CULTÚRLáN An Ghaeilge tríd na healaíona, na healaíona trí Ghaeilge
Cultúrlann McAdam-Ó Fiaich 1991-2016
Feabhra-Aibreán 2016
● Tola Custy, (príomhphictiúir) agus ag dul ó dheis: Karol Lynch, Diarmuid de Faoite, saothar le Gerard Dillon, Anna Heusaff agus ceolfhoireann Uladh — blas den réimse leathan oirfidigh agus imeachtaí a bheidh sa Chultúrlann idir Feabhra is Aibreán.
Ceiliúradh agus comóradh 2016: A year of celebration
Tá séasúr spleodrach d’imeachtaí is d’ócáidí éagsúla romhainn sa Chultúrlann agus tús á chur le bliain cheiliúrtha ar leith dár n-ionad cultúrtha anseo ar Bhóthar na bhFál ag croí Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. In éineacht leis na gcomórthaí eile ar fad, tá an
Chultúrlann tar éis an ceathrú céid a shroichint nó osclaíodh na doirse an chéad uair in 1991. Anuas air sin, beidh taispeántas speisialta comórtha Gerard Dillon ag oscailt díreach roimh an Cháisc i nDánlann Dillon chun céad bliain ó shaolú an ealaíontóra áitiúla a
thuill mórchlú domhanda a cheiliúradh. Idir seo agus sin, tá séasúr gnóthach lán go béal le himeachtaí éagsúla againn, idir sheoltaí leabhar, oícheanta ceoil, chainteanna faoin stair agus faoin tsaíocht, scannáin, dhrámaíocht agus mhórthaispeántais ealaíne.
● A packed programme of events during February, March and April will ensure a celebratory feeling at the Cultúrlann as we celebrate and commemorate some historic milestones. Apart from the 1916 Easter Rising centenary, and a hundred years since the birth of Belfast artist Gerard Dillon, the Cultúrlann itself reaches the quarter century during 2016, having been founded back in 1991. Art exhibitions, book launches, drama, concerts, talks and film, as well as our regular classes, all feature in the culture packed programme. Bí linn!!
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Eispéireas Ealaíon Ghaeilge Bhéal Feirste 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Co. Aontroma, BT12 6AH Tel: 028 90964180 • oifigfailte@culturlann.ie • www.culturlann.ie
2
An Chultúrlann
CULTÚRLáN www.culturlann.ie
Feabhra - Aibreán 2016
Focal fáilte
Word of welcome
Fáilte go Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus chuig an eagrán seo de ‘Cultúrlán’, clár imeachtaí na Cultúrlainne don tréimhse Feabhra go hAibreán. Chomh maith le cur síos ar na himeachtaí atá ar siúl sna seachtainí amach romhainn, beidh nuacht agus grianghraif ann ón tréimhse atá díreach caite, tréimhse thar a bheith gnóthach, ní miste a rá. I measc bhuaicphointí an tséasúir seo, tá imeachtaí Sheachtain na Gaeilge — agus an mórchomóradh ar Éirí Amach 1916. Tá comhpháirtíocht nua againn le Ceolfhoireann Uladh a chiallaíonn go mbeidh seisiún ceol clasaiceach againn uair sa mhí ar an Satharn. Beidh fuílleach ceol traidisiúnta againn freisin, gan amhras, agus ceoltóirí ar nós Tola Custy agus a leathbhádóirí ag seinm anseo ar Lá Fhéile Pádraig. Beidh mórthaispeántas againn de shaothair Gerard Dillon, a rugadh in 1916, ag oscailt ar 24 Márta agus go dtí sin, beidh taipeántas le Aisling O’Beirn i nDánlann Dillon agus taispeántas eile le Marie Louise Gormley sna Ballaí Bána. Tá dráma agus máistir-rang aisteoireachta againn freisin le Diarmuid de Faoite (12 Márta) agus seoladh leabhair is ceardlann scríbhneoireachta le Anna Heusaff
● There’s a spring in the Cultúrlán step as we face into a new season of events, exhibitions, classes, concerts, talks, film and drama. The launch of a new film club, Cumann Scannán Loch Lao, a partnership with the Ulster Orchestra to provide regular monthly classical music events and events to commemorate the centenary of the 1916 Easter Rising are all highlights of our calendar of events until the end of April in this historic year. The centenary of Gerard Dillon, after whom the Dillon Gallery is named, will be marked by a landmark exhibition featuring some of the Falls Road artist’s masterpieces, including never before exhibited works. Further information about Cultúrlann events is easily accessed on our newly redesigned website, www.culturlann.ie, and on our social media pages on Facebook and Twitter. Cultúrlann McAdam Ó Fiaich is easy to reach via car or public transport. By car from the city centre, we can be reached via the Falls Road or Westlink. We are on the black taxi routes going to: Poleglass, Twinbrook, Shaws Rd, Glen Rd, Ladybrook and Whiterock. We are on bus routes: 10a, 10b, 10c, 10d, 10e, 10f, 10g, 10h and 10x.
(5 Márta). Beidh go leor eolais faoi seo agus imeachtaí eile ar ár suíomh agus ar ár leathanaigh Facebook agus Twitter. Thar aon rud eile, áfach, beidh fáilte agus céad romhat nuair a thabharfaidh tú cuairt orainn anseo ar Bhóthar na bhFál. Tá sé furasta taisteal go dtí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i gcarr nó ar iompar poiblí. Sa charr, ó lár na cathrach, is féidir
dul síos Bóthar na bhFál nó síos an Westlink le teacht a fhad linn. Táimid ar an bhealach a leanann na tacsaithe dubha go dtí an Poll Glas, Cill Uaighe, Bóthar Seoighe, Bóthar an Ghleanna, Sruthán na Bantiarna agus an Charraig Bhán. Nó is féidir leat taisteal go dtí an Chultúrlann ar aon cheann de na seirbhísí bus a leanas: 10a, 10b, 10c, 10d, 10e, 10f, 10g, 10h agus 10x.
Céad Míle Fáılte Eolas agus ticéid Information and tickets oifigfailte@culturlann.ie Tel: 028 90 964180
Croí na Gaeilge Croí na nEalaíon Croí na Ceathrún Gaeltachta
Luan - Aoine: 9-5in Satharn - Domhnach:11rn-4in Monday - Friday: 9am-5pm Saturday-Sunday: 11am-4pm
Feabhra - Aibreán 2016 CULTÚRLáN www.culturlann.ie
Ceol 3
In aon amharc amháin At a glance FEABHRA-AIBREÁN ▶Seisiún an tSathairn/The Saturday Session Caifé Bia @ Cultúrlann 12.30pm-2.30pm Gach Satharn Every Saturday
Mozart ag an Chultúrlann
Paddy’s Day debut for Ulster Orchestra
Ní fada go mbeidh ceol Mozart agus cumadóirí ceol clasaiceach mór le rá eile le clos ag seisiún an tSathairn sa Chultúrlann mar aon leis an cheol traidisiúnta is fearr. Tá tús á chur le comhfhiontar nua idir an Chultúrlann agus Ceolfhoireann Uladh an t-earrach seo. Beidh seisiún rialta míosúil againn le baill den cheolfhoireann. Leanfaidh na seisiúin cheol traidisiúnta a bhíonn againn gach Satharn ach anois beidh ceol clasaiceach againn uair sa mhí le cois. Ina theannta sin, beidh an Chultúrlann ag obair i bpáirt leis an
● The Ulster Orchestra and An Chultúrlann kick off an exciting collaboration with a St Patrick’s Day recital. This will begin a season of monthly performances by duos, trios, quartets and more. The performances will be at lunchtime on Saturday. Cheolfhoireann chun imeachtaí eile éagsúla a chur ar siúl anseo. Mar sin, beidh tús á chur leis an chomhfhiontar seo go foirmeálta ar Lá Fhéile Pádraig, lá a bheidh lán de cheol is d’imeachtaí eile chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann.
“Táimid ag súil go mór fáilte a chur roimh Cheolfhoireann Uladh agus cuirfidh siad go mór leis an rogha,” arsa Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Imeachtaí. “Tá suimeanna éagsúla ag pobal na Cultúrlainne – ceol traidisiúnta agus eile – agus tá romhainn riar a dhéanamh ar an éagsúlacht.”
LÁ ’LE PÁDRAIG/ ST PATRICK’S DAY ▶Ceol clasaiceach agus ceol traidisiúnta den scoth. ▶Imeachtaí do
pháistí agus do theaghlaigh 10rn/am - 5in/pm 3pm/3in ▶Ceolchoirm: Tola Custy, Karol Lynch agus Paul McSherry. Amharclann Shiobhán Mhic Cionnaith. £7 17/03/16 ▶OÍCHE ‘AN tULTACH’
Dé Sathairn/Saturday 22 Aibreán/April Ticéid/Tickets: £7 www.culturlann.ie
Oíche ‘An tUltach’ le 1916 a chomóradh Agus na hullmhúcháin á ndéanamh fud fad an oileáin do chomóradh Éirí Amach 1916, an t-earrach seo, beidh ceiliúradh ar leith ag an Chultúrlann i bpáirt leis An tUltach, an iris Ghaeilge is faide ar an fhód. Mar chuid den chomóradh oifigiúil atá beartaithe ag rialtas Bhaile Átha Cliath, tá An tUltach ag coimisiúnú sraith alt a thugann léargas ó Chúige Uladh ar imeachtaí stairiúla na Cásca in 1916 agus an tionchar a imríonn siad go fóill. Tá cuireadh tugtha ag an Chultúrlann do An tUltach scríbhneoirí na n-alt úd a chur ar an ardán san ionad chun a bpíosaí a aithris don slua agus ceisteanna ina
dtaobh a fhreagairt. In éineacht leis seo, beidh ceol agus airneál againn le scoth na gceoltóirí. Beidh an ócáid seo ar siúl ar 22 Aibreán ag a 8in, ag tús Sheachtain ‘Éirí Amach na nGael’ cois cuain. “Tá an-áthas ar An tUltach bheith ag obair leis an Cultúrlann chun an ócáid ar leith seo, a dhéanann comóradh ar mhóreachtra stairiúil na hÉireann, a chur ar bun,” arsa Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach An tUltach. “Beidh oíche den scoth againn.” Beidh a thuilleadh sonraí maidir leis an ócáid seo á ndearbhú sna seachtainí romhainn.
● As events are being organised throughout Ireland to mark the centenary of the 1916 Rising during the months ahead, we are also planning our own series of events here in an Chultúrlann. In partnership with An tUltach, Ireland’s oldest Irish language magazine, an Chultúrlann will present an evening of music and writing to mark the events of Easter 1916, on Saturday 22 April, the beginning of the ambitious ‘Seachtain Éirí Amach na nGael’ being planned by Forbairt Feirste. An tUltach has commissioned a series of articles from leading Irish language writers to reflect on
the events of Easter 1916 and these will be published in the March edition. Writers include Ciarán Ó Pronntaigh, Máire Zepf, Pádraig Mac Conghail, Gráinne Ní Ghilín agus go leor eile. “We’re delighted to be in partnership with an Chultúrlann to mark this landmark event in the history of this island,” said Réamonn Ó Ciaráin, chairman of An tUltach. In the coming weeks, further details about this very special event will be made public. In the meantime, put the date in your diary, 22 April 2016, for a really special commemoration to mark the 1916 Rising.
4
Ranganna
CULTÚRLáN www.culturlann.ie
Feabhra go hAibreán 2016
Ranganna/Classes Bunrang Gaeilge
Téarma nua dár rang Gaeilge do thosaitheoirí le hAodán Mac Shéafraidh. 10 rang/classes £35, lacáiste/discount £25 Gach Céadaoin ag 7in Irish for beginners Every Wednesday at 7pm
Meánrang Gaeilge
Téarma nua. Is é Antaine Ó Muireagáin an múinteoir. 10 rang/classes £35, lacáiste/discount £25 Gach Céadaoin ag 7in Intermediate Irish Wednesday at 7pm
Bunchomhrá Gaeilge
Rang a chuirfidh ag caint thú! Gach Céadaoin ag 7in Saor in aisce. Basic Irish Conversation Suitable for learners with a basic grasp of Irish Wednesday at 7pm
Na Saoithe Gan Locht
– Rang na bPinsinéirí Rang seachtainiúil ar chúrsaí teanga, litríochta, scéalaíochta, amhránaíochta agus a thuilleadh, le Phil Stiúbhart. Gach Céadaoin, 10rn-meánlae Gaeilge for Senior Citizens Weekly class with Phil Stuart. Wednesday, 10am-12 (Voluntary contributions accepted)
Rang Gaeilge is tú ag fanacht
Deis do thuismitheoirí cúpla frása a fhoghlaim agus snas a chur ar a gcuid cainte le linn dá bpáistí a bheith ag freastal ar chlár Sathairn na Cultúrlainne. Fáilte roimh chách. Gach Satharn, 1.30-3.30in Múinteoir: Diarmuid Breslin. Irish While You Wait While your child is attending the Saturday programme events, you can brush up on your cúpla focal! Saturday, 1.30-3.30pm Open to all
Gaeilge iar-TGMO
Gach Satharn, 10-12.30 Cúrsa a phléann leis an Ghaeilge i gcomhthéacs na héisteachta, na cainte, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta. Fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí a bhfuil dó nó trí de bhlianta de ranganna oíche déanta acu. Múinteoir: Diarmuid Breslin, arna eagrú ag Gaelchúrsaí i gcomhpháirt le hIonad Uíbh Eachach. Post-GCSE Gaeilge Listening, speaking, reading, writing. Suitable for students who have completed 2/3 years of night classes. Organised by Gaelchúrsaí Saturday, 10am-12.30pm
Rang Amhránaíochta do Dhaoine Fásta
le Doimnic Mac Giolla Bhríde £5 in aghaidh na seachtaine Gach Déardaoin, 6-7in Sean-Nós Singing for Adults Weekly classes with Corn Uí Riada winner, Doimnic Mac Giolla Bhríde £5 per week Thursday, 6-7pm
Ciorcal Comhrá Fraincise Eolas/info: 07521367824
SIOPA LEABHAIR GHAEILGE BHÉAL FEIRSTE
Fón: 028 9032 2811 eolas@an4poili.com
Rang Ióga
Daoine Fásta – bunleibhéal agus meánleibhéal £4/£3 in aghaidh an ranga Gach Máírt, 6.30-7.30in Yoga Class: Beginner/intermediate level £4/£3 per class Tuesday, 6.30-7.30pm
Cór Loch Lao
Cór do dhaoine fásta. Cleachtadh gach Déardaoin. Fáilte roimh bhaill nua. Choir for adults. Rehearsals every Thursday. New members welcome. 7-9pm
Ag teacht go luath – suíomh gréasáin úrnua: www.anCeathruPoili.com
Rang Cláirsí
Ranganna ar an chláirseach leis an teagascóir iomráiteach, Bronagh Muldoon. Déan teagmháil leis an Chultúrlann chun am cuí a shocrú. Harp Classes taught by accomplished harpist, Bronagh Muldoon. Contact Cultúrlann for appointments.
Cór Ban na Féile
Ní gá duit ach canadh! Gach Céadaoin, 7in Féile Womens’ Choir All you have to do is sing! Wednesday, 7pm
An Ciorcal Comhrá Spáinnise le cainteoir dúchais Gach Céadaoin, 5-6in Spanish Conversation Wednesday, 5-6pm
Bia
@ AN CHULTÚRLANN
Damhsa ar an Sean-Nós
Bí reidh le haghaidh ‘Steip 2016’ ag Oireachtas na Samhna. Gach Céadaoin, 6.30-7.30in Sean-Nós Dancing Here’s your chance to take the first steps on the road to being a sean-nós dancer. Wednesday, 6.30-7.30 pm
Tuilleadh eolais:
028 90964180
216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6AH +44 2890 964184 info@biabelfast.com
Is túisce bia ná scéal A meal comes before a story
CULTÚRLáN www.culturlann.ie
Feabhra go hAibreán 2016
Ealaíon 5
A season of inspiring art at the Cultúrlann
Earrach na nEalaíon Tá saothar ildánach agus éisceachtúil i measc na n-oibreacha ealaíne a bheidh le feiceáil i dtaispeántas nua le comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó saolaíodh an t-ealaíontóir Gerard Dillon in iarthar Bhéal Feirste.
Cúis mhór bhróid don Chultúrlann an ceangal le Gerard Dillon –a rugadh i gceantar na bhFál in 1916 – agus tá obair ar bun againn le tamall anois
chun mórthaispeántas a chur ar bun inár ndánlann atá ainmnithe as an ealaíontóir Feirsteach. Beidh an taispeántas ag oscailt go hoifigiúil Déardaoin 24 Márta. Tá saothair ó gach cúinne den tír á mbailiú ag stiúrthóir an taispeántais, Mary Cosgrove, saineolaí ar shaothar Gerard Dillon. “Ealaíontóir eisceachtúil ab ea Gerard Dillon agus tá tóir ar a shaothar anois ar fud an domhain,” arsa Mary Cosgrove. “Mhúin sé an ealaín dó féin ach ina ainneoin sin nó b’fhéidir mar gheall air sin, d’éirigh leis léargas ar leith a thabhairt ar an saol ina shaothar.”
● The Cultúrlann is proud of our link to Falls Road artist, Gerard Dillon, and to mark his centenary, we will be mounting a retrospective exhibition of his work in the gallery named in his honour. Currently being compiled by art expert and Dillon speialist, Mary Cosgrove, the exhibition will be opened in the Gerard Dillon Gallery on 24 March. “We are delighted to have secured works by Gerard Dillon from all over the world. He was a self-taught artist whose paintings are highly sought after by a global audience,” said Mary Cosgrove.
In aon amharc amháin At a glance FEABHRA/FEBRUARY Dánlann Dillon: ▶Idir Iarracht agus Teip/Between Attempt and Failure le Aisling O’Beirn. Ag críochnú 18/03/16 Finishing 18/03/16 Déardaoin, 25 Feabhra Caint ón Ealaíontóír ar an méid a spreagann í. Na Ballaí Bána: ▶Saothar Teicstíle/ Textile work le Marie Louise Gormley 28 Eanáir 2016 ▶An Caifé: Saothar le Deirdre Mackel MÁRTA/MARCH ▶Dánlann Dillon: Taispeántas de shaothair an ealaíontóra Gerard Dillon. An exhibition of original artworks, photographs and letters to mark the centenary of Gerard Dillon.24-03-16
Nascanna á fhiosrú idir Eolaíocht agus ealaín Faoi láthair i nDánlann Dillon tá taispeántas de chuid an ealaíontóra Aisling O’Beirn atá ag spreagadh go leor plé agus dioscúrsa. Tá nasc na mblianta ag Aisling leis an Chultúrlann agus roimhe seo, bhíodh saothar dá cuid ag maisiú bhallaí na
Cultúrlainne. ‘An Droichead’ a thugann sí ar an saothar lárnach sa taispeántas seo dar teideal ‘Idir Iarracht agus Teip’. Fiosraíonn ‘An Droichead’ agus na saothair eile sa taispeántas aici an ceangal idir an eolaíocht agus an
ealaín. Mar gheall ar an cheangal áirithe sin, tá an taispeántas seo luaite i gclár Fhéile Eolaíochta an Tuaiscirt atá ar siúl le linn mhí Feabhra. Beidh caint á tabhairt ag Aisling ar a taispeántas Déardaoin 25 Feabhra.
Bríd Ó Gallchóir, Gearóid Ó Cairealláin agus Aisling O’Beirn ag ócáid seolta an taispeántais.
Bridging the gap between art and science ● The current exhibition in the Dillon Gallery is provoking a great deal of comment, debate and discussion. Entitled ‘An Droichead/The Bridge’, artist Aisling O’Beirn has created a
structure or frame by artfully combining the pieces of timber with numerous clamps. Aisling — who created original work for the Cultúrlann during the early years — is inspired
by science and, particularly, scientific discovery in her work. She will be speaking about her art at a special NI Science Festival event at the Cultúrlann on 25 February.
6
Abhann na Feirste
CULTÚRLáN www.culturlann.ie Feabhra go hAibreán 2016
Seoladh na Feirste i Halla na Cathrach Farset River project aims for 30 May climaxe Tabharfaidh Tionscadal na Feirste ceiliúradh mórthaibhseach go Béal Feirste Dé Luain, 30 Bealtaine le himeacht mórscála allamuigh a thacaíonn le teaghlaigh, agus a mbeidh scéal bhunús Bhéal Feirste agus a mhuintire mar chroílár ann. Tá an tionscadal seo ar cheann amháin de sheacht gcinn atá á maoiniú ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus Comhairle Cathrach Bhéal Feirste trí Belfast Creative and Cultural Fund agus is comhfhiontar trasphobail é idir Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál agus Ionad Spectrum ar Bhóthar na Seanchille. B’fhoinse ríthábhachtach beatha é Abhainn na Feirste do na lonnaitheoirí tosaigh a tháinig go Béal Feirste,
Aisling Ní Labhraí agus b’iomaí teilgcheárta agus muileann línéadaigh a bhí suite lena taobh, teilgcheártaí agus muilte a raibh rath agus bláth orthu agus a rinne cathair thábhachtach thionsclaíoch de Bhéal Feirste a mheall go leor oibrithe ón dúiche mórthimpeall agus níos faide amach. Déanfaidh an fhéile aon lá amháin seo scrúdú
Milestones of the Farset Project ● January 2015 Funding Awarded by Arts Council Northern Ireland and Belfast City Council ● March 2015 Project team appointed, Aisling Ní Labhraí as project director. ● June 2015 Series of workshops on Placenames etcetera at Spectrum Centre and An Chultúrlann ● June 2015 Enthusiastic crowd attend Farset Picnic at Ballysillan Park ● September 2015 Launch of Farset Mascot competition ● February 2016 Commissioning of Art work for Cave Hill. ● March 2016 Community Archaeological Dig. ● May 2016 Spectacle dawn to dusk event from Cave Hill to Custom House Sq.
Stiúrthóir, Tionscadal na Fearsaide
“Cuireann infheistiú an Chiste Bhéal Feirste Cruthaitheach sna healaíona agus sna comhphobail go mór le Béal Feirste.” ar thábhacht Abhainn na Feirste i bhforbairt shóisialta, eacnamaíoch agus fhisiceach na cathrach, mar aon le comhphobail a athcheangal leis an oidhreacht luachmhar sin. Ar bord anois d’fhonn Fhéile Abhainn na Feirste a bhainistiú, tá Lumière Productions, foireann nuálach a bhfuil gradaim bainte amach acu de thoradh fístaispeána iontacha ag MTV Crashes agus ag Fleadh Cheoil na hÉireann, agus a raibh an fhoireann s’acu taobh thiar de sholáthar go leor de na príomhimeachtaí le linn cheiliúradh bliana Dhoire mar Phríomhchathair Chultúrtha. Lena chois sin, nochtfar mórshaothar ealaíne úrnua poiblí a bheas ina íocón úr do Bhéal Feirste agus a bheidh suite gar d’fhoinse Abhainn na Feirste ar fhánaí Bhinn Uamha. Muintir na gcomhphobal áitiúil a d’fhorbair, a bheartaigh agus a chruthaigh an píosa ealaíne poiblí i rith sraith de shaotharlanna gníomhaithe a sholáthraigh ealaíontóirí. Ceapadh Artist Collective Solas Creative leis an phíosa a fhorbairt a fheidhmeoidh mar shiombail na habhann agus na gcomhphobal a d’fhás thart uirthi.
Deir Aisling Ní Labhraí, Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Cultúrlainne, go bhfuil spéis sa tionscadal ag méadú: “Rinneadh cuid mhór den obair ar chúl stáitse go dtí seo maidir leis na saotharlanna agus na próisis cheapacháin,” a deir sí. “Anois agus muid ag bogadh chuig leibhéal eile leis an seoladh agus na hullmhúcháin don ócáid mhórthaibhseach agus leis an phíosa ealaíne, tá an fuadar ag méadú. Cuireann infheistiú an Creative and Cultural Fund sna healaíona agus sna comhphobail go mór le Béal Feirste.” Deir Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Arder Carson, faoin tionscadal:
Dar le Roisin McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann:
Róisín McDonough
Príomhfheidhmeannach/ Chief Executive Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann
“I would encourage everyone to get involved in something amazing.”
Arder Carson
Ard Mhéara Bhéal Feirste
“Farset draws on the spirit, geography and history of the river which is the lifeblood of our city for its inspiration.” “Léiríonn An Fhearsaid bunbhrí thionscadal Creative Belfast, is é sin an tuiscint atá againn ar an tábhacht agus an luach atá le heagraíochtaí cultúrtha agus comhphobail a thabhairt le chéile. Tugann Béal Feirste Cruthaitheach brí don éiteas sin, agus is é Tionscadal na Feirste bun agus barr dó. Faigheann sé inspioráid ó spiorad, tíreolaíocht agus stair na habhann atá mar chuisle ár gcathrach; tugann sé na comhphobail s’againn le chéile san ealaín is sa chultúr.”
“Imeacht amháin atá sa tionscadal, as seacht gcinn atá ag titim amach i mBéal Feirste mar chuid den tionscnamh, Béal Feirste Cruthaitheach. Cheana féin, de bharr an tionscnaimh sin, chuir Lá Leanaí Bhéal Feirste, Bain Anuas na Ballaí agus Naoi nOícheanta eispéiris fhíor-shonracha ar fáil dúinn. “Trí aird a thabhairt ar oidhreacht thionsclaíoch na cathrach, tugann Tionscadal na Feirste faoi stair dhraíochtach na cathrach féin ar bhealach nuálach, samhlaíoch a thugann muintir agus comhphobail Bhéal Feirste le chéile chun ceiliúradh agus mholfainn do gach duine a bheith páirteach sa tionscadal iontach seo.” Beidh Tionscadal mórthaibhseach na Feirste ann Dé Luain 30 Bealtaine 2016. Coinnigh cothrom le dáta le Tionscadal na Feirste ag www.facebook.com/#!/ farsetproject/?fref=ts nó faigh ar an eolas faoi na tionscadail uile ar facebook. com/creativebelfast agus trí twitter @Cre8tiveBelfast agus #CreativeBelfast
CULTÚRLáN www.culturlann.ie
Feabhra go hAibreán 2016
Imeachtaí Eile 7
Aiséirí Phádraic Uí Chonaire Diarmuid de Faoite to revive Rising play and offer masterclass to budding actors Tá duine de mhóraisteoirí na hÉireann agus réalta go leor drámaí agus scannán, leithéidí Ros na Rún agus Corp+Anam ar TG4, chun seó aonair faoi Phádraic Ó Conaire tráth cinniúnach Éirí Amach 1916 a léiriú sa Chultúrlann. Ar éigean gur gá Diarmuid de Faoite a chur in aithne do dhaoine ar suim leo drámaíocht na Gaeilge. Beidh sé ag tabhairt a sheó aonair, Pádraic Ó Conaire - An tAiséirí, ar chamchuairt i mí an Mhárta agus á leiriú in Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith ar 12 Márta, i gceartlár Sheachtain na Gaeilge. Mar bharr ar an tseoid amharclannaíochta, nár léiríodh le trí bliana déag agus a thuill leirmheasanna cúig réalta ag an am, beidh máistir-rang aisteoireachta á thairiscint ag Diarmuid. Beidh sin ar bun an lá go léir sa Chultúrlann idir 10rn agus 4in. Moltar clárú roimh ré le háit a chinntiú. Is féidir do shuim a léiriú ach rphost a sheoladh chuig concubhar@culturlann.ie. Níl aon chostas ar an cheardlann lae seo cé go mbeimid ag súil tú a fheiceáil ar an ardán go luath.
● The famous Galway writer of short stories and novels Pádraic Ó Conaire — who was a major literary mover and shaker in the years preceding the Easter Rising — will be brought to life on the Cultúrlann stage in March. Diarmuid de Faoite, who is one of Ireland’s leading actors and a star of productions such as Ros na Rún and Corp+Anam, devised the one man show around the author
whose statue was a landmark attraction on Galway’s Eyre Square for many years. When first staged back in 2003, De Faoite’s one-man show received five star reviews in the media and was described as a ‘tour de force’ by Lá. The production will be staged on Saturday, 12 March, at 8pm in the Cultúrlann’s Siobhán McKenna Theatre.
On the same day, Diarmuid will provide an acting masterclass for those of us who entertain notions of fame on stage or screen. It’s adviseable to book your place for this free workshop in advance. If you’re interested send an email to concubhar@ culturlann.ie. The workshop runs from 10am-4pm with a break for lunch.
Máistir-rang le hAnna Heussaff Author to read from best-selling thrillers
Tá Anna Heussaff, údar Buille Marfach, Scáil an Phríosúin agus Hóng i measc saothar eile, lena leabhar is déanaí a sheoladh sa Chultúrlann go luath. Tá aitheantas faighte ag Anna ón Oireachtas as a cuid saothar ficsin
agus is fada meas uirthi mar iriseoir aitheanta le RTÉ. Beidh sí ag léamh as a saothar ag ócáid seolta ar 1in, Dé Sathairn 5 Márta. I ndiaidh na hócáide, beidh sí i mbun ceardlainne le hábhair scríbhneoirí agus scéalaithe. Is féidir áit a
chur in áirithe – cé go bhfuil siad teoranta – ach rphost a sheoladh chuig concubhar@culturlann.ie. ● Anna Heussaff will read from her best-sellers and provide a master class on 5 March.
8
Clár Imeachtaí
CULTÚRLáN www.culturlann.ie
Feabhra go hAibreán 2016
In Aon Amharc Amháin Clár na Cultúrlainne
Feabhra go h-Aibreán 2016 Ealaín
28 Eanáir – 18 Márta Dánlann Dillon: Aisling O’Beirn — Idir Iarracht agus Teip 24 Márta – 6 Bealtaine Gerard Dillon — Saol agus Saothar Life and Work L5 Na Ballaí Bána: 28 Eanáir – 7 Aibreán Saothar Teicstíle le Marie Louise Gormley 15 Aibreán – 6 Bealtaine Pádraig Fiacc — File agus Fís le Michael McKernon
Ceol agus Drámaíocht
12 Márta Amharclann Nic Cionnaith Pádraic Ó Conaire — An tAiséirí Seó aonair le Diarmuid de Faoite £7/5 8in L7 Lá Fhéile Pádraig 11rn-12.30in Ceol Traidisiúnta 12.30in-2.30in ‘Mozart sa Chultúrlann’ — seisiún clasaiceach le baill de Cheolfhoireann Uladh Scéalaíocht, péinteáil aghaidheanna agus imeachtaí eile le cois Saor in aisce
Go n-éirí leat, a Eimear
D’fhág foireann agus pobal na Cultúrlainne slán le hEimear Ní Mhathúna, stiurthóir na Cultúrlainne, ag deireadh mhí na Samhna. Tá Eimear agus a clann ag tabhairt aghaidh ar Fhánaid i dTír Chonaill, mar a mbeidh sí ina stiúrthóir ar Ionad Cuairteoirí Theach Solais Fhánada.
Ceolchoirm
3in. Amharclann Nic Cionnaith Tola Custy, Paul McSherry agus Karol Lynch £7 L1 15 Aibreán Amharclann Nic Cionnaith Stormbird – Pádraig Fiacc – Saol agus Saothar Léiriú ilmheán ar an fhile Feirsteach. 8in
Seachtain ‘Éirí Amach na nGael’
22 Aibreán Amharclann Nic Cionnaith Oíche An tUltach — Seoladh eagrán speisialta an Éirí Amach le scríbhneoirí agus ceoltóirí aitheanta. £7 L3
Ranganna — Tuilleadh eolais L4 Gach Satharn Na Bopóga: 12 meánlae-1in Aisling Óg: 1.15in-3.30in Seoladh Leabhair
20 Feabhra Club Leabhar Choiscéim Feirste 5 Márta ‘Scáil an Phríosúin’ le Anna Heussaff L7
Céilí
14 Feabhra, 15 Márta, 16 Aibreán
Pádraig Fiacc – éan stoirme is file pobail Beidh oíche speisialta ag an Chultúrlann i mí Aibreáin nuair a bheidh cur i láthair físiúil spreagúil ar shaol is
ar shaothar duine de mhórfhilí na hÉireann, Pádraig Fiacc, a rugadh i mBéal Feirste.
Oíche ar leith é seo le ceol, scannán, ealaín agus filíocht. Cuir i do dhialann é: 15 Aibreán!