Fáilte o Chomhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe 2024

Page 1


Fáilte

An tUachtarán

Haigh, a chairde! Faye Ní Dhomhnaill an t-ainm atá orm agus is mise an tUachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn don bhliain acadúil 2024/2025. Tá ríméad orm gur toghadh mé tar éis bliain iontach a chur isteach mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge.

Tá bliain dhochreidte i ndán dúinn agus m’anam go mbeidh roinnt mhaith deiseanna againn le hairgead a thiomsú ar bhealaí spraíúla. Is Céimí Dlí, Béarla agus Taibhealaíon mé, agus tá mé ag gabháil do Dhioplóma sa Ghaeilge faoi láthair. Bhí mé i mo luathfhágálaí ollscoile tráth, i mo mhac léinn lánaimseartha, agus anois i mo mhac léinn páirtaimseartha, mar sin tá súil agam gur féidir liom a rá go bhfuil léargas agam ar aon cheist a d’fhéadfadh teacht isteach san oifig. Táimse ar bís casadh oraibh go léir agus mo chion féin a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh an bhliain is fearr riamh againn in Ollscoil na Gaillimhe. Ní neart go cur le chéile!

Leas-Uachtarán/ an tOifigeach Leasa agus Comhionannais

Dia dhaoibh! Is mise Chloe Anderson, agus tá ríméad orm a bheith mar Leas-Uachtarán Leasa agus Comhionannais in 2024/2025. Is as Cill Chainnigh mé agus tá mé i mo shaoithín ceart sa ghníomhaíochas mac léinn ó bhí mé sna déaga, trí bheith i m'Ionadaí Cúigeach sna Gasóga, i m'Oifigeach Réigiúnach don ISSU, agus i mo chathaoirleach ar mo chomhairle daltaí féin.

Tá an thuas seal thíos seal i saol na hollscoile feicthe agam i gcás daoine eile agus i mo chás féin, agus tá súil agam go mbeidh mé in ann cabhrú le daoine a bhfuil an saol ag dul deacair orthu. Labhróidh mé libh go luath!

Leas-Uachtarán/ an tOifigeach Oideachais

Dia daoibh go léir, is mise Tom Forde agus is mise an LeasUachtarán don Oideachas. Is as Sligeach mé ó dhúchas agus is céimí BA Rialtais mé. Bhí mé i m’ionadaí ranga agus i mo Thionólaí Ealaíon don Chomhaltas roimhe seo.

Tá an oiread sin sceitimíní orm ionadaíocht a dhéanamh ar son gach mac léinn agus troid ar son bhur gceart ar an gcampas, idir ionchuimsitheacht, chuidiú le fadhbanna acadúla, tháillí agus a tuilleadh nach iad. Is sna daoine atá neart an Chomhaltais agus an Choláiste mar phobal, mar sin má ritheann aon smaointe nó ceisteanna leat, nó má bhíonn tú ag streachailt, déan cinnte bualadh isteach agus heileo a rá!

don Ghaeilge

An Leas-Uachtarán

Tom Forde Leas-Uachtarán / an OideachaistOifigeach

Dia daoibh go léir, Julieanne Ní Mhullaoidh is ainm dom agus is as Acaill, Co. Mhaigh Eo mé. Tógadh le Gaeilge mé agus tá sé mar aidhm agam cearta teanga na mac léinn anseo in Ollscoil na Gaillimhe a chosaint. Rinne mé staidéar ar an nGaeilge agus ar an Aistriúchán, agus bhí baint agam le coistí agus cumainn éagsúla Ghaeilge.

Ba mhaith liom deis a thabhairt do gach duine an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt i mbliana. Is ollscoil dhátheangach muid agus tá súil agam go mbeidh sé sin soiléir do chách i mbliana! Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh liom má ritheann aon cheist libh nó má theastaíonn beagán comhairle uaibh!

An Leas-Uachtarán don Ghaeilge

Julieanne

Ní Mhullaoidh

Foireann Oifigeach Páirtaimseartha an

Leas Uachtarán / Oifigeach Oideachais

Chomhaltais, 2024-2025

Leas Uachtarán don Ghaeilge

Faye

Uachtarán Tom

Ní Dhomhnaill

RaisuL Sourav

Vytaute Bujaviciute

Cathaoirleach na gCumann

Seanie Ó Gáimhín

Leasa agus Comhionannais

Chloe

Oifigeach um Chearta Inscne agus LADT Namus Cader

na Mac Léinn Idirnáisiúnta

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta

Ní Mhullaoidh

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde Julieanne

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí
Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
Oifigeach um Chearta Míchumais
Oifigeach na Mionlach Eitneach
Oifigeach
Oifigeach Mic Léinn Lánfhásta
Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn

Ionadaithe ranga ó gach uile rang san ollscoil a bhíonn ar Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Is é an comhlacht a dhéanann maoirseacht ar Chomhaltas na Mac Léinn agus a thugann treoir dó. Bíonn deis ag na hionadaithe ranga saincheisteanna a bhaineann lena ranganna a tharraingt anuas ag na gComhairle chomh maith.

Cén chaoi ar féidir liom a bheith páirteach? Reáchtálfar toghcháin na nIonadaithe Ranga ar ardán YourSpace ag tús na bliana agus beidh siad ar siúl go dtí go mbeidh ionadaíocht ag gach rang. Má thoghtar thú, gheobhaidh tú oiliúint agus freastalóidh ar chruinnithe Ionadaithe Ranga agus cruinnithe Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn le linn na bliana chun gníomhú mar ghuth do ranga.

Cén tairbhe domsa é sin?

• Oiliúint i scileanna agus rannpháirtíocht

• Taithí le feabhas a chur le do CV

• Cur le do líonra

• Cairde nua a dhéanamh

• Húdaí Ionadaí Ranga saor in aisce!

Déan teagmháil le Tom ag su.education@universityofgalway.ie le tuilleadh eolais a fháil faoina bheith i do Ionadaí Ranga

An Tobhach Mic Léinn –Is leatsa an t-airgead

Íocann gach mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe an Tobhach Mic Léinn sa bhreis ar na táillí bliantúla. Úsáidtear an Tobhach Mic Léinn chun roinnt gníomhaíochtaí mic léinn a mhaoiniú amhail

Comhaltas na Mac Léinn; Clubanna; Cumainn; Aonad Sláinte na Mac Léinn; Raidió an Champais; agus Clár Piarfhoghlama CÉIM.

Teastaíonn an Tobhach toisc nach leor an maoiniú a thugann an Ollscoil faoi chomhair na seirbhísí sin. Tá áiseanna i bhfad níos fearr ag coláistí eile nach gá dá gcuid mac léinn a fhóirdheonú, agus faigheann a n-aontais, clubanna agus cumainn níos mó maoinithe chomh maith.

Bíonn an Comhaltas ag obair ar an gceist seo i gcónaí. Anuraidh laghdaíodh an Tobhach Mic Léinn ó €224 in aghaidh an mhic léinn go €140 in aghaidh an mhic léinn, rud a chiallaíonn nach bhfuil mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe ag íoc an tobhaigh is airde sa tír a thuilleadh.

Leithdháiltear an Tobhach Mic Léinn mar seo a leanas:

Comhaltas na Mac Léinn

Cumainn

Clubanna

Aonad Sláinte na Mac Léinn

Áras na Mac Léinn

Flirt FM

Ciste Tionscadal na Mac Léinn

CÉIM

Iomlán

€40.00

€25.00

€25.00

€22.00

€3.00

€6.00

€5.00

€14.00

€140.00

Is leatsa an t-airgead ag deireadh an lae agus, mar sin, ná bíodh aon drogall ort ceisteanna a chur maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an Tobhach Mic Léinn. Déan teagmháil le hUachtarán an Chomhaltais, Faye, ag su.president@universityofgalway.ie

Cuireann Comhaltas na Mac Léinn a chuntais faoi bhráid Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn gach bliain, agus bíonn siad ar fáil lena n-íoslódáil ónár láithreán gréasáin freisin.

Seirbhísí an Chomhaltais

Cárta Leap do Mhic Léinn – Is gníomhaire Cárta Leap do Mhic Léinn muid, agus mar sin is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcárta ar líne (má tá tú 16-18 bliain d’aois nó má tá 26 bliain d’aois slánaithe agat) agus bualadh isteach inár n-oifig thuas staighre in Áras na Mac Léinn le do chód le gur féidir linn an cárta a phriontáil duitse. Má tá tú idir 19 mbliana agus 26 bliana d’aois, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gCárta d’Aosaigh Óga, a chuirfear sa phost chugat.

Siopa Chomhaltas na Mac Léinn – Oibríonn Comhaltas na Mac Léinn an siopa campais, atá lonnaithe san íoslach i bhFoirgneamh na Leabharlainne. I measc na rudaí is féidir leat a cheannach anseo tá húdaithe agus t-léinte Ollscoil na Gaillimhe, creidmheas fóin, málaí ríomhaire glúine, stáiseanóireacht, nuachtáin, sólaistí, cótaí saotharlainne, fearais diosctha, milseáin, deochanna boga, deochanna teo agus gach bunriachtanas grósaeireachta. Is féidir earraí brandáilte a ordú ar líne ó shopcampus.ie.

Taisceadáin agus Seomra na gCótaí – Ligeann muid taisceadáin ar cíos ar fud an champais agus is féidir leat do cheann féin a chur in áirithe ar www.yourspace.universityofgalway.ie. Bíonn ár seirbhís seomra cótaí saor in aisce ar oscailt 9 r.n.-5 i.n., Luan go hAoine, i rith an téarma, agus í lonnaithe in íoslach Fhoirgneamh na Leabharlainne gar do Shiopa an Chomhaltais.

Flirt FM– Is é Flirt FM 101.3fm an stáisiún raidió mic léinn ar an gcampas a bhfuil neart duaiseanna buaite aige. Is le mic léinn tríú leibhéal na Gaillimhe an stáisiún. Bíonn an-chuid deiseanna againn le hobair dheonach a dhéanamh agus le hoiliúint a fháil, mar sin is mithid tiúnáil isteach agus páirt a ghlacadh! Spéir – Is í Spéir landair Chomhaltas na Mac Léinn agus tá sí in íoslach na Leabharlainne os comhair Shíbín an Chomhaltais. I gcomhpháirtíocht le FoodCloud, dáileann muid earraí bia saor in aisce a bheadh caite amach murach sin. Ar an gcaoi sin déanann muid ár gcion féin le cur amú bia a laghdú. Bailítear na hearraí ó ollmhargaí áitiúla atá tar éis iad a chaitheamh amach toisc gur farasbarr iad, go raibh an pacáistiú damáiste, gur earraí deiridh líne iad agus/nó toisc go bhfuil siad ag tarraingt ar a ndáta ar fearr roimhe. Ná déan dearmad do mhála in-athúsáidte a thabhairt leat chomh maith.

Sult – Is é Sult an beár is fearr le cách ar an gcampas agus bíonn scoth an cheoil/an spóirt bheo/na n-imeachtaí ar siúl ann. Tá sé suite in aice le hÁras na Mac Léinn agus is é Comhaltas na Mac Léinn a oibríonn é. Cuireann Sult an caife is fearr ar fáil ar an gcampas, in éineacht le rogha bia agus togha dí ar phraghsanna iontacha. Is é lár an aonaigh é le haghaidh cóisirí ranga, ócáidí tiomsaithe airgid, imeachtaí clubanna agus cumann, DJanna, grúpaí ceoil, coiméide, cáirióice agus go leor eile nach iad! Tá suíocháin lasmuigh ar ár nArdán Cois Abhann.

Cárta an Chomhaltais – Sula ndéanfaidh tú aon rud eile, déan deimhin de Cárta an Chomhaltais a fháil! Tá sé saor in aisce agus is féidir é a úsáid inár nIonaid go léir - Sult, Caifé Smokey agus Siopa an Chomhaltais - chun pointí a bhailiú, margaí a fháil agus airgead a shábháil duit féin.

Caifé Smokey – Is láthair chruinnithe iontach é Caifé Smokey ar an tSlí Dála, mar a bhfaighidh tú caife, sneaiceanna, súnna, smúdaithe, fillteoga, ceapairí tóstáilte den scoth agus go leor féiríní milse nach iad!

Síbín an Chomhaltais – Spás sóisialta nua ar an gcampas is ea Síbín an Chomhaltais. Tá sé suite in íoslach Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin. Tá a dhóthain spáis ann le haghaidh 40 mac léinn, agus neart pointí luchtaithe, leis. Bíonn sé ar oscailt ó 9 r.n. go 5 i.n., Luan go hAoine, i rith an téarma agus bíonn uaireanta breise oscailte ann in aimsir na scrúduithe.

Siamsaíocht agus Feachtais – Beimid ag reáchtáil go leor feachtas agus imeachtaí i mbliana le tú a mhealladh a bheith páirteach agus le cabhrú leat bualadh le daoine nua. Idir Sheachtain SHAG agus an phictiúrlann faoi spéir, is iomaí imeacht atá ar na bacáin againn! Bí ar an gCriú Leasa nó ar an gCriú Imeachtaí más mian leat a bheith páirteach.

Scileanna Saoil – Tugann ár gClár Scileanna Saoil deis duit d’fhorbairt phearsanta a chur ar aghaidh lasmuigh den saol acadúil trí ranganna i réimsí mar: Garchabhair, an Teanga Chomharthaíochta, Féinmharú a Chosc, Oiliúint Nochta agus Féinchosaint. Beidh líon laghdaithe spásanna ar fáil sna ranganna agus is cinnte go líonfar go tapa iad!

Diancheachtanna– Cuirimid clár diancheachtanna ar fáil ar yourspace.universityofgalway.ie. Anseo is féidir leat daoine a aimsiú chun cabhrú leat le d’ábhair nó chun do scileanna féin a chur ar fáil agus roinnt airgid a thuilleamh.

Do Leas-sa

Seo liosta de roinnt de na tacaíochtaí iomadúla atá ar fáil duit agus má ritheann aon cheist leat déan teagmháil le Chloe, Leas-Uachtarán/an tOifigeach Leasa agus Comhionannais.

• An Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn – Cabhair Airgeadais do mhic léin a mbaineann Cruatan Airgeadais dóibh.

• An Oifig Cóiríochta agus Leasa – Is féidir leis an Oifig Cóiríochta agus Leasa comhairle a thabhairt duit ar shaincheisteanna cóiríochta agus folláine eile. Tugann Threshold comhairle saor in aisce ar shaincheisteanna cóiríochta freisin.

• An tIonad Rochtana – Tá sé mar aidhm ag Ionad Rochtana na hOllscoile timpeallacht foghlama thacúil a chruthú ina gcumasaítear do mhic léinn a d’fhulaing míbhuntáiste socheacnamaíoch, mic léinn faoi mhíchumas agus mic léinn lánfhásta rochtain a fháil ar oideachas tríú leibhéal agus a bheith rathúil ann.

• FLAC – Soláthraíonn FLAC comhairle dlí saor in aisce do mhic léinn.

• Aonad Sláinte na Mac Léinn – Soláthraíonn Aonad Sláinte na Mac Léinn cúram leighis ar an gcampas do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe. Is féidir leat coinne a dhéanamh ar an láithreán gréasáin atá acu.

• An tSeirbhís Tacaíochta Míchumais - Tá an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais ar fáil do mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe a dteastaíonn tacaíochtaí nó cur in oiriúint réasúnach uathu mar gheall ar thionchar míchumais, fadhb leanúnach choirp nó mheabhairshláinte, nó deacracht foghlama ar leith.

• Sláinte Ghnéis – Is féidir leat coiscíní agus tástálacha toirchis a fháil saor in aisce ó Oifig an Chomhaltais má theastaíonn siad uait. Cuireann Sláinte Ghnéis an Iarthair comhairle agus seirbhísí iontacha ar fáil freisin. Bí ag faire amach de na feachtais a reáchtálfaimid mar chuid de Sheachtain SHAG le linn na bliana chun níos mó a fhoghlaim faoi do shláinte agus folláine ghnéis.

• Toiliú Gníomhach* – Tacaíonn an clár le daoine óga sláinte agus folláine ghnéis dhearfach agus mhuiníneach a bheith acu tríd an Toiliú Gníomhach*.

• Aip Galway Safe - Úsáideann “Aip Galway Safe” teicneolaíocht GPS chun tacaíocht a thairiscint do dhaoine a bhraitear ag fanacht timpeall ar cheantair cois uisce sa chathair go déanach istoíche nó go luath ar maidin.

• Do Mheabhairshláinte – Is acmhainn thábhachtach saor in aisce do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe í an tSeirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn. Is féidir leat tacaíocht a fháil freisin ón Ionad Séiplíneachta agus Tréadchúraim.

• A bheith LADTIAÉ+ ar an gCampas – is é an Cumann Bród cumann LADTIAÉ+ Ollscoil na Gaillimhe, a sholáthraíonn áit shábháilte do mhic léinn LADTIAÉ+ teacht agus casadh ar a chéile in atmaisféar spraíúil. Cuirtear fáilte is fiche roimh dhaoine ó chúlraí éagsúla chuig Ollscoil na Gaillimhe ach dá mbainfeadh aon fhadhbanna idirdhealaithe nó ciaptha duit de chineál ar bith déan teagmháil le Comhaltas na Mac Léinn.

• Speak Out – is uirlis ar líne é seo, áit a bhféadfaidh tú eachtraí foréigin, bulaíochta agus ciaptha ghnéasaigh a thuairisciú go hanaithnid https://unigalway.speakout.ie/

• Táirgí Míosta Saor in Aisce – Tá táirgí míosta saor in aisce ar fáil ó na dáileoirí dár gcuid atá scaipthe ar fud an champais mar chuid de chomhthionscnamh idir Comhaltas na Mac Léinn agus an Ollscoil. Ná tóg ach a bhfuil ag teastáil uait i ndáiríre!

Mental Health Supports Acmhainní Meabhairshláinte

Don’t be afraid to reach out, you’re not alone.

bíodh eagla ort cabhair a lorg; níl tú leat féin.

University of Galway Counselling - counselling@universityofgalway.ie

University of Galway Student Health Unit - Phone 091 492 604

University of Galway Chaplaincy - chaplains@universityofgalway.ie

Text HELLO to 50808

Samaritans - Phone 116 123

Bodywhys - Phone 01 2107906 or email alex@bodywhys.ie

Pieta House - Phone 1800 247 247 or Text HELP to 51444

BeLonG To - Text LGBTI+ to 086 1800 280 or email info@belongto.org Spunout.ie - Phone 01 675 3554 or email hello@spunout.ie

COPE Galway - Phone 091 778 750 or email info@copegalway.ie

Women’s Aid - Phone 1800 341 900

Galway Community Café - https://galwaycommunitycafe.ie/

A problem shared is a problem halved. Laghdú gach anró é a roinnt.

UniversityOfGalwayStudentsUnion www.su.nuigalway.ie

ort cabhair a lorg; níl

Rape Crisis Helpline - Phone 1800 77 8888

Jigsaw - Email info@jigsaw.ie - Phone 01 472 7010

LGBT Ireland

Turn2Me Mental Health Support - www.turn2me.ie

leat

Helpline - Phone 1890 929 53 or email info@lgbt.ie

Helplink Mental Health - Email helplinksupport@helplink.ie

The Traveller Counselling Service - Email info@travellercounselling.ie

MyMind - Email hq@mymind.org

ADHD Ireland - Phone 01 874 8349

Men’s Aid - Phone 01 554 3811

A problem shared is a problem halved. Laghdú gach anró é a roinnt.

Galway Community Café - https://galwaycommunitycafe.ie/ UniversityOfGalwayStudentsUnion

D’oideachas

Seo liosta de roinnt de na tacaíochtaí iomadúla atá ar fáil duit agus má ritheann aon cheist leat déan teagmháil le Tom, Leas-Uachtarán/an tOifigeach Oideachais

• Leabharlann – Le linn do chuid ama ag Ollscoil na Gaillimhe bainfidh tú úsáid as an Leabharlann le haghaidh réimse seirbhísí. Féadfaidh tú staidéar a dhéanamh, comhoibriú i gcomhar le comhghleacaithe, leabhair chúrsa a fháil ar iasacht, acmhainní ar líne na leabharlainne a úsáid chun faisnéis a chuardach agus a bheith cruthaitheach sa Maker Space. Cuireann siad seisiúin oiliúna scileanna iontacha ar fáil le linn na bliana freisin.

• ATS – Is éard is aidhm leis an gClár Meantóireachta Attract Transition Succeed (ATS) ná piarmheantóireacht agus seirbhísí tacaíochta iomchuí a sholáthar le cur ar chumas na mac léinn rannpháirteach a gcuspóirí oideachais a chur i gcrích go rathúil agus spreagadh, sásamh agus rathúnas á chur chun cinn i saol an choláiste.

• SUMS – Is ionad tacaíochta Matamaitice agus Staitisticí buail isteach saor in aisce é SUMS do gach mac léinn fochéime in Ollscoil na Gaillimhe.

• An tIonad Scríbhneoireachta Acadúla – Cuireann an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla ranganna teagaisc duine le duine ar fáil maidir le scríobh aistí do mhic léinn. Is féidir leo cabhrú leat má tá sé ag dul deacair ort d’aiste a thosú nó ábhar aiste a roghnú.

• ComputerDISC – Is acmhainn saor in aisce é ComputerDISC (Ionad Tacaíochta Buail Isteach don Ríomhchlárúchán) do gach mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe atá cláraithe i gcúrsaí ríomhchlárúcháin nó cúrsaí forbartha bogearraí.

• Mol na Scileanna Acadúla – Tá sé mar aidhm ag Mol Scileanna Acadúla ar líne Ollscoil na Gaillimhe tacú le mic léinn na príomhscileanna is gá don rath acadúil a fhorbairt.

• An tIonad Forbartha Gairme – Tacaíonn an tIonad Forbartha Gairme le mic léinn pleananna gairmréime rathúla a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, déanann sé idirchaidreamh le fostóirí maidir leis an earcaíocht iarchéime agus déanann éascaíocht ar mhodúl socrúcháin oibre le haghaidh roinnt cláir acadúla.

• Dámhachtain Infhostaitheachta – Aithníonn an Dámhachtain Infhostaitheachta an méid atá foghlamtha agat agus na scileanna a d’fhorbair tú trí obair agus trí ghníomhaíochtaí seachchuraclaim.

• RSF – Tá Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise (RSF) ann chun cabhrú leat le haon fhadhbanna TF atá ag cur as duit. Tá deasc chabhrach acu sa Leabharlann nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo ar líne.

• DigiChamps – Is comhpháirtíocht foirne / mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe é DigiChamps arb aidhm leis do mhuinín agus do scileanna digiteacha a fhorbairt.

Tin Whistle Course / Cúrsa Feadóige Stáin

D’Am Saor

• Clubanna Spóirt – Tá os cionn 50 club spóirt ar an gcampas le triail a bhaint astu saor in aisce! Ina measc tá idir Bhoghdóireacht agus Lúthchleasaíocht, idir Chispheil agus Rámhaíocht, idir Shléibhteoireacht agus Friosbaí - is é is aidhm leo ná an oiread mac léinn agus is féidir a mhealladh le coinneáil gníomhach. Cuireann gach club gníomhaíochtaí, oiliúint agus imeachtaí sóisialta ar fáil do gach leibhéal agus cumas.

• Cumainn – Tá os cionn 120 cumann ar an gcampas agus is iad an bealach is fearr chun aithne a chur ar dhaoine a bhfuil na suimeanna céanna leatsa, chun scileanna nua a fhoghlaim agus chun d’eispéireas foghlama ollscoile a leathnú. Eagraíonn siad turais, imeachtaí, aoichainteoirí, ceardlanna, ranganna, cóisirí agus báil cheiliúrtha ghalánta.

• Clár Oibre Deonaí ALIVE – Tá stór tionscadal ag ALIVE ar féidir leat obair dheonach a dhéanamh ar a son. Gheobhaidh tú Gradam Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe as Obair Dheonach freisin, a dtugtar “Teastas ALIVE” air. Is bealach iontach í an obair dheonach chun casadh ar chairde nua, difríocht a dhéanamh, an comhar a íoc leis an bpobal, do scileanna a fhorbairt agus spraoi a bheith agat!

Cláraigh INNIU

Ceannaigh 10 gcupán tae / caife agus gheobhaidh

Tionscnamh Foghlama agus Taithí ar an Obair Dheonach

Bí páirteach in Obair Dheonach sa Phobal le ALIVE

I measc théamaí na dtionscadal tá:

• Na hEalaíona & Cultúr

• Sláinte & Folláine

• Oideachas

• Ceartas Sóisialta

• Gníomhaíochas Pobail

• An Timpeallacht

• Taithí Idirnáisiúnta

1. Ceannaigh cóta báistí maith. Tugtar

2. Siúltar duine i ndiaidh an duine eile i gcónaí thar Dhroichead Chora na mBradán nó is cinnte go dtabharfar míle drochshúil ort.

3. Ná hiarr ar an DJ Galway Girl a sheinm. Leagan ar bith de. In aon chás.

4. Má tá tú in ísle brí nó má tá fearg nó póit ort, téigh ag siúl ar an bProm. Is gearr go mbeidh tú ag mothú níos fearr agus beidh aghaidh shnoite agat a bhuíochas leis an ngaoth

5. Is féidir siúl aon áit i nGaillimh taobh istigh de 10 nóiméad (ar chuntar go siúlann tú tapa go leor).

6. Bíonn rudaí saor in aisce ar fáil i gcónaí in Oifig an Chomhaltais – coiscíní, pinn, súitíní, milseáin, pleanálaithe balla, leabhair chíosa, comhairle, barróga, srl. – ní gá duit ach teacht isteach agus do mhéar i do bhéal agat.

7. Bí páirteach san oiread clubanna agus cumann agus is féidir. Faigh píotsa saor in aisce agus cuir snas ar do CV le héachtaí cosúil le “Cisteoir ar an 4ú Cumann Ómóis is Mó ón tSionainn Aniar”.

8. Bíodh léarscáil den champas leat i gcónaí. Ní rachaidh tú amú agus is féidir leat x a scríobh san áit a bhfuil an taisce curtha sa talamh.

9. Níl dada ar thalamh an domhain is measa ná stocaí fliucha. Bíodh péire breise stocaí agat i gcónaí

Seo roinnt de na Leideanna is Fearr atá againn don saol i nGaillimh:

10. Bí i do Dhónal Dearfach i gcónaí; ní maith le duine ar bith Dónal Diúltach.

Active* Champion Training

Become a campus consent champion!

u drunk?/Are you sure?/Why did you ?":

That sounds like you think it's their hout judgement.

E to report it!":

Advocate for consent communication

Meet like-minded students

Peer support networks

Sign Up Now!

Collaborative campaigns

Social events with purpose

Tips to support a friend that has had a negative sexual experience

DON'T DO

Do say "I believe you":

e "I'm going to kill them!":

While it is someone's negative experience, take a s on their feelings, instead of your own.

o sharing anything they don't want ell you a bit, or they may tell you the

Whatever happens rvivor's choice. Pressuring them to take t can be disempowering and

Telling someone about a negative sexual experience can be very stressful. Let the person know that you believe them, and are here to support them.

Do ask "How can I help?":

Do ask "What do you want to do next?":

They might not know what they want to do right away, but whatever happens next needs to be the survivor's choice.

Do look after yourself:

You could offer to find out about support services like student counselling, SU Welfare, or your local Rape Crisis Centre. Even just listening can make a huge difference.

Hearing about a negative sexual experience can be very difficult. Make time for your own selfcare and mental wellbeing.

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.