4 minute read

Pro Bono Publico:Ar son an Phobail An Seanadóir Rónán Mullen

4

Timire

Pro Bono Publico: Ar son an Phobail

Rónán Mullen

In intinn an Phápa do mhí Mheán Fómhair tá smaoineamh nach dtiocfadh le mórán argóint a dhéanamh ina choinne, ach mar sin féin ardaíonn sé ceist: cad chuige ar roghnaigh an Pápa guí ar son polaiteoirí go háirithe? B’fhéidir gur réasúnaíocht mheasartha an méid seo a leanas. Tá cumhacht agus freagracht speisialta ag an pholaiteoir, murab ionann agus an gnáthdhuine, i dtaca leis an mhaith choiteann a chur chun cinn. Tríd an reachtaíocht agus na tograí polasaí bíonn iarmhairtí ag baint le gníomhartha polaiteora a théann i gcion ar an phobal ar fad anois agus, is féidir, amach sa todhchaí. Ach ní hé sin uilig é i dtaca le freagracht na bpolaiteoirí. Ó tharla gné fhíorphoiblí bheith ag baint lena gcuid oibre is minic a scrúdaítear go mion a saol príobháideach chun solas a chaitheamh ar aon fhimíneacht nó calaois a d’fhéadfadh bheith ar siúl. Is amhlaidh atá suim dhlisteanach ag an ghnáthphobal in iompar a gcuid ceannairí tofa fi ú lasmuigh den am a chaitheann siad sa Pharlaimint.

Mar sin de mura ngníomhaíonn polaiteoir áirithe go macánta ionraic agus grá aige don fhírinne beidh a thionchar sin ar i bhfad níos mó ná a chaidreamh pearsanta féin lena chlann, a chairde agus Dia. Reáchtálfaidh siad dlíthe éagóracha nó dlíthe a tharraingíonn uisce chun a muilinn féin a chuirfi dh as do chearta, saoirse nó leas saoránach. Cuirfear polasaithe míréasúnacha chun tosaigh a d’fhéadfadh bheith ina bhac ar leas an phobail nó ar leas na nglún atá le teacht. Is lú go mór an mhuinín a bheidh ag an phobal sa phróiseas polaitiúil má bhíonn caimiléireacht pholaitiúil nó phearsanta ar siúl agus tiocfaidh beaguchtach ar mhuintir na tíre. Is ceart go gcuirfeadh intinn an Phápa barrshamhail chun tosaigh. Ní ghuíonn sé go n-iompraíonn polaiteoirí iad féin go maith ar bhonn

Timire 5

ginearálta, ach ‘i gcónaí’. Tá an saol poiblí róthábhachtach le bheith ag iarraidh go mbeadh dea-iompar ann den chuid is mó go díreach. Is féidir le heisceachtaí ina leith seo bheith tubaisteach ar fad.

Feictear don Phápa défhreagracht bheith ag baint le gairm na polaitíochta: gníomh agus meon. Guíonn sé ar son gníomhartha a bheidh ag teacht le suáilcí na cneastachta, na fírinneachta agus an ionracais. Is amhlaidh a bheidh gníomhartha á dtiomáint ag cáilíochtaí bunúsacha i leith an dea-iompair a bhaineann le croí féin an duine. Ní leor go gcuirfeadh polaiteoir dlí maith tríd an reachtaíocht; ina áit sin, guíonn an Pápa gurb é maitheas an dlí is rún go hiomlán dó nó di. Ní leor go seachnódh polaiteoir scannail speansas/costaisí; seachas sin guíonn an Pápa go mbíonn sé nó sí go hiomlán tiomanta, ar bhonn prionsabail, do shlí mhaireachtála nach réiteoidh beag ná mór le beartaíocht airgeadais phearsanta agus pholaitiúil atá éagórach nó cam. Is é go díreach an cineál sin tiomantas fréamhaithe atá i gceartlár an chreidimh bheo in Íosa Críost – tiomantas pearsanta fréimhíochta a thógtar agus a chothaítear trí ghuí cneasta rialta.

Ní féidir le haon pholaiteoir bheith ag maíomh go bhfuil se ag gníomhú go hionraic mura dtig leis ag an am céanna gníomhú go macánta. Ach is mó é an t-ionracas ná an mhacántacht. Ciallaíonn sé bheith go hiomlán oscailte do bhláthú údarach an duine féin agus daoine eile. Is é atá i gceist duine a bhfuil coinsias aige a chreideann i bprionsabal. Ach tá níos mó ná sin fiú i gceist. Is é atá an phaidir a iarraidh ‘grá’ don fhírinne. Tá an reachtaíocht agus an pholaitíocht dall mura bhfuil siad á dtreorú ag fírinne na ceiste idir lámha. Ní i gcónaí a léiríonn tuairim na coitiantachta, gnáis shóisialta, línte eagarfhocal, agus mothúcháin an fhírinne (is fírinne ann féin é sin). Tá a dtábhacht féin ag baint le fíricí, staidreamh, suirbhéanna srl i gcruthú na dea-reachtaíochta, ach mar sin féin éilíonn an tóir ar an fhírinne níos mó ná sin.

Ina phaidir, ní cháilíonn an Pápa an focal ‘fírinne’ le haidiacht ar nós ‘polaitiúil’ nó ‘eacnamaíoch’ nó ‘fíorasach’. Clúdaíonn an fhírinne anseo fírinní doimhne eiticiúla ar nós dínit bhunúsach an uile dhuine. Agus ba chóir a thabhairt san áireamh nach é go díreach atá á mhaíomh ag an Phápa go mbeadh meas againn ar an fhírinne, ach go mbeadh grá againn di. Mar dhaoine daonna ní i leas an phobail atá críoch dheiridh ghníomhartha na bpolaiteoirí uile ach sa ghrá é féin. Tá a fhios ag an Phápa go bhfuil pearsa Íosa Chríost chomh bainteach le gnóthaí polaitiúla agus atá sé le gnó ar bith eile, agus le daoine polaitiúla agus atá sé le duine ar bith eile. Agus iad ag tabhairt grá don fhírinne guíonn an Pápa go mbeidh grá ag na polaiteoirí i ndeireadh na dála don fhírinne arb é Íosa a finné is dílse. Trí ghrá d’Íosa, faigheann siad treoir agus tacaíocht le maireachtáil faoin mhacántacht agus faoin ionracas is dual do dhaoine atá freagrach as an mhaith choiteann.

Is Seanadóir neamhspleách é Ronan Mullen (Painéal de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann).

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Meán Fómhair

Go ngníomhaí polaiteoirí i gcónaí le macántacht, le hionracas, agus le grá don fhírinne

This article is from: