...SCÁTHÁN EAG. 29 - SAMHRADH 2016
NUACHTLITIR GHAEILGE CHOMHAIRLE CHATHAIR DHOIRE & CHEANTAR AN STRATHA BÁIN
AN BREATIMEACHT AGUS AN GHAEILGE STÁDAS NA TEANGA FAOI CHAIBIDIL
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
TEAGMHÁIL Scríobh chugainn Oifigeach Gaeilge Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN Cuir glaoch ar an Líne Ghaeilge 028 71 376 579 Gaeilge & Fáilte Cuir ríomhphost chugainn gaeilge@derrystrabane.com pol.ofrighil@derrystrabane.com Ar-líne www.derrystrabane.com/gaeilge
MEÁIN SHÓISIALTA Facebook facebook.com/foramphobalnagaeilge Twitter twitter.com/foramphobal #dcsdcouncil #foramphobal
CLÁRAIGH LINN
Fáilte ………………………………………………… Tá fáilte romhat chuig Scáthán - nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin. Is anseo a gheobhaidh tú eolas i nGaeilge maidir le Seirbhísí Gaeilge na Comhairle mar aon le heolas faoi imeachtaí atá ag tarlú i saol na Gaeilge ar fud fad an cheantair Comhairle. San eagrán seo, caitear súil ar thionchar an Bhreatimeachta ar stádas na Gaeilge ó Thuaidh agus tugtar achoimre ar a tharla sa cheantar ó thaobh na Gaeilge de le cúpla mí anuas chomh maith le léargas ar imeachtaí a bheas ag tarlú idir seo agus an Fómhar. Más maith leat ábhar scéil a mholadh don chéad nuachtlitir eile, nó má tá scéal agat féin a ba mhaith leat a fhógairt bíodh fáilte romhat an t-eolas a chur chuig gaeilge@derrystrabane.com nó déan teagmháil leis an Oifigeach Gaeilge ar an Líne Ghaeilge T: 028 71 376 579. Gaeilge & Fáilte!
Grúpa Nuachta Eisíonn Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin eolas faoi imeachtaí Gaeilge sa cheantar Comhairle. Más mian leat clárú le heolas i nGaeilge a fháil go rialta, cuir ríomhphost chuig gaeilge@derrystrabane.com. Má tá tú cláraithe agus más mian leat díchlárú, gabh i dteagmháil linn le do thoil.
MAOINITHEOIRÍ Eisítear Scáthán gach raithe ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin. Tá Seirbhísí Gaeilge na Comhairle páirtmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.
Lch 3
STÁDAS NA GAEILGE Ó THUAIDH CÉN TODHCHAÍ ATÁ I NDÁN DON GHAEILGE I NDIAIDH AN BHREATIMEACHTA?
Tar éis thorthaí an reifrinn a bhí sa Ríocht Aontaithe ar an 23 Meitheamh 2016, tá mórcheisteanna á dtógáil faoi cén stádas a bheas ag an Ghaeilge ó Thuaidh nuair a tharlóidh an Breatimeacht. Cé go mbeidh an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh slán in aineoinn an Bhreatimeachta, de thairbhe gur reachtaíocht í a eascraíonn ó Chomhairle na hEorpa agus ní ón Aontas Eorpach, tá go fóill imní ar phobal na Gaeilge go lagófar stádas na teanga agus go mbeidh an teanga níos leochailí dá bharr, agus aontaíonn ELEN an Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha go ndéanfaidh an Breatimeacht dochar mór do mhionteangacha. Tionóladh cruinniú de Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ar an 20 Iúil le dianphlé a dhéanamh ar impleachtaí an Bhreatimeachta do cheantar an Iarthuaiscirt. Aontaíodh ag an chruinniú sin go ndéanfaidh an Chomhairle measúnú ar thionchar an Bhreatimeachta ar an phobal anseo, go mór mór mar gur vótáil 78% de vótóirí i ndáilcheantar an Fheabhail fanacht agus 67% de vótóirí i ndáilcheantar Thír Eoghain Thiar.
Deir Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, an scátheagraíocht teanga ó thuaidh, go bhfuil “contúirt” ann i bhfianaise thoradh reifreann Brexit “go dtarraingeoidh rialtas na Breataine siar ó dhlúthcheangal na n-ionstraimí idirnáisiúnta a thug cosaint de chineál éigin don Ghaeilge le blianta beaga anuas”. Mar sin, cé go bhfuil an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh slán, a bheag nó a mhór, ní mór do phobal na Gaeilge bheith airdeallach gur dóiche go mbeidh athruithe ann. Tá Conradh na Gaeilge agus na hOifigigh Ghaeilge ó Thuaidh ag obair as lámh a chéile le cinntiú go bhfuil pobal na Gaeilge ar an eolas go bhfuil siad go fóill in ann Seirbhísí Gaeilge a fháil ón Chomhairle áitiúil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin a fháil trí theagmháil a dhéanamh le: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin, T: 028 71376 579 nó cuir r-phost chuig gaeilge@derrystrabane.com Tuilleadh eolais: www.derrystrabane.com/gaeilge
Lch 4
BUA TUILLTE AG CNOC NA NDEALG GRADAM SCIATH MHIC GIOLLA BHRÍDE BAINTE AG COLÁISTE CHNOC NA NDEALG ARÍS
Comhghairdeas Sciath Mhic Giolla Bhríde á bronnadh ar Choláiste Chnoc na nDealg
Tá an gradam iomráiteach, Sciath Mhic Giolla Bhríde, bainte ag Coláiste Chnoc na nDealg, Doire arís eile. Bronntar an Sciath go bliantúil ar an scoil ghramadaí ar a bhfuil na daltaí A2 is líofa Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann agus tá éirithe leis na daltaí ag Coláiste Chnoc na nDealg arís! Maith sibh! Tá an sciath anois bainte deich n-uaire ag Roinn na Gaeilge ag an Choláiste - 1967, 1969, 1975, 1981, 1986, 1992, 1993, 2003, 2012 agus anois sa bhliain 2016. Is mór an onóir í don scoil an gradam bheith bainte aici an oiread uaireanta seo agus léiríonn sé an dúthracht lena gcaitheann foghlaimeoirí, múinteoirí agus an fhoireann tacaíochta sa scoil le foghlaim na teanga. Sa ghrianghraf thuas tá ó chlé: Seán Ó Murchadha (Comhaltas Uladh), Michaeline Donnelly (Comhaltas Uladh), Sharon Mallett (Leasphríomhoide), Marguerite Hamilton (Príomhoide), Cathy Mallon (Leasphríomhoide), Dáire Lamberton(Príomhchinnire), Rose Gill, Rhia Canning, Fearghal Mag Uiginn (Ceann Roinn na Gaeilge), Gemma Magee, Claire Mhig Uiginn (Cúntóir Gaeilge), P. Mullin (Roinn na Gaeilge) agus C. Nic Lochlainn (Roinn na Gaeilge). Tuilleadh grianghraif ag www.thornhillcollege.org.uk
Dáire Lamberton, Rose Gill, Gemma Magee agus Rhia Canning,
Lch 5
MAOINIÚ AR FÁIL DO LEABHARLANNA CISTE NUA AR FÁIL Ó FHORAS NA GAEILGE LE TACÚ LE LEABHARLANNA IMEACHT GAEILGE A REÁCHTÁIL
AR MHAITH LEAT IMEACHT GAEILGE A REÁCHTÁIL I DO LEABHARLANN ÁITIÚIL? Tá ciste teoranta á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge mar thacaíocht do leabharlanna timpeall na tíre ar mhaithe le hócáidí liteartha le scríbhneoirí/údair Ghaeilge a chur chun cinn sna leabharlanna féin. Beidh cead ag leabharlann cur isteach ar thacaíocht suas le €500 i leith gach ócáid liteartha Ghaeilge a eagraítear sa leabharlann. Tá an ciste seo ar fáil d’ócáidí dírithe ar aon aoisghrúpa. Ní mór teagmháil a dhéanamh le hoifig Chlár na Leabhar Gaeilge i Ráth Chairn ag leabhar@forasnagaeilge.ie T: 046 9430419 chun foirm iarratais a lorg. Is é 13:00 Déardaoin 1 Meán Fómhair 2016 an spriocdháta d’iarratais. Glacfar le hiarratais ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ agus déanfar measúnú agus cinneadh go dtí go bhfuil an spriocdháta istigh nó an buiséad ídithe. www.gaeilge.ie
COLMCILLE - MAOINIÚ AR FÁIL Beidh scéim deontas Cholmcille á oscailt ag tús Meán Fómhair agus ag druidim roimh lár Dheireadh Fómhair. Baineann an babhta seo go príomhá le himeachtaí in 2017. Más mian le heagraíocht iarratas a dhéanamh le haghaidh imeacht a bheas ag tosú roimh dheireadh 2016, is cóir dul i dteagmháil le hoifigigh Colmcille láithreach. Tuilleadh eolais: Maolcholaim Scott, Foras na Gaeilge, T: 028 90890983, nó mscott@forasnagaeilge.ie
MAOINIÚ DO THIONSCADAIL LITRÍOCHTA Tá sé mar aidhm ag an scéim seo litríocht na Gaeilge a bhuanú, a chothú agus a chur chun cinn. Íocfar aon deontas bunaithe ar phlean cuimsitheach le grúpaí/eagraíochtaí ar mian leo tionscadail litríochta Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. Is é meánlae, Dé Máirt, 6 Meán Fómhair 2016 an spriocdháta. Le foirm iarratais a iarraidh déan teagmháil le hoifig Chlár na Leabhar Gaeilge ag T: 046 9430419 nó seol ríomhphost chuig leabhar@forasnagaeilge.ie Tuilleadh eolais: www.gaeilge.ie
Lch 6
TAISPEÁNTAS - AN GHAEILGE & 1916 AMHARCLANN NA CAOLSRÁIDE, AN SRATH BÁN
Beidh taispeántas dátheangach dar teideal ‘Athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca’ ag Amharclann na Caolsráide ar an tSrath Bán ón Luan 26ú go dtí an Aoine 30ú Meán Fómhair 2016. Is taispeántas é seo, a forbraíodh ag Conradh na Gaeilge, le léargas a thabhairt ar stair na Gaeilge ó aimsir an Ghorta Mhóir suas go dtí aimsir na hathbheochana teanga sa 19ú haois, ach díríonn an taispeántas go mór mór ar ról na Gaeilge san fhís agus san idé-eolaíocht a ghin Éirí Amach na Cásca, ag fiosrú scéalta na bpríomhcharachtar sa tréimshe seo staire, idir fhir agus mhná. Ní mór cur in áirithe, ach amháin más grúpa atá i gceist, agus beidh teacht isteach saor in aisce. Gach eolas: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, T: 028 71 376 579, gaeilge@derrystrabane.com
………………………………………………………………………………….
PLÉ 1916 - CEARTA TEANGA, INNÉ & INNIU SEIMINEÁR ARNA EAGRÚ AG CONRADH NA GAEILGE
Tá sraith seimineár á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear in 2016 chun comóradh a dhéanamh ar oidhreacht athbheochan na Gaeilge. Ar an Satharn 20 Lúnasa ag 11:00rn cuirfear tús leis an chéad seimineár eile sa tsraith ‘Cearta Teanga, Inné agus Inniu’ ag Cultúrlann Uí Chanáin, Doire. Seo comhdháil dhátheangach arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus déanfaidh dhá phainéal éagsúla cíoradh ar stair na bhfeachtas cearta teanga in Éirinn agus i gcéin, agus ceist na gcearta teanga sa lá atá inniu ann. Cá bhfuil ár dtriall inniu? Cad is féidir linn foghlaim ó phobail agus ó dhlínsí eile? I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair ag an gcomhdháil seo beidh: Rónán Ó Domhnaill An Coimisinéir Teanga, Meri Huws - Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Tomás Mac Síomóin - Údar agus Fealsúnaí, Micheál Ó Flannagáin - Dlíodóir, Baill de Craobh na Cúirte, Conradh na Gaeilge, Richard Gwennedd Parry - Ollamh le Dlí, Ollscoil Abertawe agus John Walsh - Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, OÉ Gallimh. Fáilte roimh chách.
Cultúrlann Uí Chanáin
Lch 7
SRAITH LÉACHTAÍ & CHEARDLANNA FILLEANN SRAITH LÉACHTAÍ ISLAND VOICES LE STAIR 1916 A CHÍORADH Filleann sraith léachtaí Island Voices ar Iarsmalann an Túir arís ag tús an Fhómhair agus téama tráthúil á chíoradh ag triúr cainteoirí, is é sin ‘1916-2016: Language, Identity & Nationhood’. Déardaoin 22 Meán Fómhair 2016 Dave Duggan: Shovel, Bayonet and Pen Léacht dhátheangach: Gaeilge agus Béarla Déardaoin 20 Deireadh Fómhair 2016 An tOll. Elizabeth Crooke: Remembrance and Neglect - Negotiating 1916 in 2016 Léacht i mBéarla Déardaoin 24 Samhain 2016 Aindrias Ó Cathasaigh: The Irish Language and the Easter Rising. Léacht dhátheangach Is féidir clárú le: gaeilge@derrystrabane.com
CEARDLANNA GAELSCOILEANNA Beidh ceardlanna do Ghaelscoileanna á n-eagrú mar chuid de ISLAND VOICES 2016. Beidh Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ag obair i gcomhar le The Nerve Centre le ceardlanna sa dearadh digiteach a chur ar fáil dár nGaelscoileanna ag baint úsáid as an teicneolaíocht is déanaí. Ní mór do scoileanna clárú trí theagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle. (Scoileanna sa cheantar Comhairle amháin).
…………………………………………………………………………………. .
LÁ EORPACH NA DTEANGACHA LUAN 26 MEAN FÓMHAIR 2016 - AN BHFUIL SUIM AG DO SCOIL FÉIN?
Tá scoileanna ar fud fad na hEorpa ag ullmhú a gcuid tionscnamh i gcomhar Lá Eorpach na dTeangacha ar an Luan 26 Meán Fómhair 2016. Is iad cuspóirí Lá Eorpach na dTeangacha ná aird an phobail a dhíriú ar thábhacht theagasc agus fhoghlaim teangacha agus ar luach an dhá-theangachais. Is tionscnamh de chuid Chomhairle na hEorpa é agus is féidir le scoil ar bith áit ar bith san Eoraip páirt a ghlacadh. Tá pacáiste acmhainní agus eolais ar fáil ag suíomh idirlín Lá Eorpach na dTeangacha 2016: edl.ecml.at
Foghlaimeoirí ó Choláiste Mhuire ag glacadh páirte
Lch 8
SCOIL SAMHRAIDH OLLSCOIL ULADH MIC LÉINN AS MEIRICEÁ AG SCOIL SAMHRAIDH DON LÉANN ÉIREANNACH AG OLLSCOIL ULADH
Ar cuairt ar Chlochán an Aifir
Tá 22 mac léinn as Meiriceá i ndiaidh cúrsa sé seachtaine a chomhlíonadh in Ollscoil Uladh. Scoil samhraidh don Léann Éireannach a bhí i gceist agus chaith na mic léinn cúpla lá in Aontroim agus i dTír Eoghain sular bhog siad go Doire áit ar chaith siad ceithre seachtaine i mbun staidéir ag Campas Mhig Aoidh. Is as Philadelphia agus as Texas don mhórchuid de na mic léinn agus rinne cuid acu cúrsaí sa Ghnó Idirnáisiúnta agus san Innealltóireacht mar chuid den scoil samhraidh. Chaith siad an seachtain dheireanach i nGaoth Dobhair ar dhianchúrsa Gaeilge. D'éirigh go hiontach leis an ghrúpa seo agus táthar ag dréim le scaifte níos mó ar an bhliain seo chugainn!
Lch 9
CLAISCEADAL COIS FEABHAIL CEARDLANN AMHRÁNAÍOCHTA AG CULTÚRLANN UÍ CHANÁIN
Cuireadh caoin chuig Claisceadal cois Feabhail, ceardlann amhránaíochta a thagann le chéile gach oíche Luain i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire ag tosú arís Dé Luain an 12ú Meán Fómhair. Ní cór atá i gceist ach grúpa daoine a bhfuil spéis acu in amhránaíocht na Gaeilge agus a thagann le chéile le foghlaim faoin ghné sin dár n-oidhreacht cheoil, le eolas a chur ar na hamhráin, a gcúlra agus scéalta a bhaineann leo, agus, ar ndóigh, na hamhráin féin a fhoghlaim. Baintear úsáid as Gaeilge agus Béarla sa chomhphlé. Nuair atá deich n-amhrán déanta againn, cuirtear amach diosca ar a bhfuil taifead de na hamhráin, focail gach amhráin á n-aithris ar rian amháin agus an t-amhrán á chanadh ar rian eile. Ar an dóigh sin, bíonn cóip ag gach amhrán ag na baill le tabhairt abhaile leo, más mian leo a thuilleadh cleachtaidh a dhéanamh air. Is féidir na dioscaí seo a cheannach ar £5 an ceann (£4 do bhaill an Chlaisceadail). Tosaíonn an Claisceadal ar 7.30 p.m. maireann sé uair go leith agus £2 an táille atá ar gach seisiún. (Saorchead isteach ag neacha léinn go dtí an Nollaig agus £1 an seisiún ina dhiaidh sin.)
This is an invitation to join Claisceadal cois Feabhail, a song workshop which meets every Monday evening in Cultúrlann Uí Chanáin, Derry starting again on Monday 12th September. It’s not a choir but a group of people who are interested in the Irish language song tradition and who come together to learn about that particularly rich aspect of Ireland’s rich song heritage, to learn the songs, their background and the stories associated with them and, of course , to sing them. Both English and Irish are used in this process. When ten songs have been presented, a disc is produced which contains a spoken and a sung track for each song. In this way, each person can have a resource to use at home for further practice. These discs are available to purchase at £5 each (£4 to members of the Claisceadal). The Claisceadal starts at 7.30 p.m. each Monday night, and lasts until 9.00 p.m. The weekly fee is £2 (Students can attend free of charge until the Christmas break and thereafter are charged £1 per session). Tuilleadh eolais: Risteard Mac Gabhann, ogmios@virginmedia.com nó T:028 71 264132
Lch 10
SEIRBHÍSÍ GAEILGE EOLAS AGUS SEIRBHÍSÍ AR FÁIL I NGAEILGE Tá Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den Chomhairle féin agus ar fud an cheantair Chomhairle. Cinnteoidh an Chomhairle go dtabharfar comhdheiseanna do Ghaeilgeoirí ar mian leo teacht ar sheirbhísí agus eolas na Comhairle trí Ghaeilge. Seo a leanas ár gcuspóirí: úsáid agus forbairt na Gaeilge a spreagadh; teacht ar sheirbhísí Gaeilge agus ar eolas i nGaeilge a fheabhsú; an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn ar fud an cheantair Chomhairle; feasacht chultúrtha agus teanga a spreagadh i measc an phobail; tógail ar chumas na Gaeilge cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch an réigiúin. Le tógáil ar chuspóirí straitéiseacha na Comhairle, cuirtear réimse de Sheirbhísí Gaeilge ar fáil. Is féidir leat eolas faoinár Seirbhísí Gaeilge ar fad a léamh ag www.derrystrabane.com/gaeilge nó má tá seirbhís uait nach bhfuil liostáilte i measc na seirbhísí reatha, cuir do chuid riachtanas in iúl don Oifigeach Gaeilge ag T: 028 71 376 579 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig gaeilge@derrystrabane.com
…………………………………………………………………………………. Lean muid ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
…………………………………………………………………………… OIFIGEACH GAEILGE Pól Ó Frighil Oifigeach Gaeilge Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin 98 Bóthar na Trá Doire BT48 7NN www.derrystrabane.com/gaeilge gaeilge@derrystrabane.com
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí maidir lena bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá an nuachtlitir seo de dhíth ort i bhformáid eile gabh i dteagmháil linn. Má tá seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil liostáilte ar www.derrystrabane.com/gaeilge gabh i dteagmháil linn. Fáilte roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge. GAEILGE & FÁILTE
Seirbhísí Gaeilge curtha ar fáil le caoinmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge: