of
17
Dúile, comhdhúile agus meascáin
An Domhan Ceimiceach – Bloic Thógála
Aidhmeanna:
• Tuiscint na daltaí a fhorbairt ar aicmiú substaintí sa cheimic.
• Cabhrú le daltaí dúile, comhdhúile agus meascáin a aithint óna chéile.
Focail thábhachtacha sa chaibidil seo:
Dúil
Meascán
Siombail
Foirmle cheimiceach
Peiriadach
Pro
Comhdhúil
17.1 Dúile – ábhair simplí.
Is é Robert Boyle, eolaí Éireannach, a d’úsáid an focal ‘dúil’ ar dtús i dteanga na ceimice i 1661, Léaráid 17.1. Bhain sé úsáid as an bhfocal dúil chun cur síos a dhéanamh ar shubstaint nach féidir a bhriseadh ina shubstaintí níos simplí. Is dúil substaint nach féidir a bhriseadh ina shubstaintí níos simplí trí mhodhanna ceimiceacha. Níl ach aon chineál amháin adamh i ndúil.
Sampla de dhúil is ea copar. Níl le fáil i gcopar ach adaimh copair; níl aon rud eile ann. Léaráid 17.2.
Léaráid 17.1 D’úsáid Robert Boyle (1627 – 1691) an focal ‘dúil’ chun cur síos a dhéanamh ar ábhair simplí. Rugadh é i gCaisleán na Leasa Móire i bPort Láirge..
154
EOLAÍOCGHT RIACHTANACH
Léaráid 17.2 Sampla de dhúil is ea copar. Níl ann ach aon chineál amháin adamh ann – adaimh copair. Ní féidir é a bhriseadh in aon rud eile seachas copar.