EAG. 31 - EARRACH 2016
...SCÁTHÁN
NUACHTLITIR GHAEILGE CHOMHAIRLE CHATHAIR DHOIRE & CHEANTAR AN tSRATHA BÁIN
STÁDAS NA GAEILGE FAOI CHAIBIDIL
CEISTEANNA TEANGA FAOI CHAIBIDIL AR BHONN RÉIGIÚNDA AGUS ÁITIÚIL Le gairid níl lá dá dtéann thart nach bhfuil ceisteanna teanga i mbéal an phobail, bíodh sin ag leibhéal an rialtais láir nó sa rialtas áitiúil. Agus na páirtithe polaitiúla ó Thuaidh i mbun cainteanna faoi láthair faoi Acht Gaeilge, agus stádas na Gaeilge sna torthaí daonáirimh 2016 á bplé ó Dheas, ní ábhar iontais é go bhfuil Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ag cur spéis mhéadaithe i gcúrsaí teanga agus í réidh le hathbhreithniú a dhéanamh ar a cuid polasaithe teanga ar fad. San eagrán seo, déanfar an scéal seo a fhiosrú agus leagtar amach na bagairtí agus na deiseanna atá ann don Ghaeilge.
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge @foramphobal #foramphobalnagaeilge
TEAGMHÁIL Scríobh chugainn Oifigeach Gaeilge Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN Cuir glaoch ar an Líne Ghaeilge 028 71 376 579 Gaeilge & Fáilte Cuir ríomhphost chugainn gaeilge@derrystrabane.com pol.ofrighil@derrystrabane.com Ar-líne www.derrystrabane.com/gaeilge
MEÁIN SHÓISIALTA
Fáilte
EAG. 31 - EARRACH 2017
Tá fáilte romhat chuig Scáthán - nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin. Sa nuachtlitir seo gheobhaidh tú eolas i nGaeilge maidir le Seirbhísí Gaeilge na Comhairle mar aon le heolas faoi imeachtaí atá ag tarlú i saol na Gaeilge ar fud fad an cheantair Chomhairle. San eagrán seo den nuachtlitir, déantar achoimre ar na deiseanna atá ar fáil faoi scéim Síocháin IV mar aon le heolas faoi imeachtaí agus tionscnaimh atá ag teacht aníos i bhféilire gheimhridh na Gaeilge i nDoire agus ar an tSrath Bán. Más maith leat ábhar scéil a mholadh don chéad nuachtlitir eile, nó má tá scéal agat féin a ba mhaith leat a fhógairt bíodh fáilte romhat an t-eolas a chur chuig gaeilge@derrystrabane.com nó déan teagmháil leis an Oifigeach Gaeilge ar an Líne Ghaeilge T: 028 71 376 579. Tá an nuachtlitir seo ar fáil i bhformáidí éagsúla. Más mian leat formáid éagsúil a iarraidh déan teagmháil le: equali-
Facebook facebook.com/foramphobalnagaeilge Twitter twitter.com/foramphobal #dcsdcouncil #foramphobal
CLÁRAIGH LINN Grúpa Nuachta Eisíonn Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin eolas faoi imeachtaí Gaeilge sa cheantar Comhairle. Más mian leat clárú le heolas i nGaeilge a fháil go rialta, cuir ríomhphost chuig gaeilge@derrystrabane.com. Má tá tú cláraithe agus más mian leat díchlárú, gabh i dteagmháil linn le do thoil.
CÉ MUID Eisítear Scáthán gach ráithe ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin. Tagann Fóram Phobal na Gaeilge le chéile gach ráithe faoi stiúr Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin. Is faoin ainm Fóram Phobal na Gaeilge a fheidhmíonn an Chomhairle trí Ghaeilge ar líne agus sna meáin shóisialta.
Lch 3
BEARTAS GAEILGE Á ATHBHREITHNIÚ MEITHEAL OIBRE LE BUNÚ AG COMHAIRLE CHATHAIR DHOIRE & CHEANTAR AN tSRATHA BÁIN Tá sé beartaithe ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar bheartais theanga na Comhairle, an beartas Gaeilge san áireamh. Bunófar meitheal oibre traspháirtí le tabhairt faoin athbhreithniú seo, agus é mar chuspóir aige, iniúchadh ó bhun go barr a dhéanamh ar fheidhmiú na bpolasaithe teanga ar fad. Tá trí pholasaí teanga i bhfeidhm ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin; beartas Gaeilge, beartas Ultaise agus beartas atá ag plé le héagsúlacht teanga go ginearálta. Leagann beartais theanga na Comhairle amach gealltanais i leith chur chun cinn na dteangacha réigiúnacha agus imlíníonn siad na rudaí ar féidir leis an phobal a bheith ag súil leo ón Chomhairle, m.sh. Seirbhísí i nGaeilge, iarratais ar shráidainmneacha Gaeilge srl. Seo an chéad athbhreithniú cuimsitheach a dhéanfar ar an pholasaí Gaeilge ó tugadh an beartas isteach don chéad uair i 2009 agus tá sé tráthúil polasaí Gaeilge na Comhairle a chur faoi mhionscrúdú go mór mór agus cúrsaí teanga chomh mór sin i mbéal an phobail faoi láthair. Tacaíonn an Chomhairle leis an fheachtas chun Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó Thuaidh le cearta Gaeilgeoirí a chosaint i reachtaíocht, ach in éagmais Achta, tá comhairlí áitiúla agus comhlachtaí pobail eile ag brath ar na forálacha a leagtar amach sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh le treoir a thabhairt dóibh maidir leis na bearta a ba chóir a chur i bhfeidhm leis an Ghaeilge agus le cearta phobal na Gaeilge a chosaint. Tuairisceoidh an Chomhairle go poiblí maidir le dul chun cinn ar an athbhreithniú beartas agus má shíltear go ndearnadh athruithe a dtiocfadh leo bheith díobhálach don teanga, rachaidh an Chomhairle i mbun plé le pobal na Gaeilge le cinntiú nach bhfuil aon neamart á dhéanamh ar na gealltanais a tugadh roimhe seo. Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin, T: 028 71 376 579, gaeilge@derrystrabane.com.
DÉAN DO GHNÓ LINN I NGAEILGE SCÉIM AN FHÁINNE ARNA EAGRÚ AG COMHAIRLE DHOIRE & AN tSRATHA BÁIN
Carol Nic Conmara, Comhordaitheoir Oideachais le Cultúrlann Uí Chanáin agus scrúdaitheoir ar Scéim an Fháinne de chuid Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ag bronnadh teastas agus suaitheantas ‘Cúpla Focal’ ar Susan Doherty, Comhordaitheoir Fhorbairt Phobail, a chuaigh faoi scrúdú béil mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2017. Rachaidh seisear ball foirne eile faoi Scrúdú an Fháinne Airgid i mí Meithimh. Déan do ghnó linn i nGaeilge. Gaeilge & Fáilte!
Lch 4
GAEILGE & FÁILTE DÉAN DO GHNÓ LEIS AN CHOMHAIRLE TRÍ GHAEILGE Is minic a bhíonn fáitíos ar dhaoine teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle áitiúil le seirbhísí nó eolas a fháil i nGaeilge, ach tá seirbhísí Gaeilge Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Bain oscailte do chách is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu; cuireann muid fáilte roimh chomhfhreagras ó fhoghlaimeoirí mar aon le cainteoirí líofa. Sonraítear na seirbhísí ar fad atá ar fail ón Chomhairle ar ár leathanach gréasáin ag www.derrystrabane.com/gaeilge ach má tá seirbhís uait nach bhfuil liostáilte ar an suíomh is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge atá ar fáil gach lá le do cheisteanna a fhreagairt. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge ag T: (028) 71376 579, nó seol r-phost chuig gaeilge@derrystrabane.com. Gaeilge & Fáilte!
FÓRAM PHOBAL NA GAEILGE Tagann Fóram Phobal na Gaeilge le chéile gach ráithe i nDoire nó ar an tSrath Bán le cúrsaí forbartha teanga a phlé. Tugtar cuireadh d’eagraíochtaí, ghrúpaí agus dhaoine aonair a bhfuil suim acu dul i mbun plé faoin Ghaeilge, dheiseanna chomhoibre agus faoi cheisteanna straitéiseacha agus forbartha teanga bheith i láthair. Más mian leat clárú nó má tá ceist agat faoin dóigh a n-eagraítear cruinnithe déan teagmháil leis an Oifigeach Gaeilge ag T: (028) 71 376 579 nó seol ríomhphost chuig gaeilge@derrystrabane.com
COMHGHAIRDEAS
ÁIS DO THEAGHLAIGH
SCOTH NA GAEILGE AG CNOC NA NDEALG
LEABHAIR NUA DO THEAGHLAIGH LE GAEILGE Tá leabhar nua arna fhoilsiú ag Marcas Mac Ruairí dar teideal An Buntáiste Breise a thugann cuidiú praiticiúil do theaghlaigh ar mian leo an Ghaeilge a bhronnadh ar a gcuid páistí agus a bhfuil treoir de dhíth orthu maidir leis an dóigh le tabhairt faoi. Tá an lámhleabhar foilsithe ag Glór na nGael agus ar fáil ag costas £9.00 nó €10.00 ó www.udar.ie áit a bhfuil réimse d’áiseanna ar fáil do theaghlaigh agus pháistí, Scrabble agus Monopoly as Gaeilge i measc siúd.
Comhghairdeas ó chroí le Megan Nig Loinsigh ó Choláiste Chnoc na nDealg, Doire, a bhain an dara háit is airde i dTuaisceart Éireann ag GCSE Irish. Taobh léi sa ghrianghraf tá Ceann Roinn na Gaeilge sa scoil, Fearghal Mag Uiginn. Comhghairdeas le Megan agus le Nicola Bean Uí Éigeartaigh a bhí mar mhúinteoir aici. Maith thú a Mhegan!
Lch 5
COMHAIRLIÚCHÁN TRANSLINK GAEILGE BEARTAITHE DO SCÁILEÁIN CHEANN SCRÍBE AR BHUSANNA I NDOIRE Tá Translink ag dul i mbun comhairliúcháin leis an phobal maidir le scéim nua chun comharthaí dátheangacha - Gaeilge agus Béarla – a léiríonn logainmneacha áitiúla a chur ar bhusanna atá i mbun seirbhíse i gcathair Dhoire. Ag brath ar thorthaí an chomhairliúcháin, tá sé beartaithe an scéim a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach ar bhusanna atá i mbun seirbhíse ar bhusbhealach an tSléibhe Mhóir agus má éiríonn leis an scéim, d’fhéadfadh an scéim a leathnú amach chuig busbhealaí eile sa chathair. Dúirt Alan Young, Bainisteoir Seirbhísí le Translink, ag Busáras Shráid an Fheabhail “Mholfainn do dhaoine an deis seo a thapú le tuairim a nochtadh le linn an tréimhse chomhairliúcháin a mhairfidh sé seachtainí go dtí an 30 Aibreán 2017. Fáiltíonn muid roimh thuairimí éagsúla agus cuirfidh an t-aiseolas a fhaigheann muid lenár bpróiseas cinnteoireachta”. Lean sé: “Déanfaidh an tionscnamh seo ceiliúradh ar oidhreacht na logainmneacha traidisiúnta sa chathair agus cuirfidh sé le mealladh na cathrach mar cheann scríbe uathúil do thurasóirí. Moltar go gcuirfí an scéim i bhfeidhm ar bhusbhealach FY12 an tSléibhe Mhóir, mar gurb é an busbhealach is gnóthaí i measc na seirbhísí Ulsterbus ar fad atá againn sa chathair. Má éiríonn leis, d’fhéadfadh muid an scéim a leathnú amach chuig busbhealaí eile sa chathair”. Cuireann an tionscnamh seo le ceangaltais Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht teangacha agus ar ilchineálacht chultúrtha agus chun cothromaíocht deiseanna a chur ar fáil do chách. Tá eolas ar an Ghaeilge ag 14% den daonra i nDoire. Lena chois sin, tacaíonn an tionscnamh seo le príomhchuspóirí na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Tá ceistneoir an chomhairliúcháin ar fáil ag www.translink.co.uk/ bilingualbusscreens/ nó tá bileogaí cruachóipe ar fáil ó Bhusáras Shráid an Fheabhail. Spriocdháta: 30 Aibreán 2017
FONN FÁINNÍ COIS FEABHAIL BRONNANN LEASMHÉARA DHOIRE FÁINNÍ AR FHOGHLAIMEOIRÍ CHULTÚRLANN UÍ CHANÁIN
Jim McKeever, LeasMhéara Dhoire agus an tSratha Báin ag Bronnadh Teastas agus Fáinní ag Cultúrlann Uí Chanáin i rith Sheachtain na Gaeilge 2017. Leis sa phictiúr tá Carol Nic Conmara - Comhordaitheoir Oideachais le Coláiste an Phobail, scoil Ghaeilge do dhaoine fásta atá lonnaithe sa Chultúrlann agus Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge de chuid na Comhairle.
Lch 6
BLIAIN NA HÓIGE 2019 DEIS DO DHAOINE ÓGA 15-24 BHEITH PÁIRTEACH I MBLIAIN NA HÓIGE
AN BHFUIL TÚ IDIR 15-27 BLIAIN D’AOIS? Tá £1.8m daingnithe ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin le Clár Óige a mhairfidh bliain iomlán a reáchtáil sa bhliain 2019. Is é is cuspóir leis an fhéile seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr na nÓg, agus chun riachtanais na hÓige a neadú sa Phlean Pobail atá á dhréachtú ag an Chomhairle. Mar chuid den ullmhúchán i dtreo na féile, tá sé beartaithe ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin Fóram na nÓg a chruthú do dhaoine óga sa cheantar Comhairle a bhfuil Gaeilge acu, le cinntiú go bhfuil tuairimí Ghaeilgeoirí óga fréamhaithe sa phróiseas seo. Tuilleadh faoi seo de réir ama. Tuilleadh eolais: Oifigeach Gaeilge, T: 028 71 376 549,
POP-UP GAELTACHT, DOIRE Reáchtáilfear preabGhaeltacht nó Pop-Up Gaeltacht thuas staighre i dteach tábhairne The Derby ar an Satharn 6ú Bealtaine ó 9:00in go dtí mall. Tá fáilte roimh Ghaeilgeoirí ag gach leibhéal cumais freastal agus má tá uirlis cheoil agat tá fáilte romhat í a thabhairt leat ar an oíche. Tá preabGhaeltachtaí den chineál seo ag tarlú ar fud fad oileán na hÉireann agus táthar ag súil go mbeidh sé ar chumas na féile seo bheith ina imeacht buan ar fhéilire na Gaeilge sa chathair. Fáilte roimh achan duine!
OIFIGEACH GAEILGE Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN T: 028 71 376 579 gaeilge@derrystrabane.com www.derrystrabane.com/gaeilge
Lean muid ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí maidir lena bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá an nuachtlitir seo de dhíth ort i bhformáid eile gabh i dteagmháil linn. Má tá seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil liostáilte ar www.derrystrabane.com/gaeilge gabh i dteagmháil linn. Fáilte roimh fhoghlaimeoirí úsáid a bhaint as Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin.