Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire #22

Page 1

IúilM. Fómhair 2014 Eagrán 22

...scáthán Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire

Ráchairt mhór ar Dhianchúrsaí Líofa i nDoire

Líofa 2015

Polasaí Gaeilge Rath ar Ghaelscoil Éadain Mhóir

Comórtas Lá na dTeangacha Claisceadal

Ag lorg do shinsir Oifigeach Gaeilge

Ar an Satharn 13 Meán Fómhair 2014 cuireadh dianchúrsaí Gaeilge saor in aisce ar fáil ar fud fad an Tuaiscirt le maoiniú ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. I nDoire, chuir Cultúrlann Uí Chanáin Lá Mór Dianchúrsaí ar siúl le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Dhoire agus maoiniú ó scéim na Roinne agus d‟fhreastail 68 duine ar chúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla, ó bhunleibhéal go hardleibhéal. Bronnadh 36 fáinne ar fhoghlaimeoirí ag deireadh Lá na nDianchúrsaí: 5 fháinne óir san áireamh. Ceiliúrtar Breithlá Líofa gach Meán Fómhair agus i mbliana socraíodh go gcuirfí Lá Mór Dianchúrsaí ar fáil i gceantracha éagsúla le deis a thabhairt do dhaoine teacht ar chúrsaí Gaeilge ar chostas ar bith agus le feasacht an phobail ar an fheachtas, a bhfuil sé mar chuspóir aige daoine ó réimse cúlraí a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim agus chun líofacht a bhaint amach faoin bhliain 2015 a spreagadh. Má tá suim ag aon duine clárú le feachtas Líofa 2015 is féidir gach eolas a fháil mar aon le hacmhainní foghlama ar shuíomh idirlín Líofa: www.liofa.eu áit a bhfuil eolas ar chúrsaí i do cheantar féin. Lean leat go líofacht! Tuilleadh grianghraf i lár an eagráin seo

www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

@foramphobal


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.