West & Mid Kerry Live issue 304

Page 27

Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne Blúirí Béaoidis Pádraig Ó Súilleabháin

FÁISNÉISEOIR: Pádraig O Súilleabháin AOIS: 68 SlÍ BHEATHA: Feirmeoir SEOLADH: Baile an Lochaigh Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta 1.

Cúrsa Gaeilge ar líne / Irish Language Class on line

6ú - 10ú Aibreán/April 2021; 10.00 – 12.00 GMT Glantosnaitheoirí / Complete Beginners Ní mór 10 rannpháirtí a bheith sa rang / A minimum of ten participants required. 2. 4ú - 8ú Bealtaine /May 2021; 10.00 – 12.00 GMT Iar-Thosnaitheoirí / Post-Beginners Ní mór 10 rannpháirtí a bheith sa rang / A minimum of ten participants required 3. 1ú - 5ú Meitheamh / June 2021; 10.00 – 12.00 GMT Meánleibhéal Íseal / Lower Intermediate Ní mór 10 rannpháirtí a bheith sa rang / A minimum of ten participants required. Tá na cúrsaí seo maoinithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí Tuilleadh Eolais/Further Information & Registration: www.fetch.courses.ie nó Ríomhphost / Email eolas@cfcd.ie; 066 9156100 Dáta : 1946 Ionad: Baile an Lochaigh

Ní Fada uainn é! Cnuasach Filíochta ar na bioráin ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Do mhac an ríogh a rugadh le buadh

Ag tús mhí na Samhna 2019, le linn na Féile Bige Filíochta ar an mBuailtín, tháinig grúpa le chéile ag ceardlann Ghaeilge na Féile. Spreagadh cuid desna daoine sin chun dul i mbun pinn arís agus leanúint orthu leis na ceardlanna a eagraíodh fé Scéim an Scríbhneora Chónaithe. Cúis áthais do Oidhreacht Chorca Dhuibhne a fhógairt nach fada uainn ABAIR ÓS ARD É - cnuasach filíochta úrnua ósna filí sin fé stiúr Dhairena Ní Chinneide. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Ealaín na Gaeltachta as an maoiniú a chur ar fáil do Scéim an Scríbhneora Chónaithe as a d’eascair an foilseachán seo. Ba mhaith linn, ach go háirithe, Rachel Holstead agus Elaine Scahill a lua. Táimid buíoch as an gcomhairle agus tacaíocht a chuireann siad ar fáil dúinn i rith na bliana ar fad. Táimid buíoch do gach uile dhuine agaibhse, na scríbhneoirí nua, a bhfuil bhur saothar sa bhfoilseachán seo, sibhse a ghlac páirt sna ceardlanna ó thús, agus a choiméad leis an scríbhneoireacht i rith tréimhse a bhí thar a bheith dúshlánach dúinn go léir. Tuilleadh faoin saothar seo le teacht.

Sgáth na gréine thré n-a taoibh

Tús Maith

'S í gan fuilleadh gan fua

Má tá aon cheist ag éinne maidir le Cuairt Teanga don teaghlach bí i dteagmháil le orlaith@cfcd.ie

Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Danachair Saolaíodh Pádraig Ó Súilleabháin sa bhliain 1868. Anseo thíos tá ábhar béaloidis a bailíodh ó Phádraig agus atá ar fáil i mBailiúchán na Scol. Tomhaiseanna 1. Cím chugham aníos inghean an Ríogh, is í go dteann Fáinne óir ar bhárra baise is sál a coise tré n-a ceann? -Tuagh. 2. Braithlín bán ar thaogh an tighe 'S ciaca againne a rachaidh dhá nighe? - An ghealach is í ag taitneamh sa spéir. 3. Dudaí ó dud thar fairrge anoir, fear innste sgéil gan féith gan fuil? - Leitir. 4. Léine a deineadh is ní de líon

- Brat a bhíonn ar chapall óg. 5. Cá bhfásann an gráinne ná fásann i ngruadh ná i gclais? -Gruadh na gréine. 6. Cé tháinig ar an saoghal gan máthair? -Adham, mar is de chré na talmhan a deineadh é. 7. Cad é ná raibh acht ní d'aois nuair a tháinig ár Slánuightheoir ar an saoghal is ná fuil acht mí ó shoin? -An ghealach BAILITHEOIR: Siobhán Ní Shúilleabháin

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Astrid Janning Lic. I.S.H.

HOMEOPATH Ventry Tel: 086-229 6809 West Kerry Live 27


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.