2022
Filleadh ón Aonach dairena ní chinnéide
Thainig sí abhaile ón aonach lán go barra do dhraíocht na sí réiltíní beaga ag glioscarnach go gcorraíodar leis an gceol céanna thar tairseach caol na coitiantachta eisean is ise ag eitilt suan mar a bheadh codladh céad bliain cóirithe, snasta d’imigh sí ó ghort an aonaigh liontán de thuí bhuí cráite le leisce síos an bóthar ag briseadh tríd isteach san am i láthair d’fháisc sí chuichi an dá shaol in aon turas ag sleamhnú thar claí isteach sa ghnáthshaol.
60
The Lowell Review