3 minute read

An Caogadú Comhdháil Eocairisteach An tSiúr Éilís Ní Thiarnaigh

14 Timire

An Caogadú Comhdháil Eocairisteach

Ceiliúradh an Aifrinn i nGaeilge: Eaglais an Chroí Ró-Naofa Domhnach Broc, Baile Átha Cliath

Dé Luain, 11 Meitheamh ar 9.30 a.m. I gcomaoin le Críost agus lena chéile

An tSiúr Éilís Ní Thiarnaigh

Rinneadh an tAifreann seo a cheiliúradh i gcomhaontacht le os cionn fiche Aifreann eile a bhí á gceiliúradh i dteangacha éagsúla ar fud na cathrach. B’é Coiste Tréadach Ard-Deoise Átha Cliath a rinne na socruithe don ócáid stairiúil seo.

An tEaspag Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire, a bhí mar phríomh-cheiliúraí. Mar chomhcheiliúraithe bhí an Cairdinéal Seán Mac Brádaigh, Ard-Easpag Ard Macha, an Cairdinéal Keith O’Brien, Ard-

Easpag Dhún Éidin na hAlban, an tAthair Pádraig Ó Cochláin, Rúnaí an Choiste Thréadaigh agus seachtar sagart eile ó Éirinn agus ó thíortha eile. De bharr droch-shláinte ní raibh sé ar chumas Cathaoirleach an Choiste Thréadaigh, an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh OFM, a bheith i láthair.

Timpeall 600 duine a d’fhreastail ar an Aifreann ionas go raibh an eaglais mhór beagnach lán. Cór Ghaelscoil Neasáin, Baile Harmain, Baile Átha Cliath 5, a sholáthair an ceol, faoina stiúrthóir, Jennifer Nic Ruairí, agus b’í Bláthnaid Ó Brádaigh a chan an salm.

Tar éis homaile spreagúil ón gCeiliúraí, a mhisnigh an pobal go mór, bhí mórshiúl na hofrála ann. Thug ceathrar dalta ó Scoil Móbhí agus ó Ghaelscoil Choláiste Mhuire ceithre bhronntanas chun na haltóra a rinne ceangal idir an pobal Críostaí in Éirinn inniu agus ár sinsir a chuaigh romhainn:

Cros agus Brat Bhríde ar comhartha iad ar chreideamh doimhin Naomh Bríd agus a dhéanann ceangal, ó thaobh ama de, gar go maith do ré Naomh Pádraig féin.

Dlúthdhiosca dar teideal Guth Ár Sinsear, ar a bhfuil amhráin ó Ré Órga na Críostaíochta inár dtír. Tá na hamhráin seo bunaithe ar shleachta as ár lámhscríbhinní luachmhara i Mainistir San Gallen san Eilbhéis agus i leabharlanna eile ar fud na hEorpa. Is í nua-theicneolaíocht ár linne féin a chuireann ar ár gcumas iad a bheith ar fáil dúinn inniu.

Cóip de leabhar dar teideal Beatha Chríost. Dán fada ón 17ú haois atá ann atá bunaithe ar lámhscríbhinn – Smaointe Bheatha Chríost – ó na Meánaoiseanna. Tá an lámhscríbhinn seo féin bunaithe ar na Ceithre Shoiscéal.

Paidrín beag lámhdhéanta leis an gcineál cros air a bhíodh in úsáid le linn na bPéindlithe. Cuireann seo i gcuimhne dúinn dílseacht ár sinsear don chreideamh, tráth ar dheacair sin: nuair nach mbíodh deis acu dul ar Aifreann Domhnaigh mar gheall ar na Péindlithe, is minic a deiridís an Paidrín sa mbaile lena ngrá do Dhia a chur in iúl agus a chumhdach agus a chabhair a iarraidh air.

Ina dhiaidh sin thug beirt dhalta as Gaelscoil Choláiste Mhuire an t-arán agus an fíon chun na haltóra mar chomhartha ar ár n-ofráil féin do Dhia san Aifreann beannaithe seo, ionas go ndéanfaí díobh, trí chumhacht an Spioraid Naoimh, Corp agus Fuil ár dTiarna Íosa Críost le hofráil don Athair síoraí. Ag deireadh an Aifrinn, agus an cór ag canadh Rian Phádraig, shiúil na comhcheiliúraithe go léir tríd an eaglais amach agus mheasc leis na daoine faoi ghrian geal na maidine.

Timire 15

An Eocairist

I gcomaoin le Críost agus lena Chéile agus lena Chéile

Eochair na fuascailte is eochair na Eochair na fuascailte is eochair na bhFlaitheas dúinn uile – bhFlaitheas dúinn uile – Ortha an tslánaithe is ortha an Ortha an tslánaithe is ortha an aoibhnis don chine – aoibhnis don chine – Caidreamh is comhluadar Críostaithe le Caidreamh is comhluadar Críostaithe le

Dia is le chéile – Dia is le chéile – Admhaíonn ár gcreideamh athrú an Admhaíonn ár gcreideamh athrú an

Aráin is an Fhíona – Aráin is an Fhíona – Itear an tArán is leigheastar anamacha Itear an tArán is leigheastar anamacha tinne – tinne – Rith chun Dé ár rith de shíor is choíche – Rith chun Dé ár rith de shíor is choíche – Iontach linn teacht Chríost, bás Chríost, Iontach linn teacht Chríost, bás Chríost,

Aiséirí Chríost – Aiséirí Chríost – Sólás dúinne lón ár n-anama a roinnt – Sólás dúinne lón ár n-anama a roinnt – Teachtaireacht shlánaitheach Íosa ár Teachtaireacht shlánaitheach Íosa ár n-oidhreacht is ár ríocht. n-oidhreacht is ár ríocht. Ciarán Ó Coigligh, Ciarán Ó Coigligh, Lá Fhéile Muire 2010 Lá Fhéile Muire 2010

This article is from: