Tuathal - Eagrán a Dó - 23/24

Page 1

Eagrán a Dó

Litir ón Eagarthóir

A léitheoir,

Tá áthas orm Tuathal a chuir os bhur gcomhair don dárna uair i mbliana. Tá meascán álainn d’ailt agus d’fhilíocht le léamh laistigh ar réimse téamaí. San áireamh, tá scéalta a tharla ón uair deireanach go raibheamar a labhairt, ach freisin tá cuimhní cinn den saol caite.

Inár gcoláiste fhéin, tháinig nuacht mhór chun cinn le déanaí de bharr sáriarrachtaí Pádraig Mac Brádaigh, Oifigeach Gaeilge le AMLCT (TCDSU). Cuirfear ceist san athbhliain os comhair chuile ball den choláiste - An ndéanfar ról lánaimseartha den Oifigeach Gaeilge. Cuireadh tríd fóram agus comhairle an Aontais le déanaí an rún le neart dícheallach, agus céim chun cinn ollmhór a mbeadh ann do stádas na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide dá n-éireodh leis san athbhliain.

Is áit míshocair í an Domhan inniu. Easaontú agus troid ná téamaí an lae. Tá géarchéim dhaonnúil le feiscint in Gaza faoi láthair, agus ar fud an Domhain tá daoine bochta eile faoi chois géarleantóir éigin. Bíonn gach duine ag iarraidh cúnamh a thabhairt nó tacaíocht a thaispeáint, agus le cabhair na hidirlíne, tá sé níos fuirist ná a bhí sé riamh chun pingin a sheoladh gon Úcráin, an Phalaistín, nó thar lear. Tá laochraí inár measc, freisin, cosúil leis na cailíní i bhfeighil ar Tionscadal Filíochta na Palaistíne, atá ag cruthú agus ag díol cártaí poist chun airgid a bhailiú le seoladh go Gaza. Tá na céadta mílte euro de chúnamh cheana féin seolta ag daoine cosúil liom fhéin nó tú fhéin, a léitheoir, gon Phalaistín, agus ní stopfar ansin é. Ar deireadh, leagfaidh neart na cineáltas síos fallaí na héagóra, ach roimhe sin tá ceist le cur gach rialtas domhanda - cá mbeidh an todhchaí le feiscint? Sna daoine, cinnte, ach amháin nuair a thuigeann an Domhan gur daoine muid cách, daoine atá cosúil lena chéile, mar a scríobhann Órlaith Ní Mhíacháin laistigh.

Tá mé ag súil go mbaineann sibh ana-thaitneamh as an eagrán seo. Cinnte, thaitin sé liom é a chur le chéile daoibh!

Fachtna Mac Conghail

Oifigeach Foilseacháin an Chumann Gaelaigh

Tuathal Eagrán a Dó 2

Tuathal

Leathanach

2. Litir ón Eagarthóir

4. Nuacht ó Oifig na Gaeilge

5. An Coláiste is Áille - An Cumann Gaelach ag an t-Oireachtas

6. Díospóireachtology— Aoife Ní Mhainnín

8. Dún na nGall: Ceann de na Réigiún is fearr ar Domhan?

- Rónán Ó hEigeartaigh

10. Cad é an Craic le Jailbreak?- Selma Catibusic

14. Coláiste na gCócairí - Ruairí Goodwin

17. Ealaín mar Theanga Nasctha: Sliocht ón Phalaistín

- Kerry O’Sullivan, Órlaith Ní Mhíacháin, Sarah Rooney

22. An Ghaeilge sna Meáin - Aoibhinn Mitchell Walsh

Tuathal Eagrán a Dó 3
Clár
Na hEalaíona Leathanach Cumhach - Hannah Nic Eindrí 24. Giall na Leisce - Éle Ní Chonbhuí 25. Fi-leadh - Holly Wolohan 25. Féileacán- Tara Ní Bhroinn 27. An Aisling Shíoraí - Alanah Ní Chinnéide 29. Nílim Cinnte - Selma Catibusic 31. Suantraí an tSiúlóra- Árón Stiofán Ó Conaill 33. Gach Dath Glas Eadrainn- Dusk Mac Buideach 35.
Instagram @cumanngaelachtcd Facebook @Cumann Gaelach X @CumannGaelach Clúdach tógtha ag Aodhán Ó Mhurchú Cúl deartha ag Kerry
O’Sullivan

Nuacht ó

Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide.

Oíche Chultúir

Reáchtáladh trí thuras treoraithe de champas na hollscoile le haghaidh Oíche Chultúir. Rinne mic léinn na Scéime Chónaithe obair iontach ag ullmhú agus ag treorú na dturas. Deis iontach a bhí ann stair Choláiste na Tríonóide, mar aon le saol an mhic léinn sa lá atá inniu ann, a léiriú don phobal trí mheán na Gaeilge.

Seomra na Gaeilge

Bíonn Seomra na Gaeilge ar oscailt ó 9.00am-5.00pm Luan-Déardaoin agus ó 9am-3pm Dé hAoine. Tá fáilte roimh chách é a úsáid agus an Ghaeilge a labhairt nó a chleachtadh ann. Cuirtear soláistí tae agus caife ar fáil sa Seomra agus tá micreathonn ann freisin. Iarrtar ort €0.20 a chur sa bhosca airgid gorm ar an gcuntar don tae/caife. Tá sé tábhachtach glanadh suas i do dhiaidh!

Ciorcal comhrá

Bíonn ciorcal comhrá ar siúl gach Céadaoin sa Bhutrach (The Buttery) ó 10.30am 12.00pm. Bíonn mic léinn, baill foirne agus muintir an phobail i láthair. Fáilte roimh chách.

Éigse na Tríonóide 12-16 Feabhra 2024

Cuir nóta sa dialann anois d’Éigse na Tríonóide 2024. Is ionann Éigse na Tríonóide agus féile Ghaeilge Choláiste na Tríonóide. Déanann Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn reáchtáil uirthi i gcomhar leis an gCumann Gaelach agus le hOifig na Gaeilge. Beidh seachtain iomlán imeachtaí i gceist agus iarraimid ort a bheith linn agus tacú leis na himeachtaí! Beidh gach eolas faoin Éigse le fáil ar mheáin shóisialta Aontas na Mac Léinn (gaeilge_amlct.tcdsu), an Chumainn Ghaelaigh (@CumannGaelachTCD), agus Oifig na Gaeilge (@GaeloifigTCD) níos cóngaraí don dáta.

An Scéim Cónaithe 2023-24

Osclóidh an próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na bliana acadúla 2024-25 i mí an Mhárta/Aibreáin 2024. Lóistín lán-Ghaeilge ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide atá i gceist leis an Scéim Cónaithe, agus eagraíonn na mic léinn inti imeachtaí i rith na bliana ag cur na teanga chun cinn. Bíonn na gnáth-chostais lóistín i gceist ach cuirtear deontas €1,000 in aghaidh an mhic léinn ar fáil. Beidh fáilte roimh aon mhac léinn fochéime lánaimseartha iarratas a dhéanamh ar an Scéim Cónaithe; ní gá a bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge.

Tuathal Eagrán a Dó 4

Ranganna Gaeilge

Cuirfidh Oifig na Gaeilge cúrsaí Gaeilge saor in aisce ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne i dTéarma na Féile Bríde. Ofrálfar cúrsa 8 seachtaine ó leibhéal tosaitheora go dtí an meánleibhéal. Coimeád súil ar do sheoladh ríomhphoist TCD i lár mhí Eanáir le haghaidh fógra faoi na ranganna.

Teastas Eorpach na Gaeilge

Cuireann Oifig na Gaeilge tacaíocht ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn a bhfuil spéis acu cáilíocht TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) a bhaint amach. Tá na scrúduithe seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Is féidir scrúdú a dhéanamh ag aon leibhéal, ón mbonnleibhéal (A1) go dtí an t-ardleibhéal (C1). Is féidir scrúdú cainte (páirtchreidiúint) nó scrúdú iomlán (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht, scrúdú cainte – lánchreidiúint) a dhéanamh. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Sonraí Teagmhála Oifig na Gaeilge

Áine Ní Shúilleabháin

Oifig na Gaeilge, an Séipéal Thiar, Coláiste na Tríonóide gaeloifig@tcd.ie, www.tcd.ie/gaeloifig Facebook/Twitter/Instagram: @GaeloifigTCD

Tuathal Eagrán a Dó 5
An Coláiste is áille (dar leis an t-Oireachtas)!!!

Díospóireachtology

Le Aoife

CLÉ-DEAS: Aoife, Aaron agus Gráinne le corn Gael Linn

Achathaoirligh, a mholtóirí, agus a lucht an fhreasúra… is mar seo a thosaíonn gach óráid áititheach, éifeachtach, spreagúil. Muna raibh sibh linn ag Oireachtas na Samhna, is iomaí rud a chaill sibh amach air, ach buaicphointe an deireadh seachtaine sin domsa ab ea Craobhchomórtas Díospóireachta na hÉireann, maoinithe ag GaelLinn.

Dóibh siúd nach bhfuil cur amach acu ar an gcomórtas seo, téann foirneacha de bheirt ó ollscoileanna ar fud na hÉireann san iomaíocht chun corn díospóireachta na heagraíochta GhaelLinn a bhuachaint. Reachtáiltear réamhbhabhtaí chun an ceithre fhoireann is fearr a aimsiú agus ar aghaidh chuig an gcraobhchomórtas ag Oireachtas na Samhna leo.

Mar Oifigeach Díospóireachta an Chumainn Ghaelaigh, bhí tábhacht faoi leith ag baint leis an gcomórtas seo dom. Sheas Aaron Ó Conaill agus Gráinne Ní Ailín ar son Choláiste na Tríonóide. Ghlac siad páirt sa réamhbhabhta i

mí Dheireadh Fómhair agus caithfidh mé a rá gurbh iadsan an fhoireann ba láidre ag an am. Le slua bailithe i Seomra na Gaeilge, an rún “Ba cheart go mbeadh caoga faoin gcéad den chéad Dáil eile mar mhná” a pléadh. Bhí orthu troid i gcoinne an rúin, taobh deacair dar ndóigh. D’éirigh go hiontach leo áfach, cur i láthair láidir, eolach a bhí acu beirt, agus cuireadh ar aghaidh chuig Craobhchomórtas na hÉireann iad.

Agus mé ag obair le hAaron agus le Gráinne na seachtainí roimh an Oireachtas, iad ag déanamh taighde, ag scríobh na n-óráidí, ‘s ag cleachtadh go dian, ba léir dom go raibh an scil acu dul san iomaíocht ach fós féin baineadh stangadh bródúil asam nuair a fógraíodh na torthaí. Níor chóir

Gráinne Ní Ailín i mbun díospóireacht ag an t-Oireachtas

dom an toradh a sceitheadh anois áfach –gheobhaidh sibh amach nuair a chríochnaíonn sibh an alt seo...

Dé Sathairn, an ceathrú lá de mhí na Samhna 2023. Lá stairiúil do Choláiste na Tríonóide dar liom. Shiúlamar isteach sa Bhálsheomra in Ostán an Gleneagle i gCill Áirne agus bhí an seomra dubh le daoine. Tháinig baill uilig an Chumainn Ghaelaigh chun tacú linn agus bhí atmaisféar den scoth ann. Leagadh an stáitse

Tuathal Eagrán a Dó 6

amach le bord do na cathaoirligh agus póidiam do na cainteoirí, solas breá geal ag lonrú anuas air. Shuigh an foireann ag an mbord os comhair an stáitse agus níorbh fhada gur cuireadh tús leis an ndíospóireacht. Mhaígh Cathaoirleach Tomás Ó Cadhla na rialacha agus an rún - “Tá an méadú ar dhaonra na hÉireann ar leas na tíre”)agus as go brách leo.

Cúigear moltóirí a bhí ann agus iad go léir ag éisteacht go géar leis an méid a bhí á rá ag gach ball. Labhair an chéad chainteoir ó Ollscoil na Gaillimhe ar dtús agus Ollscoil Mhá Nuad ina

Aaron ar an stáitse diaidh. Ansin ba le hAaron an t-urlár. Labhair sé go muiníneach, soléir, ag míniú na cúiseanna uilig gur ar leas na tíre atá an méadú sa dhaonra. D’fhreagair sé gach pointe eolais a cuireadh air ó na foirneacha eile, á sníomh isteach ina óráid go deas réidh, agus ní raibh ceachtar acu in ann é a chur as a bhuille! Tús maith, leath na hoibre a deirtear. Bhuel, b’óráid agus cur i láthair den chéad scoth a bhí aige agus ba léir chomh luath sin go rabhamar ar an mbóthar ceart. Labhair ball ó Choláiste Ollscoile Chorcaí ina dhiadh agus ansin ar aghaidh chuig an dara chainteoir ó ghach ollscoil a bhí sé. B’í Gráinne an dara chainteoir deireanach, agus suas chuici a bhí sé an chuid is mó de hargóintí na n-ollscoileanna eile a bhréagnú, rud a rinne sí go héifeachtach. Chuaigh sí i ngleic le hargóintí

na bhfoirneacha eile agus rinne sí fiú magadh sotalach de na moltóirí – áit ar phléasc an lucht féachana, na cathaoirligh agus na moltóirí féin amach ag gáire! Ní raibh an chrógacht ag ceachtar d’ár n-iomaitheoirí pointe eolais a chur ar Ghráinne agus thuirling sí den stáitse go gealgháireach.

Tar éis dúinn an cainteoir deireanach a chloisteáil, bhí sé in am do na moltóirí an bálsheomra a fhágaint agus léiriú na niomaitheoirí a mheas. Níorbh fhada a ghlac siad buíochas le Dia, mar bhíomar go léir ag tnúth go mór leis an dtoradh a chloisteáil. Tar éis cúpla focal molta a chur ar na foirneacha uilig, fógraíodh an dara háit d’Ollscoil na Gaillimhe... tá a fhios agaibh féin conas mar a bhraith mé ag an mbomaite seo. Idir sceitimíneach agus imníoch d’fhanamar reoite sna suíocháin, gan análú, go dtí gur fógraíodh... AN

CHÉAD ÁIT DO

CHOLÁISTE NA TRÍONÓIDE!! Bhí sé déanta againn, bhí chéad áit na hÉireann bainte amach againn! Phléasc bualadh bos agus gáir mholta ón lucht féachana agus sheas foireann na Tríonóide suas chun a nduais a ghlacadh. Bronnadh bonn óir an duine ar Aaron agus ar Ghráinne agus ghlac siad corn díospóireachta GhaelLinn go hard san aer.

Ba mhór an obair a chuir an foireann díospóireachta isteach thar na seachtainí roimh an díospóireacht agus fuair siad a ndíol de thoradh. Bua na hÉireann ag Coláiste na Tríonóide agus Seaimpíní na hÉireann anois iad Aaron agus Gráinne.

Tuathal Eagrán a Dó 7

Dún na nGall:

Ceann de na Réigiúin is fearr ar Domhan?

Céard iad na réigiúin is fearr ar domhan, dar leat? Is ceist chasta é sin, mar gheall ar an oiread áiteanna áille timpeall an domhain, tuigim sin. Is dócha go bhfuil áiteanna cosúil le Westfjords (an Íoslainn), Na Mánna Salainn (an Bholaive) agus Tuaisceart na hÉigipte ar do liosta. Ach, a dhuine, an cheist is tábhachtaí: an gcuirfeá réigiún d’Éirinn ar an liosta sin? Mura gcuirfeá, mo thrua thú, mar rinne suíomh gréasáin díreach an rud sin!

Is suíomh taistil é Lonely Planet a chabhraíonn le daoine áilleacht an tsaoil a fheiceáil. Chuile bhliain, foilsíonn sé alt, ar an suíomh, faoi na háiteanna is fearr ar domhan. Tugann sé ‘Best in Travel’ air agus tá cúig chatagóir ar leith ann:

Le Rónán Ó hÉigeartaigh

· Tíortha: Na deich dtír is fearr

· Réigiúin: Na deich réigiún is fearr

· Cathaireacha: Na deich gcathair is fearr

· Inbhuanaithe: Deich n-áit a dhéanann iarracht rudaí inbhuanaithe a chur i bhfeidhm

· Luach: Deich n-áit ar phraghas réasúnta a bhfuil neart craice ag baint leo

Ar an liosta ‘Best in Travel 2024’, cuirtear Dún na nGall sa gcatagóir ‘réigiúin’. Níos fearr ná sin, fuair Dún na nGall an ceathrú áit sa gcatagóir! Is é Dún na nGall an ceathrú réigiún is fearr ar domhan don bhliain 2024. Ní nach ionadh, i ndáiríre, tá a dhóthain imeachtaí, cultúrtha, craice is a léithéidí ag an gcontae, tuige nach mbeadh sé ar an liosta seo. Mura n-aontaíonn tú liom, a mhac, is dócha go bhfuil tú I Leitir Ceanainn. Imigh uaidh. Ní fheicfidh tú tada sa mbaile sin. Ní hé saol an

Tuathal Eagrán a Dó 8

cheathrú réigiúin is fearr é sin. Chomh maith leis an duais seo, is é blas Dhún na nGall an blas is gnéasúla in Éirinn chomh maith! Más as Dún na nGall thú, tá tú ar an taobh deisil den saol. Chuile dhuine eile, caithfidh muidne breathnú air seo in éad le muintir an chontae sin.

Ach cé atá ar an liosta seachas Dún na nGall? Bhuel, seo sampla de na réigiúin eile: Inis na gCangarúnna (Deisceart na hAstráile), an Tuscáin (an Iodáil), Deisceart na Téalainne, an Cósta Svahaílise (an Tansáin) agus Tuaisceart na hAlban. Ó thaobh na nilchríoch de, tá sé áit as na deich gcinn san Eoraip agus aon áit amháin sna hilchríocha a leanas: an Áise, an Astráil, Meiriceá Thuaidh agus an Aifric. D’fhéadfaí a rá go bhfuil an liosta claonta i leith na hEoraipe. Níor ainmníodh aon áit i Meiriceá Theas, rud is deacair liom a chreidiúint le bheith ionraic. Mar sin féin, ní mise a chum an liosta, ach céard a cheapann tusa faoin liosta? Is féidir an liosta iomlán a léamh ag: www.lonelyplanet.com

Is é a ghlacfas tú ón alt seo ná go bhfuil Dún na nGall ar cheann de na réigiúin is fearr ar domhan, agus níl Éire ar an liosta ar chor ar bith. Lá mór do pharóistí Dhún na nGall!

Tuathal Eagrán a Dó
Áilleacht Dhún na nGall
a Dó
Eagrán

Cad é an craic le Jailbreak

Sooooo , Jailbreak! Cad é? Cad a tharla an bhliain seo? Cén fáth go bhfuil sé fós tábhachtach tar éis 10 mbliana?

Chuala sibh ceart mé - 10 mbliana de Jailbreak (dochreidte nach bhfuil!!!) B’fhéidir go gcloiseann sibh faoin ócáid seo uair amháin nó dhá uair, nó b’fhéidir gach uair in a raibh tú ag caint liomsa, nó na striúitheóirí eile (Rishi De agus Finn Hallwood)!!!

Muna bhfuil sé ar eolais agat, is é Jailbreak rás (nó ócáid glantacháin) a tharlaíonn gach bhliain!!! Chomh maith le sin, is é Jailbreak ócáid tiomsaithe airgid ollmhór don SVP agus Amnesty International! Bhí Jailbreak ar siúil an bhliain seo as an 28ú Deireadh

? Le

Selma Catibusic

Fómhair go dtí an 30ú Deireadh Fómhair.

Oibríonn sé mar sin: Bíonn tú i bhfoireann le duine amháin eile, b’fhéidir cara, nó strainséir, is cuma linn agus chun páirt a ghlacadh sa rás bailigh tú €300 (€150 an duine) roimh an spriocdháta agus sin é!!! Tar éis sin, beidh tú sa rás!!!

Brón orm… chur mé scéitimíní oraibh nach bhfuil? Ar an nóis is é Jailbreak taithí iontach a dhéanamh sa chóláiste agus is deis iontach é páirt a ghlacadh de cúpla sochaí charthanaigh atá againn i gColáiste na Tríonóide (ar ndóigh, VDP & Du Amnesty). An bhliain seo bhaileomar €10,000 a bheith roinnte idir SVP agus Amnesty International.

Anois an craic, an tae, an ‘scúp’ as bhur striúitheóir.

Thosaigh muid ag eagrú Jailbreak i gcríoch Bealtaine an bhliain seo, agus ní raibh sé éasca ar bith. Bhí cuspóir móir againn, agus mar sin tháinig a lán obair leis. Bhí an cuspóir is mó againn,

Tuathal Eagrán a Dó 10
Na
buaiteoirí: Anna & Louise

Jailbreak a chuir ar ais san Eoraip! Agus rinneamar é, tar éis a lán cruinnithe l’athárachas Coláiste na Tríonóide, Roinn Gnóthaí Echtranacha, agus leis an gcoiste Jailbreak ar ndóigh. Tar éis na háirithintí don GMB, Caisleán BÁC agus cúpla rudaí eile bhíomar réigh ár phleán a thaispeáint do mhic léinn i gColáiste na Tríonóide.

Ansin, bhí gach rud réidh don deireadh seachtaine dochreidte!!! Agus an seachtain roimh an rás fuaireamar amach (bhur striúitheóirí), ní raibh mórán de na dúshláin scríofta, go raibh mhíle maith ag ár bpríomhlorgaire as a obair dhian (táim ábalta é a magadh níl aon Gaeilge aige)!!!! Cúpla lá gan coladh, agus comhrá le Rishi, Finn, agus ár bhfoireann lorgaire ag a 4 chlog ar maidin agus tar éis sin bhíomar tuirseach traochta ach réidh don Jailbreak!!!!

NÓTA

Ní raibh an phríomhlorgaire san GMB ag an ndeireadh seachtaine nuair a raibh muid ag déanamh an lorgaireacht. Tá mise agus Rishi fós ‘fuming’.

Ach ar ais ar an scéal, rinne mé agallamh le n-ár bhfoirne (chuir mé ceist amháin orthu) agus seo iad na tuairimí is tabhachtaí as Jailbreak

“Taithí uathúil, iontach, agus aisteach”

- Louise Kenny (ceann de buaiteoirí Jailbreak 2023)

“Craiceáilte ach sásúil. Is scéim seafóideach é Jailbreak go mbeadh mic léinn ollscoile amháin in ann a eagrú agus páirt a ghlacadh ann”

- Méabh Scahill (Scoláire)

“Bhí sé trína chéile, lán le easpa codlata agus le radhairc álainn”

- Naoimi Adenji

“Tuirseach, iontach, agus strusmhar”

- Yash Balasuramanium

“Uathúil, gliodrach, agus tuirsiúil”

- Rory Lyons (cailliúnaí)

“Sin an-aisteach, cén fáth go bhfuil sibh ag eagrú ocáid comh dainséarach? Ach, ‘ya-know’ tá sé iontach de na carchantais”

- Mo Mhamo (laoch)

Tuathal Eagrán a Dó 11
Gáire sa GMB (d’fhág sin tar éis an chéad lá)
:

Buaicphointí Jailbreak le Selma (arís)

1. An Glórphost as Anna agus

Louise i bPáras.

Áit: Páras

Am: 4.07 i.n. - Lá 2

Bhí Anna agus Louise ag míniú go raibh siad buartha faoin bhus chuig an lóistín a bhí acu don oíche, agus lena n-eitilt freisin. Ag míniú agus ag míniú, thosaigh muid ag éirí tuirseach leis an scéal, i ndáiríre. Go tobann (mar a dheirtear sna aiste as an Teastas Sóisearach), chualamar timpiste carr in a nglórphost!!

SCAOLL SA GMB…. ach lean na cailíní ag míniú a bhfadhb leis an lóistín, gan cúram ar bith ar an dtimpiste i bPáras.

2. An fearr ar an mbáirse le Yash agus Cathal i mBirmingham.

Áit: Canáil i mBirmingham

Am: 9.26 r.n - Lá 2

Ní raibh foireann ar bith ag déanamh dúshlán ar bith. Bhí leadrán orm agus ar bhur stiúrthóirí eile (seachas Finn, ceapaim go raibh sé ina chodladh nó rud éigin). Ach, thosaigh Yash agus Cathal ag déanamh a ndícheall i mBirmingham. Nuair a chualamar an scéal uathu, bhíomar antógtha lena ngliceacht.

An Dúshlán: Téigh ar báirse na canála ar feadh 5 noiméid.

Fir na Fuaiste!! Cash agus Cathal i mBirmingham

Chaith na buachaillí fíche noiméid, ceapaim, go dtí gur bhuail siad le fear a bhí ag díol faoiste as a bháirse!! Bhí scéalta iontacha aige faoi a shaol agus a ghaolta Éireannacha. Is dóigh liom go ndúirt sé go bhfuil siad in Óglaigh na hÉireann, ach b’fhéidir gur rún é sin. Bhí saol craiceáilte ag an bhfear seo agus fuair na buachaillí ceacht mór ar Birmingham uaidh!

3. An bealach traein go dtí Frankfurt a bhí ag Matthew agus Vass.

Áit: Traein ar an tslí go Frankfurt

Am: 4:43 i.n - Lá Deireanach

Fuair Rishi glaoch as Matthew agus Vass nuair a raibh siad sa Ghearmáin. Dúirt siad nach raibh an traein ag bogadh. Chomh maith, ní raibh siad cinnte den chúis nach raibh sé ag bogadh mar nach raibh Gearmáinis acu. Ansin, chríochamar an glaoch agus bhí sé orthu glaoch a chur ar an staisiúin traein agus iarracht a dhéanamh teagmháil a fháil as éinne san aerfort freisin. Bhíomar faoi bhrú, nuair a fuair muid glórphost as Matthew agus Vass. Bhí an traein ag bogadh anois, ach aimsigh siad cad a bhí an fadhb. Dúirt duine a oibríonn ar an traein go raibh buama as an Dara Cogadh Domhanda ar na raillí traeinach. Áfach, leis an am nuair a bhí siad stadta rinne siad físeán l’aisteoireacht dochreidte…. ATHCHRÚTHÚ CÁCA MILIS. Bhí sé go hiomlán as Gaeilge, bualadh bos de Vass is dócha go bhfuil tú líofa anois (Tá Vass as an t-Iodáil, ní raibh eolais uirthi faoi Cáca Milis roimh Jailbreak). I ndeireadh an lae, bhí an foireann seo sábhailte agus tháinig siad abhaile ceart go leor, ach beagnach thóg siad taom croí do Rishi.

Tuathal Eagrán a Dó 12

4. An glaoch ó Rory agus Méabh ar an lá deireanach.

Áit: Áit éigin idir Rotterdam agus Amsterdam (Mise, ar ndóigh sa GMB)

Am: 2.26 i.n - Lá Deireanach

Roimh an scéal ba mhaith liom a rá go bhfuil mé cairdiúil le Rory, i ndáiríre, ach is maith leis bheith ag cur isteach orm.

Bhí Rory agus Méabh in Aerfort Amsterdam, tar éis a gcéad eitilt a chailliúint. Bhí siad sa tóir ar eitilt eile ar an lá céanna, mar gur an lá deireanach de Jailbreak a bhí ann. Ar ndóigh bhí an costas an-ard agus ní raibh siad cinnte go mbeadh siad ábalta dul abhaile. Chuir mé glaoch ar Rory, mar táim ró-mhall le mo téacsanna, agus thosaigh muid ag caint ar na roghanna a bhí acu. Shocraigh Rory go mbeadh sé ceart go leor Méabh a sheoladh abhaile agus go bhfanfadh sé san Amsterdam. Bhí mise ag gearráin faoi a smaointe, ach ar an dea-uair, ní raibh sé i ndáiríre agus tháinig siad abhaile le chéile agus go sábháilte.

5. Cailleadh Sonóg Andrew agus

Joseph.

Áit: Aerfort Baile Átha Cliath

Am: 6.29 i.n - Lá 1

An chéad lá Jailbreak, bhí Andrew agus Joseph ag dul as Baile Átha Cliath go dtí Páras. An lá ar fad bhí sonóg gleoite ag na mbuachaillí, gráinneog dárbh ainm Roger. Bhí siad ag dul tríd slándáil an aerfoirt nuair a ghoid an lucht slándála Roger!!! Gráinneog bocht! Ar ndóigh ní raibh sin fadhb mór agus caithfidh mé a rá nach bhfuil iontas orm faoi sin, mar is stop dorais é Roger. Ach fós cailleadh mór i dtús an rás. D’éirigh rudaí níos measa nuair a shocraigh na buachaillí go bhfuil sé ceart go leor stoca a úsáid mar sonóg. Táim fós ag smaoineamh faoin gráinneog bocht Roger, fágadh ach in ár gcuimhne anois.

Mise i ndiaidh troid le Rory nuair a bhí siad caillte.

Bhuel, sin é an craic as Jailbreak, bhí sé ar fheabhas!! Míle buíochas do na foirne, na lorgairí, agus ar ndóigh go Rishi agus Finn - Is laochra sibh agus le bhur n-oibre bhíomar ábalta an ócáid a eagrú!! Freisin, buíochas mór le gach duine a sheol euro nó aon tacaíocht ar bith chugainn, tá sé an-tábhachtach dúinn!

-

Selma /Sleema / Sleem / Smelly (mar a dheireann na foirne Jailbreak anois, go raibh maith agat Rishi)

Tuathal Eagrán a Dó 13

Mac

Briain) ‘s Cáis

Coláiste na gCócairí

Le Ruairí Goodwin

Bairín Breac

Tuathal Eagrán a Dó 14

Mac (Ó Briain) ’s Cáis

Is leagan éagsúil é seo den béile tipiciúl ‘Mac ‘s Cáis’. Chum mé an oideas oíche amháin is mé ag lorg béile deas a bhí níos suimiúl ná pasta le cáis amháin, is cad a bhí sa cuisneoir agam ach ispín chorizo is cainneann. Chuireann an cainneann blas álainn leis agus is féidir ligeadh ort gur béile sláintiúil é, mar go bhfuil glasra ann anois! Bí cinnte le ispín chorizo a fháil is ní slisíní réamh-gearrtha.

Céimeanna

1. Réamhthéigh an oigheann go 180 céim.

2. Bruith pota mór d’uisce is cuir i ndóthain salann ann go mbeidh blas an farraige ar. Chuir isteach an pasta is cócair go dtí go bhfuil sé al dente, timpeall 11 nóimead.

3. Le linn de ag tarlú, téigh friochtán is frioch na slisíní cainneann go dtí go bhfuil siad bog. Cuir isteach an chorizo is lig dó friochadh ar feadh dhá nóiméad eile.

4. Téigh pota eile is cuir isteach an plúr is and im. Cócair le chéile iad go dtí go bhfuil dath fionn ar. ‘Roux’ a gléatar ar seo, mar a tharlaíonn is leasainm dom féin é roux comh maith.

5. Giota ar giota, doirt an bainne isteach sa roux, ag meascadh an am ar fad le greadtóir, go dtí go bhfuil an bainne ar fad isteach is tá an anlann mín. Cócair seo ar feadh dhá nóiméad eile.

6.Grátáil an cáis is cuir an tromlach dó isteach san anlann, comh maith leis an chorizo is cainneann.

Comhábhair

• 500g pasta macaroni

• 100g de chorizo, gearrtha i slisíní ar méid bonn €1

• 1 cainneann beag, slisnithe

• 50g de plúr bán

• 50g d’im

• 500ml de bainne

• 500g de cáis- Mozzarella agus cheddar de gnáth, ach bheadh gruyère nó gouda iontach má tá cúpla pinginí sa bhreis agat

• Salann is piobar

7. Síothlaigh an pasta is measc isteach san anlann é. Doirt isteach i mias bhácála é ar fad is scaip an cáis sa breis ar barr

8. Cócair san oigheann é go dtí go bhfuildath deas donn ar barr, thar ar 15 nóiméad.

Tuathal Eagrán a Dó 15

Bairín Breac

Cé go bhfuil Oíche Shamhna tagtha is imithe, is féidir fós an oideas iontach seo a réitiú. Ithfinn féin é ag aon am den bliain. An comhábhar speisialta san leagan seo dó ná an sinsear criostalaithe, comh fada is a fhaigheann tú piosa de, ní bheidh tú brónach nach bhfuair tú an fáinne agus nach pósfar riamh tú.

Comhábhair

• 175g plúr bán

• 50g plúr dhonn nó/agus min choirce

• 1 tsp sóid aráin

• 1 tsp púdar bácála

• 125g siúcra donn-gheal (agus cuid sa bhreis)

• 250ml tae

• 300g torthaí tirime- rísíní dubha agus buí, aibreoga, mónóga, silín srl.

• 50g sinsear criostalaithe

• 50g gallchnó

• 1 ubh

• 1 tsp spíosra measctha

• 1 fáinne (déanta as ábhar nach léafaidh san oigheann)

Bon Appetit! Bain Sult As!

- Ruairí, Oifigeach Cócaireachta an Chumann

Céimeanna

1. Cuir na torthaí ar maos sa tae go dtí go borrann siad (ar a laghad uair an cloig, thar oíche más féi

2. Réamhthéigh an oigheann go 170°C agus ullmhaí stán builín

3. Measc le chéile na comhábhar tirim i mbabhla

4. Cuir isteach an ubh, na torthaí, sinsear agus cnónna agus measc isteach

5. Doirt isteach roinnt den tae go mall, giota ar giota, go dtí go sroichtear an raimhre cheart (níos mó ná leath an tae)

6. Cuir an fuidreamh isteach sa stáin, cuir an fáinne i bhfolach ann, cuir rud beag siúcra breise ar barr agus cócair san oigheann é ar feadh aon uair an chloig

7. Nuair atá an am istigh, bain an stán ón oigheann is bain an báirín breac ón stán. Lig dó fuarú go teocht an seomra ansin clúdaigh le scragall stáin é. Mairfidh sé le fada mar seo.

8. Is maith liomsa slisíní de breac a tóstáil is im a cur orthu, ach tá daoine gur maith leo i slíthe difriúla é, le custard fiú!

Tuathal Eagrán a Dó 16

Ealaín mar theanga nasctha: Sliocht ón

Phalaistín

Ealaín le Kerry O’Sullivan

Alt le Órlaith Ní Mhíacháin

Aistriucháin le Sarah Rooney

Eagrán a Dó 17
Tuathal
Eagrán a Dó
18 18
Tuathal Eagrán a Dó Tuathal Eagrán a Dó

Nach Daoine Muid Cách?

- Órlaith Ní Mhíacháin

Nuair a bhí mé i mo chónaí i Jerusalem, smaoininn an t-am ar fad faoi na cait. Cónaíonn siad i ngach ceantar den chathair stairiúil (meastar go bhfuil thart ar 300,000 cait sa chathair) agus iad ag tarraingt aird na dturasóirí - Moslamaigh, Críostaithe, Giúdaigh agus aindiachaithe araon. Ar an drochuair, is iad na cait amháin a bhfuil cead acu taistil timpeall go saor.

Mar eolas, is cathair ársa í Jerusalem, dar ndóigh, atá comhdhéanta de dhá chuid: an seanchathair, nó ‘The Old City’ mar a deirtear as Béarla, agus an ceantar nua timpeall air.

I gcodanna áirithe den tseanchathair, tá ceantair teoranta ann, bunaithe ar chreideamh amháin. Tá sé seo intuigthe, mar is anseo atá an Ball Glaonna, Cruinneacháin na Carraige, Eaglais na hEaglaise

Naofa agus go leor eile. Fiú mura gcreideann tú i nDia, tá sé riachtanach meas a bheith agat orthu siúd a dhéanann, fiú mura gcreideann tú i nDia eile. An chuid is mó den am, níl aon bhacainní fisiceacha ann a chuireann cosc ort dul isteach i limistéar nó imeacht. Áfach, is minic go mbíonn riail

neamhscríofa ann a gcuireann i gcuimhne duit le fanacht uathu. Lasmuigh den chathair, sa Bhruach Thiar agus Gaza, agus freisin an tír féin, tá srian daingin ar ghluaiseacht do ghrúpaí áirithe de dhaoine. Níl an dochar seo bunaithe ar chreideamh, mar a áitíonn daoine áirithe. Dá rugadh Íosa i mBeithil inniu, bheadh air aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí simplí maorlathais

Iosrael chun taisteal go dtí na hEaglaisí in Iarúsailéim.

An chéad am a thug mé cuairt ar Bheithil, chonaic mé arís iad: na cait. Dochreidte. Na daoine ón mBeithil - Moslamaigh, Críostaithe agus aindiachaithe araon - ag streachailt leis an IDF agus na cait ag féachaint orthu. Éagsúil ó na cait sa tseanchathair, tá srian ar ghluaiseacht cait a rugadh sa Bhruach Thiar, ach amháin má tá siad in ann balla apartheid 8 méadar ar airde a dhreapadh (tá sé dhá oiread níos airde ná balla Bheirlín i gceantair

áirithe). Níl sé de nós agam clú a chuir ar na cait thuas - ni dhearna riamh é nuair a bhí mé i mo chónaí ann. Níor fhéach mé ar chat riamh ag fiosrú an raibh sé ina Phalaistíneach nó ina Iosraelach. Is cuma.

Níl i gcait ach cait. Agus níl i ndaoine ach daoine. Cé a thabharfaidh aird ar na cait i nGaza nuair a bheidh na Palaistínigh ar fad imithe?

Bunaíodh Tionscadal Fhilíochta na Palaistíne (The Palesinian Poetry Project) ag dlúthchairde a chaith seimeastar sa Iarúsailéim mar fhreagairt dhíreach ar an gcinedhíothú sa Gaza. Déantar na cártaí poist in Éirinn agus iad lámh-déanta. Cosnaíonn ceann amháin ar 3 euro, trí cinn ar 6 euro, nó is féidir na cártaí ar fad a cheannach le haghaidh 10 euro. Téann gach uile euro chuig an Palestine Red Crescent, agus iad ag tabhairt aire éigeandála agus cabhair ar an dtalamh le linn na géarchéime daonnúil seo. Míle buíochas.

Tuathal Eagrán a Dó 19
“Cárta Poist ó Bheithil”
20
Tuathal Eagrán a Dó Tuathal Eagrán a Dó

Críochnóidh an Cogadh

Críochnóidh an cogadh.

Croithfidh na ceannairí lámh lena chéile.

Fanfaidh an tseanbhean ag feitheamh ar a mac, é ina mhairtíreach.

Fanfaidh an cailín sin ar a fear céile ionúin, agus fanfaidh na páistí sin ar a n-athair cróga.

Níl fhios agam cé a dhíol ár dtír dhúchais.

Ach chonaic mé cé a d’íoc as.

Le Mahmoud Darwish

(Aistrithe go Gaeilge)

Tuathal Eagrán a Dó 21

An Ghaeilge sna Meáin

Le Aoibhinn Mitchell Walsh

Tá beagnach seasca faoin gcéad den daonra domhanda ar na meáin shóisialta i mbliana. Tá an bealach a dtagann muid ar eolas agus siamsaíocht athraithe go hiomlán ó ghlúin ár dtuismitheoirí. Tá na meáin ós ár gcomhair an-difriúil ó na meáin a bhí ag ár dtuistí no fiú na meáin a bhí timpeall orainn mar pháistí. Úsáidtear na seirbhísí sruthaithe agus ardáin cosúil le YouTube nó fiú TikTok níos mó anois ná an teilifís traidisiúnta. Ní rud diúltach é seo: tá daoine níos nasctha ar fud an domhain, tá níos mó acmhainní ar fáil agus tá na hábhair a ghlacaimid le ag forbairt agus ag aistriú an t-am ar fad.

Tá sé níos éasca an Ghaeilge a spreagadh sna meáin shóisialta, atá úsáidte ag níos mó ná nócha faoin gcéad de dhaonra na hÉireann, ná í a spreagadh ar cúpla cainéal teilifíse nach bhfeictear é muna bhfuil an Ghaeilge á lorg. Tá domhan nua de phodchraoltaí Gaeilge ag fás faoi topaicí éagsúla, cosúil le How To Gael, Motherfoclóir agus Pint O’Clock chun roinnt a ainmniú. Tá slua nua de ‘influencer’ Gaelach a n-úsáideann a n-ardán, go háirithe Instagram chun an saol a thaispeáint trí Ghaeilge. Tá gaelgeoirí cosúil le @miseciara a oibríonn sa Ghaeilge le comharghrúpaí ealaíne, filíocht, ceol agus focal labhartha a úsáideann a ardán chun an obair a dhéanann sí a chur chun cinn. Úsáideann @thegaeilgegal a hardán chun a saol i Sydney agus a suim i bhfaisean a thaispeáint i mbealach spraíúil trí Ghaeilge, gan (mar a deir a Instagram bio) an Modh Coinníollach a bhfoghlaim. Tá meascán de mhúinteoirí cosúil le @gaeilgelejane agus @muinteoirmeg agus cuntais ghrinn cosúil le @gaylgeoiri agus @meimeanna_cneasta. Tá spás ann do chách atá ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh ina mbealach féin ar líne.

Bhunaigh TG4 suíomh nua BLOC TG4 i 2021 agus anois tá lucht leanúna de bheagnach cúig mhíle dhéag ar Instagram agus cúig mhíle is fiche ar TikTok. Úsáideann siad meascán de físeáin anghearr, cuirtear an chuid is mó dó siúd ar TikTok agus Instagram agus bíonn na cinn níos faide atá thart ar deich nóiméad ar YouTube. Déanann siad meascán iontach de fhíseáin grinn, na treochtaí is déanaí, sraitheanna athfhillteacha, agallaimh agus

físeáin faoin ceol agus cultúr. Is tionscnamh mór é a ghlacann láithreoirí difriúla páirt ann agus bíonn físeanna difriúla suas gach lá. An difríocht ollmhór idir an dóigh a n-oibríonn BLOC TG4 agus cuntaisí eile ar líne ná is comharghrúpa atá ag déanamh na físeanna agus ag rith an suíomh. Is chomhthionscnamh é ag obair chun an Ghaeilge a spreagadh sna meáin i mbealach taitneamhach agus cruthaitheach. Is rud éadrom agus spraíúil é a thógann inspioráid ó na meáin éagsúla agus atá déanta ag daoine óga le haghaidh dhaoine óga.

Tá an cumann Trinity TV ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge mar pháirt mór den chumann agus go mbeadh tionscnamh agus físeáin éagsúla trí Ghaeilge mar pháirt do darbh ainm teilifís na trionóide. Ní stáisiún teilifíse é go hoifigiúil, úsáidtear YouTube agus Instagram mar ardáin den chuid is mó agus mar sin tá siad ag iarraidh go mbeadh meascán d’fhíseáin gearr agus sraitheanna níos faide cosúil le BLOC TG4. Má tá smaointe agat (Aifric reboot? Grá ar an Trá ar gcampas?), scileanna teicniúla agat nó fiú suim a bheith páirteach sa tionscnamh seo tá céad míle fáilte romhat Trinity TV a leanúint ar Instagram. Coimeád súil amach le haghaidh tionscnamh atá ag lorg Gaeilgeoirí ar an Instagram nó faigh i dteagmháil leo tú féin má tá smaoineamh práinneach agat. Is bealach spraíúil agus cruthaitheach é an Ghaeilge a spreagadh ar campas agus fiú mar bhealach chun bualadh le Gaeilgeoirí eile le leasanna comhchosúla.

Tuathal Eagrán a Dó 22

AodhánÓMhurchú

ÉleNíChonbhuí

CianDeignan

Na hEalaíona

Hannah Nic Eindrí

Dusk Mac Buideach

Holly Wolohan

Tara Ní Bhroinn

Alanah Ní Chinnéide

Selma Catibusic Árón Stiofán Ó Conaill

Eagrán a Dó 23
Tuathal
Eagrán a Dó Tuathal 23

Cumhach

Tá sé saghas brónach, nach bhfuil?

Is cinéal pian difriúil é

Ag trasnú na tonnta

Agus na gormshúileacha

Amuigh ar imeall na farraige

Ní bheidh tú imithe ach le haghaidh an saol

Ach níl sin saor, níl sin saor.

Marbhánta- sin an fhocail

Gan bheocht, gan bhrí

Cén fáth nach bhfuil aon spraoi?

Go domhain, go deo a mhaireann amárach

Agus scaip scamaill ag sraonadh

Na clocha ar crith le fearg

Imíonn an fhómhair agus tagann an geimhreadh

le spéir dearg

Leis an gaoth gan staonadh

Mé amuigh faoin bháisteach

Cé chomh fhada a mbeadh an t-earrach

Agus é ag leanúint mé

Níl sé saor, níl sé saor.

Le Hannah Nic Eindrí

Tuathal Eagrán a Dó 24

Giall na Leisce “Lean

ar aghaidh!”

Líne leath léite agam Lag

Luím an leabhar síos agusLabhraíonn an longaire liom

Leagan láithreach ag léim amach chugam ón lóchán Lámh-fholamh in airde

Lascadh á lorg

Lean ar aghaidh! Lean ar aghaidh!

(anagal anagal anagal)

Le Éle Ní Chonbhuí Fi-leadh

Bhí sé ar an traein, ina shuí ar taobh na fuinneoige,

Mála dubh snásta cros dhearg ar barr a mhéara.

A lámh gan bhlas nó bolgam, tuirse na tráchta ar a aghaidh

Tharraing sé anáil, dhomhain, sásta i ndiaidh na saoire,

Ag crónán leis an taistil, fí-diddle do fiú, fí–diddle dom fós.

Le Holly Wolohan

Tuathal Eagrán a Dó 25
26
Tuathal Eagrán a Dó
26
Tuathal Eagrán a Dó

Féileacán

Dá mbéinn mar féileacán, bheinn bándearg, corca, is gorm le ballóga órna agus imlíne lonrach airgid.

Chaithfinn mo laethanta ag taiscéal na bláthanna, ag tumadh isteach sa domhain ildaite aimsithe i mbarróg na bpeiteil.

Bolófainn mar pailin milis agus dealramh na gréine. Eitloinn go bog agus thógfainn sos ar ghualainn mo ghrá-sa, an áit a gheobhainn póg is meangaire.

Nuair a thaitníodh an ghriain orm, dhamhsóinn tríd an gheallra, ní gá dom mo sciatháin a bhogadhiompróidh an ór mé

Le Tara Ní Bhroinn

“Coillte Massey”

- Cian Deignan

Tuathal Eagrán a Dó 27
28
Tuathal Eagrán a Dó Eagrán a Dó
28
Tuathal

An Aisling Shíoraí

Tagann Sí chugam

Spéirbhean an ghrá

Ar bhéal na haille, Le gáire ar a beola

Mise i mo luí

Chomh bídeach le péist

I gcomparáid léíse

Gan éadach le mo cholainn a fholú

Radharc suaimhneach é

Ise ag síneadh a láimhe i mo threosa

Chun an deoir dheireanach a bhriseadh

Lena corrmhéar

Is ea a thuigim rud nár thuig na fir romham sna haislingí

Go bhfuil Sí á mo shuaimhniú, An uair seo cleachtaímid féinghrá seachas tírghrá

Nuair a dhúisím as an aisling seo

Ní fheadar cad a bheadh romham

Ach faoi láthair, fánfaidh mé anseo ina comhluadar, ag cuardach an fhéinghrá

Agus imeóidh mé nuair a bheidh mé réidh.

Le Alanah Ní Chinnéide

“Sú na Gréine“

- Tara Ní Bhroinn

Tuathal Eagrán a Dó 29
30
Tuathal Eagrán a Dó Eagrán a Dó
30
Tuathal

“Bord Cistine um Samhradh”

Nílim cinnte.

Muidne in ár suí ar an tolg gioblach sa choirnéal, na buachaillí ag seinm píosa ceoil ar drumaí agus guitar os ár gcomhair. Bhí siad ag déanamh a ndícheall amhrán a fhoghlaim, ach níor fhuaimnigh sé deas, fós. Ach, ní raibh fadhb ar bith againn, in ár n-áit, le n-ár gcairde, le n-ár gceoil. Nuair a chríochnaigh siad a gcleachtadh, bhíomar ag caint le chéile, is dócha nach raibh rud tábhachtach a bhí ann, mar ní chuimhin liom anois é. Sheas tú suas chun amhrán a sheinm as an ríomhaire, agus, ar ndóigh, do thoitín a lasadh. “Cuireann an amhrán seo tusa i gcuimhne dom”, a ndúirt tú. ‘Brazil’ le Declan McKenna a bhí ann, agus fós cuireann sé isteach orm mar go dtaitníonn an t-amhrán seo go mór liom. Amhrán spleodrach, le rithim dheas agus lirící speisialta dom fhéin.

Is dócha go raibh tú i ngrá liom, dúirt tú é ach níor chreid mé sin ag an am. Nílim brónach faoi aon rud, seachas nach bhfuil mé ábalta aon rud a rá anois. D’athraigh gach rud i gcúig bhliain. Nílimid in ár gcónaí sa cheantar céanna, níl an bealach saolach céanna againn anois, d’athraigh muid mar dhaoine, ach nílim cinnte. Níor chríochnaigh rudaí go dona eadrainn ach d’fhágamar mothúcháin ann. B’fhéidir go raibh rud éagsúil ann, ach nílim cinnte. B’fhéidir nach raibh ann ach an amhrán.

Níl clú agam anois, fiche bliain agus nílim cinnte faoin aon rud i mo shaol. Ní dhearna mé aon rud, ach éistim leis an amhrán fós. Ní fheicim an cosúlacht a chonaic tusa idir an amhrán seo agus mise mar dhéagóir, ach uaireanta cuireann sé tusa i gcuimhne dom. An mbíonn tú, ag smaoineamh fúm nuair a chloiseann tú an t-amhrán seo, is dócha nach bhfuil, ach fós nílim cinnte.

Le Selma Catibusic

Tuathal Eagrán a Dó 31
32
32
Tuathal Eagrán a Dó Eagrán a Dó Tuathal

Suantraí an tSiúlóra

Árón Stiofán Ó Conaill (bunaithe ar an dán thíos)

Bíonn sé ciúin ar cheann

An chnoic,

Is ar bharr na gcrann

A mhic

Nach bhfuil ach ciúnas;

Bíonn na héin ina dtost sa choill.

Fan go fóill, gan mhoill

A bhfaighidh tusa suaimhneas.

Wandrers Nachtlied

Johann Wolfgang von Goethe

Über allen Gipfeln

Ist Ruh,

In allen Wipfeln

Spürest du

Kaum einen Hauch;

Die Vögelein schweigen im Walde.

Warte nur, balde

Ruhest du auch.

“Caite siar (go Connacht), ar deireadh”

- Aodhán Ó Mhurchú

Tuathal Eagrán a Dó 33
34
Tuathal Eagrán a Dó Eagrán a Dó
34
Tuathal

Gach Dathanna Glas Eadrainn

Cheapaim féin, go bhfuil an oiread sin

Dathanna glasa anseo

Tá éin glas a bhfuil

Cleití draíochta orthu

A mbíonn ag lasadh sa ghrian buí

Tá bó le súile glasa

A bhfuil cuma ár súile féin uirthi

Tá crainn ann

A insíonn scéalta

Lena gcraobha glasa

Tá ballaí cloiche ann

Ag marcáilte le caonach glas.

Tá féar glas ann

a raibh scríobtha faoi in an

Leathanaigh leabhar scéaltaí

Tá cogarnaí ann.

Tá cuimhní cinn ann.

Tá spléachadh na glas i mo shúile. Agus i do shúile.

Níl ach dathanna glas eadrainn.

Le Dusk Mac Buideach

“i bhfad, i gcéin”

- Aodhán Ó Mhurchú

Tuathal Eagrán a Dó 35

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.