An Laurentic

Page 1

Clár Cuimhneacháin Mhúsaem an Túir 1917 – 2017

I gCOMHAR LE


Cisteoirí: Arna chistiú ag Clár DeaChaidreamh na Comhairle Ceantair, tríd an Oifig Feidhmiúcháin

Comhpháirtithe:

Buíochas le: Vic Foster Brian Kelly Sean Quigley Simon Bamford Mary Blake Ian Lawler Geoff Millar Martin Woodward John McCarter David Magee Daniel Lynch

Dearadh: asgandpartners.com

Muintir Cossum Jack Scoltock Matthew McMahon Lorraine Clancy Don McNeill Danny Keenan Don McGlinchey Dave Atherton Stewart Taylor Marie Barrett Cumann Fo-Uisce Dhoire


Réamhrá Fáilte go dtí clár Mhúsaem an Túir do chomóradh an Laurentic. Tógadh an SS Laurentic i mBéal Feirste sa bhliain 1907 agus chuaigh sí go tóin poill i Loch Súilí deich mbliana ní ba dhéanaí le caillteanas na gcéadta beatha agus lastais lómhair eile. Tá 100 bliain níos déanaí, sa bhliain 2017, agus í mar aidhm ag an taispeántas seo chun scéal iomlán an línéir thubaistigh a insint agus an fáth go mbaineann an oiread sin tábhachta leis an lá inniu ann. Agus í ceaptha ar dtús mar cheann de na longa paisinéirí ba thapa agus ba shócúla dá linn, d’iompair an Laurentic daoine idir Learpholl agus Quebec Cheanada. Ba tar éis briseadh amach an Chéad Chogadh Domhanda sa bhliain 1914 a tiontaíodh an Laurentic ina Cúrsóir Trádála agus a baineadh leas aisti sa Chabhlach Ríoga chun trúpaí, armlón agus sa deireadh an t-ór a iompar. Bhí an Laurentic ag dul go Ceanada i mí Eanáir 1917 ag iompar 43 tona barraí óir, arbh fhiú timpeall £250 milliún in airgead an lae inniu iad. Tar éis stad gearr ag Bun Cranncha a chroch an long a seolta ó Loch Súilí, Contae Dhún na nGall, an 25 Eanáir agus chuaigh go tóin poill tar éis do mhianach Gearmánach í a bhualadh ag béal an locha. Cailleadh os cionn 350 paisinéir agus criú, agus tháinig an SS Laurentic chun luí 120 troigh faoi bhun an aigéin. Braitheadh tionchar an bháite ar fud an Iarthuaiscirt leis na coirp ag teacht i dtír chun cladaigh ar feadh roinnt laethanta ina dhiaidh sin. Tugadh cúram do na daoine a tháinig slán ag fáiltiú i Halla na Cathrach i nDoire~Londaindoire. Cailleadh 3,211 barr óir leis an mbá freisin, ag dul go tóin poill an Atlantaigh. Bhí an tóraíocht ar an ór sin mar spéis agus ionadh do na glúnta tumadóirí, taighdeoirí, staraithe agus díograiseoirí muirí le 100 bliain anuas. Áirítear leis an gclár seo an t-ábhar mionsonraithe a cruthaíodh do thaispeántas Laurentic agus liosta imeachtaí agus clár oideachais a bheidh ar siúl sna míonna amach romhainn chun an scéal agus a oidhreacht a thaiscéaladh a thuilleadh. www.derrystrabane.com/towermuseum

03


Aithisc & Imeachtaí

An Laurentic Seoladh Taispeántais

Seoladh Méarach Cuimhneacháin

......... Dé Céadaoin 25 Eanáir, 7i.n. Músaem an Túir

......... Dé hAoine, 27 Eanáir, 12:30 i.n. Halla na Cathrach

Is é an Méara, An Seanóir Hilary McClintock, a sheolfaidh go hoifigiúil an Taispeántas Laurentic. Beidh Ray Cossum, úinéir na raice, ann chun labhairt faoina spreagadh agus faoin achar a chaith sé ag coinneáil cuimhne na loinge agus a raice beo. Beidh comhrá painéil ar siúl idir é féin agus Don McGlinchey agus Stewart Taylor, agus iad ag caint faoina dtaithí ar thumadóireacht agus ar thaiscéaladh na raice le himeacht na mblianta.

Is é an Méara, An Seanóir Hilary McClintock, a bheidh mar óstach d’fháiltiú lóin speisialta ag an Halla Cathrach istigh i nDoire~Londaindoire, an suíomh céanna chuig ar tugadh na daoine a tháinig slán ón Laurentic agus inar tugadh cúram dóibh tar éis an bháite. Tabharfar le chéile san imeacht na gaolta leo siúd ar bord chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó aistear deireanach na loinge le ceol ó Tracey McRory. Tabharfar cuireadh don lucht freastail freisin chun páirt a ghlacadh in athchruthú an ghrianghraif aitheanta inar léiríodh na daoine a tháinig slán ón Laurentic in Halla na Cathrach.

Turais treoraithe Bíonn turais ar an taispeántas ar fáil do ghrúpaí scoile agus pobail ach réamháirithintí a dhéanamh. Tabharfaidh treoraí cúnamh chun an comhthéacs a shocrú don scéal agus chun cur le hoidhreacht an Laurentic agus ar a suntas sa cheantar áitiúil go fóill

04


Scéal an Laurentic

......... Déardaoin 2 Feabhra, 7 i.n. Músaem an Túir Tá Don McGlinchey ó Chumann Fo-Uisce Dhoire tar éis a shaol mar aosach a chaitheamh ag tumadóireacht sa Laurentic agus is saineolaí é faoin raic. Clúdófar ina aitheasc scéal an Laurentic féin óna seoladh go dtí an lá innu ann, léirithe le scannánaíocht de thumadh a rinne sé le déanaí faoin raic.

Réada ón Laurentic Objects faoi Fhócas ......... Déardaoin 6 Aibreán, 10 r.n. Músaem an Túir

Is é Ronan McConnell, Oifigeach Oideachais, Músaem an Túir, a thabharfaidh seisiún praiticiúil ina ligfear don phobal chun féachaint go mion ar rudaí bunúsacha ón Laurentic. Táthar tar éis roinnt rudaí agus déantán ón raic a thabhairt chun cinn go sonrach don taispeántas seo, go leor ach nach bhfacthas ach den chéad uair iad. Nochtfar le láithreoireacht Ronan na scéalta rúnda laistiar de na déantáin spéisiúla agus nach bhfacthas roimhe seo iad.

Clár Oideachais Tumadóireacht sna hUiscí timpeall Dhoire ......... Déardaoin 2 Márta, 7i.n. Músaem an Túir

Is tumadóir saineolach é Danny Keenan atá tar éis na huiscí i Loch Feabhail agus i Loch Súilí a thaiscéaladh, lena n-áirítear an buamadóir B-17 chomh maith leis an Laurentic. Labhróidh Danny faoina thaithí ag cur na raiceanna ar chairteacha go háitiúil agus faoi mhealltacht na hoidhreachta fothoinn.

Is mar chuid de na cuimhneacháin chothrom céad bliain, a thabharfar i gclár oideachais an deis do leanaí scoile chun foghlaim faoin Laurentic trí cheardlanna beochana. Beidh an deis ag na scoileanna chun cuairt a thabhairt ar an taispeántas agus chun an scéal go léir a fheiceáil mar chuid de cheardlann. Mar mhalairt rogha, is féidir an seisiún a sheachadadh sa seomra ranga, ag baint leasa as teicneolaíocht an iPad chun an scéal a insint faoin mbá trí bheochan 2-thoisceach. I gcomhair a thuilleadh eolais agus chun ceardlann a shocrú déan teagmháil tionscadal na gCuimhneachán Céad Bliain Cruthaitheach: info@creativecentenaries.org nó fón: 028 7126 0562.


TÓGÁIL AGUS SEIRBHÍS SA CHABHLACH RÍOGA 1907 — 1917

An Alberta, an Laurentic ina dhiaidh sin, arna tógáil

Salún an Laurentic

Ba í an Dominion Shipping Line ó Harland and Wolff a chéadordaigh an SS Alberta thiar sa bhliain 1907. Tugadh úinéireacht an SS Alberta ar láimh don White Star Line, úinéirí an Titanic, a d’athraigh a hainm go dtí SS Laurentic sa bhliain 1908.

nach bhfacthas coirp ná raic, cé go rabhthas ag faire amach dóibh go géar, thar na Grand Banks.

Oibríodh an Laurentic mar long do phaisinéirí agus tugadh na mílte daoine uirthi trasna an Atlantaigh idir Learpholl agus Quebec Cheanada. Bhí barrluas 16 muirmhíle ag an long, agus bhí sí ar cheann de na longa ba sciobtha lena linn, ag dur ar aistear idir Learpholl agus Quebec laistigh d’ocht lá. Ba le linn na seirbhíse rialta aici as Learpholl a ghabh an Laurentic thar an láthair ar bádh go tóin poill an Titanic gan ach cúpla lá tar éis na tubaiste sa bhliain 1912. Thuairiscigh an Captaen John Mathias ar an 21 Aibreán

Bhí an Laurentic in ann éalú ó fho-mhuireáin sa tóir uirthi de bharr na luasanna iontacha a bhí aici. Bhí an luas sin mealltach don Chabhlach Ríoga, a thiontaigh í tar éis tús an Chéad Chogadh Domhanda an long ina Cúrsóir Trádála faoi Airm. Feistíodh an long le gunnaí agus d’oibrigh chun príosúnaigh chogaidh Ghearmánacha a iompar ón Afraic Thiar chun Sasana. Baineadh leas as an Laurentic freisin chun ór a iompar ón Afraic Theas chuig Halifax, An Alba Nua. Níorbh aon rud nua don long í an tragóid, agus chaill sé a captaen i mí na Nollag 1916 An Ceannasaí John Mathias, a maraíodh tar éis dóiteáin ar bord.

06


Treoraíonn Walter Drew an Dochtúir Hawley Harvey Crippen ón SS Megantic tar éis a teacht chun Sasana, Lúnasa 1910.

CÁS CRIPPEN Cuireadh Príomh-Chigire Scotland Yard is bleachtaire, Walter Drew, ar an eolas go raibh Crippen ar bord an SS Montrose lena Captaen, Henry George Kendall. Ba é an chéad chás dá chineál, inar sheol an Captaen teileagram gan sreang chuig na húdaráis Bhriotanacha, leis an teachtaireacht: ‘Táthar go mór in amhras go bhfuil Crippen – dúnmharfóir an tsiléir i Londain agus a chionpháirtí i measc na bpaisinéirí sa Salún. Croiméal bainte de – agus tá féasóg air. Éadaí buachalla ar a chionpháirtí. Glór, béasa agus cruth ina cailín gan amhras ar bith.’

An Dochtúir Hawley Harvey Crippen

Bhain an Laurentic clú amach ní hamháin dá bá tragóideach, ach freisin dá dlúthbhaint le tóraíocht chlúiteach ar scála mór. Bhí lia Meiriceánach, Hawley Harvey Crippen, tar éis a bhean chéile a dhúmharú thall i Londain sa bhliain 1910 agus theith lena bheach choibhche, Ethel Neave, chun na Bruiséile ar dtús, sula ndeachaigh sé ar bord an SS Montrose chun dul go dtí Quebec thall i gCeanada. Chuaigh an Príomh-Chigire Drew ar bord an Laurentic láithreach bonn i Learpholl leis an rún chun Quebec a bhaint amach roimh Crippen ar bord an tsoithigh ní ba sciobtha. Rinneadh imeachtaí na seachtaine, agus an Laurentic faoi lánluas trasna an Atlantaigh agus ag gabháil thar an Montrose i gCuan Quebec, agus ag gabháil thar an Montrose i gCuan Quebec, thar an teileagraf, agus ba chinnlínte náisiúnta iad.

Tar éis dó Quebec a bhaint amach roimh Crippen ar bord an Laurentic, chuaigh an Príomh-Chigire Drew ar bord an SS Montrose, agus éadaí air mar phíolóta na loinge, agus ghabh sé Crippen as dúnmharú a mhná céile. Toisc go raibh Ceanada fós ina thiarnas de chuid Impireacht na Breataine, eiseachadadh Crippen go Sasana, in ainneoin a shaoránachta Meiriceánaí. Fuarthas ciontach é i ndúnmharú, agus crochadh é ag Príosún Pentonville i mí na Samhna 1910.

07


OÍCHE CHINNIÚNACH D’fhág an Laurentic Learpholl an 23 Eanáir 1917 dá haistear deireanach tar éis an tsaoil. Agus í ag glacadh rannpháirte in oibríocht faoi cheilt, bhí 43 tona barraí óir ar lastas sa long as a mbainfí leas chun íoc as armlón d’iarracht cogaíochta na Breataine. B’éigean don long stad gan choinne a thabhairt chuig Bun Cranncha dhá lá ina dhiaidh sin, an 25 Eanáir, ag Loch Súilí, toisc gur tholg ceathrar mairnéalach ar bord an fiabhras. Ba de bharr a lastais lómhair agus tábhacht a mhisin, a theastaigh ón gCaptaen Reginald Norton go bhfágfadh an long chomh luath agus ab fhéidir sa chaoi nach gcaillfidís go leor ama dá n-aistear. Ardaíodh ancaire na loinge le dul faoi na gréine agus sheol léir le linn síobtha sneachta a bhí ag dul i bhfeidhm ar an léargas. In ainneoinn tuairiscí ní ba dhéanaí faoi U-bhád Gearmánach bheith amuigh san fharraige, chuaigh an Captaen Norton ar aghaidh lena mhisean. Bhí fo-mhuireán Gearmánach tar éis an ceann deireanach dá shé mhianach a leagan le déanaí sna huiscí calma amach ó Loch Súilí. Sheol an Laurentic faoi lánluas timpeall Chionn Fhánda agus ba ghearr go raibh sí i measc na mianach, díreach faoi bhun uair amháin tar éis di Bun Cranncha a fhágáil. Bhí an stoirm shneachta ar siúl le titim na hoíche, bualadh mianach ar an Laurentic dá clébhord, agus ceann eile go gairid ina dhiaidh sin. Agus an long ag dul go tóin poill, d’ordaigh an Captaen Norton na fir chun teitheadh ón mbád. Bhí ceann de na mianaigh tar éis pléascadh gar don seomrluí ar a taobh faoi 20 céim. Ba mheascán den doircheacht agus den luí a bhí laistiar den fháth gur dheacair na báid tarrthála a ísliú agus gur dhodhéanta don long chun comhartha guaise a eisiúint. Rinneadh iarrachtaí chun glaoch ar chabhair ar an teileagraf chomh maith le comharthaí, ach ní

fhacthas ná nár chualathas rud ar bith. Scaoil an long le bladhmanna roicéid freisin chun aird a mhealladh. Bhí príosúnaigh Ghearmánacha ar bord an Laurentic freisin, arbh é siúnéir na loinge, an tUas. Porter, a shábháil iad nuair a bhris sé comhla an dorais lena dhua, ag ligean do na fir chun dul ar bord na mbád tarrthála. Thug an Captaen Norton faoi cheadú deireanach den long féachaint an raibh duine eile beo sular scaoil sé leis an mbád tarrthála deireanach ag éalú leis. Ba nimhneach fuar í oíche an 25 Eanáir agus bhí na daoine úd a bhí ar luascadh sna báid tarrthála san Aigéan Atlantach i dteochtaí chomh híseal le -13°C. Rinne roinnt fear iarracht chun rámhaíocht chun na trá, ach treoraíodh ar ais amach ní b’fhaide chun na farraige leis na carraigeacha agus leis na haillte sa cheantar. D’éirigh le roinnt de na báid tarrthála aird trálaeir ghail bhig a tharraingt, an Imperial Queen. Ba ghearr go raibh longa eile, lenar áiríodh go leor soitheach iascaigh ó Inis Eoghain, mar chuid den iarracht tarrthála, agus slánaíodh 121 fear agus tugadh chun na sábháilteachta iad. Níor sábháladh beatha an chuid ba mhó de na fir, agus go leor acu reoite chun báis ina mbáid tarrthála, lena lámha fós i ngreim sna maidí rámha. Cailleadh 354 beatha agus tháinig coirp na bhfear marbh i dtír gan staonadh ar an gcladach ar feadh roinnt seachtainí ina dhiaidh sin. In ainneoin an lín mhóir bheathaí a cailleadh, tá tubaistí eile ar na farraigí, lena n-áirítear bá an Titanic sa bhliain 1912, agus an Luistania sa bhliain 1915, tar éis scéal an Laurentic a shárú. Tá lasta lómhar óir an Laurentic tar éis a chinntiú ámh go bhfuil an raic ina láthair thábhachtach fós an lá inniu ann.

08


“Rinneamar sealaíocht ag stiúradh an bháid toisc go raibh mé chomh sásta sin chun maide rámha a fháil chun an fhuil a imshruthú agus caithfidh mé a rá leat, bhí sé iontach fuar.” Augustus Dent

09

Léiriú den mhianach ag bualadh an Laurentic leis an ealaíontóir John McCloskey


TARRTHÁIL

Óstaíodh na daoine a tháinig slán ag fáiltiú i Halla na Cathrach

Baineadh geit as daoine ar fud an cheantair le bá an Laurentic go tóin poill. Nuair a chuala Méara Londaindoire, An Seanóir R.N. Anderson go raibh na daoine a tháinig slán ag impí ar éadaí teolaí, bhunaigh sé scéim chompord éigeandála láithreach bonn.

iarracht fóirithinte. D’óstaigh an Méara lón do na daoine a tháinig slán ní ba dhéanaí ag Halla na Cathrach i nDoire~Londaindoire mar ar tugadh Nóta Státchiste deich scilling do gach fear, arb ionann agus £150 é in airgead an lae inniu. Tugadh leabhair phóca agus cásanna airgid toitíní freisin do na hoifigigh a mhair tríd.

Bhailigh sé carranna agus trucailí chun na soláthairtí a sheachadadh agus bhí siad mar chuid de lastas mór cótaí agus brístí. Thug cuideachtaí éadaí sa chathair 100 péire stocaí don chúis. Seoladh buidéil te chun na mbácús lena líonadh agus líon saoránaigh na cathrach teirmis le caifé lena dtabhairt chuig na daoine a tháinig slán de réir mar a tháinig siad i dtír. Tháinig slua mótar chun an champa laistigh de chúpla uair i mBun Cranncha le soláthairtí don

Níor tháinig ach 121 slán as an 475 duine ar bord an Laurentic. Reáchtáladh sochraid i mBun Cranncha, le meascán Ministirí Preispitéaracha agus ó Eaglais na hÉireann, agus sagairt Chaitliceacha aici. Cuireadh 68 de na 354 daoine marbha i reilig Fhathna. Tháinig coirp na bhfear eile i dtír ar na tránna timpeall Loch Súilí ar feadh cúpla mí tar éis an bháite.

10


NA DAOINE AR LÁR Harry Dyer, pictured with his wife, Mina

Luke Smith (1886 — 1917) Rugadh Luke SmithRugadh Luke Smith an 7 Lúnasa 1886. Liostáil sé le Cúltaca na Seirbhís Cabhlaighle Cúltaca na Seirbhís Cabhlaigh Ríoga an 18 Márta 1906 agus chríochnaigh sé a oiliúint ag HMS Calypso. Ba é Luke an chéad mhac le bheith rannpháirteach leis an gCúltaca Cabhlaigh, agus ba dheis fostaíochta dó é i rith mhíonna an gheimhridh. Phós Luke Isabelle Spurrell ag aois 27 bliain sa bhliain 1913. Ba tar éis briseadh amach an Chéad Chogadh Domhanda bliain amháin ní ba dhéanaí, glaodh chun dualgais ghníomhaigh é le gach ball den chúltaca. D’ullmhaigh sé idir 3 Lúnasa agus 5 Samhain 1914 ag iosta cabhlaigh Naomh Eoin. Sannadh dualgas dó idir 19 Samhain agus 5 Nollaig ag bunáit chabhlaigh an HMS Vivid gar do Devonport, i Sasana. Aistríodh é chuig an HMS Hilary an 6 Nollaig, agus d’fhan sé inti go dtí 4 Eanáir 1917. Maraíodh Luke go tragóideach agus é ar shaoire agus ar bord an Laurentic an 25 Eanáir 1917. Dúradh go raibh sceitimíní air bheith ag taisteal abhaile chun a iníon a fheiceáil den chéad uair Harry Dyer (1884 — 1917) Rugadh Harry Dyer agus mhair sé don chuid ba mhó dá shaol in Brixham, Devon. Ba é an tríú mac le William Dyer agus a lena bhean chéile Sarah Ann Perret. B’iascairí é a athair agus an bheirt deartháireacha, agus chuaigh sé sa chabhlach iascaigh freisin nuair a d’fhág sé an scoil, ag seoladh i bpúcán iascaigh de chineál Devon. Phós Harry Mina Brewer sa bhliain 1907, cailín áitiúil istigh in Brixham. Rugadh an triúr clainne s’acu (Leslie) Jon, Mary and Harry Jackson go

léir in Brixham, ach de réir mar a ídíodh an stoc iascaigh, bhog Harry lena theaghlach chuig an loingeas chuig Milford Haven/Aberdaugleddau go gairid tar éis an bhliain 1914. Thosaigh Harry ag obair sna báid ní ba mhó le cumhacht inneall agus bhíodh sé ar farraige ar feadh suas le 12 lá ag aon am amháin. Bhí Harry ar dheiceanna ísle an Laurentic an oíche chinnúnach úd an 25 Eanáir 1917. Ní bhfuarthas a chorp riamh, agus cuimhnítear air ag leaca cuimhneacháin in Plymouth, Brixham agus Milford Haven/Aberdaugleddau. Andrew Steele (1894 — 1917) Rugadh Andrew Steele i nDoire~Londaindoire sa bhliain 1894, agus chónaigh sé ag 29 Ardán an Eidhneáin. Bhí Andrew ag obair mar Leas-Chócaire ar an Laurentic agus chuaigh go tóin poill leis an long an oíche úd an 25 Eanáir 1917. Léadh a ainm os ard ag an tseirbhís chuimhneacháin, in Eaglais Abhaistín ag deiradh mhí na Nollag 1917, i gcuimhne ar dheichniúr ball den chomhthionól a thit ar lár sa Chéad Chogadh Domhanda agus ar dhaoine eile a tuairiscíodh ar iarraidh go hoifigiúil iad. Taifeadtar ainm Andrew ar Leac Cuimhneachán Eaglais Naomh Abhaistín don Chéad Chogadh Domhanda i nDoire~Londaindoire, agus liostaíodh é ar Chuimhneachán Cogaidh an Diamaint.

11


TARRTHÁLAS An Ceannasaí Damant

“Dúirt sé gur theastaigh uaidh go rachainn leis toisc go raibh a fhios aige Go raibh aithne agam ar shuíomh an tseomra buillinn.” Augustus Dent

Bhain an tábhacht ba mhó ansin do Rialtas na Breataine le haisghabháil na 43 tona óir ag luí ar an ngrinneall, a bhí gan an t-armlón a raibh an t-ór ceaptha chun íoc astu. Tugadh faoi iarracht sábhála ollmhór chun an oiread óir agus ab fhéidir a aisghabháil chun an buillean óir a shlánú. Sannadh an Ceannasaí Guybon Damant, tumadóir le taithí, chun na hoibríochta sa bhliain 1917, agus thiomsaigh sé criú chun rannpháirt a ghlacadh san iarracht tarrthála. Ba thumadóir le neart taithí aige é Damant sa saothar tarrthála doimhin, ag doimhneachtaí thar 200 troigh (61 méadar) agus é ag cúnamh leis an Ollamh J.S. Haldane le turgnaimh um fhorbairt sceideal dí-chomhbhrúcháin. I measc na ndaoine a bhí bainteach sa tarrtháil bhí Augustus Dent, tumadóir agus mairnéalach a bhí ar bord an Laurentic tráth a báite. Bhí a fhios ag Damant go raibh Dent ar bord na loinge nuair a bádh í, agus chuir sé glao ar an tumadóir a bhí lonnaithe Whale Island i gCuan Portsmouth.

HMS Racer athcheaptha ag fágáil Portsmouth i mí an Mhárta 1922, agus Loch Súilí mar sprioc aici.


Seomra dí-chomhbhrúcháin ar bord HMS Racer as ar baineadh leas i leith tumadóirí ag filleadh ar an mbarr

Augustus Dent, sa phictiúr ar dheis, agus é ag ullmhú chun tumtha.

Cé go raibh a fhios aige suíomh an óir ar bord na loinge, d’fhulaing Dent lena chroí, rud a chuir srian lena thumadh ar feadh dhá bhliain eile.

siad an méid óir agus arbh fhéidir leo a aisghabháil, d’fhill an criú sábhála ar an raic sa bhliain 1922 agus b’iontas dóibh go raibh doineanna an gheimhridh tar éis timpeallacht an óir a sciúradh glan.

Tháinig foireann na dtumadóirí go dtí suíomh na raice ar luamh pearsanta Damant, agus meastachán á dhéanamh go gcaithfí roinnt míonna ag críochnú aisghabháil an óir. Ba ghearr go bhfoghlaimeodh Damant ámh go bhféadfadh coinníollacha mara agus aimsire an cheantair athrú go tobann agus go mór, agus ba dhodhéanta í an tumadóireacht scaití. Tháinig HMS Racer go gairid ina dhiaidh sin agus ba í an long aisghabhála phríomha í.

Sa bhliain 1922, nuair a bhí na mairnéalaigh agus an criú sábhála ag fanacht ag Óstán Phort an tSalainn i gContae Dhún na nGall, rinne díorma beag ionsaí orthu agus rinne iarracht chun an t-ór a ghoid, cé nár éirigh leo. Chinn an criú tar éis an ionsaithe neamhrathúil, chun fanacht ar a long sábhála, an Racer, a bhí faoi airm ní ba dhéanaí dá gcosaint.

Nochtadh leis an saothar imscrúdaithe breise go raibh an Laurentic ina luí claonta ag 60 céim ar a bord clé, agus go raibh sí ionann agus slán. Bhí an long ina luí ar sceird ag doimhneacht 120 troigh (36 méadar) ar an ngrinneall agus ag doimhneacht 62 troigh (19 méadar) ón bpointe ab airde den long go dtí an barr. Chuaigh an iarracht shábhála ar aghaidh isteach sna 1920í. Bhí an t-ór tar éis titim trí dhá dheic de bharr an bhrú dhamanta a bhain leis. ar an raic le doineann ag deireadh na bliana 1917. Ag tráth amháin, tar éis dóibh teacht chun an chreidimh gur shlánaigh

Reáchtáladh comórtas i measc na dtumadóirí cé acu a gheobhadh an líon barraí óir ba mhó le linn na hoibríochta, arbh é A.B.N. ‘Mickie’ Maddison, a shlánaigh 200 barra, a bhuaigh é. Níor cailleadh tumadóir ar bith i rith na hoibríochta go léir a bhuíochas do phleanáil dhocht Damant. Tugadh an oibríocht sábhála chun deiridh sa bhliain 1924 nuair a thosaigh na costais ag sárú luach fhuílleach na 25 barra a bhí fós ar an ngrinneall.

13


RAY COSSUM Ray Cossum ina óige sa phictiúr lena linn sa Chabhlach Ríoga

Rugadh Ray Cossum in Folkestone, ar chósta theas Shasana, sa bhliain 1931. Thug Ray fiannas sa Chabhlach Ríoga ar feadh ocht mbliana, agus chaith sé cúig bliana as sin mar theagascóir éalaithe ó fho-mhuireáin. Bhí sé lonnaithe ag HMS Sea Eagle, bunáit fho-mhuireán na Cabhlaí Ríoga i nDoire~Londaindoire, agus d’oibrigh freisin mar thiománaí tráchtála ar na rigí ola sa Mhuir Thuaidh, chomh maith leis an tsábháil agus an aisghabháil raice ar fud an domhain. Tar éis dó teacht chun Doire~Londaindoire den chéad uair thiar sa bhliain 1949, phós Ray Bridie Loughrey agus bhog go dtí an chathair go buan sa bhliain 1951.

Ray sa phictiúr le tumadóirí sula dtéann siad chuig raic an Laurentic.

Tá aithne ar Ray freisim mar shnámhaí fadraoin. Ba tar éis dhá bhliain dian-oiliúna a shnámh sé idir Bun Cranncha agus Ráth Maoláin (cúig mhíle) laistigh de 2 uair 15 nóiméad thiar sa bhliain 1964. Shnámh sé idir Bun Cranncha agus Ráth Maoláin agus droim ar ais gan stad laistigh de 4 huaire 14 nóiméad sa bhliain 1966. Ba é gaisce órga Ray snámh Mhuir nIocht laistigh de 13 uair 41 nóiméad an 1 Lúnasa 1970. Ba lena mhac Des ansin a d’fheidhmigh Ray mar chóitseálaí d’fhoireann sealaíochta shóisearach na hÉireann do snámh Mhuir nIocht, a sháraigh an Chur-Iarracht Dhomhanda don fhoireann shóisearach ba thapa chun trasnú thiar sa bhliain 1978. Tá Ray ina Leas-Uachtarán i láthair na huaire ar an gCumann Snámha Mhuir nIocht. Tá aithne mhaith agus meas mór ar Ray i measc an phobail tumadóireachta. Tá sé tar éis bheith ag tumadh sa Laurentic le hos cionn 50 bliain anuas agus tá aithne níos fearr aige uirthi ná duine ar bith beo. Is le díograis Ray a cinntíodh go bhfuil scéal an Laurentic fós ar an mbéal beo an lá inniu ann.

14


COSSUM SALVAGE Rinneadh iarracht chun fuílleach na 25 barra óir a aisghabháil ó raic na loinge sa bhliain 1932 le Sindeacáit Mallet, ar éirigh leo thar trí ráithe saothair chun trí bharra a aisghabháil. D’éirigh le saothar na sindeacáite freisin chun suíomh taisceadán an Laurentic a aimsiú, inar creideadh go bhfaighfí na 22 barra óir dheireanacha. Bhris an slabhra ardaithe i rith iarrachta chun an taisceadánBhris an slabhra ardaithe i rith iarrachta chun an taisceadán a thabhairt chun barr na farraige, agus thit an taisceadán chun an ghrinnill agus cailleadh é. Rinne Eric Cossum, deartháir le Ray, teagmháil leis an Aireacht Cosanta sa bhliain 1969, agus cheannaigh na cearta do raic an Laurentic. Bhunaigh sé Cossum Syndicate Ltd le Ray, agus thug cuairt ar Augustus Dent, an tumadóir a bhí ar bord an Laurentic agus a thumadh sa raic ag tús na 1920í. Ba é a saothar faoin raic agus nochtadh an scéil léi a chuir fuadar faoin spéis sa Laurentic i measc an phobail áitiúil. Cuireadh tús go hoifigiúil le hOibríocht Tarrthála Cossum thiar sa bhliain 1969 nuair a cheannaigh siad bád inséidte dhá throithe déag agus buntrealamh. Thiocfadh óna n-oibríocht sábhála líon mór sliosfhuinneog, sceall agus an dara

Grianghraf de raic an Laurentic faoi uisce

cloigín á thabhairt chun cláir, chomh maith le roinnt gunnaí cabhlaí trí horlaí. Sábháladh dhá ghunna cabhlaí sé horlaí ina dhiaidh sin freisin – agus tá ceann acu ar taispeáint sna Dúnaibh, Contae Dhún na nGall. Chuaigh Holyhead Company le muintir Cossum sa bhliain 1984 san iarracht sábhála ar an Laurentic, ach níor éirigh leo ar chor ar bith. D’aistrigh siad na cearta trí ghníomhas chuig Consortium Recovery Ltd, a thug leo soitheach sábhála nua-aoiseach, an Helga Dane. In ainneoin an tsaothair go léir acu, níorbh fhéidir leo teacht ar aon chuid d’fhuílleach an óir ná ar thaisceadán na loinge. Aisghabháladh an taisceadán ina dhiaidh sin, ach ní bhfuarthas aon ór ann. Is le Ray agus lena mhuintir go fóill iad na cearta do shuíomh na raice. Rinne Ray Cossum a thumadh deireanach chun an Laurentic ag aois 75 bliain thiar sa bhliain 2005. Tá an Laurentic 120 troigh faoi bhun chlár an Atlantaigh an lá inniu ann. Tá 22 barra óir fós i bhfolach i measc na raice casta agus is ábhar samhlaíochta atá sa Laurentic go fóill i measc tumadóirí, tóraithe taisce agus staraithe araon.

Ray agus Eric Cossum le Ralph Williamson ag ceiliúradh aisghabháil na sliosfhuinneog, sceall 6” agus 2.5” ón Laurentic.


Déan teagmháil i gcomhair a thuilleadh eolais le: Músaem an Túir, Union Hall Place, Doire~Londaindoire, BT48 6LU Fón: 028 7137 2411 Ríomhphost: tower.reception@derrystrabane.com www.derrystrabane.com/towermuseum Bíonn an t-eolas seo ar fáil ach iarratas a dhéanamh i roinnt formáidí lena n-áirítear cló mór, Braille, PDF, closfhormáidí (dlúthdhiosca, MP3, DAISY) agus i dteangacha mionlaigh. I gcomhair a thuilleadh eolais i leith formáidí malartacha: Déan teagmháil le: Fón: 028 7125 3253, Téacs fón: 028 7137 6646 nó Ríomhphost: equality@derrycityandstrabanedistrict.com


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.