3 minute read
Dingle Cookery School Recipe
Blúirí Béaoidis
Pádraig Ó Súilleabháin
Advertisement
Dáta : 1946
Ionad: Baile an Lochaigh Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Danachair Saolaíodh Pádraig Ó Súilleabháin sa bhliain 1868. Anseo thíos tá ábhar béaloidis a bailíodh ó Phádraig agus atá ar fáil i mBailiúchán na Scol. Tomhaiseanna
1. Cím chugham aníos inghean an Ríogh, is í go dteann Fáinne óir ar bhárra baise is sál a coise tré n-a ceann? -Tuagh. 2. Braithlín bán ar thaogh an tighe 'S ciaca againne a rachaidh dhá nighe? - An ghealach is í ag taitneamh sa spéir. 3. Dudaí ó dud thar fairrge anoir, fear innste sgéil gan féith gan fuil? - Leitir. 4. Léine a deineadh is ní de líon
Do mhac an ríogh a rugadh le buadh Sgáth na gréine thré n-a taoibh 'S í gan fuilleadh gan fua - Brat a bhíonn ar chapall óg. 5. Cá bhfásann an gráinne ná fásann i ngruadh ná i gclais? -Gruadh na gréine. 6. Cé tháinig ar an saoghal gan máthair? -Adham, mar is de chré na talmhan a deineadh é.
7. Cad é ná raibh acht ní d'aois nuair a tháinig ár Slánuightheoir ar an saoghal is ná fuil acht mí ó shoin? -An ghealach BAILITHEOIR: Siobhán Ní Shúilleabháin FÁISNÉISEOIR: Pádraig O Súilleabháin AOIS: 68 SlÍ BHEATHA: Feirmeoir
SEOLADH: Baile an Lochaigh
Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta
1. Cúrsa Gaeilge ar líne / Irish Language Class on line 6ú - 10ú Aibreán/April 2021; 10.00 – 12.00 GMT
Glantosnaitheoirí / Complete Beginners
Ní mór 10 rannpháirtí a bheith sa rang / A minimum of ten participants required. 2. 4ú - 8ú Bealtaine /May 2021; 10.00 – 12.00 GMT
Iar-Thosnaitheoirí / Post-Beginners
Ní mór 10 rannpháirtí a bheith sa rang / A minimum of ten participants required 3. 1ú - 5ú Meitheamh / June 2021; 10.00 – 12.00 GMT
Meánleibhéal Íseal / Lower Intermediate
Ní mór 10 rannpháirtí a bheith sa rang / A minimum of ten participants required. Tá na cúrsaí seo maoinithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí Tuilleadh Eolais/Further Information & Registration: www.fetch.courses.ie nó Ríomhphost / Email eolas@cfcd.ie; 066 9156100
Ní Fada uainn é! Cnuasach Filíochta ar na bioráin ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Ag tús mhí na Samhna 2019, le linn na Féile Bige Filíochta ar an mBuailtín, tháinig grúpa le chéile ag ceardlann Ghaeilge na Féile. Spreagadh cuid desna daoine sin chun dul i mbun pinn arís agus leanúint orthu leis na ceardlanna a eagraíodh fé Scéim an Scríbhneora Chónaithe. Cúis áthais do Oidhreacht Chorca Dhuibhne a fhógairt nach fada uainn ABAIR ÓS ARD É - cnuasach filíochta úrnua ósna filí sin fé stiúr Dhairena Ní Chinneide. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Ealaín na Gaeltachta as an maoiniú a chur ar fáil do Scéim an Scríbhneora Chónaithe as a d’eascair an foilseachán seo. Ba mhaith linn, ach go háirithe, Rachel Holstead agus Elaine Scahill a lua. Táimid buíoch as an gcomhairle agus tacaíocht a chuireann siad ar fáil dúinn i rith na bliana ar fad. Táimid buíoch do gach uile dhuine agaibhse, na scríbhneoirí nua, a bhfuil bhur saothar sa bhfoilseachán seo, sibhse a ghlac páirt sna ceardlanna ó thús, agus a choiméad leis an scríbhneoireacht i rith tréimhse a bhí thar a bheith dúshlánach dúinn go léir. Tuilleadh faoin saothar seo le teacht.
Tús Maith
Má tá aon cheist ag éinne maidir le Cuairt Teanga don teaghlach bí i dteagmháil le orlaith@cfcd.ie Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne