EAG. 30 - GEIMHREADH 2016
...SCÁTHÁN NUACHTLITIR GHAEILGE CHOMHAIRLE CHATHAIR DHOIRE & CHEANTAR AN tSRATHA BÁIN
SÍOCHÁIN IV DEISEANNA DON GHAEILGE
www.derrystrabane.com/peace
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Twitter @foramphobal #foramphobalnagaeilge www.derrystrabane.com/gaeilge
TEAGMHÁIL Scríobh chugainn Oifigeach Gaeilge Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN Cuir glaoch ar an Líne Ghaeilge 028 71 376 579 Gaeilge & Fáilte Cuir ríomhphost chugainn gaeilge@derrystrabane.com pol.ofrighil@derrystrabane.com Ar-líne www.derrystrabane.com/gaeilge
MEÁIN SHÓISIALTA Facebook facebook.com/foramphobalnagaeilge
‘An Droichead Coisithe’ le Richard Nicholl
Fáilte EAG. 30 - GEIMHREADH 2016
Twitter twitter.com/foramphobal #dcsdcouncil #foramphobal
CLÁRAIGH LINN Grúpa Nuachta Eisíonn Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin eolas faoi imeachtaí Gaeilge sa cheantar Comhairle. Más mian leat clárú le heolas i nGaeilge a fháil go rialta, cuir ríomhphost chuig gaeilge@derrystrabane.com. Má tá tú cláraithe agus más mian leat díchlárú, gabh i dteagmháil linn le do thoil.
MAOINITHEOIRÍ
Tá fáilte romhat chuig Scáthán - nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin. Sa nuachtlitir seo gheobhaidh tú eolas i nGaeilge maidir le Seirbhísí Gaeilge na Comhairle mar aon le heolas faoi imeachtaí atá ag tarlú i saol na Gaeilge ar fud fad an cheantair Chomhairle.
San eagrán seo den nuachtlitir, déantar achoimre ar na deiseanna atá ar fáil faoi scéim Síocháin IV mar aon le heolas faoi imeachtaí agus tionscnaimh atá ag teacht aníos i bhféilire gheimhridh na Gaeilge i nDoire agus ar an tSrath Bán. Más maith leat ábhar scéil a mholadh don chéad nuachtlitir eile, nó má tá scéal agat féin a ba mhaith leat a fhógairt bíodh fáilte romhat an t-eolas a chur chuig gaeilge@derrystrabane.com nó déan teagmháil leis an Oifigeach Gaeilge ar an Líne Ghaeilge T: 028 71 376 579. Tá an nuachtlitir seo ar fáil i bhformáidí éagsúla. Más mian leat formáid éagsúil a iarraidh déan teagmháil le: equality@derrystrabane.com
Eisítear Scáthán gach raithe ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin. Tá Seirbhísí Gaeilge na Comhairle páirtmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.
Lch 3
SÍOCHÁIN IV - DEISEANNA DON GHAEILGE SCÉIM MHAOINITHE AN AONTAIS EORPAIGH LE BÉIM A CHUR AR CHULTÚR SA PHOBAL CAD IS SÍOCHÁIN IV ANN? Is tionscnamh trasteorainn é Síocháin IV atá maoinithe ag an Aontas Eorpach (AE). Maoinítear an scéim ag an Chiste um Fhorbairt Réigiúnach de chuid an AE agus bainistítear é ag an Fhoras um Chláir Speisialta an AE. Is é is cuspóir leis an chlár ná maoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil do thionscnaimh ó Thuaidh agus i gceantar an teorainn a chuireann le síocháin agus athmhuintearas. Cuirtear ciste de €270m ar fáil le cuidiú le grúpaí agus eagraíochtaí tionscnaimh a chruthú a chomhlánaíonn critéir shíochána agus athmhuintearais na scéime. Tá Comhairlí áitiúla freagrach as cuspóir amháin den scéim seo, sin 4.1 - ‘Ag cothú deachaidrimh ag an leibhéal áitiúil’ a bhfuil ciste de €35.3m ceangailte leis.
MÓRCHUSPÓIRÍ AN CHLÁIR Ní mór do thograí ceiliúradh a dhéanamh ar an éagsúlacht chultúrtha sa phobal agus meas a chothú idir daoine éagsúla ar a chéile. Tabharfar tús áite do thionscadail a dhéanann iarracht dul i ngleic le mórchuspóirí na scéime, is é sin, tograí a dtéann i ngleic le seicteachas agus ciníochas. Ní mór do thograí cruthú le linn agus ag deireadh na scéime go bhfuil ag éirí leis na hiarrachtaí chun difear suntasach a dhéanamh do shaol na ndaoine sa chomhphobal. Is é mórchuspóir an chláir ná comhtháthú sóisalta a bhaint amach ag an leibhéal áitiúil, i.e. ‘ar an talamh’ mar a deirtear.
DEISEANNA DO PHOBAIL THEANGA I measc na gcuspóirí atá aitheanta ag dréachtphlean an chláir, tá deachaidrimh idir pobail theanga éagsúla, pobal na Gaeilge agus pobal na hUltaise ina measc. Agus ciorruithe móra a bhur i bhfeidhm ar fud fad earnáil na Gaeilge, tá deiseanna á gcur ar fáil faoin scéim seo a d’fhéadfadh cur le leas an phobail agus le cumas an phobail tionscadail a chruthú a chuireann le hinmharthanacht na dteangacha réigiúnacha ag an leibhéal áitiúil, agus a chuireann le deachaidreamh a chothú do phobail theanga ó réimse de chúlraí éagsúla.
TUILLEADH EOLAIS Is féidir tuilleadh eolais ar chlár Síocháin IV a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh le Sue Divin, Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin, T: 028 71 376 579, peace@derrystrabane.com
Lch 4
SRAITH LÉACHTAÍ 1916-2016 CUIREANN SRAITH ISLAND VOICES TEANGA, FÉINIÚLACHT & NÁISIÚNTACHT FAOI CHAIBIDIL
Cuid den lucht éisteachta a d’fhreastail ar léacht leis an Dr Elizabeth Crooke dar teideal ‘Remembrance and Neglect: Negotiating 1916 in 2016’, imeacht a thug léargas ar an dóigh a bhfuil teanga, cultúr agus féiniúlacht fite fuaite le chéile inár gcomhstair. Ar an 24 Samhain, thug Aindrias Ó Cathasaigh léacht ar an Ghaeilge & Éirí Amach na Cásca. Sa ghrianghraf thuas tá an Dr Elizabeth Crooke, Pól Ó Frighil - Oifigeach Gaeilge agus Chloe Condren, mac léinn ó Ollscoil Uladh.
An scríbhneoir agus drámadóir Dave Duggan a thug léacht ar an fhile agus saighdiúr Francis Ledwidge.
An Dr Elizabeth Crooke a léirigh an chodarsnacht idir an dóigh a gcuimhnítear ar Éirí Amach na Cásca agus Cath an Somme ag an dara léacht sa tsraith.
Lch 5
Lch 6
SCRÍOBH LITIR CHUIG DAIDÍ NA NOLLAG SCÉIM NOLLAG DO GHAELSCOILEANNA SA CHEANTAR COMHAIRLE
SCÉIM NOLLAG DO GHAELSCOILEANNA Tá fáilte roimh pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna i gceantar Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin litir a scríobh chuig Daidí na Nollag agus freagra a fháil ar ais uaidh i nGaeilge in am don Nollaig! Ní mór do pháistí litir a scríobh i nGaeilge agus í bheith faighte ag an Chomhairle faoin Luan 12 Nollaig 2016. Déan cinnte go bhfuil ainm, seoladh agus postchód an pháiste scríofa go soiléir ar an litir, le cinntiú go sroichfidh an cárta a cheann scríbe. Is féidir litreacha a sheoladh sa phost chuig seoladh na Comhairle nó iad a fhágáil ag oifigí na Comhairle i nDoire nó ar an tSrath Bán. Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, gaeilge@derrystrabane.com DOIRE 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN AN SRATH BÁN 47 Bóthar Dhoire, An Srath Bán BT82 8DY
TEIDÍ LE GAEILGE BRONNTANAS BREÁ LE GAEILGE A THEAGASC DO PHÁISTÍ Cuirigí fáilte mhór roimh Theidí, an bréagán is úire ag Glór na nGael. Teidí beag cainteach atá ann agus é fóirsteanach do pháistí ó aois a trí ar aghaidh. Tá trí chanúint agus stór de 30 abairt móide rannta Gaeilge ag Teidí. Éist le Teidí ag caint faoi féin, faoi bhia agus faoi shúgradh agus is féidir le tuistí an chanúint atá ag an pháiste féin a roghnú, nó a athrú le clic amháin den chnaipe. Tá Teidí guthaithe ag páistí ó thrí cheantar Gaeltachta agus is féidir é a cheannach anois ar www.udar.ie
Lch 7
LÉACHT NA NOLLAG: GLÓRTHA ÓN GHORTA LÉACHT AR BHÉALOIDEAS AN GHORTA MHÓIR LE CATHAL PÓIRTÉIR
BÉALOIDEAS AN GHORTA MHÓIR Beidh an scríbhneoir agus craoltóir Cathal Póirtéir i nDoire ar an Aoine 9 Nollaig 2016 le léacht lóin a thabhairt ar bhéaloideas Gaeilge an Ghorta Mhóir ag Leabharlann na Cathrach, Sráid an Fheabhail, Doire. Seo comhthionscnamh de chuid Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin agus Libraries NI le caoinmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Cuir d’áit in áirithe le: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, T: 028 71 376 579, gaeilge@derrystrabane.com
MÁIRE ÓG AN CHLOCHÁIN LÉITH TUGANN GAEILGEOIRÍ ÓGA NA PRÍOMHDHUAISEANNA LEO
Bhain Róise Ní Mhurchú amhránaí agus ceoltóir, as an Chúil Mhór, Doire, duais mar Mháire Óg an Chlocháin Léith i mbliana. Is iad Róise agus Eva Ní Dhoibhlin amhránaí as Gaoth Dobhair, beirt a tógadh le Gaeilge, a lasfaidh soilse Nollag an Chlochán Liath Dé Domhnaigh an 4ú Nollaig ar 5.30 in. Tá an comórtas tallainn agus áilleachta ‘Mary from Dungloe’ ag ceilúradh leathchéad bliain a bhunaithe i mí Lúnasa seo chugainn. Creidtear gurb í seo an chéad uair a thug daoine óga le cúlra Gaeilge leo na príomhdhuaiseanna. Maith iad beirt!
Lch 8
COMHRÁ 16 CEILIÚRTHA AR AN tSRATH BÁN POBAL NA GAEILGE AR AN tSRATH BÁN PÁIRTEACH i gCURIARRACHT DOMHANDA Tá bród an domhain ar phobal na Gaeilge, as an tSrath Bán, i ndiaidh dóibh bheith páirteach sa chomhrá leanúnach Gaeilge is faide ar an domhan, 170 uair an chloig gan stad, i gcuriarracht domhanda de chuid Chonradh na Gaeilge. Bhí grúpaí Gaeilge, eagraíochtaí cultúrtha, Gaelscoileanna, ollscoileanna agus grúpaí pobail fud fad na tíre agus Gaeilgeoirí thar naoi dtír éagsúla páirteach i ndúshlán, Comhrá’16.
Baill de phobal na Gaeilge ar an tSrath Bán a thug cuairt ar thaispeántas stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge dar teideal ‘1916 & Athbheochan na Gaeilge’ a bhí ar taispeáint in Amharclann na Caolsráide.
DÁTAÍ DON DIALANN OÍCHE SHÓISIALTA
OÍCHEANTA OSCAILTE
Beidh oíche mhór shóisialta ag pobal na Gaeilge, i dTeach Tábhairne Christy’s ar an tSrath Bán oíche Aoine 2ú Nollaig áit a mbeidh Dinnéar Nollag ag Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin. Tiocfaidh baill aitiúla de Chonradh na Gaeilge, foghlaimeoirí na Gaeilge, baill d’fhoireann na Naíscoile agus na Gaelscoile chomh maith le hiardhaltaí ón dá scoil le chéile fá choinne béile trí chúrsa agus siamsaíocht oíche ina dhiaidh. Tuilleadh eolais: Máirtín Ó Maolmhuaidh gaelphobal@btconnect.com
Tá an Gaeloideachas faoi bhláth sa cheantar agus tá deis ag tuistí ar suim leo a gcuid páistí a chur i mbun na Gaelscolaíochta freastal ar oícheanta oscailte ag Bunscoil Cholmcille ar an Mháirt 6ú Nollaig ó 6:30 - 7:30 agus ag Gaelscoil Éadain Mhóir ar an Déardaoin 1ú Nollaig ag 6:00in. Má tá tuilleadh eolais uait maidir leis an Ghaelscolaíocht gabh i dteagmháil le: Comhairle na Gaelscolaíochta, T: (028) 90 321 475, nó tabhair cuairt ar www.comhairle.org Bunscoil Cholmcille Doire
Máire Ní Dhónaill T: (028) 71 359 648 info@gaeloid.doire.ni.sch.uk
Gaelscoil Éadain Mhóir Doire
Mary Nic Ailín T: (028) 71 268020 gaelscoil@hotmail.com
Gaelscoil na Daróige Doire
Oisín Mac Eo T: (028) 71 371414 oisin_doire@hotmail.com
Gaelscoil Uí Dhochartaigh An Srath Bán
Máire Ní Dhochartaigh T: (028) 71 885388 mnidhochartaigh425@c2kni.net
Lch 9
SEACHTAIN NA GAEILGE 2017 BÍMIS AG PLEANÁIL i dTREO FÉILE NA GAEILGE 2017
SEACHTAIN NA GAEILGE 2017 Tá sé in am do phobal na Gaeilge ar fud fad oileán na hÉireann agus ar fud an domhain leoga, tús a chur le hullmhúcháin i dtreo Sheachtain na Gaeilge 2017 a bheidh ar siúl ón 1ú go dtí an 17ú Márta 2017. Ar an bhliain seo chugainn, beidh lá speisialta ann darb ainm ‘Lá na Meán Sóisialta’ le Gaeilgeoirí idir óg agus aosta a spreagadh le Gaeilge a úsáid ar-líne agus táthar ag súil go nglacfaidh na mílte páirt san fheachtas le go n-ardófar próifíl na teanga go suntasach ar líne ar an 16 Eanáir 2017. I measc na bhfeachtas eile atá beartaithe don bhliain 2017 tá feachtas chun úsáid na Gaeilge san Earnáil Ghnó a spreagadh agus le heolas ar Sheachtain na Gaeilge í féin a fhás i measc an phobail ghnó ó cheann ceann na tíre. Má tá fonn ar do ghrúpa nó ar do scoil imeacht a eagrú do Sheachtain na Gaeilge, anois an t-am lena dhéanamh mar ní mór gach eolas faoi mhórimeachtaí bheith curtha chuig príomhoifig Snag faoin Luan 12 Nollaig 2016 ach beidh deis agat imeachtaí a chlárú ar snag.ie suas go dtí an 23 Eanáir 2017. Tuilleadh Eolais: Seachtain na Gaeilge, T: 00353 1475 7401, snag@cnag.ie
Lean muid ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí maidir lena bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá an nuachtlitir seo de dhíth ort i bhformáid eile gabh i dteagmháil linn. Má tá seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil liostáilte ar www.derrystrabane.com/gaeilge gabh i dteagmháil linn. Fáilte roimh fhoghlaimeoirí úsáid a bhaint as Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin. GAEILGE & FÁILTE