuil an páiste in ann stór focal a úsáid? (ag imirt peile, ag snámh, ag lapadáil, ag crú na gréine, ag iascaireacht ar an gcarraig, ag bailiú sliogán, ag déanamh caisleáin) An bhfuil an páiste in ann daoine a chomhaireamh? (Duine amháin, Beirt,Triúr, Ceathrar, Cúigear, Seisear, Seachtar) An bhfuil an páiste in ann ceist a chur/a fhreagairt? ‘An mó duine atá ___?’ (ag imirt peile, srl.) ‘Tá ___ (triúr, srl.) ___.’ (ag imirt peile, srl.)

332

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 332

31/08/2018 11:23


Nótaí

333

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 333

31/08/2018 11:23


Nótaí

334

BUA NA CAINTE 3 TRB (pp323-334).indd 334

31/08/2018 11:23


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.