...scáthán Eagrán 24, Eanáir-Márta 2015
Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire
………………………………………………………………………………….
Ré
Nua Grianghraf: Dee McEvoy
SEO LINN RÉ NUA Seolfar Ollcomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ar an 1 Aibreán 2015 agus leis sin cuirfear tús le ré nua do na húdaráis áitiúla. As an dáta seo amach beidh an Chomhairle nua seo ag freastal ar ollcheantar a chumascann Doire agus an Srath Bán agus ní bheidh ann do Chomhairle Cathrach Dhoire a thuilleadh. Tá rún ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin clár na Seirbhísí Gaeilge atá ar fáil faoi láthair ó Chomhairle Cathrach Dhoire a leathnú le ceantar an tSratha Báin a chlúdach agus beidh muid ag forbairt na bpleananna seo sna míonna atá romhainn.
Cad é mar a dhéanfaidh mé teagmháil le Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin? Ón 1 Aibreán 2015 ar aghaidh is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ar an uimhir fóin nua T: 028 71 253 253 nó trí ríomhphost a chur chuig info@derrycityandstrabanedistrict.com
www.facebook.com/derrycityandstrabanedistrictcouncil Twitter @dcsdcouncil
www.derrycityandstrabanedistrict.com