Tuathal - Eagrán a 4 (Samhradh 2023)

Page 1

IrisleabharanChumainnGhaelaigh Eagrána4– Samhradh2023

Focal ó Oifigeach Foilseacháin an Chumainn

RuairíÓSéanáin

Achairde,

Ba mhóir an onóir a bhí ann domsa a bheith mar Oifigeach

Foilseacháin an Chumainn Ghaelaigh agus eagarthóir na hirise

Tuathalimbliana. Bamhaithliommo bhuíochasaghabháillegach éinne a sheol aighneachtaí chugam le naoi mí anuas. Idir aistí, tuairimíocht, gearrscéalta agus dánta, bhí caighdeán na scríbhneoireachta dosháraithe.

Feidhmíonn an iris seo mar bhealach chun pobal Gaelach an Choláiste a thabhairt le chéile trí smaointí spreagúla agus tuairimí

tábhachtacha aroinnt le chéile.Le cuidiú bhur n-ionchur ó thúsna bliana, tá pobal na Gaeilge níos nasctha agus níos láidre dá bharr.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun focal buíochais a rá thar cheann choiste an Chumainn Ghaelaigh chomh maith. Idir imeachtaí iontacha, turais tarraingteacha agus cainteanna cumhachtacha, bhí bliain iontach rathúil againn ó Mhí Mheán

Fómhair ar aghaidh. Tá sé tábhachtach a lua chomh maith nach bhféadfaimís na himeachtaí seo a chur ar bun gan an tsuim leanúnach a dtaispeánann baill an Chumainn, agus mar sin de, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh ar fad.

Mar fhocal scoir, agus mar atá leagtha amach níos déanaí san eagrán deireanachseo de Tuathal,beidhbaillchoisteanChumainn Ghaelaigh ar fáil i gcónaí chun comhairle a thabhairt don chéad ghlúin eile a mbeidh ag déanamh a tréan iarrachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste amachanseo.

Adhaoine uaisle, is sibhse cosantóiríár dteanga.Déan ía spalpadh, ascaipeadh,agusaspreagadh!

BeirBua, Ruairí

- 2 - | TUATHAL

CLÁR

2 Focal ón Oifigeach Foilseacháin

4 Plé ar Fallaí.

6 an t-earrach ag teacht

7 Nuacht ó Oifig na Gaeilge

8 Na Cloigne

9 Do Thinteán Féin, cnoic glasa, agus Heimat

12 Craic an Chumainn

13 An Baol le Bogadh

15 Slán le Coiste an Chumainn Ghaelaigh

20 Preabadh na Súl

21 Dó

22 Ag Sábháil Sráid an Mhúraigh

23 Corp an Phortaigh

Clúdach deartha ag

- 3 - | TUATHAL Instagram
Twitter
Facebook
@cumanngaelachtcd
@CumannGaelach
@Cumann Gaelach TCD
Cian
Deignan

Plé ar Fallaí.

Tá mé gafa anseo le tamall, má ghlaoífeá tamall ar mo shaol. Mórán de shaol, a dhiabhal – Caite ag rith i dtreo fallaí. Ritheann siad uaim ag an am céanna. N’fheadair an féidir leis iad a fheiscint, a léamh, a chlois. Canann na fallaí chugamsa nuair atá tuirse ar mo shiúl.

N’fheadair bhfuil ainm ar na dathanna seo, Bheadh sé deacair anois cur síos mbeadh sásúil, Gan a bheith a féachaint trí scáth mo shúil, Is dócha nár chuma, chíomse fós é, Nuair a dhúnaim mo shúile.

Is iadsan a gcuireann dubh orm, Chuirfeadh siad scamall thar oileán, Hy Brasil, Cuimhne ar cad nach féidir a dhéanamh.

Goile, mo fhreagair ar an gceistPhioc mé amach mo chuid shúile, ‘S anois is féidir eitilt.

Déarfaidh mé leat faoin áit seo, más cluasa atá agat. Ait í. Dorcha í. Agus, cé go bhfuil sé chomh leathan ‘s go rithfinn, ní héa go dtiocfaidh saoirse chugam. Fós seal, ní ghlaoífinn príosún air. Na príosún um shamhlú, ní bheadh comhluadar agat. Mórán comhluadar atá agamsa, a dhiabhal!

Anois, is fada an lá ó ar stopthas a’ siúl – dhiúltaigh na cosa teacht liom, samhlaigh! Fágadh mé síos leis.

D’fhoghlaim mé gan snámh, ‘S mise ‘nois a cónaí faoi thonn,

Ní fios dom cathain ar thiteas síos a’ thobair, Ach is deise an radharc í ón mbun,

‘S gan amhras bhí seal agam i measc spéire, Ach do mhol dínit na cleití a ghearradh uaim,

Pluid anois a bailiú, de ghaineamh, mise i mo luí, Tá chuile rud romham, faic atá fúm,

Is fusa an saol í ón mbun, Níl ann ach gan snámh.

Ciot a’ cheist í samhlaíocht. Agus mise sa ndorchadas, conas a bhféadfainn a rá cad ‘tá fíor? Ní héa sin le rá go mbeinn mí-mhacánta ‘nois. Ag teacht ó sin, na rudaí nach gcíom – déarfainn nach bhfuil siad ann. Ach, cé hé an fear a dhiúltaíonn go bhfuilimse. N’fheadair. Is dócha go bhfuil na súile dúnta aige.

- 4 - | TUATHAL

Suigh, ní ag bord, Suaimhneas, gan a bheith ar chathaoir, Ar mo thóin ar an bhféar atá tais,

Bheadh deifir de shórt ar an ngaoth, ‘S níl fonn air stopadh chun Hello a thabhairt, Ní mhaith liom a bheith ag ceapadh go mbeinn sa bhealach ar treo na gaoithe, ‘S mar sin is Fear Folaigh mé.

Is cosúil go bhfuilim ar imeall cé, ‘S dearúd déanta ar atá ar mo chúl Fanfaidh sé ar mo chúl,

Ó thuaidh uaim, déanfaidh mé comhaireamh Ar na tonnta ag rásaíocht, Pé scéal é, Ní gá go mbeadh mórán machnamh ar siúl agam, Tagann saoirse faoi mhaise, Don Fhear Fholaigh.

Bhíos ag rith, go dtí nach raibh mé ag rith. Ní fhaca mé cad a bhí um leanúint, ‘s anois, is fear aosta mé. Saol i mbosca, ceithre fallaí um thimpeallú. Mar a ndúrthas cheana, bíonn siad ag ceol, ach b’fhearr liomsa an léamh. Léifidh mé an fallaí deiridh, sular mbuailim faoiseamh.

Is minic gur chaitheas lá, Ag cáineadh deireadh lae, Ná deireadh saola, ‘S mé ag rith ina threo Agus, Bhí seal agam leis, An mbuairt a dtagann, Le breathnú i dtreo cloige, Ach, Is fiú a rá go mbíonn críoch le leabhar breá, ‘S a chosúil ag lom-scéal.

Níor bhuaileas leis, Go fóill, Ach, Críochnóidh mé an leabhar, Lá eigínnt, Agus ní uaimse a mbeidh bac air.

Tá sé siúd fós óg, an fear ar mo chlé. Bhuail an suaimhneas leis, níor bhuail na fallaí. Más dall atá sé, mbeadh sé bodhar? Muise, sin a mbeadh ann! An fear seo atá liom, ní chloiseann sé ceoil, ní chíonn sé fallaí, ‘s an fear díreach céanna atá saor

5 | TUATHAL

an t-earrach ag teacht

agus muid ag siúl síos an bóthar lámh i lámh

agus an ghrian ag lasadh ár mbealach ag canadh amhrán éigin le chéile bláthanna i mo lámha

agus muid inár suí ar d’urlár i do sheomra codladh ildaite agus na scuab péinte os ár comhair i ngloine uisce corcra an páipéar ina luí réidh le bheith beo

agus an giotár á sheinm agat le ceol bog ag teacht uait agus an solas órna ón lampa beag ag lasadh d’aghaidh ag lasadh ár gcroíthe

anois mo lámha i do ghruaig ag cruthú dhá trilseán cupán tae ar an gcófra an barróg deireanach den lá agus muid réidh chun chodladh.

6 | TUATHAL

Nuacht ó Oifig na Gaeilge

An Scéim Cónaithe 2023-24

Osclófar an próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na bliana acadúla 2023-24 go luath. Cuirfear lóistín Gaeilge ar fáil ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide chomh maith le deontas €1,000. Más rud é go mbeidh tú i mbliain 2, 3 nó 4 i mí Mheán Fómhair 2023, is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim. Ní gá a bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge chun iarratas a dhéanamh.

Seolfar ríomhphost ó Oifig an Rúnaí go mic léinn fochéime na hollscoile nuair a bheidh an próiseas iarratais oscailte, agus beidh tuilleadh eolais agus foirm iarratais le fáil ar shuíomh gréasáin Oifig na Gaeilge (www.tcd.ie/gaeloifig). Is deis iontach atá sa Scéim Cónaithe a bheith i gcroílár phobal Gaeilge na hollscoile.

Seomra na Gaeilge

Bíonn Seomra na Gaeilge ar oscailt ó 9.00am-5.00pm Luan-Déardaoin agus ó 9am-3pm Dé hAoine. Tá fáilte roimh chách é a úsáid ach an Ghaeilge a labhairt. Cuirtear soláistí tae agus caife ar fáil sa Seomra agus tá micreathonn ann freisin. Iarrtar ort €0.20 a chur sa bhosca airgid gorm ar an gcuntar don tae/caife. Tá sé tábhachtach glanadh suas i do dhiaidh!

Ciorcal comhrá

Bíonn ciorcal comhrá ar siúl gach Céadaoin sa Bhutrach (The Buttery) ó 10.30am 12.00pm. Bíonn mic léinn, baill foirne agus muintir an phobail i láthair. Fáilte roimh chách.

Teastas Eorpach na Gaeilge

Cuireann Oifig na Gaeilge tacaíocht ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn a bhfuil spéis acu cáilíocht TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) a bhaint amach. Tá na scrúduithe seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Is féidir scrúdú a dhéanamh ag aon leibhéal, ó bhonnleibhéal (A1) go hardleibhéal (C1). Is féidir scrúdú cainte (páirtchreidiúint) nó scrúdú iomlán (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht, scrúdú cainte – lánchreidiúint) a dhéanamh. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais

Sonraí Teagmhála

Oifig na Gaeilge

An Séipéal Thiar

R: gaeloifig@tcd.ie

T: 01 896 3652

www.tcd.ie/gaeloifig

Facebook/Twitter/Instagram: @GaeloifigTCD

7 | TUATHAL

Do thinteán féin, cnoic glasa, agus Heimat

Le déanaí bhí píosa á aistriú agam ó Ghearmáinis go Gaeilge don iris JOLT: sliocht as an úrscéal Radetykzmarsch (Máirseáil Radetzky) le Joseph Roth a bhí ann. Sa sliocht tháinig an focal Heimat chun cinn, agus shocraigh mé é a athrú, i dtagairt don sheanfhocal clúiteach sin, go “tinteán féin”.

Mar a léiríonn an aistriúchán sin, ní féidir an focal Heimat a aistriú go díreach go Gaeilge (ná go Béarla). Cinnte ní tinteán sa bhrí liteartha den pholl sin sa bhalla áit a lasann tú tine atá i gceist leis. Go minic úsáidtear é nuair atá “baile féin” nó “áit dhúchais” i gceist, ach cosúil le roinnt focail áille Gearmáinise (Wehmut, Schwermut, Schadenfreude, Sehnsucht...), cuireann sé síos ar mhothúchán, nó ar áit atá mothúchán faoi leith agat fúithi. Mothúchán a bheith compordach agus slán in áit atá aithne fíormhaith agat uirthi. Mothúchán gurb í sin an áit a oireann is fearr duit, an áit b’fhéidir, as a dtarraingíonn tú d’fhéiniúlacht, nó ina mothaíonn tú gur féidir leat d’fhéiniúlacht a léiriú. An áit a bhraitheann tú uait í agus tú uaithi, an áit a thagann tú “ar ais” chuici. Ní gá gur do theach féin nó do bhaile dúchas a bheadh i gceist - seans gur coill nó trá gur breá leat a bheith ar shiúlóid inti atá ann, nó caifé a imíonn tú ann le do chairde tar éis na hoibre go rialta. Ar aon nós ní ionann an focal Heimat agus na focail “tinteán féin”, ach shíl mé go raibh spiorad an fhocail le fáil sa seanfhocal sin. Níl aon áit mar do Heimat

Níl aon dabht ach go bhfuil an mothúchán sin a bheith slán agus é ceangailte lenár dtithe nó árasáin féin, ár mbailte féin, ríthábhachtach. Smaoinigh ar an trua a mhothaímid do dhaoine gan dídean nó do theifigh ón Úcráin agus ó thíortha eile. Ní hamháin go bhfuil a n-áit chónaithe féin, nó an ceantar as a tháinig siad caillte, scriosta, nó na mílte ciliméadar uathu, ach, mar aon leis na háiteanna nó na foirgnimh sin, tá an mothúchán sin - a bheith slán, agus compordach, aithne a bheith agat ar do thimpeallacht agus gan mothú gur gá duit treoir a lorg agus rialacha a leanúint ó stráinséaraí mar chuairteoir - in easnamh orthu. Tá grá againn dár Heimat: bíonn muid bródúil aisti, bíonn muid ag caoineadh di, throidfimis di, dhéanfaimis aon rud chun í a chosaint nó í a fháil ar ais.

Ach ar ndóigh, níl ceist an bhaile, an tinteáin féin, an Heimat, chomh simplí sin i gcónaí. Uaireannta ní léir do dhuine cá bhfuil an Heimat dóibh. Tá daoine ann, mar shampla, nach mothaíonn sábháilte sa teach ina chónaíonn siad nó sa tír as a dtagann siad ar fháth amháin nó fáth eile. Is tragóid í seo chomh maith. Tá daoine eile ann agus nach bhfuil sé chomh dona sin dóibh - níl siad i ndainséar

9 | TUATHAL

nó aon rud mar sin - ach mothaíonn siad nárbh é a n-áit dhúchas an áit ceart dóibh: ní roinneann siad luachanna a gcomharsan, mothaíonn siad nach bhfuil deiseanna nó meas dóibh ann, ní dóigh leo gur féidir leo forbairt nó a bheith saor agus ionraic mar dhuine ansin. Nó tá daoine ann agus, cé nach bhfuil rud mícheart lena n-áit chónaithe, tá siad idir í agus áit eile, gan a fhios acu cén cheann acu a theastaíonn uathu a bheith ann go buan. Tá focal ann don mhothúchán seo a bheith gan Heimat chomh maith, a bheith ag dul ó áit go háit gan a bheith ábalta a rá gurb é aon ceann acu do thinteán féin: Heimatlosigkeit.

Tá aithne maith faighte agam ar an mothúchán seo sa dhá bhliain deireanach. Rinne mé Erasmus i Hamburg agus ansin chaith mé an ceathrú bliain ar ais sa Triónóid. Seo comhairle daoibhse sa chéad agus sa dara bliain atá ag pleanáil dul ar Erasmus: Is deis iontach í, ní hamháin go hacadúil, ach go pearsanta freisin. Déantar cairde iontacha, feictear rudaí dochreidte, beidh éispéiris den scoth agat agus foghlaimeoidh tú an oiread sin rudaí nua a athróidh do dhearcadh ar an domhan. Ach ní bheidh tú mar an gcéanna nuair a thagann tú ar ais, agus athróidh sé sin do ghaol le d’áit dhúchas. Bhí sé deacair tosnú amach in Hamburg, tithíocht a fháil, ranganna a dhéanamh trí Ghearmáinis, an páipéarachas Gearmánach a dhéanamh, agus a bheith i bhfad ó mo chairde agus mo theaghlach in Éirinn. Ach an rud is deacra faoi Erasmus ná teacht ar ais. Thóg sé tuairim is mí nó dhó dom socrú isteach i Hamburg. Anois táim seacht mí go leith ar ais i mBaile Átha Cliath agus nílim socruithe ar ais go fóill.

Nílim liom féin sa taithí seo. Deir gach duine a labhair mé leo a rinne Erasmus go raibh sé deacair teacht ar ais. Táimid athruithe agus ní mhothaímid go bhfuil an áit céanna againn in Éirinn is a bhí roimhe. Ar an Déardaoin bhí mé ag Bál na dTeangacha agus i mbun comhrá le mac léinn a bhí mé cairdiúil leis ó champaí samhraidh meánscoile, agus a bhí sa Spáinn an bhliain seo chaite.

“Bhí tú i Hamburg?” a d’fhiafraigh sé dom.

“Bhí.”

“Agus conas mar a bhí sé?”

“Go hiontach…Níor tháinig mé ar ais i ndairíre.” (Agus mé sa Ghearmáin tháinig mé i dtaithí ar a bheith níos ionraic i mo fhreagraí agus mé ag caint mar gheall ar mhothúcháin.)

“Mise ach an oiread.”

Bhí mé ag mo chéad imeacht mór oíche san ollscoil ón Bál CSC san áit chéanna sa chéad bliain. Bhí mo thráchtas díreach seolta isteach agam agus bhí mé in ionas a bheith ag ceiliúradh. Ach ní fhéadfainn smaoineamh ar aon rud ach an Ghearmáin, na cairde a d’fhág mé ann, agus cé chomh as áit is ar mhothaigh mé ag bál bainteach leis an dTrionóid tar éis bliain den phaindéim agus bliain thar lear. Bhí a fhios agam freisin, áfach, nach raibh Hamburg mar an gcéanna ach an oiread dom nuair a d’fhill mé ar ais air choicís ó shin. Bhí sé fós go hálainn, agus ar chaoi éigin mhothaigh sé ar nós teacht abhaile, ach ní raibh mo sheomra féin agam ann a thuilleadh agus bhí roinnt de na daoine a bhí mé cairdiúil ann leo an bhliain seo chaite imithe freisin. Níor mhothaigh mé 100% go raibh mé ag teacht abhaile agus mé ag filleadh ó BÁC go Hamburg, agus níor mhothaigh mé 100% go raibh mé ag teacht abhaile agus mé ag filleadh go BÁC ó Hamburg ach an oiread. Bíonn fonn orm i gcónaí a bheith áit éigin eile. Más é, “Níl aon tinteán mar do thinteán féin” an seanfhocal Gaeilge don fhocal Heimat, is dócha gurb é an seanfhocal, “Is glas iad na cnoic i bhfad uainn” an seanfhocal don fhocal Heimatlosigkeit

10 | TUATHAL

Cuirim ceist orm féin go minic cad é an rud a chruthaíonn Heimat. Smaoiním ar ráiteasaí ar nós, “Is é an baile an áit atá a fhios agat conas an cith a oibriú”, agus mar sin de. Seans gurb iad daoine an rud a dhéanann Heimat dúinn. Sin an meon atá le fáil in amhrán ar nós “Home” le Edward Sharpe & The Magnetic Zeroes, nó san amhrán “Deine Heimat” le Clara Luise. B’fhéidir gurb é sin an fáth nach raibh Hamburg chomh Heimat sin gan na cairde ar fad a bhí ann an bhliain seo chaite. B’fhéidir gurb é sin an fáth go mothaím sa bhaile i München go minic, cé nach raibh mé i mo chónaí ann riamh: toisc go dtugaim cuairt ar chara atáim an-chompordach léi ann. B’fhéidir nach féidir mothúchán an Heimatlosigkeit a sheachaint nuair atá do chairde scaipthe ar fud an domhain.

B’fhéidir nach rud iomlán dona í an Heimatlosigkeit. Ina dán “Stufen” (“Céimeanna”), nach bhfuil róéagsúil ó “Begin” le Brendan Kennelly, deir Hermann Hesse linn,

Wir sollen heiter Raum um Raum durchschreiten, An keinem wie an einer Heimat hängen

Ba chóir dúinn dul ó sheomra go seomra go meanmach, Gan crochadh ar aon cheann acu mar Heimat

Deir Hesse gur gá dúinn a bheith réidh le briseadh amach agus taisteal mura mian linn a fháil greamaithe i gcodladh na nósanna atá aithne againn orthu cheana féin. Is gá dúinn a bheith réidh slán a rá agus tosnú arís go cróga más mian linn na céimeanna a dhreapadh, ár saolta a leathnú. Tá an spiorad seo gaolta le spiorad focal eile, an Fernweh (“pian/ tinneas taistil”, a mhalairt ar Heimweh, tinneas baile): a bheith ag tnúthánach le áiteanna i bhfad i gcéin nár fhaca tú cheana, eachtraí sceitimíneacha a bheith agat, agus athrú isteach i nduine nua, saor ó na srianta atá ort i do ghnáthshaol sa bhaile.

Seans go bhfuilimid go léir, ag amanna éagsúla, idir Heimat agus Heimatlosigkeit, sonas lenár dtinteán féin, nó fonn ár dtinteán féin a fháil agus socrú síos ann ach éiginnteacht cá bhfuil sé, agus Fernweh, fonn briseadh amach agus éalú go háit nua. Is dócha gurb é cuid den choimhlint aosta sin idir fonn an duine a bheith slán, compordach agus aitheanta, agus fonn an duine a bheith saor ó srianta, agus sceitimíní agus dainseár á lorg ag triail rudaí nua agus ag tabhairt dúshlán nua duit féin.

Má thagann aon duine agaibh ar réiteach don choimhlint seo, is féidir libh a rá liom.

11 | TUATHAL

An Baol le Bogadh: Cailliúnt teanga, cailliúnt pearsan?

An fómhar seo chugainn, bogfaidh mé go Nua Eabhrac ar feadh dhá bhliain chun mo chéim ollscoile a chríochnú - ollchathair an domhain saor, an dufair conchréide as a deirtear go bhfuil brionglóidí cruthaithe. Insím liom féin nach bhfanfaidhméannacharfeadhdhá bhliain iomlán, ach fiú sula bhfágaim, tá a fhios ag cuid díom nach mar sin a n-oibríonn an domhan. Ag an stad seo fiú, tuigim go bhfuil seans réasúnta ann go bhfanfaidh mé sna Stáit Aontaithe ar feadh tréimhse níos faide ná sin, den chuid is mó de bharr na tairscintí fostaíochta agus airgeadais atá ann nach bhfuil ar fáil sa bhaile in iarthar na hÉireann.

Táim ar bís, nílim fiú chun iarracht a dhéanamh é sin a shéanadh. Tá mé ag tnúth le bheith i mo chónaí i gcathair nach codlaíonn riamh, le freastal ar ranganna in ollscoil nua, leléimisteachidtréimhseúrnuade mo shaol.

Ach, ag an am céanna, tá eagla orm go gcaillfidh mé mo chuid Gaeilge.

Níor thógadh i dteaghlach Gaeilge mé, agus is dóigh gur bhall mé den dreamdenuachainteoiríóganatíre.

D’fhreastail mé ar scoileanna Gaelacha suas chomh fada le m’Ardteistaguschaithmémochuid samhraidh mar dhéagóir tumtha i

nGaeltachtaí na Mumhan. Thit mé i ngráleteanganahÉireanniseomraí ranga cathair Luimní agus faoi sléibhte Chorca Dhuibhne. Chothaigh Gaeilgeoirí indibhidiúla lenar bhuail mé leo ar mo shlímúinteoirí, cairde, col ceathaireacha ar leith - mo chion agussuimdonteanga.Isgráarleith í an ghrá a mbíonn ag Gaeilgeoirí don Ghaeilge; mothúchán láidir de bhród agus cosantacht í, atá measctha le heagla a n-itheann an duine uile go bhfaighfidh an teanga bás inár saolré.

Is trí mheán na Gaeilge a labhraím le roinnt de mo chairde is dlúth. Tá cumas de shaghas ag an teanga mothúcháin ar leith a chur in iúl nach féidir leis an mBéarla a dhéanamh - mar theanga, tá an Ghaeilge compórdach le castaí an tsaoil.BatheangaíanGhaeilgeabhí cruthaithe chun finscéalta de laochras agus grá a chur in iúl, teanga le cur síos a dhéanamh ar timpeallacht áille na hÉireann agus na castachtaí a thagann lenár sléibhte, ár n-abhainneacha, ár bplandaí. Ní fheidhmíonn sí sa chaoi cruinn, matamaiticiúl céanna leisanmBéarla.B’fhéidirgurbhéan maoithneachas sin, an ealaín agus draíocht atá ag baint leis an teanga, ba chúis leis an iarracht tréan a ndearna na Sasanaigh chun fáil réidh léi. Ní thuillfidh teanga d’fhinscéalta agus draíocht a dhóthain airgead riamh chun impearacht na Breataine, tógtha ar bhuncloch de sclábhaíocht agus caipitealachas, a mhaoiniú.

13 | TUATHAL

Tá eagla orm go mbeidh ‘trade-off’ de shaghas le déanamh agam nuair a shroicfidh mé na Stáit Aontaithe, go mbeidh dualgas de shaghas orm mo theanga a fhágáil ar leataobh le tumadh ceart a thabhairt dom féin sa chathair. Beidh gach cuid de mo shaol - pearsanta agus acadúil araon - trí mheán an Bhéarla don chéad uair i mo shaol.

Tá a fhios agam nach bhfuil críoch chun teacht ar mo chaidreamh leis an nGaeilge nuair a bhogfaidh mé. Beidh sí fós ionaim, beidh a cuid nathanna cainte agus seanfhocail fós ina gcónaí i m’inchinn. Déanfaidh mé iarracht an teanga a choimeád suas nuair a bheidh mé ann - ach tá a fhios agam nach mbeidh sé mar an gcéanna. Ní bheidh mé in ann an raidió a chasadharsiúllecanúintláidirDún na nGall a chloisteáil, ní bheidh mé inannsiúlisteachisiopaleabharar thóir cnuasach filíochta Gaelach.

B’fhéidir go n-úsáidfidh mé an teanga,achbeidhafhiosagamagus

í á labhairt go mbaineann sí leis an áilleacht gharbh de thírdreach na hÉireann agus ní le torann na cathrach i Nua Eabhrac.

Agus mé ag scríobh é seo agus ag machnamh ar an gcríoch féidirtheach den chuid Gaelach de mo shaol, ritheann mo chuid smaointí chuig na míllte Éireannaigheilea bhogóntírseoar thóir saol nua agus a d’fhág an Ghaeilgetaobhthiardiabhdábharr.

Ar mhothaigh siad an chiontacht céanna liomsa nuair a tháinig siad ar an dtuiscint go mbeadh orthu an

Bhéarla a roghnú ar bhonn lánaimsearthach? An iad na hiarrachtaíandearnasiadadteanga is a gcultúr a choimeád beo is cúis le haos óg na Stáit Aontaithe inniu ag maoímh as a gcuid sean-seansean-seantuistí Éireannacha?

Le cailliúnt teanga, cailltear cuid lárnachdedhuine.Cailltearmodhle cur in iúl a dhéanamh ar áilleacht agus pian an tsaoil. Cuireann uilíochas an taithí sin eagla orm, achtugannsí compord domfreisin. B’fhéidir go gcaillfidh mé mo thuiscint ar an modh coinníollach nó ar an dtuiseal ginideach, ach fanfaidh mo ghrá don teanga. Is teanga foighneach í an Ghaeilge, teanga a bhláthaíonn go mall nuair a thugtar am agus grá di. Táimse féin ag iarraidh an bhláthú cultúr agus teanga sin a spreagadh ionaim sna blianta amach anseo, pécathair nó tír a bhfuilim i mo chónaí ann. Cloífidh mé le mo chúpla focail, leanfaidh mé orm ag léamh is ag scríobh dom féin as Gaeilge, agus roinnfidh mé scéal an teanga agus an grá atá agam di leis na daoine thart timpeall orm. Cinnte gur bheatha teanga í a labhairt, ach beatha teanga grá a thabhairt di freisin.

14 | TUATHAL

Slán le Coiste an Chumainn Ghaelaigh 22/23’

Eimear Ní Chiaráin, Reachtaire

An chomhairle atá agam ná chun sult a bhaint as gach rud! Is mór an ónóir é chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas agus daoine a spreagadh chun í a labhairt - ná déan dearmad agus tú faoi bhrú gurb í sin an chúis ar chuir tú isteach sa ról ar an gcéad dul síos!

An chuimhne is fearr atá agam ón mbliain seo ná Seachtain na bhFreisear gan amhras - ón gCéilí Mór go na huaireanta ag an seastán. Chuir an tseachtain sin tús le bliain sár-rathúil agus ag breathnú siar anois, ní raibh a fhios againn cad a bhí le teacht agus anois, ag deireadh na bliana, is teaghlach mhór muid sa Chumann agus táim fíor bródúil as an gcoiste ar fad!

Oisín O’Keeffe Leas-Reachtaire

Is mise Oisín agus tá mé i mo Leas-Reachtaire an Chumainn. Oibrím leis an Reachtaire, Cisteoir agus Rúnaí chun gach rud a ullmhú i rith na bliana agus bím mar ionadaí don Reachtaire mura bhfuil sí ar fáil. Eagraím amchlár an Chumainn agus déanaim cinnte go bhfuil gach rud ag dul go breá. Mar LeasReachtaire, bíonn seans agat píosa de gach rud a dhéanamh, mar sin tá sé tábhachtach go bhfuil eolas maith agat faoi chúrsaí an Chumainn.

An chuimhne is fearr agam ná nuair a bhí mo fhleasc póca briste ag an Oireachtas agus ní raibh mé in ann é a oscailt. Chuaigh mé ag lorg cabhrach agus nuair a d’éirigh le duine é a oscailt, d’ól mé beagnach an rud ar fad chun ceiliúradh. Chaith mé an cheád uair eile i gcathaoir ag fanacht le stopadh ar thorthaí an chinnidh sin, agusbhí goleor cuairteoirí agam. B’é ansin gur thuig méneart anphobailGhaelaigh.Neart anduine a d’oscail mo fhleasc agus neart na gcroíthe a bhí ann dom ina dhiaidh!

Chloe Ní Ghríofa, Cisteoir

Is mise Chloe Ní Ghríofa, Cisteoir an Chumainn Ghaelaigh. An ról a bhí agam i mbliana ná a bheith mar cheannaire ar chúrsaí airgeadais an Chumainn. Ná bí buartha - ní gá go mbeifeá i do shaineolaí ar an mata! Níl gáach súilachoinneáil ar gachaonphíosa d’ioncam agus caiteachais an tsochaí. An chomhairle is mó a bheadh agam ná gan aon admháil a chailliúint!

Níl aon dabht faoi ach gurb’ í an chuimhne is fearr atá agam ón mbliain seo ná Oireachtas na Samhna. Ó thús deireadh na deireadh seachtaine, bhí an-spraoi againn. Ba dheis a bhí ann chomh maith chun fáilte ceart a thabhairt go baill nua ár gCumann féin, agus chun bualadhleis na CumainnGaelacha eile ó fudfad na tíre.

15 | TUATHAL

Slán le Coiste an Chumainn Ghaelaigh 22/23’

Emma Ní Dhálaigh, Rúnaí

Is mise an rúnaí i mbliana. An post a bhí agam ná chun na cruinnithe a eagrú, na miontuairiscí a scríobhagus asheoladh amach, agusnaseomraí a chur in áirithe do na himeachtaí.

Tagann an chuimhne is fearr atá agam ó chruinniú de chuid na hArdchoiste i dteach a 12. Shocraigh Oisín meaisín deataigh a chur ar siúl. Chruthaigh sé seo tonnta de dheatach sa seomra agus cuireadh eagla orainn go scaoilfear leis an aláram dóiteáin. Chaitheamar timpeall 20 nóiméad ag rolladh timpeall na háite ag gáire agus ag luascadh tuáillí tae thart. Anghreannmhar go deo!

Tara Ní Bhroinn, Oifigeach Díospóireachta

An chomhairlea dtabharfainn don chéad Oifigeach Díospóireachta eile ná chun tús a chur leis an eagrúchán go luath! Do Chraobh Maidens, bhí fadhbanna agam ó thaobh na heagrúcháin de agus mé ag iarraidh ionad agus moltóirí a shocrú don bhabhta ceannais. Ní bheadh na fadhbanna sin agam dá mbeinn tar éis tús a chur leis an eagrúchán ní ba luaithe. Chomh maith leis sin, mholfainn díobh díospóireachtaí a eagrú le coláistí eile! Tá an-spraoi i gceist leo!

Is í an chuimhne is fearr atá agam ón mbliain seo ná Traenáil na gCumann le Conradh na Gaeilge. Bhí deireadh seachtaine de cheardlanna fada againn leis na Cumainn Gaelacha eile timpeall na tíre. Ar an oíche dheireanach, bhí oíche chraiceáilte Biongó Locó againn agus bhí an craic nócha! Bhí séthar a bheith spraíúil agbualadh leis na coistí eile agus muid ar fad ag baint taitneamh as ceol, damhsa, agus an Ghailge ar ndóigh!

Éle Ní Chonbhuí, Oifigeach Drámaíochta

Bhí mé mar an Oifigeach Drámaíochta i mbliana. Ní dhearna mé ach rud amháin i ndáiríre - ‘Miotas: an Ceoldráma’. An chomhairle a thabharfainn díobh ná chun iarracht a dhéanamh cúpla rudaí níos simplí a dhéanamh seachas go leor oibre a chur isteach in taispeántas mór millteach amháín. Dá mbeadh an seans agam é a dhéanamh aris, b’fhearr liom mo sheacht ndícheall a dhéanamh chun pobal drámaíochta Gaelach a chruthú ar champas - ionas go mbeadh duine ar bith in ann rud a chur ar siúl tríd an Chumainn.

Chun an fhírinne a rá tá sé fior-dheacair cuimhne amháin a roghnú

Táim chomh sásta go raibh baint agam leis an gCumann toisc gur thug sé deis dom bualadh le daoine atá mé an-chóngarach leo anois. Is Cumann é atá déanta suas leis na daoine is cneasta agus is greannmhaire riamh! É sin ráite, mar an Oifigeach Drámaíochta caithfidh mé a rá gurbh é an Ceoldráma an chuimhne is fearr atá agam ón mbliain. Bhí gach duine ar an gcriú agus na haisteoirí uilig dochreidte agus rinne cách sár-iarracht domsa ar, agus as an stáitse.

16 | TUATHAL

Slán le Coiste an Chumainn Ghaelaigh 22/23’

Ruairí Ó Séanáin, Oifigeach Foilseacháin

Cé gur féidir an-chuid imeachtaí a eagrú mar Oifigeach Foilseacháin an Chumainn ar nós ceardlanna scríbhneoireachta nó aoichainteoirí mar shampla, is í an phríomh ról atá ag an Oifigeach Foilseacháin ná chun ceithre eagrán den iris Tuathal a fhoilsiú in aghaidh na bliana. An chomhairle is mó a bheadh agam ná chun dul i dteagmháil leis an gcomhlacht foilseacháin go luath, agus chun do chuid scríbhneoirí a aimsiú in am. Eagraigh comórtas scribhneoireachta chun daoine a mhealladh chomh maith!

An chuimhne is fearr atá agam mar bhall den Chumann Gaelach i mbliana ná an ceoldráma, Miotas Bhí na haisteoirí agus na daoine a chur le chéile é (Éle ar ndóigh!) thar barr, agus bhí mé ag gáire don seó ar fad!

Niamh Ní Lideadha, Oifigeach CaidreamhPoiblí

Is mise Niamh Ní Lideadha agus táim mar Oifigeach Caidreamh Poiblí an Chumainn i mbliana Táim i gceannas ar na meáin don chuid is mó. Déanaim na grafaicí don Instagram a chruthú agus a roinnt in éineacht leis an leas-OCP. Tá sé an-thábhachtach gach éinne a chur ar an eolas faoi na himeachtaí ar fad. Déanaim aistriúchám ó Ghaeilge go Béarla sna ‘captions’ chomh maith ionas gur féidir le gach éinne iad a thuiscint, cibé caighdeán Gaeilge atá acu.

An chuimhne is fearr atá agam ná an t-am a chaitheamar le chéile i gCill Áirne ag an Oireachtas le linn téarma a haon. Bhíomar ar mhuin na muice agus muid gléasta mar na carachtair ó ‘Toy Story ‘. Bhí imeachtaí iontacha eile againn i rith na bliana - Péint agus Prosecco, cóisir na Nollag agus an Céilí Mór mar shampla Bhí sé dochreidte ag labhairt as Gaeilge le mo chairde a roinneann an paisean céanna don teanga liom. D’aimisgh mé m’áit i gColáiste na Trionóideagus gabhaim buíochas leis an gCumann as sin.

Chloe Nic Bhriartaigh, Oifigeach Teicneolaíochta

Haigh a chairde, is mise Chloe agus bhí mé i m’oifigeach teicneolaíochta i mbliana. Scríobh mé an ríomhphost seachtainiúil agus bhí me i gceannas ar an gceamara ag ár n-imeachtaí iontacha.Anchomhairleis mó a bheadh agam ná chun an ceamara a thógáil leat go gach aon imeacht ionas gur féidir pictiúirí a ghlacadh den chraic a bhíonn ann i gcónaí!

Is é an t-Oireachtas an chuimhne is fearr atá agam ón bhliain seo. Bhí sé dóchreidte go raibh an mhéid sin daoine a bhfuil paiseanta faoin teanga in aon áit amháin agus muid ag canadh agus ag damhsa agus ag ceiliúradh an teanga le chéile.

17 | TUATHAL

Slán le Coiste an Chumainn Ghaelaigh 22/23’

Pádraig Mac Brádaigh, Oifigeach Urraíochta

Is mise Pádraig, Oifigeach Urraíochta an Chumainn i mbliana. An ról atá agam ná chun dul i dteagmháil le comhlachtaí éagsúla chun iarracht a dhéanamh urraíocht a fháil don Chumann. Cé gur chaith mé an chéad téarma ar Erasmus, is post é seo ar féidir téarma amháin a chaitheamh thar lear. (Tá an-chuid ríomhphoist i gceist!)

Ba í Oíche na Mac Léinn le linn Sheachtain na hÉigse an t-imeacht ab fhearr liom le linn na bliana. Bhí sé ar fheabhas le bheith i gclub an Chonartha agus popcheol ar siúl. Bhí giúmar maith ar chách agus oíche den scoth a bhí inti.

Adam Ó hArgadáin, Oifigeach Siamsaíochta

Is é an ról atá ag an Oifigeach Siamsaíochta ná chun na himeachtaí i rith na bliana a eagrú agus a ullmhú. Caithfidh tú dul i dteagmháil le cumainn eile chun ‘collabs’ a dhéanamh chomh maith, agus caithfidh tú cinnte a dhéanamh de go mbailíonn tú na níthe atá ag teastáil do na himeachtaí in am!

I ndiaidh an imeachta a bhí againn ar Oíche Shamhna, d’aimsíomar puimcín ar Sráid Grafton agus thosaíomar ag babhláíl leis. Ní rabhamar in ann stad a chur lenár gcuid gáire agus muid ar an mbealach go dtí Club an Chonartha!

Niall Ó hAnnáin, StiúrthóirJailbreak

Niall Ó hAnnáin is ainm dom agus i mbliana bhí mé mar stiúrthóir Jailbreak ar son an Chumainn Ghaelaigh. Is ócáid tiomsaithe fíor speisialta í Jailbreak a bhaillíonn airgid ar son Naomh Uinseann De Pól agus Amnesty International. Mar chomhairle don chéad stiúrthóir Jailbreak an Chumainn eile, molaim duit foireann maith a chruthú, chun píosa craic a bheith agat leis i gcónaí agus chun cabhrú le do chomhghleacaithe ar choiste an Chumainn. Má tá foireann maith agat, laghdaíonn sé an obair agus méadaíonn sé an craic! Agus má tá tú cabhrach agus cairdiúil le muintir an Chumainn, beidh siadsan níos sásta chun cabhrú leat nuair atá an cabhair ag teastáil – agus beidh sé!

Is í an chuimhne is fearr atá agam ón gCumann i mbliana ná an ceoldráma, Miotas . Ní fhaca mé bradán chomh galánta leis an gceann a chruthaigh mamaí Éle don seó! Chomh maith leis sin, trí sheachtaine ‘théis Miotas, fós is féidir le mo mhuintir an t-amhrán ‘Cú Chulainn is ainm dom’ a chloisteáil agus mé sa chith nó ag déanamh mo ‘power poses’ os comhair an scátháin ar maidin! Bhí sé thar barr!

18 | TUATHAL

Slán le Coiste an Chumainn Ghaelaigh 22/23’

Mac O’Brien, Leas-Oifigeach Siamsaíochta

Is mise Mac agus tá mé i mo Leas-Oifigeach Siamsaíochta i mbliana. Bím ag cabhrú le heagrúchán na n-imeachtaí ar fad. Bíonn imeacht ar siúl againn gach seachtain agus mar sin bíonn rud éigin le heagrú an tam ar fad. Oibrím le taobh an Oifigigh Siamsaíochta, agus bíonn sé i bhfad níos simplí eagrúchán a dhéanamh nuair atá foireann maith timpeall ort. Buntáiste eile a bhaineann leis an bpost seo ná go mbíonn imeachtaí againn le Cumainn eile, agus mar sin is cuid de mo phost é chun dul i dteagmháil leis na Cumainn seo chun an eagrúchán a dhéanamh. Is slí deas é chun bualadh le daoine taobh amuigh den Chumann chomh maith.

Ba é an ceoldráma buacphointe na bliana domsa Cé go ndeachaigh anchuid obair isteach sa cheoldráma, bhí craic mór ag baint le gach cuid de. Bhain mé taitneamh ach go háirithe as a bheith ag obair le mo chairde, bhí na cleachtaí i gcónaí an-spraíúil agus bhí sé deacair gan a bheith ag gáire an t-am ar fad.

David Mockler, Leas-Oifigeach CaidrimhPhoiblí

Mar Leas-Oifigeach Caidrimh Phoiblí, bhí mé mar chuid de fhochoiste an Chumainn. Anphríomhdualgas a bhí agam ná chun cúnamh a thabhairt don OCP ó thaobh na grafaicí a chur le chéile agus imeachtaí an Chumainn a roinnt ar na meáin! Ba phost iontach a bhí ann!

Sí an chuimhne is fearr atá agamsa leis an gCumann i mbliana ná Oíche na Mac Léinn ag Oireachtas na Samhna thíos i gCill Áirne. B'iontach an oíche í le éirí mór le dream an choiste is le muintir an chumainn uilig. Bhí an-chraic is spraoi againn ag éisteacht le bannaí ceoil is amhránaithe Gaelacha. Oíche den chéad scoth a bhí inti.

Fachtna MacConghail, Oifigeachna CéadBliana

Bhí mise mar Oifigeach na Céad Bliana i mbliana. Chaith mé mo bhliain ag labhairt cac, agus ag iarraidh mo chairde sa chéad bhliain a tharraingt go n-ár n-imeachtaí, (Ní fios dom cad atá níos tábhachtaí). Ní raibh riamh am ann nach raibh fíor-chraic agam sa Chumann. Bhíos le bheith ar fáil chun cúnamh a thabhairt d’eagrúchán roinnt imeachtaí más gá, ach ní mórán obair a bhí i gceist.

Sár-cuimhne agamsa ar an mbliain sa Chumann ná an turas go Beirlín! Is an cúplalá sin a nasc an cúigear-is-fichead dúinn a bhí ann agus muid ag troid leis an bhfuacht, na Bouncers, agus an deoch (yum). Clann (mór) a bhí ionainn agus muid ansin agus i ndáiríre ní raibh leithscéal ar bith gan a bheith a labhairt le chuile duine. Chomh maith, d’fhoghlaim mé go bhfuil Teiripe sa Techno.

19 | TUATHAL

Slán le Coiste an Chumainn Ghaelaigh 22/23’

Aoife Wadd, OifigeachnaTríúBliana

Is mise Aoife, Oifigeach na Tríú Bliana. Bhí orm muintir na triú bliana a mhealladh chuig imeachtaí an Chumainn, na himeachtaí a roinnt ar Instagram, tacaíocht a thabhairt d’ullmhúchán imeachtaí an Chumainn agus an turas mór go Beirlín a eagrú le baill an fhochoiste! Má tá suim agat a bheith mar Oifigeach na Triú Bliana an bhliain seo chugainn, déan é! Bhain mé an-sult as an ról i mbliana.

Mo chuimhne is fearr ón mbliain ná an Cruinniú Ginearálta Urghnách. Bhí mé an-neirbhíseach roimhe agus mé ag rith chun a bheith mar Oifigeach na Triú Bliana ach nuair a shiúl mé isteach, bhí gach éinne chomh fáilteach! A bheith páirteach sa Chumann, ‘sé an rud is fearr a ndearna mé riamh!

Caoimhe Molloy, OifigeachnaGaeilge, AontasnaMacLéinn

Is mise Caoimhe Molloy, Oifigeach na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn. An chomhairle is mó a bheadh agam ná chun cinnte a dhéanamh go dtosaíonn tú leis an bpleanáil go luath. Achis é an rudis tábhachtaí ná nach n-imíonn do chuid suime, agus go leanann tú ar aghaidh ag baint taitneamh as an ról! Bain leas as gach uile deis, bíodh tú sa ról nó díreach mar bhall an Chumainn/an Aontais.

Tagann na cuimhní is fearr atá agam óna bheith ag siúl isteach i Seomra na Gaeilge i ngan fhios dom cé a bheadh ansin ach go mbeinn i measc cairde - ach le cuimhne amháin a phiocadh - an tseachtain go bhfuaireamar anraith tráta i ndiaidh trí sheachtain d'anraith muisiriúin amháin!

Preabadh na Súl

Caoimhe Molloy

Níl fágtha i bpionta Pav ach braon beora, -nó in iarchroíbhriseadh ach braon deora

Toitíní folaitheacha ar an talamh mar nutaí Comhráite iomlána laghdaithe go gutaí

Is ní chuimhníonn tú buafhocail an “rud is greannmhaire riamh i do shaol”.

Gach oíche amach measctha mar chuid scéil.

Tráthnónta le cairde a chríochnaigh ró-luath Sonraithe geamhaithe i mbraith cumha Do nósanna laethúla mar

“Rudaí go ndearna mé tráth ”

Ceithre bliain anseo cúlaithe go cúpla lá

20 | TUATHAL

Dusk Ó Boid

Is maith liom thú

Níl a fhios agam

Cén fáth

Ach

Tá a fhios agam gur

Mhaith liom thú.

Chonaic mé thú

Agus chonaic tú

Mé.

Cén fáth ar fhéach tú ormsa?

Ba mhaith liom go mbeadh a fhios agam cad a cheapann

tú fúm.

Ba mhaith liom

Fuath leat.

Ach ní féidir liom

Níl a fhios agam

Cén fáth go dtaitníonn tú

Liom.

Ach is féidir liom.

Agus anois

Tá mé ar an mbus.

Ag dul abhaile.

Agus tá tú leo.

Tá tú sásta.

Agus níl a fhios agam cad is mé.

Go raibh maith agat agus tabhair aire!

21 | TUATHAL

Ag Cuimhniú Stair na hÉireann: Ag Sábháil Sráid an

Mhúraigh

Cad é a shíleann tú nuair a chloiseann tú na focail ‘Sráid an Mhúraigh’? Más as Baile Átha Cliath ó dhúchais thú, b’fhéidir gurb’ é seo an áit a fhaigheann tú do chuid torthaí agus glasraí don tseachtain. Nó más cuairteoir tú fiú, seans go mbíonn tú ag breathnú thart ar na sráideannadoirneogaimBaileÁthaCliath nuair a thugann tú faoi deara margaí spleodracha Sráid an Mhúraigh. Gan a fhios duit, tá tú ag siúl ar cheann de na sráideanna is stairiúla i mBaile Átha Cliath.

Tááitlárnach ag Sráid an Mhúraigh iscéal 1916. Áfach, tá an siombail náisiúnta seo i mbaol ó chóras an chaipitleachais atá forleathan sa lá atá inniu ann. I mí an Mheitheamh 2022, thug Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cead pleanála do chomhlacht tráchtála Briotanach, ‘Hammerson’, chun na foirgnimh ar Sráid an Mhúraigh a scriosadh agus plás poiblí, darbh ainm ‘Dublin Central Project’, a chur ina áit.

Trasna na tíre, tháinig gníomhaithe le chéile chun Sráid an Mhúraigh a chosaint ó chrúcaí Hammerson. Bunaíodh an feachtas ‘Sábháil Sráid an Mhúraigh’ in 2014. Ó oíche eolais i mBéal Feirste, go stainnín i Sráid an Mhúraigh gach Satharn, oibríonn an ghrúpa inspioráideach seo gan sos gan scíth le daoine a chur ar an eolas agus airgead a bhailiú chun an suaitheantas de stair na hÉireann seo a chaomhnú. Bunaíodh ‘Trusta Caomhnú Sráid an Mhúraigh’ chomh maith, a bhí ar thosach ó ghaolta de chuid sínitheoirí an Fhorógra 1916. D’oibrigh siad le hailtirí chun plean a scríobh chun Sráid an Mhúraidh a athrú go ceantar stairiúil agus cultúrtha.

Ach cad is cúis le tábhacht stairiúil Sráid an Mhúraigh agus cad é go díreach a tharla anseo? Is eol do chách go raibh ceanncheathrú reibiliúnaigh na Cásca san Oifig an Phoist Ghinearálta (GPO), i lár chathrach Bhaile Átha

Cliath. Ach nuair a iaraíodh an tine tiarnúil, bhí ar na hÓglaigh bogadh amach as an GPO. Is é Sráid an Mhúraigh ceann de na háiteanna a ndeachaigh siad. Maraíodh duine de chuid Óglaigh na hÉireann, Mícheál Ó Rathaille, ina dhiaidh sin ar Sráid an Mhúraigh, agus é ag lanadh ruathar suas an sráid. Tá leacht ar Sráid an Mhúraigh anois ar an áit a bhfuair sé bás darbh ainm Paráid Uí Rathaille, agus tá taifead de focail deireanacha s’aige scríofa anois i bpeannaireacht s’aige féin san áit seo.

Chuaigh cúigear as an seachtar a shínigh an Fhorógra go dtí Sráid an Mhúraigh: Pádraig Mac Piarais, Tomás Ó Cléirigh, Seán Mac Diarmada agus Seosamh Pluincéid ina measc. Ag uimhir a 16 Sráid an Mhúraigh, shocraigh an ceannaireacht stop a chur le hÉirí Amach na Cásca agus iad féin a thabhairt suas. Chuir arm na Breataine chun báis sínitheoirí an Fhorógra ar fad ina dhiaidh sin, na cúigear a chaith bomaite saora deireanacha s’acu le chéile ar Sráid an Mhúraigh san áireamh.

Cuireann ‘Sabháil Sráid an Mhúraigh’ béim ar an bhfíric go bhfuil Sráid an Mhúraigh mar phointe stairiúil tábhachtach go hidirnaisiúnta. Mar shampla, bhí na grúpaí ag glacadh páirt i nÉirí Amach na Cásca uilig ar Sráid an Mhúraigh ag pointe amháin.

Is gá béim a chur ar thábhacht an tsainchomhartha seo. Bhí iarrachtaí an fheachtais rathúil ar dtús báire, agus chuir siad stop le hiarrachtaí Sráid an Mhuraigh a scriosadh san am atá caite. Ach, tá imní níos láidre anois maidir leis an fhadhb agus na pleananna is déanaí, fiú €500 milliún, sínithe cheanna féin. I mí an Mheithimh 2022, chuir búistéirar Shráid an Mhúraigh achainí isteach in éadan na pleananna nua. Chuir sé seo moill ar an bpróiseas. Ach, tá an troid chun Sráid an Mhúraigh a shábháil ag leanúint ar aghaidh, agus déanann gach post atá roinnte, gach guth a bhfuil cluas éisteachta tugtha dó agus gach achainí atá sínithe, difir ollmhór. Mar a dúirt

Seamus Heaney, ‘Ní hionann dóchas agus soirbhíochasinambítearag súillemaitheas,ach is rud é atá fréamhaithe san áitiús go bhfuil maitheas ann gur cheart troid ar a son’. Is

22 | TUATHAL

cinnte gur mhaitheas é Sráid an Mhúraigh, agus má leanaimid leis an móiminteam, is féidir linn toradh maith a bhaint amach. Le níos mó eolais a fháil ar an bhfeachtas, féach ar na nascanna thíos:

https://smsfd.ie/

https://www.irishtimes.com/culture/moorestreet-buildings-linked-to-1916-rising-savedfrom-demolition-1.1465759

https://www.independent.ie/regionals/dublin/d ublin-news/james-connollys-great-grandsoncalls-for-the-preservation-and-protection-ofmoore-street-42356525.html

https://www.irelandbeforeyoudie.com/whysaving-moore-street-is-important-and-whatyou-can-do-to-help/

Corp an Phortaigh

Tuigim na mothúcháin a bhí ag Oisín, Agus é ag filleadh ar ais abhaile

Chun tír fholamh a aimsiú

Gan aon áit don sean laoch.

Nuair a tharraing siad ón gcré mé, Bhí mé féin caillte freisin

Sa tír nua-aoiseach seo –Ag lorg na tíre a raibh aithne agam uirthi.

Bhí mé láidir, tráth –Throid mé i gcathanna, agus d’imigh mé ar shlí na fírinne. Agus choiméad an talamh a raibh an-ghrá agam di Mo chorp faoi rún faoin gcré.

Mo bhás foréigneach sna tréimhsí caite. Ag maireachtáíl tríd ghlúin i ndiaidh glúine, Craiceann agus gruaig agus cnámha amháin –Níos mó portach ná corp anois.

23 | TUATHAL

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.