3 minute read
Aitheasc an Uachtaráin
Fearaim fáilte ó chroí romhaibh ar fad chuig Coláiste Mhuire gan Smál, (CMgS), Luimneach. Ó bunaíodh an Stát, tá teagasc na Gaeilge ina ghné lárnach de gach clár gairmiúil Oiliúna Tosaigh Múinteoirí sa choláiste.
Tá breis is 5,000 mac léinn ag freastal ar dhá champas mhóra sa Choláiste sa lá atá inniu ann, agus tá cláir ar fáil ann san Oideachas Bunscoile agus san Oideachas Iar-Bhunscoile, sna Saorealaíona agus sa Chúram agus san Oideachas Luath-Óige, mar aon le cláir iarchéime ar leibhéal dioplóma, máistreachta agus PhD. Tá an Coláiste chun tosaigh sa chóras oideachais go náisiúnta agus tá tionchar mór aige air. Tá dea-cháil ar an gColáiste, agus údar maith leis, as ardchaighdeán a chéimithe agus an méid ollmhór a chuireann siad leis an scolaíocht in Éirinn. Le roinnt mhaith blianta anuas, tá CMgS ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht i réimse na forbartha gairmiúla leanúnaí do mhúinteoirí.
De réir mhisean an Choláiste, tugaimid an-aird ar an bhfreagracht atá orainn cothú agus saibhriú a dhéanamh ar inniúlachtaí oideolaíocha, ar an gceannaireacht agus ar an taighde sa tumoideachas agus san oideachas Gaeltachta. Tá an-bhród orainn ar fad as an méid a chuirimid le réimse an tumoideachais agus leis an taighde. Tá M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta á chur ar fáil sa choláiste ó bhí 2012 ann, Tá an clár hibrideach trasearnála seo ar an gcéad chlár i bPoblacht na hÉireann atá deartha go sonrach d’ oideoirí agus do dhaoine gairmiúla eile san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá clár teastais iarchéime (An Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe (TTA) san Iarbhunscolaíocht Lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta) á chur ar fáil againn ó 2021 freisin. Sa chlár iarchéime seo, (TTA), déantar freastal ar na riachtanais forbartha gairmiúla mar aon leis na hinniúlachtaí teanga riachtanacha chun ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge (gaelcholáiste) agus Ghaeltachta agus in aonaid lán-Ghaeilge.
Tá gealltanas i gClár an Rialtais, Ár dTodhchaí le Chéile (2020), chun beartas cuimsitheach a sholáthar don Ghaeilge ó shuíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim go dtí an tríú leibhéal. An fhís atá ann, mar a leagtar amach i gClár an Rialtais, an Ghaeilge a chothú mar theanga bheo agus cur le bunsraitheanna córais oideachais ina n-aithnítear an Ghaeilge mar theanga bheo labhartha agus scríofa agus ina spreagtar í agus ina mbítear ag saothrú go gníomhach chun í a chur chun cinn. Le forbairt beartais nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de limistéir Ghaeltachta, glacfar céim mhór i dtreo an sprioc fhoriomlán i gClár an Rialtais a bhaint amach, agus neartófar an dul chun cinn a rinneadh le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017-2022. Creat a bheidh sna beartais thábhachtacha sin chun oideachas lán-Ghaeilge den chéad scoth a sheachadadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus i suíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim sa Ghaeltacht féin agus lasmuigh di.
Tá plé gairmiúil lánbhrí, athmhachnamh criticiúil agus fiosrú comhoibríoch ríthábhachtach ag an bpointe seo le haghaidh rath agus fhás leanúnach an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta in Éirinn agus le haghaidh an tumoideachais agus an oideachais mionteanga ar fud na cruinne. Ag an ócáid dhá lá seo, cuirfear deiseanna ar fáil do thaighdeoirí agus d’ oideoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus sa tumoideachas idirnáisiúnta araon machnamh criticiúil a dhéanamh ar thaighde i gcomhthéacs an tumoideachais agus an taighde sin a chomhroinnt. Soláthrófar deiseanna freisin leis na treochtaí nua i réimse síorathraitheach an tumoideachais a mhalartú agus a phlé.
Dá réir sin, tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as an gcomhdháil seo, an Tríú Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas. Deis luachmhar atá sa chomhdháil freisin chun bualadh le comhghleacaithe agus aithne a chur ar phobal domhanda oideoirí agus scoláirí tumoideachais.
Guím gach rath ort sna comhráite agus sa phlé go léir a dhéanfaidh tú anseo inár dteannta