1 minute read
Filíocht
SÉIRE
Luíonn an suaimhneas mar bhrat síoda Anseo os cionn na trá dom; An reilig agus seanchill Mholua taobh liom. Is gan fágtha de anois ach stua eidhneach. Bristear an tost ag scata lon A scinneann tharam le scréach. Cloisim cneadadh bog na dtonn arís Mar a chuala na manaigh fadó Ag tráth na hEaspartan. Síneann an gort cruithneachta síos uaim, An barr go raidhsiúil i mbun a mhéid. Nach maorga seasann sé Gan cor as na gasanna thart anseo; Ach croitheann siad faoi na smólaigh thall. Táid na gadaithe siúd ag tapú na faille Ag stoitheadh is ag ithe le flosc Agus gach gliogaireacht astu. Stoithim dias agus cuimlím idir mo bhosa. Tá an grán ar dhath na meala. Meilim le dua ach le dúil sa bhlas. Is fada ó bhuail mé dias chruithneachta: Ag filleadh dom ón scoil lá fómhair fadó. Nach lách m’ealaín anois, a Thiarna, Bheith i láthair bharrcruithneachta arís; Bheith i do láthairse – an síol is an fómhar. Ár n-arán laethúil.
Bríd Dáibhís
Timire 13
PEACA
Folús a bhraith mé Uaill fholús gránna Mar a shíl mé go dtí seo Go raibh lán sruth is sásamh. Saobh-shonas a mheall mé Peaca a dhearnas Is in ionad aon fhaoiseamh Líon mo chroí de mhí-shástacht. Ar líonmhaireacht peacaí Fuair Maigdiléin cáil Ba liosta le háireamh Droch-ghníomhartha Saul. Peacaí a dhein naomh De Phroinsias ón Iodáil. Tuar dóchais an scéal san Don ainniseoir fáin.
Caitlín Ní Luasaigh
Tomhas an Timire: 169
1 2 3 4 5 6 7 8
Bhunaigh an naomh seo mainistir cháiliúil ag Gleann Dá Loch. Tá liosta focal thíos. Tóg litir amháin as gach focal chun an freagra a fháil: Dobharchú, caora, lao, fia, madra, tarbh, sicín, puisín
Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Deireadh Fómhair, 2012. Tomhas 168: Freagra: Meitheal Buaiteoir: Nóra Ní Chuanaigh, Laurel Grove, Dún Dealgan, Co. Lú.