An Timire - Fómhar 2012

Page 4

4

Timire

Pro Bono Publico: Ar son an Phobail Rónán Mullen In intinn an Phápa do mhí Mheán Fómhair tá smaoineamh nach dtiocfadh le mórán argóint a dhéanamh ina choinne, ach mar sin féin ardaíonn sé ceist: cad chuige ar roghnaigh an Pápa guí ar son polaiteoirí go háirithe? B’fhéidir gur réasúnaíocht mheasartha an méid seo a leanas. Tá cumhacht agus freagracht speisialta ag an pholaiteoir, murab ionann agus an gnáthdhuine, i dtaca leis an mhaith choiteann a chur chun cinn. Tríd an reachtaíocht agus na tograí polasaí bíonn iarmhairtí ag baint le gníomhartha polaiteora a théann i gcion ar an phobal ar fad anois agus, is féidir, amach sa todhchaí. Ach ní hé sin uilig é i dtaca le freagracht na bpolaiteoirí. Ó tharla gné fhíorphoiblí bheith ag baint lena gcuid oibre is minic a scrúdaítear go mion a saol príobháideach chun solas a chaitheamh ar aon fhimíneacht nó calaois a d’fhéadfadh bheith ar siúl.

TIMIRE Autumn_2012.indd 4

Is amhlaidh atá suim dhlisteanach ag an ghnáthphobal in iompar a gcuid ceannairí tofa fiú lasmuigh den am a chaitheann siad sa Pharlaimint. Mar sin de mura ngníomhaíonn polaiteoir áirithe go macánta ionraic agus grá aige don fhírinne beidh a thionchar sin ar i bhfad níos mó ná a chaidreamh pearsanta féin lena chlann, a chairde agus Dia. Reáchtálfaidh siad dlíthe éagóracha nó dlíthe a tharraingíonn uisce chun a muilinn féin a chuirfidh as do chearta, saoirse nó leas saoránach. Cuirfear polasaithe míréasúnacha chun tosaigh a d’fhéadfadh bheith ina bhac ar leas an phobail nó ar leas na nglún atá le teacht. Is lú go mór an mhuinín a bheidh ag an phobal sa phróiseas polaitiúil má bhíonn caimiléireacht pholaitiúil nó phearsanta ar siúl agus tiocfaidh beaguchtach ar mhuintir na tíre. Is ceart go gcuirfeadh intinn an Phápa barrshamhail chun tosaigh. Ní ghuíonn sé go n-iompraíonn polaiteoirí iad féin go maith ar bhonn

02/08/2012 15:34


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.