...scáthán
Eagrán 27, Geimhreadh 2015
Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
………………………………………………………………………………….
Rith 2016 - Is féile náisiúnta í Rith 2016 a bheidh ar siúl ón 4-14 Márta 2016 mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge. Is é is cuspóir leis an fhéile ná feasacht an phobail ar an Ghaeilge a mhúscailt agus maoiniú a thiomsú le tacú le tionscnaimh Ghaeilge ar fud fad an oileáin.
Tá cúrsa 700km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh ar fud an oileáin, ag rith ó mhaidin go hoíche, ó Theach Bhaile an Chaisleáin i gContae Chill Dara go Baile Átha Cliath. Mairfidh an fhéile 11 lá agus beidh na mílte duine ag glacadh páirte ann. Tá lúcháir ar phobal Chomhairle Chathair Dhoire & an tSratha Báin go mbeidh Rith 2016 ag teacht chuig baile an tSratha Báin ar an Aoine 11 Márta 2016 díreach i lár Sheachtain na Gaeilge! Tá deiseanna iontacha ann do scoileanna agus chlubanna óige páirt a ghlacadh sa cheiliúradh – tá pacáiste scoile ar fáil saor in aisce chun cuidiú le scoileanna agus grúpaí óige páirt a ghlacadh agus chun tacú le múinteoirí obair thraschuraclaim a bhunú ar ábhar na féile. Má tá fonn ar do scoil féin páirt a ghlacadh tabhair cuairt ar shuíomh idirlín Rith 2016 ag www.rith.ie/ga/scoileanna
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge Twitter @foramphobal @dcsdcouncil www.derrystrabane.com/gaeilge