Enchantment (Vol. 9 No. 2)

Page 56

IRISH

An Deargadaol By Pádraig Mac Piarais

‘Deargadaol’ (pronounced ‘dyahr-guh-deel’) is the Irish word for the devil’s coach horse beetle. It is represented in Irish folklore as a cursed

Nuair a bhí mise i mo scorach, bhí bean ar an bpobal se’againne a raibh faitíos ar chuile dhuine roimpi. I mbothán uaigneach i mám sléibhe a bhí cónaí uirthi. Ní ghabhadh aon duine i bhfoisceacht dá teach. Ní thagadh sí féin i ngar do theach duine ar bith eile. Ní labhraítí léi nuair a chastaí do dhuine ar an mbóthar í. Ní chuireadh sise focal ná fáirnéis ar dhuine ar bith. Ba thrua leat an créatúr a fheiceáil agus í ag gabháil an bhóthair ina haonar. ‘Cé hí siúd,’ a deirinnse le mo mháthair, ‘nó tuige nach labhraítear léi?’ ‘Éist, a ghiolla,’ a deireadh mo mháthair liom. ‘Sin í an Deargadaol. Is bean mhallaithe í.’ ‘Céard a rinne sí, nó cé a chuir an mhallacht uirthi?’ a deirinnse. ‘Sagart Dé a chuir an mhallacht uirthi,’ a deireadh mo mháthair. ‘Níl a fhios ag duine ar bith céard a rinne sí.’ Agus sin a bhfuaireas d’eolas ina taobh go rabhas i mo stócach fásta. Agus go deimhin daoibh, a chomharsana, níor chuala mé ina taobh riamh ach go ndearna sí peaca náireach eicínt i dtús a saoil agus gur chuir an sagart a mhallacht uirthi os comhair an phobail i ngeall ar an bpeaca sin. Domhnach amháin dá raibh an pobal cruinn ag an Aifreann, d’iontaigh an sagart thart orthu, agus ar seisean: ‘Tá bean anseo,’ ar seisean, ‘a thuillfeas damnú síoraí di féin agus do chuile dhuine a dhéanfas caidreamh léi. Agus adeirimse leis an mbean sin,’ ar seisean, ‘gur bean mhallaithe í, agus adeirimse libhse gan caidreamh ná comharsanacht a bheith agaibh leis an mbean sin ach an oiread is a bheadh le deargadaol. Éirigh romhat anois, a Dheargadaoil,’ ar seisean, ‘agus seachain comhluadar dea-dhaoine feasta.’ 54


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.