14. Iúil - MF 12
...scáthán
14. July - Sept 12
Gaeilge agus Fáilte
DC C
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
San eagrán seo:
Scéal na Gaeilge
Fleadh 2013
Cúrsa Béaloidis
Glórtha na nOileán Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach Dhoire agus Fhóram Phobal na Gaeilge
Líofa 2015
Fóram Phobal na
Gaeilge
„Scéal na Gaeilge 2013‟ a fhógairt. Seo tionscnamh a oibreoidh le pobal na Gaeilge i nDoire le scéal na teanga a insint. Tiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile le bheith ag obair ar mhórthaispeántas a dhéanfaidh taifead ar éabhlóid na teanga agus ar fhás phobal na Gaeilge sa chathair agus sa cheantar máguaird. Seolfar an tionscnamh mar chuid de cheiliúradh Chathair Chultúir 2013 agus beidh deis ag gach aon duine ar suim leis nó léi bheith páirteach. Scaipfear tuilleadh eolais faoi seo go luath. Tá „Scéal na Gaeilge 2013‟ maoinithe faoi Culture for All de chuid an Big Lottery Fund agus ceapadh an smaoineamh ag Fóram Phobal na Gaeilge. Fógróidh an Chomhairle Chathrach deiseanna le bheith páirteach sa tionscnamh . Tuilleadh eolais ar fáil ó: gaeilge@derrycity.gov.ukk
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
Gaeilge agus Fáilte www.facebook.com/foramphobalnagaeilge