Scáthán

Page 1

...scáthán

Eagrán 26, Fómhar 2015

Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin

………………………………………………………………………………….

Seirbhís i nGaeilge uait? Seirbhísí Gaeilge - An bhfuil a fhios agat gur féidir leat do ghnó a dhéanamh le Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin i nGaeilge? An bhfuil a fhios agat go bhfuil 100% de dhaoine a mbaineann úsáid as na seirbhísí Gaeilge sásta, nó iontach sásta leis an dóigh a ndéantar freastal orthu? San eagrán seo, gheobhaidh tú breis eolais maidir leis na seirbhísí atá ar fáil ón Chomhairle le tacú leat do ghnó a dhéanamh linn i nGaeilge agus gheobhaidh tú achoimre faoi rátaí sástachta an phobail leis na seirbhísí reatha agus faoin dóigh ar mian leis an Chomhairle na seirbhísí a fheabhsú amach anseo. Má ghlac tú páirt sa suirbhé seo, gabhann an Chomhairle buíochas leat as ucht an aiseolais dearfaigh! Má tá ceist ar bith agat faoi aon ghné de sheirbhísí Gaeilge na Comhairle, nó má tá amhras ort faoin dóigh is fearr le tabhairt faoi sheirbhís a iarraidh, déan teagmháil leis an Oifigeach Gaeilge ar ár líne tiomanta Ghaeilge T: (028) 71 376 579 nó seol r-phost chuig gaeilge@derrystrabane.com. Fáilte roimh Ghaeilgeoirí ag gach leibhéal cumais, fhoghlaimeoirí san áireamh. Tuilleadh eolais ar ár leathanach Gaeilge www.derrystrabane.com/gaeilge Gaeilge agus Fáilte

www.facebook.com/foramphobalnagaeilge Twitter @foramphobal @dcsdcouncil www.derrystrabane.com/gaeilge


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Scáthán by Pól Ó Frighil - Issuu