Tuathal - Eagrán a Trí - 23/24

Page 1

Eagrán a Trí

Litir ón Eagarthóir

Seo linn anois an chéad eagrán de 2024 de Thuathal, agus ana-bhailiúchán atá againn idir prós, filíocht, griangrafanna agus ailt! Caithfidh mé bhuíochas a ghabháil go gach éinne a sheol saothar álainn chugainn le bheith foilsithe, mar go bhfuil ard-chaighdeán ealaíonta bainte amach acu go léir, gan dabht. Ós bhur gcomhair san eagrán seo ná pictiúr macánta ó shaol na mic léinn agus é ag tuarisc ar ár léann, ónár bpríomhchathair agus ó chroí. Tá an t-ádh linn go léir an meán seo a bheith againn chun plé a dhéanamh ar aon rud ar domhan nó ionainn féin. D’fhéadfadh linn cách bheith a léamh faoi chruachás na Gaeilge agus cad atá in ann dó agus dúinne, mar chainteoirí (agus scríobhneorí) dár dteanga, ach tá an Domhan níos mó ná Domhan atá gaelach, agus nach faoiseamh í bheith a léamh ar an bhfíor-saol - scéalta daoine agus an tsochaí san áireamh. Níl aon fianaise de mheath theanga anseo, i ndáiríre. Má tá scríobhneorí sa teanga, beidh leitheorí agus cainteoirí sa teanga céanna, agus má tá fuílleach léitheoirí, cinnte beidh fuílleach scríobhneorí. Rud le rá faoin gcoláiste seo ná go bhfuil, gan aon amhras, fuílleach scríobhneorí Gaeilge ó mheascán millteanach cursaí.

Caithfidh mé mo chomhghairdeachas a ghabháil le gach éinne a bhí bainte le reifrinn stairiúil ar fad a bhaint amach sa choláiste le déanaí, go háirithe le hiarrachtaí Pádraig Mac Brádaigh, Oifigeach Gaeilge le AMLCT (TCDSU). Vótáil os cionn 90% den lucht vótála ar son an reifrinn, ag deimhniú an Ghaeilge mar theanga oifigiúil i gColáiste na Tríonóide, agus ag fógrú ré nua thábhachtach don teanga sa choláiste seo. Ard-times, a chairde, ard-times atá ann le bheith i do Ghaeilgeoir i gColáiste na Tríonóide sa lá inniu ann, agus go mairfidh sé!

Fachtna Mac Conghail

Oifigeach Foilseacháin an Chumann Gaelaigh

Tuathal Eagrán a Trí 2

Tuathal

Leathanach Instagram

2. Litir ón Eagarthóir

4. Nuacht ó Oifig na Gaeilge

6. Carachtar na Cathrach - Aoibhinn Mitchell Walsh

8. Saol mar Dioscmharcach - Luke McCann

9. Dearcaidh Gearmánacha d’Éireann - Aodhán Ó Mhurchú

10. Feamainn: Fianaise de Chultúr Bia na hÉireann - Ruairí Goodwin

12. Ó Shuarachas go Seasmhacht go Stailc (agus Radacachas Teanga)

- Seathrún Sardina

14. Cumann Peil na mBan ag Caoga: Ag Féachaint Siar

- Le Séaghan Ó Domhnalláin

Tuathal Eagrán a Trí 3
Clár
Na hEalaíona Leathanach What!!? - Árón Stiofán Ó Conaill 16. An Slua - Ciarán Heusaff 19. Zlatan - Selma Ćatibušić 21. Ar Bharr Bhinn Éadair - Pól Ó hÍomhair 22. Margaret Kennedy 1948-1991 - Alanah Ní Chinnéide 25. Crá - Contráth Mac Buideach 27. Botúin Gramadaí - Adam Dunbar 29. Ise, an Dealán Dé - Meadhbh Ní Cheallacháin 29. Lobhadh na hIntinne - Eve Nic an Phápa 31.
@cumanngaelachtcd
@Cumann Gaelach X @CumannGaelach Clúdach tógtha ag Aodhán Ó Mhurchú Cúl tógtha ag Alice
I gcló
Feabhra
Facebook
Weaver Curtha
-
2024

@CumannGaelachTCD, @GaeloifigTCD agus @gaeilge_aclct.tcdsu.

An Scéim Cónaithe 2023-24

Osclófar an próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na bliana acadúla 2024-25 sna míonna romhainn. Cuirtear lóistín Gaeilge ar fáil ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide chomh maith le deontas €1,000. Más rud é go mbeidh tú i mbliain 2, 3 nó 4 i mí Mheán Fómhair 2024, is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim. Ní gá a bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge chun iarratas a dhéanamh. Seolfar ríomhphost ó Oifig an Rúnaí go mic léinn fochéime na hollscoile nuair a bheidh an próiseas iarratais oscailte, agus beidh tuilleadh eolais agus foirm iarratais le fáil ar shuíomh gréasáin Oifig na Gaeilge (www.tcd.ie/gaeloifig). Is deis iontach atá sa ScéimCónaithe a bheith i gcroílár phobal Gaeilge na hollscoile. Bí ag faire amach don ríomhphost seo i mí an Mhárta!

Teastas Eorpach na Gaeilge

Cuireann Oifig na Gaeilge tacaíocht ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn a bhfuil spéis acu cáilíocht TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) a bhaint amach. Tá na scrúduithe seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Is féidir scrúdú a dhéanamh ag aon leibhéal, ó bhonnleibhéal (A1) go hardleibhéal (C1). Is féidir scrúdú cainte (páirtchreidiúint) nó scrúdú iomlán (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht, scrúdú cainte – lánchreidiúint) a dhéanamh. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Tuathal Trí 4 .

Ainm Cláraithe i nGaeilge

Is féidir d’ainm a chlárú leis an ollscoil i nGaeilge ionas go mbeidh sé ar do chárta mic léinn chomh maith. Leis sin a dhéanamh, déan teagmháil leis an gClárlann Acadúil.

Seomra na Gaeilge

Bíonn Seomra na Gaeilge ar oscailt ó 9.00am-5.00pm Luan-Déardaoin agus ó 9am-3pm Dé hAoine. Tá fáilte roimh chách é a úsáid ach an Ghaeilge a labhairt. Cuirtear soláistí tae agus caife ar fáil sa Seomra agus tá micreathonn ann freisin. Iarrtar ort €0.20 a chur sa bhosca airgid gorm ar an gcuntar don tae/caife. Tá sé tábhachtach glanadh suas i do dhiaidh!

Ciorcal comhrá

Bíonn ciorcal comhrá ar siúl gach Céadaoin sa Bhutrach (The Buttery) ó 10.30am 12.00pm. Bíonn mic léinn, baill foirne agus muintir an phobail i láthair. Fáilte roimh chách.

Sonraí Teagmhála

Oifig na Gaeilge

An Séipéal Thiar

R: gaeloifig@tcd.ie

T: 01 896 3652

Tuathal Eagrán a Trí 5

Carachtar na Cathrach

le Aoibhinn Mitchell Walsh

Chonaic mé an scannán claisiceach The Third Man, bunaithe ar leabhar le Graham Green in sean-amharclann i Vín le déanaí, is sár-scannán é ar aon nós ach méadaíonn an t-eispéireas den scannán nuair atá tú sa chathair ina dtarlaíonn sé ann. Cruthaíonn timpeallacht Vín sa tréimhse i ndiaidh an Darna Cogadh Domhanda an chuid is mó den teannas sa scannán. Sna radharcanna de na carachtair ag leanúint a chéile i measc damáiste agus dochair na foirgnimh scriosta, nó faoin gcathar sna séaraigh ollmhór, nó Harry Lime i bhfolach ar díon ardeaglais, mothaíonn an cúlra chomh tábhachtach leis na heachtraí iad féin. Is charactar iomlán í an Vín mar timpeallacht an scannán a chuireann go mór leis an atmaisféar agus le heachtraí an scannán, ach freisin le taithí na gcarachtar iad féin. Chuir sé mé ag smaoineamh faoin mbealach a n-úsáidtear áiteanna agus timpeallachta i mbealaí difriúla i scéalta, i bprós, in amhrán agus i scannán, ón masterpiece Empire State of Mind le Jay Z agus Alicia Keys go Ulysses le James Joyce.

Póstaer don scannán

‘The Third Man’ (1949)

Is carachtar rómánsach agus mistéireach í an Vín i The Third Man a thugann cúlra drámatúil do gach radharc agus eachtra sa scannán. Is charactar í Cathair Bhaile Átha Cliath gan aon amhras, ach, níos mó ná sin, is charactar casta í freisin a núsáidtear i mbealaí difriúla in ealaín, scríobhnóireacht agus ar an scáileáin. Ní féidir éisteacht leis an t-amhrán Dirty Old Town le The Pogues gan smaoineamh faoi na sráideanna salach agus an spéir liath, nó Old Town le Phil Lynott gan smaoineamh faoin íomhá den Life agus an Port Thoir sa ghrian ón bhfíseán claisiceach de Bhaile Átha Cliath sna hochtóidí. Is cúlra spraoiúil agus cruthaitheacht í Bleá Cliath sna hochtóidí sa scannán Sing Street a scríobh John Carney bunaithe ar a taithí féin i mbanna ceoil mar dhéagóir. Ach ina scannán Once, suite ag tús an cúlú eacnamaíochta faoi máthair shingil ar imirce a bhuaileann le ceoltóir uaigneach, is áit lán de bhrón agus dóchas ach, freisin, neamhchinnteacht í Bleá Cliath. Tugann an suíomh de Choláiste na Tríonóide agus an cathair ina bhfuil sé suite an atmaisféar trom agus láidir a choimeádann caidreamh Connell agus Marianne ag aistriú i Normal People. Níor scríobh James Joyce faoi aon áit eile ríomh ina phríomh-obair scríobhtha ach amháin Baile Átha Cliath fiú gur d’fhág sé an cathair go deo leath-bhealach tríd a shaol. Scríobh Joyce faoin chathair mar charactar beo i mbealach nach raibh moltach ar chor ar bith ach fós chruthaigh sé carachtair lán de ghreann agus grá casta de shaghas éigean.

Fiú go bhfuil sí salach agus gnóthach agus costasach agus nach n-oibríonn aon rud i gceart riamh - ó na busanna go dtí an Luas is carachtar í Baile Átha Cliath. Is carachtar casta agus neamhshimplí í Baile Átha Cliath agus is rud difriúil í do gach duine ina n-aonair ach ba í an carachtar céanna nár fhág croí James Joyce nó spiorad GaySpar, nach bhfuil an t-ádh orainne an carachtair seo a bheith againn sa saol.

Tuathal Eagrán a Trí 6
“Iscarachtarcastaagus neamhshimplíí  BaileÁtha Cliathagusisruddifriúilí dogachduineinanaonairachbaíancarachtarcéannanárfhág croí  spioradJamesJoycenóGaySpar,nach bhfuilant-ádhorainnean carachtairseoabheith againnsasaol” -Aoibhinn

Saol mar

Le Luke McCann

Dioscmharcach

Le déanaí, thosaigh mé féin agus mo chara “DJing” mar chaitheamh aimsire. Chuireamar spéis sa ghníomhaíocht ar dtús tar éis duine dár gcairde a fheiceáil ag cóisir tí i rith an tSamhraidh. Ag deireadh an tSamhraidh, cheannaíomar deic tosaitheoir eadrainn, ach níor thosaíomar ag cleachtadh go dtí an Nollaig. Ó shin i leith, tá dul chun cinn iontach déanta againn agus táimid ag tnúth le go leor eile le teacht.

Tá cúpla sprioc éagsúil ag an tionscadal seo a bhfuil súil againn a bhaint amach. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith linn ceol traidisiúnta a mheascadh le teicneo. Tá an dá chineál ceoil seo deartha le go mbeimid ag damhsa leo, agus mar sin táimid ag triail le comhcheangail éagsúla foinn. Go dtí seo, is cosúil go n-oibríonn ceol traidisiúnta na hAlban is fearr. Agus muid ag obair ar mheascán beo de na foinn faoi láthair, ba mhaith linn tús a chur le rianta de na meascáin seo a tháirgeadh agus iad a fhoilsiú ar SoundCloud. Faoi láthair, táimid ag ullmhú seit do chóisir agus táimid ag iarraidh é a óstáil in áit rúnda lasmuigh (coimeád súil amach).

Tá blas leathan ag an mbeirt againn ar an gceol, rud a chabhraíonn linn agus muid ag iarraidh teaglaim uathúla foinn a chruthú. I measc cuid de na dioscmharcaigh is fearr linn a spreag sinn tá: Fred again.., horsegiirL, agus Mall Grab. Tá go leor dioscmharcaigh cumasacha ar TikTok agus tá go leor dá gcuid smaointe glactha againn. Rud amháin a thugamar faoi deara a bhí antábhachtach ná cur chun cinn ar líne. Tá ár leathanach Instagram féin againn (@15icecoldbeers), áit a bpostálaimid físeáin ghearra ar ár ndul chun cinn ar bhealach aoir. Lean orainn!

“Faoi láthair, táimid ag ullmhú seit do chóisír agus táimid ag iarraidh é a óstáil in áit rúnda lasmuigh (coimeád súil amach”

Tuathal Eagrán a Trí 8

Dearcaidh Gearmánacha d’Éireann

Le Aodhán Ó Mhurchú

íomhá de mhuintir simplí agus cáirdiúl na hÉireann go mór le léitheoirí na Gearmáine.

Chabhraigh Annemaire Böll, bean Céile Heinrich, go mór le cur chun cinn litríocht na hÉireann sa Ghearmáin tríd na haistriúcháin a rinne sí do na leabhair a bhí scríofa ag scríobhneoirí na hÉireann ar nós Brendan Behan, Flann O’ Brien agus John Millington Synge. Bhí an-ráth ag Flann O’ Brien sa Ghearmáin go háirithe leis an stíl meitificsean ina leabhar ‘At Swim Two Birds’. Bhí an chéad scanann a bhí déanta as an leabhar seo taifeadta trí Ghearmáinís leis an dteideal ‘In Schwimmen Zwei Vögel’.

‘Tá an Báisteach anseo iomlán, spleodrach, is scáfar.’

É sin a dúirt an scríobhneoir cáiliúil Heinrich Böll agus é ag fanacht i dteachín beag ar imeall Oileán Acla. Is deacair argóint leis an gcur-síos sin. Is féidir an aimsir a bheith fíochmhar garbh anseo, ach é sin san áireamh, bhí an scríobhneoir Gearmánach seo thar a bheith tógtha leis an dtír. Luann sé na tréithe dearfacha gur aoibhinn leis maidir leis na hÉireannaigh ina leabhar ‘Das Irisches Tagebuch’, nó ‘An Dialann Éireannach’ ag moladh a gcroíúileacht is a gcráifeacht go hard na spéire. In a thuairim, bhí na tréithe seo de dhíth ag muintir na Gearmáine agus iad ag athtógáil a dtír is a sochaí tar éis an Darna Cogadh Domhanda.

Ach, sríobhadh é sin ar fad le linn na caogaidí, agus, fiú gur leabhar sár-dhíola a bhí ann a chruthaigh íomhadh rómánsúil d’Éireann sa Ghearmáin, tá an t-uafás tar éis athrú idir an tréimhse sin is an lá atá inniú ann. Gan amhras, tá roinnt dos na tréithe a bhí Böll ag moladh tar éis eirí colúil i súile na hÉireannaigh. Sa tslí chéanna is a mhothaigh Böll náireach agus é ag labhairt le meisceoir a bhí ag ceiliúradh éachtanna na Naitsithe i dteach tabhairne i Maigh Eo, bíonn náire orainn mar Éireannaigh agus muid ag léamh a bprós ag moladh gaise an eaglais caitliceach sa tír seo. É sin ráite, bhí tionchar ollmhór ar an leabhar seo ar an íomhá a bhí ag na Gearmánaigh ar Éireann. Thaitin an

Mar sin, cad é an gnáthimprisean atá ag na Géarmánaigh don tír seo? Agus mé ag caint le cara gearmánach is mé ag fanacht i bPotsdam, dúirt sé (ar meisce go dona, áfach) go raibh ‘saol deas agaibh, na hÉireannaigh leisciúla, ní dhéanann sibh tada don lá ar fad, seachas aire a thabhairt dos na caoire, is ansin san oíche téann sibh ar an drábhlas.’ Gan amhras, ní raibh sé ach ag magadh, ach thosaigh mé ag smaoineamh ar an gceist seo ón bpointe sin amach. Cad é an íomha a mbíonn ag an tír is cumhachtaí san A.E. orainn? Tar éis staidéir a dhéanamh ar roinnt altanna a bhí scríofa sna hirisleabhair ‘Die Zeit’ agus ‘Der Spiegel’ maidir le hÉireann, scríobh an t-acadóir Fergal Lenehan leabhar faoi na conclúide a tháinig sé orthu tar éis an taighde seo. Ceann de na príomh pointí a luaigh sé ná go bhfuil íomhá ann i meáin na Gearmáine nach bhfuil an tír seo díograiseach go leor don choinceap de ‘Europeanism’. Déannann sé tagairt do phíosa a bhí scríofa i ‘Die Zeit’, a bhí scríofa ag an iriseoir Jochen Bittner, a dúirt go raibh Éire tar éis bogadh i dtreo ábharachas gan mórán suim a tháispeant do ardaidhmeacha eorpacha. Gan amhras, i roinnt slite seasaimid amach i gcompráid le roinnt tíortha eorpach eile maidir leis an ról atá ag na hEaglaise inár gcóras oideachas. Anuas ar sin, tá ár gcóras sláinte i ndrochstát ar fad i gcompráid le mórthíortha eile na hEorpa. Seasaimid amach as an slua sa slí sin, gan amhras. Ach, is dócha go bhfuil tionchair cultúrtha na hÉireann níos láidre in intinn na Gearmáinaigh, i gcoinne ár theipeanna polataíochta!

Tuathal Eagrán a Trí 9
Heinrich Böll

Feamainn:

Fianaise de Chultúr Bia na hÉireann?

Le Ruairí Goodwin

Is minic a deirtear nach bhfuil cultúr láidir againn in Éirinn bainteach leis an mbia. Is féidir an radharc sin a thuiscint nuair nach bhfuil mórán béilí atá uathúil d’Éirinn agus ní minic a feictear bialainn Éireannacha taobh amuigh de Barra an Teampaill. I ngeall ar sin, b’fhéidir gur chóir tuille béim a chur ar na comhábhar a dheintear is a úsáidtear in Éirinn, go háirithe iad a bhí in Éirinn roimh aimsir na nua-aoise (eisiann sin fataí, a tháinig go hÉireann timpeall an 16ú aois), is muid ag iarraidh ár noidhreacht bia a fhorbairt. I mo bharúil féin, tá an feamainn mar ceann de na bia is tábhachtaí i dtaobh oidhreacht bia na tíre seo, mar go bhfuil flúirse de ar fáil anseo, is sárbhia blasta í agus tá tábhachtach stairiúil láidir aici sa tír seo.

In ainneoin an creidiúint forleathan, ní planda í an feamainn ach saghas alga ilcheallach. Fásann sí in uisce salannach timpeall an domhain, agus tá sí ancoitianta timpeall cósta na hÉireann. Tá an feamainn lán le cothaithigh is mianraí tábhachtacha, faraor, tá sí mar cheann de na foinsí iaidín is deise gur féidir a fháil. Deirtear go minic go bhfuil airíonna leighis ag roinnt speiceas feamainn, ach níl i ndóthain taighde tar éis a bheith déanta le seo a fíorú.

Cé nach bhfuil fínise eolaíochtúil de bhuntáistí sláinte na feamainne, ba mhinic a n-úsáidtear í mar leigheas go traidisiúnta in Éirinn. Is mé féin ag fás aníos, nuair a bheadh slaghdán orm dhéanfadh mo

“Tá an feamainn lán le mianraí tábhachtacha”

mháthair deoch te as carraigín (saghas feamainn), mil and liomón. Déantar tagairt do áiríonna leigheas na feamainne san amhrán sean-nós ‘Amhrán Chamuis’, ina deirtear:

“Tá’n feamainn sa chladach ag fás ann go fairsing

Tá chuile shaghas leasú le fáil ann gan phingin”

Mar a tharlaíonn is minic a ndéantar tagairtí d’fheamainn san amhránaíocht, rud a léiríonn a thábhacht cultúrtha. Samplaí eile de seo ná na hamhráin grinn ‘An carraigín’ agus an ‘An dúlamán’. Comh maith leis an amhránaíocht, luaitear an fheamainn i nathanna cainte is seanfhocail na Gaeilge. Samplaí de seo ná an nath, “Bíodh an fheamainn aige”, a ciallaíonn ‘lig don diabhal é a thógáil’.

Léiríonn seo go bhfuil áit lárnach ag an fheamainn i gcultúr bia na hÉireann, ach conas gur féidir é a ithe? Bhuel tá neart slite, is féidir anraith breá a dhéanamh

Tuathal Eagrán a Trí 10

aisti, is féidir fillteog a dhéanamh di timpeall éisc, is féidir feamainn a chur isteach i taos arán nó sconnaí le breis cothaithigh a fháil, nó is féidir fiú milseog a dhéanamh as, cosúil le maróg carraigín, a déantar le cairrigín is bainne. Má tá fonn ort feamainn a thriall is nasc a cruthú le oidhreacht bia na hÉireann, tá neart comhlachtaí a dhíolann feamainn tirim nó is féidir é a lorg tú féin amuigh ar an gcladach. Má théann tú amach á bailiú áfach, bí airdeallach i gcónaí d’aimsir is do na taoide.

Seo thíos oideas simplí a baineann úsáid as feamainn:

“Áit Lárnach ag an fheamainn i gcultúr bia na hÉireann, ach conas gur féidir é a ithe?”

Arán Sóid Feamainne

1. Réamh-théigh an oigheann go 200 céim.

2. Cur an fheamainn ar maos in uisce te go dtí go mborrann sé. Bain an uisce de agus gearr i bpíosa beaga é.

3. Measc na comhábhair tirim go léir i mbabhla.

4. I mbabhla eile measc an bláthach leis an fheamainn agus an mil.

5. Déan tobar i lár na comhábhair tirim is doirt isteach na comhábhair fliucha.

6. Le do lámh, measc le chéile iad go dtí go sroichtear taos gur féidir builín a dhéanamh as ach atá fós beagán greamach. Seans go mbeidh tuille bláthach nó plúr de dhíth chun seo a fháil.

7. Réitigh stáin bácála le plúr is cur an taos isteach ann. Is féidir tuille síolta a chur ar barr nó dearadh a dhéanamh ar le scian más mian.

8. Cócair san oigheann é ar feadh thart ar 40 nóimead. Lig do fuarú go hiomlán sula n-itear é. Molaim é a ithe le brádán deataithe is cáis uachtair.

Comhábhar

300g de plúr bán

100g de coirce

50g de síolta mhuilleáilte- meascann roisne agus chia a úsáidim)

1 spúnóg tae de sóid aráin

1 spúnóg tae de salann

40g d’fheamainn tirim- is féidir duileasc, sleabhac, nori nó wakame a úsáid do seo

250ml de bláthach nó bainne searbh

1 spúnóg bhoird de mil

Bon Appetit! Bain Sult As!!

- Ruairí, Oifigeach Cócaireachta an Chumann

Tuathal Eagrán a Trí 11

Ó Shuarachas go Seasmhacht go

Stailc (agus Radacachas Teanga)

Le Seathrún Sardina

Chuile sheans gur chuala tú scéal lucht PhD ag Coláiste na Tríonóide. Chuile sheans, chomh maith céanna, nár chuala ní ná trácht air. Pé acu siúd, tá scéal agam duit. Sean-scéal é a bhí ann ó thús an chaipitleachais, agus chuile sheans roimhe sin chomh maith. Scéal den traidisiún sin le tús suarach, lár-chuid dóchasach, agus deireadh (le cúnamh Dé) nach bhfuil chomh diúltach sin. Scéal a thosaíonn le teacht-i-dtír ar oibrithe agus a chríochnaíonn le meas agus cearta daoine. Scéal stailce atá ann, agus is é mo scéalsa –mo scéalsa agus ár scéalna ar fad – é.

Is mise Seathrún Sardina, agus táim anois mar Uachtarán d’Eagraíocht Oibre na nIarchéimithe (EOI) sa Tríonóid (sin an Postgraduate Workers Organisation of Trinity College nó an PWO, mar a thráchtar níos minice air sna meáin). Le dhá bhliana anuas, bhíodh mé, mar aon le foireann an EOI ar fad ag eagrú agóidí, ag seoladh achainí, ag déanamh stocaireachta agus ag iarraidh gluaiseacht a chur ar bun. Ach thosaigh chuile rud le suarachas.

Suarachas

Muna raibh a fhios sin agat, ní éasca an rud é bheith mar PhD ag an Tríonóide, in Éirinn ná i gcoitinne. Fiú leis an “ardú pá” is déanaí (nár íocadh go fóill é do chuid mhóir againn!) ní fhaigheann tuairim is leathchuid de PhDanna in Éirinn pá íosta. Le blianta anuas, bhíomar ag fáil 30% níos lú ná pá íosta – agus bíonn roinnt PhDanna sa Tríonóid fós ar an leibhéal sin.

Ach cé is moite den phá íseal, tá post lánaimseartha – agus dualgais lán-aimseartha –againne. Bíonn muid ag múineadh, ag cúntóireacht, agus marcáil scrúduithe, agus ag déanamh taighde. Bíonn beagnach chuile dhuine againn ag obair ar post eile chomh maith ceal airgead. Ní fhaighimid saoire mháithreachais ná atharthachta – agus bhí roinnt cásanna ann ina raibh ar PhDanna éirí as de bharr páiste a bhreith. Níl saoire thinnis, cearta míchumais, ná cearta bunúsacha do lucht neamh-AE againn. Agus muise, níl cearta oibre againn beag ná mór!

Níos measa fós fhéin, ní mór a rá gurb ionann coinníollacha oibre na PhDanna agus coinníollacha foghlama na mac léinn. An uair úd nach raibh clú dá laghad ag cúntóir de do chuid ar cé chaoi cuidiú leat? Nó uair eile nach raibh siad le fáil le ceisteanna mar ba chóir, nó nuair a chonaic tú iad faoi strus nó in ísle brí? Is de bharr an easpa cearta a tharla sé sin. Tá sé thar a bheith deacair a bheith i do shármhúinteoir agus tusa buartha chuile mhí faoi an mbeidh tú in ann ithe, nó an mbeidh ort an tairgead sin a chur chun cíosa.

Buíochas le Dia nach bhfuil mó chás-sa chomh dona sin. Tá ádh an domhain orm faoi sin. Ach tá an-chuid daoine ann a bhfuil cruachás díreach mar sin acu. Chuile mhí. Agus chuile sheans go bhfuil siad ag múineadh i ranganna de do chuid.

Tuathal Eagrán a Trí 12

Seasmhacht

Céard a bhí le déanamh mar sin ach seasamh suas? Thosaigh sé grúpa WhatsApp. As sin a tháinig comh-thuiscint, cairdeas fiú. Nuair a bhí go leor againn ann, scríobhamar bunreacht oifigiúil, cuireadh clár aidhmeanna le chéile, agus thoghamar oifigigh chun na haidhmeanna sin a bhaint amach. Bhí ceardchumann ag fás ar luas na gaoithe.

In Éirinn, ar an meán, bíonn tuairim is 10% d’oibrithe i gceardchumann. I measc lucht PhD, tá tuairim is 15% théis páirt a ghlacadh san EOI go náisiúnta – agus sin théis dhá bhliana amháin. Tá EOI na Tríonóide ar chraobh de na craobhacha is láidre ar thaobh ballraíochta agus agóidíochta de.

Seasamh suas. Leis an gcumas sin, d’eagraíomar agóidí (trí cheann móra go dtí seo, i measc an-chuid agóidí áitiúla) a bhfuair aird ón bpreas ar bhonn náisiúnta. Chuamar ag caint le Teachtaí Dála, agus cuireadh achainí amach go poiblí mar chuid d’fheachtais stocaireachta.

Is mar sin an bhí an EOI ag tús na bliana seo. 2024 buailte linn agus tá chuile rud beo seachas stailceanna triailte againne. Ó litreacha oscailte go hagóidí náisiúnta. Agus go dtí seo, níor tháinig athrú ar an bhfadhb is bunúsaí atá againne: easpa cearta oibre.

Is as cearta oibre a thagann saoire mháithreachais agus atharthachta. As sin a thagann leasanna poiblí agus pá íosta. Gan sin, ní bheidh athrú ar bith a dhéanann muid buan. Fiú théis na seasmhachta sin uilig, bhí rud amháin fós de dhíth orainn. Stailc.

Stailc

Seo a bhfuil le teacht. Cé nach bhfuil fógartha go poiblí againn, agus cé gur fós ag pleanáil atáimid – tá stailc ag teacht. Go luath, tá súil agam. Ní féidir liom a rá cén cuma go díreach a bheas ann, nó céard go díreach a dhéanfas muid. Ach mar aon le stailc ar bith, má tá cumas ar bith le bheith aici beidh muid ag cur isteach ar chóras an Choláiste.

Ach tá rud amháin eile cinnte, maidir le stailc. Pé uair a thagann sí, pé cruth a bhfuil uirthi, ba mhór an cúnamh é agus cairde – mic léinn

agus baill foirne araon – ar ár dtaobh. Cairde a sheasfas linn fiú má tá orainn siúl amach as na ranganna a mhúinimid. Cairde a sheasfas linn má tá orainn ceal a chur ar chúntóireacht. Cairde a thuigfeas go ndearnamar chuile rud eile chun stailc a sheachaint, agus gur fhágadh gan slí eile ar aghaidh againn.

Mar Fhocal Scoir: Radacachas Teanga

Bhí sé mar thraidisiún do na Gaeil ó thús seasamh in aghaidh chuile shaghas ansmachta. Feicim sa Dream Dearg é. feicim i gConradh na Gaeilge é. Agus, ar slí níos lú cinnte, feicim san EOI é.

Tá tuiscint ag fás anois, de réir mar a fheicim é. Tuiscint go bhfuil an Ghaeilge ní hamháin láidir, ní hamháin úsáideach, ach lárnach. Gur teanga na mionlach í toisc gur teanga mionlaigh í. Gur teanga na gcearta í, toisc go mbíonn a buíon i gcónaí ar iarraidh cearta dise.

Nuair a thosaigh mé amach leis an EOI, ní raibh mórán ag obair ar thaobh na Gaeilge di. Ach anois? Bíonn cuid dár mbaill ag smaoineamh faoin nGaeilge nuair a fheiceann siad cumarsáid ón gceardchumann, toisc go mbíonn chuile rud, beagnach, dátheangach. Tá níos mó daoine ag obair leis an nGaeilge sa gceardchumann é fhéin.

Is uimhir bheag fós atá ann. Ach ag fás. Measaim fhéin go bhfuil gluaisteacht nua ag fós. Gluaiseacht na Gaeilge ní mar theanga amháin, ach mar cur chuige chun cearta a bhaint amach.

Radacachas teanga i measc ceardchumannachas. Nach deas an rud é ar deireadh an lae.

Tuathal Eagrán a Trí 13

Cumann Peil na mBan ag

Caoga: Ag Féachaint Siar

Le Séaghan Ó Domhnalláin

Bíonn daoine ag rá an t-am ar fad gurb í iománaíocht ár gcluiche náisiúnta agus bíonn na daoine sin ag insint bréige! Tá sé deacair a shamhlú gur cluiche gan lorg ar bith de sa tír seachas na háiteanna a raibh tionchar mór ag na Normannaigh orthu, mar atá Laighin Theas agus Mumhan Thiar, ár gcluiche náisiúnta féin. Gan dabht is í an pheil, nó an chaid mar a deirtear, an cluiche is tábhachtaí, is uasale agus an fíor-chluiche náisiúnta, cluiche a imrítear i ngach cúinne Gaelach an lae inniu.

Do dhaoine gan féith ghrinn, táim ag magadh ar ndóigh agus mar eolas daoibh i mo thuairim-se, is brónach an rud é nach bhfuil iománaíocht agus camógaíocht fite fuaite i nghach baile fhearann in Éirinn mar atá sé in Abhallort, Co. Loch Garman nó i nDroichead an Chláir.

Ach, tá deis go gcuirfeadh sé iontas ort nach raibh cumann peile do mhná ann go dtí 1974, caoga bliain ó shin go díreach! Déanann daoine dearmad go bhfuil peil na mban á eagrú ag Cumann Pheil na mBan, cumann atá neamhspleách ón gCumann Lúth-chleas Gael (CLG). Ní raibh sé mar sin le banimreoirí camánachta: bhí a gcumann féin ón 1904 nuair a bhuail an ghluaiseacht sufraigéid agus athbheochan na nGael le chéile, agus na cluichí luatha sin eagraithe ag Conradh na Gaeilge.

Cuireadh tús le peil na mban i rith na seascaidí, nuair a bhí feis áitiúil ag gach paróiste in Éirinn. Bhí cluichí

Gaelacha na bhfear coitianta sna feiseanna sin, ach i rith na seascaidí tháinig nós nua do na chluichí peile do mhná. Bhí comórtas do mhná eagraithe ag Coiste Fhéile Dhún Garbhán i 1968, agus an bhliain dár gcionn bhí cluiche i gCluain Meala idir Oifig an Phoist Cluain Meala agus Oifig an Chontae. Bhuaigh Oifig an Phoist agus an tseachtain dár gcionn bhí cluiche ann idir na buaiteoirí agus an Malartán i gCarraig na Siúire. Bhuaigh Oifig an Phoist arís agus do lasaigh na cluichí sin tine do pheil na mban mar do thosnóidh Sraith Monarchana nua do mhná, rud a bhí thar a bheith coitianta d’fhir sa ré sin. Ghlac ocht bhfoireann páirt agus fuair na heagarthoirí an t-ainm ‘the Ladies Football Organising Committee’. Bhí an chéad chluiche ceannais idir Showerings agus Oifig an Phoist. Arís, bhí an bua ag Oifig an Phoist.

Thug na himreoirí na cluichí ar ais ón áit oibre agus thosneoidh clubanna nua timpeall Cluain Meala. I gceann cúpla bliain, bhí cluichí ar siúl i ngach áit i Mumhain, Co. Laois agus Uíbh Fhailí.

In 1974, bhí sé in am don chumann náisiúnta a thosnú. Ag gcruinniú beag i gCill Urnaí, d’eagraigh siad cruinniú in Óstán Uí Aodha, áit shiombalach i stair na gcluichí Gaelacha ón uair a bhunaigh Mícheál Ó Cíosóig agus seisear eile an CLG i 1884. Thart ar 90 bliain ón lá stairiúil sin, tháinig toscairí ó Uíbh Fhailí, Co. Thiobraid Árann, Ciarraí agus Co. na Gaillimhe chun Cumann Peil na mBan a thosnú. Bhunaigh siad an chéad Chraobh Sinsear na hÉireann leis, le hocht bhfoireann, Corcaigh, Ciarraí, Tiobrad Árann, Port Láirge, Laois, Uíbh Fhailí, Ros Comáin agus an Ghaillimh.

Bhuaigh Tiobraid Árann sa chluiche ceannais i nDarú in aghaidh Uíbh Fhailí, le neart tuairisceoireachta ón ‘Irish Press’ agus an ‘Evening Press’, faoi theidil ‘Hats Off to the Girls’.

Tuathal Eagrán a Trí 14

Meadhbh Ní Cheallacháin

Frøya Mostue-Thomas

Aodhán Ó Mhurchú

Adam Dunbar

Ciarán Heusaff

Eve Nic an Phápa

Tara Ní Bhroinn

Selma Ćatibušić Árón Stiofán Ó Conaill

Alice Weaver

Contráth Mac Buideach

Alanah Ní Chinnéide

Na hEalaíona

Tuathal
15
Eagrán a Trí Eagrán a Trí
15
Tuathal

WHAT??!

Tá an scéal seo bunaithe ar ghearrscéal Gearmáinise a chum Johann Peter Hebel darb ainm Kannitverstan, ach tá casadh curtha agam leis.

Is ag tús an chéid seo caite a rugadh agus a tógadh Aodh Mag Uidhir i sráidbhaile darb ainm Gleann Ghaibhle. D’fhás sé aníos ag bun Bhinn Chuilceach agus cóngarach do Log na Sionna, bunfhoinse na Sionainne, ar an teorann idir Contae an Chabháin, Contae Fhear Manach agus Contae Liatroma. Ba cheantar iontach iargúlta é agus labhraíodh Gaeilge ann go fóill an uair sin.

Ach nuair a bhí Aodh ocht mbliana déag d’aois, shocraigh sé taisteal anonn go Sasana; go cathair mhór a thugtar “Briostó” uirthi. Bhí sé bréan den tsaol a bhí aige; den sclábhaíocht, den bhochtaineacht agus den leadrán. Bhí sé ag iarraidh an domhan a fheiceáil. Seans go bhfoghlaimeodh sé rud éigin fosta. Seo an méid a tharla:

Dé Luain a bhí ann. Tháinig Aodh i mBriostó ar an Aoine roimhe. Chuaigh sé amach ag siúl. Bhí an chathair ollmhór agus ní raibh leath di feicthe aige go fóill. Ba léir go raibh go leor airgid inti. Bhí sí lán le siopaí agus margaí agus bhí ceantracha saibhre inti fosta a raibh tithe móra galánta le feiceáil. Ach sheas teach ar leith amach dó. Ní fhaca sé a leithéid de mhórgacht ariamh ina shaol. Bhí sé mór. Teach ceithre stór a bhí ann. Bhí fuinneoga

Le Árón Stiofán Ó Conaill

móra aige, sé shimléar agus bhí sé maisithe go galánta. Bhí an gairdín pioctha néata chomh maith.

Ansin chonaic Aodh fear ag siúl ina threo. Ní raibh sé in ann srian a choinneáil ar a fhiosracht níos mó. Ní raibh Béarla ar bith ag Aodh, ach bhí sé ag súil go raibh giota beag Gaeilge ag mo dhuine.

“Gabh mo leithscéal a dhuine uasail! An bhfuil a fhios agat cé leis an teach galánta seo?”

“What?!” a d’fhreagair an fear le cuma aisteach ar a aghaidh. Ba léir go raibh sé fá dheifir. Níor stop sé ar feadh soicind fiú. Shiúil sé thairis go gasta. “Watt...” a smaoinigh Aodh leis féin. “Tá an sloinne sin cloiste agam, ceart go leor. Sílim go bhfuil Ministir thall i bhFear Manach darb ainm Watt. Seans go bhfuil gaol acu lena chéile. Tá neart airgid ag an Uasal Watt seo ar scor ar bith!”

Lean Aodh ar aghaidh gur shroich sé an calafort. Bhí sé ann cheana féin ar ndóigh, ó tháinig sé ar bhád mór, ach bhí sé ag iarraidh é a fheiceáil arís le solas an lae. Bhí an calafort ollmhór. Bhí na céadta long le feiceáil. Chonaic sé na dugairí uilig ag tarraingt boscaí agus bairillí móra i dtír a raibh rudaí de gach sórt iontu. Bhí siúcra ann, bhí caife ann, bhí rís ann, bhí tabac ann... Shiúil dugaire amháin thairis. Ní raibh sé in ann srian a choinneáil ar a fhiosracht arís.

“Gabh mo leithscéal a chara! An bhfuil a fhios agat cé leis an calafort seo agus na báid uilig?”

Tuathal Eagrán a Trí 16

“What?!” a d’fhreagair an dugaire. “Á!” a dúirt Aodh leis féin. “Nach bhfuil an t-ádh dearg ar an Uasal Watt! Ní haon ionadh é go bhfuil sé in ann an teach mór galánta úd a bheith aige!” Shiúil Aodh leis ansin. Tar éis tamaillín, áfach, tháinig smaoineamh brónach isteach ina intinn.

“Cad chuige a bhfuil mise chomh bocht sin agus an tUasal Watt chomh saibhir? Níl sé ceart ná cóir... Níl an milleán ormsa! Ní raibh an deis agam ariamh airgead maith a thuilleamh sa bhaile...”

Tháinig sé thart an coirnéal ansin agus chonaic sé slua mór daoine. Bhí siad uilig ag caitheamh éadaí dubha agus ag leanúint chóiste mhairbh. Ba chosúil gurbh iad muintir agus cairde an duine bhoicht a bhí imithe ar shlí na fírinne. Bhí clog an tseipéil le cloisteáil i gcéin. Sheas Aodh ansin go measúil ag féachaint ar an mhórshiúl agus a chaipín ina lámha aige. Nuair a tháinig an fear ag deireadh na scuaine, chuaigh Aodh chuige chun labhairt leis.

“Tá mé buartha fá do thrioblóid, a dhuine uasail. Tá mé cinnte gur chara maith de do chuidse a bhí ann. An dtig liom fiafraí cén t-ainm a bhí air?”

“What?!” a d’fhreagair mo dhuine.

Tháinig ceo ar shúile Aodha le deora. “Óchón!” a chaoin sé leis féin. “An tUasal Watt bocht! Agus mise ag déanamh trua domh féin! Ach ba é an tUasal Watt a bhí ní ba mheasa as! Cad é is fiú airgead a bheith agat mura bhfuil tú in ann é a chaitheamh? Nach

ndéarfadh m’athair é sin domh an t-am ar fad; gur fearr an tsláinte ná na táinte... Bhí an ceart aige...”

Chuaigh Aodh isteach sa scuaine ansin, agus sheas sé leofa uilig sa reilig fhuar agus d’éist sé leis an óráid. Óráid Bhéarla a bhí inti, ach rinne Aodh a sheacht ndícheall chun na focail a thuiscint.

Cé gur éirigh sé fuar agus é ina sheasamh sa reilig, mhothaigh sé giota beag ní b’fhearr. Chuaigh sé isteach i dtábhairne ansin agus shuigh sé síos. Bhí goile maith aige arís. Bhí sé ag fanacht go foighneach leis an fhreastalaí. Idir an dá linn, smaoinigh sé ar na rudaí uilig a d’fhoghlaim sé an lá úd. Dá dtiocfadh smaoineamh brónach arís go deo chuige fána bhochtaineacht, ní bheadh air ach smaoineamh ar an Uasal Watt; ar an teach mór aige, na céadta long aige agus an uaigh chaol aige...

Tháinig an freastalaí chuig Aodh ansin. “Tá bearradh fuar air inniu, nach bhfuil? Phréachfadh sé na Danes! Ní dhéanfadh babhla sú aon dochar domh. Cén sórt sú atá ar fáil agaibh inniu?” D’fhreagair an freastalaí: “What?!”

Tuathal Eagrán a Trí 17

An Slua

Le Ciarán Heusaff

‘They were careless people… they smashed up things and creatures and then retreated back into their money or vast carelessness or whatever it was that kept them together and let other people clean up the mess they had made’

Bhí scata mór ina sheasamh ag cúinne an droichead, do-aitheanta óna chéile, cosúil le póilíní, ag breathnú thart timpeall orthu, muiníneach dá smacht ar an tsráid. Tugadh seo le fios óna n-iompar, agus ón dteachtaracht nach raibh ráite, ach a bhí a fhios ag gach mac máthair cheana – fan amach.

Bhí culaithe ar nós póilín nó saighdiúir orthu freisin, lena suaitheantais ar taispeáint go bródúil, siombail ar a stadas, a bhfiúntas, a bhféiniúlacht. Na suaitheantais seo ná na seaceidí gránna Canada Goose, iad dubh agus lonrach, na cultacha reatha North Face agus corrgheansaí Moncler, costas mór ag baint leo go léir. Nach ndeirtear go gcuireann ár n-éadaí léargas fúinn féin in iúl? Céard a thug seo le fios?

Rinne Seán machnamh ar conas mar a bheadh siad gan na héadaí costasacha seo. Samhlaigh an slua seo i gcultacha agus carbhait galanta, ag beannú go béasach do dhaoine, seachas ag déanamh raic agus ruaille buaille ar an tsráid agus ag caitheamh seile nuair a chonaic siad tú.

Ach b’aisling é seo, gan morán dóchas go dtarlódh sé. Chreid Seán san aisling, an meid céanna is gur chreid sé nach

gheobhadh sé bás. Ba dheacair an rud é le leigheas. ‘Samsara is unfixable’.

Nuair a shiúl sé thar an slua, mhothaigh sé go tréan an teannas agus an eagla dá mbarr. Chuir sé fad cuí eatarthu, a aghaidh lom, a shiúl neamhurchóideach. Bheadh sé ceart go leor. Bhí sé soléir go raibh an slua go hiomlán dóshasaithe. Dhéanadh siad beagán cainte lena chéile, ach ní stopfadh siad ag breathnú mórthimpeall, cosúil le héan ag léimt thart sa ghairdín, ach ag faire amach do naimhde ag an am céanna. D’fhéadfadh Seán a smaointe a léamh: an raibh aon rud suimiúil, aon rud neamhghnách ann, deis coimhlinte, deis troda?

Is minic a bhíodh. Chonaic sé an radharc ina cheann; Duine nó beirt mí-ámharach timpeallaithe ag an slua, liúnna gáire, pocléimneach seafóideach, bagairt nathrach na gcorp, céim isteach, céim amach, druidim chun bua, lámha ag dáileadh suncanna móra, cosúil le Séas ag ladrú na dTíotán, seachas gur troid éagothrom a bhí ann, slua mór in aghaidh freasúra beag, ar nós stoirm ag leagadh crainn agus díonta á scuabadh leis, nó buamaí ag loiteadh tíre, ag scriosadh bailte agus saol a muintire.

Nuair a bheadh an bua acu, chríochnódh siad le roinnt caint mhaslach, focail gránna ag teacht as béil dána, ‘that’ll teach ye to keep yer f****n mouth shut,’ nó a leithéid, dríodar deireannach an stoirm ag plabadh anuas ar chinn na ndaoine bochta.

Lena meon do-shásaithe, lena ladar mór, chuir siad na Stáit Aontaithe i gcuimhne dó, de shíor ag fáil gafa i ngnó daoine eile, agus ag déanamh an saol níos measa dóibh siúd nár thaitin leo.

Tuathal Eagrán a Trí 19
‘Rince beag sa tine’

Zlatan

An 3ú Eanáir, an lá is measa, as an scéal a chuala mé. An lá gur bhfuair sibh amach go raibh sé marbh, gur mharaigh duine é, mar gheall ar a fhéiniúlacht, agus, níos mó ná sin, a reiligiún. Fear maith, as clann chiúin ach le creideamh láidir, rúin ón gcóras. Smaoiním faoi m’athair, fós níl sé in ann aon rud a rá faoin 3ú lá. Bhí sé ag fanacht leat san Oileán Ieathghlas leis an meon go mbeadh tú ar do bhealach chuige i gcéann cúpla mí. Smaoiním faoi mo sheanmháthair, tháinig an nuacht chuici roimh an eachtra, ó síceach, as an scéal a chuala mise. Ach, an pian ar a croí, an gruaim in a ceann, an scriosadh a tharla in a saol, níor thuig mé an gruaim cosúil le seo roimh an bhliain seo.

Cuimhním ort fós, a sheanmháthair, faoi do shaol agus do smaointe fúm. An bhfuil tú bródúil asam? Leis mo reiligiúin míchéart, agus mo theanga aisteach. An bhfuil mé ag caitheamh mo shaol i mbealach ceart? An bhfuil mé mar dhuine cosúil leis fhéin?

Níl aon ciall ar bith leis sin. Chomh maith leis sin, smaoiním fúthú, a sheanmháthair. Faoi na máithreacha, na deartháireacha, na gaolta go léir atá ag caoineadh anois. Daoine fós a maríodh mar gheall ar a bhféiniúlacht, a reiligiúin. Rud pearsanta é sin, agud b’fhéidir go bhfuil tú buíoch as an bhfreagairt atá ag muintir an Oileáin lathghlas seo. Ach ag an am chéanna, b’fhéidir go mbeifeá sásta as mo reiligiúin, mar nach dtuigim gach rud, nílim chomh buartha is a bhí tusa, an bhfuil? Ach Zlatan, ciallaíonn sin rud éigin atá óirge, baineann sin le saoirse agus suaimhneas, i mo mheon ró-dhearfach.

‘Is dóigh liom gur mhaitseáil sé an scáth fearthainne le bróga a chara’

- Frøya Mostue-Thomas

Le Selma Ćatibušić

Tuathal Eagrán a Trí 21

Ar Bharr Bhinn Éadair

Is chuig Binn Éadair a chinneamar dul, Chun siúlóid a dhéanamh, mar a rinneadh fadó.

Do bhímis tógtha le siúlóidí eachtrúla.

Timpeall na háite, i rith ár n-ama shaoir.

Comhrá is craic a baineadh astu, Chomh maith le h-athrú tírdhreacha.

Comhráite tábhachtacha a bhíodh againn fadó, Is mar sin a cruthaíodh ár bhfíorchairdeas.

Chomh láidir is atá sé go bhfuil siad fós agam. Is leo-san a bheartaíos dul go Binn Éadair.

Tháinig lá an turais a roghnaíomar, Ach níor tharla rud ar bith, tharla ceallú.

Níorbh fhéidir le duine páirt a ghlacadh, Dá bharr ceangaltais a bhí aige an lá sin.

Cuireadh moilliú dhá lae i bhfeidhm.

Is dócha nach féidir linn cruinniú a eagrú, Mar a bhímis in ann a eagrú fadó.

B'fhéidir gur saoirse chaillte í sin,

Cúram na haosachta i gcoinne seanshaoirse, Meá shuntasach an shaoil is ea an méid sin.

Do ghlacamar traein chun é a bhaint amach, An traen a d'úsaidfimis chun dul ar ollscoil, Ach inniubh, is dár son féin atáimid air.

Seirbhís Comaitéareachta is DART, Is iad nathracha uaine an iarnróid, A thugann siad daoine éagsúla leo, Is orthu a bhíomar in ann labhairt lena chéile, Nuacht áitiúil ó bhéal ár bpobail.

Ar chuala sibh sin? Ar insíos é sin daoibh? Is mar sin a chruthaíodh na naisc atá againn.

Tuathal Eagrán a Trí 22

I ndeireadh thiar thall, tháinig áit an aistir, Do shroicheamar an rinn tíre a bhí uainn,

I ndiaidh an lóin a bhí deacair a aimsiú

Dá bharr na praghasanna arda a bhí ann, Thosaigh ár ndreapadh go dtí an barr.

Dreapadh sách-éasca ab ea é,

Dosna hamaitéaraigh atá ionainn, ar a laghad.

Bhí scríbhinní ar charraigeacha an mhullaigh.

Naisc leis na daoine a chuaigh romhainn, An gné daonna atá i ngach rud.

I ndiadh ár scíthe ar mhullach na binne, Do thosaíomar dul síos ón gcnoc creagach, Agus tháinig tús an tráthnóna agus a sholas.

Luí na gréine ag lasadh an dúlra álainn.

An solas oráiste i measc na nduilleog glas.

Is ag lasadh na gcrann a bhí solas na gréine.

Mar a lasadh an comhluadar a bhí eadrainn.

Murab ionann is an lá a bhí ag críochnú, Is beo bríomhar atá an cairdeas atá eadrainn.

Ba chóir dúinn siúl i bhfad níos minice.

Le Pól Ó hÍomhair

Tuathal Eagrán a Trí 23

Margaret Kennedy

1948-1991

Nuair a raibh mé níos óga

Chuirfinn ceist ar m’athair

Cur síos a dhéanamh uirthi

“A athair, a athair, tóg amach an pictiúr!”

Théadh sé suas staighre

Agus thógadh sé an seanphictiúr amach as an gcófra salach

Ise agus a teaghlach

Ag suí timpeall an bhoird

Óg ach níos sine

Gruaig ghearr chatach

Bean ard tanaí le lámha beaga bána

Leicne óga móra agus súile beaga bídeacha

Gan locht nó roc ar a héadan

Agus ní bheadh go deo

Fanann an pictiúr reoite in am

An t-aon rud á choimead í beo

Na méara fada noctha agus lámha boga

Timpeall a hathar

I dtreo an chaemara

I mo threosa

Ar feadh bliana is fichead

B’é an pictiúr sin an t-aon aithne a bhí agam uirthi

Ach ar maidin d’éirigh mé

Ar nós gnáthlá eile

Sheas mé os comhair an scátháin

Agus ise a bhí ag breathnú ar ais orm

Le Alanah Ní Chinéide

‘Cosán

- Tara Ní Bhroinn

Tuathal Eagrán a Trí 25
Cuarach Uaine’
26
Tuathal Eagrán a Trí Eagrán a Dó
30
Tuathal

‘Slán leis an gCarraigín’ - Aodhán Ó Mhurchú

Crá

Níl a fhios agam conas slán a fhágáil.

Conas gur féidir liom an chaibidil seo a dhúnadh?

Níl a fhios agam an dteastaíonn uaim imeacht, fiú.

Ach ní bheadh a fhios agam conas go bhfanfainn.

Is rud guagach é an saol.

Stánann sé siar ort ón uisce.

Rianaím imlíne mo chorp sa scáthán.

Ag cleachtadh mo shlán le mo chairde.

Níl a fhios agam conas slán a fhágáil.

Ní thiomáineann aon rud mé.

Lorgaím foirgnimh arda

Ólaim piontaí,

Níl a fhios agam conas slán a fhágáil.

Déanaim gáire

‘S déanaim iarracht bheith gáireach. Níl a fhios agam conas slán a fhágáil.

Cuimhním.

Ag tarraint anáil isteach.

Gortaíonn sé.

Níl a fhios agam conas slán a fhágáil.

Fanaim le freagraí

Féachaim agus breathnaím

Táim ag brionglóid

Níl a fhios agam conLe

Contráth Mac Buideach

Tuathal Eagrán a Trí 27
28
32
Tuathal Eagrán a Trí Eagrán a Dó Tuathal
‘Péint,péint,nó Báisteach’ - AliceWeaver

Botúin Gramadaí

Is liomsa mo theanga

Is cuma faoi bhotúin ghramadaí (Ní cuma, teanglann.ie)

Níl aon ghá le rialacha anseo

i mo chóipleabhar

Sure, táim ag déanamh stáidéir ar an nGaeilge agus is fearr Gaeilge chruinn ná Gaeilge bhriste

Ach ag an am céanna; is fearr Gaeilge ná tada.

Dírím ar an aistriúchán, focail daoine eile atá níos fearr ná mise mar go bhfuil eagla an domhain orm, rud éigin mícheart a rá nó botún a dhéanamh

Ach tá fuil an chruthaithe ionam

Agus is liomsa mo theanga

Le Adam Dunbar

Ise, an Dealán Dé

Tá beocht le braith uaithi, tagann draíocht óna béal, Caoineann sí ag machnamh ar áilleacht an tsaoil.

Sliseogín a chasann lena lámha san aer

Ag eitilt, súile lasta le héigríoch na spéire.

Gearrchaile craiceáilte i ndiaidh na gealaí láine, Á chanadh, gan fhios di féin, faoi phangur bán.

Ní fheadar cá himíonn a hintinn ar strae, faraor, Óna síbhruíon inmheánach scapann sí meidhir.

Mada gaoithe mánla í ag eascairt ón gceo.

Gluaiseann sí go héasca, dealán Dé, gan stró.

Le Meadhbh Ní Cheallacháin

Tuathal Eagrán a Trí 29

‘Cé

Lobhadh na hIntinne

Bhí crónán na fluaraiseacha le cloisteáil nuair a chuaigh Fiadh isteach sa seomra feithimh. Bhí na soilse ag caochadh fad is a bhí siad ag seabhrán. Bhuail boladh na háite í díreach, mhothaigh sé cé chomh steirilithe is a bholaidh sé. An boladh lom ag líonadh a chuasa, camhraithe. Thosaigh suíomh ag cruthú é fhéin ina cheann, na soilse plúctach, an boladh plúctach - íomhá garbh ag scríobadh a inchinn. Idir na soilse a bheith ar foluain, an boladh mífháiltiúil agus na mballaí dallraitheach bána, phreab a phutóga chomh láidir le rithim a chroí.

Shiúl sí suas go dtí an oifig fáilte, a céimeanna lán le macalla ina cheann. Sula raibh sí ábalta haigh a rá, ghearr an fáilteoir thar a smaointe. “Ainm”. “Fiadh Ní Cheallacháin”. Thosaigh an rúnaí ag clóscríobh agus thosaigh Fiadh ag útamáil lena lámha faoin deasc fáilteach. “Dáta breithe”. “An 21ú de mí Dheireadh Fómhair, naoi déag nócha hocht. Nó. Nócha naoi. Naoi déag nócha naoi”. Ghearr an íomhá garbh tríd a smaointe. D’fhéach an rúnaí suas óna scáileáin don chéad uair chun súil a chaitheamh ar an gcailín a bhí os comhair an deasc. Bhí a súile ar a lámha, agus a corp ag luascadh ó thaobh go taobh. “Is féidir leat suíochán a thógáil más mian leat, ní bheidh sé ach tamaillín beag”. Thug Fiadh meangadh gáire beag don bhean agus thóg sí an suíochán is giorra di.

Cnapánach, garbh agus míchompordach. Bog Fiadh timpeall sa suíochán go míshuaimhneach. Baineadh díoscán as an suíochán cibé slí ina shuí sí, is rímhaith a bhí a fhios aici an fuaim a bhí ag teacht as éadach an cathaoir. Chur an hipearaireachtáil seo as di go minic. Beagnach an t-am ar fad. Beagnach. Ag greadadh a mhéara in am leis an clog a bhí ag bualadh

ar an mballa, planc, pla-planc, bhí adhmaid greanach an taca sciathán le mhothú faoi barra a méara. Thosaigh an scríobadh sin, a méara ag comhtháthú leis an adhmaid, ag cur as di. Níos mó ná a bhí torann an chlog ag cur isteach uirthi. Lean sí ar aghaidh ar aon caoi. Planc, pla-planc. Luígh sí siar sa chathaoir, a droim cothram leis. Bhí pian ina ceann, bhailigh na torainn go léir le chéile chun torann ar leith a chruthú. Ag bualadh agus ag bualadh in am leis an chlog. Planc, plaplanc

“Fiadh Ní Cheallacháin?”. D’ardaigh sí a ceann agus bhreathnaigh sí ar chruth fisiciúil an ghuth. Fear ard agus tanaí a bhí roimpi. D’fhéach sé timpeall an seomra ar nós go raibh sé lán. Fiadh a bhí ann ina n-aonar. D’amharc sé timpeall arís ag gliúcaíocht, ar nós gur chaill sé amach ar duine éigin eile ag fanacht. Chorraigh sí í féin chun bogadh, a méara ag luascadh in am lena cheann. Bhuail a chosa an t-urlár ag amanna beagán difriúil, bhí drithlíní cuirthe lena droim agus í ag súil i dtreo an fear. D’fhéach sé uirthi, a shúile fós ag gliúcaíocht. “An treo seo, le do thoil” agus le sin chas sé agus bhí sé imithe síos an halla. Halla breá fhada, lán le na soilse fluaraiseach. Ag caochadh.

Bhí oifig an dhochtúir lasta díreach mar a bhí an seomra feithimh. As cor. Scaip teann corraíola trína chollain, chuir sé tochas ina corp agus tháinig allas uirthi go gasta. Bhreathnaigh sí timpeall an seomra, na soilse ag cur as a súile go mór mór. Chaoch sí a súile cúpla uair, le deacracht, de bharr an solas marfach. Ní raibh sí in ann filleadh ar ais dí féin, chun imigh go chró a n-intinne. B’fhéidir sin an fáth leis na soilse a smaoinigh sí di féin. Bhí sí greamaithe i láthair.

Eve Nic an Phápa

Tuathal Eagrán a Trí 31
Le
32
Tuathal Eagrán a Trí

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.