iMúscraí
Clár iomlán L7
Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí
Dé hAoine 30 Meán Fómhair 2011
http://www.imuscrai.com
SAOR IN AISCE
Tús maith le Mórtas Mhúscraí
I measc an phobail
Marcanna is airde sna “Bailte Shlachtmhara” faighte ag pobail na Gaeltachta
Tús maith, leath na h-oibre! Sin a deirtear ar aon nós agus tá tús maith curtha le feidhmiú Mórtas Mhúscraí, an plean ag an Comharchumann chun cuidiú le Múscraí cur le h-úsáid na Gaeilge sa cheantar agus slácht breise a chur ar na sráid bhailte. D’eirigh go h-an mhaith le Cúil Aodha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh i gcomórtas na mBailte Slachtmhara i mbliana. Nuair a fógraíodh torthaí an chomortais le
Spórt agus spraoi ag an campa
déanaí, bhí na marcanna is airde go dtí seo bainte amach ag Cúil Aodha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh sa chomórtas náisiúnta. Fuair Cill Airne, an buaiteoir náisiúnta, 310 as 400 sa chomórtas - ach níl Béal Atha’n Ghaorthaidh i bhfad ar chúl le 284 marc. Tar éis bliain a chaitheamh ‘ar saoire’ ón gcomórtas - ach ní ón obair - tá muintir Chúil Aodha tar éis filleadh ar an gcomórtas leis an marc is airde go dtí seo. Ardú 18
marc é an 244 a fuair Cúil Aodha i mbliana sa chomórtas ar an marc a baineadh amach i 2009, 226. D’eirigh le Cúil Aodha an triú áit a bhuachaint sa Dúshlán Frith Bhúscair ag Comhairle Chorcaí. Tá tuilleadh eolais faoi thuairiscí na moltóirí agus cur síos ar na h-iarrachtaí a deineadh sna ceantracha éagsúla le léamh istigh. Bhí ard mholadh ann d’iarrachtaí na bpobal as ucht bheith páirteach sa chomórtas i mbliana.
The ongoing progress of Ballingeary and Coolea in the Tidy Towns Competition this year augurs well for the success of a new plan to promote the use of Irish in tandem with improving the overall image of Múscraí. See more about Mórtas Múscraí, inside on Page 4.
D’fhreastal slua breá mór ar an gCampa Samhraidh a reachtáil an Comharchumann i gCill na Martra le linn mí Lúnasa. Agus nach acu a raibh an spórt. Bhí go leor le déanamh acu - iad ag cur snás ar a scileanna peile, ag péintéireacht is ag potadóireacht le Pauline Dodds, ag snámh i gCúil Aodha agus ag múnlú ag Prince August. Tá sé i gceist campa a reachtáil arís i gCill na Martra - agus i mBéal Atha’n Ghaorthaidh - an bhliain seo chugainn de bharr chomh is ar eirigh leis an gcampa seo. Lámha suas - cé atá ag baint taithneamh as an gcampa?
Comharchumann Forbartha Mhúscraí
Pic: Joan Mac Lochlainn
Concubhar Ó Liatháin Bainisteoir Comharchumann Forbartha Mhúscraí
Tá Comharchumann Forbartha Mhúscraí tar éis tús a chur le seirbhís nua le déanaí. Beidh bainisteoir an Chomharchumainn ar fáil go rialta i do phoba. Gach Máirt idir 2-4in, is ag Cois Cille i gCill na Martra a bheidh teacht ar an mbainisteoir, Concubhar Ó Liatháin. Ar an gCéadaoin, idir 2-4in, beidh teacht air i gCuan Barra i gCill na Martra. Taobh amuigh de sin, tá oifig an Chomharchumainn suite thuas staighre san Ionad Óige i gCúil Aodha agus is ansan a bheidh sé seachas é bheith ar ghnó eile.
The manager is available in Cill na Martra, 2-4pm, every Tuesday, and Ballingeary, every Wednesday. He will be in Cúil Aodha otherwise. Teil: 026 6578/085 8130777
Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha Co. Chorcaí. Tel: 026 65781 085 8130777 http://www.imuscrai.com concubhar.oliathain@gmail.com
2
Nuacht
Treoir
iMúscraí
Dul chun cinn déanta ag Múscraí i gComórtas na mBailte Shlachtmhara
Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011
Cad a dúirt na Moltó irí
Béal Atha’n Ghaorthaidh I gcás iontráil Bhéal Atha’n Ghaorthaidh, dúirt an Moltóir gurb é an ceann is fearr a fuair sé i mbliana agus thug sé le fios gurb é an léarscáil an ceann is fearr a fuair sé riamh. An Cur Chuige Forbartha Iomlán: 45/50.(42/50 i 2010) [Overall developmental approach] Mhol sé gach gné den iarratas, go h-áirithe an poiblíocht, an cumarsáid leis an bpobal, agus dar leis, go raibh an iarratas ‘ábhartha’, ‘forleathan’ agus ‘samhlaíoch’. An Comhshaoil Forbartha 36/50 (35/50 i 2010)[Built Environment] Mhol an moltóir na h-iarrachtaí atá déanta timpeall Scoil Naomh Fhionnbarra. Dúirt sé gur thaitin na dathanna agus an planndú le gach duine agus mhol sé an múrmhaisiú go h-ard. Bhí moladh freisin do Thigh Seartan agus dúradh go raibh cuma geal ar an Séipéal. Moladh freisin úsáid na Gaeilge timpeall an sráid bhaile. Tá ‘Ard na Laoi’ gan smál, dúradh. Tírdhreachú 35/50 [Landcaping] Ard mholadh arís do na h-iarrachtaí, go h-áirithe don ‘Famine Plot’ agus dúradh go raibh an téagar faoin Fiadhúlra agus aiseanna nádúrtha 31/50.(29/50 i 2010)
[Overall developmental approach] Mhol an moltóir go h-ard an páirc fiadhúlra i mBéal Atha’n Ghaorthaidh agus dúirt gurb é an ceann ab fhearr a bhfaca sé riamh. Cúrsaí brúscair(35/50(33/50 i 2010) [Litter control] Iarrachtaí an éifeachtach ar fad. Laghdú fuiollach(10/20)(7/20 i 2010) [Litter control] Mhol sé an cur chuige mar an ‘ceann ceart’ agus dúirt go raibh dul chun cinn le déanamh. Néatacht(20/30)(19/30 i 2010) [Tidiness] Roinnt oibre le déanamh maidir le comharthaí agus ‘TLC’ ag teastáil ar roinnt gheataí. Ceantair cónaithe35/50)(33/50 i 2010) [Residential Areas] Tá Cuan Barra go h-alainn agus Tigh na Croise go gleoite. Bóithre (35/50)(34/50 i 2010) [Roads] Tá an bóthar go Maigh Chromtha planndaithe go deas agus tá faobhar deas ar an bhféar ar Bhóthar Bhaile Mhuirne. An léargas iomlán(7/10(33/50 i 2010) [General impression] Bhí an moltóir tógtha le h-iarrachtaí an phobail anseo agus tá sé ag tuar dul chun cinn substaintiúil sa chomórtas amach anseo.
Treoir
Thuas tá an graf ag léiriú an dul chun cinn íontach atá déanta ag Béal Atha’n Ghaorthaidh i gComortas na mBailte Shlachtmhara.
Ar dheis, tá an léarscáil de Bhéal Atha’n Ghaorthaidh ar thug an moltóir ard mholadh do.
Cúil Aodha Thuas tá an graf ag léiriú an dul chun cinn íontach atá déanta ag Cúil Aodha i gComortas na mBailte Shlachtmhara ó 2001-11 Ar chlé tá dealbh Sheán Ó Riada atá suite i gclós an tSéipéil i gCúil Aodha.
An Cur Chuige Forbartha Iomlán: 30/50. Mhol an Moltóir an Scoil Náisiúnta as ucht an Bhrat Glas a bhaint amach agus duirt sé gur ‘sraid bhaile gleoite’ é Cúil Aodha. An Comhshaoil Forbartha 30/50 Dar leis an moltóir, tá ‘Bun an Bhaile’ go h-alainn agus bhí sé an togtha leis an múrmháisiú ag an linn snáimh. Arís, mhol sé obair na scoile. Tírdhreachú 20/50\ Bhí an moltóír ana mholtach faoi dhealbh Sheán Ó Riada agus mhol sé an suíomh a bhí ag an saothar ealaíne. Mhol sé an planndú atá déanta timpeall na bóithre agus dúirt gur cheart breis a dhé-
anamh, b’fhéidir, ag an láthair athchúrsála. Fiadhúlra agus aiseanna nádúrtha 20/50. Mhol an moltóír go mbainfí níos mó úsáide as an abhainn mar acmhainn nadurtha an cheantar. Mhol sé freisin go mbeadh bórd eolais sa cheantar chun cur síos a dhéanamh ar na h-acmhainní éagsúla. Cúrsaí Brúscair 35/50. Bhí ard mholadh do na patróíl brúscair rialta a bhionn sa cheantar. Ní fhaca sé aon bhrúscar ar an lá a thug sé cuairt. Mhol sé an Scoil Náisiúnta arís as obair na bpáistí agus na múinteoirí ag bailiú brúscair.
Laghdú Fuiollach 10/20 Mhol an moltóír pobal na háite as an úsáid a bhí á bhaint as an ionad ath-chúrsála agus duirt sé go mbeadh sé tabhachtach roinnt léachtaí/cainteanna ar an ghné seo a eagrú le linn an Gheimhridh. Néatacht 22/30 Iarrachtaí maithe déanta, dar leis an moltóir, i leith sean foirgnimh. Ceantair cónaithe: 30/40 Mhol an moltóir ‘Cois Locha’ mar áit álainn. Dúirt sé go raibh an obair déanta ag gach aon teaghlach ar a suíomh féin. Na bóthre isteach is timpeall 28/50 Léargas iomlán: 7/10
Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011
Nuacht
iMúscraí
Cúpla focal
An N22 mar atá ....agus mar a bhí
Ní aithníonn muintir na h-áite nó taistealaithe rialta ar an N22 iad féin ar an mbóthar nua atá againn le gairid. Tá ard mholadh ag dul don ghrúpa áitiúil a chuaigh i mbun feachtais chun an bóthar a dheisiú. Is sampla íontach é seo den difríocht idir ‘before’ agus ‘after’!
An dúshlán is mó
Feachtas nua chun cabhrú linn meachan a chailliúint Tá tús á chur ag an Comharchumann go luath le feachtas chun cabhrú le daoine atá ag iarraidh meachan a chailliúint agus bheith nios sláintiúla. Is fadhb tromchúiseach dár sláínte é an iomarca meachan bheith ar bórd - agus níl aon duine a thuigeann é sin an oiread le bainisteoir an Chomharchumainn! Ach tá saineolaí aclaíochta, Ainle Ó Cairealláin, ag teacht go Múscraí ar 8 Deireadh Fómhair chun tús a chur le leagan Mhúscraí de ‘Operation Transformation’ nó ‘The Biggest Loser’. Beidh Ainle in Aras Éamonn Mhic Suibhne i gCúil Aodha ar 10 a chlog ar maidin ar an lá sin chun iad san a bheidh ag iarraidh bheith páirteach sa scéim seo. Déanfaidh sé meá ceart ar an t-é a bheidh páirteach - agus beidh sé ag déanamh anailís ar na deacrachtaí ar leith atá ag gach duine ar bhonn priobháídeach. Ach nuair a bheidh sé sin thart, tabharfaidh sé an grúpa go léir le cheile le h-aghaidh dian seisiún aclaíochta. Tá Plean 10 Phointe ag Ainle atá ina thraenálaí le Cumann CLG na Piarsaigh i gCorcaigh ó cháiligh sé le M Sc in Eolaíocht Spoirt ó Ollscoill Luimní - chun cuidiú le daoine meachan a chailliúint. “Má leanann tú an phlean seo,
Forget The Biggest Loser or Operation Transformation, here comes ‘An Dúshlán Is Mó’[The Biggest Challenge], Múscraí’s own weight loss/ get healthy campaign. It will start in Cúil Aodha on October 8 and will continue for eight weeks. It will feature weekly weigh-ins, training sessions, personalised diets and training plans and prizes for the person to lose most weight. Call 026 65781 for details.
níl aon amhras ann ach caillfidh tú meachan,” arsa Ainle. Mairfidh an feachtas ocht seachtain agus beidh seisiún aclaíochta gach seachtain trath go mbeidh Ainle i láthair chun na rannpháírtithe a mheá le féachaint conas ar eirigh leo cloí le na spriocanna ón seachtain roimhe sin. Mar sin beidh seans agat slacht a chur ort féin in am don Nollag! Costas €180 a bheidh ar an gcúrsa - nó €25 in aghaidh an seisiúin. Má tá breis eolais uait, cuir glaoch ar 026 65781 nó 085 8130777.
Faigheann Comharchumann Forbartha Mhúscraí tacaíocht ó:
Scrabble as Gaeilge ag an Oireachtas Tá amhránaithe, scéalaithe agus lucht agallaimh is lúibíní ag ullmhú go dícheallach don Oireachtas faoi láthair. Ní fada go mbeidh an fhéile bhliantúil ag tosnú arís i gCill Airne, ar Samhain 2. Le h-ais na gcomórtaisí traidisiúnta ar fad, beidh comórtas nua atá á reachtáil ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí i gcomhar leis an Oireachtas agus le h-urraíocht ó udar.ie. Is é sin Comórtas Scrabble as Gaeilge an Oireachtais. Beidh sé ar siúl sa Halla Rínce ag Ostán an Gleneagle ar an Satharn, Samhain 5, ag 2.30pm. Comórtas foirne a bheidh ann agus beidh beirt ar gach fhoireann. Imreoidh siad an cluiche Scrabble sa ghnath shlí - ach beidh sé i nGaeilge - agus an fhoireann leis an marc is airde ag deireadh an chluiche, is iad na buaiteoirí. Beidh go leor duaiseanna
ann - ina measc dearbháin ar fiú €150 ó udar.ie, boinn an Oireachtais agus pacáiste saoire i Múscraí do theaghlach. Má tá suim ag daoine cur isteach ar an gcomórtas, is féidir leo teacht ar an lá, timpeall ar 2.15in, le clarú. Cuirfear fáilte ar leith roimh iontrálaithe óga. Bhí oíche Scrabble as Gaeilge ar siúl le déanaí ag an Comharchumann mar chuid d’Oiche Chultúr 2011 agus d’eirigh go maith leis. Beidh seans eile ag daoine a gceardaíocht focal a chleachtadh ag oíche Scrabble eile atá beartaithe don 14ú Deireadh Fómhair san Ionad Óige i gCúil Aodha.
Seo an chéad eagrán de nuacht-litir nua do Ghaeltacht Mhúscraí. Tá sé á fhoilsiú ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí agus tá sé ar oscailt do gach éinne sa cheantar Gaeltachta seo. Beidh béim laidir ar an nGaoluinn - agus mar a labhartar anseo i Múscraí í - san bhfoilseachán seo. Ach beidh míreanna le na scéalta chun achoimre gairid Béarla a dhéanamh orthu. Cuid den sprioc atá ag an bhfoilseachán tacú leis an obair atá ar bun mar gheall ar chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar. Tá creatlach de phlean teanga againn - Mórtas Mhúscraí - ach tá cabhair ag teastáil chun feoil a chur ar na cnámha sin, le cinntiú go leanfaidh stadas Gaeltachta Mhúscraí. This publication is the first edition of a newsletter for the Múscraí Gaeltacht. This newsletter is being published by Comharchumann Forbartha Mhúscraí (Múscraí Development Co-operative) and is open to all people and groups in the Múscraí area to publish accounts of their activities and to promote events they may be organising. While there will be a strong emphasis on the promotion of Irish in the publication, we will endeavor to make it accessible to those who are learning Irish with short summaries of various stories in English. We will also try to provide material for the many in our community who hail from other countries.
3
4
Mórthimpeall Mhúscraí
iMúscraí
Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011
Concubhar Ó Luasa, Síle Uí Luasa, Dónal Ó Suilleabháin, Seán Ó Luasa agus Seosamh Ó Críodáin - an meitheal a d’ullmhaigh an páirc i gCúil Aodha don aeraíocht ag tús mí Lúnasa.
Foireann tarraingt téide Thabhairne Uí Scanaill ag déanamh a ndícheall sa Chomórtas Tarraingt Téide ag Lá Spóirt Chill na Martra. Ba é PJ Ó Catháin an bhainisteoir.
An corn don tarraingt téide á bhronnadh ag an tAthair de Brún ar bhainisteoir foireann an Tigh Leath Shlí ag Lá Spoirt Chill na Martra. Pictiúr le Claude Jennequin
B’iad muintir ‘Tóchair’, , Seán, Donncha, Dónal agus Conchubhar Ó Loingsigh, a d’oscail an fhéile go h-oifigiúil. Sa phictiúr freisin tá Páidí Ó Lionaird, Seán Ó Liatháin, Méara an Chontae, Tim Lombard, agus Flora McNeill ó Alba.
D’fhreastal slua mór ar Ghala Snáímh Chúil Aodha, an lá deireannach go mbeidh sé ar oscailt go dtí Dip na Nollag, le déanaí ag an Linn Snáímh.
Seo chugainn na laochra - na bratacha á iompar chuig Páirc na hAeraíochta le linn Féile na Laoch. Pictiúr le Claude Jennequin
Maighréad Uí Lionaird ag léamh as ‘Séadna’, an closleabhar nua d’úrscéal an tAthair Peadar, a seoladh ag ocáid san Ionad Chultúrtha. Is í guth Mhaighréad atá le clos sa leagan fuaime den saothar.
Neil Lucey, Ostán Ghúgán Barra, Frank Ó Duinnín, Béal Atha’n Ghaorthaidh - beirt a chuaigh ar an dtoscaireacht go Teach Laighean ar mhaithe le hOifig an Phoist Bhéal Atha’n Ghaorthaidh.
Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011
iMúscraí
Nuacht an Chomharchumainn
5
An Comharchumann ag tacú le Meitheal Mhúscraí Buille trom do Ghaeltacht Mhúscraí an fhógra tobann go bhfuil Meitheal Mhúscraí le dúnadh laithreach mar gheall ar chinneadh gan choinne a ghlac bórd Meitheal Forbartha na Gaeltachta an eagras a scor an tseachtain seo. B’shin a bhí le rá ag Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, Concubhar Ó Liatháin, ar chloisint na drochscéala ón gcruinniú a bhí ag Bórd MFG Dé Chéadaoin. “Tá pobal Ghaeltachta
An Ionad Áise
“Caithfidh POBAL agus an Roinn Comhshaoil atá freagracht acu as MFG teacht i gcabhair laithreach ar Mheitheal Mhúscraí agus comhlachtaí eile MFG atá ag obair go dícheallach agus go diograiseach ar an talamh chun seirbhísí a chur ar fail do dhaoine atá theana féin ag fulaingt. “Tá sé thar a bheith tabhachtach na postanna seo a choimead slán, ar mhaithe na daoine atá ag brath ar an ioncam ó na postanna seo ach chomh tab-
hachtach céanna ar na daoine atá ag brath ar na seirbhísí atá á chur ar fail ag na fostaithe. “Táimíd ag iarraidh freisin ar na h-údaráis cuí a chinntiú go n-íocfar deontaisí atá ceadaithe faoi scéim Leader d’eagraíochtaí ar fuaid Mhúscraí atá ag brath ar an dtacaíocht sin chun obair riachtanach Forbartha a dhéanamh ar áiseanna sa cheantar seo.” Tá sé i gceist cruinniú phoiblí faoin cheist a reachtáil go luath. Fógraí ar imuscraí.com
Beidh go leor ag freastal ar ranganna agus ar chúrsaí Gaeilge i Múscraí sna míonna amach romhainn. Tá sé i gceist go mbeadh ranganna Gaeilge ann do dhaoine a bheidh ag déanamh an Scrúdú Teastas Eorpach na Gaeilge in ionaid éagsúla i Múscraí, ag brath ar éileamh, san Fhómhar agus san Earrach. Beidh rogha eile á fhiosrú freisin - dian chúrsa Gaolainne a chur ar fáil do dhaoine in áit na ranganna oíche. I gcaitheamh an dian chúrsa seo bheadh ranganna ar bun ó oíche Dé hAoine go dtí trathnóna Dé Domhnaigh agus bheadh sé ina chuidiú go h-áirithe do dhaoine díreach roimh na scruduithe TEG. Ní muintir na h-áite amháin atá ag iarraidh blaiseadh den Ghaeilge i Múscraí nó tá tús curtha le cúpla bliain anuas le cuairteanna ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh
The Comharchumann is preparing a package which would be aimed at attracting students intending to sit the Leaving Cert this coming June. The course would be aimed at helping them prepare for the Oral Irish Language Exam, which is now worth 40%, in a friendly, helpful environment.
timpeall. Chaith siad an lón sa Mhuileann ina dhiaidh sin agus bhí scoraíocht sa Mhusaem ina dhiaidh sin. Le lin na Scoraíochta d’fhoghlaim siad amhrán i gcuideachta le hEIbhlís Uí Shúilleabháin, Eibhlís Uí Thuama agus bhain siad an sult freisin as an dtaispeantas a rinne Neil Ní Chroínín doibh. Beartas nua an Fhomhair seo go mbeidh cúrsaí dírithe ar dhaltaí Ard Teiste á reachtáil chun iad a ullmhú go díreach don Scrúdú Béil. Tá na cúrsaí seo dírithe go háirithe ar dhaltaí i scoileanna ar fuaid an chontae agus thar teorainn i gCiarraí chun blaiseadh a thabhairt doibh ar an nGaoluinn a bheith á labhairt i dtimpeallacht caradach agus Gaelach. Má tá áithne agat ar éinne atá ag iarraidh freastal ar a leithéid de chúrsa, dein teagmháil leis an gcomharchumann ag 026 65781.
Cúrsaí Gaeilge do gach aois agus do gach grúpa cumais
An féidir go mbuadh Múscraí príomh dhuais Glór na nGael arís?
Mórtas Mhúscraí - cad tá i gceist? Is é seo an toradh ar phroiseas chomhairliúcháin le h-aghaidh plean teanga do Mhúscraí agus séard atá ann ná creatlach de phlean teanga don cheantar. Os rud é gur creatlach atá ann beidh tuilleadh feola le cur leis le h-imeacht ama agus mar chuid de phroiseas chomhairliúcháin leanúnach le phobal Mhúscraí agus na pobail éagsúla sna ceantracha difriúla. Is iad seo na príomh eilimintí de Mhórtas Mhúscraí. •Scéim chun na pobail éagsúla a spreagadh chun páirt (níos mó) a ghlacadh i nGlór na nGael agus Comórtas na mBáilte Slachtmhara agus an pháirtíocht sin a aithint ar bhonn áitiúil. • Tabharfaidh an Comharchumann gach cúnamh do na pobail éagsúla páirt a ghlacadh i nGlór agus sna Bailte Slachtmhaire i 2012. • Beidh cruinnithe le coistí i ngach ceantar faoi na comórtais agus conas ullmhú dóibh •Coinneofar daoine ar an eolas le nuacht-litir rialta, ag tosnú 29ú Iúil 2011, agus ar an idirlíon. http://www.imuscrai.com Sa bhun phlean bhí sé I gceist nuacht litir a fhoilsiú i Mí Mhárta. Cuireadh seo
Mhúscraí ag brath go mór ar an obair íontach atá á dhéanamh ag Meitheal Mhúscraí sa cheantar,” dúirt sé. “Fágann an chinneadh seo go mbeidh go leor daoine aosta agus faoi mhí chumas éigean buailte go trom agus fagtha gan seirbhísí,” Tá isteach is amach le 30 duine fostaithe ag Meitheal Mhúscraí ag cur coras taistil ar fail d’aosaigh, ag obair sna h-ionaid lae agus ag cur seirbhísí ar fail do dhaoine i mbaol sa Ghaeltacht seo.
siar chun go mbeadh sé ag teacht leis an bplean. • Nuair a fhógrófar na torthaí, cuirfear na marcanna ón dhá chomórtas le cheile agus beidh duais áitiúil ar leith ar fáil don phobal is fearr a chruthaigh agus don phobal is mó a rinne feabhsú ón bhliain roimhe. • Bronnfar na duaiseanna seo ag ocáid mhór cheiliúrtha áitiúil den chéad uair roimh Nollaig 2012. Beidh duaiseanna eile ar fáil do chomórtais éagsúla I ngach phobal •Lorgófar duaiseanna ó ghnóanna áitiúla le h-aghaidh na pobail éagsúla. •Spreagadh do ghnóanna •Postaeirí – Dein do ghnó go háitiúil. Dein do ghnó trí Ghaeilge •Scéim I 2012 bunaithe ar Chorca Duibhne ag Labhairt. Suaitheantais d’fhoireann an siopa/ tabhairne le Gaeilge. Beidh fo-choiste á cheapadh go luath chun bheith i bhfeidhil ar an obair leanúnach chun cur le plean teanga Mhúscraí. Beifear ag súil le h-ionadaithe ós na ceantracha éagsúla bheith páirteach ann agus cuirfear oiliúint ar fáíl. Má tá suim agat san obair seo, dein teagmháil leis an Comharchumann.
Tbáinig trí ghrúpa anuraidh ón Ollscoil agus bhí grúpaí eile anseo ón gColáiste Trachtála i gCorcaigh agus ó Ollscoil Luimní. Micléinn idirnáisiúnta iad na cuairteoirí ó Choláiste na hOllscoile Chorcaí agus le linn a gcuairteanna thug siad cuairt ar dhealbh Sheán Ó Riada i gCúil Aodha maraon le Reilig Ghobnatan. B’i Eibhlín Ní Lionaird a bhí á dtreorú
6
Féile na Laoch
iMúscraí
Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011
Féile na Laoch an dara chuid
Cúil Aodha- Baile Mhúirne Meán Fómhair 30- Deireadh Fómhair 3
Na Buaic Phointí
Éamon de Buitléar agus an Dr. Rory Harrington
Éamon de Buitléar
Beidh an ardán ag an scannánaí agus an ceoltóir, Éamon de Buitléar, ag 2in Dé Domhnaigh in Ostán Ghobnatan. Is é ábhar a chur i láthair ná ‘Taiscéalú nádúr taobh tíre na hÉireann” agus beidh Éamon agus a chomhleacaí, Dr. Rory Harrington, saineolaí timpeallachta, ag roinnt moltaí linn faoi conas bainistiú níos fearr a dhéanamh ar ár gcomhshaol. The renowned film-maker Eamon de Buitléar will have the stage on Sunday afternoon (2pm Abbey Hotel) for a presentation entitled, Exploring the Nature of Ireland’s Countryside. Éamon and his colleague will be proposing some suggestions as to its better management.
Ceolchoirm Eaglasta - Peadar Ó Riada, Cór Chúil Aodha agus aoíanna speisialta eile
Peadar Ó Riada
Ceann de buaicphointí Féile na Laoch Cuid I abea an ceolchoirm eaglasta i Séipéal Chúil Aodha le Cór Chúil Aodha agus Cór Mhaigh Nuad. Beidh ceolchoirm den tsort céanna ar siúl Dé Satharn ag 7pm i Séipéal Chúil Aodha. One of the highlights of Féile na Laoch Part 1 was the concert of Liturgical Music. Peadar Ó Riada, Cór Chúil Aodha and some very special guests will perform a concert at 7pm in Cúil Aodha Church. Booking is adviseable. 026 65781.
Domhnall Ó Mulláin - An Poc ar Buile
Níl aon amhras ann gurb é Domhnall Ó Mulláin ó Screathan an t-é a chum an amhrán Gaolainne is mó clú agus is minicí a chantar ar fuaid an domhain. Beidh an fhile agus an reacaire á chomóradh le linn Féile na Laoch nuair a nochtfar leachta ina omós ag an tigh inar chónaigh sé i Screathan. Beidh an ocáid seo ar siúl ag 5in Dé Satharn. An Poc ar Buile is without doubt the most famous Irish song ever written. It is sung all over the world and it never fails to lift of those who sing it - or hear it sung. Its composer, Dómhnall Ó Mulláin will be commemorated when a plaque will be unveiled at his home in Screathan. 5pm. Saturday, 1-10-11
Dómhnall Ó Mulláin
Mise Éire Freisin Comórtas Scánnáin
Nuair a luaitear ainm Sheán Ó Riada, is minic a luaitear an scánnán Mise Éire leis. Mhúscail an scánnán seo spioraid na tíre ag deireadh na 50aí. Seo comórtas leis an sprioc céanna ag tús na ndéaganna sa mhílaois nua. Beidh George Morrison ann chun an gradam a bhronnadh ar an scánnán is fearr. Aras Éamon Mac Suibhne Cúil Aodha 8pm Dé hAoine. Seán Ó Riada’s name is linked forever to the film Mise Éire for which he provided the memorable score. We’ve organised a short film competition to inspire the current generation of film-makers to emulate Mise Éire. Director George Morrison is the adjudicator. Friday, 8pm, Cúil Aodha
Dómhnall Ó Mulláin
Féile na Laoch - féile phobail Is minic a moltar féiltí as an spio- na buns a fuaireamar ó MPH i rad pobail a thugann iad mar tho- mBaile Mhúirne nó an chabhair radh - agus ní eisceacht ar bith fhial a tháinig ó Siopa de Róiste, An Muileann, Ostán Ghobnatan, Féile na Laoch. Fabraicí Fíor Alainn, An CruisB’íontach go deo an comhoicín Lán, Ostán an Chaisleáin, briú agus an dea thoil a léirigh Coláiste na Mumhan agus go pobal Mhúscraí agus muintir leor eile. Bhí ról larnach ag an Chúil Aodha is Bhaile Mhúirne gComharchumann in eagrú na go h-áirithe don bhféile. Bhí go leor cabhair ón lucht ghnó - ó Féile agus bhí coiste gníomhach Slua micléinn idirnáisiúnta a tháínig go Múscraí i mí Feabhra
ann - ach gan pobal Mhúscraí ní bheadh an Fhéile ann. Festivals are often praised for the community spirit which is their essential element for success. And Féile na Laoch is no exception. Were it not for the whole hearted support of pobal Mhúscraí, it would not have been possible. The Comharchumann had a central role in the organisa-
Project1_Layout 1 13/09/2011 15:45 Page 1
Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011
iMúscraí
Féile na Laoch
7
8
Nuacht is Spórt
iMúscraí
Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011
Éacht Chiaráin
Ó Lionaird sa Bharr 10 don 1500m
Ciarán Ó Lionaird ar ghualainn Silas Kiplagat sa rás leathcheannais.
Tá reathaí ó Mhúscraí i measc an deichniúr is fearr ar domhan i mbliana i rás an 1500m. Ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta an Domhain le déanaí. d’eirigh le Ciarán Ó Lionaird (Gleann na Laoi AC) an deichiú áit a bhuachaint sa bhabhta ceannais den 1500m, ceann de na rásanna mór sa chomórtas. Bhí na craobhacha á reachtáil i Daegu sa Choiré Theas. Mac é Ciarán le Seán Ó Lionaird ó Ghort na Scairte ó dhúchas. Tá Ciarán faoi lathair ag staidéar sna Stáit Aontaithe, áit go bhfuil scoláireacht lúthchleasaíochta aige in ollscoil
i Florida. Níos luaithe i mbliana bhí sé ar fhoireann bhuach na hÉireann nuair a bhuaigh siad Craobh an Domhain faoi 19 sa rith tras tíre. Bhí cuma compórdach a dhothain air i rith na réamhbhabhtaí ar fad agus cé ná raibh sé i measc an chúigear a cháilligh de cheart, sa bhabhta leathchannais, chinntigh an séú áít a fuair sé sa rás leathcheannais ba thapúla gurb é a chailleodh don bhabhta ceannais. Sa bhabhta ceannais bhí sé in aghaidh lucht reatha an Cheinia agus in ainneoin nár bhuaigh sé, níor chriochnaigh sé ach dhá shoicind ar chúl na beirte ón dtír
sin a bhuaigh an bonn ór agus airgid, Asbel Kiprop agus Silas Kiplagat faoi sheach. Is é 3:37.81 an am deiridh a bhí ag Ciarán. Chriochnaigh sé chun tosaigh ar Nick Willis, an fear a bhuaigh an bonn airgid sna Cluichí Oilimpeacha i mBeising, sa bhabhta ceannais. Tógann éacht Chiaráin ár gcroí agus an tír go léir faoi scamall le tamall anuas de bharr na cúinsí eacnamaíochta. Maith thú a Chiaráin – is laoch thú gan aon amhras. Táimid ana bhródúil as an méid atá bainte amach agat agus, cá bhfios, ní fada uainn na Cluichí Oilimpeacha i Londain.
Comórtas Cóip de dluthcheirnín nua Iarla Ó Lionáird, Foxlight, le buachaint
Ceist: Canann Iarla Ó Lionáird le cór áitiúil i Múscraí, ó am go chéile. Cén chór é sin? Freagraí chuig: Comórtas, Comharchumann Forbartha Mhúscraí Ionad Óige Chúil Aodha Cúil Aodha nó concubhar.oliathain@gmail.com Roimh 21/10/11
An Comhairleoir Aindrias Ó Mhúineacháin agus Coiste Bailte Shlachtmhara Chúil Aodha, Caitriona Wallace, Tom Tiernan, Helen de Gordún agus Veronica Jennequin, toscaireacht Chúil Aodha ag an ocáid i Halla an Chontae chun duaiseanna a bhronnadh ar na pobail buacha sa Dúshlán Frith Bhrúscair. Thíos: án patróil brúscair ar dhualgas!
Ar bharr an chontae Bhí toscaireacht ó Choiste Bhailte Shlachtmhara Chúil Aodha i láthair i Halla an Chontae le déanaí le h-aghaidh bronnadh na nduaiseanna sa Dhúshlán Frith Bhrúscair a d’eagraigh Comhairle Chontae Chorcaí i mbliana. Chriochnaigh Cúil Aodha sa triú áit sa chontae i rannóg na sráidbhailte agus
níorbh é seo ach an chéad iarracht acu sa chomórtas. Ní raibh ach marc nó dhó idir iad agus na pobail a bhuaigh na príomh dhuaiseanna, Carraig a Droichid
agus Sallybrook. D’eirigh le Cúil Aodha marcanna íontacha a bhaint amach le linn an dúshláin.