An Timire - Fómhar 2012

Page 1

Timire

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH

Fómhar 2012

an Chroí Ró-naofa €

3.75/Stg£3.25

Labhraíonn Dia len a Shliocht féin TIMIRE Autumn_2012.indd 1

02/08/2012 15:34


2

Timire

Eagarfhocal ‘Cad chuige ar tháinig Íosa ar talamh? Tháinig sé le cuireadh a thabhairt dúinn teacht ina chuideachta chuig a bhaile féin. Sa bhaile sin tá fáilte an mhuintearais romhainn faoi mar a bhí i dteach airneáin ar bith in Éirinn fadó. Tá Íosa agus a Athair in aonacht le Spiorad an ghrá ina suí cois tine, agus ciorcal mór cathaoireacha thart ar an tine, agus beidh áit ann i gcónaí do chathaoir eile. Osclófar an ciorcal do dhuine ar bith a thagann isteach, comharsa, coimhthíoch, nó, “namhaid” féin.’ Seo cuid de na briathra lenar fhág an tAthair Alan slán linn in Eagrán an Earraigh den Timire. Ba íomhá álainn dúchasach é de Íocón na Tríonóide ag cur fáilte roimh chách chuig teaghlach an ghrá, íomhá a mhúscail an tAthair Mícheál de Liostún ag ‘Díseart Lae’ i mBéal Feirste mí Eanáir seo caite. Ba é tuairim an Athar Mícheál gurbh é an rud is tábhachtaí ar cheart dúinn a chur ar bun i bpobal Críostaí ar bith ná ‘coiste fáiltithe’. Tá gá ag gach uile dhuine le ‘tinteán’, ionad fáiltiúil, áit ar féidir linn ár scéal a insint agus go bhfaighidh muid éisteacht. Sa lá atá inniú ann tá mórchuid cainte faoi dhifríochtaí idir dhaoine san Eaglais. Dar ndóigh ceapann lucht na meáin chumarsáide dá chonspóidí a bhíonn an t-ábhar a chuireann síad ós ár gcomhair is ea is mó againn a thabharfaidh aird orthu agus mar sin díolfaidh siad a bhfuil á reic acu. Ach rud eile ar fád é a bheith suite cois tine, deis a bheith ag duine a scéal a reic agus éisteacht tuisceanach a fháil ó chomhluadar gnaíúil. Le go mbeidh duine sásta a scéal a insint ní mór dó trust a bheith ag an duine sin as an gcomhluadar ag an ‘tinteán’, nó is beag den fhíorscéal a inseoidh sé. Nuair a bhíonn muinín ag an duine go bhfaighidh sé éisteacht thuisceanach déarfaidh sé amach a bhfuil ar a chroí agus uaidh sin tiocfaidh tuiscint san áit a raibh míthuiscint agus chomhbhá san áit a raibh an t-easaontas is an t-achrann. An andóchas (presumption) atá anseo nó an bhfuil sé réadúil a bheith ag súil lena leithéid tarlú? Ceann de na rudaí gur féidir linne, Gaeil, a dhéanamh ná ‘tinteáin’ a chruthú le cabhair na teangan le go bhféadfaimid labhairt lena chéile amach ón ár gcroíthe agus comhthuiscint is dlúthpháirtíocht a chothú eadrainn ag an am cinniúnach seo don Chríostaíocht i dtír na hÉireann. Dar ndóigh tig linn a mhalairt a dhéanamh chomh héasca céanna, nó níos éasca, b’fhéidir, agus tuilleadh scoilteanna a dhingeadh idir Chríostaithe! Tá rogha againn. Bímís ag obair is ag guí ar son a chéile. Go raibh sé ar ár gcumas ‘ionad airneáin’ a chruthú, áit a mbeidh sé de mhisneach againn agus de mhuinín againn as a chéile labhairt ón ár gcroíthe faoin cleachtadh saoil atá againn is faoin creideamh a mhúscaíl Dia ionainn dá bharr. Go raibh sé ar ár gcumas comhluadair Chríostúla a chruthú in ár dteaghlaigh, in ár bparóistí agus i measc cairde; comhluadair a thabhairfidh fianaise bheo ar ár gcomaoin le hÍosa is lena chéile. Frainc Mac Brádaigh SJ

TIMIRE Autumn_2012.indd 2

02/08/2012 15:34


Timire

3

Timire an Chroí Ró-naofa Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4

Pro Bono Publico: Ar son an Phobail

An Seanadóir Rónán Mullen

6

Labhraíonn Dia len a Shliocht féin

Declan Quinn

8

Beidh sibh in bhur bhFinnéithe ormsa Patrick Muldoon

10

An Camino sa Chathair

13

Filíocht

14

An Caogadú Comhdháil Eocairisteach An tSiúr Éilís Ní Thiarnaigh

16

Cumhacht agus Áilleacht an Chreidimh Seán Ó Cearbhalláin SJ

18

Mairtírigh na Cambóide

Ashley Evans SJ

20

‘El Corderito’, Ailfí Ó Luain

Pádraig Ó Maoldúin

22

Aoibhinn Beatha an Scoláire

An tOllamh Mícheál Ó hAodha

24

Cill Shléibhe (Killeavy)

Brian Ó Muineacháin

26

Crosa Móra na hÉireann

Oilibhéar Ó Croiligh

28

Im Leabharlann Dom

Síle Ware

29

Cúinne na Cócaireachta: Muifíní Úll

30

Mise Eoghan

Seán Ó Catháin

Síle Ní Chearúil

Ar dheis Dé: Anna Ní Mhurchú

Go soilsí solas síoraí di. Go gcónaí sí sa tsíocháin Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht Baile Átha Cliath 2 r-phost: antimire@gmail.com Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas

TIMIRE Autumn_2012.indd 3

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 449 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Iúil 2012 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Dearadh: Messenger Publications Design Department

Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13 Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig Peigí Ní Dhurcáin An Timire, Teach Manresa SJ Baile na gCorr, Cluain Tarbh Baile Átha Cliath 3 Guthán: 01 832 5138 Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

02/08/2012 15:34


4

Timire

Pro Bono Publico: Ar son an Phobail Rónán Mullen In intinn an Phápa do mhí Mheán Fómhair tá smaoineamh nach dtiocfadh le mórán argóint a dhéanamh ina choinne, ach mar sin féin ardaíonn sé ceist: cad chuige ar roghnaigh an Pápa guí ar son polaiteoirí go háirithe? B’fhéidir gur réasúnaíocht mheasartha an méid seo a leanas. Tá cumhacht agus freagracht speisialta ag an pholaiteoir, murab ionann agus an gnáthdhuine, i dtaca leis an mhaith choiteann a chur chun cinn. Tríd an reachtaíocht agus na tograí polasaí bíonn iarmhairtí ag baint le gníomhartha polaiteora a théann i gcion ar an phobal ar fad anois agus, is féidir, amach sa todhchaí. Ach ní hé sin uilig é i dtaca le freagracht na bpolaiteoirí. Ó tharla gné fhíorphoiblí bheith ag baint lena gcuid oibre is minic a scrúdaítear go mion a saol príobháideach chun solas a chaitheamh ar aon fhimíneacht nó calaois a d’fhéadfadh bheith ar siúl.

TIMIRE Autumn_2012.indd 4

Is amhlaidh atá suim dhlisteanach ag an ghnáthphobal in iompar a gcuid ceannairí tofa fiú lasmuigh den am a chaitheann siad sa Pharlaimint. Mar sin de mura ngníomhaíonn polaiteoir áirithe go macánta ionraic agus grá aige don fhírinne beidh a thionchar sin ar i bhfad níos mó ná a chaidreamh pearsanta féin lena chlann, a chairde agus Dia. Reáchtálfaidh siad dlíthe éagóracha nó dlíthe a tharraingíonn uisce chun a muilinn féin a chuirfidh as do chearta, saoirse nó leas saoránach. Cuirfear polasaithe míréasúnacha chun tosaigh a d’fhéadfadh bheith ina bhac ar leas an phobail nó ar leas na nglún atá le teacht. Is lú go mór an mhuinín a bheidh ag an phobal sa phróiseas polaitiúil má bhíonn caimiléireacht pholaitiúil nó phearsanta ar siúl agus tiocfaidh beaguchtach ar mhuintir na tíre. Is ceart go gcuirfeadh intinn an Phápa barrshamhail chun tosaigh. Ní ghuíonn sé go n-iompraíonn polaiteoirí iad féin go maith ar bhonn

02/08/2012 15:34


Timire ginearálta, ach ‘i gcónaí’. Tá an saol poiblí róthábhachtach le bheith ag iarraidh go mbeadh dea-iompar ann den chuid is mó go díreach. Is féidir le heisceachtaí ina leith seo bheith tubaisteach ar fad. Feictear don Phápa défhreagracht bheith ag baint le gairm na polaitíochta: gníomh agus meon. Guíonn sé ar son gníomhartha a bheidh ag teacht le suáilcí na cneastachta, na fírinneachta agus an ionracais. Is amhlaidh a bheidh gníomhartha á dtiomáint ag cáilíochtaí bunúsacha i leith an dea-iompair a bhaineann le croí féin an duine. Ní leor go gcuirfeadh polaiteoir dlí maith tríd an reachtaíocht; ina áit sin, guíonn an Pápa gurb é maitheas an dlí is rún go hiomlán dó nó di. Ní leor go seachnódh polaiteoir scannail speansas/costaisí; seachas sin guíonn an Pápa go mbíonn sé nó sí go hiomlán tiomanta, ar bhonn prionsabail, do shlí mhaireachtála nach réiteoidh beag ná mór le beartaíocht airgeadais phearsanta agus pholaitiúil atá éagórach nó cam. Is é go díreach an cineál sin tiomantas fréamhaithe atá i gceartlár an chreidimh bheo in Íosa Críost – tiomantas pearsanta fréimhíochta a thógtar agus a chothaítear trí ghuí cneasta rialta. Ní féidir le haon pholaiteoir bheith ag maíomh go bhfuil se ag gníomhú go hionraic mura dtig leis ag an am céanna gníomhú go macánta. Ach is mó é an t-ionracas ná an mhacántacht. Ciallaíonn sé bheith go hiomlán oscailte do bhláthú údarach an duine féin agus daoine eile. Is é atá i gceist duine a bhfuil coinsias aige a chreideann i bprionsabal. Ach tá níos mó ná sin fiú i gceist. Is é atá an phaidir a iarraidh

5

‘grá’ don fhírinne. Tá an reachtaíocht agus an pholaitíocht dall mura bhfuil siad á dtreorú ag fírinne na ceiste idir lámha. Ní i gcónaí a léiríonn tuairim na coitiantachta, gnáis shóisialta, línte eagarfhocal, agus mothúcháin an fhírinne (is fírinne ann féin é sin). Tá a dtábhacht féin ag baint le fíricí, staidreamh, suirbhéanna srl i gcruthú na dea-reachtaíochta, ach mar sin féin éilíonn an tóir ar an fhírinne níos mó ná sin. Ina phaidir, ní cháilíonn an Pápa an focal ‘fírinne’ le haidiacht ar nós ‘polaitiúil’ nó ‘eacnamaíoch’ nó ‘fíorasach’. Clúdaíonn an fhírinne anseo fírinní doimhne eiticiúla ar nós dínit bhunúsach an uile dhuine. Agus ba chóir a thabhairt san áireamh nach é go díreach atá á mhaíomh ag an Phápa go mbeadh meas againn ar an fhírinne, ach go mbeadh grá againn di. Mar dhaoine daonna ní i leas an phobail atá críoch dheiridh ghníomhartha na bpolaiteoirí uile ach sa ghrá é féin. Tá a fhios ag an Phápa go bhfuil pearsa Íosa Chríost chomh bainteach le gnóthaí polaitiúla agus atá sé le gnó ar bith eile, agus le daoine polaitiúla agus atá sé le duine ar bith eile. Agus iad ag tabhairt grá don fhírinne guíonn an Pápa go mbeidh grá ag na polaiteoirí i ndeireadh na dála don fhírinne arb é Íosa a finné is dílse. Trí ghrá d’Íosa, faigheann siad treoir agus tacaíocht le maireachtáil faoin mhacántacht agus faoin ionracas is dual do dhaoine atá freagrach as an mhaith choiteann. Is Seanadóir neamhspleách é Ronan Mullen (Painéal de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann).

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Meán Fómhair Go ngníomhaí polaiteoirí i gcónaí le macántacht, le hionracas, agus le grá don fhírinne

TIMIRE Autumn_2012.indd 5

02/08/2012 15:35


6

Timire

Labhraíonn Dia len A Shliocht Féin: Bíobla ar gach teallach Declan Quinn Is é intinn an Phápa do na Misin mí Meán Fómhair 2012 ná, ‘gur le croí mór maith i dteannta acmhainní ábhartha a sheolfar idir chléir is tuataigh ó phobail Chríostaí mar mhisinéirí chuig na hEaglaisí is boichte ar domhan’. Cé go mbainfeadh an intinn chéanna le haon aois nó tréimhse staire is fíor go bhfuil sé an-oiriúnach faoi láthair agus an Eaglais Chaitliceach ag ullmhú do ‘Bhliain an Chreidimh’, ainmnithe ag an bPápa mar cheiliúradh cinn chaogad Dara Comhairle na Vatacáine. I gceann de phríomhcháipéisí na Comhairle, Lumen Gentium, ‘Solas na Náisiún’, leagtar béim ar an bhfíric ‘go nglaoitear ar chách chun naofachta’ agus go mbaineann an ráiteas úd leis na fíréin go léir: de bharr ár nBaiste seoltar gach aon duine dínn mar ‘Shoilsiú an Domhain’. Ní mór dúinn ar fad a bheith mar mhisinéirí in aghaidh an lae agus ar feadh an tsaoil. Tá ordú againn fios an Deascéala chun leighis, chun muintearais is chun slánaithe a scaipeadh is a roinnt eadrainn. Is líonmhar iad lucht na bpeacaí móra i stair na hEaglaise a thiontaigh ina naoimh ar ball de bharr a ngaiscí agus Caritas in Veritate (An Fhíorcharthanacht) á fhógairt agus á léiriú do Shíol Ádhaimh ar domhan, Grá Dé ‘don té is lú’, don té is laige, is leochailí, is scoite amach, don té a chuirtear as seilbh. Fundúireacht Chaitliceach, carthanach, pontaifiúil is ea Aid to the Church in Need, a bunaíodh thiar i 1947

TIMIRE Autumn_2012.indd 6

chun tacú leis an Eaglais is í ag saothrú i dtreo slánú an domhain ach go háirithe sna tíortha is mó a bhíonn i ngátar: sna dálaí is ainnise dá bhfuil ann, mar a mbíonn ‘Dia Féin ag Sileadh Deor’ is A chlann ag fulaingt de dheasca fíorbhochtanais idir chorportha is spioradálta. Is trín mbua céanna úd i 1979 a d’fhreagair an tAthair Werenfried Van Straaten, a bhunaigh Aid to the Church in Need, don Phápa Eoin Pól II is a thréad á spreagadh aige i leith Briathar Dé a bhreith chuig leanaí bochta ar fud an domhain, iad siúd nach mbeadh ‘fiacha an leabhair fhéin acu’. Is í an chiall a bhí ar dtús le Bíobla an Linbh ná an Creideamh a chothú sna leanaí – go mórmhór i dtíortha mar nach mbíonn puinn maoine ag Críostaithe ach iad go minic, mar a tharlaíonn i dtíortha áirithe Ioslamach m.sh. sa Phacastáin, faoi léigear, ar an imeall is iad ag dul i ngleic le foréigean nó le leatrom. Is amhlaidh do chás na gCríostaithe sa Nigéir. Is bocht an scéal é, dar le Ignatius Kaigama, Ardeaspag Jos, ‘gur fíor go mbeireann daoine ar airm chun a chéile is iad fein i bpáirt trín mBriathar is trín Aifreann agus gur mór an chúis náire a leithéid’. Dearbhaíonn sé gan dabht ar domhan go gcaithfidh Críostaithe an Scríbhinn Diaga a léamh go minic chun teacht ar threoir dolúbtha i dtreo leas an tsochaí idir pholaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch. Níl amhras faoi ach go bhfuil ‘áit ag an mBíobla ar gach teallach’ agus go leathnófar áthas agus síocháin pé áit a mbíonn Briathar Dé le cloisint i gcroí clann Dé, beag beann ar aois nó tréimhse ina mhaireann.

02/08/2012 15:35


Timire

Aontaíonn Deng Majak Rudolf, Easpag Wau na Súdáine leis an méid sin. Cruthaíonn Bíobla an Linbh cultúr beatha agus dóchais i meon leanaí fíorbhochta agus muintir na Súdáine atá ag fulaingt le fada an lá: ‘Is mór an áis an leabhar seo dár gcúram tréadach. Íota tarta chun Briathar Dé atá ar ár muintir anso - go hárithe toisc iad a bheith chomh mór san faoi leatrom”. Chun go mbeidh teacht go forleathan ar Bhíobla an Linbh, go dtí seo tá ‘God speaks to His Children’ aistrithe ag ACN go 172 theanga áitiúla. Fós leantar den aistriúchán go hiliomad teangacha. Orthusan tá Arabach agus cinn eile a labhraítear i stáit Ioslamach nó i dtíortha mar a mbíonn anchuid Moslamach – Sindi agus Urdu na Pacastáine, Hausa, Igbo, Tiv agus Yoruba sa Nigéir agus Toposa na Súdáine. Acmhainn chinnte do na misin is ea Bíobla an Linbh, áis a dháileann Aid to the Church in Need go fial ar na hEaglaisí is boichte dá bhfuil san Eaglais Chaitliceach. Ríméad a bhíonn orthu a

7

leithéid a dhéanamh agus fios acu gur fíor go labhraíonn Dia len A shliocht féin gan stad. Go deimhin labhraíonn Sé go neamhbhalbh leatsa agus liomsa. Dá bhrí sin nuair a ghlacaimid sos beag chun éisteacht seal le Briathar Dé, ligimid don mhalairt cló ionainn; scaoiltear i ndáiríre lenár ndaonnacht agus comhlíontar toil Dé sa neach a chruthaigh Sé féin. Is í sin an tuiscint atá mar bhonn faoi ráiteas an Ardeaspaig Kaigama is é ag iarraidh go mbeidh ‘bíobla ar gach teallach’. Seo í an tuiscint chéanna a spreag Aid to the Church in Need le 33 bliana anuas chun bíobla Linbh a sheoladh chuig 50 milliún leanbh i measc na mbochtán is chucu iad siúd a bhíonn á gciapadh. Dá réir sin tacaíonn siad le misinéirí Caitliceacha ar fud an domhain is iad ag treorú na dtréada ar strae chun domhan an ghrá agus áthas síoraí. Féach led thoil: www.godspeakstohischildren.org

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Meán Fómhair 2012 Gur le croí mór maith i dteannta acmhainní ábhartha a sheolfar idir chléir is tuataigh ó phobail Chríostaí mar mhisinéirí chuig na hEaglaisí is boichte ar domhan.

TIMIRE Autumn_2012.indd 7

02/08/2012 15:35


8

Timire

Beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa Patrick Muldoon

Fiú go raibh an Eaglais Chaitliceach i gconaí bainteach le misean agus soiscéalaíocht, níor baineadh mórán úsáide as an téarma ‘soiscéalaíocht’ anuas trí ré na staire mar gheall ar an nasc leis an traidisiún Protastúnach. Ach pléadh an misean go mór sa dara Comhairle Vatacánach agus le láithreacht an Spioraid Naoimh bhí an eaglais in ann gné carasmatach an chreidimh a athaimsiú. De réir na Comhairle thosaigh próiseas athnuachana san Eaglais agus bhí go leor ráite agus scríofa faoin soiscéalaíocht, dhá imlitir phápach san áireamh. Ta dhá chineál soiscéalaíochta ann – an modh príomhúlach (primary) agus an modh tánaisteach (secondary). Sa modh príomhúlach tá an tsoiscéalaíocht dírithe ar na tíortha nach bhfuil an Chríostaíocht ann ar chor ar bith. A mhalairt atá í gceist sa mhodh tánaisteach (an tSoiscéalaíocht Nua) – dírithe ar na tíortha Críostaí is sine ina bhfuil cleachtas an chreidimh laghdaithe iontu agus an cultúr saolta ag dul i méid. Is tíortha forbartha iad seo den chuid is mó, le heacnamaíocht láidir agus tomhaltachas. Bhí an rath ar an chreideamh Críostaí iontu roimhe seo ach anois tá siad faoi bhrú de réir dí-eaglaiseachais (secularism) agus aindiachas (atheism)

TIMIRE Autumn_2012.indd 8

sa ré nua-aimseartha. Bhí an téarma ‘Soiscéalaíocht Nua’ curtha i bhfeidhm ag an Suí Naofa i rith pontaifeachta beannaithe Eoin Pól II, tréimhse a raibh fíor tábhachtach san eaglais - ag spreagadh ‘Cincíse Nua’ i ndáirire. Chuir an Pápa Beinidict XVI Comhairle speisialta ar bun i 2010 chun an tSoiscéalaíocht Nua a chur chun cinn san Eaglais. Tá roinnt cuspóirí tábhachtacha ag an gComhairle seo maidir leis an Soiscéalaíocht Nua: machnamh diagachta a dhéanamh ar an ábhar; staidéar agus scaipeadh acmhainní; tacaíocht a thabhairt le tionscnaimh láithreacha don eaglais agus tionscnaimh na Comhluadar nua; na gné cumarsáide nua a spreagadh mar ionstraimí don soiscéalaiocht; agus caiticeasma na heaglaise a chur cinn mar leabhar treorach lánchuimsithe an chreidimh. Tá an obair tosaithe cheana féin ag an gcomhairle. Bhi cruinniú idirirnáisiúnta speisialta le haghaidh rannpháirtithe na Soiscéalaíochta Nua i 2011 agus i rith Carghas 2012 bhí tionscnaimh “Misean Ceannchathracha’ (capital cities) eagraithe ina raibh ardeaglaisí roinnt cathracha na hEorpa mar fócas ar an Soiscéalaíocht. I mBaile Átha Cliath bhí dhá Mhisean Cathrach mar chuid de na hUllmhuithe le haghaidh an 50ú Comhdháil Idirnáisiúnta Eocairisteach. Tá Sionad na nEaspag glaoite ag an Pápa Beinidict chomh maith leis an teideal “An Soiscéalaíocht Nua do Seachadadh an Chreidimh Críostaí” agus d’fhógair sé ‘Bliain an Chreidimh’ freisin le go leor tionscaimh shoiscéalaíochta, mar shampla feachtas domhanda don Phaidrín. Ta torthaí na Soiscéalaíochta Nua go mór le feiceáil san eaglais. Is féidir

02/08/2012 15:35


Timire breathnú ar an méid comhluadar eaglaiseach nua ata bunaithe le caoga bliain anuas chun é seo a léiriú, gluaiseachtaí agus comhluadair amhail Youth 2000, Emmanuel Community, Saint Egidio, Focolare, Communion and Liberation agus Neocatechumenal Way. Is comhluadair bheo fuinniúla iad seo, lán den Spiorad Naomh, ina bhfuil gníomhaíochtaí leathana á reachtáil acu – adhradh Eocairisteach, caiticéis ar theagasc na hEaglaise agus na Scrioptúr, seirbhís atrua, tionscnaimh chóir shóisialta (social justice) agus obair leis an óige san áireamh. Léiríonn an obair a dhéanann na comhluadair nua seo áthas agus fuinneamh an Spioraid Naoimh atá láithreach san Eaglais inniu agus an tábhacht atá ag baint leis an tSoiscéalaíocht Nua maidir le misean na heaglaise go ginearálta. Is féidir rath na Soiscéalaíochta Nua a fheiceáil san óige chomh maith agus is léir go mbraitheann todhchaí na heaglaise orthu. I mo thuairim féin tá fírinne sa seanfhocal ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’. Go minic ní bhíonn ach spreagadh ag teastáil maidir leis an óige. Is minic a bhíonn an óige ag iarraidh teacht ar an mbrí atá leis an saol a chaitheann siad – ag lorg cairdis, comhluadair agus grá ó lucht a gcomhaoise féin. Mar gheall ar an tSoiscéalaíocht Nua áfach, tá an líon daoine óga a fhaigheann áthas agus

9

dóchas ón gcreideamh ag dul i méid. Is fíor fhinnéithe agus misinéirí an chreidimh iad i gcultúr dí-eaglaiseach an lae inniu, rud a dhéanann difríocht mhór sa tsochaí. Gan amhras tá an tSoiscéalaíocht Nua fíor-tábhachtach don chreideamh Chaitliceach inniú agus tá an tábhacht sin ag dul i méid i gconaí. I mo thuairim féin tá misinéirí tuata agus comhluadair láidre riachtanach chun misean na heaglaise a chomhlánú, go háirithe sna tíortha Críostaí is sine ar domhan. Ar bhonn na taithí a fuaireas féin ag obair le Youth 2000 in Éirinn agus ón staidéar a rinne mé leis an Emmanuel School of Mission sa Róimh, tuigim go bhfuil dualgas ár linne mar Chaitlicigh soiscéalaíocht a dhéanamh agus Críost a fhogairt do dhaoine eile chomh minic agus is féidir. Sa slí sin is féidir linn a bheith mar fhíor fhinnéithe don Soiscéal. ‘Gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa’ (Gníomhartha 1:8). Ta tuilleadh eolais faoi mo mhisean pearsanta ar www.patmuldoon.org Is as An Muileann gCearr do Phádraig ó dhúchas. Tá sé bainteach le soiscéalaíocht don óige le deich mbliana anuas. I mbliana chríochnaigh sé cúrsa soiscéalaíochta leis an Emmanuel School of Mission sa Róimh.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhair 2012 Go dté an tSoiscéalaíocht Nua chun cinn ins na tíortha Críostaí is sine

TIMIRE Autumn_2012.indd 9

02/08/2012 15:35


10

Timire

An Camino sa Chathair Seán Ó Catháin Mar cuid de Chomhdháil Idirnásiúnta Eocairisteach 2012 i mBaile Átha Cliath, eagraíodh siúlóid oilithreachta ó cheann go ceann de seacht gcinn de na séipéil is sine sa chathair. Eagraíodh é idir an 10ú agus an 17ú Meitheamh faoi chúram Ard-Deoise Átha Cliath. Cuireadh tús leis ar maidin Shathairn an 10ú Meitheamh, i searmanas idireaglasta in eaglais Naomh Áine i Sráid Dáson. Do bhí an séipéal lán go béal le daoine ó ghach cúlra, chun an tArdeaspag Diarmuid Martin agus an tEaspag Anglacánach Michael Jackson a chloisint ag cur tús leis an oilithreacht agus ag guí beannachtaí ar na hoilithrigh agus ar obair na Comhdhála Eocairistí. Seachas an séipéal seo ba shéipéil Chaitliceacha iad na sé cinn eile ar an siúlóid, ag críochnú i Leas-Ardeaglais Mhuire, i Sráid Mhaoilbhríde. Téann nós na siúlóide oilithreachta i bhfad siar, agus táid luaite sa Bíobla sna Sailm. Ni gá ach smaoineamh ar an Camino de Campostella atá á shiúl, trasna thuaisceart na Spáinne, ag na céadta míle duine ar siúlóid a théann siar ocht gcéad bliain. Ba Camino Cathrach an ceann seo againne i mbliana, le paidreacha ciúine nó adhradh na Naomhshacraiminte sna séipéil difriúla. Tugadh ‘Pilgrim Walk Passport’ do gach duine ar an camino seo. Leabhrán gleoite is ea é, deartha agus daite go snasta le teachtaireacht

TIMIRE Autumn_2012.indd 10

ón Ardeaspag Diarmuid chun tosaigh agus paidreacha oiriúnacha istigh. Tá pictiúr de na seacht séipéal ann le leathanach faoi leith i gcomhair gach ceann acu ag tabhairt stair na háite agus rl. Tá áit ag bun na leathanach seo chun stampa an Pharóiste sin a bhualadh air mar dhearbhú. Do bhi eagar an-mhaith sna paróistí difriúla le fáilte chairdiúil ag gach suíomh agus daoine ann chun cabhrú agus chun an ‘stampa’ a chur ar an leathanach cuí. Chuamar ar an tsiúlóid an chéad lá agus cé gur éirigh sé beagáinín fliuch sa tráthnóna do bhí aoibh mhaith ar na daoine lena mbuaileamar ar an mbealach i mbun an ghnó chéanna. Do bhí sé an-suimiúil aithne a chur ar na séipéil difriúla agus níos mó a fhoghlaim fúthu. Bhi gach ceann acu maisithe go deas taobh amuigh le bratacha agus rl, ag fógairt teacht na Comhdhála Eocairistí. Seo leanas blas de chuid de na gnéithe a chuaigh i bfheidhm orm sna paróistí difriúla. Is in eaglais Naomh Áine i 1785 a phós Wolfe Tone a ghrá óg Matilda, ó Shráid Grafton, roimh teitheadh léi. Is ann a mbíodh ár gcéad Uachtarán Dubhglas de hÍde ag freastal go rialta ar sheirbhísí, mar a bhí an 4ú Uachtarán Erskine Childers ina dhiaidh. Duirt Ministir na hEaglaise sin liom go rabhadar ana-shásta beith páirteach sa tionscnamah seo, mar chuid den Chomhdháil Eocairisteach. Is i Séipéal Mhuire de chuid na

02/08/2012 15:35


Timire

11

Chuamar ar an tsiúlóid an chéad lá agus cé gur éirigh sé beagáinín fliuch sa tráthnóna do bhí aoibh mhaith ar na daoine lena mbuaileamar ar an mbealach i mbun an ghnó chéanna

gCairmilíteach ar Shráid na mBráithre Bána atá iarsmaí Naomh Vailintín agus is ann leis atá an sean dealbh adhmaid ar a dtugtar ‘An Madonna Dubh’ nó ‘Our Lady of Dublin’ agus paidir álainn chuichi ag gabháil leis ar son na hóige, na n-aosach, na seanóirí, agus iad siúd ar strae agus ar son síochána in ár gcroí agus len ár muintir sa bhaile. Ar Shráid Naomh Tomás tá an séipéal

TIMIRE Autumn_2012.indd 11

mór, de chuid na nAgaistíneach ar a dtugtar ‘John’s Lane Church’ (Eaglais Naomh Agaistín agus Naomh Eoin Baiste). Ba é Augustus Pugin a dhear é agus tá túr ollmhór os a chionn le figúir air gearrtha ag athair Phádraig Mhic Piarais. Ta fuinneoga móra daite suimiúla istigh ag ríomadh scéalta na Naomh atá bainteach leis an Ord. Is ar Shráid Shéamais atá Séipéal

02/08/2012 15:35


12

Timire

Naomh Séamas. Ba é Domhnall Ó Conaill (The Liberator) a leag an bunchloch anseo i 1844, agus tá a chloigeann greanta ar thaobh an dorais tosaigh. Tá an ceantar seo bainteach leis an Camino de Compostella sa Spáinn ón dara haois déag, agus is ann a fhaigheann oilithrigh ó Éirinn an Pas-leabhrán roimh tosnú ar an Camino sin. Ba shagairt ón bparóiste seo a d’fhreastail ar shínitheoirí Fhorógra na Cásca 1916, i bpriosún Chill Mhaighneann agus iad ag fanacht ar bheith curtha chun báis. Is ceann acu siúd a phós Joseph Mary Plunkett agus Grace Gifford sa phriosún an oíche sul ar cuireadh chun báis é. Leaba i measc na Naomh go raibh acu go léir. Treasna na habhann linn ansin go Sráid na hEaglaise agus Séipéal Mhuire na nAingeal de chuid na Caipisíneach Proinnsiasach.Ta cáil ar na Caipisínigh seo as béilí saor in aisce a thabhairt do na bochtáin ó Luan go Satharn. Is ann a mbíonn na scuainní ar maidin Chéadaoine, nuair a dháiltear breis is míle beartán bia. Ta Staisiúin na Croise fíor dheas acu anseo; ola phictiúir, le hinscríbhinní i nGaeilge gonta, seanda. Ta Séipéal Naomh Michan ag síneadh idir na cúlsráideanna Halston agus Áine i gceann de na paróisti is sine i mBaile Átha Cliath, ag dul siar míle bliain.Tógadh an séipéal ar an suíomh áirithe seo i 1817. Bhíodh na hÍosánaigh bainteach leis an bparóiste agus rinne duine acu, an tAthair Mulhall, éacht ag bunú scoileanna agus ag cur oideachas ar fáil do Chaitlicigh. Is anseo a fuaireamar ár bPasanna stampáilte leis an dearbhú deas ‘Santi Michani - Moladh go Deo le Dia’. Críochnaíonn an oilithreacht le hAifreann i Leas Ardeaglais Naomh Muire i Sráid Mhaoilbhríde. Is ann a

TIMIRE Autumn_2012.indd 12

fuaireamaran stampa deireannach ar an Pasleabhar agus teastas cheann chúrsa na hoilithreachta. Do bhiodh John Mc Cormack ag canadh anseo leis an gCór Palestrina nuair a bhunaíodh é i 1903. Tá stair ar dtíre féin agus go háirithe stair phobal na cathrach le dhá chéad bliain anuas fite fuaite le scéal na bparóisti seo ina rabhamar ar cuairt orthu. Bhaineamar tairbhe agus taithneamh as an lá. Do bhuaileamar lena lán daoine ó shoin a bhí tar éis an tsiúloid a dhéanamh, ina measc oilithrigh a tháinig ar cuairt go dtí ár dtír i gcomhair na Comhdhála Eocairistí. Tá buíochas mór tuillte ag na daoine a d’eagraigh an tSiúlóid Oilithreachta shamhlaíoch seo. Is turas inmheánach chomh maith le turas seachtrach é siúlóid oilithreachta, chun teacht níos gaire do spiorad Dé ionainn féin. I slí amháin táimid go léir ar oilithreacht ar an saol seo, ó bhreith go bás. Ar an tuisint sin nach deas an phaidir traidisiúnta seo atá tugtha i nGaeilge agus i mBéarla sa Phasleabhrán.

Paidir agus tú ar Turas A Dhia, beannaigh an chéim a bhfuil mé ag dul, Beannaigh dom an chré atá fém’ chois Go raibh Críost agus Muire Dár dtionlaic feadh an bhóthair Nára turas é in aisce Gura tairbheach gach orlach In ainm an Athar le bua In ainm an Mhic a d’fhulaing pian, In ainm an Spioraid Naoimh le neart, Muire is a Mac linn ’nár dtriall.

02/08/2012 15:35


Filíocht

Timire

13

SÉIRE

PEACA

Luíonn an suaimhneas mar bhrat síoda Anseo os cionn na trá dom; An reilig agus seanchill Mholua taobh liom. Is gan fágtha de anois ach stua eidhneach.

Folús a bhraith mé Uaill fholús gránna Mar a shíl mé go dtí seo Go raibh lán sruth is sásamh. Saobh-shonas a mheall mé Peaca a dhearnas Is in ionad aon fhaoiseamh Líon mo chroí de mhí-shástacht.

Bristear an tost ag scata lon A scinneann tharam le scréach. Cloisim cneadadh bog na dtonn arís Mar a chuala na manaigh fadó Ag tráth na hEaspartan.

Ar líonmhaireacht peacaí Fuair Maigdiléin cáil Ba liosta le háireamh Droch-ghníomhartha Saul. Peacaí a dhein naomh De Phroinsias ón Iodáil. Tuar dóchais an scéal san Don ainniseoir fáin.

Síneann an gort cruithneachta síos uaim, An barr go raidhsiúil i mbun a mhéid. Nach maorga seasann sé Gan cor as na gasanna thart anseo; Ach croitheann siad faoi na smólaigh thall. Táid na gadaithe siúd ag tapú na faille Ag stoitheadh is ag ithe le flosc Agus gach gliogaireacht astu.

Caitlín Ní Luasaigh

Stoithim dias agus cuimlím idir mo bhosa. Tá an grán ar dhath na meala. Meilim le dua ach le dúil sa bhlas. Is fada ó bhuail mé dias chruithneachta: Ag filleadh dom ón scoil lá fómhair fadó. Nach lách m’ealaín anois, a Thiarna, Bheith i láthair bharrcruithneachta arís; Bheith i do láthairse – an síol is an fómhar. Ár n-arán laethúil. Bríd Dáibhís

Tomhas an Timire: 169

1

2

3

4

5

6

7

8

Bhunaigh an naomh seo mainistir cháiliúil ag Gleann Dá Loch. Tá liosta focal thíos. Tóg litir amháin as gach focal chun an freagra a fháil: Dobharchú, caora, lao, fia, madra, tarbh, sicín, puisín Scriobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig:An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 1 Deireadh Fómhair, 2012. Tomhas 168: Freagra: Meitheal Buaiteoir: Nóra Ní Chuanaigh, Laurel Grove, Dún Dealgan, Co. Lú.

TIMIRE Autumn_2012.indd 13

02/08/2012 15:35


14

Timire

An Caogadú Comhdháil Eocairisteach Ceiliúradh an Aifrinn i nGaeilge: Eaglais an Chroí Ró-Naofa Domhnach Broc, Baile Átha Cliath Dé Luain, 11 Meitheamh ar 9.30 a.m. I gcomaoin le Críost agus lena chéile

An tSiúr Éilís Ní Thiarnaigh Rinneadh an tAifreann seo a cheiliúradh i gcomhaontacht le os cionn fiche Aifreann eile a bhí á gceiliúradh i

TIMIRE Autumn_2012.indd 14

dteangacha éagsúla ar fud na cathrach. B’é Coiste Tréadach Ard-Deoise Átha Cliath a rinne na socruithe don ócáid stairiúil seo. An tEaspag Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire, a bhí mar phríomh-cheiliúraí. Mar chomhcheiliúraithe bhí an Cairdinéal Seán Mac Brádaigh, Ard-Easpag Ard Macha, an Cairdinéal Keith O’Brien, Ard-

02/08/2012 15:35


Timire Easpag Dhún Éidin na hAlban, an tAthair Pádraig Ó Cochláin, Rúnaí an Choiste Thréadaigh agus seachtar sagart eile ó Éirinn agus ó thíortha eile. De bharr droch-shláinte ní raibh sé ar chumas Cathaoirleach an Choiste Thréadaigh, an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh OFM, a bheith i láthair. Timpeall 600 duine a d’fhreastail ar an Aifreann ionas go raibh an eaglais mhór beagnach lán. Cór Ghaelscoil Neasáin, Baile Harmain, Baile Átha Cliath 5, a sholáthair an ceol, faoina stiúrthóir, Jennifer Nic Ruairí, agus b’í Bláthnaid Ó Brádaigh a chan an salm. Tar éis homaile spreagúil ón gCeiliúraí, a mhisnigh an pobal go mór, bhí mórshiúl na hofrála ann. Thug ceathrar dalta ó Scoil Móbhí agus ó Ghaelscoil Choláiste Mhuire ceithre bhronntanas chun na haltóra a rinne ceangal idir an pobal Críostaí in Éirinn inniu agus ár sinsir a chuaigh romhainn: Cros agus Brat Bhríde ar comhartha iad ar chreideamh doimhin Naomh Bríd agus a dhéanann ceangal, ó thaobh ama de, gar go maith do ré Naomh Pádraig féin. Dlúthdhiosca dar teideal Guth Ár Sinsear, ar a bhfuil amhráin ó Ré Órga na Críostaíochta inár dtír. Tá na hamhráin seo bunaithe ar shleachta as ár lámhscríbhinní luachmhara i Mainistir San Gallen san Eilbhéis agus i leabharlanna eile ar fud na hEorpa. Is í nua-theicneolaíocht ár linne féin a chuireann ar ár gcumas iad a bheith ar fáil dúinn inniu. Cóip de leabhar dar teideal Beatha Chríost. Dán fada ón 17ú haois atá ann atá bunaithe ar lámhscríbhinn – Smaointe Bheatha Chríost – ó na Meánaoiseanna. Tá an lámhscríbhinn seo féin bunaithe ar na Ceithre Shoiscéal. Paidrín beag lámhdhéanta leis an gcineál cros air a bhíodh in úsáid le

TIMIRE Autumn_2012.indd 15

15

linn na bPéindlithe. Cuireann seo i gcuimhne dúinn dílseacht ár sinsear don chreideamh, tráth ar dheacair sin: nuair nach mbíodh deis acu dul ar Aifreann Domhnaigh mar gheall ar na Péindlithe, is minic a deiridís an Paidrín sa mbaile lena ngrá do Dhia a chur in iúl agus a chumhdach agus a chabhair a iarraidh air. Ina dhiaidh sin thug beirt dhalta as Gaelscoil Choláiste Mhuire an t-arán agus an fíon chun na haltóra mar chomhartha ar ár n-ofráil féin do Dhia san Aifreann beannaithe seo, ionas go ndéanfaí díobh, trí chumhacht an Spioraid Naoimh, Corp agus Fuil ár dTiarna Íosa Críost le hofráil don Athair síoraí. Ag deireadh an Aifrinn, agus an cór ag canadh Rian Phádraig, shiúil na comhcheiliúraithe go léir tríd an eaglais amach agus mheasc leis na daoine faoi ghrian geal na maidine.

An Eocairist

I gcomaoin le Críost agus lena Chéile Eochair na fuascailte is eochair na bhFlaitheas dúinn uile – Ortha an tslánaithe is ortha an aoibhnis don chine – Caidreamh is comhluadar Críostaithe le C Dia is le chéile – Admhaíonn ár gcreideamh athrú an Aráin is an Fhíona – Itear an tArán is leigheastar anamacha tinne – Rith chun Dé ár rith de shíor is choíche – Iontach linn teacht Chríost, bás Chríost, Aiséirí Chríost – Sólás dúinne lón ár n-anama a roinnt – Teachtaireacht shlánaitheach Íosa ár T n-oidhreacht is ár ríocht. Ciarán Ó Coigligh, Lá Fhéile Muire 2010

02/08/2012 15:35


16

Timire

Cumhacht agus Áilleacht an Chreidimh

Seán Ó Cearbhalláin SJ Sa litir Porta Fidei inar fhógraigh an Pápa Beinidict XIV Bliain an Chreidimh, luann sé ‘cumhacht agus áilleacht’an chreidimh. Sa Litir chuig na Colosaigh, molann Pól don phobal sin gan bogadh ón dóchas a cuireadh ar lasadh iontu ag an Soiscéal: Fanaigí dilis don chreideamh, go staidéarach seasmhach gan bheith do bhur gcorraí as bhur ndóchas sa soiscéal a chuala sibh, agus a foilsíodh do gach dár cruthaíodh faoi neamh. (Colosaigh 1:23) An friotal sin de chuid Naomh Pól, léiríonn sé teagasc nach gcluintear go minic, gur foinse an dóchais é an Soiscéal. Ní amháin gur dóchas diaga atá i gceist, an dóchas sin a luann Naomh Pól go minic in éineacht leis

TIMIRE Autumn_2012.indd 16

an chreideamh agus an ghrá. Más faoi dhóchas sa Soiscéal a scríobhann Pól, b’fhearrde é sin a thuiscint mar dóchas an tSoiscéil, sé sin le rá an dóchas diaga agus daonna a thagann chugainn as cumhacht agus áilleacht an tSoiscéil. I gcomhthéacs an lae inniu is é an dóchas an suáilce a chronaíonn furmhór an ghnáthphobail: dóchas sa rialtas, dóchas san eacnamaíocht, dóchas sa sochaí, dóchas san eaglais. Gné í de chumacht agus áilleacht an tSoiscéil é an dóchas sin a bheireann áthas buan dúinn go bhfuil ciall gan chuimse ag ár mbeatha ar an saol seo d’ainneoin an dorchadais a bhuaireann sinn go minic agus d’ainneoin chiúnas Dé, ciúnas a admhaíonn an Pápa sa litir Porta Fidei (15), gur triail é dá lán daoine

02/08/2012 15:35


Timire nuair ab áil linn go léir briathar an tsóláis a chluinstin. Cúpla mí ó shin chonaic mé clár teilifíse ina ndearnadh agallamh le hollamh le geilleagar ar Mhór-roinn na Síne. Chuir an t-agallóir an cheist seo air: Arbh’fhéidir leis an tSín sárchumacht domhanda a dhéanamh? Chuir mé suim ar leith san fhreagra a thug sé: ‘Ní féidir, ní féidir in aon chor’ ar sé. ‘Ní féidir leis an tSín dóchas a thabhairt do dhaoine!’ Ní fheadar an bhfuil creideamh ar bith ag an Ollamh Mao [de thaisme, sin is ainm dó. Ní dócha go bhfuil gaol ar bith aige leis an Chathaoirleach Mao, an té a rinne an oiread sin dochair don tír]. Níor luaigh an tOllamh aon rud níos mó faoin dóchas seo a raibh sé ag caint air. Mar a dúirt mé chuir mé speis ar leith gur labhair sé faoi dhóchas mar shlat tomhais do thuairim pholaitiúil faoin todhchaí. Sna 70 idí den aois seo chaite, bhí roinnt mhaith ábhair á scríobh fá dtaobh den dóchas Críostaí. Leis na céadta bliain anuas, sna chúrsaí diagachta, ba mhó an bhéim a chuirtí ar an chreideamh, agus roinnt mhaith ar an charthanacht, agus is annamh a chuala mórán fá dtaobh de shuáilce an dóchais. Sna Seascaidí den aois seo chaite san Eoraip tharla agallamh idir lucht leanúna Karl Marx agus Críostaíthe áirithe fá dtaobh de fhiúntas an tSoiscéil. Chiontaigh na Marxaigh na Críostaithe gur bhraith siad an Soiscéal mar chuir siad an dóchas Críostaí go hiomlán sna Flaithis sa dóigh is go ndearna siad dearmad ar an dóchas is gá don chine daonna ar an taobh seo den uaigh!

17

Dá bharr sin thosaigh diagóirí ag smaoineamh arís ar thábhacht an dóchais mar shuáilce rí-bhunúsach sa Tiomna Nua. Ón am a scríobh Naomh Pól a chéad litir chuig na Teasalónaigh i leith, tá sean-taithí againn ar an fhriotal, ‘creideamh, dóchas agus grá’. Ach is annamh sna Soiscéil a luaitear an dóchas: nuair a luaitear an focal, bréagdhóchas atá i gceist, an dóchas sin nach bhfuil fíorbhonn diaga ná cumhacht agus áilleacht an chreidimh ag gabháil leis. Is tíolaic é an Soiscéal, mar a dhearbhaigh an Pápa anuraidh ina thuairisc fá choinne Dhomhnach na Misean. Is tíolaic é a thagas chugainn leis an dualgas í a roinnt le daoine eile. Tá sin soiléir i litreacha Naomh Pól. Cé nach scríobhann sé go díreach faoin cheangal atá idir an tíolaic and an dualgas, is léir é ón diagacht domhain a dhearbhaíonn sé sna litreacha faoi mar a chaith sé a bheatha féin ag craobhscaoileadh an tSoiscéil do na Geintlithe go mbeidís páirteach sa tíolaic gan chuimse a bhuaigh Íosa dúinn: grásta an tslánaithe. Éistimís le moladh Naomh Peadar: ‘Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh’ [1Peadar 3:15]. Más léir dúinn brí an dóchais sin gur cumhacht agus áilleacht an tSoiscéil í, iarraimís ar Dhia an tíolaic seo don Eaglais: dúthracht athlasta chun na Soiscéalaíochta le go dtabharfadh cumhacht agus áilleacht an tSoiscéil dóchas úr dúinne atá inár suí i ndorchadas na haoise seo.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Dheireadh Fómhair 2012 Gurab é a thiocfaidh as ceiliúradh Lá Domhanda na Misean, dúthracht athlasta chun na Soiscéalaíochta.

TIMIRE Autumn_2012.indd 17

02/08/2012 15:35


18

Timire

Mairtírigh na Cambóide

Ashley Evans SJ Ar 6 Aibreán 1975 cúpla lá roimh don Khmer Rouge príomhchathair Phnom Penh a ghabháil, d’oirinigh Mons. Yves Ramousse, Iarbhiocáire Aspalda Phnom Penh, sagart darbh ainm Joseph Chhmar Salas ina Easpag Cóidiútar. B’eisean an chéad Easpag Khmer i stair na hEaglaise. Ar 30 Aibreán, 1975 díbríodh Mons. Ramousse, chomh maith leis na heachtrannaigh go léir eile a bhí fós sa tír, amach as an Chambóid. Ar 18 Aibreán, 1975, thug an Khmer Rouge ar mhuintir Phnom Penh, ‘an pobal nua’, bogadh amach faoin dtuath i measc na ‘sean daoine’, chun cabhrú ar na feirmeacha comhoibritheacha. Bhí ar an Easpag Joseph Chhmar Salas agus cuid dá shagairt siúl beagnach céad míle slí go sráidbhaile darbh ainm Taing Kauk i gCúige Kompong Thom, áit ar chuir said fúthu, ag obair go crua agus gan a fhios a bheith ag lucht an Khmer Rouge

TIMIRE Autumn_2012.indd 18

cérbh iad go baileach. Thug an tEaspag a chros agus an fáinne aspalda dá mháthair le coinneáil in áit shábháilte. Chuir sise i bhfolach iad faoi chúpla nead circe. Ó am go céile d’éiríodh leis an Easpag Joseph cuid dá shagairt agus dá phobal a bhailiú le chéile chun Aifreann a léamh faoi cheilt. Ba fhíor annamh a tharla sé seo áfach. Fuair an tEaspag Chhmar Salas bás den ocras agus den obair chrua i mí Meán Fómhair 1977. Adhlacadh é in uaigh choiteann gar do pagoda Taing Kauk. Níor tháinig duine ar bith de na sagairt Khmer eile slán ó thréimhse sin an ansmachta. Tháinig beirt Siúracha Khmer a bhain le hOrd na hOirchille de Portieux slán ón rialtas crua sin, le cabhair ó Shiúracha Bhítneamacha a chuir i bhfolach iad i dtrucail tuí. Fuair na fir is na mná rialta eile go léir bás. Fuair a lán de na Caitlicigh tuatacha bás i rith na tréimhse seo chomh maith. Oirníodh an tAthair Paul Tep Im

02/08/2012 15:35


Timire Sotha i 1959. Ba shagart Khmer eisean chomh maith a shíolraigh ó phósadh measctha Khmer Francach/Caitliceach Búdaíoch. Ar 26 Meán Fómhair 1968 roinneadh Biocáireacht Aspalda Phnom Penh i dtrí chuid: Biocáireacht Aspalda Phnom Penh, Maoracht Aspalda Kompong Cham agus Maoracht Aspalda Battambang. Ainmníodh an tAthair Tep ina Chéad Mhaor Aspalda ar Battambang. B’ionann seo is go raibh údarás iomlán ghnáth-easpaig aige do Mhaoracht Battambang, ach ní raibh údarás aige le sagairt a oirniú. Go teicniúil mar sin ba shagart fós é. Ach thug an pobal go léir ‘Easpag’ air. Tá cuimhne go fóill ag a lán Caitlicigh ar an Aifreann deireanach dár léigh sé. Bhí an foréigean i réim, agus chomhairligh na Caitlicigh Khmer don Easpag Tep Im iarracht a dhéanamh an Téalainn a shroisint in éindí le sagart Francach eile, i. Jean Badre. Ba bheag nár éirigh leo, ach tháinig an Khmer Rouge suas leo agus chuir said chun báis iad ag Bat Trang, atá suite i gceantar Mongkol Borei, i gCúige Banteay Meanchey, cúpla míle ó theorainn na Téalainne. Tá píosa amháin dá shaol atá beagnach dearmadta. Tamall sar ar ghabh an Khmer Rouge Phnom Penh, cuireadh Paul Tep go Hatch End, Middlesex, le freastal ar chúrsa ag an Choláiste Caitliceach Raidió agus Teilifíse. Le linn dó bheith ansin thug sé agallamh ar an raidió. D’fhoilsigh an Catholic Herald cuntas ar an agallamh sin. Is iontach an léargas a thugann sé dúinn ar aigne agus ar chroí an ‘tréadaí’ Khmer seo.

19

Rinne sé cur síos seo ar mheon a phobail: ‘mothaíonn siad go bhfuil siad i mbaol de ló is d’oíche, ach tá áilleacht ag baint leo chomh maith, is é sin go bhfuil géilliúllacht de shaghas éigin iontu – ní bhíonn aon róbhrón ariamh orthu ach bíonn siad sásta géilleadh don chinniúint roimh chontúirtí ar bith atá rompu am nó lá ar bith. San Áis tá cumhacht inmhéanach againn. Tig linn bheith suaimhneach agus glacadh le pé rud atá le teacht, agus leanacht ar aghaidh leis an obair go misniúil ag an am céanna. Bíonn gá le dóchas i gcás mar seo. Agus fianaise a thabhair dá réir. Is é sin an saghas fianaise a bhíonn ormsa a thabhairt, mar ní Críostaithe iad 95% de na daoine a thagann chugam. Is Búdaigh nó NeamhChríostaithe a bhformhór. Ach tá a fhios acu cé mise’. Is mar sin a fuair an tEaspag Chhmar Salas agus an ‘tEaspag’ Tep Im bás faoi ansmacht an Khmer Rouge. Ar 5 Deireadh Fómhair 1997 coisriceadh Mons. Emile Destombes ina Easpag Cóidiútar do Bhiocáire Aspalda Phnom Penh. Le linn an tsearmanais shiúil seanbhean suas céimeanna adhmaid na haltóra agus chuaigh i dtreo Mons. Emile. Do chrom seisean a cheann go híseal. Chuir an tseanbhean an chros agus slabhra aspalda a bhaineadh lena mac, tráth, thar ghuaillí Mons. Emile. Oirníodh ceithre shagart Khmer nua i mbliain 2002. Ó shin i leith tá móideanna chráifeachta glactha ag cúigear bean Khmer, agus ceiliúradh os cionn caoga pósadh Caitliceacha Khmer. Cuirtear rúndiamhair na Cásca in ár láthair go beo sa Chambóid.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Samhna 2012 Go dtuga easpaig, sagairt agus friothálaithe uile an tSoiscéil fianaise chróga ar dhílseacht don Tiarna a céasadh agus a d’aiséirigh.

TIMIRE Autumn_2012.indd 19

02/08/2012 15:35


20

Timire

El Corderito: Alfie Lambe (Ailfí Ó Luain)

Pádraig Ó Maoldúin Rugadh Ailfí Ó Luain sa Tullach Mhór, Co. Uíbh Fháili ar an gceathrú lá ficheadh de Mhí an Mheithimh 1932. Óna óige theastaigh uaidh bheith ina Bhráthair Críostaí agus in aois a cheithre bliana déag glacadh isteach san Ord é mar mhacléinn ach de bharr laige shláinte mhol a dhochtúir dó nach mbeadh saol deacair na mBráithre oiriúnach dó ar chor ar bith agus d’fhill sé abhaile agus é croí-bhriste. Taréis scathaimh aimsire chuaigh sé isteach sa Léigiún Mhuire a bhí ina pharóiste agus ó thús bhí sé cinnte de gurbh é an Léigiún an gairm bheatha a bhí réamh-ordaithe dó. In aois bliain is fiche dó thairg Ailfí, dá stuaim féin, dul go Meiriceá Theas mar Thoscaire an Léigiúin agus ghlac Cinnirí an Léigiúin leis an tairiscint. Ar an séú lá déag de Mhí Iúil 1953, Féile Muire gan Smál, d’fhág Ailfí agus Séamus de Grás, toscaire eile Léigiúnach, Aerphort na Sionainne ar an gcéad chéim dá

TIMIRE Autumn_2012.indd 20

dturas go Nua Eabhrach agus seachtain ina dhiaidh sin shrois siad Bogotá príomhchathair na Colóime. I gcríocha forleathana Mheirceá Theas, is ann a bheadh Ailfí ar feadh sé-go-leith de bhlianta (go trath a bháis) ag bunú, ag leathnu agus ag buanú an Léigiúin sna tíortha seo leanas : an Cholóim, Eacuadór, Peiriú, an Bholaiv, Paragua, Uragua agus an Airgintin. Ba mhioriúltach é an tslí inar éirigh le duine chomh hóg a leithéid de mhisiún aspalda a bhunú agus a riaradh. Ni raibh teorann lena dhúthracht in obair na haspalachta. Gan dabht ba í Máthair Dé a bhí ag obair trí Ailfí. Seo iad an dá phrionsabal ar a bhfuil córas an Léigiúin bunaithe. (Is as an Teagasc i dtaobh an Choirp Mhistiúil Chríost iad ) (1) Caithfidh na Leigiúnaigh Críost a fheiceáil i ngach aon duine a mbeidís ag freastal air ( 2 ) Caithfidh siad a gcuid oibre a dhéanamh i ndlúthpháirt le Muire. Agus seo é an mana a bhí de shíor ar bheola Ailfí Uí Luain. ‘Caithfimid an Leigiun a chur

02/08/2012 15:35


Timire ag obair inár mbeatha féin’. Ba í an bhrí leis an ráiteas sin, spiorad Mhuire Mháthair a bheith ionainn.agus is cóir dúinn bheith go rialta ag smaoineamh le Muire, ag déanamh comhrá léi, ag guí léi agus ag obair léi. Go fírinneach is gá dúinn bheith ag maireachtáil inti, mar a mholann Íosa dúinn ina leith féin. (Soiscéal Naomh Eoin 15:1-7) Is mana freisin an Léigiúin gur cheart freastal ar an dream is ainnise agus is duairce de phobal Chríost. Chuir Ailfí an chomhairle sin i gcrích go praiticiúil nuair a chuaigh sé ag obair i gCoilíneacht Lobhar lasmuigh de Quito, príomh-chathair Eacuador, agus bhunaigh sé trí Phraesidea san áit. Rinne sé amhlaidh sa chathair céanna nuair a bhunaigh sé ceithre Praesidea i bpriosún mór agus thug sé dúshlán mheanmnach do na baill á rá leo ‘Féadfaidh daoine mar sibhse muintir Eacuadór a athrú go bunúsach, chun maitheasa, tré chumacht Mháthair Dé ag obair ionaibh.’ Ni hamháin gur thainig na mílte iarChaitlicigh ar ais chun na h Eaglaise ach freisin tháinig na céadta Cumannaigh (daoine a bhí go nimhneach in aghaidh na hEaglaise Caitlicí ) ar ais chun freastail ar Aifreann agus chun na Sacraimintí a ghlacadh. Ní gá a rá go raibh ainm Ailfí Uí Luain in airde i measc na nEaspag, na Cléire agus na mílte daoine i Meirceá Theas. ‘El Corderito’: ‘Little Lamb’ a thugtaí air! Ach mar a dúirt mé cheana ní raibh an tsláinte ró-mhaith aige agus de bharr an mhéid oibre a bhí á dhéanamh aige bhíodh sé tuirseach, traochta i gcónaí agus sa deireadh bhris an tsláinte go hiomlán air. Tógadh go hospidéal é agus

21

nuair a rinneadh x-ghathú air fuarthas go raibh othras fuilteach sa bholg aige. Bhí Ailfí Ó Luain ag druidim go deireadh a shaoil ghairid. Tar éis cúpla seachtain fuair sé bás ar an 21ú lá d’Eanáir 1959 in ospidéal i mBuenos Aires. Cuireadh a chorp i dtuama na mBráithre Críostaí i Reilig Recoleta. I measc na Naomh agus na nAingeal, i gcomhluadar Dia na Glóire agus Muire Máthair Chríost atá Ailfí. Is eiseamlair thar barr é Ailfí d’ógánaigh an domhain mhóir agus go háirithe d’ógánaigh na hÉireann. Ar an 21ú lá d’Eanáir gach bliain bíonn ceiliúrtha éagsúla ar siúl ar fud Mheirceá Theas i gcuimhne Ailfí Uí Luain, an ‘El Corderito’. Tagann na mílte le chéile i gcomhair Aifrinn speisialta ag Reilig Recoleta ar an lá céanna.

Nóta ón údar: Gabhaim buíochas as ucht an eolais a fuair mé ó na leabhair thíosluaite ar shaol Ailfí Uí Luain (a) ‘Alfie Lambe’ le Hilde Firtel agus (b) ‘El Corderito’ leis An tAthair Séamus de Vál, foilsithe ag FS (Foilseacháin Ábhair Spioradálta). B’fhiú na leabhair sin a léamh chun Spiorad an Léigiúin, ‘sé sin Spiorad Mháthair Dé agus spiorad Ailfí Uí Luain a thuiscint agus a leanúint. Is iarmhúinteoir é Pádraig agus ball gníomhach den Léigiún Mhuire.

Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí na Samhna 2012 Go lonraí an Eaglais Oilithrigh ina lóchrann do na náisiúin.

TIMIRE Autumn_2012.indd 21

02/08/2012 15:35


22

Timire

Aoibhinn Beatha an Scoláire: Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach

An tOllamh Mícheál Ó hAodha Bunaithe ag Siúracha na Trócaire i 1898, is Coláiste Oiliúna agus Saorealaíona ag leibhéal Ollscoile é Coláiste Mhuire gan Smál, nasctha go hacadúil le hOllscoil Luimnigh. Tá daonra mac léinn de 3,500 sa Choláiste anois, cláraithe i gcláir fhochéime san Oideachas, sna Dána agus i gCúram agus Oideachas Naíonán, chomh maith le réimse de chláir iarchéime ag leibhéal dioplóma, Máistreachta agus Dochtúireachta. Ghlac mé leis an ról pribhléideach mar an naoú Uachtarán ar Choláiste Mhuire gan Smál i nDeireadh Fómhair 2011, i gcomhthéacs an thraidisiúin fhada atá san oideachas ag Siúracha na Trócaire. Is é an rud is mó a théann i bhfeidhm

TIMIRE Autumn_2012.indd 22

orm faoi bhunú an Choláiste 114 bliain ó shin, ócáid tábhachtach i stair ár gcathair agus ár Stáit, go bunúsach, ná gurb é an Coláiste an institiúid tríú léibhéal is sine i Luimneach, ach i gcomhthéacs na tréimhse úd, gurbh ionann a bhunú agus léiriú fisiciúil d’fhís leithleach agus nuálach – fís atá tábhachtach dúinn go léir sa lá atá inniu ann. Trí mheán thraidisiúin Chaitlicigh theastaigh ó Catherine McAuley dul i ngleic le pobail a bhí ar an imeall agus theastaigh uaithi deiseanna níos fearr a chruthú trí oideachas, a bhí mar ghné lárnach de dhea-cháilíocht beatha. Mar an coláiste Caitliceach is mó in Éirinn, táimid bródúil as cáil an Choláiste mar institiúid chomhbhách ina dtugtar fíor-aire don duine aonair.

02/08/2012 15:35


Timire Cuirtear timpeallacht acadúil, fhisiceach agus shóisialta ar fáil ina spreagtar ní hamháin foghlaim ach forbairt phearsanta chomh maith. Is mian leis an gColáiste timpeallacht a chothú ina dtugtar ómós do luachanna Críostaí; do shaoirse phearsanta agus do fhreagracht. Ghlac mé leis an bpost mar Uachtarán le linn ceann de na tréimhsí fáis agus forbartha is corraithí i stair an Choláiste. Tá mórchlár infheistíochta caipitiúla de luach €40 milliún díreach críochnaithe, le hathchruthú agus le forbairt iomlán an champais mar thoradh air. Faoin gcéim seo de chlár tógála an Choláiste, tógadh dhá fhoirgneamh úrscothach, Tailteann agus Teamhair/ TARA. I measc na n-áiseanna atá inár bhfoirgneamh campais nua, Teamhair/ TARA, tá léachtlanna saintógtha, áiseanna ríomhaireachta cuimsitheacha, saotharlanna teanga agus amharclann ilchuspóireach le 500 suíochán, Amharclann Chrann Teile, a osclófar go hoifigiúil i Meán Fómhair 2012. Toghadh Tailteann, ár lárionad spóirt, mar Fhoirgneamh Fóillíochta na Bliana 2008. Bíonn an-tóir go deo ar an réimse chláir a sholathraíonn Coláiste Mhuire gan Smál. Tá cáil ar an gColáiste d’ardchaighdeán teagaisc, foghlama agus taighde agus d’ardchaighdeán na mac léinn a mhealltar ann ó bunaíodh é breis is céad bliain ó shin. Cothaítear ardchaighdeán acadúil chéimithe Choláiste Mhuire gan Smál bliain i ndiaidh bliana, suas le 40% de bhunmhúinteoirí i scoileanna náisiúnta na tíre san áireamh, nuair a thugtar aitheantas don mhéid atá tugtha acu do gach réimse de shaol sóisialta, cultúrtha agus gairmiúil na hÉireann, iad spreagtha ag mana an Choláiste, chun ‘difríocht a dhéanamh’. Tá ról an Oideachais Chaitlicigh

TIMIRE Autumn_2012.indd 23

23

níos tábhachtaí ná riamh toisc go dtairiscíonn sé cruinneshamhail lán de dhóchas agus de chinnteacht go bhfuil ár dtodhchaí i lámha Dé. Is áit í ina déantar ceiliúradh ar an dínit atá tugtha ag an Tiarna don duine aonair agus ar an gcuireadh atá tugtha dúinn dul chun cinn a dhéanamh sa saol. Sa Choláiste Caitliceach seo ullmhaítear mic léinn ní hamháin don saol gairmiúil ach don saol trí chéile. Mar a dúirt mé im’ aitheasc insealbhaithe ar 2 Feabhra 2011 tá sé beartaithe againn an tseirbhís seo san oideachas a sholáthar chun tairbhe don mhaitheas phoiblí ag an am seo i saol Choláiste Mhuire gan Smál, agus dá bhrí sin roinntear agus leantar ar aghaidh le dóchas agus le fís an Easpaig Uí Dhuibhir nuair a dúirt sé ag bunú an choláiste: ‘So I am satisfied, I am confident, that this college will do great work yet.’

An Ofráil Laethúil A Athair róghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach leathanach cúil)... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Sprioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile.Amen.

02/08/2012 15:35


24

Timire

Cill Shléibhe (Killeavy) Ionad Oilithreachta i nDeisceart Ard Mhaca

Sliabh Cúlainn

An Br Brian Ó Muineacháin Tá Cill Shléibhe suite i nDeisceart Ard Mhacha, ceantar fíor ghalánta ar fad, agus iarsmaí ársa ón tréimhse meigiliteach scaipthe go forleathan ar fud an limistéir uilig. Mar bharr ar an áilleacht, tá Sliabh Cúlainn fraochach féin suite mar bhanphrionsa i lár baill de. Sliabh cáiliúil é seo, mar deirtear go raibh baint faoi leith aige le roinnt de na scéalta is ársa atá againn. Deirtear go raibh teach na Caillí Béara suite ar mhullach an tsléibhe mar shampla, agus aithne mhaith ag Cúchulainn agus ag

TIMIRE Autumn_2012.indd 24

Fionn MacCumhail ar an áit freisin. I dteannta leis na sean-traidisiúin pagánacha seo áfach, tá sraith Chríostaíochta, mar shruthán órga, agus é ag sníomh fríd an cheantar uilig fosta, mar, fadó fadó i rith na tréimhse Ceiltí tháinig bean naofa chuig bun an tsléibhe chun cur fúithi ansin. Blinne, nó Moninne, an t-ainm a bhi uirthi. Iníon le prionsa áitiúil, Machta, ba ea í, agus de réir dealraimh, rugadh í uair éigin i rith an chúigiú aois, agus tá staraithe áirithe den bhárúil gur buaileadh Pádraig Naofa féin léi, agus an ceantar seo á thaisteal aige. Deir John Canon O’Hanlon, staraí,

02/08/2012 15:35


Timire

25

agus é ag scríobh san 19ú haois déag gur i bhFochairt i gCo Lú a bhunaigh ár mBlinne clochar i dtosach báire, ach os rud é nach raibh an suíomh oiriúnach don bheatha rialta - toisc pleidhcíocht na gcomharsan - go raibh uirthi baill an chomhluadair a bhogadh go clochar nua ar fad a bhí suite faoi scáth Shliabh Cúlainn, thart fá deich míle ó Fhochairt. Baile an Teampaill an t-ainm atá ar an limistéar ginearálta seo go dtí an lá atá inniu ann, agus tugtar Cill Shléibhe ar an mhainistir a thóg Blinne ann. Déanann O’Hanlon cur síos ar bheatha Bhlinne, agus insíonn sé an scéal seo dúinn faoi cheann de na míorúiltí a rinne sí: Oíche amháin bhí na mná rialta go léir ina luí, ach amháin Blinne, mar ag guí Dé a bhí sí i seomra rúnda léi féin. I nduibheagéan an dorchadais tháinig duine de na siúracha, Bríd, ag féachaint cad a bhí ag titim amach. Go tobann, scaoileadh cúpla eala, agus iad ag lonradh mar shneachta, amach as cillín Bhlinne. Baineadh geit uafásach as Bríd, ach i gceann tamaill, agus i ndiaidh í féin a shocrú, d’inis sí an scéal ar fad do Bhlinne. D’éist Blinne go cúramach, agus ansin rinne sí réamhaisnéis: dúirt sí go gcaillfeadh Bríd radharc na súl amach ansin, ach de réir mar a dtiocfadh meath ar an radharc corpartha aici, go méadófai radharc a hanama.

ann, agus ansin ar ais go dtí an uaigh chun críoch a chur leis na paidreacha. Ag déanamh rince is spóirt a chaithidís an chuid eile den lá acu. D’fhan cúrsai mar sin ar feadh na mblianta fada, ach tar éis tráth na bPéindlíthe i gcoinne na gCaitliceach i rith réimse na Banríona Eilís I – agus go mór-mhór i ndiaidh 1698 - cuireadh stad le deabhóidí an Phatrúin cé gur lean an pléaráca ar aghaidh gan staonadh. Tar éis tamaill, áfach, d’imigh cúrsaí ó smacht ar fad, agus sa bhliain 1825 bhí an cás chomh dona san, gur cheap an sagart paróiste, An tAthair Ó Murchú, deireadh a chur leis an bpatrún ar fad, rud a rinne sé. Ach níorbh é sin deireadh an scéil, mar sa bhliain 1928 cuireadh ath-tús leis an lá patrúin arís, ach b’ocáid spioradálta amháin é an t-am seo, agus na deabhóidí faoi choimirce mhuintir an triú hÓrd San Proinsias.

Má chreidtear Annála na gCeithre Máistrí, fuair Blinne bás ar an 6u lá Iúil, AD 517. Cuireadh i gCill Shléibhe í, agus de réir a chéile, i ndiaidh sin, bunaíodh lá patrúin ina honóir. Go moch maidin lá an phatrúin, bhí se mar nós ag na hoilithrigh cuairt a thabhairt ar uaigh an naoimh. Thosódh an lá le deabhóidi ansin, agus i ndiaidh sin shiúlaidís 600 slat nó mar sin níos fuide suas ar thaobh an tsléibhe chuig tobar beannaithe a bhí

Ach ní hé sin deireadh an scéil in aon chor, mar críochníonn an t-amhrán ar nóta ard-dóchais:-

TIMIRE Autumn_2012.indd 25

Canadh amhrán traidisiúnta san limistéir ina ndéantar achroimre ar scrios an chlochair in aimsir Eibhlís I:Chuaigh mé féin ar mo chois go Cill Shléibhe Nuair a chuala mé an éagoir a rinneadh ann; Chuir me ceist ar a’ mhaighdean ar léithe an teampall Caidé an léan a bhain de a ceann...

...tiochfaidh an lá a mbeidh sagairt is bráithre Agus an tAifreann á rá mar a bhí fad ó shin; Beidh fir agus mná ag déanamh cráifigh Mar d’ordaigh an Mhaighdean, Naomh (Blinne), dúinn.

02/08/2012 15:35


26

Timire

Crosa Móra na hÉireann

Cros Neamhchríochnaithe, Ceanannas Mór

Oilibhéar Ó Croiligh Bealach isteach

Bhí mé ar chúrsa spioradálta bliain amháin i gContae na Mí, le grúpa Íosa-Caritas: muintearas Íosa Charles de Foucauld. Tá nós ag grúpaí Charles de Foucauld lá amháin as an chúrsa spioradálta a chaitheamh mar ‘Lá san Fhásach’. Imíonn gach éinne amach i mbéal a gcinn ar maidin, ar shiúl ó chomhluadar ar bith. Téann cuid acu amach sna sléibhte, nó cois abhann, nó cois na farraige, nó b’fhéidir isteach i séipéal beag tuaithe: áit a mbeidh suaimhneas acu ‘chun Dia d’agallamh’. An bhliain áirithe sin bhíomar in aice leis An Uaimh, agus nuair a tháinig an lá le dul amach san fhásach, chuaigh mé fhad le Ceanannas. Turas siar go dtí aimsir na luath-eaglaise in Éirinn a bhí á dhéanamh agam. D’fhág mé an carr os comhair an Ionaid Oidhreachta, áit a bhfuil míniú le fáil ar Leabhar Cheanannais agus ar na crosa móra atá le feiceáil thart ar shuíomh na sean-

TIMIRE Autumn_2012.indd 26

mhainistreach agus ar fud an bhaile. Fuair mé eolas agus léarscáil san Ionad Oidhreachta, agus chaith mé an iarnóin ag siúl thart ar na crosa, ag breathnú orthu, i mo sheasamh os a gcomhair, ag ligint do shaothar na ndealbhóirí dul i bhfeidhm orm – labhairt liom, d’fhéadfá a rá, agus a scéal a inse dom. Chaith mé tamall fada ag amharc ar Chros Phádraig agus Cholmcille, in aice leis an sean-chloigtheach. Tá cruth álainn ar an sean-chros seo, agus saibhreas gan aithris ins na painéil éagsúla dealbhadóireachta. Ansin chuaigh mé trasna chuig cros neamhchoitianta in aice le foirgneamh na heaglaise atá i lár na reilige. Cros í seo nár críochnaíodh riamh. Agus sin díreach an rud a rinne fíor-spéisiúil í: shílfeá gur shiúil mé isteach i measc na saor cloiche agus iad i mbun a gcuid oibre. Bhí painéil gearrtha amach ar stoc na croise, agus iad réidh le pictiúir a ghreannadh orthu - cuid acu cearnógach, cuid acu dronuilleogach, agus iad uilig ag seasamh amach ó

02/08/2012 15:35


Mór

Timire dhromchla na cloiche thart orthu, mar a bheadh na fíoracha nó na maisiúcháin geoiméadracha ach iad a bheith críochnaithe le ceardaíocht na máistrí. Tá an ciorcal ag barr na croise briste, ach buíochas le Dia, sular tharla pé taisme a scrios dhá cheathrú den chiorcal, bhí fíor Chríost Chéasta beagnach críochnaithe. Tá an chros gan chríochnú curtha ina sheasamh mar bheadh cros iomlán inti, agus nuair a d’amharc mé in airde, ba léir go raibh machnamh agus eagna scrioptúrtha agus scil neamhghnách taobh thiar den íomhá, den íocón seo Chríost. Tá an dealbhóireacht seo bunaithe ar pháis Chríost i soiscéal Eoin. Tá Íosa ardaithe i nglóir ar an chros. Tá spúinse á ofráil dó ar thaobh amháin — nóiméad an bháis agus nóiméad bhronnadh an Spioraid, mar bheadh an Chincís ann — agus ar an taobh eile tá croí Íosa á shá le sleá, áit a dtiocfaidh an t-uisce agus an fhuil ina srutháin slánaithe amach. Déanann scríbhneóirí na luath-eaglaise ceangal le huisce an bhaiste agus le fuil na hEocairiste: foinsí bheatha na heaglaise. Tá lámh dheas Chríost sínte amach agus cromtha beagán inár dtreo mar bheadh cuireadh ann theacht níos cóngaraí dó, agus tá a lámh chlé ardaithe beagán mar bheadh sé ár ndíriú i dtreo na bhflaitheas. Bealach isteach, dar liom, atá sa chros gan críochnú seo: bealach isteach i saol agus i samhlaíocht ár sinsear. Tá an inspioráid chéanna taobh thiar de bhunús na gcrosa móra atá scaipthe ar fud na tíre i suíomh na sean-mhainistreach. Inspioráid scrioptúrtha atá i gceist, agus is i scéal na Páise i soiscéal Eoin atá eochair na mistéire le fáil.

An Smaoineamh

Dúirt Seosamh Mac Grianna fá Phádraig Ó Conaire: ‘Fuair sé an chaint agus

TIMIRE Autumn_2012.indd 27

27

an tsamhailt a bhí riachtanach le smaoineamh domhain a dhéanamh soiléir’. Mhol Mac Grianna an chaint agus an tsamhailt, ach tháinig an smaoineamh ar dtús. Is mar a chéile é ag ealaíontóirí na gcros; bhí an cruthú agus an cheardaíocht míorúilteach, ach is i seirbhís na hionspioráide a cuireadh ar obair iad. Scríobh Françoise Henry: ‘Before coming to the description of the chief crosses, we shall have to examine the themes directing the organization of the picture sequences which cover them, as the scenes are not chosen in a haphazard way, but for the inner meaning of the episode represented. They have not been carved merely to depict an event, but to show it as foreshadowing another event or as illustrating a theological idea. In this respect they fit perfectly into the representational pattern of paleo-Christian and Romanesque art. They are the pictorial form of a thought, before being a composition of figures in a frame. This does not necessarily mean that composition is considered as unimportant or negligible. Still it is essential to note from the start that the idea is the dominant factor and very often explains the composition or some of its features.’ (Irish Art During the Viking Invasions, lch. 140 - lch. 141) Le crosa móra na hÉireann a thuiscint, ní amháin go gcaithfimid staidéar cruinn a dhéanamh ar scil agus modhanna oibre na gceardaithe cloiche, ach caithfimid staidéar a dhéanamh ar na scrioptúir, nó is as na scrioptúir atá a n-inspioráid ag teacht. Is údar é an tAthair Ó Croiligh ar ‘Rún Ardchrosa Éireann’ a d’fhoilsigh FS (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) in 2010 agus atá le ceannach ó oifig FS, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2.

02/08/2012 15:35


28

Timire

Im Leabharlann dom Síle Ware

Coiglímís an Tine - Cnuasach Seanchais agus Scéalta Bhab Feiritéar Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh a chóirigh agus a chuir in eagar. Foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne 2010 230 lch. €20

Cnuasach seanchais agus scéalta curtha le chéile ón scéalaí thar an ghnáth seo, Bab Feiritéir (Ní Ghuithín), atá sa leabhar seo. Saolaíodh Bab Mí na Nollag 1916 i mBaile na hAbha, Dún Chaoin do Sheán Ó Guithín agus a bhean chéile Éibhlín Ní Shé. Cailleadh a máthair roinnt seachtainí ina dhiaidh sin agus tugadh an t-ainm Bab (an babaí ) uirthi, ainm a d’fhan léi i rith a saoil. Cailleadh Bab 8 Meitheamh 2005, agus in ómós di, bunaíodh comórtas scéalaíochta ina hainm le corn ar leith ag Oireachtas na Gaeilge. I réamhrá an leabhair deirtear gurbh duine de na scéalaithe traidisiúnta deireannacha in Éirinn í. Freisin, deirtear gur féidir comparáid a dhéanamh idir Bab agus Chaucher, agus Bab agus James Joyce. Sa leabhar, tá caibidlí faoi theidil mar ‘An Chráifeacht’; ‘Seanchas áitiúil’; ‘Scéalta Grinn’; ‘Cuimhní Cinn’; ‘Na Comharsain’, ‘Na Comharsain ón saol eile!’, ‘Orthaí agus Paidreacha’ agus a thuilleadh fós. Chun léargas a chur ar

TIMIRE Autumn_2012.indd 28

fáil faoi chuid de na caibidlí seo, ní mór samplaí a chur ar fáil do dhaoine agus seo leanas roinnt díobh sin. ‘Na Comharsain’: an príomh carachtar ná Kruger, tábhairneoir agus carachtar mór-le rá i gceantar Dhún Chaoin. ‘Na Comharsain ón saol eile’: ‘Fairy agus Púca’: fear amháin ó pharóiste Mórdhach – a leasainm ná ‘Fairy’ - fear eile ina chónaí sa Daingean agus ‘Púca’ mar leasainm aige sin. Deirtí gur dhainséarach cuid áirithe den bhóthar é maidin aonaigh nuair a bheadh ‘Fairy’ ag gabháil síos agus ‘Púca’ ag gabháil aníos! An Chráifeacht Paidir Naomh Pádraig ‘A Phádraig Naofa, Ardeaspag Éireann, Is tusa a chuir Dia chun ár sinsir, Iarr anois ar Dhia na Glóire go gcoimeádfaimid greim daingean ar an gcreideamh Agus go mbeidh a thoradh againn go rathmhar Agus aoibhneas na bhflaitheas i gcomhluadar leat-sa ar an saol eile’.

Tá mar ábhar grinn ansin ‘Trí Mhallacht Naomh Pádraig’. Thit codladh domhain ar Naomh Pádraig oíche áirithe agus bhí duine de na haspail óga ina theannta agus chuala seisean Naomh Pádraig ag rá tré’n a chodladh ‘Drochrath ar Éirinn’ agus ar dhúiseacht dó d’inis an fear óg dó cad a bhí á rá aige ina chodladh dó. Dúirt sé freisin gur iarr sé féin trí huaire ar Dhia gan éisteacht le Pádraig. ‘Ó, is maith an fear thú’, arsa Pádraig. ‘Agus go brách arís níor cheart do shagart bheith gan cléireach’. Tá na caibidlí eile gach pioc chomh suimiúil, agus má tá idir shúgradh is dáiríre ó dhuine, ceannaigh an leabhar seo. Cuirtear le luach an leabhair le dhá dhlúthdhiosca ó chartlann RTE.

02/08/2012 15:35


Timire

29

Cúinne na Cócaireachta

MUIFÍNÍ ÚLL

Síle Ní Chearúil

Comhábhair

Tá úlla le fáil go forleathan ag an am seo den bhliain agus is minic a dhéanann daoine toirtín i ndiaidh toirtín leo, ach tá go leor roghanna eile ann. Tá na muifíní seo blasta agus is bealach éasca iad le húlla á úsáid nuair atá na crainn ag cur thar maoil. Tá siad go deas, te le custard, nó mar smailc. Is féidir 50g rísíní nó 50g cnónna a chur isteach sna muifíní seo chomh maith. Tá luach cothaitheach ard ag úlla. Tugann said vitimín A gus C duit. Tá siad riachtanach do shláinte an choirp. Tá vitimín A riachtanach chun do shúile a choimeád sláintiúil agus spreagann sé an córas imdhíonachta (immune system), rud atá an-tábhachtach ag an am seo den bhliain agus an aimsir ag athrú. Tá neart snáithín (fibre) cothaitheach le fáil ó úlla ach go háirithe má itheann tú an craiceann. Is féidir leat leath den phlúr bán san oideas seo a mhalartú le plúr caiscín (wholemeal) chun méid an tsnáithín cothaithigh atá ann a ardú.

400g plúr bán 4tsp púdar bácála ½ tsp salann ½ tsp cainéal (cinnamon) ½ tsp spíosraí measctha 125g siúcra mionaithe 1 ubh 4 tsp ola lus na gréine 350ml bainne 2 úll cócarála, grátáilte

TIMIRE Autumn_2012.indd 29

Modh Téigh an t-oigheann go 200c. Criathraigh an plúr, an púdár bácála, salann, cainéal agus spíosraí measctha isteach i mbabhla agus measc an siúcra isteach leo. Buail an ubh agus ola le chéile. Cuir an bainne leo agus buail arís iad. Fill an ubh, bainne agus olla isteach leis na comhábhair tirime. Fill isteach na húlla. Cuir an cumasc i gcásanna páipéir i stán muifíní. Bácáil iad ar feadh 25 noiméad go dtí go mbíonn siad ar dhath an óir.

02/08/2012 15:35


Timire

Lís Ní Chulainn

30

MISE EOGHAN Dia daoibh, a chairde óga, agus cé a chreidfeadh go sleamhnódh an samhradh uainn chomh tapa sin agus go mbeimis ar ais sna ranganna agus na laethanta ag dul i ngiorracht. Níl an sean-sagart anseo sa Choláiste róshásta. Cé gurb aoibhinn leis an Fómhar dathúil, bíonn sé ag iarraidh a chur abhaile orainn nach bhfuil an náisiún ina shláinte agus go gcaithfimidne díriú ar obair ár slánaithe! Samhlaigí é – muidne atá fós ag foghlaim agus go bhfuil sé ag cur de chúram orainn an tír a shábháil. Chuir sé féin monarcha ar bun i bhfoirgneamh folamh agus tá daoine ag obair ann agus iad sona sásta. ‘Ná bígí ag caint faoin dífhostaíocht‘, adeir sé. ‘Tugaigí aghaidh uirthi. Tá céimeanna léinn go hiontach ach ná bígí díomhaoin’. Focla sollúnta i dtús an téarma ar m’anam.

Saoire Mhaith

Tá súil agam go raibh saoire iontach agaibh faoi mar a bhí agam féin agus ag mo dheirfiúr, Bríd. Bhí mada rua is a ál sa choill in aice linn agus lig sé dúinn cairdeas a dhéanamh leo. Bhí dhá thurcaí ag an chlann a chónaíonn in aice linn agus d’ith siad iad don chóisir a bhí acu. Maidin amháin chonaic mé féin agus Bríd cúpla créatúr beaga de thurcaí ag siúl amach as an bhféar agus thugamar aire mhaith do na dílleachtaí bochta. Bhailíomar meantóga agus bheiríomar iad agus thugamar do na turcaithe iad chun cleití a dhéanamh dóibh. Bhí an-spórt againn leo.

TIMIRE Autumn_2012.indd 30

02/08/2012 15:35


Timire

31

Litir ón Mháthair Beinidict

Chuir an Mháthair Beinidict litir, mar a dhéanann sí go minic, á iarraidh orainn cabhrú léi le cruinnithe móra sa Choláiste. Go deimhin níor thuig mé féin cad a bhí ar bun. Bhí dreamanna as na heaglaisí eile – Protastúnaigh agus Preispitéirigh agus cúpla eaglais an Oirthir agus iad ag iarraidh oideas a ullmhú a thabharfadh na heaglaisí uile le chéile. Léan ina gceann cipín. Dá mbeadh sé indéanta nach mbeadh siad le chéile fadó.

Mórshiúl

Bhí mórshiúl acu trí thailte an Choláiste agus tháinig na daoine ón cheantar maguaird. Bhí cúpla duine nach raibh ar a gcumas siúl agus mar sin bhí cúpla capall agus cairt sa mhórshiúl. Bhí mé féin agus cúpla duine eile ag stiúrú chun go rachadh an mórshiúl ar aghaidh ar luas réasúnta. Sailm a bhí á cantain acu – nó sin mar a shíl mé. Ach gach re seal ag deireadh na sailme deireadh duine éigin – sagart nó ministir ‘Dominus Vobiscum’ chun an slua d’fhí ina chéile leis na paidreacha. Maise nach ansin a thosaigh an trioblóid. D’fhreagair an slua ‘et cum spiritu tuo’, agus mar is nós leis na Gaeil choimeád siad greim ar an nóta ‘o’ amhail is dá mba mhaith leo an nóta a thabhairt abhaile leo. Agus ní ‘o’ a bhí acu ach ‘woa’. Agus bhí na capaill umhal don treoir sin – moilliú agus gan dul ar aghaidh arís go dtí go ndearfaí leo. Bhí an mórshiúl ag dul ar aghaidh gan na capaill agus na daoine ag cur an mhilleáin ormsa. Ní tuisce go mbíodh an ‘hup’ ráite agam agus iad ag gluaiseacht arís ná go dtagadh an tu-tu-whoa’ arís ag cur na gcapall dá dtreoir. Bhí na daoine ag féachaint ormsa amhail is go raibh mise ag cur isteach ar an mhórshiúl.

Cleas Nua

Tar éis tamaill chuaigh mé go dtí an duine a bhí ag fógairt na sailmeacha agus dúirt mé leis: ‘Tá cúpla capall ag iompar daoine agus nuair a chloiseann siad an “whoa” stadann siad. Sin caint na gcapall’. M’anam nár thuig sé mé in aon chor. ‘Féach’, arsa mise ‘an féidir leat‘ “In nomine Patris et Filii et Spiritu Sancti” a rá ag deireadh gach píosa agus déarfaidh na daoine “Áiméan” agus ní bheidh stró ar éinne’. Ní raibh sé róshásta ach rinne sé mar a dúirt mé cé nárbh é sin an rud a bhí scríofa ina leabhar. Níor shagart ná minintir é agus ní thuigim fós cén saghas meascán mearaí de chreideamh ná d’eaglais a bhí acu. Bhí an Mháthair Beinidict ag gáirí fúm nuair a d’inis mé di. ‘Caithfimid nóta a dhéanamh do dhreamanna mar iad ag teacht agus cosc iomlán a chur ar ‘et cum spiritu tuo’ agus rinne sí gáire arís. ‘Níl aon seans go bhféadfaimis daoine a chur ag rá ‘tu tuo’ i gceart agus níor mhaith liom cosc a chur ar na capaill.

TEARMANN An bhain tú triail as go fóill?

www.tearmann.com

Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann. TIMIRE Autumn_2012.indd 31

02/08/2012 15:35


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin – féach leathanach a fiche trí An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna Deichniúr den Phaidrín a rá gach lá ar Intinní an Phápa don mhí

Intinní an Phápa Mí Mheán Fómhair Go ngníomaí polaiteoirí i gcónaí le macántacht, le hionracas agus le grá don fhírinne. Mí Dheireadh Fómhair Go dté an tSoiscéalaíocht Nua chun cinn ins na tíortha Críostaí is sine. Mí na Samhna Go dtuga easpaig, sagairt agus friothálaithe uile an tSoiscéil fianaise chróga ar dhílseacht don Tiarna a céasadh agus a d’aiséirigh. Mí na Nollag Go bhfaighe imirceoirí fáilte chaoin le fíorghrá ar fud an domhain, go háirithe ó phobail Chríostaí.

TIMIRE Autumn_2012.indd 32

02/08/2012 15:35


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.