Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe 2022 - 2023

Page 1

Tuarascáil Bhliantúil

Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh 2022-2023
Clár na nÁbhar • Contents Focal ón Uachtarán • President’s Foreword Ráiteas Misin/Buaicphointí • Mission Statement/Highlights Coiste Feidhmiúcháin 2022/23 • Executive Committee 2022/23 Comhairle an Chomhaltais • SU Council Nuachtán SIN • SIN Newspaper Toghcháin • Elections Beartais Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Policies CÉIM Scileanna Saoil • Life Skills Tiomsú Airgid • Fundraising Siamsaíocht & Imeachtaí • Entertainment & Events Feachtais • Campaigns Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Services Coiste Feidhmiúcháin 2023/24 • Incoming Executive 2023/24 Airgeadas an Chomhaltais • SU Finance 1 2 3 4 5 7 6 8 9 10 11 12 13 14 15

SAI GUJULLA

Focal ón Uachtarán

President’s Foreword

Onóir ollmhór agus tréimhse thar cionn i mo shaol a bhí ann seal a chaitheamh mar Uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Bliain eisceachtúil a bhí ann i mbliana, an saol ag teacht amach as an bpaindéim agus sinn ag siúl isteach inár róil, mianta agus aislingí nua le baint amach againn. Bhí sé de phribhléid agam obair a dhéanamh mar chuid d’fhoireann dhíograiseach dhúthrachtach nach raibh leisce orainn tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann leis na róil a bhí againn. Bhí éagsúlacht ann ó lá go lá, dúshláin úra agus tionscadail nua le baint amach againn ach bhí aoibh an gháire orainn agus muid ag tabhairt aghaidh ar gach ceann acu. An aidhm a bhí againn i mbliana ná go mbeadh an t-am ab fhearr agus ab fhéidir ag na mic léinn, go speisialta agus muid ag imeacht ón bpaindéim. Bhíomar ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an t-am ab fhearr agus ab fhéidir ag gach mac léinn ar an Ollscoil.

Rud dearfach dúinne i mbliana ná go rabhamar ag obair leis an gcéad Leas-Uachtarán don Ghaeilge, Barry Ó Siochrú. Is iomaí uair an chloig atá caite ag Barry agus an-iarracht déanta aige leis an ról nua seo a bhunú agus an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn. I dtaca leis an Leas-Uachtarán/Oifigeach Oideachais agus an LeasUachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais, ní leor cibé méid a déarfaidh mé. Tá Joe agus Imogen tar éis iarracht a dhéanamh i rith an ama go mbeadh an saol ab fhearr agus ab fhéidir ag gach mac léinn. Bhí siad réidh i dtólamh le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cúrsaí acadúla agus folláin mac léinn agus ní raibh aon leisce orthu dul i ngleic leo. Tá siad tar éis iarracht mhór mhaith a dhéanamh i rith an ama, idir imeachtaí ar mhórscála a reáchtáil agus a chur i láthair agus ionadaíocht cheart a dheimhniú thar ceann mic léinn.

Táimid i ndiaidh díriú ar ghnéithe éagsúla de bheatha an mhic léinn le linn na bliana. Bhí tionscnaimh a bhain le neart gnéithe ann: an Ghaeilge, ionadaíocht thar ceann mic léinn, caidreamh an chomhaltais, cumainn agus clubanna, imeachtaí mórscála, spásanna sóisialta, suíocháin taobh amuigh, pleananna do phantrach na mac léinn amach anseo, mic léinn iarchéime agus neart eile. Tá iarracht leanúnach déanta againn ó thús na bliana lena dheimhniú go ndéanann an tAontas ionadaíocht thar ceann gach duine agus go mbeidh an t-am is fearr agus is féidir acu ar an Ollscoil.

Ceann de na ceachtanna is tábhachtaí atá foghlamtha agam i mbliana ná gur foireann atá sa Chomhaltas. Tá sé millteanach tábhachtach go mbímid ag obair i dteannta a chéile le spriocanna an Chomhaltais a bhaint amach agus, níos tábhachtaí ná aon rud eile, an saol is fearr a thabhairt do mhic léinn agus is féidir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine atá i ndiaidh cuidiú agus tacú linn i mbliana, go speisialta leis an mbainisteoir ginearálta Chris, an bainisteoir cúnta Joanna agus an fáilteoir, Joanna. Tá siad tar éis cuidiú agus tacú linn i rith an ama na huaireanta sin is mó a theastaigh a leithéid uainn. Tá sé tábhachtach freisin aitheantas a thabhairt don obair agus iarracht an-mhór atá déanta acu gach uile lá agus buíochas a ghabháil leo as.

Tá CÉIM i ndiaidh ról nach beag a ghlacadh i mo shaol mar mhac léinn. Ó mo chéad lá ar an Ollscoil seo ar aghaidh, tá CÉIM tar éis tacaíocht agus , níos tábhachtaí arís, muinín a thabhairt dom le gach rud atá bainte amach agam go dtí seo a dhéanamh. Mar Uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn agus mar mhac léinn Innealtóireachta Bithleighis mé féin, is mian liom buíochas faoi leith a ghabháil le Amber, Órla agus Niamh atá tar éis a bheith ag obair gan stad gan staonadh lena chinntiú go mbeimis in ann an clár a reáchtáil gan dua. Tugann siad deis do mhic léinn an spraoi a bhaineann leis an saol acadúil a bhlaiseadh agus, san am céanna, cuidíonn siad le mic léinn na caighdeáin is airde a bhaint amach ar a gcúrsa staidéir. Cuid lárnach de shaol an mhic léinn is ea CÉIM agus tá sé tábhachtach go ndéanfaimid a chinntiú go mbeidh an deis chéanna ag mic léinn amach anseo freisin.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun buíochas a ghabháil lenár mBord Iontaobhaithe, le Bord Seirbhísí Tráchtála an Chomhaltais, leis na baill foirne in Sult, Smokey’s Café agus siopa an Chomhaltais, le Seirbhísí na Mac Léinn agus le gach duine a sheas agus a thacaigh linn i mbliana. Tá seirbhísí agus tacaíocht riachtanach curtha ar fáil acu do phobal na mac léinn seo againne.

Thar aon rud eile ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hIonadaithe Ranga agus leis na 15 oifigeach pháirtaimseartha atá i ndiaidh obair a dhéanamh gan sos gan scíth chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na mac léinn agus lena chinntiú go gcluinfí guth na mac léinn agus go dtabharfaí freagra air sin. Mar gheall ar an dúthracht agus ar an díograis atá léirithe agaibhse tá áit níos fearr againne sa Chomhaltas agus san Ollscoil trí chéile. Cuimhneofar ar na héachtaí atá bainte amach agaibh agus ar an dua a chaith sibh as seo go ceann blianta atá le teacht.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil go speisialta leis an triúr LeasUachtarán a bhí le m’ais i rith an ama agus a thacaigh liom nuair b’in ba mhó a theastaigh uaim. Obair thar na bearta atá déanta agaibh agus níl aon amhras orm ach go mbeidh sé sin ina spreagadh mór ag na mic léinn ar fad a thiocfaidh in bhur ndiaidh amach anseo. Mo mhíle buíochas libh a Joe, a Imogen agus a Barry. Mar strainséirí a casadh ar a chéile sinn ar dtús agus is mar chairde atáimid ag fágáil slán ag a chéile. Am a chaitheamh libh is mó a bhraithfidh mé uaim.

Tá an Comhaltas ar an bhfód le 59 bliain anuas agus é ag troid ó shin i leith le hathruithe chun feabhais a bhaint amach do chách. Glactar céim eile gach aon bhliain i dtreo todhchaí níos dearfaí. Thar ceann Joe Mee, Imogen O’Flaherty Falconer, Barry Uí Shiochrú, ár gCoiste Feidhmiúcháin, Chomhairle an Chomhaltais, na mball foirne ar fad agus thar mo cheannsa féin, tá an-bhród orm tuarascáil bhliantúil 2022/23 ó Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, a chur in bhur láthair.

Le gach dea-ghuí,

UACHTARÁN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN 2022/23
1

Ráiteas Misin/Buaicphointí Mission Statement/Highlights

Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, ar bun in 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na Mac Léinn. Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair in 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920idí agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn den chomhairle go foirmiúil sna 1960idí. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin.

Bunaíodh an Comhaltas in 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta ná “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”.

“Ní neart go cur le chéile”

Buaicphointí 2022/2023

• Fuaireamar naoi n-ainmniúchán i gcomhair Gradam Gaisce Mac Léinn agus bhuamar ceithre cinn acu: Mac Léinn Idirnáisiúnta na Bliana, Comhshaol agus Inbhuanaitheacht, Oifigeach Lánaimseartha na Bliana agus Crann Taca Rochtana na Bliana

• Bhaineamar duais óir sa scéim Gníomhaí Gaeilge a bhaineann leis an ngníomhaíochas ar son na Gaeilge

• I mbliana an chéad bhliain a raibh Oifigeach Gaeilge lánaimseartha againn

• Rinneadh forbairt ar phleananna do Phantrach na Mac Léinn san am atá le teacht

• Reáchtáladh imeachtaí sóisialta faoi choinne mic léinn iarchéime

• Bhuamar duaiseanna don Toscaireacht is Fearr, Cainteoir is Fearr agus Óráid is Fearr ar Chomhdháil Aontas na Mac Léinn in Éirinn

• D’éirigh linn níos mó suíochán a fháil ar an gcampas, faighneoga taobh amuigh ina measc

• Fuarthas spásanna staidéir breise aimsir na scrúduithe

• Seoladh Síbín an Chomhaltais, spás sóisialta nua in íoslach na leabharlainne

• Shíníomar an Comhaontú Comhpháirtíochta leis an Ollscoil maidir le Cinnteoireacht a bheadh Mac Léinn-Lárnach agus Rannpháirteachas agus Rannpháirtíocht na Mac Léinn

• Reáchtáil an Comhaltas ár gcéad Rás Draig riamh in Sult

• Seachtain na Gaeilge – an fhéile bhliantúil idirnáisiúnta á reáchtáil againn leis an nGaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn

• Seachtain Ghaelach – Imeachtaí a mhair seachtain i Seimeastar 1 chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn

• Comhdhálacha Idirnáisiúnta: D'fhreastalaíomar ar dhá chomhdháil Enlight in Göttingen agus ar chruinniú boird Aontas Mac Léinn na hEorpa sa tSeoirsia.

• Imeachtaí mórscála: SOS agus Hallows le SocsBox mar aon le Féile Fáilte, Lá Nollag agus an tSeachtain Toilithe.

• Aonaigh Athnuachana do gach duine i mí Mheán Fómhair agus mí Eanáir ,e fáilte a chur rompu ar ais chuig an gcampas

• Sheolamar Fáinne Nua Ollscoil na Gaillimhe a léiríonn go bhfuil duine líofa sa Ghaeilge nó sásta í a labhairt

• Tionól na hÓige maidir leis an Athrú Aeráide

• Bhíomar mar óstach le haghaidh Oiliúint Bhándearg agus sheolamar An Foclóir Aiteach, an chéad fhoclóir Gaeilge a bhaineann le cúrsaí aiteacha

• Treoshuíomh le haghaidh mic léinn idirnáisiúnta i seimeastar 1 agus 2

• Agóid faoi chúrsaí Cóiríochta, Siúl Amach, Agóid faoi Stipinn PhD, Gaeilge4All, Agóid faoin gCostas Maireachtála, Agóid CATU, Agóid BDS ar son na Palaistíne, Ireland4All, Labhair le TD

2

• D'éirigh linn an Scéim Cónaithe a mhéadú ó 16 sheomra go 32 seomra ar an gcampas chun freastal ar mhic léinn atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí le chéile agus an Ghaeilge a úsáid

• Bhí imeachtaí againn amhail an Babhta Bearrtha, Bróinse ar Lá ‘Galentine’, Cluiche Cleamhnais, Biongó na mBréagán Gnéis agus Rás Draig inar tiomsaíodh €19,000 ar son charthanais an Chomhaltais – Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Clann Shíomóin na Gaillimhe.

• Fuarthas maoiniú le Síciatraí Comhairleach a earcú

• Rinneadh an Cumann Drámaíochta a athbhunú

• Tionscnaimh ar chúrsaí comhshaoil agus inbhuanaitheachta mar: Seachtain an Ghníomhaíochais Dhomhanda, imeachtaí maidir le gairmeacha glasa, glantacháin ar thránna, lón leis an oifigeach inbhuanaitheachta, Seachtain Diomailte, Criú Aeráide an Chomhaltais, Éicibhrící, Painéal maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Glassary

• Rinneamar Straitéis an Chomhaltais maidir le cúrsaí Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta a dhréachtú agus a sheoladh

• Ghlacamar páirt i bhfeachtas FSS maidir le tástálacha i gcomhair ionfhabhtú gnéas-tarchurtha ar féachadh air breis agus 2 mhilliún uair

• Ionadaithe Ranga: 563 ionadaí ranga tofa; modúl ríomhfhoghlama cruthaithe agus seolta faoi choinne ionadaithe ranga; oiliúint safeTALK; leasú déanta ar shocruithe toghchán i gcás mic léinn iarchéime

Coiste Feidhmiúcháin 2022/23 Executive Committee 2022/23 3

Leas-Uachtarán

Tionólaí

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun

Greta Westerwald MPA

Raimey O’Boyle

Leas-Uachtarán

Malena Thren

An tUachtarán Sai Gujulla Leas-Uachtarán / Oideachas Joe Mee / Leas agus Comhionannas Imogen O’Flaherty Falconer / An Ghaeilge Barry Ó Siochrú Oifigeach um Chearta Míchumais Michaela Margaret Joyce Oifigeach na Mionlach Eitneach Anne Marie Ward An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+ Connor Boyle Ferry/ John Walsh Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta Julia Egan Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta Benjamin George Choláiste na nDán,na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh Tom Forde Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí Holly Leech Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte Rain Puiman Yan Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta Jack Reidy Cathaoirleach na gCumann Vickie Popoola Captaen na gClubanna Tahsin Kamal Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha Taighde Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta Oifigeach na Gaeilge Seánie Ó Gáibhín

Comhairle an Chomhaltais SU Council

Bhí os cionn 560 ionadaí ranga tofa againn i mbliana - fochéimithe, iarchéimithe, foghlaimeoirí fásta agus foghlaimeoirí páirtaimseartha ina measc. Bhí toghchán ag mic léinn i ngach bliain i Meán Fómhair seachas sa chéad bhliain. Bhí moill ar na toghcháin chun Ionadaithe Ranga a thoghadh i gcás lucht na chéad bhliana a bhí ag teacht isteach toisc gur eisíodh torthaí na hArdteistiméireachta go mall. Reáchtáladh iad i mí Dheireadh Fómhair. Úsáideadh YourSpace leis na toghcháin a reáchtáil go hiomlán ar líne i mbliana.

Tugadh isteach modúl ríomhfhoghlama i gcomhair ionadaithe ranga i mbliana. Mar chuid de sin, cuireadh ar an eolas iad faoi Chomhaltas na Mac Léinn agus an ról atá ag Ionadaithe Ranga. Tá súil againn go gcuirfear leis an modúl seo agus go ndéanfar é a fheabhsú ó bhliain go bliain. Bhí ráta críochnaithe nach mór 80% ann don Mhodúl ríomhfhoghlama.

Bhí cur chuige hibrideach ann i gcás Comhairle i mbliana a d’fhág go raibh mic léinn in ann rogha a dhéanamh arbh fhearr leo dul chuig cruinnithe ar líne nó ar an láthair. D’fhág sé sin go raibh mic léinn ar champais satailíte nó ar shocrúchán oibre in ann páirt a ghlacadh ann ar líne. Rinneadh iarracht le go mbeadh Comhairle ní b’idirghníomhaí i mbliana. Leis sin a bhaint amach, baineadh feidhm as cineálacha teicneolaíochtaí ar nós Vevox, baineadh leas as comhchainteanna chun plé a spreagadh agus tugadh isteach gilitín dhá uair an chloig ionas nach n-éireodh daoine róthuirseach. Bhí freastal ar dóigh ann i mbliana agus 175 mac léinn i láthair i gcás Comhairle amháin.

Ghlac Comhairle le treoirlínte nua maidir le toghcháin ina dtugtar míniú sonrach ar an gcaoi a ndéantar Ionadaithe ar Iarchéimithe Taighde iad a thoghadh. Ba chóir go dtiocfadh feabhas dá bharr ar an ionadaíocht thar ceann mic léinn ar iarchéimithe taighde iad, dream ar minic iad faoi ghannionadaíocht. Rinneadh an córas toghchánaíochta le haghaidh Ionadaithe Ranga a fheabhsú ionas go mbeimis in ann na ranganna nach bhfuil Ionadaithe Ranga acu a rianú.

Cathaoirleach an Chomhaltais, Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais agus Oifigeach na nIarchéimithe in 2022/2023

Buíochas speisialta as an obair atá déanta ag an gCathaoirleach, ag na Tionólaithe agus ag Oifigeach na nIarchéimithe maidir le hIonadaithe Ranga a thoghadh agus teagmháil a dhéanamh leo.

• Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn – Cathal Sherlock

• Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh – Tom Forde

• Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta – Jack Reidy

• Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Rain Puiman Yan

• Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí – Holly Leech

• Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha – Raimey O’Boyle

Mar fhocal scoir, míle buíochas leis na hIonadaithe Ranga go léir a d’oibrigh go dian dícheallach i mbliana le go mbeadh ionadaíocht iontach thar ceann mic léinn againn.

4

Nuachtán SIN SIN Newspaper

Is é SIN (Student Independent News) an t-aon nuachtán amháin atá ann do mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe agus foilsítear 12 eagrán sa bhliain acadúil, ceann sa choicís. Úsáideadh ISSUU le SIN a fhoilsiú ar líne i mbliana agus eisíodh eagrán breise clóite ‘taisceadán todhchaí’ in Aibreán 2023. Tá an nuachtán dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann Ollscoil na Gaillimhe. Féadann an uile dhuine ábhar a chur ar fáil do SIN, agus tá scríbhneoirí deonacha éagsúla againn ó réimsí an dlí, na tráchtála agus na hiriseoireachta.

Foireann 2022/2023:

• Eagarthóir – Valerie McHugh

• Leas-Eagarthóir – Darragh Nolan

• Eagarthóirí Nuachta – Rachel Foster agus Laura Hannot

• Gné-Ailt – Rachel Garvey

• Tuairimíocht – Anne Marie Ní Bhraonáin agus Steven Fox

• Ealaíona agus Faisean – Syakira Nazri

• Sláinte agus Stíl Mhaireachtála – Caoimhe Looney

• Spórt – Joseph Murray agus Ciarán Ó Flaitherata

• Cainte – Gearóid Ó Droighneáin

• Príomh-Ghrianghrafadóir – Lisa Hamilton

D’fhoilsigh SIN 12 eagrán 40 leathanach i mbliana, 6 eagrán sa seimeastar, mar aon le heagrán speisialta toghcháin 16 leathanach roimh na Toghcháin le haghaidh Oifigigh Lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn. Bhí agallaimh dhoimhne eisiacha san eagrán sin le gach iarrthóir do thoghcháin oifigigh lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn, chomh maith le hagallaimh le hoifigigh a bhí ag dul as oifig agus míreanna vox pop le mic léinn ó dhisciplíní agus coláistí éagsúla in Ollscoil na Gaillimhe. Cuireadh eagrán speisialta ‘taisceadán todhchaí’ 50 leathanach breise de SIN i gcló i mí Aibreáin agus agallaimh ann le céimithe ó Ollscoil na Gaillimhe chomh maith le píosa speisialta scríbhneoireachta le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn.

Is é Shannon Reeves ár ndearthóir agus tá sé ag obair ar SIN le roinnt blianta anuas. Chabhraigh sé le SIN an leagan amach a chur in oiriúint lena dhéanamh níos inrochtana do lucht léitheoireachta ar líne agus oiriúnach do nuachtán nua-aimseartha.

Buaicphointí 2022/2023:

• Faoi stiúir Shannon Reeves, leanadh ar aghaidh leis an obair in SIN ar smaointe deartha nua a fhorbairt tar éis athdhearadh iomlán a dhéanamh ar an leagan amach agus dearadh in 2021.

• Bhris agus chlúdaigh SIN scéalta ceannródaíocha i mbliana, agus choinnigh sé na mic léinn ar an eolas faoi imeachtaí a bhí ag titim amach anseo san ollscoil.

• Bhí an nuachtán ar an ngearrliosta le haghaidh roinnt gradam i nGradaim Náisiúnta Meán na Mac Léinn i mbliana, Nuachtán na Bliana ina measc. Fuair scríbhneoirí éagsúla ó SIN ainmniúchán chomh maith. Ina measc bhí Valerie McHugh agus Darragh Nolan (Iriseoireacht Chomhoibríoch na Bliana), Chloe Richardson agus Tom O’Connor (Gradam an Choimisiúin Eorpaigh ar son iriseoireacht a bhaineann le Gnóthaí Eorpacha), agus Scott Stephens (Gné-Scríbhneoir na Bliana). Bhuaigh an t-eagarthóir Valerie McHugh gradam i nGradaim Náisiúnta Meán na Mac Léinn 2023. Bronnadh gradam ar an eagarthóir Sláinte/Nós Maireachtála Caoimhe Looney freisin agus bhuaigh an scríbhneoir rialta Tom O’Connor dhá cheann.

• Cuireadh rannán nua grianghrafadóireachta isteach in SIN i mbliana atá bunaithe ar imeachtaí áitiúla agus imeachtaí ar an gcampas. Is í an Príomhghrianghrafadóir a bhí taobh thiar de seo agus a chuir grianghraif thar barr ar fáil i ngach eagrán.

• Bhí eagrán ‘taisceadán todhchaí’ SIN ar bhuaicphointe na bliana agus bhí deis ag scríbhneoirí ó bhlianta eile teacht ar ais agus ábhar a scríobh don pháipéar dá bharr. Rinneadh é a scaipeadh go forleathan agus bhí agallamh leis an draíodóir ar cheann de na gnéithe is mó a raibh dúil ag léitheoirí ann.

• Foilsítear SIN i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, ach tá an nuachtán neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.

5

6

Toghcháin Elections

Chuir dhá scór mac léinn a n-ainm ar an bpáipéar ballóide i mí an Mhárta agus iad ag iarraidh go dtoghfaí iad chun Coiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais, 2023-2024. Bhí rogha ag mic léinn vóta a chaitheamh ar líne nó ar an láthair i gceann de na trí stáisiún vótála ar an gcampas. Shocraigh bunús na mac léinn ar vóta a chaitheamh ar líne.

Rinne Seán McKiernan, an Ceann Comhairimh, maoirseacht ar na toghcháin agus d’fhógair torthaí an chomhairimh i gcás vótálaithe ar an láthair. Líon réasúnta íseal daoine a chaith vóta cé go raibh líon ard iarrthóirí sa toghchán agus go raibh stocaireacht agus vótáil ar ais arís ar an gcampas. Beimid ag breathnú ar bhealaí a bhféadfaimis cur le líon agus rannpháirtíocht na vótálaithe don bhliain seo chugainn.

Is iad seo a leanas na hiarrthóirí ar éirigh leo sna toghcháin:

Post Ainm

An tUachtarán

Leas-Uachtarán / Oideachas

Leas-Uachtarán / Leas agus Comhionannas

Leas-Uachtarán / An Ghaeilge

Oifigeach um Chearta Míchumais

Oifigeach na Mionlach Eitneach

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta

Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Cathaoirleach na gCumann

Captaen na gClubanna

Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta

Dean Kenny

Raimey O’Boyle

Izzy Tiernan

Faye Ní Dhomhnaill

Mary Tynan

Vanessa Frimpong

Sava Beekman

Julia Collins

Adrian Wisdom

Ruairí O’Boyle

Cameron Rose

Katie Scrivener

Joey Andrews

Rachel Concannon

Raunak Bhagwani

Fionn Sexton Connolly

Chris Stewart

Molly Hickey

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Policies 7

Glacann Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, le beartais ar cheisteanna éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, le Comhairle an Chomhaltais, nó trí reifreann ar bhaill uile an Chomhaltais, beartas a shocrú.

Is iad seo a leanas na beartais a daingníodh trí reifreann ar na saolta deireanacha:

Reifreann ar Leasuithe ar Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Ritheadh in Aibreán 2021

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta páirtaimseartha a chruthú. Cuireadh Cathaoirleach neamhspleách seachtrach in ionad Chathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.

Reifreann ar Thobhach na Mac Léinn

Ritheadh in Aibreán 2021

Ón 1 Iúil 2021, cheadaigh comhaltaí Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh cealú an tobhaigh reatha €224 a bhíonn le híoc ag mic léinn faoi láthair agus tugadh isteach tobhach nua €140 ina ionad.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith athaontú oileán na hÉireann

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2017

Tacaíonn Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le hathaontú oileán na hÉireann agus iarrann ar an Stát reifreann náisiúnta a reáchtáil ar cheist athaontaithe den sórt sin.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Chórais Soláthair Dhírigh

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016

Déanann Comhaltas na Mac Léinn cáineadh ar an gCóras Soláthair Dhírigh, atá míthrócaireach agus a shéanann ar an lucht iarrtha tearmainn a gcearta bunúsacha, agus éilíonn sé go gcuirfear deireadh leis agus go gcuirfear córas nua ina ionad a léireoidh meas do chearta daonna iarrthóirí tearmainn. De réir polasaithe lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Díchoiriúlú Drugaí

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016

Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go dtacóidh sé go gníomhach leis an díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i dtaobh saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2015

Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn ar son saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar Cheist an Phósta Shibhialta Comhghnéis

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014

Tá sé de bheartas ag Comhaltas na Mac Léinn tacú le lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul faoi chuing an phósta. Tar éis an reifrinn náisiúnta i mí na Bealtaine 2015, tá an beartas seo comhlíonta anois.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar an bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014

Ghlac Comhaltas na Mac Léinn le seasamh ar son tacú leis an “bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael” (Feachtas BDS)

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Cheist an Ghinmhillte

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2013

Tá seasamh “ar son na rogha” glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh mar thaca leis an bhfeachtas náisiúnta ar son cearta iomlána atáirgthe, lena n-áirítear ceart na mná chun ginmhilleadh, beag beann ar cibé acu a bheidh an ginmhilleadh sin roghnach nó riachtanach de réir míochaine.

Beartas Gan Ardán a Thabhairt do Bhaill d’Eagraíochtaí Áirithe

D’éirigh leis i mí an Mhárta 2012

Éilítear ar Chomhaltas na Mac Léinn dul i gcoinne aon chuiridh do bhaill d’eagraíochtaí áirithe labhairt ag an ollscoil. Tá na sonraí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn.

Rinneadh ceiliúradh deich mbliana ar CÉIM i mbliana, clár ina dtugtar tacaíocht do mhic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chun na hollscoile, deich mbliana den rath acadúil, den tsláinte agus folláine agus de dhul chun cinn.

Pobail foghlama a chothú

Is é Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe a chuir tús le CÉIM agus a dhéanann é a chomhordú. Tá an clár á chur ar fáil ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe agus na mic léinn ag obair i gcomhar a chéile. Breathnaítear air anois mar mhúnla cruthaithe chun piarfhoghlaim acadúil i ngrúpaí beaga a chur ar fáil gach seachtain den bhliain acadúil iomlán. Rinneadh an clár a thairiscint do thart ar 2,000 mac léinn sa chéad bhliain in 2022/23.

10-30%

Céatadán na ngrád níos airde atá bainte amach go leanúnach ag daoine a fhreastalaíonn ar CÉIM go rialta **

2,445

Líon na mac léinn sa chéad bhliain a gcuirtear CÉIM ar fáil dóibh i níos mó ná ábhar amháin* 97%

ráta coinneála na gceannairí

Ag tacú le heispéireas na chéad bhliana ó 2013 Supporting the 1st year experience since 2013

Buaicphointí 2022/23

• Bliain eile a bhí ann ina rabhamar ag teacht ar ais chugainn féin tar éis na paindéime. Bhíomar dírithe ar obair i ngrúpaí beaga agus ar mhuinín a fhorbairt seachas a bheith ag brath an oiread sin ar an teicneolaíocht.

• Cuireadh CÉIM ar fáil ar bhonn trialach do mhic léinn na Spáinnise in 2022/23 agus cuirfear ar fáil in 2023/24 do mhic léinn i gColáiste Ósta na Sionainne agus do mhic léinn atá ar chúrsaí sa Bhith-theicneolaíocht agus sa Ghéineolaíocht agus Géanómaíocht.

• Foilsíodh cás-staidéar maidir le piarfhoghlaim le linn na paindéime san Iris um Rannpháirtíocht Mac Léinn san Ardoideachas. Scríobhadh i gcomhar le hOllscoil Lund, Ollscoil Mhanchain agus Ollscoil Nord é.

• Foilsíodh cás-staidéar ar CÉIM i gCroílár Cás-Staidéar Chlár Rannpháirtíochta Náisiúnta na Mac Léinn, áit a dtugtar ardán d’eiseamláirí den dea-chleachtas i rannpháirtíocht mac léinn agus comhpháirtíochtaí idir mic léinn agus baill foirne san ardoideachas trí chéile in Éirinn.

• Tugadh cuireadh do bhall d’fhoireann CÉIM le bheith mar Chomhlach i Lárionad na hEorpa le haghaidh SI-PASS (Teagasc Breise/Seisiúin Staidéir Phiarchuidithe).

An chaoi a n-oibríonn CÉIM

Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil uirthi. Déanann ceannairí mic léinn ó bhlianta níos airde éascaíocht ar sheisiúin staidéir sheachtainiúla do ghrúpaí beaga mac léinn de chuid na chéad bhliana. Cuirtear pobail foghlama ar bun ar an gcaoi sin, atá á dtreorú ag piaraí agus ina bhfuil sé éasca ceisteanna a chur.

‘Ba dheas gurbh eol dom nár liom féin a bhí mé, d’airigh mé páirteach de rud. Bhí ceannairí CÉIM iontach go deo cairdiúil agus chuir siad ar mo shuaimhneas mé.’

Mac léinn de chuid na chéad bhliana, 2022/23

cinn as

cinn de choláistí a reáchtálann CÉIM

3 4 90%+

583

ceannaire CÉIM ar mic léinn iad tar éis dian-oiliúint ceannaireachta a fháil ó 2013

‘Tá CÉIM tar éis gné eile a chur le saol ár mac léinn go deimhin. Cuireann sé le gach céim dá bhforbairt agus iad ag iarraidh bunchéim a bhaint amach, bíodh sé sin mar cheannaire nó mar mhac léinn CÉIM.’

Ball foirne acadúil 2022/23

An céatadán de mhic léinn na n-ealaíon a dtairgtear CÉIM dóibh faoi láthair

‘Freastalaím ar léachtaí i ngrúpaí móra agus tugann Céim deis dom labhairt le daoine ar mo chúrsa agus obair a dhéanamh le chéile ar choincheapa atá níos dúshlánaí.’

Mac léinn de chuid na chéad bhliana, 2022/23

Tacaíocht le dul ar aghaidh go dtí an dara bliain

Pobail foghlama agus líonraí sóisialta

Scileanna inaistrithe

CÉIM
www.su.nuigalway.ie/ceim 8
**
go garbh
Rath acadúil
*Tairgtear CÉIM in ábhair éagsúla do go leor mic léinn sna Dána
Ar an meán i gcomparáid le daoine nach rannpháirtithe iad bunaithe ar thaighde a raibh 7 dtacar sonraí ann
Aistriú gan stró go hOllscoil na Gaillimhe
Scileanna foghlama neamhspleáiche An Dara Bliain Tacaíocht treorúagusdon tsláintefolláineagus Tús na Chéad Bhliana

Life Skills Programme 9

An Clár Scileanna Saoil

Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí ar líne agus ar an láthair le linn na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin.

Bhí cúpla cúrsa ar uath-dhífhibrileoir seachtrach againn ar an láthair. Cuireadh an oiliúint i láthair in Ionad Croí agus Strócanna na heagraíochta Croí.

Bhíomar in ann cúrsaí a reáchtáil ar an láthair arís ar Oiliúint maidir le Nochtadh i gcomhar le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú. Thug na cúrsaí sin na scileanna do mhic léinn ionas go mbeidís in ann plé mar ba chuí dá ndéarfadh duine leo gur tharla cás d’fhoréigean gnéasach.

D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn leis an Oifigeach um Fhéinmharú a Chosc ó FSS oiliúint safeTALK ar an gcampas a chur chun cinn ionas go mbeadh na scileanna ag mic léinn comharthaí contúirte a aithint ar dhuine atá i mbaol lámh a chur ina bhás féin.

Chuireamar an cúrsa oiliúna ar líne Ohana Zero Suicide chun cinn i rith na bliana freisin, rud nach dtógann ach 20 nóiméad ar an mac léinn, chomh maith le LivingWorks Start Programme ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Chuir Jigsaw Galway dhá Cheardlann Mheabhairshláinte ar líne ar fáil do mhic léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus an dá cheann acu lán.

Reáchtáladh sraith cúrsaí iomlán díolta ar líne agus ar an láthair sa teanga chomharthaíochta le linn na bliana ina bhfuair mic léinn agus baill foirne na bunscileanna a theastaíonn le comhrá a dhéanamh sa teanga.

Reáchtáladh Ranganna Gaeilge ar an láthair agus ar líne i gcomhar le Gaelchultúr. Bhí an-tóir go deo orthu sin agus bhí na 6 rang a cuireadh ar fáil gach seimeastar lán.

Reáchtáladh Cúrsaí Pilates 6 seachtaine ar líne le linn na bliana i gcomhar le Marie Hegarty Pilates d’fhonn solúbthacht agus neart cabhlach na mac léinn a fheabhsú.

Bhíomar sásta tús a chur arís lenár gcúrsa arEalaíona Comhraic Measctha don Fhéinchosaint leis an bhfoireann in Shaolin MMA inar fhoghlaim mic léinn scileanna tábhachtacha féinchosanta.

Tiomsú Airgid Fundraising

Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, sraith imeachtaí faoi leith ar mhaithe le carthanais i mbliana agus bailíodh €19,000 dár gcarthanais roghnaithe: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Clann Shíomóin na Gaillimhe.

Tá Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú tiomanta ó thaobh seirbhís ghairmiúil, rúnda cúraim agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd sa phobal atá buailte ag an mí-úsáid gnéis agus foréigean gnéasach.

Cuireann Pobal Shíomóin na Gaillimhe seirbhísí tacaíochta agus lóistín ar fáil do dhaoine atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean in Iarthar na hÉireann.

Bhailíomar corradh le €2,800 i Raifil Ollmhór na Nollag a bhuíochas le baill foirne agus mic léinn a cheannaigh ticéid ar líne chun deis a bheith acu ceann de 30 duais iontach a bhuachan a thug gnólachtaí i nGaillimh don raifil go flaithiúil.

Bhí an-ráchairt ar an oíche Take Me Out ag Sult, leis an bhfear grinn Steve Bennett mar fhear an tí. Chuaigh mic léinn in iomaíocht le páirt a ghlacadh, craic a bheith acu agus iarracht a dhéanamh teacht ar a ngrá geal!

Reáchtálamar dhá ócáid theaspúla de Bhiongó na nGnéasbhréagán ag Sult le linn na bliana, agus Steve Bennett ina fhear tí arís. Díoladh na ticéid go léir, agus cuireadh an t-airgead ar fad i dtreo charthanais an Chomhaltais.

Bhí Bróinse ar Lá ‘Galentine’ againn le linn Sheachtain SHAG ar éirigh chomh maith sin leis gur thugamar ar ais arís é ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus bhí pancóga, prosecco agus málaí féiríní go leor againn ó Ceravé.

Tháinig Swifties Ollscoil na Gaillimhe le chéile ar Oíche Taylor’s Version in Sult le Cumann Swiftie chun tuilleadh airgid a thiomsú ar son na gcarthanas.

Bhí ár gcéad Scoil Draig riamh againn agus an tOll. Annie Naggins á stiúradh, í ag múineadh ealaín draig go cumasach dár scoláirí. D'éirigh go geal le seó na scoile i ndeireadh na bliana, an chéad Rás Draig a bhí againn riamh, a raibh Steven Sharpe mar chomhláithreoir ann dteannta an Oll. Annie.

Reáchtálamar oíche quiz ollmhór, comórtas cúigear an taobh ar son carthanachta, comórtas púil agus ranganna ióga ar son carthanachta le linn na bliana. Thug roinnt mic léinn agus oifigigh chróga ón gComhaltas suas a gcuid gruaige mar chuid de dhúshlán Shave Off le hairgead a bhailiú ar son na gcarthanas. Léirigh lucht iarchéimeanna chomh hildánach is atá siad ar Oíche Quiz lucht Iarchéimeanna

Leanamar orainn ag díol Stocaí Big Yellow Thing ar líne agus ar an gcampas. Cuideachta atá lonnaithe anseo i nGaillimh, Irish Socksciety, a dhear na stocaí, agus tugtar ómós ar na stocaí do dhealbh aitheanta “Galway Yellow” (ar a dtugtar Big Yellow Thing freisin) ar an gcampas. Cuireadh an t-airgead uile ó dhíolacháin na stocaí i dtreo chiste carthanachta an Chomhaltais agus bhí an-tóir ar na stocaí mar bhronntanais le haghaidh alumni, céimithe, mic léinn agus baill foirne.

10

Entertainment and Events 11

Siamsaíocht agus Imeachtaí

Imeachtaí do Lucht na Chéad Bhliana Ghlacamar páirt i bhFéile Fáilte i dtús Mheán Fómhair, tráth a raibh tob-Ghaeltacht, tobshiopaí carthanais, mearthástáil VEID, céilí agus Oíche Dathanna Contaetha in Sult. Bhí málaí gualainne Rudaí Áille an Chomhaltais ar ais againn arís agus iris an Chomhaltais chomh maith rudaí eile saor in aisce chun fáilte a chur roimh mhic léinn ar an gcampas le linn Mheán Fómhair. Bhí an Phictiúrlann Lasmuigh ar ais arís agus antóir fós uirthi. Tugadh amach grán rósta saor in aisce agus an scannán Madagascar á thaispeáint againn. Tháinig An tAonach Athnuachana ar ais arís faoi dheireadh agus bhí trucailí bia, cluichí inséidte, tobshiopa éadaí seanré, ceol, comórtais agus margaí iontacha do mhic léinn ann chomh maith le rudaí eile saor in aisce, dar ndóigh.

Walktober

Bhí cuid mhór de bhaill foirne agus mic léinn Ollscoil na Gaillimhe páirteach i mbliana i nDúshlán Rothaíochta Smarter Travel i mí Dheireadh Fómhair agus 49 foireann cláraithe ann. Mhair an t-imeacht mí, agus choinnigh sé gach duine gníomhach agus nasctha. Spreagadh iad i dtreo roghanna iompair inbhuanaithe, leis.

Hallows (Samhain)

Bhí Hallows (Samhain) ar an gcéad mhór-chomhimeacht a bhí againn le Sult agus Oifig na gCumann chun Oíche Shamhna a cheiliúradh. Mar chuid den oíche iomlán díolta bhí léiriú iontach ón Dirty Circus,dioscmharcaigh, dráma, comórtais feistis, gníomhaíochtaí agus neart eile inar aistríodh Áras na Mac Léinn, Sult agus Halla Bailey Allen chun blaiseadh diamhair a thabhairt dúinn d’Oíche Shamhna.

Lá Nollag

Bhí Lá Nollag againn arís i mí na Samhna agus reáchtáladh imeachtaí in Áras na Mac Léinn agus Sult le go mbeadh mic léinn in ann tús a chur le ceiliúradh na féile agus sos a thógáil ó na leabhair. Reáchtáil Comhaltas agus Cumainn na Mac Léinn imeachtaí saor in aisce ar an lá. Bhí Daidí na Nollag linn agus geansaithe na Nollag ar mhic léinn. Ghlac na dioscmharcaigh ó Verve seilbh ar Sult sa tráthnóna ansin agus seó iomlán díolta againn.

Sult (Taylor’s Version)

Bhí oíche ar dóigh eile Taylor Swift againn in Sult ag deireadh mhí na Samhna i gcomhar le Cumann Swiftie ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais.

Oiliúint Bhándearg

Bhíomar mar óstach ag an gcomhdháil Oiliúint Bhándearg i mí na Samhna arís. Is í Traenáil Bhándearg an Chomhdháil LGBT+is mó san Eoraip, lena bhfreastalaíonn níos mó ná 300 toscaire mac léinn ar dheireadh seachtaine de thraenáil chónaithe. Mar chuid den deireadh seachtaine bíonn cainteanna, ceardlanna agus seisiúin iomlánacha á reáchtáil ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn mar aon le himeachtaí sóisialta eile, léiriú eile ó Dirty Circus ina measc.

Margadh Athláimhe um Nollaig agus Feirm Peataí Mar chuid den tSeachtain Staidéir i mí na Nollag rinneamar Margadh Athláimhe agus Feirm Peataí a eagrú thart ar Áras na Mac Léinn. Bhí mic léinn ann agus ealaíona agus ceardaíocht á ndíol acu, tobshiopa éadaí athláimhe ó Chlann Shíomóin na Gaillimhe chomh maith le ceol ón gCumann Dioscmharcach in Áras na Mac Léinn. Taobh amuigh de bhí coiníní, muca guine, éin óga, cearca, lachain, gabhar agus láma ó Wooly Farm!

Ents Mochóirí

I ndeireadh mhí Lúnasa agus i dtús mhí Mheán Fómhair bhíomar ag obair leis an Oifig Idirnáisiúnta chun sraith Ents Mochóirí a reáchtáil le fáilte a chur roimh mhic léinn a bhí le teacht go luath chun an champais.

Ina measc siúd bhí turais thart ar an gcampas, turais i nGaillimh, siúlóid ar Chruach Phádraig, tráthanna na gceist, cáirióice, tóraíocht taisce, Gaeilge 101 agus cairdeas gasta.

Imeachtaí idirnáisiúnta i mí Eanáir

Bhí tuilleadh Ents Mochóirí ann i mí Eanáir le fáilte a chur roimh mhic léinn ar cuairt chun an champais, imeachtaí mar shampla oíche ‘Arriba!’ Mheiriceá Laidinigh, oíche scannáin, cairde gasta, turais thart ar an gcampas, cáirióice, tóraíocht taisce agus oíche cluichí boird.

Aonach Athnuachana 2

Bhí Aonach Athnuachana a dó againn i mí Eanáir agus bhí aiscíní, féiríní, taispeántóirí, eolas maidir le J1, stallaí bia, reic éadaí athláimhe agus neart eile ann!

SOS

Ar Mháirt Dhún na nGall/Lá Vailintín, chuamar i gcomhar le hOifig na gCumann, Sult agus Groovy Tuesday leis an imeacht is mó ceoil damhsa riamh i nGaillimh a chur ar siúl - SOS. Bhí clár dochreidte againn don imeacht, Cody Currie, Shee, Chaz Moloney, Maedbh O’Connor, IMO agus an chuid is fearr ón gCumann Dioscmharcach ina measc, agus ghlacamar seilbh ar Áras na Mac Léinn, Halla Bailey Allen agus Sult!

Clárú Vótálaithe

Lean an Comhaltas de mhic léinn a spreagadh chun clárú le vótáil i rith na bliana le Feachtais Cláraithe Vótálaithe do vótálaithe céaduaire, mar aon le Céimithe a spreagadh chun clárú dá vóta i dtoghcháin Sheanad Éireann le linn ócáidí bronnta céimeanna.

Aiscíní

Bhí blaisíní promóisin againn i gcaitheamh na bliana in Oifig an Chomhaltais agus neart rudaí saor in aisce againn ó chuideachtaí ar nós Vodafone, Mooju, Hot Press, Energise agus Avonmore. Bhí imeacht dúshláin de chuid Just Eat againn freisin inar bhuaigh mac léinn turas chun freastal ar Chluiche Ceannais Chorn UEFA! Thugamar tae/caife, torthaí agus cístí amach saor in aisce cúpla uair le linn na bliana chun ceiliúradh a dhéanamh ar oscailt Shíbín an Chomhaltais, an spás sóisialta.

Imeachtaí Iarchéime

Bhíomar ag obair le Cumann na Mac Léinn Iarchéime chun oícheanta scannán, oícheanta quiz, cairdeas gasta agus maidineacha caifé a reáchtáil chun cuidiú le pobal na mac léinn iarchéime caidreamh a chothú lena chéile. Bhí Oíche Scannáin ETIM againn freisin dár mic léinn ar chúrsaí ETIM.

Cluiche Cleamhnais

I mí Feabhra ghabhamar ceannas ar Sult arís eile le haghaidh leagan Ollscoil na Gaillimhe de Take Me Out. Bhí sé mar aidhm acu siúd a bhí san iomaíocht dul i bhfeidhm ar na himreoirí eile d’fhonn teacht ar a ngrá geal. Is é an fear grinn Steve Bennett a bhí mar fhear an tí ar an oíche agus díoladh amach go hiomlán é.

Scoil Draig agus Rás Draig

Chláraigh Ábhar Banríonacha agus Ríthe Ollscoil na Gaillimhe chun freastal ar Scoil Draig míosa a mbeadh an tOllamh Annie Naggins i gceannas uirthi. Chuaigh ar scoláirí iontacha draig chun an stáitse in Sult ansin dár gcéad Rás Draig riamh chun cistí a thiomsú ar son charthanais an Chomhaltais. Bhí an tOllamh Annie agus Steven Sharpe i bhfeighil an tí.

Bróinse ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Bhí bróinse pancóg agus prosecco iomlán díolta eile againn i mí an Mhárta le Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh.

Feachtais Campaigns

Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, le linn na bliana acadúla 2022/23. Áirítear leo feachtais leasa a bhí dírithe ar chúrsaí meabhairshláinte agus sláinte gnéis, mar aon le feachtais inbhuanaitheachta, feachtais ar son na Gaeilge agus feachtais eile nach iad.

Agóid maidir le Cóiríocht

I mí Mheán Fómhair mháirseáil Oifigigh an Chomhaltais agus mic léinn chun na Faiche Móire le páirt a ghlacadh in Imeacht Codlata Lasmuigh thar oíche mar Agóid maidir le Cóiríocht chun aird a tharraingt ar an ngéarchéim costais maireachtála agus an easpa cóiríocht inacmhainne i nGaillimh a bheadh feiliúnach le haghaidh mic léinn. Chuaigh oifigigh ó theach go teach chun impí ar úinéirí tí seomraí a ligean ar cíos le mic léinn.

Seachtain na Meabhairshláinte

Reáchtáladh imeachtaí na Seachtaine Meabhairshláinte i mí

Dheireadh Fómhair le mic léinn a spreagadh chun am a thógáil le haire a thabhairt dá meabhairshláinte, le feasacht a mhúscailt agus le comharthaí fadhbanna meabhairshláinte a aithint. Le linn na seachtaine bhí clinicí cúraim craicinn, Coisíocht agus Caint, snámh le héirí gréine, deiseanna bualadh le heagraíochtaí áitiúla Meabhairshláinte chomh maith le ranganna saor in aisce Pilates, machnaimh agus aclaíochta damhsa.

Siúl Amach Aontas Náisiúnta na Mac Léinn I mí Dheireadh Fómhair ghlacamar páirt i Siúl Amach Aontas Náisiúnta na Mac Léinn mar agóid mar chuid dá bhfeachtais i gcoinne Chostas an Choláiste. Shiúil na mic léinn ar fad amach as a léachtaí ag an am céanna chun bailiú le chéile os comhair na leabharlainne agus agóid a dhéanamh maidir leis an méadú ar an gcostas maireachtála agus an ghéarchéim i measc mic léinn i dtaobh cóiríochta de.

Seachtain Ghaelach

Mar chuid de Seachtain Ghaelach i mí na Samhna bhí comhoibriú ann ar Shnámh Coldvember, Gaeilge 24, agus thug Corn Mhig Uidhir agus Corn Mhic Cárthaigh cuairt ar Oifig an Chomhaltais. Chomh maith leis sin bhí deiseanna ann seilbh a ghlacadh ar Flirt FM, bhí ceol in Smokey’s Café, Céilí Mór in Sult agus oíche chultúir thar cionn. Seoladh An Foclóir Aiteach, foclóir Gaeilge, chun clabhsúr a chur leis an tseachtain agus chun tús a chur leis an Oiliúint Bhándearg.

Seachtain SHAG

Bhí imeachtaí againn le linn Sheachtain SHAG, ceardlanna ina measc inar pléadh topaicí amhail An Gnéas is Fearr Riamh, Castaí, Caidrimh Fholláine agus Saol Collaí Digiteach. Bhí seastáin eolais ag Active* Consent chun féachaint ar bhratacha glasa caidrimh agus bhí imeacht galánta cístí agus cosanta againn in Sult, áit ar thugamar amach aláraim phráinne saor in aisce. Lena chois sin bhí oiliúint maidir le nochtadh le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, mearthástáil VEID le Sexual Health West agus Biongó na nGnéasbhréagán a bhí díolta amach. Chun an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan a chomóradh bhí an feachtas #TooIntoYou againn chun feasacht a fhorbairt maidir le bratacha dearga caidrimh.

Labhair le TD

Bhí seisiún brústocaireachta againn in Oifig an Chomhaltais i mí Feabhra agus rinneamar teagmháil le Teachtaí Dála chun fadhbanna tábhachtacha mac léinn a ardú, cúrsaí cóiríochta agus an fhoghlaim hibrideach ina measc.

An tSeachtain Toilithe Bhí an tSeachtain Toilithe againn i mí Feabhra agus neart imeachtaí iontacha againn ar nós: Bróinse Prosecco agus Pancóg ar Lá ‘Galentine’, Seisiún Féinchúraim, Ceardlann ó Active* Consent, mearthástáil VEID, Oiliúint maidir le Nochtadh, Tástáil um Ionfhabhtú Gnéas-Tarchurtha agus Biongó na mBréagán Gnéis a raibh tóir chomh mór is a bhí riamh air agus é díolta amach.

Seachtain na Gaeilge

Mhair Seachtain na Gaeilge trí seachtaine i mí an Mhárta agus meascán breá imeachtaí ann. Ina measc, bhí cluichí pobail, maidineacha caife, ranganna Gaeilge 101, glacadh seilbh ar Flirt FM, seisiúin ceoil thraidisiúnta ar an gcampas, ceardlanna agus oíche chultúir thar na bearta eile.

Seachtain na Folláine

Reáchtáladh Seachtain na Folláine sa tseachtain dheireanach den dara seimeastar chun cuidiú le mic léinn é a ghlacadh go réidh agus sos a thógáil. Bhí neart earraí saor in aisce ann, ranganna aclaíochta damhsa, ranganna ióga agus cluiche corr ar son carthanachta ina raibh Oifigigh an Chomhaltais i gcoinne Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile (muidne a chaill!). Bhí tobshiopa éadaí seanré ann freisin, chomh maith le ceardlann um meabhairshláinte agus thugamar suaitheantais saor in aisce amach agus forainmneacha orthu chun Lá Idirnáisiúnta Feiceálachta Daoine Trasinscne a chomóradh.

Criú na hAeráide

Bhí cruinnithe ag Criú Aeráide Chomhaltas na Mac Léinn i gcaitheamh na bliana chun teacht ar bhealaí go mbeidh nósanna inbhuanaithe i réim san ollscoil oiread agus is féidir. D’eagraíomar feachtais chun cótaí agus gloiní saotharlainne a athchúrsáil i mí Mheán an Fhómhair agus na Bealtaine le go mbeifí in ann na giuirléidí sin a thabhairt ar aghaidh do mhic léinn eile seachas iad a chaitheamh amach. Ghlacamar páirt i stailceanna aeráide de chuid Fridays For Future ar an bhFaiche Mhór. Bhí Ócáidí Glantacháin againn le go mbeidh áit ní ba ghlaine ní ba ghlaise againn i nGaillimh. Bhí tobshiopaí againn le dreamanna eile le linn na bliana - Clann Shíomóin na Gaillimhe, NCBI agus Clare Haven Horizons. Bhí turas ann chun an Mhúsaeim chun féachaint ar an taispeántas maidir leis an Athrú Aeráide. D’eagraíomar plé painéil maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus ghlac páirt in imeachtaí faoi Ghairmeacha Glasa. I mí na Samhna mar chuid de Sheachtain Diomailte bhí imeachtaí ar nós seiceálacha rothar saor in aisce, ceardlanna athchúrsála galtoitíní, béile veigeánach dul sa seans agus ealaíona agus ceardaíocht uaschúrsáilte chun mic léinn a chur ag smaoineamh go glas. Chuireamar an comórtas EcoBricks chun cinn agus ghlac páirt i gceardlann EcoFeminism agus Seachtain an Ghníomhaíochais Dhomhanda. Bhí Bosca Ar Aghaidh againn um Nollaig chun mic léinn a spreagadh le hearraí nach mbeadh de dhíth orthu a thuilleadh a thabhairt do mhic léinn eile. Reáchtálamar lá chun earraí a dheonú do Chlann Shíomóin na Gaillimhe i ndeireadh na bliana i gcomhar le Glassary, an tionscadal inbhuanaitheachta.

Feachtais eile

Bhíomar ag obair le Sexual Health West le mearthástáil rialta VEID agus clinicí tástála sifilise a reáchtáil ar an gcampas i rith na bliana. Chomh maith leis sin, rinneamar na mílte de choiscíní, bealadh, táirgí míosta, tástálacha toirchis agus tástálacha antaigine a scaipeadh. Tá banc sláinteachais againn in Oifig an Chomhaltais chun freastal ar mhic léinn a bhfuil bochtaineacht sláinteachais ag cur as dóibh.

Chaitheamar dua chun cur leis na spásanna staidéir a bhí ar fáil agus na scrúduithe ag teacht agus ghlac páirt sa phodchraoladh exam jam. Chuireamar le huaireanta oibre sheomra na gcótaí agus, dar ndóigh, thugamar amach neart earraí saor in aisce le go bhféadfadh mic léinn na scrúduithe a chur i gcrích.

D’eagraíomar imeachtaí rialta ar nós Fóraim Oideachais, cruinnithe le haghaidh Captaein Clubanna agus fóraim le haghaidh Cathaoirligh Cumann le linn na bliana chun mic léinn a spreagadh a dtuairimí a nochtadh.

Ghlacamar páirt in agóidí maidir le ceisteanna mar stipinní PhD, Gaeilge4All, an Costas Maireachtála, CATU, BDS ar son na Palaistíne agus Ireland4All.

12

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Services

SULT

Bhí go leor imeachtaí ar siúl arís in 2022/2023 san ionad bia / dí / ceoil / spóirt bheo / cruinnithe /sóisialta agus imeachtaí is fearr (an t-aon cheann dá leithéid!) ar an gcampas. Cuireadh moll mór imeachtaí i láthair in Sult, seónna beo, cóisirí ranga, ócáidí tiomsaithe airgid, beárbaiciúnna, píotsaí saindeartha agus oícheanta bia dána ina measc.

Bí istigh agus bain triail as ceann dár mbiachláir - píotsa, bia dána nó bia sráide! Agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar an réimse leathan deochanna alcólacha agus neamh-mheisciúla atá againn ar phraghsanna an-réasúnta!

Bhí an-tóir arís ar an deilí agus ar ár mBoscaí Bia - atá millteanach réasúnta - taobh leis an mBia Te atá ar fáil, agus d’éirigh linn níos mó de na deochanna is fearr libh, margaí iontacha agus lascainí speisialta a chur ar fáil ná riamh roimhe!

Tá an pacáistiú ar fad a úsáidimid le haghaidh bia agus tae/caife go hiomlán inmhúirínithe (nó in-athúsáidte) freisin!

Bíonn ríméad orainn gach bliain raon ollmhór imeachtaí a chur ar siúl agus tacú leo, na cinn seo ina measc:

• 110 Cóisir Ranga.

• 110 Ócáid ag na Cumainn.

• 100 + Cóisir Clubanna agus imeacht i ndiaidh cluichí / comórtas.

• 45 Ócáid ag Comhaltas na Mac Léinn.

• 120 Imeacht Beo Spóirt ar na scáileáin mhóra.

• 120 Cóisir foirne roinne agus iarchéime.

• 20 Imeacht Tiomsaithe Airgid ar son eagraíochtaí daonnúla agus carthanas.

• Craoltaí Beo don Náisiún!

• Agus go leor eile!!

Chomh maith leis na DJanna is ansa libh, bannaí ceoil, fuirseoirí, cáirióice agus oícheanta dána ceabairé, craic ar an áit suí amuigh cois abhann is deise i nGaillimh, atá clúdaithe anois le haghaidh lá na gaoithe, agus neart eile!

Bíonn oícheanta rialta in Sult anois a dteastaíonn ticéad lena n-aghaidh le roinnt de na grúpaí is mó le rá, lena n-áirítear Verve, OnaBumble, D2AL, Groovy Tuesdays, Arriba Nights agus a thuilleadh nach iad!

Agus ná déanaimis dearmad – cuirtear méaróga bia ar fáil in aisce do gach cumann, club agus cóisir ranga i gcás imeachtaí oifigiúla in Sult. Is muidne a íocfaidh as, mar táimid chomh hálainn sin! Chomh maith le tairiscintí speisialta rialta agus tabhartais in aisce, lean Sult de leite saor in aisce a thabhairt amach le gach cupán tae/caifé ar maidin lena chinntiú nach mbeadh mic léinn Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar an lá ar bholg folamh, go háirithe le linn na scrúduithe agus i míonna fuara an gheimhridh!

Táimid an-mhórtasach anseo in Sult as an gcomhpháirtíocht atá againn le Foirne Sacair na mBan Ollscoil na Gaillimhe, agus as an urraíocht a dhéanaimid orthu, foirne a bhfuil an-rath orthu.

SMOKEY’S CAFÉ

An áit is fearr fós chun do scíth a ligean, bualadh le cairde, obair thionscadail agus oícheanta amuigh a phleanáil, agus an caife is fearr ar an gcampas a ól ag an am céanna!

Cuireann Smokey’s deochanna teo agus fuara den chéad scoth ar an mbord, lena n-áirítear caifí cóirthrádála Arabacha a fhástar 100% faoi scáth crann ónár n-innill úrnua barista. Cuirtear taenna, caoineoga, súnna, sailéid, ceapairí, rollaí, taosráin, sneaiceanna; roghanna milse agus roghanna sláintiúla ar fáil freisin – agus é suite go díreach ar naschalla i gcroílár na hOllscoile!

SIOPA CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Is é Siopa an Chomhaltais an t-aon siopa áise atá ar an gcampas agus is é an fhírinne gurb é siopa áitiúil Ollscoil na Gaillimhe é! Is i croílár na hollscoile i Leabharlann Hardiman atáimid lonnaithe agus ní fhéadfadh sé a bheith ní b’áisiúla.

Ag Siopa an Chomhaltais, bímid ár bhforbairt i gcónaí le freastal ar riachtanais na gcustaiméirí a bhíonn ag athrú de shíor. Cuirimid neart bianna úra iontacha ar fáil; ceapairí; fillteacha; rollaí; sneaiceanna; deochanna teo agus fuara; príomhearraí grósaeireachta agus tí; stáiseanóireacht; nuachtáin ar lascaine agus go leor roghanna sláintiúla! Más ar stáiseanóireacht atá tú sa tóir le haghaidh an ruda iontach tábhachtach sin ach ní féidir leat dul chuig an siopa féin, téigh chuig ár nOllsiopa Stáiseanóireachta ag http://nuig.stationerysuperstore.ie/ agus, níos fearr fós, bíonn an seachadadh saor in aisce ar gach ordú os cionn €20! Tá raon leathan d’earraí oifigiúla Ollscoil na Gaillimhe le fáil sa siopa, lena n-áirítear húdaithe, t-léinte agus stáiseanóireacht na hollscoile.

Lean an Siopa de bheith san iomaíocht i gcoinne na siopaí móra is fearr, agus leanamar de bheith níos fearr ná iad freisin! Tá duaiseanna buaite ag Ár Siopa ina chatagóir féin, lena n-áirítear Gradam 5 Réalta in ‘Gradaim Shiopa XL na Bliana’ as na caighdeáin is airde ar phraghsanna inacmhainne sa tionscal a bhaint amach agus a choinneáil.

CÁRTA AN CHOMHALTAIS

Tá mic léinn ag fáil luach níos fearr ar a gcuid airgid, lascainí agus rudaí saor in aisce le Cárta an Chomhaltais le 13 bliana anuas. Níos fearr fós, tá an cárta saor in aisce. Tá sé seo ar fáil i ngach ionad miondíola atá ag Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn agus bealach atá ann buíochas a ghabháil leis na mic léinn agus na baill foirne a thugann tacaíocht dúinn ar feadh na bliana gach bliain. Tá sé simplí – gan sibhse, ní bheimis ann!

Sna haonaid go léir, coinnigh súil amach dár dtairiscintí rialta, cuid acu nach féidir leas a bhaint astu ach le Cárta an Chomhaltais – bíonn cuid acu ann an t-am ar fad agus ní bhíonn cuid eile ann ach seal. Is le Cárta an Chomhaltais a gheobhaidh tú an margadh is fearr i gcónaí agus cuirimid fáilte is fiche roimh mholtaí chomh maith!

AR NA BACÁIN!

Beidh tús á chur againn go luath le seirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ ó gach ceann dár n-ionaid tráchtála le go mbeidh tú in ann tairbhe iomlán a bhaint as am sosa gach lá! Tá an aip EatCampus agus siopa ar líne ShopCampus.ie le teacht amach againn gan mhoill!

Comhpháirtíocht úrnua idir Cárta an Chomhaltais agus beár, bialann agus caife i lár na cathrach! Mar sin, níl deireadh leis na margaí maithe a gheobhaidh tú a bhuí linne - agus ní hamháin ar an gcampas!!

AN INBHUANAITHEACHT

Téimid i ndlúthchomhar le Ethical Coffee Co., cuideachta anseo i nGaillimh, agus le Fairtrade Ireland lena chinntiú gur táirge cóirthrádála, órgánach, inmhúirínithe é gach tae, caife, siúcra, blastán, cupán, clúdach agus meascthóir a úsáidtear i ngach aonad de chuid Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn!

Caife Arabica ó Puro a fhástar 100% faoi scáth atá inár gcaife go léir. Ar an gcaoi sin, tá sé ar an gcaife is fearr agus is eiticiúla atá ar fáil áit ar bith ar an gcampas nó gar dó!

Táimid ag tabhairt lascaine do gach custaiméir a úsáideann a chupán (in-athúsáidte) féin le breis agus 14 bliana anuas. Lena chois sin, táimid an-sona glacadh le cupáin in-athúsáidte de gach branda.

13

ATHINFHEISTIÚ IONATSA

Faoi mar a dhéantar i gcónaí, déantar gach brabús ó sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn a athinfheistiú i gComhaltas na Mac Léinn agus i seirbhísí ar an gcampas (seirbhísí tráchtála agus neamhthráchtála) chun na seirbhísí go léir a chuirimid ar fáil daoibh a fhorbairt agus a fhairsingiú. Rud uathúil faoi sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn is ea go gcoinnítear ar an gcampas an t-airgead ar fad a chaitheann tú ann. Ní féidir le haon soláthraí seirbhíse eile ar an gcampas an méid sin a mhaíomh!

Tugann Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn Teoranta (Sult, Smokey’s agus Siopa an Chomhaltais) €30,000 do Choiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud a fhágann gurb é an ranníocóir is mó leis an gciste é. Tugann ár gcuideachta seirbhísí tráchtála breis agus €250,000 don ollscoil gach bliain d’fhonn a chinntiú go ndéanaimid ár gcion féin leis na seirbhísí go léir a chuirtear ar fáil a mhaoiniú. Tugann sí €30,000 go díreach do Chomhaltas na Mac Léinn, leis.

Déantar na ranníocaíochtaí thuasluaite is cuma cé acu a éiríonn leis an gcuideachta brabús a dhéanamh nó nach n-éiríonn, agus déantar iad chun tacú leis an obair luachmhar a bhíonn ar siúl ag na páirtithe faoi seach chun leas na mac léinn, na mball foirne agus cuairteoirí ar Ollscoil na Gaillimhe.

FOSTAÍOCHT MIC LÉINN

Is mic léinn iad níos mó ná 85% dár bhfoireann ar fud ár n-aonad oibríochta go léir – Sult, Smokey’s, agus Siopa an Chomhaltais. Ar an gcaoi sin, coinnítear ár n-ioncam trádála ar an gcampas agus i do phócaí!

URRAÍOCHT

I gcaitheamh na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ar siúl ag carthanais, clubanna agus cumainn éagsúla na hOllscoile.

Táimid an-mhórtasach as an gcomhpháirtíocht atá againn le Foirne Sacair na mBan Ollscoil na Gaillimhe, agus as an urraíocht a dhéanaimid orthu, foirne a bhfuil an-rath orthu!

Bí ag faire amach mar go bhfuilimid ag súil le comhpháirtíochtaí spreagúla nua a fhógairt as seo go ceann bliana!

TAISCEADÁIN

Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar cíos in áiteanna éagsúla ar fud an champais. Ghlacamar seilbh ar na taisceadáin a reáchtáil i bhFoirgneamh Cairnes i mbliana.

SÍBÍN AN CHOMHALTAIS

Is é Síbín an Chomhaltais an spás sóisialta nua atá againn do mhic léinn atá lonnaithe in íoslach na leabharlainne.

CÁRTAÍ LEAP DO MHIC LÉINN

Tá Comhaltas na Mac Léinn ina ghníomhaire don Chárta Leap do Mhic Léinn, rud is féidir le mic léinn a úsáid le lascainí iontacha a fháil ar thaisteal.

SEOMRA CÓTAÍ CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Tá an seomra cótaí á fheidhmiú agus á bhainistiú ag Comhaltas na Mac Léinn. Is mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí, agus cuirtear an tseirbhís ar fáil saor in aisce do mhic léinn i rith an téarma. Bhí uaireanta breise againn le linn na scrúduithe chun freastal ar mhic léinn a raibh scrúduithe acu go mall tráthnóna.

MÁLAÍ AN CHOMHALTAIS DO LUCHT NA CHÉAD BHLIANA Bhí an Comhaltas ag tabhairt málaí gualainne in-athúsáidte amach do mhic léinn saor in aisce ó cheann ceann na bliana chomh maith le haiscíní eile agus Iris Fáilte an Chomhaltais. Acmhainn úsáideach do mhic léinn atá san iris agus tá eolas inti ar Fhoireann an Chomhaltais, Seirbhísí an Chomhaltais, áiseanna ar an gcampas, agus Clubanna agus Cumainn. Ina theannta sin, leagadh de chúram ar an gComhaltas tástálacha antaigine saor in aisce agus maisc aghaidhe in-athúsáidte a thabhairt amach.

Chomhaltas na Mac Léinn

Cárta Chomhaltas na Mac Léinn SU CARD Check your account at www.su.universityofgalway.ie SU Swipe Card 2022.indd 1 23/08/2022 08:07 Student Independent News N UAC H TÁ N S AO R N A SC E SU CLOAKROOM Life Skills grinds REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU SU Second Hand SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS ENTS Students’ Union Siamsaíocht an Chomhaltais SU LOCKERS SU CLOAKROOM Life Skills grinds REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU SU Second Hand SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS ENTS Students’ Union Siamsaíocht an Chomhaltais Skills
REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU Second Hand SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS ENTS Union Siamsaíocht an Chomhaltais SU CLOAKROOM Life
REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU SU Second Hand SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár
AN CHOMHALTAIS
AN CHOMHALTAIS
grinds
Skills grinds
Scileanna Saoil clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN
SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais
Union Siamsaíocht
Chomhaltais SU LOCKERS SU CLOAKROOM Life Skills grinds REGISTER SU LOCKERS BOOKSTORE SU SU Second Hand SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil clár DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS ENTS Students’ Union Siamsaíocht an Chomhaltais SU CLOAKROOM Life Skills grinds
SU LOCKERS
SU SU Second Hand
ENTS Students’
an
REGISTER
BOOKSTORE
SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil
ENTS
Students’ Union Siamsaíocht an Chomhaltais
EatCampus ShopCampus
Síbín

Cúrsaí Airgeadais an Chomhaltais SU Finance

Ráiteas

Ioncaim

Ráiteas Ioncaim CML OÉ Gaillimh 30 Meitheamh 2021

Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, 30 Meitheamh 2022

Maireann bliain airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh. Baineann na sonraí thíos leis an mbliain dar chríoch an 30 Meitheamh 2022. Tá figiúirí ann ón mbliain roimhe chomh maith le gur féidir comparáid a dhéanamh eatarthu.

Seo an chéad bhliain inar tógadh Tobhach nua na Mac Léinn. In ainneoin go n-íocann mic léinn suim atá níos ísle i dTobhach na Mac Léinn anois, faigheann seirbhísí mac léinn mar Aonad Sláinte na Mac Léinn, Clubanna agus Cumainn, FlirtFM agus Comhaltas na Mac Léinn maoiniú méadaithe. Tá CÉIM á mhaoiniú go hiomlán ag Tobhach na Mac Léinn a thugann cosaint airgeadais faoi dheireadh. Ní fhaigheann an Comhaltas maoiniú ó ranníocaíocht na mac léinn níos mó, agus is é sin an chaoi a ndéantar gach comhaltas eile de chuid na mac léinn a mhaoiniú.

Bhí tionchar suntasach fós ag Covid 19 ar ghníomhaíochtaí Chomhaltas na Mac Léinn sa bhliain go dtí an 30 Meitheamh 2022. Níor iarradh an leithdháileadh ón táille cheadúnais a íocann Sult leis an Ollscoil (€30,000) ná an ranníocaíocht ó SUCS Ltd (€36,000) arís.

Agus normáltacht de shórt éigin ag teacht ar ais go saol an champas, tháinig méadú ar leibhéal gníomhaíochta an Chomhaltais chomh maith. Tháinig fás suntasach ar an gcaiteachas as feachtais faoi mar a tháinig ar chostais siamsaíochta, rannpháirteachas in Aontas Náisiúnta na Mac Léinn agus ar an gcaiteachas as gníomhaíochtaí CÉIM.

Féachann an Comhaltas lena acmhainní a úsáid ar mhaithe lena bhaill i dtólamh agus breathnaítear ar an gcaiteachas go léir ar an mbealach sin. Bhain 50% den chaiteachas le hIonadaíocht agus Seirbhísí, agus bhain 12% de le costais Oifige agus Riaracháin. Costais a bhain le baill foirne agus oifigigh a bhí i gceist leis an 38% eile, i.e. na daoine a bhíonn i mbun shaothar an Chomhaltais.

Bhaineamar amach barrachas €27,614 ag deireadh na bliana seo caite. Tuigimid go rímhaith gur eagraíocht san earnáil phríobháideach muid agus go dteastaíonn clár comhardaithe láidir agus airgead ar láimh uainn chun muid a choinneáil seasmhach.

Cuireadh na cuntais don bhliain dar críoch an 30 Meitheamh 2022 faoi bhráid Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn (Comhairle an Chomhaltais) agus tá siad ar fáil don phobal ar ár láithreán gréasáin. Le tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí airgeadas Chomhaltas na Mac Léinn, téigh chuig ár láithreán gréasáin www.su.nuigalway.ie.

Oifig agus Riarachán

30 Meitheamh 2021 30 Meitheamh 2020 Ioncam An Tobhach Mic Léinn €451,100.00 €449,542.00 Taisceadáin €788.00 €20,462.00 Leabhair Athláimhe - Ioncam €67.00 €784.00 Coimisiún ar Chártaí Leap Mic Léinn €1,688.00 €18,000.00 Síntiús ó Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn €0.00 €27,000.00 Síntiús i gComhair Tháille Cheadúnais Sult €0.00 €30,000.00 Leithdháileadh Ollscoile ó Mhuirear na Mac Léinn €80,396.00 €80,396.00 Maoiniú CÉIM €130,979.00 €148,767.50 Ioncam Iomlán €665,018.00 €774,951.50 Caiteachas Costais Oifigeach agus Foirne Iomlán na gCostas Oifigeach agus Foirne €257,262.78 €247,126.60 Speansais Oifigeach agus Foirne €515.38 €8,173.00 Oiliúint, Forbairt agus Leas €12,419.33 €16,938.00 Iomlán na gCostas Foirne agus Oifigeach €270,197.49 €272,237.60 Oifig agus Riarachán Síntiúis agus Táillí Ballraíochta €450.00 €900.00 Teileafón €5,763.00 €9,664.26 Fuaraitheoir Uisce €0.00 €401.44 Láithreán Gréasáin agus TF €12,856.00 €6,958.03 Clódóireacht, Postas agus Stáiseanóireacht €3,960.33 €7,646.97 Promóisin €4,345.18 €6,365.96 Tobhach Sheirbhísí na Mac Léinn €32,524.00 €32,632.00 Táillí Cuntasaíochta agus Iniúchóireachta €5,029.67 €4,214.00 Táillí Bainc €1,038.00 €3,025.00 Speansais Feachtas Tiomsaithe Airgid €993.02 €4,237.84 Árachas €6,057.10 €6,094.00 Táillí Dlí €22,380.00 €11,070.00 Dímheas €4,819.00 €5,696.00 Iomlán na gCostas Oifige agus Riaracháin €100,215.30 €98,905.50 Ionadaíocht agus Seirbhísí AMLÉ €83,779.00 €85,426.00 Feachtais €21,647.00 €6,515.41 Comhairle an Chomhaltais €19,259.64 €18,221.00 Costais Toghchán agus Reifrinn €10,453.30 €9,428.41 Costais Siamsaíochta €0.00 €3,770.00 Iomlán an Chaiteachais ar CÉIM €142,640.51 €149,779.49 Costais Scileanna Saoil €2,002.60 €4,450.00 Iomlán na gCostas Ionadaíochta agus Seirbhísí €279,782.05 €277,590.31 Costais Covid 19 €10,064.55 Caiteachas Iomlán €660,259.39 €648,733.41 Barrachas €4,758.61 €126,218.09
14
Mary Tynan Oifigeach um Chearta Míchumais Disability Rights Officer Adrian Wisdom An tOifigeach um Chúrsaí Mac Léinn Lánfhásta Mature Students’ Officer Vanessa Frimpong Oifigeach na Mionlach Eitneach Ethnic Minorities Officer Rachel Concannon Cathaoirleach na gCumann Societies Chairperson Raunak Bhagwani Captaen na gClubanna Clubs Captain Molly Hickey Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta / Environmental and Sustainability Officer Julia Collins Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta International Students Officer Sava Beekman Oifigeach um Chearta Inscne agus LADT+ Gender and LGBT+ Rights Officer Cameron Rose Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí / Convenor of the College of Business, Public Policy & Law Katie Scrivener Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences Joey Andrews Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta / Convenor of the College of Science and Engineering Chris Stewart Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde | Postgraduate Research Officer Fionn Sexton Connolly Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha Postgraduate Taught Officer An Coiste Feidhmiúcháin 2023-2024 Coiste Feidhmiúcháin 2023/2024 Incoming Executive 2023/2024 15 Dean Kenny An tUachtarán | President Faye Ní Dhomhnaill Leas-Uachtarán don Ghaeilge Vice President / Irish Language Raimey O’Boyle Leas-Uachtarán / An tOifigeach Oideachais Vice President / Education Officer Izzy Tiernan Leas-Uachtarán / An tOifigeach Leasa agus Comhionannais | Vice President / Welfare and Equality Officer Ruairí O’Boyle Tionólaí Choláiste na nDán , na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh / Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies
@UniOfGalwaySU www.su.nuigalway.ie UniversityOfGalwayStudentsUnion

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.