2 minute read

Aitheasc an Stiúrthóra

Next Article
Buíochas

Buíochas

Aitheasc Fáiltithe le Stiúrthóir na Comhdhála

Fearaim fáilte romhaibh ar fad chuig an Tríú Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: SúilSiaragusSúilarAghaidh.

Is é is aidhm leis an gcomhdháil seo ná an lucht acadúil, cleachtóirí agus daoine gairmiúla a thabhairt le chéile chun taighde, teoiric agus dea-chleachtais an tumoideachais a chomhroinnt agus a phlé, agus chun plé gairmiúil bríoch a thionscnamh agus a chothú thar theangacha, leibhéil agus comhthéacsanna éagsúla an tumoideachais.

Ní fhéadfaí An Tumoideachas: Súil Siar agus Súil ar Aghaidh a reáchtáil gan tacaíocht agus dúthracht na gcomhpháirtithe seo a leanas:

• Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach • An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta • Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan-Campas Chiarraí • Gaeloideachas • Foras na Gaeilge • Comhairle na Gaelscolaíochta.

Bíonn tacaíocht nach beag ag teastáil chun dearadh, cur i bhfeidhm agus mionchoigeartú a dhéanamh ar chóras tumoideachais a n éiríonn leis an dátheangachas suimitheach, an délitearthacht, an inniúlacht ilchultúrtha agus gnóthachtáil acadúil a chur chun cinn. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an tacaíocht sin bunaithe ar an léann sa teagasc agus san fhoghlaim sa tumoideachas, ar cheannaireacht fhíseach, agus ar an nuálaíocht agus ar an abhcóideacht i measc an phobail. Ardán idirnáisiúnta atá sa chomhdháil seo. Tarraingítear le chéile ann an plé is déanaí ar chúrsaí acadúla agus beartais, agus cuirtear díospóireacht chriticiúil chun cinn ar idirnaisc chasta an tumoideachais.

Beidh an chomhdháil ar siúl ar feadh dhá lá agus, i rith an ama sin, déanfar spreagaithisc, siompóisiamaí, póstaeir agus páipéir thaighde a chur i láthair faoi na snáitheanna seo a leanas:

• Oideolaíocht agus Measúnú sa Tumoideachas • Ceannaireacht agus Foghlaim Ghairmiúil • An Beartas agus an Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha.

Dealraíonn sé go mbeidh dhá lá iontacha agus an-suimiúil ann mar thoradh ar dhoimhneacht an léinn agus ar fhairsinge na taithí atá ag na rannpháirtithe. Tugaim cuireadh daoibh páirt a ghlacadh sna deiseanna iomadúla líonraithe a chuirfear ar fáil sa chomhdháil seo agus a bheith rannpháirteach sa díospóireacht chriticiúil ar na ceisteanna leanúnacha agus ar na freagraí nuálacha ar leith a bhaineann leis an tumoideachas.

Thar ceann Choiste Feidhmiúcháin na Comhdhála, tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as an gcomhdháil agus gur ócáid nuálach, dhúshlánach a bheidh ann. Tá súil agam freisin go mbainfidh sibh ardtaitneamh as tréimhse a chaitheamh i gcathair álainn Luimnigh.

Le mórbhuíochas,

This article is from: