1 minute read

Snáitheanna na Comhdhála

Cíorfaidh an chomhdháil ceisteanna a bhaineann leis an tumoideachas agus beidh páipéir, siompóisiamaí agus póstaeir faoi na snáitheanna a leanas curtha i láthair:

OIDEOLAÍOCHT AGUS MEASÚNÚ SA TUMOIDEACHAS

Tá an teagasc ardchaighdeán ríthábhachtach chun feabhas a chur ar fhoghlaim na ndaltaí. Cé go bhfuil sé léirithe arís is arís eile sa taighde go bhfuil éifeacht leis an tumoideachas i suíomhanna teanga éagsúla, níl tuiscint iomlán againn fós ar oideolaíocht ná ar mheasúnú sa tumoideachas. Tá dúshláin ann i gcónaí do mhúinteoirí tumoideachais agus, freisin, d’ oidí múinteoirí tumoideachais. Dírítear sa snáithe seo ar na ceisteanna teoiriciúla agus praiticiúla a bhíonn mar bhonn agus marthaca do..?? chleachtais teagaisc agus mheasúnaithe i gcomhthéacsanna tumoideachais agus oideachais mionteanga. Is ardán é an snáithe seo don taighde atá dírithe ar an seomra ranga agus do na cleachtais teagaisc ina dtugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann leis an inniúlacht teanga, an délitearthacht trasna an churaclaim, agus máistreacht ar an ábhar tríd an tumtheanga nó an mionteanga, a chur chun cinn agus a mheasúnú.

CEANNAIREACHT AGUS FOGHLAIM GHAIRMIÚIL

Ní mór d’ oideoirí tumoideachais agus oideachais mionteanga a thuiscint conas gnéithe de dhearadh an chláir agus den chur i bhfeidhm a ailíniú go héifeachtach le cuspóirí sonracha, le pobail foghlaimeoirí, agus le riachtanais an phobail. Gnéithe ríthábhachtacha lena spreagtar cláir rathúla thumoideachais agus oideachais mionteanga is ea iad an oiliúint tosaigh múinteoirí agus iarrachtaí i leith na forbartha gairmiúla. Tá na gnéithe sin ríthábhachtach chun múinteoirí a sholáthar ag a bhfuil na hinniúlachtaí éigeantacha teanga agus cultúrtha mar aon leis na cleachtais oideolaíocha ghaolmhara atá ag teastáil chun go n-éireoidh go maith leis na foghlaimeoirí. Dírítear sa snáithe seo ar réimse paradacsaí agus mianach, agus soláthraítear leis athmheasúnú ar ghnéithe a bhaineann leis an bhféinmheastóireacht scoile, leis an gceannaireacht agus le forbairt oideoirí i gcomhthéacsanna tumoideachais agus mionlaigh teanga.

AN BEARTAS AGUS AN NUÁLAÍOCHT I BPOBAIL DHÁTHEANGACHA/ILTEANGACHA

Is minic a bhíonn ról ríthábhachtach ag an gcóras oideachais i bhforbairt agus i gcothabháil teangacha (mionteangacha agus mórtheangacha ina measc) i bpobail dhátheangacha/ilteangacha. Faoin snáithe seo, is féidir iniúchadh a dhéanamh ar an ról sin agus féachtar ar bheartais, reachtaíocht, tionscnaimh abhcóideachta, straitéisí chun páirtithe leasmhara a mhealladh, agus tionscadail chun an tacaíocht le haghaidh an oideachais mionteanga a fhairsingiú i bpobail dhátheangacha/ilteangacha.

This article is from: