14 minute read

Measúnú

Next Article
Scríbhneoireacht

Scríbhneoireacht

Clár

Achoimre ar an gclár ama sa tríú bliain..................392 MRB 1: an phunann teanga........................................393 MRB 2: an tasc cumarsáideach.................................394 Stór focal don MRB........................................................394

An chluastuiscint.............................................................396 Cúrsaí gramadaí sa scrúdú deiridh ..........................397 Léamhthuiscint ................................................................398 Scríbhneoireacht .............................................................399

Achoimre ar an gclár ama sa tríú bliain MRB 1 (tuairiscín) MRB 2 (tuairiscín) Tasc measúnaithe (10%) Scrúdú deiridh (90%) An phunann An tasc cumarsáideach Scór bunaithe ar an dá rud seo

Déanta sa chéad téarma den tríú bliain Déanta sa dara téarma den tríú bliain Déanta tar éis MRB 2 Dhá uair an chloig 1 Píosa faoin litríocht ón gcúrsa 2 Píosa fuaime nó físe agus fuaime 3 Píosa oibre eile Labhraíonn tú os comhair an ranga ar feadh trí nóiméad. Freagraíonn tú cúpla ceist ó na daoine atá ag éisteacht. Ullmhaíonn an rang an tasc seo le chéile. Sa dara cuid den tasc scríobhann tú faoi MRB 2 i d’aonar.

Mír A (30 marc) Cluastuiscint Mír B (240 marc) Léamhthuiscint Picthuiscint Freagairt ar phictiúir Cúrsaí gramadaí Blag Cárta poist Ríomhphoist agus araile © An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT)©The Educational Company of Ireland

• • • Athróidh na ceisteanna agus stíl na gceisteanna ó bhliain go bliain. Tá an páipéar inathraitheach. 1 Níl líon na gceisteanna seasta. Tabhair faoi deara an nath ‘cumarsáid phearsanta idirghníomhach’. Pearsanta M e a s ú n ú • Bí cinnte go bhfuil tú compordach ag labhairt fút féin. • Beidh na focail seo tábhachtach: mise, dom, agam, liom, mo, táim. • Beidh ort labhairt faoi do mhuintir/chairde freisin. Mar sin, beidh na focail seo tábhachtach don scrúdú: sinn, muid, dúinn, againn, linn, ár, táimid.

Idirghníomhach

• Beidh ort rudaí a scríobh sa scrúdú bunaithe ar phictiúir, ar mhéimeanna nó ar bharrachairteacha simplí. • Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh i nGaeilge as do stuaim féin.

MRB 1: an phunann teanga

Tosaíonn an phunann i gceart sa dara bliain. Ba chóir duit machnamh a dhéanamh ar gach píosa oibre sa phunann. Má dhéanann tú seo le linn an dara bliain agus an tríú bliain beidh an tasc seo thar a bheith éasca. Ba chóir duit an chéad agus an dara dréacht den obair a choimeád le chéile sa phunann. Tugann sé seo deis duit do chuid earráidí pearsanta a aithint (toradh foghlama 2.2). Don tasc seo beidh ort trí rud a roghnú ón bpunann don MRB (toradh foghlama 3.3). Ba chóir nóta machnamhach a chur le gach píosa a úsáideann tú do MRB 1. Foinse: NCCA

Leideanna don tasc seo

• Mar aon le gach ábhar eile tá sé tábhachtach sa Ghaeilge cleachtadh a dhéanamh. Má dhéanann tú seo tiocfaidh feabhas ar do chuid Gaeilge agus beidh níos lú botún agat. • Ón dara bliain ar aghaidh, ba chóir duit nótaí machnamhacha a choimeád leis an obair sa phunann. (Ná cuir an obair seo ar an méar fhada.) • Déan taifeadadh digiteach díot féin ag labhairt as Gaeilge chomh minic agus is féidir leat. • Is féidir d’obair bhaile a léamh amach os ard agus taifeadadh a dhéanamh de sin. • Coinnigh taifead (blag pearsanta) ar na botúin a dhéanann tú go minic agus déan iarracht iad a sheachaint. Tá gach seans ann go mbeidh ort botúin a cheartú mar cheist sa scrúdú.

Is iad seo na trí phíosa oibre atá de dhíth don MRB 1: 1 Rud scríofa faoi théacs litríochta ón gcúrsa 2 Píosa fuaime (le do ghuth féin) nó píosa físe le fuaim (agus tusa ag labhairt ar an bhfíseán) 3 Píosa amháin eile (tá glanrogha agat maidir leis an tríú rud) ©The Educational Company of Ireland 1 variable

MRB 2: an tasc cumarsáideach

Don tasc seo beidh tú ag caint os comhair do chomhdhaltaí agus do mhúinteora. Tá dhá scil i gceist sa tasc seo: • labhairt • idirghníomhú Is fút atá sé ábhar nó topaic a roghnú don tasc cumarsáideach. Ba chóir go mbeadh suim mhór agat san ábhar a roghnaíonn tú. Déanfar an taighde agus an t-ullmhúchán don tasc seo sa seomra ranga agus gheobhaidh tú tacaíocht agus treoracha ón múinteoir.

Roghanna don tasc cumarsáideach

Ní liosta cuimsitheach é seo ach tugann sé túsphointe duit.

Taispeántas

Más ceoltóir thú, is féidir leat d’amhrán féin a chanadh anseo agus ansin labhairt faoi. Má tá tú go maith leis na focail fhileata, is féidir dán a scríobh.

Cur i láthair

Is féidir labhairt anseo faoi stair do cheantair, stair na scoile nó ábhar eile ina gcuireann tú suim. Beidh an taighde an-tábhachtach don rogha seo.

Agallamh nó rólimirt (obair bheirte)

Beidh an tasc seo níos faide ná trí nóiméad le bheith cinnte go bhfuil seans ag gach dalta labhairt i gceart os comhair an ranga. Is féidir leat gléasadh suas don cheann seo agus ligean ort gur duine cáiliúil thú.

Comhrá

Is féidir anailís bheo ón mbéal a dhéanamh ar scannán, dán nó leabhar anseo. Níl tú teoranta do shaothair Ghaeilge. Ní leor achoimre a dhéanamh ar an saothar. Caithfidh an anailís seo a bheith pearsanta.

Leideanna don tasc seo

• Roghnaigh ábhar nach bhfuil ródheacair. • Labhair i nGaeilge le daoine eile sa rang i rith na bliana. • Déan cleachtadh ag caint os ard agus daoine eile ag éisteacht duit. • Éist le daoine eile nuair atá siad ag cleachtadh agus tabhair aiseolas dóibh. • Ba chóir go mbeadh cúlbhrat agat don chur i láthair (cúpla sleamhnán ar an ríomhaire nó cúpla frapa). Cuireann sé seo leis an gcumarsáid ilmhódach. • Ná bí ag léamh gach rud ó do nótaí don tasc seo, ach bí ag labhairt amach. • Déan iarracht a bheith ag féachaint ar an lucht éisteachta agus tú ag labhairt leo.

Stór focal don MRB Nathanna machnamhacha

D’fhoghlaim mé go leor ó na ceartúcháin. I learned a lot from the corrections. Le gach tasc tá an dara dréacht antábhachtach. With every task the second draft is important. Ní maith liom/Is maith liom a bheith ag caint os comhair an ranga. I do not like/I like talking in front of the class. Don tasc cumarsáide rinne mé go leor cleachtaidh sa bhaile.

Féach ar lch 240–77 (Aonad 7) le tuilleadh cabhair leis an MRB 2 a fháil.©The Educational Company of Ireland

Ceapaim go bhfuil an leabharlann níos fearr ná an t-idirlíon le haghaidh an taighde. Caithfidh tú cleachtadh a dhéanamh le daoine eile chun feabhsú leis an teanga labhartha. Is féidir cumarsáid mhaith a dhéanamh gan na mionrialacha gramadaí. The think the library is better than the internet for research. You must practise with other people to improve your ability to speak. You can communicate well without the small/minor grammar rules.

Aontaím anois go huile leis an seanfhocal ‘Cleachtadh a dhéanann máistreacht’. I now totally agree with the proverb ‘Practice makes perfect’.

Ní féidir obair mhaith a dhéanamh agus tú faoi dheifir. You cannot do good work if you are rushing.

Táim níos fearr ag caint os comhair an ranga má bhogaim timpeall. I speak better in front of the class if I move about.

Caithfidh tú plean a dhéanamh agus tá ort dul trí na céimeanna difriúla sa phlean do MRB 2. You must make a plan and go through the steps of the plan for CBA 2.

Tá an fhoghlaim chéimneach i gceist nuair atá tú ag foghlaim teanga.

You learn a language bit by bit. Nathanna chun do thuairim phearsanta a nochtadh Measaim/Sílim/Ceapaim... I think... Is é mo thuairim/bharúil faoi ná go bhfuil... My opinion about it is that... Mar sin féin... But with that said... Agus os a choinne sin... And on the other hand... Tá a fhios agam go bhfuil... I know that... Ach ar feadh m’eolais... But as far as I know... Deirtear go bhfuil... It is said that... Déarfainn féin... I would say myself... Mholfainn duit... I would recommend to you... Bheinn amhrasach faoi. I would be doubtful about it. Ghlacfainn leis sin. I would accept that. D’fhanfainn go hiomlán amach as sin. I would stay completely away from it. Táim idir dhá chomhairle faoi. I’m in two minds about it. Ní raibh an dara rogha agam. I didn’t have a second option. Is iomaí cúis a bhaineann leis sin. There are many reasons for that. Aontaím leis sin go huile is go hiomlán. I totally agree with that. Mar aon leis sin/Anuas air sin... As well as that... Ach fós féin... But still...©The Educational Company of Ireland Caithfear a rá/a admháil... One has to say/admit... Mar is eol do chách... As everybody knows...

An chluastuiscint

Leideanna ginearálta

• Ná freagair na ceisteanna sa chéad phearsa sa chluastuiscint. • Bí cúramach agus tú ag litriú logainmneacha. • Seachain na litreacha k, v, x agus z den chuid is mó maidir leis an litriú. • Níl ort na huimhreacha a litriú sa chluastuiscint. Is féidir na figiúirí a úsáid. • Thar aon rud eile, bí cinnte go bhfuil na ceistfhocail ar eolas agat. • Tá seans ann go mbeidh ort do thuairim a nochtadh faoi rud éigin sa chluastuiscint.

Súil siar ar na ceistfhocail Ceisteanna dúnta Ceisteanna oscailte Treoracha

An bhfuil?

An raibh?

An bhfaca?

Ar cheannaigh?

Ar mhaith? Tá. /Níl. Bhí. /Ní raibh. Chonaic. /Ní fhaca. Cheannaigh. /Níor cheannaigh. Ba mhaith. /Níor mhaith. Cathain? Cén fáth? Conas? Cén chaoi? Cad/Céard? Cé mhéad? Cá raibh? Luaigh... Ainmnigh... Breac síos... Scríobh síos... Roghnaigh...

Freagair na ceisteanna seo leis an mbriathar san aimsir cheart. Ba chóir na ceisteanna seo a fhreagairt le habairt iomlán.

Go minic is féidir na cinn seo a fhreagairt le cúpla focal. Seicliosta don chluastuiscint An bhfuil na rudaí seo ar eolas agat? • Laethanta na seachtaine (Dé Luain, Dé Máirt, srl.) • Míonna na bliana (Eanáir, Feabhra, Márta, srl.) • Na ceithre shéasúr (an samhradh, an geimhreadh, an t-earrach, an fómhar) • Baill an teaghlaigh (máthair, deartháir, iníon, daideo, srl.) • Seomra an tí (an chistin, an leithreas, an seomra leapa, an seomra suí, srl.) • Na hábhair scoile (an Ghaeilge, an stair, an eolaíocht, an Fhraincis, srl.) • Na ceithre chúige in Éirinn (Cúige Chonnacht, Cúige Mumhan, Cúige Laighean, Cúige Uladh) • Tíortha móra timpeall an domhain (an Fhrainc, an Astráil, Meiriceá, srl.) • Contaetha na hÉireann (An Clár, Maigh Eo, Port Láirge, Loch Garman, srl.) • An clog (ceathrú chun, leathuair tar éis, srl.) Leid: Scríobh na figiúirí sa chás seo. • Na huimhreacha pearsanta (duine amháin, beirt, triúr, ceathrar, srl.) • Na horduimhreacha ar an bhféilire (an 21ú lá de mhí Feabhra, srl.) • Gairmeacha beatha (múinteoir, dochtúir, cuntasóir, meicneoir, feirmeoir, srl.)©The Educational Company of Ireland • Stór focal a bhaineann leis an teicneolaíocht (ríomhaire, fón póca, scáileán, srl.)

Cúrsaí gramadaí sa scrúdú deiridh

Na briathra

Bí cinnte go bhfuil tú compordach leis na briathra Gaeilge sna haimsirí éagsúla, san fhoirm dhiúltach agus san fhoirm cheisteach. Is iad an sé mór na briathra is deacra. Caithfear am faoi leith a chaitheamh orthu le bheith cinnte go bhfuil siad ar eolas agat.

Aimsir chaite (an túslitir)

cheannaigh d’ól d’fhág bhailigh

Aimsir chaite (muid/sinn)

cheannaíomar d’ólamar d’fhágamar bhailíomar

Aimsir láithreach imrím Cogar From I to we, add -id. imrímid imríonn Seán bailíonn siad

Aimsir fháistineach glanfaidh brisfidh tosóidh baileoidh Leid: an chlib = idh.

Aimsir fháistineach (muid/sinn)

glanfaimid brisfimid tosóimid baileoimid An fhoirm dhiúltach ní/níor An fhoirm cheisteach ? an/ar An cheist dhiúltach ✕ nach/nár Na huimhreacha sa Ghaeilge Ná déan dearmad go bhfuil uimhreacha pearsanta faoi leith sa Ghaeilge (duine, beirt, triúr, srl.). Bí cinnte freisin go bhfuil na hainmfhocail a bhíonn neamhrialta le huimhreacha (bliain, ceann, uair, seachtain, srl.) ar eolas agat. Caithfidh tú tionchar na n-uimhreacha ar an ainmfhocal a thuiscint freisin: • aon, an chéad agus beirt – séimhiú ar b, c, f, g, m, p • dhá, trí, ceithre, cúig, sé – séimhiú ar b, c, d, f, g, m, p, s, t • seacht, ocht, naoi, deich – urú: mb, gc, nd, bhf, ng, bp, dt nó n- roimh ghuta • gach orduimhir seachas an chéad – h roimh ghuta (an dara huair, an tríú háit, srl.) Achoimre bheag ar na huimhreacha le foghlaim de ghlanmheabhar: • Ar an dara lá, chonaic mé beirt chairde ar dhá bhus dhifriúla ag a dó a chlog. • An an gceathrú lá, chonaic mé ceathrar cairde ar cheithre bhus dhifriúla ag a ceathair a chlog. Na réamhfhocail Ní féidir Gaeilge chruinn a scríobh mura bhfuil smacht agat ar na réamhfhocail. • Cuireann an chuid is mó de na réamhfhocail séimhiú ar an ainmfhocal. • Réamhfhocal + an = urú (ar an mbord, as an gcófra, tríd an bhfuinneog, thar an ngeata, ©The Educational Company of Ireland chuig an bpictiúrlann) • Réamhfhocal + na = h roimh ghuta (trí na háiseanna, srl.)

Léamhthuiscint

Sainmhíniú ar an téacs ilmhódach

Beidh an téacs ar an bpáipéar nua bunaithe ar théacs ilmhódach (multimodal texts). Mar sin, is féidir go mbeidh ceisteanna bunaithe ar phictiúir nó ar chairteacha mar aon leis an léamhthuiscint traidisiúnta. Mar gheall air sin, tá seans ann go mbeidh ceisteanna mar seo le déanamh agat ar an bpáipéar. Leideanna ginearálta • Bí cinnte go bhfuil tú in ann na rudaí seo a aithint sa Ghaeilge: — briathra (san aimsir chaite, san aimsir láithreach, san aimsir fháistineach, sa mhodh coinníollach) — an saorbhriathar — na huimhreacha éagsúla (bunuimhreacha, orduimhreacha, uimhreacha pearsanta) — na réamhfhocail (go, ar an, leis an, sa, de na, ó na, srl.) — an aidiacht shealbhach (mo, do, a, ár, bhur) • Seans go mbeidh ort abairtí a scríobh faoi phictiúr de sheomra ranga, de sheomra leapa, de pháirc an phobail, srl. Mar sin, déan cinnte go bhfuil an stór focal le haghaidh na rudaí seo ar eolas agat. (Bain úsáid as an bhfoclóir ar lch 400 mar threoir anseo.) • Tá seans ann go mbeidh ort ceisteanna (cad, conas, cathain, srl.) a chruthú bunaithe ar an eolas ón téacs freisin. • Tá seans ann go mbeidh ort freagairt a scríobh bunaithe ar ábhar dílis (is é sin alt a scríobh duine éigin sa Ghaeilge – ní aistriúchán é) ar an bpáipéar. Ba chóir duit an fhreagairt (response) seo a scríobh sa chéad phearsa (mé/mise). • Léigh an cheist ar fad agus aibhsigh na focail is tábhachtaí inti. • Téigh siar ar na ceistfhocail (cathain, cén fáth, conas, cad, cé mhéad, srl.). • Freagair na ceisteanna le habairtí iomlána, ach amháin mar deir siad ainmnigh, luaigh nó breac síos. • Má tá dhá phointe eolais ag teastáil, tabhair dhá phointe agus ná tabhair trí phointe. • Scríobh na freagraí sa tríú pearsa (sé, sí, siad). • Má tá bosca ann don ransú smaointe, breac síos tuairimí ansin sula dtosaíonn tú ar na freagraí. ©The Educational Company of Ireland

Scríbhneoireacht

Leideanna ginearálta

• Bí cinnte go bhfuil tú in ann blag nó cuntas faoi phictiúr a scríobh nó cur síos a dhéanamh san aimsir chaite ar eachtraí. M e a s ú n ú • Tá gach seans ann go mbeidh ort píosa scríofa a cheartú. Beidh botúin sa chéad dréacht den script ar an bpáipéar agus beidh ort an dara dréacht a scríobh. • Seans go mbeidh ort do thuairimí a nochtadh faoi phictiúr nó faoi ábhar éigin ón nuacht. Déan cinnte go bhfuil tú an-láidir ag scríobh sa chéad phearsa (mé, dom, liom, orm, uaim, srl.).

• Is féidir tús ginearálta a scríobh go minic sa ríomhphost. • Mar aon leis an tús, is féidir críoch ghinearálta a scríobh sa ríomhphost. • Déan cinnte go bhfuil na focail a bhaineann leis na mothúcháin ar eolas agat (brón, áthas, fearg, srl.). • Bí cinnte go bhfuil go leor briathra ar eolas agat sna haimsirí éagsúla (chuaigh mé/téim/rachaidh mé, srl.). • Téigh trí na haonaid éagsúla sa téacsleabhar agus tríd an bhfoclóir le bheith cinnte go bhfuil an stór focal a bhaineann leis na háiteanna difriúla (an scoil, an ceantar, an teach, srl.) ar eolas agat.

Sampla: Is mise mé féin, cé thusa? • Tá sé an-tábhachtach go bhfuil tú féin i gcroílár na bhfreagraí agus tú ag scríobh. 1 Bhain mé an-sult as an lá sin. 2 Chuir an eachtra sin áthas/brón/fearg orm. 3 Ní raibh aon fhreagra agam ag an am. 4 Thug siad an t-airgead/an ticéad dom. 5 Táim/Bhí mé i mo chodladh/shuí/luí/sheasamh/chónaí. 6 D’éirigh liom/Theip orm. 7 Is maith liom/Taitníonn X liom/Réitíonn an t-ábhar sin liom. 8 Cheap mé go raibh siad ag caint/ag magadh fúm. 9 Baineadh geit asam/Baineadh tuisle asam. 10 Tá orm/Caithfidh mé/B’éigean dom imeacht anois. 11 Theastaigh uaim/Teastaíonn uaim.

Féach ar lgh 382–91 agus gheobhaidh tú cur síos iomlán ar an scríbhneoireacht. ©The Educational Company of Ireland

This article is from: