An Lámhleabhar d'Ionadaithe Ranga 2024/25

Page 1


Clár na n-ábhar

/ Table of contents

na gColáistí /

Struchtúr CMLOG / SU

7 Cén chaoi a n-oibríonn Comhaltas na Mac Léinn? / How the Students’ Union Works?

8 Ról agus Feidhm an Ionadaí Ranga / Role and Function of a Class Representative 9 Príomhdhualgais an Ionadaí Ranga / The Key Duties of a Class Rep

An tIonracas Acadúil / Academic Integrity 12 Teagmháil a dhéanamh le do pháirtithe ranga / Contacting your classmates 13 Leideanna Scrúduithe / Exam Tips 14 Óráidíocht / Public Speaking

15 Plé a dhéanamh le Fadhbanna Pearsanta / Dealing with Personal Issues

17 Treoir maidir le Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn / A guide to Comhairle na Mac Léinn

19 Toghcháin do Choiste Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn / Elections to the Students’ Union Executive Committee

20 Foghlaim Chomhroinnte CÉIM / CÉIM Shared Learning 21 ALIVE

22 Aontas na Mac Léinn in Éirinn / Union of Students in Ireland

23 Sceideal na nIonadaithe Ranga, 2024/2025 / Class Representative Schedule 2024/2025

Mo chuid Cruinnithe le Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn / My SU Council Meetings

Am / Time Dáta / Date Ionad / Venue

Fáilte / Welcome

Heileo, Tom Forde an t-ainm atá orm agus mise atá mar Leas-Uachtarán/Oifigeach Oideachais don bhliain 2024/2025. Comhghairdeas leat as bheith i d’ionadaí ranga agus i d’urlabhraí do do rang. Tá ríméad orm gur chuir tú tú féin chun cinn agus táim ar bís le bheith ag obair leat i mbliana.

Is iomaí ról atá agat mar ionadaí, ina measc a bheith i d’urlabhraí do do rang, a bheith ag obair le hacadóirí, chomh maith le a bheith ag obair le Comhaltas na Mac Léinn. Is tusa an nasc idir an comhaltas agus na mic léinn agus is é sin an fáth a bhfuil do ghuth chomh tábhachtach sin dúinn.

An ról eile atá agat laistigh den chomhaltas ná an fhoireann fheidhmiúcháin a choinneáil cuntasach agus sainordú a thabhairt dúinn gníomhú ar mhaithe le leas na mac léinn, dar leat. Ní féidir linn bualadh le gach mac léinn agus is tusa an duine is fearr a bheidh in ann léiriú cruinn a thabhairt dúinn ar a bhfuil na mic léinn ag iarraidh, agus níos tábhachtaí, a bhfuil de dhíth orthu.

Tá buntáistí ann duitse freisin, ar ndóigh:

• Gheobhaidh tú oiliúint i bheith i d’ionadaí ranga agus oiliúint eile i rith na bliana.

• Gheobhaidh tú taithí ghairmiúil agus scileanna chun do CV a fheabhsú.

• Gheobhaidh tú húdaí Ionadaí Ranga saor in aisce.

• Gheobhaidh tú Teastas ALIVE

Táimid thar a bheith buíoch díot as do chuid ama agus iarrachtaí i mbliana, níos mó ná riamh. Cabhraíonn gach ceann de do thuairimí uathúla linn chun an léiriú is cruinne is féidir ar an gcaoi a mhothaíonn na mic léinn a fháil amach. Tá súil agam a bheith in an chomaoin a chúiteamh, mar sin ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil liom má theastaíonn aon rud uait.

Táim ag súil le tú a fheiceáil ag na Comhairlí Chomhaltas na Mac Léinn agus ag na Comhairlí Coláiste go léir, i measc na n-imeachtaí eile a mbeidh tú ag freastal orthu, agus táim ar bís le bheith ag obair leat chun eispéireas na mac léinn a fheabhsú.

Tom Forde

Leas-Uachtarán/Oifigeach Oideachais

Vice President/Education Officer

Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe /University of Galway Students’ Union (086) 385 3658

Su.education@ollscoilnagaillimhe.ie

Tionólaithe na gColáistí / College Convenors

Is iad Tionólaithe na gColáistí an acmhainn is fearr a chuirtear ar fáil do na hIonadaithe Ranga. Cuir aithne ar do Thionólaí, tá siad ann chun cabhrú leat aon fhadhb a bheadh ag do rang a réiteach. I gcás ina mbeadh eagla ort fadhb áirithe a roinnt le léachtóir, déan teagmháil le do Thionólaí nó leis an Oifigeach Oideachais, fiú. Ar deireadh thiar thall, is duitse a oibrímid agus níl aon fhadhb againn labhairt le léachtóir.

Is tábhachtach a thabhairt ar aird, cé go bhfuilimid anseo chun comhairle a thabhairt, b’fhearr i bhfad le léachtóirí tusa, an tIonadaí Ranga, a fheiceáil. Ní ghearrfaidh aon léachtóir pionós ort as déanamh mar is mian le do rang, sin é do jab agus an fáth gur toghadh mar ionadaí ranga tú.

Arts, Social Sciences & Celtic Studies

Jean O’Boyle

su.arts@ollscoilnagaillimhe.ie

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta / Convenor of the College of Science and Engineering

Ella Hogan

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences

Paschal Walsh

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde Postgraduate Research Officer su.pgresearch@ollscoilnagaillimhe.ie

Sachin Yadav

su.scieneceengineering@ollscoilnagaillimhe.ie

Ionadaithe

Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha / Postgraduate Taught Officer su.pgtaught@ollscoilnagaillimhe.ie

Le Toghadh

Vytaute

Bujaviciute

su.medicine@ollscoilnagaillimhe.ie

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí / Convenor of the College of Business, Public Policy & Law su.business@ollscoilnagaillimhe.ie

Tionólaí Choláiste na nDán , na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh / Convenor of the College of

Ballraíocht / Membership

Fáilte go Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gailimhe / Welcome to University of Galway Students’ Union!

Is é Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe an comhlacht ionadaíochta ar mhic léinn laistigh d’Ollscoil na Gaillimhe. Is iad na príomhaidhmeanna atá againn ná ionadaíocht a dhéanamh ar ár gcuid mac léinn, a leas a chosaint agus oibriú ar a son laistigh d’Ollscoil na Gaillimhe agus ar bhonn náisiúnta araon.

Is cuid de Chóras na nIonadaithe Ranga anois tú, córas atá mar bhonn agus mar thaca ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe.

Struchtúr CMLOG /

SU Structure

Gach mac léinn atá cláraithe le hOllscoil na Gaillimhe an sainmhíniú a thugtar ar bhallraíocht Chomhaltas na Mac Léinn. Ciallaíonn sé sin gur ball tusa de Chomhaltas na Mac Léinn agus gur baill iad gach duine de do pháirtithe ranga freisin! Is féidir leat do thuairim a nochtadh mar bhall agus ceann de na bealaí is fearr chun é sin a dhéanamh is ea bheith i d’Ionadaí Ranga agus trí Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Cuimhnigh i gcónaí nach AN Comhaltas Mac Léinn é, ach DO Chomhaltas Mac Léinn! Is libhse, mic léinn Ollscoil na Gaillimhe, é.

MIC LÉINN

COMHAIRLE CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

COISTE FEIDHMIÚCHÁIN

CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Cén chaoi a n-oibríonn

Comhaltas na Mac Léinn? /

How the Students’ Union Works?

A. Na hOifigigh Shabóideacha / Sabbatical Officers

Tá poist lánaimseartha ar íocaíocht ag na hOifigigh Shabóideacha agus is iad na mic léinn go léir san Ollscoil a thoghann iad. Is iad na hOifigigh sin; an tUachtarán (Faye), An Leas-Uachtarán/ Oifigeach Oideachais (Tom), An Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais (Chloe) agus An Leas-Uachtarán don Ghaeilge (Julieanne). Tá cuspóirí dearfa ag na hoifigigh sin chun cúram a dhéanamh de ghnéithe éagsúla de d’fholláine; ina measc comhairle a chur ort má theipeann ort sna scrúduithe agus a dhéanamh cinnte de go ndéantar ionadaíocht ar thuairimí na mac léinn ar gach leibhéal.

B. Tionólaithe na gColáistí / College Convenors Feidhmíonn gach duine de na 4 Thionólaí Coláiste mar chineál bainisteora do na hionadaithe ranga ina gColáiste. Cabhróidh Tionólaí Coláiste le treoir a thabhairt do na hIonadaithe Ranga i gColáiste i gcás ina mbeadh fadhb éigin ródheacair d’Ionadaí Ranga amháin dul i ngleic léi leis/ léi féin, nó i gcás fadhb a mbeadh tionchar aici ar níos mó ná rang amháin agus a d’éileodh obair foirne ó níos mó ná Ionadaí Ranga amháin. Déanann siad ionadaíocht ar Ionadaithe Ranga agus mic léinn a gColáiste ar an gCoiste Feidhmiúcháin. Is é is aidhm do na Comhairlí Dáimhe sin ná ceisteanna aonair a phlé a bhaineann go sonrach le do roinn, bíodh is go bpléann Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn ceisteanna a bhaineann leis an Ollscoil go léir. Suí ar fheidhmeannas a gColáiste an chuid is mó tionchair de phoist an Tionólaí Choláiste, is dócha. Déantar moltaí an-tábhachtacha ag an bhFeidhmeannas Coláiste, agus cinntear torthaí a bhainfidh go sonrach le cúrsaí agus fadhbanna sa Choláiste sin, agus ós rud é gur mac léinn sa Choláiste sin é/í an Tionólaí Coláiste, is minic a bhíonn níos mó tionchair aige/aici ná mar a bheadh ag aon Oifigeach Sabóideach chun cúram a dhéanamh de leas na mac léinn sin. Tuairiscíonn Tionólaithe Coláiste dá nIonadaithe Ranga ansin ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu.

C. An Coiste Feidhmiúcháin / Executive Committee Tugann baill de Choiste Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn tuarascálacha do Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Tá liosta de na baill ar ár láithreán gréasáin agus sa lámhleabhar seo. Toghadh chuig a bpoist iad chun cabhrú leat, mar sin ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil leo.

D. Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Comhairle an Chomhaltais roimhe seo) Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn an áit a ndéanann Ionadaithe Ranga agus Oifigigh eile de chuid Chomhaltas na Mac Léinn cinntí faoi cé na gníomhartha ar cheart don Comhaltas a dhéanamh nó cén seasamh ar cheart don Chomhaltas a ghlacadh faoi shaincheist. Caitear vótaí ar rudaí ar a dtugtar ‘rúin’, ina mbíonn ‘sainordú’, a insíonn d’Oifigeach amháin nó níos mó de Chomhaltas na Mac Léinn rud éigin a dhéanamh, go bunúsach. Má chaitheann baill den Chomhairle vóta i bhfabhar rúin, déantar beartas de chuid an Chomhaltais de.

Ról agus Feidhm an Ionadaí Ranga / Role and Function of

a Class Representative

Cad is Ionadaí Ranga ann?

I bhfianaise líon na mac léinn ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe atá ag dul i méid i gcónaí, is tábhachtach go mbeidh ionadaíocht ghníomhach ann do chuallacht na mac léinn ionas go gcloisfear guth na mac léinn i gcónaí. Is deacair do na hOifigigh teagmháil a dhéanamh le cuallacht iomlán na mac léinn freisin, agus is é sin an fáth gur chuid riachtanach den Chomhaltas iad Ionadaithe Ranga.

Is iad a bpáirtithe ranga a thoghann Ionadaithe Ranga chun tuairimí a gcomh-mhic léinn a chur in iúl don choláiste. Tá ról lárnach acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar mhic léinn, chun cabhrú le mic léinn fadhbanna a shárú agus chun caighdeán na gcúrsaí a choinneáil ar bun. Gníomhaíonn Ionadaithe Ranga mar phointe teagmhála idir an Rang, Léachtóirí, Comhordaitheoirí Cúrsaí agus

Comhaltas na Mac Léinn.

Suíonn Ionadaithe Ranga ar chruinnithe boird ar leibhéal an choláiste ina ngníomhaíonn siad mar ghuth na mac léinn, chun a chinntiú go gcuireann an coláiste riachtanais na mac léinn san áireamh in aon chinneadh a dhéantar. Go bunúsach, déanann Ionadaithe Ranga idirchaidreamh le Comhaltas na Mac Léinn agus le foireann na hOllscoile chun a chinntiú go réitítear gach fadhb agus go gcoinnítear caighdeán na gcúrsaí ard ar bhonn leanúnach.

Cén chaoi le tuairimí do ranga a chur in iúl?

Ionas go mbeidh tú in ann tuairimí do ranga a chur in iúl, ní mór a gcuid tuairimí a bheith ar eolas agat ar dtús. Níor cheart duit talamh slán a dhéanamh dá dtuairimí ná buille faoi thuairim a thabhairt ina leith. Is féidir próiseas simplí a dhéanamh de chomhairliúchán. Seo a leanas bealaí éagsúla chun tuairimí do ranga a fháil amach:

• Déan ábhair a phlé ar leathanach Grúpa Ranga ar na meáin shóisialta.

• Déan suirbhéanna le foirmeacha Google, Survey Monkey nó Padlet.

• Déan ábhair a phlé i do sheomra ranga fíorúil ag tús nó deireadh ranga.

• Reáchtáil maidin chaife/uair an chloig oifige fhíorúil.

Príomhdhualgais an Ionadaí Ranga

/ The Key Duties of a Class Rep

Tuairimí na mac léinn a bhailiú:

Chun ionadaíocht éifeachtach a dhéanamh ar thuairimí do ranga, ní mór na tuairimí sin a bheith ar eolas agat ar dtús. Níor cheart duit talamh slán a dhéanamh de thuairimí na mac léinn ná buille faoi thuairim a thabhairt ina leith. Is féidir próiseas simplí a dhéanamh de chomhairliúchán agus seo a leanas bealaí éagsúla chun aiseolas a bhailiú ó do rang: le ceistneoir gearr ar Survey Monkey nó foirmeacha Google, fiafraí den ghrúpa i ndiaidh ranga nó dul i dteagmháil leo ar ríomhphost nó i ngrúpa Facebook.

Fadhbanna ranga a bhainistiú: Is deacair a thuar cé na fadhbanna a bheidh romhat agus roimh do rang i rith na bliana. D’fhéadfadh ualaí oibre cúrsaí, fadhbanna le hamchláir nó léachtaí, etc. a bheith i gceist leo. Is fútsa é, mar Ionadaí Ranga, iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach ar an bhfadhb sin, agus seans go bhféadfaí í a réiteach go tapa ach dul i dteagmháil leis an Léachtóir, leis an Roinn sa Choláiste nó le hOifigeach de chuid Chomhaltas na Mac Léinn.

Plé a dhéanamh le fadhbanna pearsanta:

Mar Ionadaí Ranga, is fiú tú féin a chur ar an eolas faoi na seirbhísí tacaíochta éagsúla do mhic léinn atá le fáil in Ollscoil na Gaillimhe, ionas go mbeidh tú in ann do pháirtithe ranga a threorú chuig na daoine cearta má tá fadhb phearsanta acu. Mar Ionadaí Ranga, seans gur tusa an chéad duine a labhróidh páirtí ranga leis, agus mar sin is tábhachtach éisteacht leis an duine sin agus é a chur ar a shuaimhneas. Is tábhachtach freisin go mbeidh tú ar an eolas faoi theorainneacha, go n-admhóidh tú, más gá, nach comhairleoir oilte tú, agus go dtreoróidh tú an mac léinn chuig na tacaíochtaí iomchuí.

Ionadaíocht a dhéanamh ar do rang ag Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn Ní mór do gach Ball de Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn freastal ar chruinnithe Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Mura bhfuil tú in ann freastal ar chruinniú Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn nó Chomhairle Dáimhe, seol ríomhphost chuig an gcathaoirleach chun do leithscéal a thabhairt. Tá Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn mar bhonn agus mar thaca do Chomhaltas na Mac Léinn. Tá cruinnithe Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn thar a bheith tairbheach, mar coinníonn siad ar an eolas tú maidir lena a bhfuil ar siúl timpeall ar Ollscoil na Gaillimhe, chomh maith le córas aiseolais agus fóram plé a chur ar fáil duit le haghaidh fadhbanna éagsúla a imríonn tionchar ar na daoine a ndéanann tú ionadaíocht orthu.

Déantar gnó an chruinnithe thar thréimhse dhá uair an chloig agus bíonn clár oibre réamhshocraithe i gceist (tá gach ball i dteideal mír a chur chun cinn le bheith ar an gclár oibre. Tionóltar Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn trí huaire in aghaidh an tseimeastair agus tionóltar dhá chomhairle dáimhe gach seimeastar freisin. Pléitear feachtais, gníomhaíochtaí agus comhoibrithe uile Chomhaltas na Mac Léinn ag na cruinnithe sin. Tugann sé sin deis duit sainordú a thabhairt do do Chomhaltas Mac Léinn maidir le rud ar bith, ó shaincheisteanna polaitiúla go dtí feabhsúcháin sa choláiste.

Ionadaíocht a dhéanamh ar do rang ag cruinnithe boird:

Ról suntasach atá ag Ionadaí Ranga ná freastal ar Chruinnithe Boird maidir le Cúrsaí, a eagraítear idir Comhordaitheoirí Cúrsa/Ranga agus Ionadaithe Ranga. Cuireann Ionadaithe Ranga dearcthaí agus tuairimí a ranga in iúl i rith Chruinnithe Boird maidir le Cúrsaí, agus oibríonn siad i gcomhar leis an bhfoireann chun a chinntiú go ndéantar breithniú cuí ar riachtanais na mac léinn agus go gcuirtear san áireamh iad. Ní mór a chinntiú go gcloistear guth na mac léinn, go n-aithnítear é agus go ndéantar beart ina leith, ionas go n-éireoidh leis na cruinnithe sin.

Do rang a choimeád cothrom le dáta agus aiseolas éifeachtach a chur ar fáil: Mar Ionadaí Ranga, tá sé thar a bheith tábhachtach go gcoimeádfaidh tú do rang cothrom le dáta faoina bhfuil á dhéanamh ag Comhaltas na Mac Léinn. Ní mór do gach Ionadaí Ranga a chinntiú go gcuirtear a rang ar an eolas faoi na saincheisteanna a thagann chun cinn ag Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn agus faoi aon rud a mbeidh tionchar aige ar an rang. Tá sé riachtanach freisin aiseolas a thabhairt do na mic léinn a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat orthu faoi chruinnithe boird maidir le cúrsaí nó faoi aon chruinniú eile i ndáil leis an rang. Tá sé ríthábhachtach freisin aiseolas faoi do chuid oibre i ndáil le saincheisteanna a ardaítear a thabhairt do do pháirtithe ranga.

Comhfhreagras agus taifid a choimeád: Cuimhnigh go bhfuil gealltanas á thabhairt agat i ndáil le ráiteas agus é i scríbhinn. Cinntigh go mbeidh na mionsonraí i do dhoiciméad cruinn agus go scríobhfar iad ar bhealach measúil. Má theastaíonn duine éigin uait chun an doiciméad a sheiceáil lena chinntiú nach féidir an chiall chontráilte a bhaint as, seol ar ríomhphost é chuig Comhaltas na Mac Léinn agus é marcáilte go soiléir mar dhréachtdhoiciméad. Cuirfear comhairle ort ansin faoi cé acu an dteastaíonn leasuithe nó soiléiriú roimh é a sheoladh chuig an ball foirne acadúil ábhartha.

Tá sé tábhachtach taifead a choimeád ar aon ghníomh atá déanta agat ionas gur féidir leat beart leantach a dhéanamh ina leith. An bealach is fearr chun taifid a choimeád ná cumarsáid a dhéanamh ar ríomhphost agus cóip den chomhfhreagras go léir a shábháil i bhfillteán.

Seirbhísí a sholáthar: Is féidir leat seirbhísí breise a chur ar fáil do do rang faoi do lánrogha féin, mar shampla cóisirí ranga nó imeachtaí sóisialta, maidineacha caife nó oícheanta amuigh a eagrú. D’fhéadfá húdaithe ranga a eagrú freisin.

An tIonracas Acadúil Academic Integrity

Tá tábhacht ag baint leis an Ionracas Acadúil toisc go gciallaíonn sé go mbaineann tú úsáid as do chuid oibre féin agus ní obair duine eile agus, ina theannta sin, go dtugann tú aitheantas do dhaoine eile as a gcuid oibre. Má bhaineann tú úsáid as muilte aistí nó as láithreáin ghréasáin eile a gcaithfidh tú íoc astu, is í caimiléireacht chonartha atá ar bun agat agus seans maith go gcuirfidh sí isteach ar d’fhorbairt acadúil.

Cén chaoi sárú ar an Ionracas Acadúil a sheachaint

• Déan cinnte de go luafaidh tú na foinsí go léir a bhí agat agus ná déan iarracht tabhairt le fios gur tusa a rinne obair nach ndearna tú i ndáiríre.

• Ná téigh i mbun caimiléireacht chonartha trí úsáid a bhaint as muilte aistí ná láithreáin ghréasáin ar nós Chegg.com

• Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil an t-ionracas acadúil á shárú agat, déan teagmháil le do léachtóir nó le comhordaitheoir do chúrsa.

Scrúduithe ina gCeadaítear Úsáid Leabhar

Ceadaítear duit ábhair staidéir, an tIdirlíon agus leabhair a úsáid i scrúduithe den sórt seo. Is féidir an cur chuige seo a úsáid i ngnáthshuíomh scrúdaithe nó is féidir é a úsáid freisin le haghaidh scrúduithe/measúnaithe ar líne in áit scrúduithe foirmiúla i scríbhinn.

Rudaí A CHEADAÍTEAR duit a dhéanamh:

• Déan cinnte de go ndéanfaidh tú staidéar agus ullmhú roimh an scrúdú

• Eagraigh do chuid nótaí agus déan cinnte de go ndéanfaidh tú iad a leabharmharcáil le go mbeidh sé éasca le teacht orthu

• Ullmhaigh d’achoimrí roimh ré

• Ná déan dearmad d’fhoinsí a lua.

Rudaí NACH gCEADAÍTEAR duit a dhéanamh

• Ná cóipeáil agus ná greamaigh aon rud

• Ná bain úsáid as freagra duine eile

• Ná déan dearmad na foinsí a lua

• Ná bain úsáid as muilte aistí ná as láithreáin ghréasáin ar nós Chegg.

An Bhradaíl

Is é atá sa bhradaíl ná gníomh cóipeála, lena n-áirítear obair duine eile a áireamh nó a lua go díreach gan aitheantas leordhóthanach a thabhairt dó nó di - i gcás scrúduithe ar líne chomh maith.

Cén chaoi bradaíl a sheachaint

• Mura leatsa an fhaisnéis a bhfuil tú chun úsáid a bhaint aisti – luaigh d’fhoinse

• Déan gach iarracht gan faisnéis a chóipeáil agus a ghreamú

• Freagair an cheist i d’fhocail féin

• Ná roinn do chuid faisnéise le daoine eile i do rang.

Teagmháil a dhéanamh le do pháirtithe ranga /

Contacting your classmates

Teagmháil a dhéanamh le do pháirtithe ranga / Contacting your classmates Níl aon teorainn leis na bealaí atá ann chun teagmháil a dhéanamh le daoine agus bualadh leo. D’fhéadfá labhairt leo sa rang, nó cóisir nó teacht le chéile a eagrú. Is féidir leat grúpaí a chur ar bun ar WhatsApp, Discord nó Teams. Tabhair an rogha do dhaoine dul isteach i ngrúpaí agus déan cinnte de go mbeidh siad ar an eolas go mbeidh a gcuid sonraí teagmhála á roinnt acu má dhéanann siad amhlaidh.

Teagmháil a dhéanamh le do pháirtithe ranga trí YourSpace Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le mic léinn trí YourSpace anois. Má chliceálann tú ar an gcnaipe Ionadaí Ranga ar an taobh clé den roghchlár roghanna, beidh tú in ann ríomhphost a sheoladh chuig na daoine cláraithe i do rang.

Leideanna Scrúduithe / Exam Tips

Roimh an Scrúdú

• Tá a stíl foghlama féin ag gach duine, mar sin bain triail as modhanna staidéir éagsúla go dtiocfaidh tú ar an stíl a oibríonn duitse.

• Dírigh d’aird ar gach topaic agus oibrigh orthu go córasach, ceist i ndiaidh ceiste.

• Bain úsáid as páipéir scrúduithe ó bhlianta roimhe seo agus as ceisteanna cleachtaidh.

• Má theastaíonn cabhair uait le topaic, déan teagmháil le do pháirtithe ranga nó le léachtóir.

• Faigh amach cén t-am a bheidh do scrúduithe ar siúl - ceadaigh d’amchlár pearsantaithe ar leathanaigh Oifig na Scrúduithe ar láithreán gréasáin Ollscoil na Gaillimhe.

• Faigh amach cén cineál scrúdaithe a bheidh á dhéanamh agat - scrúdú ina gceadaítear úsáid leabhar, ceisteanna ilroghnacha, páipéar scríofa dhá uair an chloig, etc. Mura bhfuil tú cinnte – CUIR CEIST

I Rith an Scrúdaithe

• Tabhair am duit féin socrú síos agus TARRAING ANÁIL

• Léigh na ceisteanna go léir go cúramach.

• Fág am chun dul siar ar do pháipéar ag deireadh an scrúdaithe.

• Socraigh méid ama le haghaidh gach ceiste agus bog ar aghaidh go dtí an chéad cheann eile nuair atá an t-am istigh.

Aire a Thabhairt Duit Féin

• Glac sosanna go rialta agus tú ag staidéar.

• Seachain traochadh, faigh do dhóthain codlata, coinnigh gníomhach agus tabhair cead duit féin am saor a ghlacadh.

• Ith bia sláintiúil

• Leag amach spriocanna pearsanta duit féin.

• Tóg na scrúduithe ó lá go lá, ná caill do mhisneach má tá drochscrúdú agat nó mura bhfuil ag éirí go maith le do chuid staidéir.

Óráidíocht / Public Speaking

Mar Ionadaí Ranga, is ceann den iliomad feidhmeanna atá agat ná do rang a chur ar an eolas faoi na himeachtaí agus gníomhaíochtaí atá le tarlú i gComhaltas na Mac Léinn agus faoi ghníomhaíochtaí do chúrsa féin, ar ndóigh. I é atá i gceist leis sin, éirí ag tús nó deireadh an ranga chun labhairt leo. D’fhéadfadh sé sin a bheith scanrúil ar dtús (cé acu a dhéanann tú i bpearsa nó ar líne é) ach éiríonn sé níos éasca agus beidh meas ag do pháirtithe ranga ort le himeacht ama.

Seo a leanas roinnt leideanna chun cabhrú leat cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí óráid a thabhairt do ghrúpa daoine.

Ullmhúchán: Téigh siar ar a bhfuil le rá agat roimh ré.

Eolas: Déan cinnte de i gcónaí go bhfuil an fhaisnéis go léir a theastaíonn uait agat. Ábharthacht: Déan cinnte de go mbeidh spéis ag an ngrúpa sa mhéid atá le rá agat.

Iompar an Choirp: Is é iompar an choirp ceann de na chéad rudaí a insíonn tú fút féin san óráidíocht. Foghlaim le seasamh suas go díreach, agus cuma iontaofa, mhuiníneach agus cheannasach ort. Tabhair d’óráid i scáthán agus tabhair aird faoi leith ar d’iompar coirp. Is iad na daoine a mbeidh tú ag labhairt leo agus an áit ina mbeidh tú a chinnfidh d’iompar coirp laistigh den ghrúpa. Is iad an áit agus an bealach a chuirfidh tú tú féin i láthair a chinnfidh an dearcadh a bheidh ag daoine ort féin agus ar a bhfuil á rá agat.

Guth: Agus tú ag labhairt le grúpa, is tábhachtach smaoineamh ar na nithe seo a leanas chun do sprioc a bhaint amach, is é sin, do theachtaireacht a chur in iúl:

1. Labhair ar leibhéal oiriúnach inchloiste.

2. Labhair go soiléir.

3. Labhair go mall gan a bheith ró-thomhaiste.

4. Seachain labhairt go haontonach, úsáid tuinairdí agus tuineacha éagsúla.

5. Ná bíodh eagla ort tostanna beaga a úsáid.

Gothaí: Féadfaidh gothaí ginearálta agus gothaí gnúise cabhrú go mór leat d’óráid a thabhairt. Tugtar roghanna thíos de nithe a fhéadfaidh cabhrú le do chumas aird an ghrúpa a tharraingt agus cumarsáid oscailte leo a choinneáil ar bun.

Breathnú sna Súile: Cuir gach duine san áireamh agus breathnaigh sna súile ar dhaoine an t-am ar fad.

Meangadh Gáire: Is bealach iontach é seo chun aird ghrúpa a choimeád.

Comharthaí Láimhe: Úsáidtear iad seo chun béim a chur ar phointe nó eolas breise a thabhairt, ach níor cheart dóibh aird an ghrúpa a bhaint ó do chuid focal, mar sin ná déan an iomarca.

Óráidíocht Ar Líne

• Déan cinnte de go bhfuil do cheamara ar siúl (má cheadaíonn d’idirlíon é sin)

• Déan cinnte de go bhfuil an fhuaim/do mhicreafón ag obair

• Bí ullamh agus gonta (bíonn achar airde níos giorra ag daoine ar líne)

• Bíodh cúlra glan agus solas maith agat.

• Déan tástáil ar do theicneolaíocht roimh ré.

Plé a Dhéanamh le Fadhbanna Pearsanta / Dealing with Personal Issues

Mar Ionadaí Ranga, an post atá agat ná tú féin a choinneáil ar an eolas faoi na seirbhísí éagsúla atá le fáil, ionas go mbeidh tú in ann do mhic léinn a threorú chuig na daoine cearta má tá fadhb acu. Bíonn cuid mhaith mac léinn éiginnte faoin bhfadhb atá acu agus faoin mbealach le plé léi.

Mar Ionadaí Ranga, seans maith gur tusa an chéad duine a n-inseoidh siad a bhfadhb dó.

Leideanna Tapa

• Ná glac leis go dtuigeann tú an chaoi a mothaíonn siad, fiú má cheapann tú go dtuigeann.

• Tabhair cluas éisteachta dóibh.

• Ná tabhair breithiúnas.

• Ná cuir comhairle orthu.

• Ná bí ag ceapadh gur cheart go mbeadh na freagraí go léir agat.

• Ná scaip an scéal ar do chairde, chuirfeadh sé sin isteach ar chúrsaí.

Ná déan dearmad!

Níl sé de shainchúram ort plé le fadhbanna pearsanta aonair. Ní comhairleoir tú agus níl oibleagáid ort plé le daoine ar leibhéal pearsanta. Nuair atá fadhb ag duine, an rud is fearr le déanamh ná iad a threorú chuig duine de na Comhairleoirí do Mhic Léinn nó chuig Oifigeach Leasa agus Comhionannais Chomhaltas na Mac Léinn.

Seirbhísí atá ar fáil do mhic léinn

Is tábhachtach go mbeidh tú ar an eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil do mhic léinn. Tá dhá phríomhchineál seirbhíse ar fail do mhic léinn, seirbhísí laistigh den choláiste agus eagraíochtaí deonacha seachtracha. Seans nach mbeidh cur amach agat ar gach ceann, mar sin cuir ceist ar oifigeach Chomhaltas na Mac Léinn má tá aon amhras ort!

Seirbhísí do mhic léinn Ríomhphost Guthán

An Oifig Cóiríochta accommodation@universityofgalway.ie 091 493 540

Séiplíneacht chaplains@universityofgalway.ie 091 495 055

Comhairleoireacht counselling@universityofgalway.ie 091 492 484

An tIonad Tacaíochta Míchumais disabilityservice@universityofgalway.ie 091 493 541

An tAonad Sláinte healthunit@universityofgalway.ie 091 492 604

Naíolann spraoinuig@universityofgalway.ie 091 493 739

An tIonad Forbartha Gairme careers@universityofgalway.ie 091 493 589

CÉIM su.ceim@universityofgalway.ie 091 493 570

Oifigigh Tacaíochta do Mhic Léinn

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Scoil an Dlí - Comhairleoir do Mhic Léinn

• Ann Marie Gilchrist - annmarie.gilchrist@universityofgalway.ie

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh - Comhairleoir do Mhic Léinn

• Dr Rosemary Crosse - rosemary.crosse@universityofgalway.ie

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta - Comhairleoir do Mhic Léinn

• Kelly Moore - kelly.l.moore@universityofgalway.ie

Scoil an Ghnó - Comhairleoir do Mhic Léinn

• Teresa Lydon - teresa.lydon@universityofgalway.ie

Scoil an Dlí – Comhairleoir do Mhic Léinn

• Ann Marie Gilchrist - annmarie.gilchrist@universityofgalway.ie

Tá a thuilleadh eolais agus naisc chun áirithintí a dhéanamh anseo: https://www.universityofgalway.ie/student-support-officers/

Treoir maidir le Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn

/ A guide to Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn

Is é atá i gComhairle Chomhaltas na Mac Léinn ná fóram mac léinn a thoghann a rang iad chun ionadaíocht a dhéanamh ar a leasanna do Chomhaltas na Mac Léinn. Tá Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn comhdhéanta de na hIonadaithe Ranga go léir agus oifigigh feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn (na hoifigigh a thoghtar i mí an Mhárta gach bliain) agus bíonn sí faoi chathaoirleacht Chathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Toghann gach rang idir ionadaí amháin agus ceithre ionadaí, de ghnáth, ag brath ar mhéid an ranga. Tugann Ionadaithe Ranga sainordú do na hoifigigh feidhmiúcháin chun beart leantach a dhéanamh faoi chinntí, beartais, etc. de chuid Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Go bunúsach, oibríonn na hoifigigh feidhmiúcháin do Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn agus tá siad cuntasach di. Mura bhfuil ár bpost á dhéanamh i gceart againn, abair linn é.

Céard a dhéanann Comhairle an Chomhaltas na Mac Léinn? / What does Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn do?

• Déanann sí maoirseacht ar obair na n-oifigeach feidhmiúcháin.

• Feidhmíonn sí mar fhóram oscailte do shaincheisteanna mac léinn, áit ar féidir saincheisteanna ar ábhar imní do mhic léinn iad a ardú agus gníomh a dhéanamh ina leith.

• Déanann sí ionadaíocht ar gach rang agus Coláiste do Chomhaltas na Mac Léinn.

• Cuireann sí faisnéis ó na hoifigigh feidhmiúcháin agus na ranganna agus Coláistí éagsúla in iúl dá chéile.

• Toghann sí ionadaithe chuig coistí éagsúla de chuid na hOllscoile.

Is é cuspóir Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn na an léargas is fearr is féidir a thabhairt do na hoifigigh feidhmiúcháin faoi na saincheisteanna atá ag déanamh difear do na mic léinn. Is féidir aird na n-oifigeach feidhmiúcháin a tharraingt ar na saincheisteanna ansin ionas go bpléifí leo chomh tapa agus is féidir. Mura gcuirtear saincheisteanna in iúl dúinn, ní féidir linn iad a réiteach. Tuairiscíonn na hoifigigh feidhmiúcháin do Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn freisin faoina bhfuil ar siúl acu ina gcuid oibre agus faoi na forbairtí a rinneadh le déanaí i gComhaltas na Mac Léinn agus san Ollscoil tríd is tríd. Cuireann gach oifigeach feidhmiúcháin tuarascáil i láthair ag gach cruinniú Ionadaithe Ranga, rud a thugann deis do na hIonadaithe ceisteanna a chur ar na hoifigigh faoi cé chomh maith atá a ndualgais á gcomhlíonadh acu. Mar a luadh roimhe seo, is féidir leis na hIonadaithe Ranga sainordú a thabhairt do Chomhaltas na Mac Léinn tabhairt faoi bheartais áirithe nó rudaí áirithe a dhéanamh. Ní féidir na cinntí sin a dhéanann Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn a mhalartú ná a athrú ach trí Chruinniú Ginearálta de chuid Chomhaltas na Mac Léinn nó reifreann ar chuallacht iomlán na mac léinn.

Ceist a ardú ag Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn / Bring up an Issue at Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn

Is féidir saincheist a chur faoi bhráid Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn trí Chathaoirleach Chomhairle na Mac Léinn. Beidh an Cathaoirleach sásta an tsaincheist a chur ar an gclár oibre duit. Déan teagmháil leis an gCathaoirleach ar a laghad seachtain roimh an gComhairle le go gcuirfí do mhír ar an gclár oibre. Bheadh an Cathaoirleach sásta cabhrú leat rún a scríobh don Chomhairle. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis nó léi ag su.council@ollscoilnagaillimhe.ie

Rúin Nós Imeachta / Procedural motions

Má mheasann tú go bhfuil go leor díospóireachta déanta ar rún, is féidir leat na rúin seo a úsáid chun an chomhairle a bhrú ar aghaidh. Tá sé de cheart agat ceann ar bith de na rúin seo a ghairm i rith na Comhairle. Ar rún nós imeachta a iarraidh, ní mór d’ionadaí ranga cláraithe eile nó do bhall den fheidhmeannas tacú leis agus ansin cuirfear an vóta don rún nós imeachta roimh an gcomhairle. Is iad seo a leanas na rúin:

9A: Rún go gcuirfear an cheist láithreach bonn.

9B: Rún nach gcuirfear an cheist.

9C: Rún go ndéanfar plé leis an gceist ina codanna.

9D: Rún go ndéanfar plé leis an gceist am éigin eile (an chéad Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn eile).

9E: Rún mímhuiníne as cinneadh a rinne Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.

9F: Rún mímhuiníne as an gCathaoirleach. (má ritear é ní dhéanfaidh an Cathaoirleach cathaoirleacht ar an gcruinniú sin agus glacfaidh an Leas-Uachtarán/Oifigeach Oideachais ceannas ar an seisiún sin).

Tabhair faoi deara, ní mór vótáil ar cé acu a bheidh an rún nós imeachta ann sula gcaitear vótaí ar an rún féin.

Treoir um béasaíocht Ar Líne Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn:

Ardán TF

• Cruinnithe hibrideacha a bheidh i gcruinnithe Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Seiceáil go bhfuil do mhicreafón agus do cheamara ag obair sula nglacfaidh tú páirt sa chruinniú. Úsáid d’ainm

• Más gá duit d’ainm a athrú in Zoom, cliceáil ar na trí phonc sa chúinne ar thaobh na láimhe deise de do phróifíl, cliceáil ar ‘Rename’ (athainmniú) agus clóscríobh d’ainm ann. Bí ann go luath

• Téigh isteach sa seisiún cúpla nóiméad roimh an am atá sé le tosú. Leis sin, cinnteofar nach gcuirfear isteach ar an seisiún. Ar an gcaoi sin, is féidir an seisiún a thosú agus chríochnú in am, ós rud é go bhfuil teorainn leis an méid ama atá ar fáil. Coinnigh do mhicreafón balbhaithe

• Agus tú sa phríomh-sheomra, coinnigh do mhicreafón balbhaithe ach amháin má tá tú ag caint. Déantar sin chun torann cúlrach agus aisfhotha a sheachaint, rudaí a tharraingíonn aird na ndaoine eile sa seisiún. Is féidir leat do mhicreafón a dhíbhalbhú nuair atá tú ag labhairt sa phríomh-sheomra nó nuair atá tú i seomra ar leithligh.

Má tá do cheamara ar siúl

• Déan cinnte de go bhfuil cúlra iomchuí agat agus nach bhfuil an soilsiú ró-láidir. Má tá fadhbanna agat le bandaleithead idirlín, seans go mbeidh ort do cheamara a mhúchadh go sealadach.

Bíodh meas agat ar dhaoine eile

• Bíodh meas agat ar na daoine eile sa seisiún. Éist le gach duine agus tabhair cead cainte do gach duine.

• Ná bí ag ól alcóil ná ag caitheamh tobac, toitíní leictreonacha san áireamh, i rith an ghlaoigh. Feidhm an Chomhrá

• Úsáid feidhm an chomhrá mar chineál aiseolais chuig an ngrúpa agus ní chun comhrá príobháideach a bheith agat le rannpháirtí eile sa seisiún. Má tá ceist de chineál príobháideach agat, seol teachtaireacht phríobháideach chuig an gcathaoirleach nó chuig oifigeach lánaimseartha.

Tá cosc ar thaifeadadh

• Ar chúiseanna príobháideachais agus RGCS, ná taifeadtar an seisiún agus ná glactar grianghraif nó seatanna scáileáin gan cead a fháil ón ngrúpa.

Toghcháin do Choiste Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn / Elections

to the Students’ Union Executive Committee

Mar Ionadaí Ranga, tá tú i gceann de na riochtaí is fearr le do Chomhaltas Mac Léinn a stiúradh sa tréimhse 2025/2024. Is tusa a bhí mar bhonn agus mar thaca do Chomhaltas na Mac Léinn ó thús deireadh na bliana, a stiúir Comhaltas na Mac Léinn agus a rinne cinnte de n-éistimid libh. Measaimid go bhfuil sé in am duit smaoineamh ar teacht inár n-ionad! Bíonn toghcháin ann le haghaidh gach poist oifigigh agus tionólfar iad i mí an Mhárta.

Déanfar na hoifigigh lánaimseartha – an tUachtarán, an Leas-Uachtarán / an tOifigeach Leasa agus Comhionannais, an Leas-Uachtarán / an tOifigeach Oideachais, agus an Leas-Uachtarán / an tOifigeach Gaeilge – déanfar iad siúd uile a thoghadh Déardaoin an 13 Márta 2025. Osclófar ainmniúcháin do na poist sin Dé Céadaoin an 26 Feabhra 2025.

Déanfar na hoifigigh pháirt-aimseartha a thoghadh Déardaoin an 6 Márta 2025 agus osclófar ainmniúcháin ina leith Dé Céadaoin an 19 Feabhra 2025.

Chun tuilleadh eolais faoi thoghcháin chuig Comhaltas na Mac Léinn a fháil, déan teagmháil le studentsunion@universityofgalway.ie

Seisiúin

Sheachtainiúla

Phiarfhoghlama

Tacaíocht le hObair

Chúrsa

Piarfhoghlaim do mhic léinn na chéad bhliana

Comhrá Grúpa

Suaitheantas Digiteach

Ar mhaith leat bualadh le daoine i do chúrsa, tuiscint a fháil ar obair chúrsa agus spraoi a bheith agat?

Tar chuig CÉIM! Tiocfaidh tú le chéile gach seachtain le mic léinn eile ó do chúrsa agus le ceannairí mic léinn oilte ó bhlianta níos airde ar do chúrsa. Beidh tú in ann ceisteanna a chur, páirt a ghlacadh i mionghníomhaíochtaí spraíúla, obair chúrsa a phlé agus a bheith ag foghlaim le chéile. Tá ábhar na seisiún CÉIM go hiomlán faoi stiúir na mac léinn.

Tá CÉIM á thairiscint faoi láthair do mhic léinn na chéad bhliana sna cúrsaí seo a leanas: Eolaíocht Bhithleighis • Biteicneolaíocht • Ríomheolaíocht agus Teicneolaíocht Faisnéise • Innealtóireacht • Tíreolaíocht • Géineolaíocht agus Géanómaíocht • Dlí • Eolaíocht Pholaitiúil agus Socheolaíocht • Eolaíochtaí Sóisialta (BASS) • Eolaíocht • Spáinnis • Síceolaíocht

Cén fáth a bhfreastalófá ar CÉIM?

• Cuideoidh sé leat socrú isteach in Ollscoil na Gaillimhe

• Beidh tú in ann cairde a dhéanamh i do dhisciplín féin

• Cuideoidh sé leat a bheith rathúil ó thaobh na hacadúlachta de

• Forbróidh tú scileanna staidéir

• Déanfaidh tú scileanna inaistrithe a chleachtadh

Tionchar CÉIM

• Baineann iad siúd a fhreastalaíonn ar CÉIM go rialta gráid níos airde amach ar an meán (11-31% níos airde) ná iad siúd nach bhfreastalaíonn ach corruair agus iad siúd nach bhfreastalaíonn ar chor ar bith

• 91% de na mic léinn sa chéad bhliain a ndearnadh suirbhé orthu in 2023/24, chuir siad in iúl gur chabhraigh CÉIM leo bualadh le daoine eile ar a gcúrsa

A ndeir mic léinn sa chéad bhliain faoi CÉIM

‘D’fhoghlaim mé teicnící tábhachtacha staidéir agus scileanna bainistíochta ama.’

‘Bealach iontach le haithne a chur ar dhaoine eile i mo chúrsa.’

‘Cultúr cairdiúil fáilteach gan aon bhreithiúnas a bhí ann an t-am ar fad’

www.ceim.su.universityofgalway.ie su.ceim@universityofgalway.ie

Chuir Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe tús le CÉIM in 2013 agus tá sé á reáchtáil mar chomhpháirtíocht idir na mic léinn, an fhoireann acadúil agus Comhaltas na Mac Léinn ó shin i leith.

ALIVE a thugtar ar Chlár Oibre Deonaí Ollscoil na Gaillimhe do Mhic Léinn Oibríonn ALIVE le scoileanna, carthanais, eagraíochtaí pobail agus laistigh d’Ollscoil na Gaillimhe chun deiseanna a chur ar fáil chun obair dheonach a dhéanamh i raon leathan ról. Cabhraímid le mic léinn Ollscoil na Gaillimhe obair dheonach a dhéanamh sa réimse a roghnaíonn siad féin a oireann dá gcuid riachtanas, ábhar spéise agus gealltanas ama.

Tá ALIVE anseo chun faisnéis, comhairle, treoir agus tacaíocht a thabhairt do mhic léinn i rith a n-eispéiris oibre deonaí. Déanaimid iarrachtaí na mac léinn san obair dheonach a chúiteamh le Gradam Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe as Obair Dheonach, a dtugtar ‘Teastas ALIVE’ air.

Déan iarratas ar Ghradam Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe as Obair Dheonach, Teastas ALIVE, as bheith i d’Ionadaí Ranga.

Is mian le hOllscoil na Gaillimhe agus Comhaltas na Mac Léinn buíochas a ghabháil leat as do thiomantas do do rang – déan ceiliúradh ag deireadh na bliana ag Searmanas ALIVE – áit a mbíonn cóisir mhór ag oibrithe deonacha uile Ollscoil na Gaillimhe! Is féidir leat Teastas ALIVE ó Ollscoil na Gaillimhe a ghnóthú mar aitheantas ar an am a thug tú do do rang trí oibriú go deonach mar Ionadaí Ranga. Níl le déanamh agat ach a insint dúinn céard a rinne tú mar Ionadaí Ranga agus cén tionchar a bhí ag an obair dheonach sin.

Cén chaoi a bhfaighidh mé mo Ghradam Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe as Obair

Dheonach, Teastas ALIVE?

Déan iarratas ar líne inniu! Líon isteach d’iarratas ar líne ar an Teastas ag www.yourspace. universityofgalway.ie

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le ALIVE:

Gréasán: https://www.studentvolunteer.ie/ Ríomhphost: alive@universityofgalway.ie

Is é Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) an grúpa náisiúnta ionadaíochta do na 354,000 mac léinn san oideachas tríú leibhéal ar oileán na hÉireann. Is eagraíocht ballraíochta é AMLÉ – is iad na Comhaltais Mac Léinn chleamhnaithe ar fud na hÉireann, ó Thuaidh agus ó Theas, ár mbaill. Ní oifigigh amháin atá in AMLÉ, tá sé comhdhéanta de gach mac léinn i ngach coláiste cleamhnaithe sa tír – is é do chomhaltas é, is é do ghuth náisiúnta é! Oibríonn AMLÉ chun na nithe a leanas a bhaint amach:

• Córas oideachais agus oiliúna a bheidh oscailte do chách, beag beann ar bhunadh náisiúnta, cine, gnéas, gnéaschlaonadh, creideamh, creidimh reiligiúnacha nó imthosca eacnamaíocha, ionas go bhféadfaidh gach duine a lánacmhainneacht a bhaint amach i seirbhís mhuintir na hÉireann.

• Córas oideachais agus oiliúna a bheidh chun leas mhuintir na hÉireann tríd an ealaín, an litearthacht, agus na heolaíochtaí nádúrtha agus sóisialta a fhorbairt.

• An ceart a bheith ag mic léinn caighdeán imleor maireachtála, lena n-áirítear an ceart chun tacaíocht airgid, tithíocht chuí, agus deiseanna fostaíochta in Éirinn sa todhchaí.

• Na cearta daonlathacha go léir agus cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn.

• Seirbhísí mic léinn a chur ar fáil ar mhaithe leis na baill, de bhua an phrionsabail gur chóir do na baill a bheith i gceannas ar sheirbhísí mic léinn.

Reáchtáiltear AMLÉ ar bhealach atá cosúil leis an mbealach a reáchtáiltear Comhaltas Mac Léinn áitiúil, ach ar scála náisiúnta. Seachas ionadaithe ranga tá oifigigh shabóideacha Chomhaltas na Mac Léinn againn a dhéanann ionadaíocht ar do choláiste ag Comhairle Náisiúnta AMLÉ, ar an gcaoi chéanna a ndéanann tusa ionadaíocht ar do rang ag . Cuireann gach Comhaltas Mac Léinn ar ball den Chomhairle Náisiúnta é líon áirithe toscairí chuig an gComhdháil Bhliantúil (arb í príomh-chomhlacht cinnteoireachta AMLÉ í) de réir chóimheas toscaire amháin in aghaidh gach 1,000 mac léinn. D’fhéadfá-se a bheith ar dhuine de thoscairí do choláiste. www.usi.ie • enquiries@usi.ie

NAISC ÁISIÚLA

• Dátaí a Osclaíonn/a Dhúnann Clárúchán: https://www.universityofgalway.ie/registration/quick-links/registration-dates/

• Féilire Acadúil: https://www.universityofgalway.ie/registry/academic-term-dates/

• Scrúduithe: https://www.universityofgalway.ie/exams/

• Táillí: https://www.universityofgalway.ie/student-fees/

• Dátaí Lár-Oifig Iontrála: https://www.cao.ie/?page=importantdates

• Bronnadh Céimeanna: https://www.universityofgalway.ie/conferring/

Sceideal Chomhairle na

nIonadaithe Ranga 2024/2025

Class Representative Council Schedule 2024/2025

Seimeastar 1 - 2024

Dáta

Lua, 7 DFó

Mái 15 DFó

Mái 15 DFó

Céa 16 DFó

Céa 16 DFó

Déa 17 DFó

Lua 21 DFó

Mái 5 Sam

Mái 5 Sam

Céa 6 Sam

Céa 6 Sam

Déa 7 Sam

Lua 11 Sam

Am 6pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 6pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 6pm-8pm

Seimeastar 2

Dáta

Mái 21 Ean

Mái 21 Ean

Céa 22 Ean

Céa 22 Ean

Déa 23 Ean

Lua 27 Ean

Mái 18 Fea

Cruinniú

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 1

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Mái 18 Fea

Céa 19 Fea

Céa 19 Fea

Déa 20 Fea

Lua 24 Fea

Lua 24 Már

Am

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Comhairle na nIarchéimithe

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 2

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Comhairle na nIarchéimithe

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 3

- 2025

Cruinniú

6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 6pm-8pm

6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 6pm-8pm

6pm-8pm

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Comhairle na nIarchéimithe

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 4

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Comhairle na nIarchéimithe

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 5

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 6

Ionad

AMB-1021 Colm Ó hEocha Áras Dán na Mílaoise

AC202

AC202

AC201

AC201

AC201

AMB-1021 Colm Ó hEocha Áras Dán na Mílaoise

AC202

AC202

AC201

AC201

AC201

AMB-1021 Colm Ó hEocha Áras Dán na Mílaoise

Ionad

AC201

AC201

AC201

AC201

AC201

AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh

Slí Dála Ealaíon/Eolaíochta

AC201

AC201

AC201

AC201

AC201

AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh Slí

Dála Ealaíon/Eolaíochta

AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh Slí

Dála Ealaíon/Eolaíochta

Union of Students in Ireland Aontas na Mac Léinn in Éirinn

Ball bródúil d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn is ea Comhaltas an Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe University of Galway Students’ Union is a proud member of the Union of Students in Ireland

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.