Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh 2019

Page 1

Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh NUI Galway Students’ Union Annual Report

TUARASCÁIL

Bhliantúil

2018-2019



Clár na nÁbhar • Contents

1

3

5

7

9

11

13

Focal ón Uachtarán • President’s Foreword

2

Ráiteas Misin/Buaicphointí • Mission Statement/Highlights

Coiste Feidhmiúcháin 2018/19 • Executive Committee 2018/19

4

Comhairle an Chomhaltais • SU Council

Nuachtán SIN • SIN Newspaper

6

Toghcháin • Elections

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Policies

8

CÉIM

Scileanna Saoil • Life Skills

10

Tiomsú Airgid • Fundraising

Siamsaíocht & Imeachtaí • Entertainment & Events

12

Feachtais • Campaigns

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Services

14

Coiste Feidhmiúcháin 2019/20 • Incoming Executive 2019/20


Megan y Reill


1

Focal ón Uachtarán President’s Foreword

A chairde, Tá áthas orm tuarascáil bhliantúil Chomhaltas Mac Léinn, OÉ Gaillimh don bhliain 2018/2019 a chur in bhur láthair. Bliain ghnóthach a bhí ann dúinn, agus bhí mórán buaicphointí againn agus dúshláin romhainn. Tugtar léargas sa tuarascáil seo ar an méid a rinneamar. Tá Comhaltas na Mac Léinn ann chun ionadaíocht agus cosaint a dhéanamh agus deimhniú a thabhairt do chearta na gcomhaltaí ag gach leibhéal den sochaí. Is eagraíocht bhríomhar muid agus tá mórán ról ag ár n-oifigigh agus baill foirne, ionadaithe, feachtasóirí, comhaltaí coiste, urlabhraithe, gníomhaithe agus riarthóirí, agus tuilleadh eile nach iad. Idir chártaí Leap a dhíol le mic léinn, an bia a chuirimid ar fáil trínár seirbhísí tráchtála, agus ionadaíocht ar ardleibhéal san Ollscoil a dhéanamh ar mhic léinn, tá an obair a dhéanaimid ilfheidhmeach agus deacair, agus is fairsing go mór an teagmháil agus an tionchar atá againn. Chuireamar beocht arís in agóidí ar fud an champais i mbliana, agus reáchtálamar gníomhaíochtaí i rith na bliana maidir leis an tearcmhaoiniú ar sheirbhísí meabhairshláinte, suíocháin ar fud an champais (fiú cathaoireacha a thógáil “ar iasacht” ón gCearnóg) agus iarraidh ar mhic léinn agus ar bhaill foirne siúl amach as a gcuid leachtaí mar chuid de ghníomhaíocht comhordaithe go náisiúnta chun éileamh a dhéanamh go ndéanfadh an Rialtas maoiniú ar an todhchaí. Reáchtálamar níos mó imeachtaí siamsaíochta ná i mblianta roimhe agus reáchtálamar ár gcéad Seachtain na gCarthanas. Bhí baint láidir againn le straitéis nua a fhorbairt don Ollscoil, bhaineamar leas as am na bliana seo chun ceangal níos fearr a fhorbairt le mic léinn i Sionainn agus d’oibríomar le Comhaltas na Mac Léinn Choláiste San Aingeal roimh an gcónascadh leo. Ritheadh roinnt rún tríd an gComhairle le linn na bliana, agus rinneamar cinnte de go raibh tuairiscí ár nOifigeach ar fáil don uile mhac léinn inár n-iarrachtaí a bheith níos trédhearcaí. Thugamar óráidí ag mórán imeachtaí agus bhuaileamar le polaiteoirí rialtais. Bhí torthaí ar ár gcuid iarrachtaí stocaireachta nuair a tugadh isteach na huasteorainneacha cíos do Lóistín Saintógtha do Mhic Léinn, agus ba mhór an éacht é seo do ghluaiseacht na mac léinn ina hiomláine. Níl sa mhéid thuas ach blaiseadh de na héachtaí atá bainte amach againn. Ar ndóigh tá réimsí feabhais i gcónaí ann. Amach anseo, ba chóir go bhféachfadh an Comhaltas a chuid próiseas inmheánach féin a neartú, chomh maith le tógáil ar an gceangal leis an bpobal mór. Níor chóir ligean do spiorad na ceannairceachta a chailleadh, agus ba chóir an cumas easaontú a dhéanamh a choinneáil beo

i gcónaí. Ní mór dúinn an Ollscoil a choinneáil cuntasach agus ár ndícheall a dhéanamh go gcloisfí glór na mac léinn ar gach aon slí. Ní mór dúinn cuimhneamh ar cén uair ba chóir ár nglór a úsáid ag an mbord, agus cén uair le dul i mbun agóidíochta.

Bhí bród orm agus mé ag stiúradh na heagraíochta i mbliana. Ba onóir agus ba phribhléid é ionadaíocht a dhéanamh ar an gcuallacht fíor-éagsúil mac léinn s’againn. Ar an gcaoi chéanna, bhí an-toradh ar an mbliain seo ó thaobh comhoibriú agus idirbheartaíocht leis an Ollscoil, agus táimid an-bhuíoch den fhoireann a thacaíonn linn inár gcuid iarrachtaí. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil lenár bhfoireann féin, le hOrla agus Amber a reáchtálann an clár iontach CÉIM, lenár mbainisteoir cúnta Joanna, lenár bhfáilteoir Lorna, agus lenár mBainisteoir Ginearálta Chris. Is minic nach dtugtar a gcuid oibre faoi deara ach is ríthábhachtach a gcuid ionchuir do rath Chomhaltas na Mac Léinn. Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann naoi n-oifigeach déag a bhí agam. Foireann mhór iad a bhfuil misneach níos mó arís acu agus a bhí díograiseach ina gcuid oibre, agus ar oibrithe deonacha agus urlabhraithe iad a rinne obair na gcapall don Chomhaltas. Níl aon amhras orm ach gur fhreastail siad ar gach uile chruinniú agus go raibh siad i mbun stocaireachta i gcónaí agus leasanna na mac léinn i gcónaí chun cinn acu. Tá buíochas ar leith le dul chuig an mbeirt oifigeach shábóideacha eile, Clare Austick agus Eibhlín Seoighthe, a bhí díograiseach dícheallach i gcónaí agus a rinne a ndualgas agus i bhfad níos mó ná sin le cinntiú gur tugadh éisteach do ghlór na mac léinn. Deirtear gur bliain rathúil í nuair a fhágann tú cúrsaí níos fearr ná mar a bhí ar dtús. Cé gur gearr an tionacht í agus go bhfuil mórán dúshlán ann, níl aon amhras orm ach gur bhaineamar é sin amach. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as an tuarascáil seo a léamh agus gura fada buan agus éifeachtach obair an Chomhaltais.

Le bród,

Megan Reilly

UACHTARÁN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN 2018/2019


2

Ráiteas Misin/Buaicphointí Mission Statement/Highlights

Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh ar bun den chéad uair in 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na Mac Léinn. Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair in 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920í agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn den chomhairle go foirmiúil sna 1960í. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin. Bunaíodh an Comhaltas in 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta ná “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”. “Ní neart go cur le chéile”

Reáchtálamar an imeacht Luan na Meabhairshláinte i rith gach seimeastar, rud a chur lenár láithreacht ar an gCampas Thuaidh agus muid ann uair sa tseachtain chun torthaí agus uisce saor in aisce a thabhairt amach.

Reáchtálamar seachtainí faoi théama gach seimeastar, ar chúrsaí Meabhairshláinte, Cothromas, Feasacht agus Treoir Meabhairshláinte (SHAG) agus cúrsaí Cultúir.

D’éirigh linn na céadta ball foirne agus mac léinn a fháil chun siúl amach as a gcuid ranganna chun páirt a ghlacadh san Agóid Maoinigh an Todhchaí.

Roghnaigh Aontas na Mac Léinn in Éirinn muid le go bhfreastalódh toscaire dár gcuid ar Choinbhinsiún Eorpach na gComhaltas Mac Léinn.

Rinneamar stocaireacht le go dtógfaí leabharlann nua agus tá toradh ár gcuid oibre feicthe againn sa chaoi is gurb é seo an chéad tosaíocht don Ollscoil ó thaobh tairiscint mhaoinithe le haghaidh tionscadail chaipitiúla.

Mheallamar aird ó na meáin náisiúnta maidir lenár mic léinn iriseoireachta ag fáil a gcuid táillí ar ais, chomh maith lenár gcáineadh ar shráidbhaile mac léinn Mhionlaigh mar gheall ar an méadú ina gcuid cíosa, agus ár agóid Maoinigh an Todhchaí.

Bhaineamar úsáid as an deis in oscailt Goldcrest chun dúshlán na bpraghsanna ríchostasacha sa lóistín mac léinn a thabhairt.

D’oibríomar go dlúth leis an ngluaiseacht One Galway le linn na bliana, ar cónaidhm é de Cheardchumainn agus Comhaltais Mac Léinn. D’óstaíomar an champáil amuigh éigeandála le linn na bliana, ar cleas é ina chuireamar pubaill in airde ar an bhFaiche Mhór chun aird a tharraingt ar an gcaoi a raibh an éigeandáil lóistín ag imirt tionchar ar mhic léinn.

D’éirigh lenár stocaireacht chun stop a chur leis an Hub a bheith in úsáid mar spás lónadóireachta le linn Bhronnadh na gCéimeanna.

Buaicphointí 2018/19 •

Fuaireamar ionadaíocht nua do mhic léinn ar choistí taobh istigh agus taobh amuigh den Ollscoil. Chuireamar leis an ionadaíocht a bhí againn ar phainéil agallaimh le haghaidh Déan na Mac Léinn, an tOifigeach Breatimeachta agus an tOifigeach um Inbhuanaitheacht na hOllscoile.

Reáchtálamar agóid le linn na bliana maidir leis an tearcmhaoiniú ar sheirbhísí Meabhairshláinte, agus chinntíomar €5,000 breise do sheirbhís Comhairleoireachta na hOllscoile.

Choinníomar orainn le feachtas suntasach i leith suíochán ar fud an champais, feachtas ina reáchtálamar cleas chun cathaoireacha a thógáil ‘ar iasacht’ ón Aula Maxima, agus bhí achainí againn i bhfoirm cathaoireach (Chairlie), chomh maith le agóid sa Chearnóg.

D’oibríomar leis an gclár SMART Consent chun oiliúint a chur ar bhreis agus 40 mac léinn agus ball foirne chun ranganna ar chúrsaí Toilithe a chur ar fáil do bhreis agus 400 mac léinn sa chéad bhliain.

Ainmníodh muid le haghaidh 15 Ghradam um Éachtaí Mac Léinn agus bhain ár nOifigeach Leasa agus Comhionannais, Clare Austick, gradam le haghaidh Gníomhaí Mic Léinn na Bliana ar an oíche.


Chabhraíomar agus labhraíomar ag lasadh soilse an Chrainn Nollag i mbliana, agus bhaineamar úsáid as mar dheis chun labhairt amach i gcoinne an chórais Soláthair Dhírigh.

D’fhorbraíomar an ceangal le hionadaithe i gColáiste Ósta na Sionainne agus gheallamar a bheith i láthair ag a lá tionscnaimh, chomh maith le cabhrú leo feabhas a chur ar sheirbhísí ansin.

Tugadh an deis dúinn cur i láthair a dhéanamh in éineacht le AMLÉ don Chomhchoiste Oireachtais um Thithíocht maidir leis an méadú i Lóistín Saintógtha do Mhic Léinn. Go gairid tar éis an fhógra go leathnófaí na criosanna brú cíosa chun Lóistín Saintógtha do Mhic Léinn a chur san áireamh agus go gcaithfí lóistín cónaithe mac léinn a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe, ba mhór an éacht é seo agus is rud é a bhfuil stocaireacht déanta ag an gComhaltas ina leith le dhá bhliain anuas.

Bhí bliain rathúil eile ag CÉIM, ár gclár foghlama piarchuidithe. I mí Meán Fómhair, déanfar clár píolótach de i Scoil na Síceolaíochta, agus dár réir tairgfear CÉIM do bhreis agus 1,500 mac léinn chéad bhliana.

Ba mhór an onóir dúinn Oiliúint PINK, an chomhdháil LADT+ Mac Léinn is mó san Eoraip (350 daoine), a óstáil. Ba iad Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) a reáchtáil an chomhdháil don dara bliain as a chéile lenar áiríodh 3 lá de cheardlanna, spásanna sábháilte agus cainteanna idirghníomhacha chun tacú le pobal LADT+ is mic léinn iad agus chun é a cheiliúradh.

Trí chomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe d'aimsíomar maoiniú €5,000 don dara bliain as a chéile chun feachtas meabhairshláinte a reáchtáil.

Reáchtálamar an chéad Seachtain Charthanachta riamh, ina raibh imeachtaí amhail ‘an líne Euro’ agus SuperClub speisialta in Electric.

Reáchtálamar an chéad ‘Seachtain Scíthe’ riamh, ina raibh pictiúrlann allamuigh a raibh an-tóir air, chomh maith le ranganna saor in aisce íoga agus húlahúp.

D’fhorbraíomar Comhaontú Comhpháirtíochta Mac Léinn, le bheith sínithe ag an Ollscoil agus ag Comhaltas na Mac Léinn; sonraítear ann go ngeallaimid coistí a bhunú agus obair a dhéanamh le chéile le cinntiú go ndéantar ionadaíocht ar mhic léinn ag gach leibhéal.

D’óstaíomar Toghchánaíocht do Thoghcháin na hEorpa, chun mic léinn agus an pobal mór a spreagadh le hiad féin a chur ar an eolas faoi agus páirt a ghlacadh sa vótáil.

Chuireamar lenár Bord Iontaobhaithe le go gcuirfí san áireamh Iar-Uachtarán Eispéireas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh, an Dr Pat Morgan, agus an t-Iar-Oifigeach Leasa do Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Cláraitheoir agus Príomhfheidhmeannach Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Eucharia Meehan. Ghéaraíomar ár gcuid próiseas ag ár gcruinnithe Comhairle, agus reáchtáladh níos mó rún ná i mblianta roimhe, chomh maith le polasaí inbhuanaitheachta. Chuireamar rannán doiciméad ar ár suíomh idirlín, áit a bhfoilsítear óráidí agus cuir i láthair a thugamar. Den chéad uair riamh, rinneamar cur i láthair d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile ar Shaincheisteanna Mac Léinn, agus ina dhiaidh sin d’óstaíomar Foireann Bhainistíochta na hOllscoile sa Seomra Boird le haghaidh cruinniú sonrach faoi mhic léinn.

D’oibríomar ar an gcoiste Ollscoil Tearmann chun go mbainfí stádas amach mar Thearmainn.

Thugamar roinnt rún chun Comhaltas Náisiúnta na Mac Léinn maidir le campais inrochtana, an Ghaeilge, an reachtaíocht ar Choireacht Fuatha, inbhuanaitheacht agus iompar, agus d’éirigh le gach ceann díobh.

D’oibríomar go dlúth le Comhaltas na Mac Léinn Choláiste San Aingeal sa tréimhse roimh an gcónascadh le cinntiú go mbeidh an ionadaíocht ar mhic léinn i gcónaí láidir ar a gcampas.


3

Coiste Feidhmiúcháin 2018/19 Incoming Executive 2018/19

Vice President / Education Officer Leas Uachtarán / Oifigeach Oideachais

Eibhlín Seoighthe

President / Uachtarán

Vice-President / Welfare and Equality Officer Leas-Uachtarán / Oifigeach Leasa agus Comhionannais

su.president@nuigalway.ie 086 385 5502

su.welfare@nuigalway.ie 086 385 3659

Megan Reilly

su.education@nuigalway.ie 086 385 3658

Clare Austick

Oifigeach na Gaeilge

Mature Students’ Officer Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta

Postgraduate Taught Officer Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha

Postgraduate Research Officer Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde

su.gaeilge@nuigalway.ie 087 174 9570

su.maturestudents@nuigalway.ie 089 966 4053

su.pgtaught@nuigalway.ie 086 238 6183

su.pgresearch@nuigalway.ie 085 134 2748

Societies Chairperson Cathaoirleach na gCumann

Clubs Captain Captaen na gClubanna

SU Council Chairperson / Cathaoirleach na Comhairle do Chomhaltas na Mac Léinn

Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies / Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh

su.socs@nuigalway.ie 087 677 8449

su.clubs@nuigalway.ie 091 524 810

su.council@nuigalway.ie 085 176 2031

su.arts@nuigalway.ie 087 133 1473

Convenor of the College of Science Tionólaí Choláiste na hEolaíochta

Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences / Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte

Convenor of the College of Business, Public Policy & Law / Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bhearais Phoiblí agus an Dlí

Convenor of the College of Engineering & Informatics / Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta

su.science@nuigalway.ie 085 204 8786

su.medicine@nuigalway.ie 087 621 0216

su.business@nuigalway.ie 091 524 810

su.engineering@nuigalway.ie 089 223 7676

International Students Officer Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta

Gender and LGBT+ Rights Officer Oifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Disability Rights Officer Oifigeach um Chearta Míchumais

Ethnic Minorities Officer Oifigeach na Mionlach Eitneach

su.international@nuigalway.ie 083 884 4332

su.lgbt@nuigalway.ie 085 816 3837

su.disability@nuigalway.ie 089 456 7106

Adhna Nic Dhonnchadha

Brandon Walsh

Scott Green

Daniel McFadden

Chuka Paul Oguekwe

Ryan Guilfoyle

Liezel Ravenscroft

Alex Coughlan

Cameron Keighron

Sabrina Vaughan

Clodagh McGivern

Muireann O’Sullivan

Jibran Abbasi

Rían McKeagney

Roshan George

Victoria Chihumura

su.ethnicminorities@nuigalway.ie 085 231 3107


4

Comhairle an Chomhaltais SU Council

Le haghaidh 2018/2019 bhí tiomsú d'Ionadaithe Ranga ag Comhaltas na Mac Léinn os cionn 400 ceannaire. D’oibríomar i mbliana chun cur lenár teagmháil le hionadaithe ranga amhail sna cláir Aosoideachais agus Páirtaimseartha, chomh maithe le caidreamh a choinneáil le mic léinn teagaisc iarchéime, mic léinn taighde iarchéime agus fo-chéimithe. Trí iarracht chomhbheartaithe an próiseas toghcháin a chaighdeánú ar fud OÉ Gaillimh agus trí obair Fheidhmeannas an Chomhaltais freagracht chomhchoiteann a ghlacadh as ionadaithe a thoghadh, bhí an t-ádh orainn go raibh tiomsú éagsúil agus cainteach d'Ionadaithe Ranga againn chun cur le hobair an Chomhaltais. Rinne Cathaoirleach Comhaltas na Mac Léinn, Sabrina Vaughan, maoirseacht ar Chomhairlí Chomhaltas na Mac Léinn agus chinntigh go scaipfí doiciméid i bhfad roimh chruinnithe agus go dtabharfaí éisteacht do ghlór na n-ionadaithe ranga ag cruinnithe.

go háirithe i ndáil leis an reachtaíocht ar an gCoireacht Fuatha, an 27ú Leasú, díchoiriúlú ar an obair gnéis, agus beartas inbhuanaitheachta. D'fhreastail na hIonadaithe Ranga ar oiliúint chuimsitheach ag tús na bliana, d'fhreastail siad ar na Comhairlí Comhaltais dá gcuid agus ghlac siad páirt i dToghcháin an Chomhaltais agus sa Tráthnóna Ceannasaíochta, chomh maith le hobair dheonach a dhéanamh ag mórán dár gcuid imeachtaí. Trí Chlár Rannpháirtíochta Náisiúnta na Mac Léinn chuireamar Oiliúint d'Ionadaithe Ranga bhreise ar fáil agus ag an am céanna obair na nIonadaithe Ranga á haithint trí húdaithe a thabhairt dóibh, agus húdaithe faiseanta iad! Chruthaigh Ionadaithe Ranga 2018/2019 go raibh siad ina gceannairí mac léinn an-ghafa a raibh sé de mhian acu obair an Chomhaltais a fheabhsú agus d’imir siad tionchar bríoch ar eispéireas mic léinn a gcuid piaraí!

Ag Comhairlí an Chomhaltais dár gcuid, choimeád na hIonadaithe Ranga feidhmeannas an Chomhaltais cuntasach, sholáthair siad treoir maidir le beartas an Chomhaltais agus phléigh siad rúin arna gcur ar aghaidh ag a gcomhionadaithe. D’éirigh le níos mó rún ná riamh i mbliana ná i mblianta roimhe, Cathaoirleach an Chomhaltais, Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais agus Oifigeach na nIarchéimithe in 2018/2019 Buíochas speisialta as an obair atá déanta ag an gCathaoirleach, ag na Tionólaithe agus ag Oifigeach na nIarchéimithe maidir le hIonadaithe Ranga a thoghadh agus teagmháil a dhéanamh leo. • • • • • • • •

Cathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais – Sabrina Vaughan Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh –Rían McKeagney Tionólaí na hEolaíochta – Scott Green Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Liezel Ravenscroft Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice – Roshan George Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí - Clodagh McGivern Oifigeach na nIarchéimithe Taighde – Jibran Abbasi Oifigeach na nIarchéimithe Teagaisc – Cameron Keighron



5

Nuachtán SIN SIN Newspaper

Is é SIN (Student Independent News) an t-aon nuachtán amháin atá ann do mhic léinn i nGaillimh agus foilsítear uair sa choicís é. Foilsítear é i rith na bliana acadúla, agus 6,000 cóip a fhoilsítear. Tá an nuachtán dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann OÉ Gaillimh. Féadann an uile dhuine ábhar a chur ar fáil do SIN, agus tá scríbhneoirí deonacha éagsúla againn ó réimsí an dlí, na tráchtála agus na hiriseoireachta.

Is í Shannon Reeves ár ndearthóir agus tá sí ag obair ar SIN le roinnt blianta anuas. Chruthaigh Shannon dearadh úrnua i mbliana d’eagrán speisialta na dtoghchán, chomh maith le clófhoireann agus stíl nua don rannán Faisean agus Stíl Bheatha. Buaicphointí 2018/2019: • •

Foireann 2018/2019: • • • • • • • • •

Eagarthóir – Áine Kenny Fo-Eagarthóir agus Nuacht – Martha Brennan Gné-Ailt – Olivia Hanna Tuairimí – Tarryn McGuire Faisean agus Stíl Bheatha – Molly Fitzpatrick Na hEalaíona agus Siamsaíocht – Sarah Gill Spórt - Graham Gillespie Ar Líne – Marie Coady

Foilsíodh 13 eagrán de SIN i mbliana. Chruthaigh ár bhfoireann oibrithe deonacha eagrán speisialta toghcháin as féin a raibh 24 leathanach ann sa tréimhse roimh Thoghcháin Chomhaltas na Mac Léinn. San eagrán seo bhí agallaimh le hiarrthóirí toghcháin Chomhaltas na Mac Léinn, iarrthóirí do na toghcháin áitiúla, agus iar-mhic léinn OÉ Gaillimh.

Bhuaigh SIN gradam Nuachtán na Bliana ag na gradaim Smedia. Bhuaigh Áine Kenny gradam Eagarthóir na Bliana ag na gradaim Smedia. Ainmníodh SIN agus cuireadh ar an ngearrliosta é le haghaidh Meán Cumarsáide Mic Léinn na bliana ag Gradaim Éachtaí Mac Léinn AMLÉ. Bhí an líon airde is oibrithe deonacha againn riamh i mbliana, idir Fhochéimithe chéad bhliana agus mhic léinn Máistreachta ó mhórán réimsí éagsúla. Chuir scríbhneoirí SIN agallamh ar mhórán daoine aitheanta, amhail Nicola Coughlan ó Derry Girls, agus an Seanadóir Alice Mary Higgins. Rinneadh nochtadh sa nuachtán ar an gcaoi nach bhfuil infheistiú déanta ag OÉ Gaillimh sa leabharlann le breis agus 20 bliain, agus chlúdaigh sé an díospóid faoin ráta úis atá á ghearradh ar thobhach na mac léinn don Ionad Spóirt. Chuir Marie Coady go mór le láithreacht SIN ar líne ar Facebook agus Twitter trínár dtuin ar líne a iompú isteach ina thuin nach bhfuil chomh foirmeálta céanna, rud atá mealltach do mhic léinn.

Foilsítear SIN i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ach tá sé neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.


6

Toghcháin Elections

Reáchtáladh toghcháin i mí Mheán Fómhair do phost Oifigeach na Mionlach Eitneach agus chun an folúntas a líonadh do LeasUachtarán/Oifigeach Oideachais tar éis do Louis Courtney éirí as. Toghadh Victoria Chihumura agus Eibhlín Seoighthe chun na bpost seo. Bhí an campas i ngreim ag toghcháin Chomhaltas na Mac Léinn i rith mhí an Mhárta. Chuir tríocha mac léinn a n-ainm ar an bpáipéar ballóide agus iad ag iarraidh go dtoghfaí chun Choiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais, 2019-2020 iad. Bhí ar chumas na mac léinn a vótaí a chaitheamh i dtrí cinn de stáisiúin vótála mar aon le rogha vótála ar líne. Is é Ken Curtin a rinne maoirseacht ar na toghcháin, agus chinntigh sé gur cloíodh go docht daingean leis na nósanna imeachta agus leis na rialacháin. In ainneoin líon mór na n-iarrthóirí, oíche eolais um thoghchán agus méadú sa toghchánaíocht, b’ábhar díomá líon foriomlán na vótálaithe a chaith vóta ar fud na dtoghchán. Tá athbhreithniú eile ar an bpróiseas toghcháin beartaithe don bhliain seo chugainn d’fhonn dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Níor sheas aon iarrthóirí le haghaidh phost Oifigeach na nIarchéimithe Taighde, mar sin reáchtálfar toghchán i mí Mheán Fómhair chun an post seo a líonadh. Is iad seo a leanas na hiarrthóirí ar éirigh leo sna toghcháin:

Post

Uachtarán

Ainm Clare Austick

Leas-Uachtarán / An tOifigeach Oideachais

Cameron Keighron

Leas-Uachtarán / an tOifigeach Leasa agus Comhionannais

Brandon Walsh

Oifigeach na Gaeilge

Erin Mac An tSaoir

An tOifigeach do Mhic Léinn Lánfhásta

Chuka Paul Oguekwe

Oifigeach na nIarchéimithe Teagaisc

Le Toghadh i mí Mheán Fómhair

Oifigeach na nIarchéimithe Taighde

Emily Tock

Cathaoirleach na gCumann

Oissíne Moore

Captaen na gClubanna

Pádraic Toomey

Cathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais

Scott Green

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Laura O’Toole

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta

Kenny Cooke

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Aisling Fitzgerald

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Clodagh McGivern

Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice

Sachi Sinha

Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta

Avery Fenton

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Ruth Morgan Queeney

An tOifigeach um Chearta Daoine faoi Míchumas

Alex Coughlan

Oifigeach na Mionlach Eitneach

Victoria Chihumura


Spraoi ag Beรกr Sult


7

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Policies

Glacann Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le beartais ar cheisteanna éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, le Comhairle an Chomhaltais, nó trí reifreann ar bhaill uile an Chomhaltais, beartas a shocrú. Rith Comhairle an Chomhaltais polasaithe agus rúin ar shaincheisteanna éagsúla amhail an reachtaíocht ar an gCoireacht Fuatha, an Tobhach ar Mhic Léinn, Obair Gnéis a Dhíchoiriúlú in Éirinn, agus an 27ú Leasú ar an mBunreacht. Is iad seo a leanas na beartais a daingníodh trí reifreann le blianta beaga anuas: Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith athaontú oileán na hÉireann D’éirigh leis i mí an Mhárta 2017 Tacaíonn Comhaltas an Mac Léinn, OÉ Gaillimh le hathaontú oileán na hÉireann agus iarrann ar an Stát reifreann náisiúnta a reáchtáil ar cheist athaontaithe den sórt sin. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Chórais Soláthair Dhírigh D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016 Déanann Comhaltas na Mac Léinn cáineadh ar an gCóras Soláthair Dhírigh, atá míthrócaireach agus a shéanann ar an lucht iarrtha tearmainn a gcearta bunúsacha, agus éilíonn sé go gcuirfear deireadh leis agus go gcuirfear córas nua ina ionad a léireoidh meas do chearta daonna iarrthóirí tearmainn. De réir polasaithe lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Díchoiriúlú Drugaí D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016 Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go dtacóidh sé go gníomhach leis an díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i dtaobh Saothrú, Díol agus Sealbhú Cannabais a Dhlisteanú agus a Rialáil D’éirigh leis i mí an Mhárta 2015 Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn ar son saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar Cheist an Phósta Shibhialta Comhghnéis D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014 Tá sé de bheartas ag Comhaltas na Mac Léinn tacú le lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul faoi chuing an phósta shibhialta. Tar éis an reifrinn náisiúnta i mí na Bealtaine 2015, tá an beartas seo comhlíonta anois. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar an bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014 Ghlac Comhaltas na Mac Léinn le seasamh ar son tacú leis an “bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael” (Feachtas BDS) Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Cheist an Ghinmhillte D’éirigh leis i mí an Mhárta 2013 Tá seasamh “ar son na rogha” glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh mar thaca leis an bhfeachtas náisiúnta ar son cearta iomlána atáirgthe, lena n-áirítear ceart na mná chun ginmhilleadh, beag beann ar cibé acu a bheidh an ginmhilleadh sin roghnach nó riachtanach de réir míochaine. Beartas Gan Ardán a Thabhairt do Bhaill d’Eagraíochtaí Áirithe D’éirigh leis i mí an Mhárta 2012 Éilítear ar Chomhaltas na Mac Léinn dul i gcoinne aon chuiridh do bhaill d’eagraíochtaí áirithe labhairt ag an ollscoil. Tá na sonraí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn.


8

CÉIM

Clár piarfhoghlama acadúla ar chuir Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh tús leis in 2013 is ea CÉIM, a thacaíonn le mic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chun an ardoideachais, lena sláinte agus folláine, lena ndul chun cinn agus lena scileanna inaistrithe a fhorbairt. Rud atá uathúil in Éirinn, soláthraítear CÉIM trí chomhpháirtíocht idir mic léinn, foireann acadúil agus Comhaltas na Mac Léinn agus cuireadh ar fáil é do thimpeall ar 1,200 mac léinn in 2018/19. Le linn na bliana acadúla 2019/20, déanfar tuilleadh feidhmiú ar CÉIM, rud lena méadófar líon iomlán na mac léinn a bhfuil CÉIM ar fáil dóibh go 1,550, nó beagnach 50% de mhic léinn na chéad bhliana. Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil uirthi. Déanann ceannairí mic léinn ó bhlianta níos airde éascaíocht ar sheisiúin staidéir sheachtainiúla do ghrúpaí beaga mac léinn de chuid na chéad bhliana. Cuirtear pobail foghlama ar bun ar an gcaoi sin, atá á dtreorú ag piaraí agus ina bhfuil sé éasca ceisteanna a chur. Taispeántar le taighde go mbaineann lucht freastail rialta ar CÉIM gráid atá píosa maith níos airde ar an meán (1131% níos airde) ná lucht freastail neamhrialta agus iad siúd nach bhfreastalaíonn.

Na huimhreacha a bhaineann le CÉIM • 3,650 áit tairgthe do mhic léinn na chéad bhliana le haghaidh piarfhoghlaim CÉIM go n-uige seo • 1,622 uair an chloig de phiarfhoghlaim curtha ar fáil • 255 ceannaire sa 2ú agus sa 3ú bliain tar éis dian-oiliúint ceannaireachta a fháil • 12,750 uair an chloig curtha ar fáil ar bhonn deonach ag ceannairí CÉIM • Tá an clár curtha i gcrích ag 99+% de na ceannairí Innealtóireachta • Tá an clár curtha i gcrích ag 94+% de na ceannairí Dáin ‘Bhí mo chuid ceannairí go hiontach ó thaobh freagra a fháil ar aon cheisteanna a bhí agam faoin gcúrsa, faoi scrúduithe agus fiú ceisteanna faoin gcoláiste go ginearálta. Is iontach an treoir é agus cabhraíonn sé go mór leis an staidéar neamhspleách.’ Mac léinn chéad bhliana 2017/18 ‘Tá i bhfad níos mó foghlamtha agam ná mar a bhí mé ag súil leis. Ba thaithí iontach é.’ Ceannaire CÉIM 2018/19

Tacaíonn CÉIM le heispéireas na chéad bhliana

Aistriú réidh chun an ardoideachais

Sláinte & folláine

Forbairt scileanna inaistrithe

Tús na Chéad Bhliana

An Dara Bliain

Líonraí sóisialta a thógáil

Rath acadúil

Dul ar aghaidh go dtí An Dara Bliain



9

An Clár Scileanna Saoil Life Skills Programme

Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí le linn na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin. Tá an clár ag dul ó neart go neart i gcónaí, agus chríochnaigh níos mó ná 500 mac léinn 12 chúrsa éagsúla. I gcomhar le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, cuireadh cúrsa maidir le hOiliúint Nochta ar fáil arís do mhic léinn i mbliana, rud a chur ar a gcumas plé a dhéanamh go cuí le nochtadh foréigin ghnéasaigh. Cuireadh Oiliúint sa Chosaint Leanaí ar fáil i gcomhar le Comhairle Náisiúnta na nÓg. D’oibrigh an Comhaltas i gcomhar le hInstitiúid Oiliúna na Seirbhísí Éigeandála chun breis cúrsaí do Fhreagróirí Garchabhrach, Láimhsiú Sábháilte, agus do Fhreagróirí Cairdiacha a thabhairt chun na hollscoile. Sna ranganna sin, fuair na mic léinn scileanna ríthábhachtacha tarrthála a chuirfidh ar a gcumas déileáil le cásanna éigeandála. D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn leis an Oifigeach um Féinmharú a Chosc san FSS chun Oiliúint i Scileanna Feidhmeacha Idirghabhála i dtaca le Féinmharú (ASIST) agus safeTALK a chur chun cinn arís ionas go mbeadh na scileanna ag mic léinn comharthaí contúirte a aithint ar dhuine atá i mbaol lámh a chur ina bhás féin. Chuaigh an Comhaltas i gcomhar leis an dornálaí gairmiúil MMA Benjamin Davis ó Shaolin MMA Galway le cúrsa a chur ar fáil sna hEalaíona Comhraic Measctha don Fhéinchosaint, rud a raibh an-tóir ar fad air. Reáchtáladh sraith cúrsaí teanga comharthaíochta le linn na bliana ina bhfuair mic léinn na bunscileanna a theastaíonn chun comhrá a dhéanamh sa teanga chomharthaíochta le daoine bodhra. In éineacht leis an gClub Snámha, thairg Comhaltas na Mac Léinn Ranganna Snámha 12 sheachtain do thosaitheoirí agus meánranganna chomh maith le Cúrsa do Ghardaí Tarrthála. D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn i gcomhar le Galway One World Centre freisin chun an cúrsa oiliúna frith-chiníochais dá chuid, a bhfuil an-tóir air, a chur ar fáil ar an gcampas arís. Bhí deis ag mic léinn fáil réidh leis an strus agus a solúbthacht a fheabhsú ag na ranganna Ióga a bhíonn ar siúl ó thús deireadh na bliana anois.



10

Tiomsú Airgid Fundraising

Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, sraith imeachtaí uathúla ar mhaithe le carthanais i mbliana, agus bailíodh beagnach €8,000dár gcarthanachtaí roghnaithe: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus COPE Galway. Tá Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú tiomanta do sheirbhís ghairmiúil, rúnda cúraim agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd sa phobal atá buailte ag an mí-úsáid gnéis agus foréigean gnéasach. Is é an fhís atá ag COPE Galway ná caighdeán beatha feabhsaithe a chur ar fáil in áit chónaithe dá gcuid féin do dhaoine gan dídean agus do mhná agus leanaí a fhulaingíonn mí-úsáid sa bhaile, agus do dhaoine scothaosta. I mí na Samhna d’eagraíomar arís an Tráth na gCeist Mór Carthanachta in Sult ina raibh babhtaí fíordheacair ceisteanna curtha le chéile ag Oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn chun eolas ginearálta na bhfoirne a thástáil. Bhí sé ina Nollaig luath arís in OÉ Gaillimh lenár n-ócáid mhór tiomsaithe airgid Oíche Charthanachta na nGeansaithe Nollag a reáchtáladh i gcomhpháirtíocht le Electric agus Four Four i mí na Samhna. Bhí neart pop-amhrán maoithneach Nollag agus geansaithe Nollag ann ag an Super Club, mar aon le neart spraoi eile chun an Nollaig a cheiliúradh go luath! I mí na Nollag, bhí deis ag mic léinn a bheith rannpháirteach arís sa Sos Mór ón Staidéar nuair a eagraíodh an Díolachán Cácaí ar son na Carthanachta AGUS an Chuairt ar Fheirm Peataí le linn na seachtaine staidéir. Ghlac caorigh, uain, gabhair, coileáin, coiníní, lachain, cearca, coiligh, sícíní, éiníní lachan agus géanna seilbh ar an gcampas. Bhí go leor cácaí, tae agus duaiseanna crannchuir ann freisin, chomh maith le neart ceoil ó Flirt FM. Ina dhiaidh seo bhí searmanas lasta soilse ann don Chrann Nollag nua taobh amuigh d’Áras na Mac Léinn agus bhí neart carúl agus ceiliúradh Nollag ann! Thug oifigigh, foireann agus oibrithe deonacha de chuid an Chomhaltais aghaidh ar shráideanna na Gaillimhe ar Shatharn gaofar ach grianmhar i mí Feabhra don Lá Bailithe Airgid bliantúil ar son na Carthanachta dá chuid agus d’éirigh leo muintir fhlaithiúil na Gaillimhe a scaradh óna sóinseáil bheag! Bhí David O'Doherty, fuirseoir, le feiceáil i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh mar chuid de Ghig Grinn an Chomhaltais ar son na carthanachta i mí Eanáir, agus cuireadh an brabús ar fad ón oíche ghrinn i dtreo charthanais an Chomhaltais. I mí an Mhárta bhí Seachtain Charthanachta againn ina raibh imeachtaí amhail an Líne Euro, Díolachán Cácaí, Feachtas Éadaí, Biongó Gnéasbhréagáin ag Sult a raibh an-tóir air, agus Super Club eile buíochas le Electric agus Four Four. Bhí Tráth na gCeist an-rathúil ag an gCumann Gearmáinise i seimeastar a dó agus thug siad fáltais an imeachta go flaithiúil do Charthanais Chomhaltas na Mac Léinn.


11

Siamsaíocht & Imeachtaí Entertainment and Events

Mic léinn na chéad bhliana, Meán Fómhair 2018 I measc na n-imeachtaí do mhic léinn na chéad bhliana, áiríodh seachtain mhór tionscnaimh eile inar cuimsíodh ár bPictiúrlann Faoin Spéir in OÉ Gaillimh, Caradú Gasta, Biongó, DJanna, botháin ghrianghraf, cáirióice, lá na gclubanna, lá na gcumann, agus Féile Oibre Deonaí ALIVE. Bhí Aonach Lucht na Chéad Bhliana dubh le cuideachtaí báúla do mhic léinn, earraí in aisce, agus bia blasta ó stainníní margaidh, gach duine acu a bhí ann chun fáilte a chur roimh na mic léinn chuig an ollscoil. Sciob na mic léinn 12,000 cóip shaor in aisce de Dhialann Chomhaltas na Mac Léinn sula raibh coicís caite! I measc na ngigeanna do lucht na chéad bhliana bhí tráth na gceist leis an bhfuirseoir Karl Spain, amhráin le Daithí agus Bongo Steve, DJanna, cáirióice agus Biongó Loco ag Sult. Bhí an deis ag mic léinn bualadh le hOifigigh Chomhaltas na Mac Léinn le linn Iarr Rud ar Bith Orm ag Sult. Aonach maidir le hObair agus Taisteal thar lear Reáchtáladh an cúigiú hAonach maidir le hObair agus Taisteal thar lear de chuid Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ag deireadh mhí Eanáir in Áras na Mac Léinn. Imeacht go hiomlán saor sin aisce a bhí ann, agus tugadh le chéile cuideachtaí víosa J1, cuideachtaí taistil, cuideachtaí oibre deonaí/eachtraíochta, cuideachtaí intéirneachta agus oiliúna chun cabhrú le mic léinn de chuid OÉ, Gaillimh an samhradh a phleanáil. Bhí stainníní margaidh ann freisin agus bia álainn acu chun an bholg a choinneáil lán fad is a bhí pleananna don samhradh á n-ullmhú! Cláir Ghrinn Bhí deis arís i mbliana ag mic léinn OÉ Gaillimh dul chuig seónna le fuirseoirí mór le rá ar an gcampas agus gach ticéad ar €5, táille i bhfad níos ísle ná mar a bhíonn ann de ghnáth! Cuireadh tús le cláir ghrinn na bliana le gig leis an mbeirt fuirseoirí Alison Spittle agus Kevin McGahern mar chuid d’imeachtaí do lucht na chéad bhliana i mí Mheán Fómhair. Le linn na Seachtaine Domhanda, chuir na haíonna is ansa leis an gcampas Steven Sharpe agus Steve Bennett A Stevening i láthair ag Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh. Tháinig The Dirty Circus ar ais chuig Sult le linn sheachtain SHAG freisin agus greann, buirlisc, ceabairé agus brusaireacht dá gcuid féin á gcur i láthair acu! I mí Eanáir, tháinig David O’Doherty, duine de laochra an champais, ar ais ar an bhfód le gig ghrinn a chur i láthair ar son na carthanachta do Chomhaltas na Mac Léinn OÉ, Gaillimh, agus é díolta amach. I mí Feabhra, chuir Neil Delamere, fuirseoir, a sheó i láthair an tslua arís i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, arna thacú ag Gearóid Farrelly.

Oiliúint Pink I mí na Samhna/Nollag bhí lúcháir orainn 300+ toscaire a óstáil arís a bhí ag freastal ar Oiliúint Pink Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) in éineacht le GIG Soc. Is ionann Oiliúint Pink agus an imeacht oiliúna LADT+ is mó san Eoraip lena dtugtar na céadta mac léinn LADT+ agus a gcomhghuaillí le chéile chun eolas a fháil faoina gcearta, an rochtain atá acu ar chumhacht agus an méid agus is féidir leo a dhéanamh chun athrú dearfach a dhéanamh ar shochaí na hÉireann. Imeachtaí na Seachtaine Scíthe I mí Aibreáin reáchtálamar roinnt imeachtaí thar an tSeachtain Scíthechun sos maith a thabhairt do mhic léinn ón staidéar, lena n-áirítear ranganna ióga, ranganna húlahúp, ceardlann drumadóireachta, pictiúrlann allamuigh, an deis bualadh le roinnt reiptílí suaimhneasacha agus gig iontach ó King Kong Company ag Sult. Le linn na scrúduithe dháileamar pacaí laghdaithe struis lena n-áirítear liathróidí struis, leabhair dathúcháin agus táirgí cúraim cnis. Lean Sult lena chinntiú go bhfuair gach duine a sháith leite saor in aisce le gach tae-caife le linn shéasúr na scrúduithe. Tionscadail For-rochtana I mí Dheireadh Fómhair d'óstálamar tointeálaí agus ionsamhlóirí tuairte an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ar an gcampas maidir le Lá Feasachta um Shábháilteacht ar Bhóithre a bhí an-fhaisnéiseach. Dháileamar na céadta míreanna ardinfheictheachta agus soilse rothair le cinntiú go gcoinnítear mic léinn sábháilte agus infheicthe. I mí Dheireadh Fómhair/na Samhna, thug Comhaltas na Mac Léinn dúshlán na foirne agus na mac léinn chun a dTaisteal Chun na hOllscoile a athrú trí pháirt a ghlacadh sa Dúshlán Comaitéireachta náisiúnta. Bhí sé mar aidhm ag 15 fhoireann a nósanna taistil a athrú chuig roghanna níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht thar chúrsa na míosa. I mí Eanáir sheol Oifigeach Oideachais Chomhaltas na Mac Léinn Just Read, grúpa léitheoireachta sóisialta seachtainiúil do bhaill foirne agus do mhic léinn teacht le chéile le haghaidh uair an chloig agus sult a bhaint as leabhar nó dhó. I mí an Mhárta d’eagraigh an Comhaltas 58 foireann ó OÉ Gaillimh, a chuaigh in iomaíocht sa dúshlán Marchathon. Ghlac 205 ball foirne & mac léinn páirt ann, agus thóg na 58 foireann níos mó ná 33,083,800 céim san iomlán thar na 4 seachtaine den dúshlán! Is ionann sin agus 26,467 ciliméadar nó rud beag níos lú ná dhá thrian den bhealach thart ar imlíne an domhain! Thugamar ar ais arís Díolachán na nÉadaí Seanré le linn na bliana ar roinnt ócáidí. Ghlac baill foirne Chomhaltas na Mac Léinn páirt in Rith 5K OÉ Gaillimh ar son Jigsaw Galway. Rugbaí Leanadh den chomhpháirtíocht idir Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, agus Rugbaí Chonnacht in 2018/19 agus bhí lascainí móra ar thicéid do chluichí baile Chonnacht ar fad ar fáil do mhic léinn i rith an tséasúir.



12

Feachtais Campaigns

Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, i rith na bliana acadúla, 2018/19. Áirítear ina measc feachtais maidir le leas, ag díriú ar mheabhairshláinte agus sláinte ghnéis, mar aon le feachtais laghdaithe struis um scrúduithe, feachtais um lóistín agus feachtais eile nach iad. I mbliana tháinig Comhaltas Mac Léinn OÉ Gaillimh, Comhaltas Mac Léinn GMIT agus Please Talk le chéile chun feasacht ardú i leith meabhairshláinte do mhic léinn leis an bhfeachtas nua Luan na Meabhairshláinte inar caitheadh súil ar ábhair éagsúla Meabhairshláinte gach seachtain. Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn dhá Sheachtain Mheabhairshláinte, ceann i ngach seimeastar ina raibh imeachtaí amhail púróga dearfacha ar fud an champais, aireachas, tae, cainteanna, léirithe clár faisnéise, fuirseoireacht, damhsa, scannáin agus comharthaí do sheirbhísí ar am gcampas agus taobh amuigh den champas. Chaith Comhaltas na Mac Léinn solas ar roinnt ócáidí i mbliana ar an Éigeandáil Lóistín agus an tionchar a imríonn sé ar mhic léinn. Reáchtáladh Campáil Amuigh Éigeandála ar an bhFaiche Mhór i mí Mheán Fómhair chun aird a tharraingt ar an easpa lóistín saintógtha do mhic léinn ar phraghas réasúnta. Thug Comhaltas na Mac Léinn mic léinn OÉ Gaillimh ar bhusanna eagraithe go Baile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair le páirt a ghlacadh san Agóid Náisiúnta Tithíochta. D’fhreastail agus leabhair Oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn ag na hagóidí tithíochta #RaiseTheRoof agus tharraing aird ar chamscéimeanna cíosa. Leanadh leis an méadú i líon na mac léinn in OÉ Gaillimh i mbliana gan méadú comhfhreagrach sna háiseanna agus seirbhísí a chuirtear ar fáil do mhic léinn. Bhí Comhaltas na Mac Léinn chun cinn ar agóidí i rith na bliana i ndáil le Seirbhísí Comhairleoireachta, easpa limistéar suíochán sóisialta, micreathonnaigh bhriste agus tuilleadh eile nach iad. I mí Dheireadh Fómhair, reáchtáladh roinnt imeachtaí le linn na Seachtaine Domhanda lena n-áirítear cúrsa FrithChiníochais le Galway One World Centre, aonach trádála cultúrtha, pléphainéal ar an Soláthar Díreach, agus caint ar an gCumhachtú Domhanda na mBan. Cuireadh Seachtainí SHAG (Sláinte Gnéis agus Comhairle Ghnéis) ar siúl sa chéad seimeastar agus sa dara seimeastar araon agus reáchtáladh ceardlann ar chúrsaí toilithe i mí Mheán Fómhair do mhic léinn a bhfuil cónaí orthu i Sráidbhaile na Coiribe agus in Goldcrest. Cuireadh leis na huaireanta oscailte don chlinic sheachtainiúil STI in Aonad Sláinte na Mac Léinn i rith an dá sheachtain sin, chomh maith le clinicí saor in aisce mearthástála HIV le AIDS West. Chun na críche sin, thugamar Biongó Gnéasbhréagáin isteach go OÉ Gaillimh arís, oíche ghrinn agus chuimsitheach agus fócas ar chomhráite níos oscailte maidir le gnéas. Tháinig an oíche dhána agus ghnéasach Dirty Circus Cabaret ar ais mar gheall ar an tóir a bhí air. I mí Feabhra, d’óstáil Comhaltas na Mac Léinn an taispeántas coscrach Not Consent Exhibition mar chuid den chamchuairt náisiúnta agus rinneadh an chéad léiriú ar an scannán “The Meeting”. Leis an tSeachtain Scíthe i mí Aibreáin, tugadh spreagadh do mhic léinn a scíth a ligean, suaimhneas a dhéanamh, fáil réidh le strus agus faoiseamh a fháil roimh thús na scrúduithe. Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn gníomhaíochtaí spraoi dí-struis amhail

ranganna húlahúp, ceardlanna drumadóireachta, ranganna ióga, pictiúrlann allamuigh, feirm peataireachta reiptílí agus gig leis an King Kong Company. Thugamar amach liathróidí struis agus ár dtreoir féin i leith dí-struis, chomh maith le leabhar dathúcháin!

Lean Comhaltas na Mac Léinn le tacaíocht a thabhairt don Fheachtas i leith Cearta Ginmhillte agus d’eagraigh busanna chun mic léinn OÉ Gaillimh a thabhairt don an Mhórshiúil Naisiúnta don Rogha i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair. I mí an Mhárta, thug Comhaltas na Mac Léinn baill foirne agus mic léinn amach ar agóid siúl amach ó léachtaí ag am lóin chun éileamh ar an Rialtas go ndéanfadh siad Maoiniú ar an Todhchaí, ag tarraingt aird ar an Oideachas mar earra poiblí agus gur chóir maoiniú a dhéanamh dá réir. Reáchtáladh mórán Feachtas Clárúchán Vótóirí le linn na bliana chun mic léinn a spreagadh chun clárú in am do na toghcháin áitiúla/Eorpacha agus don reifreann ar an gcolscaradh. Dhírigh Comhaltas na Mac Léinn freisin ar chéimithe OÉ Gaillimh chun iad a spreagadh le clárú chun vótála do phainéal Ollscoil Náisiúnta na hÉireann i dtoghcháin an tSeanaid. D’óstáil Comhaltas na Mac Léinn seisiúin eolais ar Chearta Oibrithe le SIPTU chun comhairle dlí saor in aisce a chur ar fáil do mhic léinn. Tháinig Comhaltas na Mac Léinn le chéile le daltaí dara leibhéal na Gaillimhe sna hagóidí Aoine don Todhchaí chun rialtas na hÉireann a spreagadh chun gníomhú láithreach i leith an athraithe aeráide. Ghlac Comhaltas na Mac Léinn páirt freisin sna hagóidí #Time4Equality ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.



TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

Caife

s

AN CHOMHALTAIS SU LOCKERS

TAISCEADÁIN

AN CHOMHALTAIS

grinds REGISTER SU

AN CHOMHALTAIS

SEOMRA CÓTAÍ

AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna SaoilTAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

OCKERS

TAISCEADÁIN

Chomhaltas na Mac Léinn

grinds REGISTER

SU SU

s

AN CHOMHALTAIS

SEOMRA CÓTAÍ

Life Skills

Hand

SEOMRA anCÓTAÍ Chomhaltais AN CHOMHALTAIS AN CHOMHALTAIS TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

Students’ Union

ENTS

TAISCEADÁIN

clár DIANCHEACHTANNA

clár DIANCHEAC

AN CHOM

Clár Scileanna Saoil

clár DIANCHEACHTANNA

AN CHOMHALTAIS

Siamsaíocht SEOMRA CÓTAÍ

STORE

AN CHOMHALTAIS

Chomhaltas na Mac Léinn

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE

an Chomhaltais DIANCHEACHTANNA

AN CHOMHALTAIS

AN CHOMHALTAIS

CHOMHALTAIS Saoil Clár AN Scileanna

Siamsaíocht clár DIANCHEACHTANNA

Chomhaltas na Mac Léinn SEOMRA CÓTAÍ Clár Scileanna Saoil

Clár Scileanna Saoil

AN CHOMHALTAIS Second Chomhaltas naHand Mac Léinn

clár DIANCHEACHTANNA

Chomhaltas na Mac Léinn BOOKSTORE

OMRA CÓTAÍ

CHOMHALTAIS

Hand

AN C

clár DIANCHEACHTANNA

SEOMRA CÓTAÍ

CLOAKROOM

TAIS

an Chomhaltais

AN CHOMHALTAIS

SU CARD Clár Scileanna Saoil Siamsaíocht AN CHOMHALTAIS Siamsaíocht Student Second Hand Cárta Chomhaltas na Mac Léinn

Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais

TOREBOOKSTORE

Siamsaíocht

an Saoil Chomhaltais Clár Scileanna Check your account at www.su.nuigalway.ie

Caife

homhaltas na Mac Léinn

Wall THE

CAFE

an Chomhaltais SIOPA LEABHAR Independent ATHLÁIMHE News

an Chomhaltais SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE

NUACHTÁN SAOR IN AISCE

an Chomhaltais

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE an Chomhaltais

SIOPA LEA ATHLÁ

an Chomh


13

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Services

Sult Bhí clár 2018/2019 ina chlár lán arís don aon bheár/bialann/spás imeachtaí amháin ar an gcampas, áit a reáchtáladh cóisirí ranga, imeachtaí tiomsaithe airgid, bearbaiciúnna, píotsaí saindeartha, bia dána, Boscaí Bia agus na deochanna is fearr libh! Le bliain anuas, bhí an-áthas orainn gur óstálamar agus gur thugamar tacaíocht do mhórán imeachtaí, lena n-áirítear: • • • • • • •

18 Imeacht Bailithe Airgid ar son na Carthanachta 106 x Cóisir Ranga 85 x Cóisir Clubanna 115 x Cóisir Foirne Roinne agus Iarchéime 102 x Ócáid Cumainn 43 x Ócáid Chomhaltas na Mac Léinn 36 x Imeacht Beo Spóirt ar na scáileáin mhóra!

Chomh maith leis na DJanna is ansa libh, bannaí ceoil, fuirseoirí, cáirióice agus oícheanta dána cabaret, agus tuileadh eile nach iad! Chomh maith le tairiscintí speisialta rialta, lean Sult le leite saor in aisce a thabhairt amach dóibh siúd a bhfuil cárta Chomhaltas na Mac Léinn acu, d’fhonn a chinntiú nach mbeadh mic léinn OÉ Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar an lá ar bholg folamh, go háirithe le linn na scrúduithe! Siopa Chomhaltas na Mac Léinn Choinnigh Siopa Chomhaltas na Mac Léinn leis an toradh láidir mar an aon siopa áise ar an gcampas, le nuachtáin ar lascaine, uisce, torthaí agus gach riachtanas stáiseanóireachta agus grósaeireachta! Is iomaí gradam náisiúnta atá bainte amach ag Siopa an Chomhaltais le blianta beaga anuas, lena n-áirítear “An Rannóg Tobcheannach is Fearr” i nGradaim ShelfLife Magazine C-Store Awards don rogha earraí tobcheannaigh is fearr ar fad! Caiféanna Is iad Smokey’s Café, Caifé na Gaeilge agus caifé The Wall na háiteanna is fearr fós ar an gcampas chun do scíth a ligean, bualadh le cairde, d’oíche amuigh a phleanáil agus tú ag ól an caife is fearr ar an gcampas. Lean Smokey’s Café le háiseanna micreathonnacha a chur ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne ar feadh na bliana agus d’fhan The Wall Café ar oscailt i rith na bliana ar fad chun freastal ar mhic léinn, ar bhaill foirne agus ar lucht freastail an ionaid aclaíochta araon! Coinnigh súil amach le haghaidh tairiscintí agus promóisin rialta uainn. Cárta an Chomhaltais Lenár gCárta Comhaltais, cinntíodh go bhfuair tú i gcónaí an luach is fearr, lascainí, earraí saor in aisce, agus rinneadh níos éasca ar dhaoine muinteartha ‘cúpla euro a chur ar an gCárta’ le beagnach 10 mbliana anuas! Tá sé seo ar fáil i ngach áit miondíola de chuid Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn agus is bealach é chun buíochas a ghabháil leis na mic léinn agus baill foirne a thugann tacaíocht dúinn ar feadh na bliana, gach bliain – gan sibh, ní bheimis ann! Cuid de bhuaicphointí Chárta Chomhaltas na Mac Léinn in 2018/19 • • • • •

Bronnadh beagnach 2 milliún pointe dílseachta do Chárta an Chomhaltais Tugadh beagnach 2,000 dinnéar do bhaill Tugadh 12,000 tae/caife saor in aisce Bhí breis agus 10,000 cuntas gníomhach ann in 2018/19. Craic shéimh, comhairle mhaith agus réamheolas ar thairiscintí, imeachtaí agus lascainí caol díreach isteach i do bhosca isteach, le Nuachtlitir Chárta an Chomhaltais!

Inbhuanaitheacht Maidir leis an tae, caife, siúcra agus blastán i ngach ceann d’ionaid mhiondíola Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn, tá siad uile Fairtrade, orgánach, 100% arabica fásta sa scáth, agus dá réir is iad na cinn is fearr agus is eiticiúla atá ar fáil áit ar bith ar an gcampas nó gar dó! Tá na cupáin, cláir, corraitheoirí srl. uile inmhúirínithe agus inrianaitheach chomh maith. Chomh maith leis sin, is é an luach is fearr ar an gcampas é. FÍOR: Ar aghaidh leat mar sin bí cineálta leat féin! Athinfheistiú ionatsa Faoi mar a dhéantar i gcónaí, déantar gach brabús ó sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn a athinfheistiú chun na seirbhísí a chuirimid ar fáil duitse a fhorbairt agus a fhairsingiú. Rud uathúil faoi sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn is ea go gcoinnítear ar an gcampas an t-airgead ar fad a chaitheann tú ann. Tugann Sult €30,000 do Choiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud a fhágann gurb é an ranníocóir is mó leis an gciste é. Tugann Sult síntiús airgid suntasach don ollscoil chomh maith agus tugann €30,000 go díreach do Chomhaltas na Mac Léinn freisin, beag beann ar an méid brabúis a dhéanann, chun cabhrú leis lena chuid oibre. Fostaíocht Mic Léinn Is mic léinn iad breis is 50% dár bhfoireann, agus is mic léinn iad breis is 85% dár bhfoireann i Sult. Urraíocht ar Imeachtaí Mic Léinn I gcaitheamh na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ag carthanais, clubanna agus cumainn éagsúla na hOllscoile. Taisceadáin Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar cíos in áiteanna éagsúla ar fud an champais. Ligeadh 1,749 taisceadán ar cíos do mhic léinn i mbliana. Cártaí Leap do Mhic Léinn Ceannaíodh méid mór Cartaí Leap do mhic léinn trí Chomhaltas na Mac Léinn i mbliana, is é sin 4,792. Féadann mic léinn anois leas a bhaint as seirbhís bhreisithe sa Chomhaltas chun creidmheas a chur ar a gCártaí Leap agus chun tuilleadh airgid a shábháil. Leabhair Athláimhe Tá seirbhís an tsiopa leabhar athláimhe ag dul ó neart go neart. Dhíolamar 1,568 leabhar de bhur gcuid i mbliana. Seomra Cótaí Chomhaltas na Mac Léinn Tá an seomra cótaí á fheidhmiú agus á bhainistiú ag Comhaltas na Mac Léinn. Is mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí, agus cuirtear an tseirbhís ar fáil saor in aisce do mhic léinn ar an Déardaoin agus an Aoine i rith an téarma. Dialann Chomhaltas na Mac Léinn Scaipeadh 12,000 cóip shaor in aisce de dhialanna Chomhaltas na Mac Léinn ar mhic léinn sa chéad seimeastar. Acmhainn úsáideach do mhic léinn atá sa dialann agus tá eolas ann ar dhátaí na scrúduithe, ar áiseanna ar an gcampas, agus ar Chlubanna agus ar Chumainn.


14

Coiste Feidhmiúcháin 2019/20 Incoming Executive 2019/20

Vice President / Education Officer Leas Uachtarán / Oifigeach Oideachais

Vice-President / Welfare and Equality Officer Leas-Uachtarán / Oifigeach Leasa agus Comhionannais

President / Uachtarán

Cameron Keighron

Clare Austick

su.education@nuigalway.ie 086 385 3658

su.president@nuigalway.ie 086 385 5502

Brandon Walsh

su.welfare@nuigalway.ie 086 385 3659

Societies Chairperson Cathaoirleach na gCumann

Mature Students’ Officer Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta

Postgraduate Research Officer Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde

Emily Tock

Oissíne Moore

su.gaeilge@nuigalway.ie 091 524 810

su.maturestudents@nuigalway.ie 089 966 4053

su.pgresearch@nuigalway.ie 089 442 6068

su.socs@nuigalway.ie 083 141 9712

Clubs Captain Captaen na gClubanna

SU Council Chairperson / Cathaoirleach na Comhairle do Chomhaltas na Mac Léinn

Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies / Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh

Convenor of the College of Science Tionólaí Choláiste na hEolaíochta

su.clubs@nuigalway.ie 087 094 5959

su.council@nuigalway.ie 085 204 8786

su.arts@nuigalway.ie 085 723 1625

su.science@nuigalway.ie 085 208 6945

Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences / Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte

Convenor of the College of Business, Public Policy & Law / Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bhearais Phoiblí agus an Dlí

Convenor of the College of Engineering & Informatics / Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta

International Students Officer Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta

su.medicine@nuigalway.ie 091 524 810

su.business@nuigalway.ie 085 205 5717

su.engineering@nuigalway.ie 091 524 810

su.international@nuigalway.ie 091 524 810

Gender and LGBT+ Rights Officer Oifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Disability Rights Officer Oifigeach um Chearta Míchumais

Ethnic Minorities Officer Oifigeach na Mionlach Eitneach

Morgan Ruth Queeney

Alex Coughlan

Victoria Chihumura

Postgraduate Taught Officer Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha

su.lgbt@nuigalway.ie 091 524 810

su.disability@nuigalway.ie 085 816 3837

su.ethnicminorities@nuigalway.ie 085 231 3107

Oifigeach na Gaeilge

Erin Mac An tSaoir

Pádraic Toomey

Aisling Fitzgerald

Chuka Paul Oguekwe

Scott Green

Clodagh McGivern

Laura O’Toole

Sachi Sinha

Kenny Cooke

Avery Fenton

To Be Elected in September



www.su.nuigalway.ie

facebook.com/NUIGalwayStudentsUnion

twitter.com/NUIGSU

www.su.nuigalway.ie

facebook.com/NUIGalwayStudentsUnion

twitter.com/NUIGSU


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.