15. DF~Nollaig 12
...scáthán
15. Oct~Dec 12
Gaeilge agus Fáilte
Business Nam e
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
2013 - Bliain Chathair Chultúir agus Bliain na Gaeilge
Bliain na Gaeilge
Cathair Chultúir
Scéal na Gaeilge
Fóram Phobal
na Gaeilge
Scéim an
Fháinne
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle Cathrach Dhoire
Oifigeach
Gaeilge
An Bhliain Mhór Déan coinne le Doire! Tá bliain mhór romhainn, bliain nach ndéanfaidh muintir Dhoire ná muintir an iarthuaiscirt dearmad uirthi go ceann i bhfad! Seo chugainn Bliain Chathair Chultúir 2013 nuair a bheas súile an domhain dírithe orainn agus Bliain na Gaeilge 2013 nuair a dhéanfaidh muid ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag pobal na Gaeilge leis an teanga a chaomhnú agus a chothú le 120 bliana anuas. Tá breis agus 100 imeacht ar chlár cultúrtha na bliana seo chugainn agus Clár Gaeilge ar fáil anois. Blaiseadh beag den chlár istigh.
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
Gaeilge agus Fáilte
...scáthán
Lch 2
Cathair Chultúir 2013 Ó Eanáir go Nollaig 2013 beidh an Ghaeilge á cur chun cinn mar chuid de fhéile Chathair Chultúir 2013. Déan coinne le Doire, beidh a lán ar siúl! I mí Eanáir 2013 cuirfear tús le tionscnamh Scéal na Gaeilge a inseoidh scéal na teanga i nDoire sa stair agus sa lá atá inniu ann. Beidh Seachtain na Gaeilge 2013 sa chathair níos mó ná riamh roimhe agus reáchtáilfear Féile Bheag na Leabhar - féile bheag léitheoireachta do pháistí le Gaeilge ar an chlár don chéad uair in 2013. Sa mhí céanna beidh Éigse Cholm Cille ar siúl ag Ollscoil Uladh agus ‘An Ghaeilge ar an Oileán Úr’ mar théama ag an fhéile. I rith Sheachtain na Gaeilge beidh Coláiste an Phobail agus Cultúrlann Uí Chanáin ag comheagrú Seachtain an Fháinne agus imeachtaí sóisialta dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge. Cuirfear imeachtaí leis an chlár Gaeilge seo de réir a chéile. Ar an 25ú Deireadh Fómhair, seoladh clár oifigiúil Chathair Chultúir 2013. Rinne an LeasChéad Aire Martin McGuinness agus Méara Chathair Dhoire Caoimhín Mac Cathmhaoil an clár a sheoladh ar chearnóg Ebrington ag breacadh lae agus bhí lá lán imeachtaí ceilúrtha ar fud na cathrach agus sa cheantar máguaird. Tá réimse iomhánna ón seoladh agus eolas maidir leis an himeachtaí atá geallta ar an bhlian seo chugainn ar fáil anois ag suíomh idirlín Chathair Chultúir: www.cityofculture2013.com I mí Aibreáin beidh féile scannán Guth Gafa anseo don chéad uair agus i mí Meithimh déanfaidh pobal Dhoire mórcheiliúradh ar shaol Cholm Cille le Scoil Samhraidh Cholm Cille. Ná caill buaicimeacht an luathshamhraidh Filleadh Cholm Cille - mórthaispeántas ar abhainn an Fheabhail! Is í mí Lúnasa - mí an cheoil nuair a éireoidh an clár níos gnóthaí arís le teacht Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 go dtí an chathair don chéad uair! Tuilleadh faoi seo: www.2013fleadh.ie I Meán Fómhair fillfidh Oíche Chultúir agus sraith léachtaí Glórtha na nOileán a fhiosraíonn an gaol idir cultúr, teanga agus féiniúlacht. Agus ceiliúrfar Breithlá Líofa 2015 sa mhí céanna. Ag deireadh na bliana, seolfar féile thaibhithe iomlán úrnua dar teideal Éamann a’ Craic. Tuilleadh le theacht! Níl anseo ach spléachadh ar a mbeidh ag tarlú ó thaobh na Gaeilge de. Más suim leat tuilleadh eolais a fháil ar aon ghné den chlár tabhair cuairt ar an chlár ar–líne ag www.cityofculture2013.com
...scáthán
Lch 3
Seoladh Bhliain na Gaeilge 2013 Doire Cholm Cille
120 Bliain d’Athbheochan na Gaeilge: Ar an 25ú Samhain tháinig pobal na Gaeilge i nDoire le chéile le 120 bliain d’athbheochan na Gaeilge a cheiliúradh. Le Bliain na Gaeilge 2013 a sheoladh, d’oibrigh pobail Ghaeilge ó cheantair ar fud fad an oileáin le Conradh na Gaeilge le 120 balún a scaoileadh chun aird an phobail a tharraingt ar an fheachtas. I nDoire, cé go raibh an lá fuar agus an ceo trom d’éirigh linn 120 balún a scaoileadh go dtí an spéir ó Dhroichead na Síochána!
Fleadh Cheoil na hÉireann Deiseanna do Cheoltóirí agus Oibrithe Deonacha Ar mhaith leat bheith páirteach san imeacht ceoil agus cultúir is mó ar an oileán? Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht go Doire i mí Lúnasa 2013 agus tá deiseanna ar fáil dóibh siúd ar mian leo bheith ag glacadh páirte! Tá deiseanna ar fáil do dhaoine ar suim leo bheith ag seinm, bheith páirteach in imeachtaí a eagrú nó a bheith ag obair go deonach le scileanna agus taithí a fháil. Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl ón 12ú go dtí an 18ú Lúnasa 2013 agus beidh sí i nDoire don chéad uair riamh ina cuid staire!
Déan teagmháil leis an fhoireann: 028 71264132 nó seol ríomhphost chuig: eolas@2013fleadh.ie
...scáthán
Lch 4
Scéal na Gaeilge - An bhfuil scéilín agat? An bhfuil scéal agat maidir leis an Ghaeilge i nDoire? D’éirigh le Comhairle Cathrach Dhoire £10,000 a fháil faoi scéim Culture for All de chuid an Big Lottery Fund le cuidiú le pobal na Gaeilge go háitiúl Scéal na Gaeilge sa cheantar seo a insint. Is éard atá i gceist leis an tionscnamh ná taispeántas mór léirmhíniúcháin nua a fhorbairt i gcomhar le scoileanna, eagraíochtaí pobail agus réimse páirtnéirí eile in earnáil na Gaeilge le scéal na teanga a insint. Díreoidh an taispeántas, agus an lámhleabhar a théann leis, ar an teanga sa stair, an teanga sa lá atá inniu ann, agus ar theanga na Gaeilge inár gcomhthodhchaí. Fógróidh an Chomhairle Chathrach deis d’éascaitheoir bheith i mbun an mhórthionscnaimh seo i mí Eanáir 2013. Beidh an tionscnamh á fhorbairt mar chuid de scéim Portrait of a City de chuid Chathair Chultúir 2013. Tuilleadh eolais: P. Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, T: 71 376579
Fóram Phobal na Gaeilge - Céad chruinniú eile Tá 155 duine cláraithe anois le leathanach Facebook Fhóram Phobal na Gaeilge-Doire agus is maith an áis í le fanacht cothrom chun dáta lena bhfuil ag tarlú sa cheantar comhairle ó thaobh na Gaeilge de. Tagann Fóram Phobal na Gaeilge-Doire le chéile gach ráithe le tuiscint níos fearr a chothú ar sholáthar reatha Gaeilge sa cheantar comhairle seo; deiseanna comhoibre a aithint agus le fás agus forbairt na teanga a phlé. Beidh an chéad chruinniú eile den Fhóram ar siúl ar an Mháirt 22ú Eanáir ag oifigí Chomhairle Cathrach Dhoire, Bóthar na Trá, Doire ó 2.00-3.30in. Fáilteofar roimh bhaill nua agus más mian leat bheith i láthair tugtar cuireadh duit do chuid suime a léiriú le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, T: 028 71 376579, gaeilge@derrycity.gov.uk
aeilge
hobalnag p m a r o f m/ ebook.co c a f . w w éanaí - w d s i s a l o r an e
Bí a
GAEILGE & FÁILTE: Ar thug tú cuairt ar leathanaigh Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire roimhe? Tá méid agus fairsinge na leathanach Gaeilge ar ár suíomh idirlín méadaithe agus nuashonraithe. Caith súil ar a bhfuil ar fáil ón Chomhairle Cathrach ag www.derrycity.gov.uk/gaeilge. Má tá seirbhís uait nach bhfuil léirithe ar an láithreán faoi láthair, déan teagmháil linn: gaeilge@derrycity.gov.uk
...scáthán
Lch 5
Scéim an Fháinne - Fáinne Óir don Fháilteoir Bronnann an Méara, an Comhairleoir Caoimhín Mac Cathmhaoil Fáinne Óir ar Fháilteoir Chomhairle Cathrach Dhoire, Róisín Bn Mhic Lochlainn i ndiaidh di an scrúdú a dhéanamh i Márta 2012. Tá ranganna ag ceithre leibhéal á gcur ar fáil i mbliana ag an Oifigeach Gaeilge do 19 oibrí ó réimse d’achair sheirbhíse sa Chomhairle agus téann na mic léinn seo faoi scrúdú béil i rith Sheachtain na Gaeilge gach Márta. Ná bíodh leisce ort labhairt linn i nGaeilge nó seirbhís a iarraidh orainn. Gaeilge & Fáilte!
Scéim na gCártaí Nollag Ghaelscoileanna Cheantar Comhairle Dhoire A pháistí! Tá áthas ar Chomhairle Cathrach Dhoire Scéim Cártaí Nollag 2012 a fhógairt! Fáilteofar roimh pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileannna an cheantair Chomhairle seo litir a scríobh chuig Daidí na Nollag agus freagra a fháil i nGaeilge! Cad é atá le déanamh mar sin? Iarr ar do rang/anna litir i nGaeilge a scríobh chuig Daidí na Nollag. Déan cinnte go bhfuil ainm an pháiste agus seoladh baile an pháiste scríofa go soiléir ar an litir agus cuir an cód poist leis, le do thoil, níor mhaith linn díomá a chur ar aon duine. Seol na litreacha isteach sa bhosca poist speisialta faoin Chrann Nollag ar Chearnóg Halla na Cathrach, Doire roimh an Aoine 14ú Nollaig 2012. Más fearr leat, is féidir litreacha a chur go díreach chuig an Chomhairle Chathrach nó iad a fhágáil isteach a fhad is go ndéantar seo roimh an spriocdháta. Gheobhaidh gach páiste freagra i nGaeilge ó Dhaidí na Nollag! Tá an scéim seo oscailte go Ghaelscoileanna i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire amháin. Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, T: 028 71376 579
...scáthán
Lch 6
Gaeilge & Fáilte - Seirbhísí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire Tá réimse Seirbhísí Gaeilge ar fail ó Chomhairle Cathrach Dhoire. Is féidir leat:
Litreacha, ríomhphoist, foirmeacha agus
iarratais a chur chugainn i nGaeilge agus freagra a fháil i nGaeilge Gaeilge a labhairt linn ar cuairt anseo Gaeilge a labhairt ar an ghuthán linn Ateangaire a iarraidh ag cruinnithe linn Cáipéisí oifigiúla a fháil i nGaeilge Sráidainm Gaeilge a iarraidh Leagan Gaeilge de d’ainm a úsáid Leagan Gaeilge de logainm a úsáid Níl anseo ach léargas ar sheirbhísí atá ar fáil. Má tá seirbhís uait nach bhfuil anseo déan teagmháil linn. Gaeilge agus Fáilte
Líne Ghaeilge: (028) 71376 579
Oifigeach Gaeilge Pól Ó Frighil Oifigeach Gaeilge Comhairle Cathrach Dhoire 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN T: (028) 71 376 579 gaeilge@derrycity.gov.uk www.derrycity.gov.uk/gaeilge FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig ag www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil leis an Oifigeach Gaeilge ar 028 71 376 579 nó gaeilge@derrycity.gov.uk
Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire curtha ar fáil le caoinmhaoiniú ó: