An Timire - Geimhreadh 2010 / 2011

Page 1

Timire FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

TIMIRE dec_2010.indd 1

GEIMHREADH 2010 / 2011

an Chroí Naofa € 2.50/Stg£2

10/11/2010 12:44


2

Timire

Eagarfhocal

Le cúpla mí anuas tugadh cuireadh dom freastal ar oícheanta oscailte i roinnt paróistí i nDeoise an Dúin agus Choinnire i gcuideachta leis an Bhanbarún Nuala O’Loan. Is é a bhí i gceist go dtugadh Nuala cur síos ar a bhfuil i dTuaracscáil Uí Mhurchú (maidir le mí-úsáid páistí i nDeoise Bhaile Átha Cliath) agus thugainn féin achoimre ar a bhfuil i Litir an Phápa chuig an Eaglais in Éirinn. Ina dhiaidh sin bhíodh plé oscailte le pobal an pharóiste. Caithfidh mé a rá gur eispéireas den scoth a bhíonn ann i gcónaí. Bíonn fearg agus frustrachas á gcur i bhfriotal ag daoine ach is é an rud is suntasaí go mbíonn daoine buíoch as an deis a bheith acu teacht le chéile chun plé a dhéanamh ar ghéarchéim na hEaglaise a bhfuil a gcroí istigh inti. Rud amháin a sheasann amach agam. Gach aon oíche léim amach liosta na laigí, a deir an Pápa ina litir, ba chúis leis an mhéid a tharla. Ina measc siúd tá dhá cheann: • Modhanna lochtacha le hoiriúnacht iarrthóirí don tsagartacht agus don bheatha rialta a mheas. • Traenáil easnamhach sna cliarscoileanna agus sna nóibhíseachtaí maidir le forbairt dhaonna, intleachtúil, mhórálta agus spioradálta. Oíche amháin, agus na cúrsaí seo á bplé againn, d’ardaigh bean i bparóiste i gContae Aontrama a lámh agus chuir sí ceist orm: ‘A Athair, an féidir leat a dhearbhú dúinn go bhfuil módhanna cearta, sásúla á gcleachtadh ag an Eaglais anois maidir le glacadh le hiarrthóirí agus gur maith an traenáil dhaonna agus mar sin de a thugtar dóibh anois?’ Is é an freagra is ionraice ar an cheist sin: “Go bhfios dom, tá feabhas mór ar an scéal in a lán áiteanna. Ach, an bhfuil dea-cleachtas acu ar fud na tíre? Níl a fhios agam.” Tá sé seo thar a bheith tábhachtach. Ní bhíonn eolas den chineál sin ag mórán daoine taobh amuigh de na heaspaig agus na huachtaráin ach is léir anois go mbaineann caighdeán thraenáil na sagart linn go léir. (Is i bparóistí s’againne a chaitheann na sagairt a saol.) Feictear dom anois go bhfuil ceart iomlán ag an bhean sin i gContae Aontrama agus ag gach uile chreidmheach an t-eolas sin – agus eolas eile maidir le riar na hEaglaise – a bheith aige nó aici. Tá ceart ag Pobal Dé freagraí a fháil ar cheisteanna atá acu maidir le leas na hEaglaise. Go dtí seo níl córas ar bith ann le cleachtadh an chirt sin a éascú. Níl fóram ar bith ann leis na ceisteanna a chur ar na daoine cearta. Tamall beag ó shin dúirt CORI gur ceart Sionad Náisiúnta a bheith ann. Is é mo bharúil féin go bhfuil géarghá lena leithéid. Alan Mac Eochagáin SJ

An Ofráil leathúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá… [féach leathanach cúil]… agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

TIMIRE dec_2010.indd 2

10/11/2010 12:44


Timire

3

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4

In Imigéin

Micheál Ó Cróinín

6

Toscairí Láidre

8

Feighlithe

10

Intinní an Phápa

12

Equipes Marie

14

Cara na Lobhar

17

An Cairdinéal Newman

20

Cantaireacht Dhiaga (Cuid 2)

26

Im Leabharlann Dom

An tAth. Pádraig Ó Máille SPS An tAth. Frainc Mac Brádaigh SJ An tAth. John O’Keeffe Deirdre Kennedy An tAth.Thomas A. Peyton, MM An tAth. Leon Ó Giolláin SJ

Seán de Fréine

30

Micheál Ó hAodha

Máire Ní Néill

Mise Eoghan

Ar dheis Dé:

An tAth. Seosamh Ó hAnluain, Aoife Ní Dhualacháin

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 36 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: timire@jesuit.ie

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir.

Bord Eagarthóireachta Alan McGuckian SJ Fionnuala Mac Aodha Caitríona Uí Chatháin Seán de Fréine Bláthnaid Ó Brádaigh Martin Browne OSB

Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 442 ISSN 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Iúil 2010

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas.

TIMIRE dec_2010.indd 3

Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí

Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Dearadh: Messenger Publications

Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E2.50 / Stg£2 Go ceann bliana: E10 / Stg£8 Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138 Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

10/11/2010 12:44


4

Timire

In Imigéin Michael Cronin

Is í an Iodáil an tír a chuireann idir aoibhneas agus bhearrán ar na pearsana i Remembering Light and Stone le Deirdre Madden (1992).1 Ceanglaíonn an reacaire in úrscéal Madden an tuaisceart le foréigean agus le bás agus téann sí ó dheas le héalú ó scáileanna luaineacha na staire agus óna taithí phearsanta féin ar an bhforéigean. Nochtann an solas nithe ach ar bhealaí a chuireann ionadh uirthi: I had learnt a lot about Italy in the time I had been there, but what I had learned most of all was how little I had understood it, how deceptive a country it was. And more than learning anything about Italy, I had found out more about my own country, simply by not being in it.2 Ní fhulaingíonn cultúir foirmlí treoirleabhair agus faigheann reacaire Madden amach go bhfuil castacht dhocheansaithe thíos faoi theanntás réidh an bonhomie treaschultúrtha. Lena chois sin, fágann na baic roimh thuiscint daoine eile féiniúlacht níos géire aici, agus tugann an láthair eachtrannach spreagadh le haghaidh oilithreachta ar an dúchas agus ar an mbochtanas agus ar chruachás daoine ina tír féin. Cuireann teiripe scanraidh an choimhthís béim ar ghnéithe de chultúr agus stair na hÉireann, idir phríobháideach agus

TIMIRE dec_2010.indd 4

phoiblí. Ag na pearsana i ngearrscéal le scríbhneoir eile Michael O’Loughlin, ‘Traditional Music’ is crá agus ceap magaidh scéal náisiúnach na hÉireann san am a caitheadh agus san am i láthair agus tarraingítear isteach in achrann iad tar éis caitheamh maslaí ag féile cheoil thraidisiúnta sa Ghearmáin. Tugtar duine acu, Ciarán, chun an ospidéil go gcuirfear cóir leighis ar chréacht scine agus is le linn dóibh a bheith ag fanacht san ospidéal a thuigeann an reacaire saineachtrannacht Renata, cailín Gearmánach Chiaráin. Is í an teanga eochair na heachtrannachta. Go tobann, is cosúil go bhfuil achar dothomhaiste idir é agus Renata agus í ag labhairt ina teanga féin leis an dochtúir san aonad timpiste. Cuirtear i gcuimhne don reacaire móimintí eile a cailleadh san aistriúchán agus téann a intinn siar go dtí ranganna Laidine agus cuntas Chaesair ar na Cogaí Gallacha. Cuireann sé síos ar an iontas a chuir téacs nach ngéillfeadh dó air, ‘The Latin was like a brick wall, that forced me to fling myself at it again and again. and even when I had mastered the grammar, knew every word, the wall was still there, and I had to get at whatever it was that was behind it.’3 Tugann an nochtadh ar choimhthíos dolaghdaithe Renata agus dianmhothú tobann eachtrannachta an reacaire air machnamh a dhéanamh ar na bealaí éagsúla a chuaigh próiseas sibhialaithe na hEorpa i bhfeidhm ar na hÉireannaigh: As Caesar had marched north, we had marched with him, with his laws, his grammar, his plumbing, his Greeks. And while we were marching with him, we were crouched down in our forests, in our earthen forts,

10/11/2010 12:44


Timire

with our idols, our severed heads, our bubbling language, waiting for him. We were both Caesar and Vercingetorix. Which is to say we were nothing, nowhere.4 Ní hé míchruinneas stairiúil a leagan de na hÉireannaigh dhúchasacha is mó a bhaineann le hábhar anseo ach an chiall ghéar do dhílseachtaí scoilte i dtuiscint an reacaire ar fhéiniúlacht Eorpach na hÉireann. Ó thaobh na staire de, ar bhealach an-fhírinneach shiúil na manaigh Éireannacha ar ghualainn an tuaiscirt, an deiscirt, an oirthir agus an iarthair le graiméir Laidine agus aistriúcháin ó na ‘Gréagaigh’. Is é taiscéalaíocht an traidisiúin seo, a thugann ón am atá caite in Éirinn go dtí an t‑am i láthair san Eoraip muid. Ní dhearnadh coilíneacht de chuid na Róimhe d’Éirinn riamh, áfach, agus níor chuir an dá chogadh dhomhanda isteach ar an tír go díreach sa chéad seo agus mar sin tá taithí na hÉireann, fadó agus le deireanas, an-éagsúil ó thaithí tíortha eile san Eoraip. Tá cúrsaí eacnamaíochta tar éis na hÉireannaigh a thabhairt isteach i bpáil na hEorpa ach is minic a

5

d’fhág an stair ar an taobh amuigh iad ag breathnú isteach i gcaoi go bhféadfaidh an mothú nach bhfuil siad in áit ar bith eascairt ón staid idir eatarthu seo. Sin bua agus dúshlán. Bua sa mhéid is gur féidir linn ár dtaithí stairiúil mar phobal ar an nganntanas agus ar an bhfulaingt a bheith mar bhunchloch ag ár dtuiscint ar an domhan mór agus dúshlán sa mhéid is go caithfimid ár dtaithí phearsanta a aistriú go laethúil go gníomhaíocht cheannairceach na daonnachta. Tagairtí 1. Colm Tóibín, The South, Londain, Serpent’s Tail, 1990; Hugo Hamilton, Surrogate City, Londain, Faber and Faber, 1990; Hugo Hamilton, The Love Test, Londain, Faber and Faber, 1995; Michael O’Loughlin, The Inside Story, Baile Átha Cliath, Raven Arts Press, 1989; Deirdre Madden, Remembering Light and Stone, Londain, Faber and Faber, 1992. 2. Madden, Remembering Light and Stone, lch. 40. 3. O’Loughlin, ‘Traditional Music’, The Inside Story, lch. 51. 4. O’Loughlin, lch. 52.

Tá an tOllamh Michael Cronin ina stiúrthóir ar an Centre for Translation and Textual Studies in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Intinn Choitianta an Phápa do mhí na Nollag 2010 Go dtuga ár dtaithí phearsanta féin ar an bhfulaingt tuiscint níos fearr dúinn ar an míshuaimhneas agus an phian atá ag dul do líon mór daoine atá ina naonar, atá tinn nó atá aosta, agus go ndéana sin gach duine againn a ghríosadh chun cuidiú leo go fial.

TIMIRE dec_2010.indd 5

10/11/2010 12:44


6

Timire

Toscairí Láidre

An tAth. Pádraig Ó Máille SPS Is beag aird atá ar Chríost nó ar A shoiscéal na laetheanta seo. Tá muintir an domhain go mór faoi bhrú. Tá muid gafa in eachtra nach eol dúinn cén chríoch atá i ndán di. Tá muide, Éireannaigh, i dtús áite sa rás seo. Tá an córas eacnamaíochta ar fud an domhain faoi imní: níl a fhios ag daoine céard tá rompu amach. Agus is róchosúil gur beag áit a thugtar agus gur beag an tábhacht a aithnítear a bheith ag Críost

TIMIRE dec_2010.indd 6

agus dá shoiscéal sa rás bagarthach seo. Is mór an trua é sin. Iad siúd a scrúdaíonn na Soiscéil, beidh a fhios acu céard é toil Dé don domhan: “Is méanar dóibh siúd atá bocht ó chroí ... . Is méanar dóibh seo atá ceansa ... . Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu ... . Is méanar do lucht na síchána a dhéanamh ...”. (Matha 5:3-12) Tá daoine ciallmhara ag rá nach bhfuil aon réiteach ar mhórfhadhbanna ár linne. Deir siad linn nach ann do Dhia

10/11/2010 12:44


Timire a thuilleadh, agus gur créatúirí gan chiall muide, Críostaithe. Ní ghéillimid don teagasc gruama seo ach ní miste dúinn ár machnamh a dhéanamh ar cén fáth go bhfuil an easpa chreidimh seo chomh forleathan is atá. Dúirt G.K. Chesterton tráth go bhfuil ag teip an an gCríostaíocht mar nár cleachtaíodh riamh í mar ba chóir. Tá cuid mhór den cheart aige: mar adúirt fealsamh eile, tá an iomarca dea-dhaoine ann nach bhfuil ag déanamh tada. Is fearr coinneal amháin a lasadh ná an dorchadas a dhamnú. Séard atá ag teastáil, go ndéanfadh a bhfuil de Chríostaithe ar an gcruinne a ndúthracht a chaitheamh ag scaipeadh dea-scéal Chríost. Muintearas agus carthannacht a chothú eatarthu féin ar dtús, chun go n-aithneodh daoine an dea-scéal. Ní leor an focal: caithfimid ár gcreideamh a chur i ngníomh. Sin é adúirt Críost linn: “Bíodh bhur lampa ar lasadh os comhair an tsaoil, chun go bhfeicfidh daoine bhur ndea-ghníomhartha, agus go molfaidh siad bhur nAthair ar neamh.” Tá foréigean an-choiteann sa saol in a mairimid. Caithfimid bheith in ár dtoscairí ar son na síochána. Tá easaontas agus clampar i ngach cearn den domhan. Fúinne atá sé bheith inár dtoscairí ar son na haontachta. Agus ní miste dúinne, Críostaithe, ár machnamh a dhéanamh ar scannal na heasaontachta idir na sainaicmí éagsúla i gcroílár ár gCríostaíochta féin. Caithfimid bheith inár dtoscairí láidre, cruthanta don aontas idir-eaglasta. Tart na córa. “Is méanar dóibh seo go bhfuil ocras agus tart chun na

7

fíréantachta orthu ...”. Tá leatrom á dhéanamh go forleathan ar dhaoine atá lag, bocht, éagumasach. Tá an leatrom sin á chur i gcrích tríd an gcóras eacnamaíochta atá faoi réim. Sé ár ndualgas mar Chríostaithe cur gcoinne an leatroim sin: mar eaglais, tá an dualgas ar ár gcinnirí. Ach tá an dualgas céanna ar gach Críostaí ina shaol féin: is toscairí muide mar Chríostaithe don cheart agus don chóir. Síocháin. Muintearas. Ceart agus cóir. Dea-scéal Chríost. Tá siad luaite in intinn mhiseanach an Phápa do mhí na Nollag. Guímis go neartófar misneach phobal Dé ins na críocha miseanacha i gcur chun cinn na síochána; i gcur chun cinn an mhuintearais; i gcur chun cinn an chirt agus na córa. Ach ní ins na críocha sin i gcéin amháin atá seo riachtanach. Tá sé lán chomh riachtanach inár measc féin anseo in iarthar domhain. Guímis i mí seo na Nollag go mbeidh an eaglais ina lóchrann dóchais ag lucht dearóile pé áit ina bhfuil siad. Go raibh gníomhartha carthannachta gach Críostaí ag lonradh mar choinnlí i ndorchadas agus i ngruaim ár linne. Go dtuga Dia go mbeidh sé le rá fúinne, Críostaithe an lae inniu, “Breathnaigí! Tugaigí faoi deara an grá atá acu dá chéile.” Aithneofar muid inár ngníomhartha. Déanaimis cinnte de gur toscairí fiúntacha muid inár ré don tsíocháin, don mhuintearas, don cheart agus don chóir. Is iarmhisinéir é an tAth. Ó Máille a chaith na blianta sa Nigéir agus i Malawi.

Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí na Nollag 2010 Go n-osclaí muintir an domhain mhóir doirse a gcroíthe do Chríost agus dá Shoiscéal faoi shíocháin, faoi mhuintearas agus faoi cheart agus cóir.

TIMIRE dec_2010.indd 7

10/11/2010 12:44


8

Timire

Feighlithe

Frainc Mac Brádaigh SJ

Ní bhfuair mé a ainm riamh. Francach a bhí ann. Ar bharr la Sierra del Pedron a casadh orm é. Ar an gConair go Santiago de Compostella, a bhí muid 13 km taobh thiar de Pamplona na Spáinne. Ag an mbarr, an ‘Alto del Pedron’, tá sraith de mhuilte gaoithe ollmhóra agus fúthu tá sraith eile níos lú, deilbh chopair, de dheichniúr nó d’aon oilithreach déag ar mhuin capall nó ag siúl, ag déanamh a mbealach siar. Bataí móra arda ina lámha acu, caipíní ar a gcloigne acu is rian na gaoithe ina gcuid éadaí copair. D’ith muid ruainne bia is d’ól muid cupán caife le chéile ag veain campála ag fear a bhí ag dáileadh bia ar oilithrigh agus thug aghaidh síos Gleann Valdizarbe le cois a chéile i dtreo Puenta la Reina. Bhí mise an-tógtha leis na muilte gaoithe. Shíl mé go raibh áilleacht

TIMIRE dec_2010.indd 8

aisteach ag baint leo gona sciatháin bhána ag tiontú thart go mall rithimiúil ar nós sciatháin ealaigh ollmhóra. Ní raibh meas mada ag mo chompánach orthu! Shíl mise go mba iontach an rud go raibh an oiread sin acu thart faoi na cnoic is na sléibhte i raon ár radhairc, iad ag giniúint cumhachta is ag coinneáil splanc na beatha i gcóras leictreachais na tíre. Brocamas a bhí iontu dar leisean, iad ag lot amharc na tíre. B’fhearr i bhfad stáisiún núicléach. Lean an díospóireacht ar feadh scaithimh ach ó ba thréine an siúltóir eisean ná mise d’imigh sé chun tosaigh orm. Ba innealtóir é agus ba mhó a spéis ins na bréagáin mhóra a thaitníonn le buachaillí móra ná ina leithéid de ghiuirléidí a bhí ag loit na tíre! Céard a fhágfaidh muid ag clann ár gclainne is ag a gclann siúd? An fiú ‘áilleacht na tíre a loit’ ar son go mbeidh taobh tíre ann a mbeidh daoine in ann maireachtáil ann? Má leanaimid ag dó breosla iontaise, is ag caitheamh an tsaoil mar atá muid á chaitheamh in iarthar domhain cén crot a fhágfaidh an ghlúin seo ar an Domhan? Ní scriosfaidh muid an Domhan. Leanfaidh an Domhan ar aghaidh ag timpeallú na gréine. Ach

10/11/2010 12:44


Timire

is mór an seans go scriosfaidh muid na cúinsí a chuireann ar chumas an duine maireachtáil ar an Domhan! Agus níl domhan ar bith eile gur féidir linn éaló amach ann. B’fhéidir gur féidir an chonair núicléach a shiúl ach dá fhaid a shiúlann is ea is mó seans go ndéanfaidh dream buama a úsáidfear. Agus mura dtarlaíonn tubaist dá leithéid cén t-ualach dríodair a fhágfaidh an ghlúin seo mar oidhreacht ag na céadta glún inár ndiaidh? Nuair a chuaigh mé go Baile Munna ar dtús, dúirt bean de mhuintir na háite liom: “Ná déan dearmad, a athair, nach bhfuil ionat ach feighlí. Nuair a bheidh tusa imithe go háit éigin eile beidh muide anseo, fágtha agat i do dhiaidh.” Tá mise imithe agus tá an bhean sin i mBaile Munna i gcónaí, í féin, a clann is clann a clainne. Má tá sé fíor gur feighlithe paróiste muide sagairt, tá sé seacht míle uair níos fíre go bhfuil cúram an fheighlí leagtha ar gach glúin a thagann ar an

9

saol seo. Le breathnú i ndiaidh na maoine a chuirtear faoina chúram is gá meas ar an maoin agus ar an Té a thugann an cúram don fheighlí. Ach is gá a thuiscint leis cé a d’fhéadfadh brabach a bhaint as an saibhreas chomh maith. Is fánach an duine nár mhaith leis nó léi clann mhac nó iníonacha a bheith air is garchlann ina ndiaidh. Is ag ár ngarchlann is ag a gclann siúd a fhágfaimid Saibhreas an Domhain seo mar oidhreacht. Bímis ag guí ar son intinn seo an Phápa. Agus bímis cinnte gur cuid dhílis dár bpaidreacha gach aon ghníomh a dhéanaimid dá réir agus, mo léan, gan na gníomhartha is dual tá muid go mór i mbaol na bréagchráifeachta. Go gcuire Dia rath ar ár n-iarrachtaí. Is as Cill Mhantáin do Frainc Mac Brádaigh. Is Íosanach é agus tá leabhar foilsithe aige le déanaí:Cá bhfuil Walsingham? The fumbles of our funny God.

Intinn Choitianta an Phápa do mhí Eanáir 2011 Go raibh Saibhreas na Cruinne faoi mheas, cumhdaithe agus curtha ar fáil do chách, mar thabhartais sárluachmhara ó Dhia don chine daonna.

TIMIRE dec_2010.indd 9

10/11/2010 12:44


10

Timire

Intinní an Phápa An tAthair John O’Keeffe Táimid faoi láthair níos oscailte do dhaoine ná mar a bhiomar. Tá aithne níos fearr againn ar a chéile. Tá an domhan iomlán ag teacht isteach inár dtithe cónaithe, toisc go bhfuil tionchar mór ag na meáin chumarsáide orainn, ar leibhéal pearsanta agus ar leibhéal an teaghlaigh. Is baile beag é an domhan. An duine atá i gcruachás, is comharsa béal dorais dúinn é. Is ag treisiú atá an ceangal spioradálta atá idir dhaoine. Tá níos mó eolais againn ar fhadhbanna daoine, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu. Tuigimid anois nuair a úsáidimid na focail ‘Pobal Dé’, ná fuilimid ag trácht nó ag smaoineamh ar an gcomharsa béal dorais amháin, nó ar na teaghlaigh atá sa tsráid chéanna ina bhfuil ár ngluaisteán féin páirceáilte. Tá aghaidh, intinn, croí idirnáisiúnta istigh ionainn. Tá ar ár gcumas fadhbanna idirnáisiúnta a mhothú go géar. Tá doimhneacht nua sa téarma ‘Pobal Dé’. Ó thaobh an Phápa de, tá léargas anidirnáisiúnta aige. Bíonn sé ag taisteal go tíortha éagsúla, bíonn teagmháil iontach aige le heaspaig ó gach tír, ó gach cultúr. Déanann sé féin oilithreach de féin: níl sé ach tagtha thar n-ais ó chuaird go dtí an Bhreatain, Albain, agus an Bhreatain Bheag. Go rialta, buaileann sé leis na hEaspaig ar fud an domhain nuair a thagann siad gach cúig bliana chuige ar an gcuairt a dtugtar ad limina air. Bíonn teagmháil agus tionchar aige freisin ar cheannairi eaglasta nach den Eaglais, Chaitliceach Rómhánach iad, nach d’aicmí eile creidimh iad a adhrann Íosa Críost mar Mhac Dé agus mar Shlánaitheoir. Is sa chomhthéacs

TIMIRE dec_2010.indd 10

seo tá sé riachtanach dúinn scrúdú a dhéanamh ar Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Eanáir 2011. Go minic, bíonn dualgas ar an bPápa labhairt agus cabhair a iarraidh ar son phobail na dtíortha a bhfuil fulaingt mhór iontu toisc go bhfuil crith talún, nó cogadh gan stad á fhulaingt ag a muintir – daoine atá fágtha gan teach, talamh, uisce, bia, obair, bóithre, scoileanna,ospidéil acu. Ní bhíonn an Pápa ábalta a smaointí agus a phaidreacha a dhíriú orthu siúd amháin a bhfuil sacraimint an Bhaiste faighte acu. Tá sé riachtanach go smaoineodh sé, agus sinne leis, ar an intinn mhiseanach seo do mhí Eanáir 2011 mar intinn ataáan-tábhachtach, an-idirnáisiúnta; agus san am céanna, is intinn í atá dirithe orainn Gaeilgeoirí an oileáin bhig seo a dtugtar Éire uirthi. I gcás gach Intinn Mhiseanach a thagann ón bPápa le haghaidh gach mí sa bhliain, ní mór smaoineamh ar mheáin chumarsáide agus chóracha taistil an lae inniu: an t-eitleán, an traein, an gluaisteán, an teileafón, an ríomhaire, etc. Má úsáidimidne na meáin seo inár saol féin, beidh sé ar ár gcumas poiblíocht iontach a thabhairt d’Intinn Mhiseanach an Phápa. Is cabhair bheag an t-alt seo sa Timire, a bhuíochas don eagarthóir a thugann cuireadh gach mí do dhuine éigin alt beag a scríobh faoi Intinn Mhiseanach an Phápa. Bímid go léir neamhfhoighneach ag fanacht le nuacht an lae, leis an gcéad chluiche tábhachtach eile sacair nó rugbaí, nó iomána nó peile. Conas, mar sin, is feidir linn bheith neamh-fhoighneach le díograis Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Eanáir a chur ar eolas do dhaoine a bhfuil tionchar orthu nó teagmháil

10/11/2010 12:44


Timire againn leo ina saol? Ni mór dúinne sa tír seo bolscaireacht a dhéanamh inár measc ar Intinn Mhiseanach an Phápa le linn Eanáir 2011. Is féidir linn fógraí a chur ins an nuachtlitir atá ag beagnach gach paróiste ar an Domhnach, fógra a chur faoi ins na nuachtáin a chuirtear ar fáil saor in aisce ar na sráideanna, ins na siopaí, i mórán áiteanna ina mbíonn daoine ag teacht le chéile. Toisc gur éirigh chomh maith sin le cuaird an Phápa Beinidict ar Shasana, an Bhreatain Bheag, agus ar Albain, ta an t-am feiliúnach d’fhorbairt an téama, ‘Is é an Tiarna ár n-aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orainn’. Is cóir bolscaireacht mhór a dhéanamh i mí Eanair, i rith an ocht lá paidreoireachta idir 18-25 Eanáir. Is cóir iarracht mhór a dhéanamh ins na nuachtlitreacha an tseachtain roimh ré, ins na seanmóirí ag gach Aifreann, go háirithe ar an Domhnach an 16ú lá. Ní bheidh Intinn Mhiseanach an Phápa d’Eanáir 2011 fréamhaithe go deimhin inar gcroí gan tionchar agus cabhair ón Spiorad Naomh. Cuirimis ár smaointe agus ár bpaidreacha mar sin faoi choimirce an Spioraid Naoimh, ag canadh: Tar, a Naomhspioraid Bheannaithe, cuir grá Dé inár n-aigne isteach, ina shéideadh lasrach. Do bhochta, féach, is Athair tú, ag tabhairt séad in aisce dúinn; is solas lae dár n-aistear thú. Is aoibhinn dáil nuair a thagann tú, ag tabhairt séad in aisce dúinn; is solas lae dár n-aistear thú. Bogann tú an obair chrua;

11

déanann tú an teas fionnuar; baineann tú an nimh as buairt. Ó, a sholais aoibhinn aird, is leat féin sinn, ní le cách. Líon ár gcroí le suairceas sámh! Gan tú féin a bheith aige, níl sa duine maith ar bith. Ó, dá bhrí sin, ná himigh. Nigh sinn go mbeam slán agat. Fliuch ar gcroíthe calcaithe: Táimid tinn, ó, cneasaigh sinn! Táimid stuacach, smachtaigh sinn. Táimid fuar, cuir teas ionainn. Ná lig uait ar aistear sinn. Tabhair dúinn, ós leatsa sinn, do sheacht nduaise neartmhara: do sheacht mbuanú meanman. Luach ár saothair tabhair dúinn, gluaiseacht naofa is beatha dúinn, radharc ort féin i bhflaitheas dúinn! Glóir don Athair, glóir don Mhac, Glóir don Spiorad Naomh gan stad, Glóir don Tríonóid Bheannaithe. Amen A Dhia shíoraí uilechumhachtaigh, ba thoil leat sacraimint na Cásca a cheiliúradh trí rúndiamhair na Cincíse. Tá na ciníocha arna scaipeadh. Ach deonaigh, le do chabhair ó neamh, go n-aontófar na teangacha éagsúla le chéile i gcomhdháil dod’ ainm, de réir a bhfocal féin, faoi choimirce an Spioraid Naoimh. Trí Chríost ár dTiarna. Is Proinsiasach é an tAthair John O’Keeffe atá lonnaithe sa Róimh.

Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Eanáir 2011 Go mbaine Críostaithe lán-aontacht amach, agus fianaise a thabhairt ar athaireacht uilíoch Dé ag an gcine daonna go hiomlán.

TIMIRE dec_2010.indd 11

10/11/2010 12:44


12

Timire

Lorgaigí agus gheobhaidh sibh Deirdre agus Declan Kennedy Nuair a chuir Declan, m’fhear céile, agus mé féin fáilte roimh an chéad chruinniú de Equipes Notre Dame sa Tuaisceart, oíche amháin níos mó ná tríócha bliain ó shin, is beag eolas a bhí againn. Dúradh linn an bord a fheistiú chun béile ach gan bia ar bith a réiteach. Thabharfadh na lanúineacha eile an bia agus bheadh lanúin eile as Baile Átha Cliath i bhfeighil an chruinnithe. Bhí sceitimíní orm agus mé ag amharc ar an bhord lom leathuair roimh am dinnéir. Bhí orm mo mhuinín a chur i ndaoine eile leis an bhia a thabhairt. Thug. Agus nach blasta an bia a thugann cairde leo! Sin an dóigh a mbíonn sé gach aon mhí. Don chéad sé mhí tháinig Robert/ Aoibheann as Baile Átha Cliath go Béal Feirste le treoir a thabhairt dúinn. Tá an bheirt acu ar shlí na fírinne le fada anois ach fanann oidhreacht an ghrá agus na spioradáltachta a roinn siad orainn beo i gcónaí. Ni dhéanfaimid dearmad orthu choíche. Buaileann an ‘Fhoireann’ uair amháin in aghaidh na míosa leis an bhéile bhlasta sin. Le linn an bhéile féin bíonn deis ag gach aon lanúin scéal na míosa atá thart, ‘thuas agus thíos’ a insint. Éistimid go hoscailte le chéile gan cur isteach ná freagra a thabhairt. Bíonn lánmhuinín againn as a chéíle agus mar sin de bíonn an chuid seo den oíche thar a bheith speisialta. I ndiaidh an dinnéir léitear amach sliocht as an Scrioptúr agus déanaimid seal machnaimh chiúin air. Roinnimid le chéile ansin an dóigh a ndeachaigh an sliocht i bhfeidhm orainn. Rud iontach domhain agus pearsanta atá i gceist.

TIMIRE dec_2010.indd 12

Guímid ansin ar son ár n-intinní pearsanta féin. I gcaitheamh na hoíche déanaimid plé ar alt suimiúil atá léite ag gach aon duine roimh ré. Cuirimid deireadh leis an oíche ag rá an Magnificat le chéile. Cuireann Equipes Notre Dame béim ar idéil áirithe a dhéanaimid iarracht a chur i gcrích inár saol: urnaí an teaghlaigh, urnaí laethúla mar lanúin, léamh scrioptúir agus mar sin de. Chuidigh sé seo linn go mór sa teaghlach. Nuair a bhí na páistí óg chuireadh duine díobh siúd tús leis an dinnéar le haltú roimh bhia gach aon lá. I lár an bhéile bhíodh sos beag comhrá againn agus chuirtí an cheist: ‘Cad é an rud is mó a thug taitneamh dom inniu?’ Bhíodh an-chraic go deo againn leis sin mar bhíodh na páistí ag déanamh grinn. Fós féin chuidigh an nós linn Dia a aithint inár saol mar chríochnaímis leis na focail: ‘Ar a son seo uile gabhaimid buíochas leat, a Dhia.’ Nuair a bheadh breithlá ag duine de na páistí bhíodh ar gach aon duine cur síos a dhéanamh ar an tréith is taitneamhaí sa duine a bhí á cheiliúradh. Bhíodh anphleidhcíocht ann agus gach aon duine ag iarraidh tús áite a bheith acu le nach mbeidís fágtha gan rud le rá mar bhí ochtar againn ann. Ach gurb é na Foirne ní dócha go mbeadh na cuimhní áille seo againn. Tá ár gcuid páistí fásta suas anois agus deichniúr garpháistí ann. Níl siad uile ag cleachtadh an chreidimh mar a rabhamar ag súil leis ach is daoine grámhara, iontacha, iad uile a thugann grá don chéad ghlúin eile agus atá mór le chéile i gcónaí. Is annamh nach gcuireann Declan agus mise deireadh leis an lá ag guí le chéile. Caithimid súil siar

10/11/2010 12:44


Timire

agus gabhaimid buíochas le Dia as ucht beannachtaí an lae. Bíonn sé greannmhar go minic nuair a tharlaíonn gurb é an rud is mó a chuireann olc agus frustrachas orm an rud a bhíonn ina bheannacht ag Declan! Bímid ag foghlaim faoina chéile go fóill. Tá mé thar a bheith buíoch de na daoine uile a bhí páirteach sna foirne linn thar na blianta. Chuidigh siad liom spioradáltacht agus disciplín a chothú atá oiriúnach do mo shaol mar bhean, mar mháthair agus anois mar mháthair mhór. Is chuig muintir na bhfoirne a théimid in am an ghátair agus ní beag an buaireamh a bhí orainn ó am go ham dála na dteaghlach go léir. Is rud iontach praiticíuil an grá Críostaí agus

13

is é sin an nasc atá eadrainn mar bhaill sna foirne. Tá buíochas ar leith ag gabháil don Athair Gerry atá ina shéiplíneach ag foireann s’againne. Sheas sé linne in imeacht na mblianta agus is chuige a théann ár bpáistí ar lorg comhairle agus tacaíochta go fóill. Tá mé iontach buíoch den Athair Henri Cafferal, an sagart Francach a chuir tús leis an rud ar fad agus gabhaim buíochas le Dia gach aon lá gur tháinig Robert/ Aoibheann chugainn ó Bhaile Átha Cliath na blianta fada ó shin. Tá na foirne le fáil in Éirinn: i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i gCorcaigh, i nGaillimh agus sa Mhuileann gCearr. Tá foirne le Gaeilge, Béarla agus Polainnis i measc na mball.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Feabhra 2011 Go raibh meas ag an uile dhuine ar fhéiniúlacht an teaghlaigh agus go n-aithnítear nach féidir comhshamhail de chion an teaghlaigh ar son na sochaí a sholáthar.

TIMIRE dec_2010.indd 13

10/11/2010 12:44


14

Timire

Cara na Lobhar

An tAth. Thomas A. Peyton, MM Nóta: Tá an tAthair Luis Ruiz SJ, Íosánach de bhunadh na Spáinne, ag obair sa tSín le breis agus 60 bliain. Rinneadh sagart de ansin i 1945. Bhí air dul go Macau i 1951 de bharr drochshláinte. Tá sé lonnaithe ansin ó shin. Ón tús bhíodh líon mór daoine bochta ag teacht go Macau ina ndídeanaithe agus bhíodh Ruiz ag dul i gcabhair orthu. Ansin i 1985 bhí deis aige dul isteach sa tSín arís. Chuir seansagart slua mór lobhar in aithne dó a bhí ina gcónaí leo féin, ar oileán. Thug sé cuairt orthu agus is mar sin a bunaíodh CAL (Aspalacht do Lobhair na Síne). Inniu tá siad ag cuidiú le 9,000 lobhar i gcúige Chanton. San alt seo déanann an tAthair Thomas A. Peyton MM cur síos ar chuairt a thug sé féin agus an tAthair Ruiz ar ghrúpa lobhar. Bhíomar ag dul go dtí áit a dtugtar Zhenxiong air in Oirthuaisceart Yunan, aistear trí lá ó Hong Cong. Tháinig muid go dtí sráidbhaile, áit ar scaoil na múinteoirí na daltaí as a rang, chun

TIMIRE dec_2010.indd 14

féachaint ar na coimhthígh aisteacha seo agus ar a gcompánaigh Shíneacha nach raibh an chanúint áitiúil acu. Tar éis siúl cúig nóiméad déag ón sráidbhaile thosaigh an casán ag dul síos, agus chonaic muid go rabhamar ag dul isteach i bpoll uafásach mór sa talamh. Bhí an ‘poll’ seo tuairim is míle troigh síos, agus é chomh mór, ag a bhun, le dhá pháirc imeartha peile. Chúngaigh an casán go líne shingil. Ar an lámh dheas bhí aill ingearach carraige. Tháinig muid go dtí bothán beag adhmaid a bhí díreach trasna an chasáin. Teach geata a bhí ann. Laistigh, ina shuí i gcúinne, bhí lobhar, fear an gheata. Nuair a tháinig muid amach ar an taobh eile den bhothán, bhí staighre chrochta chreagach romhainn a ghabh síos go géar taobh na faille. Ar an taobh chlé chonaic muid cá raibh ár dtriall ar urlár na prochóige seo. Ag bun na haille ar an taobh eile den pholl bhí pluais mhór ina raibh botháin dhóibe. Ar fhéachaint ar thaobh na láimhe deise dúinn, ba léir múr de charraig ingearach a bhí ag bagairt anuas orainn. Bhí sé cineál scanraitheach don bheirt againn, domsa im’ ógánach 70 bliana, agus don Athair

10/11/2010 12:44


Timire

Luis, ár gceannaire, in aois a 88 mbliana! Ní fhéadfaimis tiontú ar ais, mar bhí scuaine duine sna sála orainn, agus, ar ndóigh, bhí na lobhair ag fanacht orainn, na céad chuairteoirí eachtrannacha a tháinig chucu le 58 mbliana. Thug sin uchtach dúinn leanúint ar aghaidh, cé go raibh a fhios againn go mbeadh orainn filleadh an treo sceirdiúil céanna. De réir a chéile, chonaic muid go raibh an phluais ar thaobh na láimhe deise ag dul i méid, agus na haillte os ár gcionn ag éirí níos airde, de réir mar a bhí ár staighre creagach ag druidim le bonn an phoill uafásaigh mhóir seo sa talamh. Agus muid ag teacht i ngar don phluais, chruinnigh na lobhair ‘dhearmadta’ le chéile, in amhras faoi cad a tharlódh anois. Mar ba nós linn, beannaímid leo le díograis, ag fáil greim láimhe orthu, ós iad dáiríre ár gcairde a bhí caillte le fada. A leithéid de rúndiamhair i ngrásta Dé, go gcasfaimis ar a chéile. Tar éis dúinn fáiltiú lenár gcairde, shiúlamar thart timpeall a fhéachaint a dtoscaí maireachtála, na toscaí ina raibh siad le breis agus leathchéad bliain. Ós rud é nach raibh staighre ann ar dtús,

TIMIRE dec_2010.indd 15

15

b’éigean dóibh na chéad lobhair a ligean anuas sa pholl le rópaí. Bhí fear amháin ann fós ar chuimhin leis go ndearnadh amhlaidh leis 53 bliana roimhe sin. Bhí sé deich mbliana d’aois ag an am. Bhí na tithe déanta as brící dóibe, le díonta tuí. Bhí a bhformhór ag titim as a chéile. Laistigh, bhí an balla go dubh de thoradh na dtinte beaga a lasaidís chun cócaireachta agus chun léas éigean solais a thabhairt dóibh féin. Ní raibh leictreachas acu, agus ní fhaca mé rian de choinneal fiú. Éiríonn sé fuar istoíche, agus luaigh siad an easpa bia san oíche a thabharfadh teas dóibh agus iad ina luí i ndorchadas a mbothán pluaise ag bun an phoill seo míle troigh faoi leibhéal an talaimh. Faigheann siad uisce len ól ó bháisín beag carraige ina sileann idir uisce agus phuiteach ó shíleál na pluaise os a gcionn. Ba chosúla le puiteach é ná uisce. Ar ár gcuairteanna tugaimid de ghnáth clúdaigh dhearga ina mbíonn timpeall US$4.00. Baintear úsáid as clúdaigh dhearga de ghnáth chun féirín airgid a bhronnadh sa tSín. I gcás na ndaoine seo, bhí orainn an t-airgead a

10/11/2010 12:44


16

Timire

Seo an áit a ligeadh na chéad lobhair anuas le rópaí

thaispeáint dóibh sna clúdaigh sular thuig siad. Go bunúsach, maireann siad ar an méid is féidir leo a shaothrú in ithir an phoill seo sa talamh. Tá beagáinín ríse acu, roinnt glasraí, min bhuí agus roinnt prátaí. Is mairtínigh chreaplaithe cuid mhaith den dream seo, nó tá baill coirp in easnamh orthu de bharr na lobhra. Níl ar chumas na ndaoine áirithe seo, nó na seandaoine, obair a dhéanamh. I measc an ghrúpa bhig seo de chéad duine nó mar sin, tá roinnt páistí. Thugamar roinnt seacláide agus brioscaí linn freisin. Ní raibh seacláid feicthe ag na páistí cheana. “Tá blas deas air, ach níl fhois againn cén sórt rud é,” a dúirt siad. Sular fhágamar ár gcairde a bhí caillte le fada, dúramar leo go gcuideoimis leo chun tuilleadh bia, uisce glan agus cóir leictreachais a fháil. Agus é ag fágail slán acu, mheabhraigh an tAthair Luis do na

daoine seo (táirísleacht an phobail go fíreannach) go bhfuil grá ag Dia dóibh, agus gur tháinig muid chun grá Dé a léiriú dóibh. Is é atá ar intinn againn a dhéanamh, ionad nua a thógáil do na daoine seo. Beidh siúracha ann le cúram a thabhairt do na sean agus do na daoine faoi éagumas. Sa cheantar seo tá 2000 lobhar eile agus déanfaimid freastal orthu chomh maith ón ionad seo. Chuamar go dtí Zhenxong le linn Sheachtain na Cásca 2001. Chuaigh sé i gcion orainn mar eachtra ‘aiséirithe’. [Más mian le léitheoir ar bith de An Timire cabhrú le hobair CAL, is féidir leo é sin a dhéanamh tríd an Eagarthóir.]

Foilsíodh an t-alt seo den chéad uair i dTimire an Chroí Naofa, Fómhair 2002.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Feabhra 2011 Go raibh pobail Chríostaí ina bhfinnéithe ar láithreacht Chríost dóibh siúd atá ag fulaingt sna críocha misean, mar a bhfuil comhrac práinne ar siúl in aghaidh galar.

TIMIRE dec_2010.indd 16

10/11/2010 12:44


Teagasc agus teachtaireacht Newman agus na Gaeil An tAth. Leon Ó Giolláin Is léir go raibh an-mheas go deo ag Newman ar stair agus cultúr na nGael agus ar na Gaeil féin. I leabhar atá curtha in eagar ag an Dr. Pádraig Ó Fiannachta in ómós d’Eoghan Ó Comhraí, Ollamh le Stair agus Seandálaíocht na hÉireann san Ollscoil Chaitliceach a bhunaigh Newman, faoi stiúir na nEaspag, tá cur síos álainn ar an gCairdinéal, a léiríonn go maith cé chomh lách, tuisceanach agus tacúil is a bhí sé: ‘B’é an Dr. J.H. Newman, Uachtarán na hOllscoile Caitlicí, a chuir ina luí ar an scoláire cúthalach ó Chontae an Chláir go raibh sé thar a bheith cáilithe agus oiriúnach dá phost san ollscoil2 nuair a cheapadh é in 18541. Thosaigh sé ar an tsraith léachtaí, ‘Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History’, an bhliain dár gcionn, 1855, agus lean siad go 1856. I láthair ag gach léacht bhíodh an Sasanach macánta, an Dr. Newman. I ndiaidh gach léachta bhíodh sé 1. Is léir go rabhthas ag caitheamh anuas go tarcaisniúil ar an ollamh ag an am. 2. Ba é Newman, uachtarán na hOllscoile, a cheap é. 3. Is léir é seo ón alt iomlán atá faoi chaibidil anseo.

TIMIRE dec_2010.indd 17

á mholadh agus á ghríosadh mar d’aithin sé a fhiúntas’. Agus is amhlaidh freisin gur íoc an Ollscoil, faoi stiúir Newman, as na léachtaí sin – níos mó ná 700 leathanach! – a cuireadh i gcló in 1861. Sna Sceitseanna Stairiúla, Iml. III, caibidil X – Traidisiún na Sibhialtachta: Oileáin an Tuaiscirt – a scríobh Newman thart ar 1856, léirítear freisin ardmheas an Chairdinéil ar na Gaeil, á gcur fiú i gcomparáid lena chomhthírigh féin! For the Celt, it cannot be denied, preceded the Anglo-Saxon, not only in his Christianity, but in his cultivation and custody of learning, religious and secular, and again in his special zeal for its propagation… In the schools of science, England has no name to rival Erigena in originality, or St. Virgil in freedom of thought; nor among its canonized women any saintly virgin to compare with St. Bridget; nor, although it has 150 saints in its calendar, can it pretend to equal that Irish multitude which the Book of Life alone is large enough to contain. Is amhlaidh a chreid Newman go raibh Éire faoi choimirce speisialta Dé i stair na Críostaíochta, go mór mór san Eoraip3.

10/11/2010 12:44


18

Timire

Ach cén dearcadh a bheadh aige ar staid na Críostaíochta agus staid na hEaglaise in Éirinn faoi láthair? Cén teachtaireacht a bheadh aige dúinn? Cad a déarfadh sé linn? Ba mhaith liom a léirú anseo go bhfuil tuiscint agus teagasc Newman ar an gcoinsias an-tábhachtach agus anábharach dúinne Gaeil i gcomhthéacs an gháibh mhóir san Eaglais faoi láthair de bharr mí-úsáid ghnéis i measc na cléire agus an dí-eaglaisiú atá ag dul i neart sa tír seo agus ar fud na hEorpa. Dúirt an Pápa le fíordhéanaí, ag trácht dó gan amhras ar dí-eaglaisiú in iarthar na hEorpa: Tá creideamh i nDia pearsanta na Críostaíochta á chur i leataobh agus ‘dia’ neamhchinntithe, rúndiamhrach, árdcheannasach, le gaol éideimhin aige leis an gcine daonna, á chur ina áit … Má dhiúltaítear do Dhia pearsanta, tagann ar an bhfód ina ionad ‘dia’ nach dtuigeann, nach n-éisteann, agus nach labhraíonn … agus níos mó ná riamh, nach bhfuil toil aige … Mura bhfuil a thoil féin ag Dia, ag an deireadh ní dhéantar idirdhealú idir an t-olc agus an mhaitheas … agus cailleann an duine a neart morálta agus spioradálta, atá riachtannach dó ar mhaithe lena fhobairt iomlán mar dhuine …4 Leag Newman an-bhéim ar an gcoinsias, i. an ghuth inmheánach sin a chabhraíonn le gach mac máthar idirdhealú a dhéanamh idir an t-olc agus an mhaitheas. Chreid sé, áfach, gurbh é a bhí sa choinsias ná glór Dé, guth Chríost ag labhairt leis an duine ‘taobh thiar de scáil’, á stiúradh ar bhóthar a leasa. Dúirt sé tráth: ‘Were it not for this voice speaking so clearly in my conscience and my heart, I should be an atheist, or a pantheist, or a polytheist when I looked into the world’. Bhí sé sna seascaidí nuair a dúirt sé é sin. Mar dhéagóir, bhí sé an-tógtha le

TIMIRE dec_2010.indd 18

fealsaimh aindiagacha, agus dhiúltaigh sé ar feadh tamaill don chreideamh inar tógadh é. Ach tháinig athrú mór ar a shaol agus ar an scéal nuair a bhí sé cúig mbliana déag d’aois: theip ar bhanc a athar – bhí an chlann saibhir go leor go dtí seo – agus ag an am céanna, d’éirigh Newman an-bhreoite. I rith na tréimhse seo bhuail sé le Walter Mayers, ministir óg Protastúnach soiscéalach a bhí ag cur faoi i gColáiste Ealing, mar a raibh Newman ag freastal mar dhalta, agus chuaigh a chineáltas agus a thuiscint ar an gCríostaíocht i bhfeidhm go mór air. Lá amháin, gan choinne, bhí eispéireas láidir éifeachtach aige a d’athraigh a mheon ó thaobh creidimh de, go huile agus go hiomlán agus go buan. Dúirt ina chuid scríbhinní nach raibh aon amhras air ón lá sin ar aghaidh ach go raibh Dia ann go fíor. Thuig sé freisin nach bhfuil creideamh i nDia bunaithe ar argóintí nó réasúnaíocht intleachtúil amháin – níos déanaí d’éirigh sé as bheith ag argóint lena dheartháir Charles, a bhí ina ainchreidmheach lena shaol, ag rá leis nach raibh ‘claonadh a chroí’ (disposition) ceart – ach gur eascair sé ó dhoimhne an duine, ón chroí, agus go raibh sé ag brath ar an tsamhlaíocht chomh maith. Léiríonn mana Newman – cor ad cor loquitur (heart speaks to heart) - an fhírinne sin. Nochtfar an creideamh go minic i gcaradas – tagann an focal féin ón Laidin ‘cor’, croí – cosúil leis an gcaradas a bhí aige le Mayers, ag an am agus i bhfad níos déanaí , le Dominic Barbieri, sagart naofa a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Newman agus a ghlac isteach san Eaglais Chaitliceach é sa bhliain 18455. 4. Féach http://www.zenit.org/article30331?¦=english 5. Chaith Newman níos mó ná dhá bhliain i Littlemore ag staidéar luathscríbhinní na hEaglaise agus ag machnamh ar chlaonadh a chroí féin i dtreo na hEaglaise Caitlicí. Is ansin a bhuail sé le Barbieri.

10/11/2010 12:44


John Henry Newman: nóta beathaisnéise 1801: Rugadh é i Londain 21 Feabhra. Teaghlach Protastúnach. 1816: Theip ar bhanc a athar. Uair na cinniúna dó agus dá chlann. Easláinte Newman. Eispéireas láidir religiúnach. Casadh ó aindiachas go creideamh Críostaí. 1816: Scoláireacht go Oxford. 1821: Bhain céim amach. 1822: Oriel College. Ullmhúchan don tsagartóireacht Anglacánach. 1824: Ord beannaithe Anglacánach. 1833: Tús na Gluaiseachta Oxford – ag cur os comhair na ndaoine gur bí an Eaglais Anglacánach an fhíor-eaglais chaitliceach, dílis d’fhréamhacha na Críostaíochta. 1842: Littlemore. Dianstaidéar ar luathscribhinní na hEaglaise. Urnaí. 1845: Casadh go dtí an Eaglais Chaitliceach. 1846: Ord beannaithe san Eaglais Chaitliceach. 1847: Lonnaithe i mBirmingham, an chathair inar bheannaigh an Pápa Beinidict XVI é ar an 19ú Meán Fomhair 2010. 1854: Baile Átha Cliath. Uachtarán ar an Ollscoil Chaitliceach. Sraith léachtaí ar an oideachas tríú leibhéal – foilsithe níos déanaí mar The Idea of a University. Bunaigh Newman Cumann L&H (Literary and Historic Society) agus Scoil an Leighis. 1859: Bhunaigh The Oratory School, ‘a school for the education of the sons of gentlemen along lines similar to those of English public schools’. 1864: D’fhoilsigh Apologia Pro Vita Sua, míniú ar cén fath ar thiontaigh sé ina Chaitliceach. 1870: D’fhoilsigh Grammar of Assent. Míniú ar réasúnaíocht an chreidimh. 1879: 12 Bealtaine, rinne an Pápa Leon XIII Cairdinéal de. 1890: D’éag 11 Lúnasa. Bheannaigh an Pápa Benedict XVI John Henry Newman i mBirmingham (Sasana) ar an 19ú Meán Fómhair 2010. Mhothaigh Newman, ar ndóigh, caradas Dé i laethanta a bhreoiteachta agus, mar is léir ón dán álainn – Lead kindly light amid the encircling gloom, lead thou me on … a chum sé níos déanaí nuair bhí sé ina shagart óg Anglacánach, agus é buartha faoi fhadhbanna pearsanta ina shaol – bhraith sé go raibh Dia ina láthair, cóngarach dó, á stiúradh trí dhuairc dhorcha agus deacrachtaí an tsaoil. De thionchar a chleachtaidh phearsanta féin, bhí Newman gníomhach ag iarraidh lucht a linne a mhealladh thar n-ais chuig ‘suibíochtúlacht údarach’ (authentic subjectivity6) is é

TIMIRE dec_2010.indd 19

sin, spioradáltacht dhoimhin, iontaofa, ‘chroíúil’. I léacht a thug Newman sa Rotunda, cháin sé an ‘coinsias bréagach’ a chur ‘féintoil’ (self-will) roimh ghuth ceart an choinsiasa: Conscience is not a long-sighted selfishness, nor a desire to be consistent with oneself … Conscience is a stern monitor, but in this century it has been superseded by a counterfeit … It is the right of self-will’. D’fhéadfadh sé bheith ag caint linne sa mhéid seo! Ag tagairt do thuairisc a 6. Bernard Lonergan S.J., fealsamh.

10/11/2010 12:44


20

Timire

foilsíodh le déanaí in The Irish Times ar dearcadh agus iompar sóisialta na nGael – Sex, Sin and Society a bhí mar theideal air - tugann na tráchtairí le tuiscint go bhfuil an ceart ag an tromlach ó thaobh na moráltachta de, ar ais nó ar éigean. Má chreideann formhór na ndaoine, mar shampla, nach rudaí mímhorálta iad gnéas roimh pósadh nó féinmharú cúnta, tá an ceart acu! Ghlaofadh an Pápa Beinidict XVI ‘deachtóireacht an choibhneasachais’ (dictatorship of relativism) air seo: níl aon fhírinne oibiachtúil ann ach mo thuairim pearsanta féin; tá de chead agam ‘mo rogha rud’ a dhéanamh ach amháin nach gcuirfeadh sé as do éinne eile. Bhí Newman ag iarraidh a chur ina luí ar lucht a chomhaimsire a bhí ag tabhairt cúl go héasca le reiligiún, go raibh Dia le haithint i nguth an choinsiasa, agus go raibh maitheas an duine ag brath ar éisteacht leis an nguth sin, agus é a leanúint. Fear umhal urnaithe a bhí ann féin, ar ndóigh, a d’éist, agus a chuala glór Dé i gciúnas a chroí istigh: Ghuigh mé, agus tugadh bua na tuisceana dom; rinne mé achainí agus tháinigh spiorad na heagna chugam (Eagna 7). Ó laethanta a óige bhí, mar a scríobh sé ina dhialann ag aois fiche trí, dúil as cuimse i gcónaí agam an fhírinne a aimsiú agus nuair a d’amisigh mé í, ghlac mé go huile agus go hiomlán léi. Ba í an fhírinne seo údar a áthais agus a shóláis anama féin. Ba é an ‘solas séimh’ (kindly light) a thug dóchas dó fiú sa cheobhrán tiubh – mearbhall na tuisceana teoranta daonna, dorchadas an tsaoil, srl – mórthimpeall air. Bhraith sé go raibh lucht a chomhaimsire ag breathnú amach ar ‘údarás’ agus ‘structúr’ na heaglaise, ‘façade’ an reiligiúin, in ionad aird a thabhairt ar an fhírinne inmheánach a aithnítear i nglór an choinsiasa agus ina raibh sólás anama agus comhlíonadh iomlán an duine le

TIMIRE dec_2010.indd 20

fáil. I seanmóir dá chuid, dúirt: ‘The Christian has a deep, silent, hidden peace which the world sees not … He can (as it were) joy in himself, for it is the grace of God within him, it is the presence of the Eternal Comforter in which he joys…’. (Parochial Sermons V, 69-70). Ba mhian le Newman – go deimhin, ba é misean a shaoil é d’fhéadfá a rá – soiscéal na fírinne, soiscéal Chríost, soiscéal an áthais, a chraobhscaoileadh; agus é sin a dhéanamh, ní trí argóint ach trí chuireadh a thabhairt do dhaoine bheith dílis dá gcroí agus dá gcoinsias féin. ‘Eist le mianta doimhne bhur gcroí istigh’, a déarfadh sé linn, ‘agus cloisfidh sibh glór Dé a shásóidh sibh agus a chomhlionfaidh sibh’. ‘The thought of God, and nothing short of it, is the happiness of men. He alone is sufficient for the heart who made it’ (PS V 316). Mar a dúirt mé ag an tús, bhí ardmheas ag Newman ar na Gaeil mar ba iad na Gaeil a chosain an creideamh Críostaí nuair a bhí an Eoraip faoi thaoide an fhiántais bharbaraigh. I gcomhthéacs bagairt mhór an aindiachais agus díeaglaisiú an chomhluadair inár linn féin, táim cinnte go mbeadh Newman á rá linne anois an méid a ghuigh Naomh Pól do Chríostaithe na hEaglaise nuabhunaithe in anallód: go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad, go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá… (Eifisigh 3). Bímis dílis dúinn féin agus dílis do Shoiscéal na fírinne agus an áthais atá mar oidhreacht speisialta luachmhar againne Gaeil, agus a bhí ina sholas séimh dúinn ó thús, go háirithe in am an ghátair!

10/11/2010 12:44


Timire

21

‘Cante Jondo’: Cantaireacht Dhiaga (Cuid 2)

Micheál Ó hAodha

Bhí an-spéis i ngrúpa amháin darbh ainm na ‘Majos’, cultúr óg ísealaicmeach a chuir i gcoinne na sochaí timpeall orthu lena gcuid nósanna, a gcuid éadaí agus a gcuid cainte. Rinne uaisle an ochtú haois déag agus an naoú haois déag aithris ar

TIMIRE dec_2010.indd 21

an bhfo-chultúr seo agus is suntasach an rud é go ndearna Goya pictiúr de bhandiúc Alba agus í gléasta mar ‘Maja’. Cosúil le punk rockers dheireadh ha haoise seo caite, ba sheasamh mórtasach i gcoinne coinbhinsiúin an status quo é an cineál saoil seo, seasamh réabhlóideach mar is dual don chultúr flamenco, seasamh ina raibh gnéithe ar nós an fhéinmheasa agus an fhéinmhórtais go mór chun tosaigh. Ciallaíonn sé sin gur cruthaíodh an jondo as sruthanna éagsula idéeolaíochta a bhain le haicmí nach raibh mórán d’acmhainn an tsaoil acu, na giofóga ina measc. Chomh maith leis sin bhí tionchar ag an lucht éisteachta ar an

10/11/2010 12:44


22

Timire

saghas seo ceoil mar go raibh tóir chomh mór sin ag an bpobal air. Díríonn Mitchell ár n-aird ar an mbealach gur athraigh ceoltóirí mar a d’athraigh dúil na n-uasal, uasail a bhí ina bpríomhphátrúin ar an cante jondo. Deir Mitchell gur athraíodh cante jondo ó fheiniméan coitianta go foirm ealaíne a ceanglaíodh le bunús Gitano amháin mar gheall ar intleachtóirí rómánsúla ar nós Lorca a bhí go hiomlán gafa le hidé-eolaithe rómánsúla an naoú haois déag. D’aithin sé sa gitano pearsanú an ‘primitive other’ agus cheap sé go raibh anam diamhrach na ngiofóg le sonrú sa cante. Is cosúil gur thosaigh na giofóga, tar éis dóibh stíl na nAndalúsach a ghlacadh chucu féin, ag cur na stíle sin in oiriúint dá bpearsantacht féin. Cuirtear, mar shampla, ceann amháin de ghnéithe suntasacha giofógacha an cante – aithris ar nóta amháin ‘to the point of obsession’ – i gcomparáid le foirmeacha áirithe draíochta. Ar an bpointe seo deir Starkie gur cheangail na giofóga ‘an intensity of expression’ agus ‘a barbaric strength’ (1953: 96) isteach ina gcuid cantaireachta nach raibh éagsúil amach is amach ó na tréithe a bhí á bhforbairt acu le daoine a chur faoi gheasa nó le faoistin a dhéanamh. Is féidir Cante a roinnt ina dhá chuid. Ní raibh an Cante Flamenco nó Chico (‘amhrán beag’) a bhí sa chéad roinn

TIMIRE dec_2010.indd 22

chomh ‘domhain’ is a bhí an Cante Jondo no Grande (amhrán ‘mór’). San áireamh sa chéad roinn tá alegrias, bulerias, agus a leithéidí. Cé go bhfuil na hamhráin sa roinn seo níos éadroime go hiondúil ná na cinn i roinn an Cante Jondo tá tréith an mhachnaimh dhomhain i gcuid acu atá cosúil le stíl níos geanmnaí agus níos ársa. Is iad na Siguiriyas Gitanas (‘amhráin chaointe’) agus na Soleares (‘amhráin uaignis’) na hamhráin is sine agus is doimhne de ‘na hAmhráin Mhóra’. Glactar leis go forleathan gurb iad na hamhránaithe giofógacha – agus is beag eisceacht atá air seo – máistrí na Siguiriyas Gitanas ina léirítear go soiléir crá croí agus brón daonna. Seo mar a scríobh Walter Starkie – saineolaí ceoil AnglaÉireannach go raibh an–chur amach aige ar cheol na Spáinne - agus é ag déanamh cur síos ar cheol na Siguiriyas Gitanas: The first two lines of the song were the defiance: the long third line started at the same high-pitched note, but the singer then prolonged the notes in breathless, descending vocalization, and at the end it seemed as if they would never die, for the shouts of ‘olé’ and claps of the audience revived the dying voice into yet another turn and trill … They were all passionately sad songs … (1935: 275) Faightear cur síos ar chrá agus ar thragóid sna Soleares freisin – a

10/11/2010 12:44


Timire

mbreathnaíonn go leor daoine orthu mar phríomh-shamplaí an Cante Grande agus an Chico. Is grúpa eile de na fíor-Cantes iad na Saetes a chantar go hiondúil i stíl an Martinette (amhrán domhain an chearta nó stíl an Siguiriya (amhrán caointe)). Bíonn na hamhráin seo le cloisteáil ag pointí áirithe i mórshiúlta Dhéardaoin Cásca agus Aoine an Chéasta a bhíonn ar siúl ar shráideanna na hAndalúise le linn na Seachtaine Naofa. Is siombal é an t-amhránaí uaigneach ag leac an dorais de splíontaíocht Íosa ar Chnoc Chalvaire agus é ag tabhairt cur síos ar a ollbhrón féin do na naoimh atá ag dul thart sa mhórshiúl. Ealaín thraidisiúnta phobail í an tAmhrán Domhain, gan amhras, ach tá sé éagsúil le hamhráin tíre agus phobail eile mar go mbíodh sé ag síorathrú. Fáiltíodh roimh athruithe agus roimh mhalartuithe laistigh de limistéir áirithe. Níl na hamhránaithe giofógacha ceangailte le foirmiúlacht na stíleanna éagsúla amhráin i gcodarsnacht mhór leis na ‘Cantores’ Andalúsacha. Buntréithe na hamhránaíochta Andalúsaí iad an mheánaíocht agus an gheanmnaíocht ach tá níos mo saoirse le sonrú in amhránaíocht na ngiofóg; tá níos mó béime ar mhothúcháin an duine aonair. Mar go léiríonn na giofóga a gcuid mothúchán reatha agus iad ag canadh, is annamh a fhaightear amhráin á gcanadh

TIMIRE dec_2010.indd 23

23

uair i ndiaidh a chéile díreach sa bhealach céanna. Athraíonn na giofóga a gcuid amhránaíochta de réir mar a théann sí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, a mbíonn gach ‘Olé!’ agus ‘Anda!’ uathu. Ag baint fad as nótaí agus ag sleamhnú ó nóta go nóta, cuireann an t-amhránaí an lucht éisteachta faoi dhraíocht. Baintear feidhm as ton srónach d’aon ghnó le saoirse a thabhairt don ‘duende’ (an spiorad) agus go minic sa chás seo fuaimníonn an ceol as tiún do dhuine nach bhfuil cur amach aige ar an saghas seo ceoil. Is beag uirlisí a mbaintear úsáid astu san Amhránaíocht Domhain le fírinne. Baintear feidhm as an ngiotár mar thionlacan, maraon le castainéid, an tambóirín agus an ‘bata stíle’. I gcás na gceithre cinn seo, is é an tambóirín an uirlis is lú go mbaintear úsáid aisti, agus is fearr leis an gcuid is mó de ghiofóga - rud nach dtagann leis an íomha choitianta a bhíonn ag daoine díobh – aithris a dhéanamh ar fhuaim na gcastainéad lena gcuid méara ná úsáid a bhaint as na castainéid iad féin. Baintear feidhm as an ‘mbata stíle’ - atá gearr cosúil le slat tanaí agus a mbíonn barr iarainn air ar uairibh – chun rithim na n-amhrán a bhualadh amach, go minic i gcoinne cathaoireach cé nach mbacann amhránaithe áirithe leis in aon chor; is féidir leo siúd an rithim a choinneáil tríd a gcuid méara

10/11/2010 12:44


24

Timire

a bhualadh. Úsáidtear an ‘bata stíle’ go hiondúil i gcás na Siguiriyas Gitanos agus na Martinetes. Baintear feidhm as ‘palmas’ (bualadh bos) agus ‘zapateor’ (preabadh sála na rinceoirí) chun rithim a bhualadh amach freisin. Maidir leis an bpointe deireanach seo, ba chóir cuimhneamh air gurb é an t-amhrán féin príomhthionlacan an rince i measc na ngiofóg agus go ndéantar rince le fiú cuid de na Cantes is doimhne. Is ceol é an Amhránaíocht Domhain seo atá lán de bhrí agus de mhothúchán. Is é príomh-mhothúchán na n-amhrán seo ná an brón agus an tragóid, ach chomh maith leis an mothúchán seo áfach léirítear freisin neart daonna. Rinneadh cur síos ar príomh-mhothúchán Solea thipiciúil mar shampla, mar ‘one of sadness, but not of resignation. It is the mood of one who fights against unconquerable odds but whose soul remains unconquered’ (Brown, 1929: 288). Mar an gcéanna leis an Martinete – lán le sleachta ag déanamh cur síos ar fhaltanais fhuilteacha, coimhlintí treibheacha, an príosún, ach léiríonn an cur síos neart agus misneach daonna freisin i gcoinne na tragóide. Is iad an grá agus an dílseacht, an t-éad, an díoltas, an bród, an tsaoirse, ciapadh na ngiofóg, an brón daonna maraon leis an gcinniúnachas agus an bás cuid de na téamaí is mó a bhíonn le fáil san Amhránaíocht Domhain. Cantar Cante Jondo ag searmanais agus ceiliúrthaí príobháideacha na ngiofóg, an bhreith agus an bás ina measc. Creidtear go mbaineann an t-ádh le canadh na n-amhrán seo ag baistí agus ag bainiseacha; creidtear go bhfuil cumhacht draíochtúil ag cuid de na hamhráin a chinntíonn an t-ádh don leanbh nua nó don lánúin nuaphósta, nó a chabhraíonn le himeacht an spioraid i gcás an bháis. Is rud an-tábhachtach i

TIMIRE dec_2010.indd 24

gcás bainiseacha giofógacha é, canadh amhrán an mhaighdeanais; is siombal é de gheanmnaíocht na brídeoige. Tá aidhmeanna pearsanta agus eitneacha ag an Amhránaíocht Domhain i gcultúr na ngiofóg. Baineadh feidhm as an Amhránaíocht Domhain ar mhaithe le sólás pearsanta an amhránaí, is é sin le faoiseamh a fháil, le béim a chur ar a bhród, ar a mhisneach agus ar a dhínit, agus i gcás na n-amhránaithe ‘gairmiúla’ le caoi a thabhairt dóibh caoi a bhí inghlactha sa chultúr - le slí bheatha a shaothrú, go hiomlán nó go neamhiomlán. Maidir le haidhmeanna cultúrtha a chur in iúl, baineadh feidhm as na hamhráin le béim a chur ar dhílseacht pobail agus teaghlaigh, ar bhród agus ar dhlúthpháirtíocht maraon le dílseacht sa bpósadh. Chomh maith leis seo, múineann na hamhráin go gcaithfear glacadh le rudaí áthasacha agus le rudaí brónacha ar an saol seo mar go léirítear iontu nach féidir éalú ón gcinniúint. Is leachtóir le Stair é Micheál Ó hAodha. Tá sé ag obair in Ollscoil Luimnigh. Tá os cionn 40 leabhar foilsithe aige.

Clár Leabhar: Brown, Irving Henry (1929) Deep song: adventures with Gypsy songs and singers in Andalusia and other lands. New York: Harper and Brothers Leblon, Bernard, 1990, Musique Tsiganes et Flamenco. Paris: L’Harmattan Lomax, Alan, 1959 , ‘Folk Song Style’, American Anthropologist 61: 927-54. Lorca, Federico Garcia, 1957, Poema del Cante Jondo. Buenos Aires: Editorial Losada, S.A. Mitchell, Timothy, 1994, Flamenco Deep Song. New Haven: Yale University Press. Starkie, Walter, 1935, The Gypsy in Andalusian Folk-Lore and Folk-Music. London: The British Musical Association. ____________ 1958, Spain: A Musician’s Journey Through Time and Space. Vols. I, II.

10/11/2010 12:44


Timire

25

Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann.

An Ofráil laethúil

A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofráilim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá…(féach leathanach cúil) … agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó chroí Mhuire gan smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Tomhas an Timire: 162

1

2

3

4

5

Cé ar dtús a chuala an scéal? Aimsigh freagra na ceiste i measc na n-ainmneacha thíos: Aisling, Aoife, Fionnuala, Róisín, Caoimhe. Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm is do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Eanáir, 2011. Tomhas 161: An Timire Buaiteoir: Sinéad Ní Mhuirí, Carna, Co. na Gaillimhe.

TIMIRE dec_2010.indd 25

10/11/2010 12:44


26

Timire

Im Leabharlann Dom

TIMIRE dec_2010.indd 26

10/11/2010 12:44


Timire

Crithloinnir

Caitríona Ní Chléirchín Coiscém, 2010. 78 lch. €7.50 Léirmheas le Seán de Fréine Cad is gnó do léirmheastóir liteartha? Sa chéad áit, bheith macánta; san dara háit, bheith freagrach dá léitheoir agus don údar a bhfuil sé a chíoradh. Tá dualgais eile ann, ach is leor an méid sin mar thús. I gcás na Gaeilge de, tá curam breise: ní foláir don chriticeoir spreagadh agus uchtach a thabhairt don bheirt eile – ar thaobh amháin, don léitheoir chun an saothar a cheannach agus a léamh; don scríbhneoir chun leanúint ar aghaidh agus dul i bhfeabhas ceirde, ar an taobh eile. I láthair na huaire, i gcás na filíochta i nGaeilge, tá an t-ádh ar léirmheastóirí: tá muid i ré órga, tá an oiread sin d’ábhar ar ardchaighdeán á shaothrú. Díol suntais é ag an am seo, an méid sin d’fhilí fiúntacha atá againn atá ina mná. Duine díobh is ea Caitríona Ní Chléirchín, arb é seo a céad chnuasach. Tá an grá mar bhuntéama ag sileadh go drithleach trí fhormhór na ndánta ins an leabhar seo, agus ní fada uainn é áit ar leathanach ar bith eile, dáiríre is mar shámhchruit chaoin a sheinnean an file a téama. Cé gurb é an grá éagmaiseach an cinéal atá i gceist aici, is séimh suaimhneach a cantain cheoil. Tá de bhua aici ciúnas anama agus síocháin aigne a chothú ar a bealach réidh cinnte féin. Is féidir léi ‘na nótaí síodúla’, mar a deireann sí féin, a fhí le chéile chun dul i gcion le héifeacht ar an léitheoir. Tig léi eitilt (gan stró, shílfeá) ‘ó fhiántas na bhfocal / go cathair rúnda an chroí’. Is léir áfach gur ealaíontóir cúramach focal atá inti, agus go bhfuil sí sásta am a chaitheamh lena

TIMIRE dec_2010.indd 27

27

saothar a mhúnlú chun an toradh is an tionchar beacht a aimsiú. Tá cumas cumtha comhfhocal deas ceolmhar aici – craobhlasair, claíomhfhocail, agus eile. Níl sí beag beann ach oiread imeartas cliste focal a chur os ár gcomhair. Mar shampla, an Eagna ‘ag crith meala / a shileann bláth / i gcluain do cholainne’. Anois, agus an chéad chnuasach curtha i dtoll a chéile aici, bheinn ag súil amach anseo le níos mó den lasair, den chlaíomh á nochtadh aici, ar fhaitíos go mbeimis ar ár róchompord ionainn féin. Tá rian de mhianach níos lasartha á taispeáint aici ins an dán ‘Cogarnach’. Cé gur cúrsaí pearsanta atá i gceist aici san dán seo, d’fhéadfadh sí bheith ag tagairt go tráthúil do chúrsaí na tíre faoi láthair: Tuirsím den chur i gcéill, de rudaí de shíor a chlúdach Éirím tuirseach de scátháin, de shúile de shracfhéachaintí, den síorlorg sa dorchadas Táimid i ndíth na feirge, ach fearg atá dírithe go dearfa, chun tabhairt faoi rudaí a chur ina gceart. Tá ardán níos leithne ag teastáil ón fhile seo anois ná stáitse an ghrá amháin. Ach is leabhar álainn é seo, agus clúdach chomh hálainn air a oireann don fhocal taibhsiúil, Crithloinnir. Ach sula scoirim, ní miste dom, b’fhéidir, tagairt do nósmhaireacht phearsanta ghoinbhlasta bheag amháin atá ag an fhile seo, úsáid a bhaint as an réamhfhocal ‘fríd’ (tríd síos). Tá an leagan Ultach seo taitneamhach san chomhthéacs ina n-úsáideann sí é go spárálach. Seachas sin, a léitheoir, ní baol duit go dtiocfaidh aon caiftín le scaifte fríd a’ gheafta chun tú bith a chur in aon sáinn chanúnach. Leabhar an-soléite é seo, le hais bheith taitneamhach. Bígí ag ceannach.

10/11/2010 12:44


28

Timire

An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire Biddy Jenkinson Coiscéim, 2010. 246 lch.€10

Léirmheas le Máire Ní Néill Bhí fios a croí ag Biddy Jenkinson nuair a rinne sí bleachtaire den Athair Pádraig Ó Duinnín: ‘Tá an-mheas agam ar Phádraig Ó Duinnín, a scríobh foclóir GaeilgeBéarla, agus is breá liom a bheith ag útamáil san fhoclóir sin agus focail á lorg agam. Rith sé liom uair amháin go ndéanfainn bleachtaire as an Duinníneach, bleachtaire focail ar dtús agus ansin bleachtaire ceart. Tá scéalta beaga bleachtaireachta sa chnuasach seo, aon scéal déag, áit a gcuidíonn sé leis na póilíní an duine ceart a aimsiú, nó uaireanta sábhálann sé duine atá cúisithe. Tá Sherlock Holmes i gcúpla ceann de na scéalta, déanaim amach gur cairde iad. Tá an Duinníneach agus Conan Doyle comhaimseartha le chéile, agus mar sin bheartaigh mé Sherlock Holmes a chur go Baile Átha Cliath ag iarraidh comhairle a thabhairt dóibh. Ar ndóigh, cuidíonn Pádraig Ó Duinnín le Sherlock Holmes. Is breá liom féin a bheith ag léamh scéalta bleachtaireachta. Na cinn is deise ná na cinn i bhFraincis. Tá úrscéalaí ann, Fred Vargas, agus an bleachtaire atá aige siúd ná Jean-Baptiste. Is aoibhinn liom na scéalta sin. Is maith liom na sean-chinn freisin. Bheinn ag iarraidh bheith ag tarraingt traidisiún na Fraincise as an nGaeilge, ach ar ndóigh léim cinn Bhéarla freisin, Dorothy Sayers agus mar sin de. Is

TIMIRE dec_2010.indd 28

maith liom na cinn a bhaineann leis an ré sin. An rud is spéisiúla, dar liomsa, ná an gaol idir na daoine. Tugann an dúnmharú ach go háirithe, deis duit a bheith ag tochailt sna carachtair. ‘ Bhí fios a croí aici agus fios a gnóthaí. Ní haon léirmheas atá anseo thíos ach ‘focail mholta’. Faoin Duinníneach féin a fhágtar an obair, mar is ceart agus is cóir: Moladh, -lta, pl. id., m., act of praising, congratulating, recommending, advising (do, with pers.), adjudging, reviewing, awarding (to, le); praise, thanksgiving, applause, congratulation, an eulogy, a song of praise, an award, appraisement or review, a decision or recommendation; m. daonna, human approval … Molaim, -adh, v.tr., and intr., I praise, extol, admire, applaud, commend, congratulate; advise, recommend (to, do); declare, arbritrate, award (to, do, le); as excl., splendid! molann an obair an fear [/an bhean], the work praiseth the man [/woman] (prov.) mol gort is ná mol geamhar, praise rather that which is mature (id.); má’s maith molfar that which is good will be praised (or recommended); m.go haer (go crannaibh na gréine), I praise to the skies; m. thú, I praise you, envy you … congratulate you; m. do chiall … Mhaise, m.-se an gnó soin do dhéanfadh [BJ], BJ would make a fine hand of it …; m. an duais dó [/ di], I award him [her] the prize … níor fhág sé fuigheall molta air [/uirthi] he praised him [/her] roundly.

Leabhar pléisiúrtha Gaeilge chugainn, ar deireadh thiar thall. Moladh go deo le Dia!

10/11/2010 12:44


Timire

TIMIRE dec_2010.indd 29

29

10/11/2010 12:44


30

Timire Lís Ní Chulainn

MISE EOGHAN Dia dhaoibh, a chairde óga

Nach mear a éalaíonn Mí na Samhna agus go mbíonn an t-ullmhú go léir ag tosú arís don Nollaig. Bhí an sagart anseo sa Choláiste ag caint linn faoi na haingil ag tabhairt scéala do na haoirí gur rugadh Íosagán i mBeithil Iúda. Tá an sagart buartha faoin mhíthuiscint atá ag daoine. Tugann siad ‘aingeal’ ar go leor daoine agus créatúir, agus uaireanta níl iontu in aigne daoine ach ornáid ar an matal. Ní thuigeann siad gur teachtairí Dé iad. Bhí mé féin ag cur ceiste air faoin Ardaingeal Gabriel a tháinig ag foilsiú do Mhuire agus ag tabhairt cuireadh di a bheith ina máthair ag Mac Dé. Tá mé fiosrach faoi Chór na nAingeal a tháinig go dtí na haoirí – an raibh Gabriel mar stiúrthóir ar an Chór sin? Níl a fhios ag an sagart féin ach rinne sé gáire agus ar sé: “Níorbh é Mícheál Ardaingeal a bhí ann, pé scéal é, mar ní Cór a bheadh in aigne aige siúd ach claíomh.”

Cór na nAingeal

Pér bith faoin stiúrthóir a bhí ag Cór na nAingeal, tá sé an-suimiúil gur chan siad d’aoirí agus nár thug siad aird ar bith ar na saineolaithe ceoil insan Teampall. Bhí fonn orm féin saol an aoire a bhlaiseadh agus a shamhlú dom féin conas mar a thiocfadh an ceol agus

TIMIRE dec_2010.indd 30

10/11/2010 12:44


Timire

31

an teachtaireacht i bpáirc na gcaorach. Bhí cúpla lá saor againn i lár an ullmhúcháin agus chuaigh mé féin agus buachaill eile ón rang amach ar an gcnoc atá deich gcileaméadar ón Choláiste, áit a mbíonn na caoirigh ag ingheilt. Chuireamar cótaí móra orainn agus buataisí agus bhí bata siúil an duine againn agus lón dhá lá. D’imíomar ag meánlae agus teacht na hoíche bhíomar ar bharr an chnoic i measc na gcaorach. Oíche réaltógach a bhí ann, sioc faoinár gcosa agus an anáil ag reo agus í ag teacht ónár mbéal. Bhí go leor de na caoirigh ag iompar-tagann séasúr na n-uan díreach tar éis na Nollag insan tír seo. Ba léir do chách go raibh aire mhaith á tabhairt do na caoirigh. Shiúlamar anonn is anall chun sinn féin a choimeád te, ach bhí mé ag faire ar an spéir i gcónaí. B’fhurast a shamhlú go dtiocfadh aingeal – nó aingil – i measc na gcaorach, iad chomh simplí sin ag caitheamh a saoil mar a d’ordaigh Dia dóibh.

An Gloria

Go tobann agus an bheirt againn ag faire ar an spéir agus ag éisteacht, baineadh geit asainn – ceol deas binn ag teacht chugainn ar an aer, “Gloria in excelsis Deo et in terra pax hominibus bonae voluntatis”. Stad an ceol chomh sciobtha is a thosaigh sé. Bhí mearbhall orainn. Leanamar i dtreo an cheoil agus b’ansin a thugamar faoi deara go raibh botháinín cró gar dúinn agus gurbh as sin a tháinig an ceol. Ach ceol chomh binn sin go bhféadfadh sé a bheith ag teacht ó aingil, conas ar tharla?

An Sean-Aoire

Agus sinn ag díriú ar ár mbarraicíní i dtreo an bhotháinín léim fear amach agus rug greim orm. “Cad é do ghnó anseo?” ar sé go grod. “Faic” arsa mé féin, “ach muid ag iarraidh atmaisféar na Nollag a bhlaiseadh agus chualamar an ceol álainn sin ag teacht ó do bhothán.” Scaoil sé mé agus bhí sé deas cneasta. “Tá clog agam istigh” ar sé, “chun mé a mhúscailt ag an am cuí agus is é an ceol atá agam leis ná Cór na naíonán insan mbunscoil”. “Go deimhin” arsa mise, “is cosúil le haingil iad agus teachtaireacht na n-aingeal acu”. “Sea” ar sé, “ samhlaím dom féin go bhfuil na haingil ag glaoch orm don stábla ach ansin ní bhíonn romham amuigh ach na caoirigh. Is ansa liom iad”. Stad sé ansin agus ba chosúil le fáidh é agus an chéad abairt eile á rá aige. “B’fhéidir go dtiocfaidh na haingil anseo, ag fógairt an dara theacht”. Thóg sé isteach ina bhotháinín sinn agus cé go raibh an áit an-chúng, mhol sé dúinn fanacht thar oíche mar go raibh gach baol ann go mbeimis reoite ar an gcnoc lom. Geallaim daoibh gur shuíomar beirt cois tine agus go raibh fáilte againn roimh an dá bhabhla anraith a leag an t-aoire ar chathaoir dúinn. Ghlaoigh sé ar an sagart insan Choláiste ar fhaitíos go mbeadh sé buartha agus an fuacht dochreidthe amuigh. D’inis mé ár n-eachtra don sagart agus ar sé: “Bhí an eachtra cheanann chéanna agam féin fadó agus mé ag iarraidh an Nollaig a bhlaiseadh. Ach ní raibh ceol – ná anraith – ach fuacht na hoíche agamsa.” Guím beannacht uile Íosagáin oraibh go léir agus tá súil agam nach mbeidh aon cheal bia oraibh le géarchéim na tíre.

Nollaig shona daoibh go léir agus iarraigí ar Íosagán, a bhí beo bocht, cabhrú lena chairde bochta.

TIMIRE dec_2010.indd 31

10/11/2010 12:44


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin. An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna. Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí.

Intinní an Phápa Mí na Nollag 2010

Go n-osclaí pobail an domhain a ndoirse roimh Chríost agus A Shoiscéal síochána, bráithreachais agus ceartais.

Mí Eanáir 2011

Go mbaine Críostaithe lán-aontacht amach, agus fianaise a thabhairt ar athaireacht uilíoch Dé ag an gcine daonna go hiomlán.

Mí Feabhra 2011

Go raibh pobail Chríostaí ina bhfinnéithe ar láithreacht Chríost dóibh siúd atá ag fulaingt sna críocha misean, mar a bhfuil comhrac práinne ar siúl in aghaidh galar.

Mí Márta 2011

Go dtuga an Spiorad Naomh neart agus solas don fhíréin agus don phobal Críostaí a fhulaingíonn leatrom nó géarleanúint ar son an tSoiscéil.

TIMIRE dec_2010.indd 32

10/11/2010 12:45


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.