Scathan (Earrach 2016)

Page 1

...scáthán

Eagrán 28, Earrach 2015

Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin

………………………………………………………………………………….

Doire Gearrliostaithe do Phríomhchathair Eorpach na nÓg

Cathair na nÓg 2019 Stádas Phríomhchathair Eorpach na nÓg i ndán dúinn? Tá céim mhór chun tosaigh tógtha ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ina cuid iarrachtaí le stádas mar Phríomhchathair Eorpach na nÓg don bhliain 2019 a bhaint amach. Chuir trí chathair déag iarratas isteach agus gearrliostáladh cúig chathair a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas moltóireachta, Doire ina measc. I rith thréimhse ullmhúcháin an iarratais chuaigh Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin i gcomhairle le heagraíochtaí in earnáil na Gaeilge le tacaíocht don iarratas a iarraidh agus tá muid buíoch do chách a thacaigh linn! Má éiríonn leis an chathair an gradam mór seo a bhaint, beidh féilire bliana curtha le chéile le freastal ar dhaoine óga idir 16-24 d’aois. Fógrófar an buaiteoir ag Tionól Ginearálta Fhóram Eorpach na nÓg sa Bhulgáir i mí na Samhna 2016. Ba mhaith leis an Chomhairle iarraidh ar an phobal leanstan de bheith ag tacú leis an iarracht i rith an chéad chéim eile den chomórtas. #eyc19

www.facebook.com/foramphobalnagaeilge @foramphobal @dcsdcouncil www.derrystrabane.com/gaeilge


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Scathan (Earrach 2016) by Pól Ó Frighil - Issuu