EAGRÁN 18
...scáthán
Iúil -Meán Fómhair 13
Gaeilge & Fáilte
DC C
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
San eagrán seo:
Ceiliúradh Líofa
Cláraigh le vótáil
as Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
Scéal na Gaeilge
Fóram Phobal na
Gaeilge
LÍOFA 2015 Tháinig na sluaite chuig cearnóg Halla na Cathrach i gcroílár Dhoire Cholm Cille ar an Domhnach 8ú Meán Fómhair le ceiliúradh a dhéanamh ar fheachtas Líofa 2015 mar chuid de chlár Imeachtaí Chathair Chultúir 2013. Ar an lá, baineadh sult as léiriúcháin cheoil agus dhamhsa le Aoife Ní Fhearraigh, Maeve McKinnon, Seoirse Ó Dochartaigh agus leis an ghrúpa ceoil Sontas a chuir deireadh spleodrach leis an lá le meascán de cheol Gaelach agus Albanach. Ba léir go raibh áthas ar an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín bheith i láthair. B’é seo an dara himeacht Líofa a eagraíodh sa chathair le cúpla mí anuas. Tuilleadh grianghraif ó Imeachtaí Líofa 2015 istigh Má tá suim agat tuilleadh eolais a fháil ar fheachtas Líofa 2015 tabhair cuairt ar leathanach Gréasáin RCEF, áit a bhfuil eolas ann faoin dóigh le clárú móide acmhainní tacaíochta dóibh siúd a bhfuil suim ach tabhairt faoin dúshlán: www.dcalni.gov.uk/liofa Nó má tá eolas uait fá ranganna agus cúrsaí Gaeilge i gceantar na Comhairle Cathrach déan teagmháil linn ar T: 028 71 376 579 nó gaeilge@derrycity.gov.uk
@foramphobal
Gaeilge agus Fáilte