4 minute read

Crosa Móra na hÉireann Oilibhéar Ó Croiligh

Next Article
Filíocht

Filíocht

26 Timire

Crosa Móra na hÉireann

Oilibhéar Ó Croiligh Bealach isteach

Bhí mé ar chúrsa spioradálta bliain amháin i gContae na Mí, le grúpa Íosa-Caritas: muintearas Íosa Charles de Foucauld. Tá nós ag grúpaí Charles de Foucauld lá amháin as an chúrsa spioradálta a chaitheamh mar ‘Lá san Fhásach’. Imíonn gach éinne amach i mbéal a gcinn ar maidin, ar shiúl ó chomhluadar ar bith. Téann cuid acu amach sna sléibhte, nó cois abhann, nó cois na farraige, nó b’fhéidir isteach i séipéal beag tuaithe: áit a mbeidh suaimhneas acu ‘chun Dia d’agallamh’.

An bhliain áirithe sin bhíomar in aice leis An Uaimh, agus nuair a tháinig an lá le dul amach san fhásach, chuaigh mé fhad le Ceanannas. Turas siar go dtí aimsir na luath-eaglaise in Éirinn a bhí á dhéanamh agam. D’fhág mé an carr os comhair an Ionaid Oidhreachta, áit a bhfuil míniú le fáil ar Leabhar Cheanannais agus ar na crosa móra atá le feiceáil thart ar shuíomh na seanmhainistreach agus ar fud an bhaile. Fuair mé eolas agus léarscáil san Ionad Oidhreachta, agus chaith mé an iarnóin ag siúl thart ar na crosa, ag breathnú orthu, i mo sheasamh os a gcomhair, ag ligint do shaothar na ndealbhóirí dul i bhfeidhm orm – labhairt liom, d’fhéadfá a rá, agus a scéal a inse dom.

Chaith mé tamall fada ag amharc ar Chros Phádraig agus Cholmcille, in aice leis an sean-chloigtheach. Tá cruth álainn ar an sean-chros seo, agus saibhreas gan aithris ins na painéil éagsúla dealbhadóireachta. Ansin chuaigh mé trasna chuig cros neamhchoitianta in aice le foirgneamh na heaglaise atá i lár na reilige. Cros í seo nár críochnaíodh riamh. Agus sin díreach an rud a rinne fíor-spéisiúil í: shílfeá gur shiúil mé isteach i measc na saor cloiche agus iad i mbun a gcuid oibre. Bhí painéil gearrtha amach ar stoc na croise, agus iad réidh le pictiúir a ghreannadh orthu - cuid acu cearnógach, cuid acu dronuilleogach, agus iad uilig ag seasamh amach ó

Cros Neamhchríochnaithe, Ceanannas Mór

dhromchla na cloiche thart orthu, mar a bheadh na fíoracha nó na maisiúcháin geoiméadracha ach iad a bheith críochnaithe le ceardaíocht na máistrí.

Tá an ciorcal ag barr na croise briste, ach buíochas le Dia, sular tharla pé taisme a scrios dhá cheathrú den chiorcal, bhí fíor Chríost Chéasta beagnach críochnaithe. Tá an chros gan chríochnú curtha ina sheasamh mar bheadh cros iomlán inti, agus nuair a d’amharc mé in airde, ba léir go raibh machnamh agus eagna scrioptúrtha agus scil neamhghnách taobh thiar den íomhá, den íocón seo Chríost.

Tá an dealbhóireacht seo bunaithe ar pháis Chríost i soiscéal Eoin. Tá Íosa ardaithe i nglóir ar an chros. Tá spúinse á ofráil dó ar thaobh amháin — nóiméad an bháis agus nóiméad bhronnadh an Spioraid, mar bheadh an Chincís ann — agus ar an taobh eile tá croí Íosa á shá le sleá, áit a dtiocfaidh an t-uisce agus an fhuil ina srutháin slánaithe amach. Déanann scríbhneóirí na luath-eaglaise ceangal le huisce an bhaiste agus le fuil na hEocairiste: foinsí bheatha na heaglaise. Tá lámh dheas Chríost sínte amach agus cromtha beagán inár dtreo mar bheadh cuireadh ann theacht níos cóngaraí dó, agus tá a lámh chlé ardaithe beagán mar bheadh sé ár ndíriú i dtreo na bhfl aitheas.

Bealach isteach, dar liom, atá sa chros gan críochnú seo: bealach isteach i saol agus i samhlaíocht ár sinsear. Tá an inspioráid chéanna taobh thiar de bhunús na gcrosa móra atá scaipthe ar fud na tíre i suíomh na sean-mhainistreach. Inspioráid scrioptúrtha atá i gceist, agus is i scéal na Páise i soiscéal Eoin atá eochair na mistéire le fáil.

An Smaoineamh

Dúirt Seosamh Mac Grianna fá Phádraig Ó Conaire: ‘Fuair sé an chaint agus an tsamhailt a bhí riachtanach le smaoineamh domhain a dhéanamh soiléir’. Mhol Mac Grianna an chaint agus an tsamhailt, ach tháinig an smaoineamh ar dtús. Is mar a chéile é ag ealaíontóirí na gcros; bhí an cruthú agus an cheardaíocht míorúilteach, ach is i seirbhís na hionspioráide a cuireadh ar obair iad. Scríobh Françoise Henry: ‘Before coming to the description of the chief crosses, we shall have to examine the themes directing the organization of the picture sequences which cover them, as the scenes are not chosen in a haphazard way, but for the inner meaning of the episode represented. They have not been carved merely to depict an event, but to show it as foreshadowing another event or as illustrating a theological idea. In this respect they fi t perfectly into the representational pattern of paleo-Christian and Romanesque art. They are the pictorial form of a thought, before being a composition of fi gures in a frame. This does not necessarily mean that composition is considered as unimportant or negligible. Still it is essential to note from the start that the idea is the dominant factor and very often explains the composition or some of its features.’ (Irish Art During the Viking Invasions, lch. 140 - lch. 141)

Le crosa móra na hÉireann a thuiscint, ní amháin go gcaithfi mid staidéar cruinn a dhéanamh ar scil agus modhanna oibre na gceardaithe cloiche, ach caithfi mid staidéar a dhéanamh ar na scrioptúir, nó is as na scrioptúir atá a n-inspioráid ag teacht.

Timire 27

Is údar é an tAthair Ó Croiligh ar ‘Rún Ardchrosa Éireann’ a d’fhoilsigh FS (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) in 2010 agus atá le ceannach ó oifi g FS, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2.

This article is from: