Scáthán

Page 1

16. Ean - Márta 13

...scáthán

16. Jan-Mar 13

Gaeilge & Fáilte

DC C

Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire

San eagrán seo:

 Scéal na Gaeilge

 Seachtain na

Gaeilge 2013

 Féile Bheag na

Leabhar

 Lá na Gaeilge

 Fóram Phobal na

Gaeilge

Cén stair atá ag an Ghaeilge i nDoire? C‟as a dtáinig an teanga agus cén stádas atá aici sa lá atá inniu ann? Cén dóigh a n-éabhlóideoidh an teanga sa todhchaí? Seo cuid de na ceisteanna a ba mhian le tionscnamh Scéal na Gaeilge a fhreagairt; tionscnamh corraitheach nua a bhfuil sé mar chuspóir aige éabhlóid na teanga a chíoradh agus deis a thabhairt do phobal na Gaeilge bheith páirteach in insint an scéil. Tuilleadh ar an tionscnamh ar an eagrán seo. Tá Scéal na Gaeilge maoinithe faoi chlár Culture for All de chuid an Big Lottery Fund. Is tráthúil an deis í seo do phobal na Gaeilge a scéal a insint sa bhlian mhór seo: Bliain na Gaeilge agus Bliain Chathair Chultúir 2013, agus cuirfidh an tionscnamh turas na teanga sa cheantar seo ar taifead do dhaoine a chuireann suim sa scéal i rith agus i ndiaidh na bliana seo. Tuilleadh eolais ar fáil ó: gaeilge@derrycity.gov.uk

eachta Istigh: Gailearaí Sh

in na Gaeilge 2013

i nDoire!

www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Gaeilge agus Fáilte @foramphobal


...scáthán

Lch 2

Féile Bheag na Leabhar Seachtain na Gaeilge 2013 Ón 7ú go dtí an 9ú Márta d‟eagraigh Comhairle Cathrach Dhoire Féile Bheag na Leabhar mar chuid d‟fhéile litríochta Humdinger. B‟é cuspóir na féile ná suim i leabhair, léitheoireacht agus scéalaíocht na Gaeilge a spreagadh i measc páistí. Cuireadh tús leis an fhéile ar Lá Domhanda na Leabhar ar an 7ú Márta, nuair a bhí an sárscéalaí Conallach, Gearóidín Bhreathnach sa chathair le labhairt le páistí ónár nGaelscoileanna faoi na leabhair Ghaeilge a ndeachaigh i bhfeidhm orthu. Bhí an scríbhneoir agus scéalaí iomráiteach Séamas Mac Annaidh linn ar an 8ú Márta ag imeacht dar teideal „Scéalta Móra do Dhaoine Beaga‟ agus bhí greann agus spraoi ag baint lena chuid finscéalta agus fabhalscéalta. Chríochnaigh an fhéile ar an 9ú Márta le himeacht do pháistí chun leabhar „Déanann Rosie Réidh‟ a sheoladh ag Cultúrlann Uí Chanáin sa chathair.

Scéalaí Gearóidín Bhreathnach in éineacht le múinteoir Séanna Ó Coinn agus páistí ó Ghaelscoil na Daróige. Leo tá Fiachra Mackel ó shiopa leabhar An Cló Ceart a chur Aonach Leabhar ar fáil i rith na féile.


...scáthán

Lch 3

Féile Bheag na Leabhar Seachtain na Gaeilge 2013

Páistí ó Ghaelscoil Éadain Mhóir a d‟fhreastail ar Fhéile Bheag na Leabhar

Páistí ó Bhunscoil Cholmcille le Gearóidín Bhreathnach ar Lá Domhanda na Leabhar

Tuilleadh grianghraif ar-líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge


...scáthán

Lch 4

Féile Bheag na Leabhar Seachtain na Gaeilge 2013

Tháinig Féile Bheag na Leabhar chun críoch spleodrach ar an Satharn 9ú Márta nuair a sheol Méara na Cathrach, an Comhairleoir Caoimhín Mac Cathmhaoil leabhar pictiúr Trisha Deery dar teideal „Déanann Rosie Réidh‟. Seo an chéad leabhar do pháistí a scríobhadh, a maisíodh agus a táirgíodh anseo go háitiúil. Léigh an t-ealaíontóir Cara Ní Mhaonaigh an leabhar do na páistí agus bhí cóisir ann fosta. Bhí Féile Bheag na Leabhar eagraithe ag Comhairle Cathrach Dhoire mar chuid d‟fhéile litríochta Humdinger! agus maoiníodh an tionscnamh ag Clár na Leabhar Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge.


...scáthán

Lch 5

Cultúr le Comhrá Tionscnamh Podchraoltaí Seolta

CULTÚR LE COMHRÁ Sheol an Méara, Caoimhín Mac Cathmhaoil, sraith nua phodchraoltaí ar na mallaibh a dtugann deis d‟fhoghlaimeoirí teacht ar fhoghlaim na Gaeilge go furasta cibé áit a bhfuil siad. Tá na podchraoltaí nua seo ar fad saor in aisce agus ar fáil anois ag: www.culturlann-doire.ie Sa ghrianghraf tá Ciara Nic Lochlainn - Cultúrlann Uí Chanáin, An Méara Caoimhín Mac Cathmhaoil agus Dolores O‟Reilly, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Chultúrlann Uí Chanáin, Doire.

Scéim an Fháinne agus Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ag Cultúrlann Uí Chanáin Bhí Seachtain na Gaeilge ar dóigh ag lucht foghlamtha na Gaeilge ag Cultúrlann Uí Chanáin! D‟éirigh go geal le Scéim an Fháinne nuair a thug 20 foghlaimeoir faoi scrúduithe an Chúpla Focal, an Fháinne Airgid agus an Fhainne Óir. D‟éirigh le gach duine sna scrúduithe agus is léir go bhfuil an-obair go deo ar siúl ag gach duine de na foghlaimeoirí agus na múinteoirí mar aon. Bhí tráth na gceist Sheachtain na Gaeilge ar siúl do na foghlaimeoirí, agus tháinig an Méara Caoimhín Mac Cathmhaoil leis na fáinní a bhronnadh. Dúirt Ciara Nic Lochlainn, Comhordaitheoir Oideachais sa Chultúrlann “Is rud iontach go bhfuil Seachtain na Gaeilge chomh gnóthach seo againn sa chathair. Ba léir go bhfuil gach foghlaimeoir agus Gaeilgeoir iontach bródúil as an Ghaeilge atá acu, agus iad chomh sásta sin í a úsáid le linn na seachtaine seo go háirithe!”. Má tá suim ag duine ar bith i gcúrsaí Gaeilge nó sna himeachtaí atá thuasluaite bá chóir teagmháil a dhéanamh le Ciara Nic Lochlainn ag Cultúrlann Uí Chanáin ar T: 028 71 264132 nó seol ríomhphost chuig: ciara@culturlann-doire.ie Tuilleadh eolais faoi chúrsaí agus imeachtaí ag Cultúrlann Uí Chanáin ar fáil ar-líne ag www.culturlann-doire.ie


...scáthán

Lch 6

Léargas Clár Foghlama Gaeilge do Pháistí Bunscoile Is clár fhoghlaim na Gaeilge é Léargas, atá curtha ar fáil ag Cultúrlann Uí Chanáin agus maoinithe ag an Roinn Oideachais do pháistí i ranganna 5, 6 agus 7. Tá an clár ar siúl i 13 bunscoil Bhéarla faoi láthair, agus tá 1,500 dalta páirteach ann agus ag foghlaim na Gaeilge! I rith Sheachtain na Gaeilge chuir na páistí léirithe ardáin ar siúl, ina raibh gach aon pháiste sa scéim páirteach iontu. Bhí réimse mór tallanna i gceist leis na léirithe seo mar amhráin, dhánta, dhrámaí, rannta agus dhamhsaí. Sa dara cuid de Sheachtain na Gaeilge tháinig na páistí atá i Rang 7 isteach chuig Cultúrlann Uí Chanáin, áit ar thug siad faoi thráth na gceist agus rang damhsa céilí, a bhí curtha ar fáil ag Mary Mc Guiggan ó Mary Mc Guiggan Irish Dancing Events. Má tá suim ag scoil ar bith bheith páirteach i Léargas, bá chóir teagmháil a dhéanamh le Ciara Nic Lochlainn ag Cultúrlann Uí Chanáin ar T: 028 71 264132 nó seol ríomhphost chuig: ciara@culturlann-doire.ie Seo thíos cúpla grianghraf ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge Léargas

Daltaí ó Bhunscoil Bhaile Stíl, Doire le foireann Léargas

Páistí ó Bhunscoil Hollybush le foireann Léargas


...scáthán

Lch 7

Éigse Cholm Cille „An Ghaeilge ar an Oileán Úr‟ Is iomaí Gael arbh éigean dó a aghaidh a thabhairt ar an Oileán Úr lena bheatha a thabhairt i dtír. Is amhlaidh atá an scéal ó bhí an tOchtú hAois Déag ann agus is amhlaidh atá go fóill. Ag Éigse Cholm Cille 2013 rinneadh scagadh agus spíonadh ar an nasc stairiúil agus cultúrtha údaí idir Éirinn agus an tOileán Úr. I measc na gcainteoirí a thug léacht ar an ábhar bhí: Colleen Dube ón Fulbright Commission, An tOllamh John Kelly ó The Ireland Canada University Foundation agus an t-Ollamh Peadair Ó Tomhnair ó Ollscoil Newbrunswick. Seo thíos roinnt grianghraf ón deireadh seachtaine.

Baill de Choiste Eagrúcháin Éigse Cholm Cille 2013 An tOllamh Ailbhe Ó Corráin - Ollscoil Uladh, An Dr Regina Uí Chollatáin - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus an Dr Peadar Mac Gabhann - Ollscoil Uladh

Scaifte a bhí i láthair ag Éigse Cholm Cille 2013 ag Ollscoil Uladh, Doire


...scáthán

Lch 8

Lá na Gaeilge Doire

Lá na Gaeilge 2013

Ar an Satharn 16ú Márta tháinig na sluaite chuig cearnóg Halla na Cathrach le LÁ NA GAEILGE a cheiliúradh. Seo an chéad imeacht dá chineál a eagraíodh sa chathair. Bhí léirithe ardáin ann ónár nGaelscoileanna agus Céilí Mór le Mary McGuiggan. Bhí Margadh na Cathrach Múrtha ar siúl ar an lá mar aon le hAonach Leabhar Gaeilge agus ollphuball ina raibh eagraíochtaí Gaeilge ón cheantar seo ar fáil le heolas a roinnt leis an phobal faoi shaol na Gaeilge. Ár mbuíochas le gach duine a ghlac páirt agus a tháinig ar an lá agus leis an Mhéara a mhaoinigh an ócáid!

An Méara, Caoimhín Mac Cathmhaoil le páistí ó Ghaelscoil Éadain Mhóir a d‟fhreastail ar Lá na Gaeilge 2013 agus a chur siamsaíocht ardáin i láthair.


...scáthán

Lch 9

Lá na Gaeilge Doire

Ionadaithe ó choiste Fhleadh Cheoil na hÉireann leis an Mhéara

Stiofán Ó Dochartaigh ó Choláiste Chineál Eoghain leis an Mhéara

Ag ceardlann ealaíon san ollphuball Gaeilge ar Lá na Gaeilge 2013


Lá na Gaeilge Doire

Mic léinn ó Chumann Gaelach Choláiste Mhig Aoidh leis an Mhéara

hóir!

each

chuir Níor

ist n lae a t h fuac

éilí M an Ch í r i ó amhs ar dh

Tuilleadh grianghraif ar-líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge


...scáthán

Lch 11

Scéal na Gaeilge mar chuid de thionscnamh BT Portráid na Cathrach CONRADH GEARRTHÉARMA AR FÁIL: Tá taighdeoir/ éascaitheoir á lorg ag Comhairle Cathrach Dhoire le tionscnamh Scéal na Gaeilge a fhorbairt i gcomhar le pobal na Gaeilge i nDoire. Beidh ar an duine a cheapfar oibriú i gcomhar leis an phobal le Scéal na Gaeilge sa cheantar seo a dhoiciméadú, ag díriú isteach ar an teanga sa stair, sa lá atá inniu ann agus inár gcomhthodhchaí. Má tá suim agat cur isteach ar an deis seo is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire le foirm iarratais a iarraidh. Cuir glaoch ar T: 028 71 376 579 nó seol ríomhphost chuig gaeilge@derrycity.gov.uk. Is é an Luan an 8ú Aibreán ag 12:00in an spriocdháta. FÓRAM PHOBAL NA GAEILGE-DOIRE: Fóram iondaíoch grúpaí Gaeilge is ea Fóram Phobal na Gaeilge~Doire a thagann le chéile go rialta le cúrsaí Gaeilge sa cheantar comhairle a phlé. Cuirtear fáilte roimh chách! Más mian leat bheith curtha ar an liosta ríomhphoist le bheith i láthair ag an chéad chruinniú eile cuir in iúl don Oifigeach Gaeilge, Pól Ó Frighil, trí scairt a chur ar T: (028) 71376579 nó seol ríomhphost chuig gaeilge@derrycity.gov.uk. Fáilte roimh chách!

Ná déan dearmad gur féidir leat eolas faoi do chuid imeachtaí a chur ar Eolaire na Gaeilge ar shuíomh idirlín Fhoras na Gaeilge. Nuair a chláraíonn tú do chuid imeachtaí ar an suíomh beidh teacht ag daoine ar fud fad an oileáin ar d‟eolas. www.gaeilge.ie

Oifigeach Gaeilge Pól Ó Frighil Oifigeach Gaeilge Comhairle Cathrach Dhoire 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN T: (028) 71 376 579 gaeilge@derrycity.gov.uk www.derrycity.gov.uk/gaeilge FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.

Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire curtha ar fáil le caoinmhaoiniú ó:


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.