Irish Scene May/June 2020 Edition

Page 76

óg seo? Garda. Caithfidh gur magadh a bhí ann nó clár teilifíse b’fhéidir. Ach lean Paloma léi. ‘Fág an bealach. Amach as mo chosán,’ agus í ag screadach in ard a cinn. Cúpla coiscéim eile agus bheadh MacGiolla aici. Ba léir go raibh sé tuirseach traochta. Bhí sé ag análú go trom. Bhí a chosa ag titim go trom ar an chosán. Cúpla coiscéim eile.

I bPonc

le Pól Ó Muirí BY BRÍD HIGGINS (ar lean......) Bhí sí ag rith go mear anois. Bhí MacGiolla roimpi. Ní raibh sé chomh folláin sin. Ba léir an méid sin. Bhí an rith ag cur crua air. Barraíocht oícheanta amuigh i gclubanna, a dúirt Paloma léi féin. Bhí sí sásta ina hintinn go dtiocfadh sí a fhad leis ar ball. Ní raibh sé inchurtha léi mar lúthchleasaí. Thaitin lúthchleasaíocht de gach aon chineál léi ó bhí sí an-óg. D’imir sí cispheil ar scoil. Ach thar aon rud eile ba bhreá léi rith. Ní chuirfeadh sé isteach ná amach uirthi cúig chiliméadar a rith gach lá. Leoga, thaitin a leithéid léi. Bhíodh gruaim uirthi mura bhfaigheadh sí deis dul amach san oíche agus rith. D’fhaigheadh sí réidh de strus an lae san aclaíocht. Gheobhadh sí greim ar MhacGiolla. Ní raibh ann ach ceist ama. D’aithin MacGiolla go raibh sí ag tarraingt air. D’aithin sé nach raibh sé chomh gasta léi. Airsean a bhí an scaoll anois. Rith sé amach os comhair na gcarranna a bhí ar an bhóthar. Ba bheag nár maraíodh é. Chuala Paloma coscáin na gcarranna ag screadach. Chonaic sí na tiománaithe agus iad ag croitheadh a ndorn ar MhacGiolla. ‘Amadán,’ a dúirt fear amháin acu. ‘Amadán déanta.’ Lean Paloma MacGiolla. Bhí sí féin ag scairteadh ar na coisithe a bhí ar an tsráid. ‘Fág an bealach. Amach as mo chosán. Garda. Imigh leat.’ Thiontaigh daoine thart agus d’amharc uirthi le hiontas. Cérbh í an bhean

Is ag an phointe sin a tharla sé. Shiúil seanbhean amach sa bhealach uirthi. Níor chuala sí an rabhadh. Bhuail Paloma í agus leag ar an talamh í. Rinne sí iarracht éirí ach bhí an tseanbhean snaidhmthe inti. Bhí an tseanbhean ag mairgneach. ‘Cuidigh liom, cuidigh liom.’ Bhí coisithe eile ag tarraingt orthu anois. Bhí fearg orthu le Paloma. ‘Ba chóir duit bheith cúramach. Ba chóir duit bheith cúramach.’ Níor thuig siad cad é a bhí ar siúl. Níor thuig siad an obair a bhí idir lámha aici. Bhí Paloma ina luí ar an talamh. D’amharc sí suas ar MhacGiolla. Ní raibh sé ag rith níos mó. D’amharc sé síos uirthi agus rinne miongháire mailíseach. Chuala sí carranna gardaí ag tarraingt ar an láthair. Chuala MacGiolla iad. Rinne sé miongháire mailíseach eile. Labhair sé léi: ‘Ba cheart dom bheith ag rith níos minice. Tá mé as cleachtadh. Ach ní gá dom bheith buartha anois.’ Tharraing sé mála beag bán as a phóca agus chaith isteach san abhainn é. Ansin thiontaigh sé thart ar a sháil agus shiúil leis ar nós Cuma liom. Bhí sé saor. Ní raibh sé ag iompar drugaí níos mó. D’amharc Paloma ar an phacáiste beag ag titim isteach san abhainn. Bhuail sé an t-uisce, d’fhan ar snámh ar feadh bomaite. Ansin chuaigh sé síos faoi na tonnta dorcha. Bhí na drugaí imithe. Bhí MacGiolla imithe. Bhí a slí bheatha mar bhleachtaire imithe. (An Bealach Cóir, Pól Ó Muirí 2012, LeabhairComhar)

Seanfhocal

Is fearr an tsláinte ná na táinte. Is é seanfhocal é atá oiriúnach don lá atá inniu ann. THE IRISH SCENE | 76


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Shamrock Rovers

1min
page 78

GAA Junior Academy

1min
pages 79-80

I bPonc le Pól Ó Muirí

3min
page 76

Australian Irish Dancing Assoc

2min
pages 74-75

Paula from Tasmania

3min
page 77

Minute with Synnott

3min
page 71

Around the Irish Scene

8min
pages 72-73

Western Australian Irish Famine Memorial

1min
page 70

Romancing The Past

3min
page 69

Family History WA

11min
pages 66-68

Tara

7min
pages 62-63

Fortune’s Wheel

7min
pages 64-65

Slow Time

3min
pages 60-61

Claddagh Report

5min
pages 56-57

The Ultimate Home Run

5min
pages 58-59

EasiVisa

5min
pages 54-55

Fight & Flight In Time of Crisis

5min
pages 40-41

G’Day From Melbourne

6min
pages 32-33

Crooners & Craic Versus Coronavirus

21min
pages 44-50

The COVID Chronicles

14min
pages 35-39

The Year of Nightingales

2min
page 34

Matters of Pub-lic Interest

6min
pages 51-53

Flying Doctors & Flights of Mercy

9min
pages 42-43

Ulster Rambles

6min
pages 30-31

The Pull of the Plough and The Stars

7min
pages 24-25

Isteach Sa Teach

12min
pages 26-29

Meeja WAtch

6min
pages 12-13

A Place Apart

15min
pages 14-18

Water Famine, Pestilence & Service to the Sick

7min
pages 20-21

Editor’s Letter

3min
page 4

A Message from the Ambassador of Ireland

2min
page 19

Irish & The Virus

6min
pages 10-11

TB or Not TB

6min
pages 22-23

Masters of Disaster

10min
pages 5-9
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.