Tuathal - Eagrán a hAon - 23/24

Page 1

Eagrán a hAon

Focal ón Reachtaire

Dia dhaoibh agus fáilte ar ais go dtí an chéad foilseacháin de Tuathal don bhliain acadúil seo. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an irisleabhar seo, áit ina bhfuil an deis ag an muintir Gaelach a smaointí agus a scéaltaí a scaipeadh. Is iris an-tábhachtach é Tuathal chun an teanga a choimeád beo sa choláiste. Tá a lán deiseanna ar fáil sa Chumann Gaelach chun an teanga a labhairt, ach is é Tuathal a choimeádann an scríobhnóireacht, an filíocht agus an t-ealaíon beo agus páirteach sa chultúr Gaelach anseo. Tá mé cinnte gurbh eagrán iontach é seo chun an téarma a thosnú amach, agus molaim daoibh ar fad a bheith páirteach den chéad ceann eile.

Bhí bliain den scoth againn anuraidh sa Chumann. Níl mórán cumainn ann a mbíonn ar laghad imeacht amháin acu gach seachtain, ach sa Cumann Gaelach is breá linn an craic. Idir na hoíchí ciúin i seomra na Gaeilge ag péinteáil nó ag seinnt ceol, agus na cóisir móra ag Oireachtas na Samhna agus ag Bál Gaelach, tá spás i gcomhair gach duine sa Chumann Gaelach (gan dearmad a dhéanamh ar na Céilís a féidir a tosnú ag aon am agus in aon áit)

An bhliain seo beidh an méid fuinneamh céanna againn agus níos mó. Tá fáilte roimh gach duine i Seomra na Gaeilge ag aon am, agus beidh a lán ag tarlú ann go luath. Coinnigh súil amach do Anraith agus Arán gach Céadaoin. Chomh maith le sin tá cáil maith againn ag Oireachtas na Samhna mar an Ollscoil leis an gléasadh suas is fearr, agus táim ag súil an duais sin a choimeád ar feadh bliain amháin eile.

Mar focail scoir, bain taitneamh as léamh an t-irisleabhar seo. Téann a lán obair isteach ann ó na scríobhnóirí agus na ealaíntóirí, agus go háirithe ón eagarthóir Fachtna. Tá áthas orm go bhfuil sibh ag iarradh bheith páirteach don phobal Gaelach sa choláiste agus beidh mé ag súil le bualadh libh ar fad i rith na bliana.

Mac Ó Briain

Reachtaire an Chumann Ghaelaigh

Litir ón Eagarthóir

A léitheoir, Tá mé an-sásta Tuathal ar chur os bhur gcomhair don chéad uair i mbliana. Tá bliain acadúil nua tagtha chugainn i gColáiste na Tríonóide, agus leis sin, baill nua scoláirí sa chéad bhliain. Is taithí álainn é an coláiste, gur féidir leat do bhlas don saol a fhorbairt tríd an scoláireacht, tríd cairdeas, agus tríd teanga. Tá mé tar éis cnuasach ailt, scéalta agus filíochta a lorg don eagrán seo a bpléann le téamaí phearsanta in am lán le hathruithe. Tá comhairle ann don scoláire nua, tá machnamh ar rudaí imithe uainn, agus tá scéalta mór taistil. Tá grá, tá éiginnteacht, agus tá daonnacht chaoin.

Rud a cheanglaíonn gach scéal nó píosa filíochta faighte agam don eagrán seo ná an teanga trína dtarraingítear an pictiúr, an Ghaeilge. Is léiriúcháin nua-aimseartha atá faighte agam ar cad atá in ann don Ghaeilge amach anseo - Teanga atá neamhspleách anois ón íomhá de bheith Gaelach, leis an gceol, an spóirt, agus leis an tÉireannachas. Cinnte is gnéithe álainn iad seo de chultúr na tíre seo, ach ní chóir teanga a chaitheamh isteach leo. Ní chóir go mbeadh meáchan sa bhreis tugtha ar teanga ag súil go snámhadh sé. Tá an teanga ag filleadh ar am a bhí aige, in úsáid mar uirlis agus lionsa againn, mar Éireannaigh nó ó aon tír eile, chun an saol mór s’againne a fheiscint agus a bhraith. Fuair mé scéalta faoi Mheiriceá agus faoi Oirthear na hEorpa, ó na Déise agus ón Fhrainc, agus uathu sin tá radharc againn ar an Domhain trí Ghaeilge. Is teanga idirnáisiúnta atá againn anois. Leis sin, bhféidir gur irisleabhar idirnáisiúnta atá againn ag an am céanna.

Tuathal Eagrán a hAon 2
Oifigeach Foilseachán an Chumann Ghaelaigh

Clúdach

Clár Tuathal

2. Litir ón Eagarthóir & Reachtaire an Chumann Ghaelaigh

4. Nuacht ó Oifig na Gaeilge

5. Buaicphointí na bliana seo caite

6. Ag Spalpadh Gaeilge - Cathal Ó Mhurchú

7. TCD 101 - Máire Cáit Ní Artáin

9. Coláiste na gCócairí - Ruairí Goodwin

12. Nóta ar Bhaile Átha Cliath - Conor Dubh

13. Cnuasach Gearrfhocal as Gaeltacht na nDéise - Rónán Ó hÉigeartaigh

14. Seimeastar thar lear - Aoife Ní Mhainnín

15. An Spailpín Eorpach - Hugh Ó Caoláin

20. Seirbhísí agus Imeachtaí trí Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide

Tuathal Eagrán a hAon 3
Na hEalaíona Leathanach Ait agus Iontach a bheith beo - Gan ainm 23. Sa Samhradh, Sna Choillte - Tara Ní Bhroinn 24. Buachaill - Dusk Mac Buideach 25. Díthreabhach - Eve Nic an Phápa 26. Slán Abhaile - Fachtna Mac Conghail 27. Na Spailpíní - Gan ainm 29. Radharc den tSamhraidh - Adam Tracey 30. Trí Dhán - Simi Oluburode 34. Leathanach Instagram @cumanngaelachtcd Facebook @Cumann Gaelach X @CumannGaelach
tógtha
Aodhán
ag
Ó Mhurchú

Nuacht ó Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide.

A chara, ba mhaith le hOifig na Gaeilge céad míle fáilte a chur romhat go Coláiste na Tríonóide don bhliain acadúil 2023-24 agus go háirithe roimh mhic léinn atá sa chéad bhliain.

Is mise Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide. Bím ag plé le reachtaíocht teanga agus le seirbhísí agus deiseanna labhartha Gaeilge a chur ar fáil do phobal na hollscoile. Oibrím i gcomhair le Coiste na Gaeilge chun eolas agus comhairle ar fáil do ranna agus d’oifigí ollscoile maidir le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021. Ina theannta sin, déanaim bainistíocht ar an Scéim Cónaithe (lóistín Gaeilge atá ar fáil ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide), ar Sheomra na Gaeilge, agus ar na ranganna Gaeilge saor in aisce a bhíonn ar fáil i rith na bliana acadúla. Cuirim seirbhís aistriúcháin ar fáil d’fhoireann na hOllscoile agus eagraím imeachtaí éagsúla i rith na bliana.

Tá go leor deiseanna ann chun an Ghaeilge a labhairt agus a chleachtadh i gColáiste na Tríonóide. Is cumann an-ghníomhach é An Cumann Gaelach agus bíonn imeachtaí spraíúla ar bun acu gach seachtain, mar aon le gníomhaíochtaí na Scéime Cónaithe i Halla na Tríonóide agus ar an gcampas. Tá Seomra na Gaeilge ar an gcampas agus fáiltítear roimh gach mac léinn úsáid a bhaint as. Is bealach iontach atá sna himeachtaí seo bualadh le daoine nua agus saol pearsanta a chaitheamh trí Ghaeilge.

Guím gach rath ar Mhac O’Brien, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, ar choiste an Chumainn, agus ar Phádraig Ó Brádaigh, Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn, i mbliana. Tá go leor gradam náisiúnta bainte amach ag an gCumann a bhuíoch do na gníomhaíochtaí nuálacha atá curtha i gcrích acu ó bhliain go bliain agus an bealach ina bhfreastalaíonn siad ar a mballraíocht.

Tá tábhacht le foilseacháin Ghaeilge agus tugann Tuathal léiriú iontach dúinn ar shaol an mhic léinn i gColáiste na Tríonóide mar aon le deis do mhic léinn a gcuid cumadóireachta a fhoilsiú. Guím gach rath ar an eagarthóir, Fachtna Mac Conghail, agus ar a fhoireann don bhliain.

Má bhíonn ceist, tuairim nó smaoineamh agat maidir leis an nGaeilge san ollscoil, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh liom i rith na bliana.

Gach ádh ort agus tú ag cur tús le nó ag filleadh ar d’aistear ollscoile.

Áine Ní Shúilleabháin

Oifigeach na Gaeilge

Tuathal Eagrán a hAon 4

Buaicphointí na bliana seo caite Bhí

Tuathal Eagrán a hAon 5
an-bhliain
againn!

Ag Spalpadh Gaeilge!

An deis atá ann le feabhas a chur ar do Ghaeilge sa Choláiste le Cathal Ó Mhurchú

Creidim gur chóir d'éinne a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge a bheith páirteach sa Chumann Gaelach fiú mura bhfuil do Ghaeilge ar fheabhas (go fóill). Shínigh mise díreach trí thimpiste ag tús na bliana seo caite ach táim chomh buíoch go raibh mé i mo bhall leo don bhliain anois.

Bhí mé an-neirbhíseach ag tosú sa chéad bhliain agus ní raibh aithne agam ar mórán eile timpeall. Is cuimhin liom ag dul go dtí an chéad “Anraith agus Arán", leis an lucht Gaelach ag cur fearadh na fáilte romham i Seomra na Gaeilge. Ní raibh mé muiníneach as mo chuid Gaeilge ar chor ar bith. Ní raibh mé in ann ach frásaí simplí a rá agus ní raibh aon líofacht ar mo chaint. Áfach, bhuail mé le daoine eile ag tosú sa choláiste agus thuig mé ansin go raibh roinnt daoine sa chás céanna liom - Daoine nach raibh Gaeilge iontach acu ach a bhí an-suim acu inti a fheabhsú.

Bhí an t-ádh liom ina dhiaidh sin gur chas mé ar daoine a bhí sa scéim cónaithe. Go tobann, bhí grúpa cairde agam a bhí in ann cabhrú liom le mo Ghaeilge agus go raibh mé in ann cleachtadh a dhéanamh leo. Thosaigh mé ag dul go Club an Chonradh leis na cairde seo agus thug mé faoi deara go raibh mé in ann níos mó cainte a thuiscint gach aon uair a bhí mé ann. Bhain mé taitneamh mór as na hoícheanta sin. Bhí mo chuid cainte ag éirí i bhfad níos tapúla agus bhí mo stór fhocail ag méadú.

Thosaigh mé ag úsáid áiseanna ar líne chun foghlaim freisin. Léigh mé ailt ar tuarisc.ie agus ar an aip RTÉ. D'éist mé le podchraoltaí éagsúla freisin. Sílim gurbh uirlisí iontacha iad seo chun focail agus nathanna nua cainte a phiocadh suas. Is gá a bheith ag díriú go dian agus atá tú ag léamh nó ag éisteacht ach is bealach den scoth é chun cleachtadh nuair nach bhfuil tú le daoine eile. Tá sé iontach tairbheach agus is fiú é i ndáiríre.

Lean mé ag freastail ar imeachtaí an chumainn agus ag cur feabhas ar mo Ghaeilge ach bhí mé fós ag streachailt uaireanta, ar ndóigh. Ag deireadh an chéad seimeastar, cuireadh díospóireacht ar súil. Bheartaigh mé dul chuici ach ní raibh mé ag tnúth go mbeadh sé chomh deacair domsa na hóráid a thuiscint. Chuir sé sin an-frustrachas orm ach bhí an-spraoi ann ag an am céanna. Measaim go bhfoghlaimítear an cuid is mó nuair atá tú míchompordach. Mar sin, d'fhoghlaim mé ón taithí sin agus tá mo Ghaeilge níos fearr mar gheall air.

Chomh maith leis na n-imeachtaí gach seachtain, d'eagraigh an cumann turas thar lear den chéad scoth. Chuamar go Beirlín agus bhain gach duine sult agus tairbhe as. Bhí an deis againn bualadh le Conradh na Gaeilge Bheirlín fad is a bhíomar ann. Is cuimhin liom gur d’imríomar "scrabble" as Gaeilge leo agus bhí an oíche fíorghreannmhar ar fad. Ba thaithí iontach a bhí sa turas mar go raibh an Ghaeilge timpeall orainn. Bhí gach duine ann ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus arís, chuaigh mo chaighdeán Gaeilge in airde.

Ag an mBál Gaelach ag deireadh na bliana, smaoinigh mé siar ar an mbliain. Bhí bród orm asam féin. Mhothaigh mé gur chuir mé iarracht isteach agus go raibh mo sprioc bainte amach agam leis an gcabhair agus leis an spreagadh ó mo chairde nua. Áilleacht an Chumainn i mo thuaraim ná tacaíocht agus cairdiúlacht na ndaoine. Is mór an chraic é freisin! S'é sin an fáth gur chóir do gach duine a bhfuil suim éigin acu sa Ghaeilge dul isteach sa Chumann in ainneoin a gcaighdeán.

Tuathal Eagrán a hAon 6

TCD 101

Le Máire Cáit Ní Artáin

Cinnte dearfach, agus mé ag tosnú sa chéad bhliain sa Choláiste, bhí mé braon de na moltaí agus na leideanna éagsúla a bhí á thabhairt dom. Seachtain tar éis seachtaine, bhí tuistí, gaolta, cairde níos sine (agus fiú amháin an madra) ag tabhairt comhairle de shaghas éigin dom. Ach, ar ndóigh, fiú mura raibh mé sásta éisteacht le héinne, cailín fíor-bhuíoch atáim anois agus mé ag dul ar aghaidh sa darna bhliain. Seo thíos Seiftsaoil an Chéad Bhliain.

Gan mhoill ar bith, tar éis ócáid mhór na dtorthaí agus céiliúradh na dtairscint, thug mé faoi deara go raibh mé go tobann i mo chónaí sa chathair mhóir, le boscaí mo shaol fite fuaite i mo sheomra nocht nua. Níor thugthas faoi deara an athrú a dtiocfadh chugam!

An Chéad Chéim - Ar aghaidh leat chuig Margadh na bhFreisear! Ó dreapadóireacht go snámh, peil go bádóireacht, agus ó cheol go, fiú, iompair meácháin, cinnte tá gníomh ann d’achan duine. Is deis iontach iad na sochaí chun cairde nua a dhéanamh, agus an díograis atá agat do chaithimh aimsirí a choimeád láidir. Ná bí leadránach, glac páirt! Níl aon leithscéal ann, i ndáiríre, le táillí bídeacha €2 le híoc do bhliain lán le gníomhaíochtaí agus spraoi leis an tsochaí. Ghlac mise ballraíocht sa Chumann Ghaelach agus sa tsochaí ‘Singers’, agus ní féidir a shéanadh gur cinneadh den scoth a bhí ann. Anois, agus mé ag dul go brách sa darna bhliain, is féidir liom a rá go muiníneach gur bhuail mé leis na daoine is deise, is suimiúila agus is cairdiúla i mo shaol riamh. Ní féidir liom a thuilleadh a mholadh!

Tá cúis eile ann go bhfuil Seachtain na bhFreisear mar an seachtain is fearr sa bhliain – na Lascainí atá ar fáil duit. Bia, éadaí, earraí grósaera, aon ní atá de dhíth. Mhair mé 3 seachtaine i dTula Burritos, ag ithe na burritos a bhí le praghas dochreidte €5.

Tuathal Eagrán a hAon 7
‘Bhuail mé leis na daoine is deise, is suimiúla agus is cairdiúla i mo shaol riamh’
Paul Sharp/Sharppix

Agus mé ag tosú amach, ní raibh pingin ná punt agam, (tá mé ag rá sin anois agus mé fós le faic i mo chuntas), ach leis na lascainí dochreidte a bhí á thabhairt amach saor in aisce, bhí mé in ann maireachtáil go bog!

Tá athrú millteanach mór bainte leis an Chéad Bhliain i gcomparáid leis an mheánscoil, go háirithe leis na léachtaí iad féin. Tá na cúrsaí ‘Ready, Steady, Write!’ fós le teacht chugat, (is cinnte go bhfuil tú sceitimíneach), agus an t-easpa tuiscine atá bainte le struchtúr IOMLÁN nua na haistí. Scannal mór atá ann nach bhfuil daltaí na hArdteiste ullmhaithe don stíl scríobhneoireachta nua atá i gceist le hobair an choláiste, ach ná bí buartha! Tá aipeanna agus suíomhanna úsáideacha gur féidir a fháil a chabhraíonn le do thascanna, cosúil le ‘Grammarly’, a chuidíonn le cosc an bhradaíl agus an litriú,

agus ‘Zotero’, a chabhraíonn go mór le suíomhanna iontaofa a aimsiú gur féidir eolas a fháil do do thasc. Cé nach bhfuil an chéad tasc nó dhó simplí, gan dabht ar bith, éiríonn an oibre i bhfad níos éascaí.

Ar an nóta sin, ní féidir a shéanadh go n-eirítear cleachtaithe leis na múinteoirí ag rá leat cad atá le déanamh gach lá. Is ábhar mór géaráin atá ann agus muid ar scoil, ach nuair a thosaíonn an choláiste, imíonn aon saghas treoir, comhairle nó cabhair ceart. Tá tú ag seasamh ar do dhá chos féin anois! Chuir an t-athrú cultúrtha seo fíor-ionadh orm agus gan dabht bhí mé ag streachailt leis na hathruithe móra millteanach seo. An taon rud a bhí le déanamh anseo ná comhairle a fháil ó do threoraí, duine atá leagtha ort chun aon ceisteanna a fhreagairt agus comhairle a thabhairt. Chomh maith leis sin, tá suíomh idirlíne Coláiste na Tríonóide go maith ó thaobh ceisteanna agus freagraí. É sin ráite, áfach, ná bíodh eagla ort ceist nó dhó a chur ar an léachtóir: mura gcuireann tú ceist, ní réiteofar an fadhb ina aonar! Tá réiteach le fáil ar gach ní sa deireadh, ná déan dearmad ar sin.

Más dalta thú atá ag tosnú amach sa chéad bhliain i gColáiste na Tríonóide, tá am iontach in ann duit! Cinnte, beidh laethanta ann a mbeidh deacair agus dúshlánach, ach is leor díreach do dhícheall a dhéanamh. Ar ndóigh, níl aon duine cinnte faoi achan rud atá bainte leis an choláiste, agus tá gach duine fós ag foghlaim. Tá súil agam go gcabhróidh na Seiftsaoil éagsúla seo leat agus tú ag preabadh i mbliain nua i gColáiste na Tríonóide. Ádh mór!

Tuathal Eagrán a hAon 8

Biachlár

Risotto le Scuais

Sailéad Núdail

Seasaman

Le Ruairí Goodwin

Tuathal Eagrán a hAon 9
Coláiste na gCócairí

Risotto le Scuais

Is oideas breá í seo atá simplí go leor d’oíche ciúin leat féin, ach casta go leor le réitiú do dhuine speisialta. Chomh maith le seo is béile maith í le réitiú roimh ré, is béile maith í le tabhairt isteach mar lón pacáilte. Is féidir scuais, puimcín nó cúirséad fiú.

Céimeanna:

1. Réamhthéigh an oigheann go 200°C

2. Gearr an scuais i leath. Bain amach na síolta is cuir an dá leath ar tráidire bácála. Doirt leath an ola olóige is an salann orthu agus cuir an trádaire isteach san oigheann. Cócair iad ar feadh 15 nóiméad nó go bhfuil siad bog go leor le brú le forc.

3. Is an scuais san oigheann, gearr na seallóidí i gciúbanna an-bheaga. Téigh friochtán domhain go teocht measartha ard is cuir isteach an ola olóige atá fágtha. Frioch an seallóid go dtí go bhfuil dath órga orthu, sin cuir an gairleog brúite leis. Frioch ar feadh 30 soicind eile, sin cuir isteach an rís.

4. Frioch an rís ar feadh nóiméad, athróidh an dath rud beag, sin cuir isteach i ndóthain stoc chun an rís a clúdach is ísligh an teocht. An slí le risotto a dhéanamh ná an stoc a chuir isteach giota ar giota, ag meascadh go minic, go dtí go bhfuil sé cócaráilte go foirfe. Ba chóir aird a choinneáil ar ag an stad seo, ag cinntiú na triomaíonn sé an iomarca. Mairfidh seo thart ar 20 nóiméad.

Comhábhair

• 1 scuais

• 2 spúnóg bhoird d’ola olóige

• 1 spúnóg tae de salann

• 2 seallóid

• 2 ionga gairleoige, brúite

• 1L de stoc glasraí (is féidir ciúb stoic a úsáid)

• 200g de rís arborio

• 25g d’im

• 50g de parmesan ghrátáilte (nó grana pandano atá níos saoire)

• Gráinnín noitmige

5. Nuair atá an scuais réidh, bain amach é agus bain an craiceann dó. Ansin brú an scuais le forc nó brúiteoir prátaí go dtí go bhfuil sé mian. Ansin measc isteach sa risotto é.

6. Ar deireadh, bain an friochtáin den teas, is chuir isteach an im, an noitmige agus leath den cáis. Measc seo go maith sin cuir ar an mbord é le tuile cáis ar barr.

Tuathal Eagrán a hAon 10

Sailéad Núdail Seasaman

Is oideas simplí ach iontach blasta í seo gur féidir a réitiú go gasta nuair atá tú gafa le aiste nó ag brostú chun imeacht ag Club Conradh na Gaeilge. Chomh maith le sin is féidir í a athrú duit féin, úsáid na glasraí a thaitníonn leat nó cuir isteach sicín nó séaclaí má tá próitéin de dhíth do na ‘gains’.

Comhábhair

• 50g de núdail tanaí

• 2 spúnóg bhoird de síolta

seasamain

Don anlann:

• 2 spúnóg bhoird d’anlann

soighe

• 1 spúnóg bhoird d’im piseanna

talún

• 2 taespúnóg de fíneagar rís

• 1 taespúnóg de siúcra bán

• Clóbh gairleoige, brúite

• Orlach de sinséar, brúite

• 1 spúnóg bhoird d’ola

seasaman

Na glasraí:

• 1 cairéad, mionstiallta

• ¼ de cabáiste dearg, mionstiallta

Céimeanna

1. Cócair na núdail mar atá dírithe ar an bpaicéad. Nuair atá siad réidh, cuir in uisce fuar iad, sin draenáil iad.

2. I mbabhla, measc na comhábhar don anlann le chéile le forc go dtí go bhfuil sé aonchineálach. Más maith leat bia spíosrach, is féidir ola sillí, sriracha no púdar sillí a chuir isteach ag an stad seo.

3. Gearr na glasraí i slisíní beaga. Le fírinne is féidir aon saghas glasra amh a úsáid don oideas seo, molaim go h-ard cabáiste dearg a úsáid ach bhéad piobair, cúcamar nó leitís oiriúnach comh maith.

4. I mbabhla mór measc na núdail, glasraí is anlann ar fad le chéile. Croith na síolta seasamain ar barr is tá sé le n-ithe!

Bon Appetit! Bain Sult As!

ó Ruairí, Oifigeach Cócaireachta an Chumann

Tuathal Eagrán a hAon 11

Nóta ar Bhaile Átha Cliath

Le Conor Dubh

Le déanaí, Tá na meáin breac le plé diúltach maidir le Baile Átha Cliath. Is iad an ghéarchéim tithíochta, cuma ghioblach Shráid Uí Chonaill agus drochchaighdeáin iompar poiblí na gnéithe a dhéantar an méid is mó den phlé dhiúltach seo orthu. Anuas ar seo, tá fás mór tagtha ar líon na nionsaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath, ach go háirithe ar thurasóirí agus ar eachtrannaigh. Is iad cásanna truamhéalacha an Meiricéanach Stephan Termini agus an tÚcránach Oleksandr Herkov a thagann chun intinne ach go háirithe. Tá an méid seo ar fad tar éis tionchar mór a imirt ar atmaisféar na cathrach. Atmaisféar atá, ar an drochuair, mórán éadóchais le braistint ann.

Is léir, mar sin, go bhfuil neart lochtanna ag cathair Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil bóthar fada casta fós le taisteal ag an chathair. Cé go bhfuil antábhacht ag baint le plé a dhéanamh ar an méid atá cheana féin luaite, is dóigh liom gur chóir roinnt mhachnamh a dhéanamh ar an mhaitheas a ghabhann leis an chathair ionas nach neadaítear atmaisféar ró-ghruama ar an chathair agus ar mhuintir na cathrach maidir leis an aimsir láithreach, agus le todhchaí na cathrach. Tráth dá

raibh, ní raibheas cinnte an raibh aon mhaitheas ag baint leis an chathair. Ach, Is léir dom anois go bhfuil an maitheas seo ann.

Bhíos ag déanamh machnamh ar chursaí taistil agus turasóireachta go réasúnta minic. Agus mé i mbun an mhachnamh seo, bhíodh mé ag filleadh arís agus arís eile ar an cheist seo a leanas: Cad sa diabhail a mheallann na turasóirí uilig seo go Baile Átha Cliath ? De réir cuardach tapaidh Google tháinig breis is 5.9 milliún turasóirí go Baile Átha Cliath i 2017. Thuig mé go raibh nascanna clainne ag roinnt don 5.9 mhilliún seo, ach go háirithe na turasóirí mheiriceánacha. Chomh maith le seo is gá a luadh go meallann cultúr ólacháin na hÉireann atá cáil idirnáisiúnta cuid eile do na turasóirí seo. Ach, dúirt mé níos luaithe go raibh mé éiginnte an raibh aon mhaitheas ag an chathair, mar sin bhí sé an deacair orm mo lámh a chuir ar cad é ach go háirithe a mheallann na turasóirí eile ar fad nach dtagann go Bhaile Átha Cliath de bharr an dá chúis atá luaite thuas. Bhí na smaointe seo spreagtha ionam i ndiaidh dom cuairteanna a thabhairt ar mhórán chathracha Eorpacha a bhí, i mo thuairimse, níos deise ná Baile Átha Cliath. Ní amháin go raibh na cathracha seo níos deise, bhí siad i bhfad níos saoire chomh maith!! Is iad an mhaorgacht, an t-áilleacht agus an tailtireacht atá mar na céad rudaí a dhéanann turasóirí meas ar agus iad ag tabhairt cuairt ar chathair. Samplaí den mhéid seo ná phálás Buckingham agus an Sagrada Familia(i.e sainradharcanna nósmhara). I mo thuairimse tá ganntanas ar an mhaorgacht ailtireachta seo ag Baile Átha Cliath, ach go háirithe nuair a chuirtear í i gcomparáid le cathracha eile na hEorpa. Is dócha go raibh léir mór do na cathracha eile seo mar mhórchathracha i mhórimpireachtaí. Bhíodh raidhse airgid ag teacht go Madrid ó na coilíneachtaí sa Domhain nua i ndiaidh gaiscí roinnt de na taiscéalaithe iomráiteacha ar nós Cortes agus Columbus. Sa tráth céanna seo, is a mhalairt a bhí ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus Éireann. Bhíodh an t-airgead ag imeacht thar sáile seachas ag teacht isteach go flúirseach. Ar ndóigh, is ón tairgead breise ar fad seo a tháining saintréithe

Tuathal Eagrán a hAon 12
‘Cad sa diabhail a mheallann na turasóirí uilig seo go Baile Átha Cliath?’

ailtireachta a bhaineann le na cathracha mhaorga seo, ar nós na geargáil atá le feiscint go flúirseach i Londain.

Agus mé ag suí ar an DART le déanaí ag féachaint amach an fhuinneog, bhuail splanc léargais mé maidir le maitheas Bhaile Átha Cliath. Tá an Dart, i mo thuarimse, ar ceann do na traenacha is maorgaí atá le feiceáil in aon chathair Eorpach. Is féidir dul go haillte Bhinn Éadair nó go cé Dún Laoghaire laistigh do leath uair an chloig ón gcathair. Gan dabht tá áilleacht faoi leith nádúrtha ag baint le na háiteanna seo. Is é ón t-áilleacht seo a bhfaigheann Bhaile Átha Cliath a cuid maitheasa agus meallteachas do thurasóirí, Is annamh a bhíonn ceann de mhórchathracha na hEorpa ar an gcósta agus lonnaithe i gcóngáir le nádúr ghalánta . Is dóigh liom (ar roinnt cúiseanna éagsúla) nach mbeidh mé i mo chónaí in Éirinn agus mé níos sinne. Nuair a bheidh mé ar chóráis iompar phoiblí eile is cinnte go mbeidh ag smaoineamh siar le dea-chuimhní ar an áilleacht a bhaineann le turas a thógáil ar an DART, ó dheas nó ó thuaidh, agus ag suí go suaimhneach ag amharc amach ar chuan Baile Átha Cliath. Beidh sé deacair an áilleacht sin a sharú i gcathair ar bith eile. Pé rud a tharlaíonn don chathair idir olc nó mhaith, is gá dúinn i gcónaí buíochas a ghabhadh as ucht na háilleachta nádúrtha atá ag Baile Átha Cliath agus an áisiúlacht agus cóngair a bhaineann leis. Is gá do muintir na cathrach roinnt ionsparáid a thógáil ó na turasóirí ar fad a thagann go Baile Átha Cliath ar son na maitheasa, agus éalú ó am go ham ón t-atmaisféar duairc faoin cathair atá le braistint go ró-mhinic inár sochaí. Cé gur féidir rá go bhfuil díth ailtireachta álainn againn, caithfear rá go saraítear aon díth ailtireachta le flúirseacht áilleacht nádúrtha.

Cnuasach Gearrfhocal as Gaeltacht na nDéise Le Rónán Ó hÉigeartaigh

Aireachas1 - Aire

Ainniseoir - Créatúirín Bocht

Ansan/Anso/Ansúd - Ansin/Anseo/Ansiúd

Aoinne2 - Aon duine

Barraicín - Méar coise

Breascast - Bricfeasta

Caincín - Srón

Casóg - Cóta

Dé chúis - Cén Fáth

Dhein3 - Rinne

Dén fhad - Cá fhad

Fé - Faoi

Fuireach4 - Fanacht

Madán - Amadán

Maireachtain - Maireachtáil

Nín - Níl

Nómant - Nóiméad

Ó shoin5 - Ó shin

Rioth6 - Rith

Taibhreamh - Brionglóid

Thá - Tá

Tigh - Teach

Truscar - Feamainn

Tuathal Eagrán a hAon 13
2 /aiŋʼə/ 3 /jin′/ 4 /fʼrʼax/ 5 /o: xinʼ/ 6 /rʼox/
1 Scaití ‘reachas

Seimeastar Thar Lear le

Aoife Ní Mhainnín

Grian, gáire, agus beagáinín staidéir… is iontach an t-eispéireas bheith ag staidéar thar sáile ar feadh bliana. An bhliain seo chaite, chaith mé seimeastar amháin sa Fhrainc agus ceann eile sa Ghearmáin, mar chuid de mo chéim teangacha nua-aimseartha. Cé go mbíonn go leor oibre i gceist chun téarma Erasmus a eagrú agus a stiúiriú – bheifí bréan den páipéarachas ar fad – is fiú go mór é!

Don chéad téarma, ba i Lyon a bhíos. Bhí lá eolais againn san ollscoil fraincise ag an dtosach ach seachas sin ba suas chugainn é bheith eagraithe lenár ranganna. Bhí orainn cúrsaí a chuardach ar chláir fógraí timpeall na campais uilig agus cead a lorg ó na léachtóirí cuí (san ollscoil thar lear agus i gColáiste na Tríonóide) sula rabhamar in ann clárú dóibh. Thóg sé seo roinnt ama, agus is mór an frustrachas a bhí orm agus mé ag cur amchlár le chéile i rith na chéad míosa. Nuair nach raibh ranganna agam, áfach, bhí go leor spraoi agam leis na scoláirí Erasmus eile, ag déanamh taiscéalaíochta ar an gcathair nua agus ag cur aithne ar a chéile. Bhí comhscoláirí eorpacha agam, ach freisin ó Meiriceá, ón Astráil, agus ón Áis.

Agus mé i Heidelberg don dara leathbhliain, b’eispéaras difriúil arís é. Shíníomar suas do na ranganna ar líne roimh thosach an téarma, ach bhí roinnt clárúcháin ghinearálta le déanamh mar saoránach nua sa tír. Cinnte is mór an maorlathas sa Ghearmáin fós! Eagraíodh go leor cruinnithe dúinn ag tús an seimeastair chun go mbeadh a fhios againn conas mar a oibrigh an córas ollscoile ann agus tugadh an deis dúinn aithne a chur ar ár gcomhscoláirí chomh maith. Eagraíodh eachtraí ar nós fánaíocht sna sléibhte áitiúla agus taiscéalaíocht sna bailte i ngar, mar aon le oícheannta amach. Is iomaí turasanna a rinne mé timpeall na tíre le mo chairde nua ina theannta sin.

Gan amhras, is córas difriúil atá ann sna hollscoileanna thar lear – sa tslí a reachtáiltear na ranganna, an saghas scrúduithe a scrítear, an córas measúnaithe agus na grádanna a bhronntar. Sa Fhrainc, mar shampla, seachas I agus II-1 srl., bronntar grád idir 0 agus 20 agus caitear 10 nó níos mó a aimsiú chun pas a bheith agat. Sa Ghearmáin, má fhaightear 1.0 go dtí 2.7 is ionann é sin agus I a fháil in Éirinn. Tógann sé tamall dul i dtaithí ar na córais éagsúla, ach tá sé suimiúil iad a chur i gcomparáid lena chéile.

Nuair a táthar i dtír eachtrannach, cuirtear scrúdú de shórt ar do líofacht sa teanga iasachta. Ní bhíonn an t-am agat smaoineamh faoin freagra ná abairtí fada galánta a chruthú. Is mó brú a bhíonn ort i dtosach ach tagann feabhas tapaidh ar do scileanna cumarsáide. Bhraith mé ach go háirithe gur thuill mé i bhfad níos mó muiníne ionam féin agus i mo chuid Fraincíse buíochas leis an téarma i Lyon. Ní hamháin an teanga a théann i bhfeabhas, áfach. Foghlaimítear neart faoi chultúr na tíre ina bhfuiltear maraon le cultúir an domhain. Cheap na Spáinnigh agus na hIodáiligh go raibh mé chomh aisteach agus mé ag ithe dinnéir ar a sé san iarnóin! Is deis í bliain thar lear neamhspleáchas a bhaint amach agus freagracht a bheith agat duit féin. Bíonn ort do chuid siopadóireachta féin a dhéanamh, cinntí a bhaint amach maidir le dinnéar, d’árasán féin a ghlanadh agus foghlaim conas cónaí le daoine difriúla ó tíortha éagsúla.

Bhuail mé le daoine ó chuile tír ‘s cultúr agus is iomaí cairdeas ilnáisiúnta a rinneas. Más rogha duit é am a chaitheamh thar sáile i rith do chéime, mholfainn go hard na spéire é!!

Tuathal Eagrán a hAon 14

An Spailpín Eorpach

Le Hugh Ó Caoláin.

15
Tuathal Eagrán a hAon
15
Tuathal Eagrán a hAon

Le linn an tsamhraidh, ar nós cuid mhaith díobh, chuaigh mé ar turas

‘InterRail’ tríd na hEorpa, ach ní cosúil le gnáth-turas a bhí sé! Go simplí, thosaigh mé tar eis cúrsa teanga Iodálaíse a dhéanamh i mBologna (Ciao!), ansin ó dheas go Cathair na hAithne , agus ar ais abhaile tríd na Balcáin. Bheinn in ann labhairt ar gach cuar sa bhóthar thar leathanach iomlán, ach is iad na heispéiris uathúil atá níos suimiúla.

Le linn an turas seo, bí ar an eolas nach raibh plean agam a mhairfeadh ach an chéad chúpla lá. Píosa scanrúil, ach fíor-eachtraíocht a mbeadh ann! Tar eis an cúrsa teanga, fuair mé an traein ó dheas go Bari, turas a thóg tamall an-fhada, gan an bád chuig an Ghréig san áireamh fiú! Faoin am a sheasas ar an dtalamh Gréagach, agus 18 uair caite ar bád, bhíos traochta. Níor chuaigh an bus chuig an Aithin go dtí a hocht istoíche, agus, mar sin, chaitheas mo chuid ama ag siúl thart ar an mbaile beag a bhí cois cuain.

Mo dhia, an bus - Ocht n-uaire an chloig is moille, is casta a bhraith mé ariamh. Níorbh ach 360km ann, ach OCHT N-UAIRE?!? Nuair a shroich an bus na cathrach (faoi dheireadh), trí a chloig ar maidin a bhí ann, agus gan phlean, nó leaba don oíche, ní raibh mórán rogha ach codladh faoin aer bog Aithineach. Fuaireas páirc, agus rinneas iarracht dul i mo chodladh. An maidin dar gcionn, bhíos chun bualadh le mo mháthair, a bhí ar a cuid laethanta saoire. Bhí árasán curtha in áireamh aici, agus don chéad uair i beagnach trí lá, bhí leaba ceart faighte agam!

Tar éis na hAithne, (áit iontach, lán le stair agus bia álainn), shocraigh mé ar Sliabh Olympus a dhreapadh. Ní bheadh sé seo fuirist, ach bhíos ar bís dó. Bhí fuinneamh nua tagtha chugam tar éis bia (agus reast) na hAithne. Nuair a tháinig mé as an dtraein i gKaterini, is siúlóid fada a bhí romham, fiú roimh an sliabh. Dhá uair déag a shiúl mé an lá sin, faoi ghriain an mheán lae Gréagach agus tríd gortanna cruithneachta (l’íomhá de Gladiator i mo cheann), sular stop mé, ar thaobh na sléibhe, chun codladh a fháil, arís faoin aer. Agus na réaltaí! Ní fhaca mé riamh réaltaí chomh lonrach, a bhí ar nós pionnaí beaga gealla ar chúlra chomh dubh le gual. Nuair a d’fhill an ghrian um maidine, bhí 2000 meadar díreach in airde le dreapadh agam, agus ní raibh aon faoiseamh do mo chás - Bhí an griain ag scoilteadh anuas orm, agus an mála droma ag dó mo ghualainn asam. Ba siúlóid mall, fada a bhí i gceist.

Ní fada gur bhuail cruachás mé - Ní raibh aon uisce fágtha agam. Thosaigh eagla (beag) ag teacht orm, agus ní raibheas ach leathbhealaigh suas taobh sléibhe. Lean mé orm, leis an dtart, agus lagmhisneach, ag méadú go mall. Nuair a d’athraigh an cosán go sceall, ní raibheas riamh chomh buíoch le sneachta a fheiceáil! Líon mé mo bhuidéal leis an oighear leath-reoite seo, ag súil go leáfadh sé go tapa! Ar aon nós, i ndiaidh sos beag dí, d’éirigh liom limistéir tearmann a fháil. Bhí sos eile agam, le bia, agus bhí mé ansin ullamh chun an barr de Mytikos a dreapadh. Dreapadh ceart a mbeadh ann - Lámh agus cos, suas ag 80º i cúpla áiteanna. Bhí an radharc ón barr, ag féachaint anuas ar na scamaill, agus gach rud chomh geal leis an ngrian oráiste Gréagach, cosúil na bhflaithis ar fad. Bhíos ag airde 2917 méadar, ag cnagadh ar dhoras na déithe Gréagach, liom

Tuathal Eagrán a hAon 16

fhéin, gan aon aithne agam ar éinne laistigh de 4500km. Bhí sé an-síochánta, cinnte, ach bhí sé scanrúil i mbealach nach raibheas i dtaithí air. Bhí oíche eile agam i measc na réaltaí, ach bhí deacrachtaí codlata agam. Bhí fuacht fíochmhar suas ar an tSliabh istoíche, agus d’imigh mé liom go tapa ar maidin, chun an teocht a raibh fúm a aimsiú. I ndiaidh lá fada eile ag fánaíocht (agus ag fáil síob ó chúpla ‘hippies’ seanfhaiseanta), bhíos ar ais arís, ag fanacht don traen i gKaterini. D’fhág mé an Ghréig an lá sin, ar bus 10 n-uaire an chloig chuig an Albáin agus a príomhchathair, Tirane. Thógas sos ansin sa chathair, i mbrú óige. Leaba ceart faoi dheireadh, arís!

Chuaigh mé ansin go Montainéagró. Tír álainn atá ann, ach bhraith mé go raibh muintir na háite an-cruachroíoch. Bhíos ansin chun cnoc eile a dhreapadh. Nuair a tháinig mé ar Zablijak, i dtuaisceart na tíre, faoi scáth na sléibhe, ba oíche gleoite a bhí ann. Rinne mé iarracht lóistín a fháil, ach bhí gach áit lán go doras. Bhuel, bhuel, Oíche san fhorais a ndúirt mé liom féin. Bhí sé suaimhneach i measc na crainn móra péine, agus gan mhoill, bhíos i mo chodladh.

Mhúscail mé de phreab nuair a chuala mé dorn toirnigh i lár na foraoise, agus gaoth láidir ag luascadh na crainn. Chun barr donais a chur ar an scéal, bhí splanc tintrigh agus d’oscail na spéire anuas orm. Bhí an stoirm ag teacht i mo threo. Le gach rud caite sa mhála agam, thosaigh mé ag rith as an bhforais nuairCraic! - lig crann glór uafásach uaithi. Bhí mo chroí i mo bhéal, ag súil nach dtitfeadh crann eile anuas orm! Bhíos traochta agus fliuch báite faoin am a shroich mé an bóthar. Sheas mé ansin ar an gcosán, gan clú dá laghad agam

cad le déanamh, ag 1:47 ar maidin, i lár stoirme. Ní raibheas chun dul i mo chodladh sa stoirm, mar sin, shocraigh mé dul ar siúlóid. Píosa ar píosa, thosaigh an fearthainn ag laghdú. Tar éis cúpla uair an chloig, agus mé ag siúl sna tuaithe, nár fhaca mé cnap burlaí tuí?. Gan éinne eile timpeall, thit mé i mo chodladh orthu láithreach.

Le briseadh na gréine thar páirceanna alpach Montainéagró, lean mé orm. Bhí cnoc eile le dreapadh, agus ní raibheas ag stopadh do thada. Nuair a shroich mé bun an tsléibhe, cad a bhí ann ach ardaitheoir sciála. Anois, mise atá ann, agus ní fheicfidh tú mé riamh ag dul suas sliabh mór ar ardaitheoir. Gheobhainn bás leis an náire! Bhí an sliabh ar nós droimnín mór. Ní raibh sé leath chomh deacair le Olympus, ach bhí sé an-fhada. Is aisteach an radharc é sliabh clúdaithe le féar ag airde 2500 méadar.

D’fhéach sé ar nós an ‘Wild West’, agus mhothaigh mise go raibh Clint Eastwood i mo dhiaidh le painseó agus hata.

Tuathal Eagrán a hAon 17

Bhí an radharc ar dóigh ag barr an chnoicGleann ollmhór le fáinne sléibhte timpeall air. Rinne mé iarracht aistriú ó chosán amháin go cosán eile, ach bhí easpa cumarsáide idir mé fhéin agus mo mhapa. An sceall a bhí léirithe sa mhapa, bhí sé an-éagsúil ar fad ón talamh a bhí os mo chomhair nuair a tháinig mé air. Bhí carn mór clocha i mo bhealach, agus fiú tar éis iad a thrasnú, tháinig mé ar aill mór. I ndiaidh roinnt scaoill, agus allais, shocraigh mé le casadh ar ais. Bhíos cinnte ró-ghearr go dtí mo bhás thuas sna sléibhte sin. Nuair a shroich mé an bhun amach, an chéad rud a bhí ar mo liosta ná pionta mór beoir.

Bhí an t-ádh liom an oíche sin. Bhíos in ann lóistín a fháil, faoi dheireadh! Tar éis é sin, throid mé mo bhealach tríd an Chróit. Tír álainn stairiúil í, ach ní tír deas í don spailpín aonarach. Tá sí ró-thógtha le chóisir na mbáb agus na stumpaí, agus tá an áit i bhfad róchostasach! Bhí rogha maith traein ansin go dtí

an Ostair. Tríd Vienna (a bhí beagáinín leadránach seachas d’iarsmalann suimiúil), agus go dtí Innsbruck a chuaigh an traein. Ní fada gur fhaca mé na fíor-Alpa. Tar éis oíche caite i mbrú óige eile, thosaigh mé ar chnoc eile! Ní raibh mórán faitíos orm faoin ghrian láidir in Innsbruck. Ceantar fuar clúdaithe le scamaill a bhí ann.

Bhí sé ar intinn agam teacht ar bharr de roinnt sléibhte, ach ba scéal difriúil é nuair a tháinig mé cóngarach leis an mbarr. Ní fhéadfainn na barr a thrasnú gan téad agus úim, gan an baol fliuchrais san áireamh! Ní raibh mé in ann do sin. Tháinig mé anuas an taobh eile den chnoc san aimsir ba mheasa den turas, (seachas don stoirm níos luaithe, atá intuigthe). Ní raibh mé in ann aon rud a fheiceáil sa mheascán de bháisteach, de scamaill, agus de ghaoth. Ach cos ar chos, agus tríd an puiteach liath, tháinig bun na ghleanna i bhfócas dom. Chuir roinnt beithí fáilte romham ansin lena gcuid cloigín alpach.

Roimh i bhfad, bhí an dorchadas ag sleamhnú isteach. Thit mo chroí leis an smaoineamh d’oíche eile gan lóistín, ach thuig mé go raibh dídean i gcúpla ciliméadar. Le fuinneamh nuaaimsithe, ar aghaidh liom, tríd an ghleann agus ar ais suas, suas. Ansin, a dhiabhal, chuaigh mé isteach sa teach lóistín, agus cuireadh ceist orm cad a bhí á dhéanamh agam. Céard? Táim ag lorg leaba don oíche? Cinnte, níor thaitin sé seo leis an mbean Ostarach steiréitipiciúil, 6 troigh in airde. ‘Agus níl sé curtha in airithe agat?’, arsa sí, ag éirí níos scanrúla leis an soicind. Ar aon nós, tar éis mé fhéin a náiriú, fuair mé leaba. De bharr an báisteach, cealaigh duine éigin, agus bhí spás amháin dom. Fuair mé an leaba deireanach trí thimpiste! An

Tuathal Eagrán a hAon 18

faoiseamh! Bhuel, ní leaba a bhí ann i ndáiríre, ach tolg mór roinnte idir cheathrar. Bhí oíche fada romham.

Bhí an siúlóid an maidin dar gcionn éasca go leor. Fuaireas an traein chuig Strasbourg, cathair álainn, agus ansin go Dijon. Bhí codladh eile agam i bpáirc ansin. Bhain mé an-sult as an dá chathair seo. Tá difear ollmhór idir chairdeas na Francaigh, agus fuacht aineolach na hOstaraigh. Bhíos ar mo shuaimhneas sa Fhrainc, rud nach féidir liom a rá faoin Ghearmáin ná an Ostair.

Roimh teacht ar Páras, rinne mé siúlóid chun tuaithe cáiliúil na Fhraince a fheiceáil. Shiúl mé fad 16 ciliméadar i dtreo Páras roimh sos a ghlacadh in sean-mhuileann, leis an díon tithe anuas air. Lóistín breá don oíche. Bhí sé ar nós a bheith ag siúl tríd scannán Wes Anderson.

Páras!! Is Páras atá ann, ní féidir a thuilleadh a rá. Bhain mé sár-thaitneamh as. Chuaigh mé fhéin agus Matthew Lynch ar thóir piontaí, (11£ an ceann! Tá mo chroí fós lag!), i mbeár snagcheoil, faoin talamh i siléar aolchloch.

Fuaireas mo chuid de chultúr na háite an oíche sin, agus bhí sé go hiontach! Tar éis Páras, chuaigh mé díreach go Cherbourg. Bhí deis agam dul isteach in fomhuireán núicléach ansin, sular chuaigh mé ar an mbád abhaile.

Bhí ceithre go leith seachtaine caite agam timpeall na hEorpa - Suas trí sléibhte ollmhór, thar teorainn deich tíortha, agus an t-uafás scéalta maithe. Is í seo ach sracfhéachaint ar an dturas. Cé gur na rudaí is suimiúla atá luaite agam anseo, tá an oiread rudaí eile gur bhféadfainn scríobh faoi. Dhéanfainn arís an turas gan dabht, agus tá mé cinnte bródúil as taisteal mar sin a dhéanamh timpeall na hEorpa gan phlean, agus gan éinne eile liom.

An dtógfainn duine liom an chéad uair eile? Ní fios dom. An mbeadh mórán daoine sásta teacht ar turas cosúil leis an gceann seo? Ní dóigh liom é. Agus ón taobh fisiciúil de, níl ach cúigear go bhfuil aithne agam orthu, dar liom, a mbeadh in ann dó. Ach an saoirse a bhí agam an samhradh seo, ‘sé ag déanamh cad is mian le mo chroí (agus mo chosa). Saoirse chrua thuirsiúil atá ann.

Tuathal Eagrán a hAon 19

Seirbhísí & Imeachtaí

Bain úsáid as an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide!

Seomra na Gaeilge

Is spás caidrimh i gcroílár an champais é Seomra na Gaeilge do mhic léinn agus do bhaill foirne.

Uaireanta oscailte: Luan – Déardaoin 9.00am-5.00pm, Dé hAoine 9.00am-3.00pm

Treoracha: Lean na comharthaí ó dhoras bhialann na Butraí go dtí cúl an fhoirgnimh.

Téigh síos na céimeanna agus isteach trí chúldoras an fhoirgnimh. Tá Seomra na Gaeilge ar barr an staighre (an dara hurlár).

Ranganna Gaeilge

www.tcd.ie/gaeloifig/ranganna

Cuireann Oifig na Gaeilge cúrsaí Gaeilge saor in aisce ar fáil ag am lóin i rith na bliana acadúla. Ofrálfar cúrsa 8 seachtaine agus cúrsa 6 seachtaine sna téarmaí teagaisc ó leibhéal tosaitheora go meánleibhéal. Coimeád súil ar do sheoladh ríomhphoist TCD i mí Mheán Fómhair le haghaidh fógra faoi na ranganna.

Ciorcal comhrá

Bíonn ciorcal comhrá seachtainiúil ar siúl i mbialann na Butraí gach Céadaoin idir 10.30-11.30am. Bíonn mic léinn, baill foirne agus an pobal i gcoitinne i láthair ann. Beidh fáilte romhat seachtain ar bith ann. Is féidir ríomhphost a sheoladh go gaeloifig@tcd.ie má bhíonn aon cheist agat faoi.

Scéim Cónaithe Gaeilge

www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe

Bíonn spás do 30 mac léinn ar Scéime Cónaithe na hollscoile. Cuirtear lóistín lánGhaeilge ar fáil ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil spéis acu an teanga a chur chun cinn. Cuireann mic léinn na scéime gníomhaíochtaí ar leith i gcrích i rith na bliana agus íoctar deontas €1,000 dóibh. Fógrófar an próiseas iarratais don bhliain acadúil 2024-25 i mí an Mhárta/ Aibreáin 2024. Coimeád súil ar do sheoladh ríomhphoist TCD le haghaidh fógra fúithi.

Éigse na Tríonóide: Feabhra 2024

Cuir nóta i do dhialann anois d’Éigse na Tríonóide, féile Gaelach Choláiste na Tríonóide atá ar an bhfód le 50 bliain! Beidh Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn ag reáchtáil seachtain iomlán d’imeachtaí i gcomhar leis an gCumann Gaelach agus le hOifig na Gaeilge. Beidh gach eolas faoin Éigse le fáil ón gCumann agus ar na meáin shóisialta (@CumannGaelachTCD agus @GaeloifigTCD) níos cóngaraí don dáta.

Tuathal Eagrán a hAon 20

Blaiseadh de na Seirbhísí Gaeilge i gColáiste na Tríonóide – bain

www.tcd.ie/gaeloifig/seirbhisi.php

úsáid astu!

•Má tá síneadh fada in easnamh i d’ainm ar do chárta mic léinn, déan teagmháil leis an gClárlann Acadúil chun é a cheartú.

•Bíonn oide (tutor) ag gach mac léinn i gColáiste na Tríonóide. Is féidir oide a bhfuil Gaeilge acu a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh le Seirbhís an Oide Shinsearaigh. www.tcd.ie/ seniortutor

•Cuireann S2S, seirbhís meantóireachta na hollscoile, meantóir mic léinn ar fáil do gach mac léinn céad bhliana. Tá meantóirí le Gaeilge ar fáil ach iad a iarraidh.

•Bíonn seirbhís trí Ghaeilge le fáil ag na príomh-dheasca iasachta i Leabharlann Berkeley agus Hamilton (BLU) idir 9.00am agus 3.30pm ach í a iarraidh. Déan do ghnó trí Ghaeilge!

•Bain úsáid as meaisíní Fastlane na Leabharlainne i nGaeilge chun leabhar a fháil ar iasacht.

•Tá eolas agus comhairle ar ghairmeacha le Gaeilge le fáil ón tSeirbhís Gairmeacha www.tcd.ie/Careers.

•Má tá síneadh fada in easnamh ar do chárta mic léinn, is féidir é a cheartú ach teagmháil a dhéanamh leis an gClárlann Acadúil agus fianaise oifigiúil (pas/ceadúnas tiomána) a chur ar fáil. www.tcd.ie/academicregistry

•Tá seirbhís trí Ghaeilge le fáil ón Oifig Cóiríochta i Halla na Tríonóide ach í a iarraidh.

Sonraí Teagmhála

Oifig na Gaeilge

An Séipéal Thiar

R: gaeloifig@tcd.ie

T: 01 896 3652

www.tcd.ie/gaeloifig

Instagram/ Twitter/ Facebook: @GaeloifigTCD

Tuathal Eagrán a hAon 21

Na hEalaíona

Le Tara Ní Bhroinn

Dusk Mac Buideach

Simi Oluborode

Adam Tracey

Eve Nic an Phápa

Fachtna Mac Conghail

22
Tuathal Eagrán a hAon Eagrán a hAon
22
Tuathal

Ait agus Iontach a bheith Beo.

Táim beo, Beo le sé mhí anois

‘Is beagnach 23.

Cad é sín mar shaol?

Táim sásta.

Sásta le cúig nó ceithre mhí as a chéile, Sásta agus an duine is cóngraí dom imithe.

Rejected.

‘Is m’athair chomh maith.

Ní labhraím leis, An bhfeicfidh mé Dé Máirt thú.

Bréagadh, bréagadh, bréagadh, An bhfuil cnámh ar bith ina chorp a bhfuil

Fíor, dílis, díograiseach?

Nó an bhfuil an nimhe i ngach áit?

San fhola.

Ag titim síos mar duilleoga ó chrann. Ó hAnnáin.

Ár gcrann.

Conas a féidir liom é sin a réitigh?

Agus mé ach beo ar feadh sé mhí anois.

Sé mhí ón lá sin i mí Eanáir ina thit mé as, A chéile.

Chomh beag le beatach, ‘is chomh lag le luc.

Ag iarraidh codladh sámh, Ní bás ach

‘Wishing that I was Still Dreaming.’

Ait nach bhfuil sé?

An saol seo.

Tagann sé mar thonnta, Ag teacht anuas orm, Le cumhacht agus dorchadas.

Ag tarraingt, Agus mé ag streachailt chun snámh.

Breathnaím amach ar an fharraige anois. An uisce breá gorm. Ag glioscarnach. ‘Lapping with low sounds by the shore’. Na héiníní ag damhsa, ‘Is na páistí ag snámh ‘is ag súgradh. An garraíodóir ag obair sa ghairdín álainn mórthimpeall orm.

Inis dom, cad a dhéanfaidh tú leis an saol seo, wild and precious?

Rachfaidh ag snámh.

Tuathal Eagrán a hAon 23
Gan ainm

Sa Samhradh, Sna choillte Céard í eisint an tsamhraidh?

‘Sé teas an ghriain ar do chraiceann, Le boladh an chlóirín ón linn snámha ag teacht chugat. Nó an bhfuil sé in amhráin milis na n-éan agus iad, Ag damhsa sna crainn agus ar an bhféar.

Nó b’fhéidir is é beirt ag suí ar an dtalamh, Ag imirt cluiche cártaí gan fadhb ar bith.

Domsa, ‘Sé blaiseadh na sú talún ag am lón, Ag suí taobh amuigh I ngréine na hoíche, Le tada ach tuáille orm tar éis cith te, Agus gan dabht ciallaíonn samhradh ag léim isteach sa loch, Nó ag tumadh sna tonnta, Gruaig fliuch báite ach curtha I dtrilseáin go tapaidh, Chun na ceangal a sheachaint.

Ní bhíonn aon rud ach miongháire agus suaimhneas ar na haghaidhe, Agus ní bhíonn ach éadaí snamha ar na coirp, (Seachas an cóta báistí atá ag teastáil ó am go ham).

Is í eisint an tsamhraidh ag luí amach faoin ghrian le, Leabhar an Lae os do chomhair agus na beacha, seangáin agus snáthaid mhóra, Mar chomhluadar

Is í áthas eisint an tsamhraidh.

Le Tara Ní Bhroinn.

24
Tuathal Eagrán a hAon
24
Tuathal Eagrán a hAon

Buachaill

Mo bhuachaill, Is tusa grá mo chroí. Mo bhuachaill, Ba mhaith liom, Go mbeadh a fhios agat, Gur tusa mo ghrá. Mo sholas, Ba mhaith liom go mbeadh a fhios agat

Nach féidir liom saol gan tú a shamhlú.

In am nár bhuaileamar riamh, bheadh an saol ró-dheacair.

Do chuid gruaige lasrach agus Do shúile dorcha

Agus d’aoibh gháire. Bíonn mo chroí á shoilsiú, Ag d’aoibh gháire, Ach d’fhocail um chiapadh.

Tá go leor gur mhaith liom a rá leat, Ach, níl oiread is focail ann duit. Níl le rá agam ach, Feicfidh mé thú go luath, Mo bhuachaill.

Tuathal Eagrán a hAon 25

Díthreabhach

Níor thuig mé an ceangal go dtí gur fhág mé

An tarraingt a bhí le mothú

Ó éirí na gréine, Go titim na hoíche

Éireannach ó dhúchas

Albanach ó dhúchas

Sáinnithe ó dhúchas

Greamaithe i lár an gCeiltis –

Ní leithinis

Ach chuing

Áit uaigneach le teach a thógáil

An luífeása le mo mhuintirse, a dúirt na hoileáin i gcogar

Mo shinsir scartha idir eatarthu –

Agus mé sáinnithe sa lár.

Le Eve Nic an Phápa

26
Tuathal Eagrán a hAon Eagrán a hAon
26
Tuathal

Slán abhaile.

Tá m’uillinn sínte amach agam ina iomlán, agus tá mo lámh ansin mar chliabhán don radharc dubh is bán atá suite i mbos na láimhe, teanntaithe go bog idir m’ordóg agus an chorrmhéar. Is seana-ghrianghraf atá agam. Tá scamaill mar chuid den radharc, ach ní bhogann na scamaill neamhbheo seo a thuilleadh, mar nach bhfuil gaoth ann. Ar chorruair, áfach, oireann an radharc seo mar chuid den oll-spéir ghorm atá mar chúlra, agus, is féidir mé a thabhairt ann siar, gon Teach Mór.

Ar nós scátháin a bhféachann sé orm – Síneann dhá báfhuinneog amach ón dá thaobh den dárna urlár, péire súile dubha, gloineach, ag stánadh ar ais orm le cumha brónach. D’fhéadfainn a shamhlú go raibheadar ag gol, dá gcuirfinn braonta taise ag sileadh anuas ar leac na fuinneoige. Díreach idir an dá shúil, tá béal leath-oscailte, amhrasach ag an teach. Is dócha gur an cailín aimsire atá ag leagadh a cuid meáchan ar an bhfráma dorais darach, oscailte, ag scaoileadh isteach fuacht go teach a mbeadh deacair a théimh ar aon nós. Tá sí ag caitheamh gúna oibre dubh, a shuíonn síos ó ghualainn an bhean óg, agus atá teanntaithe díreach a dhóthain ag an crios, ionas go n-aithneofá gur cromán atá aici, ach gan aon aird mímhúinte a tharraingt ar chruth an chailín. Tá an stoca scaoilte síos aici cóngarach l’alt a cos, agus í féin gan cúraimí, sa teach folamh. Measaim go bhfuil ionadh ar a haghaidh - Tá sí gafa i miongháire éiginnte, ar an gcuma a scaoileann tú nuair nach dtuigeann tú jóc. B’fhéidir nach raibh sí ag súil le splanc an ceamara.

‘Mister Walker is not at home presently, Sir. May I take a message from you?’, a deir a súile. Ní gá dom freagra a thabhairt. N’fheadair cathain a mbeidh fear an tí ar ais sa bhaile? –Cinnte, beidh lá ann nach bhfillfidh sé in aon chor, caillfear é in ’53. Ní fada i ndiaidh sin gur díoladh an talamh – 34 acra — ar a bhfuil an teach agus mé fhéin anois, in ‘Wellies’ donna, ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Ceannaithe suas ag leaid áitiúil a bhí an eastáit, iar-chúntóir de chuid Walker ab ea é.

D’íslíos mo lámh go mall ó airde mo shúil, agus ní fada gur theip ar m’ealaín. Níl doras fágtha le cnagadh air, agus laistigh, tá folúntas géar do chailín aimsire. Níl plámás leis na scamaill liath anois os cionn an teach folamh, tréigthe, agus séideann an gaoth (nach bhfuil sa phictiúr), go mall ag tarraingt anuas fallaí arda an teach, bríce ar bríce. Mar atá sa ghrianghraf, tá an simléir mór fós sínte suas go bródúil, ach tá sé ag straichilt anois, agus níor tháinig aon deatach aníos ón tinteán Bardiglio le blianta fada. Tá cúl an teach ag cromadh le haois, agus tá sí trom le tuirse agus stair. Gan gloine sna frámaí fuinneoige, is féidir breathnú díreach tríd súile an tigh, agus tá siad gann agus éadomhain . Gach aon uair a dtagaim anseo, braithim go n-éiríonn sé níos fuaire laistigh. Ach, in ainneoin ar seo, is minic go mbímse suite sa seana-chathaoir laistigh den seana-seomra suite, agus mé breá teolaí.

Tá dhá chos briste ag an gcathaoir ar chúl, ionas go mbíonn ionadh orm chuile uair ar cé chomh íseal is gur gá dom a chromadh le suí ann. (Agus mé níos sine anois, b’fhearr dom titim isteach sa chathaoir.) Tá dath dorcha air, nach bhfuil mé in ann a aithint sa ndorchadas, i ndáiríre, ach atá idir glas nó dearg nó donn, nó dubh, dorcha. Bíonn laethanta ann a shuím os comhair an tine (nach bhfuil lasta), le gloine fíona, agus ceol. Tógann sé mo chuid shamhlaíochta ar fad ar sin. Níos minicí, bíonn mo chóta gheimhridh orm agus mé suite ag féachaint ar an mharmar fuar, agus an t-aon dearglach ón toitín lag i mo lámh. Le clár

Tuathal Eagrán a hAon 27

adhmaid curtha ar an bhfuinneog mór sa seomra seo, an t-aon solas a mbíonn ann ná ó tóirse mo ghuthán agus mé gan a bheith ag iarraidh titim isteach i bpoll san urlár amhrasach. Buaileann an solas ar carn mór de ghloine briste atá sa chúinne den seomra, agus preabann sé ar ais chugam. Slán abhaile, a deir sé.

Tá clingíní gaoithe ceangailte suas ar an gcrann darach chun tosaigh, a gcuireann fáilte romham ar son na gaoithe. Canann siad in Arpeggio álainn, fad is go bhfuilim ag seol ina dtreo. Nuair a shéideann an gaoth ó dheas ar aghaidh an tí, cloistear ár dtríú ball den chomhluadar, an eidhneán, ag cogarnaí. Ritheann an séideán gaoithe suas tríd na duilleoga agus na fíniúna dubha-glasa, á chur ag croitheadh, agus a rá go séimh ‘Scaoilfear isteach mé, Scaoil isteach mé’. Éalaíonn an droch-chomhluadar seo isteach tríd spás sna fallaí, síos poll an simléir, agus ag rith síos an forhalla. Is barróg tréan a dtugann an eidhneáin don teach, ach tá sé á dtachta, go mall. Tá sé um dtachta, leis, le ghrá.

Teanntaithe timpeall orm, tá cuach an eidhneán. Ar mo cheann, tríd mo ghruaig, tá cuimilt na gaoithe. I mo shúile tá an Teach Mór. I mo lámh, tá seana-ghrianghraf.

Cíom m’íomhá arís sa scátháin. Tá m’aghaidh bog, agus mo shúile ceanúil. Tá mo pháirtí liom. Tá an eidhneán ag fás aníos thar ailt mo chois. Ag teanntú ar an ghlúin, dreapann an fásra santach suas thar mo chromán thanaí. Tagann cairpéad de ghlas aníos ó mo bhrollach, chun m’aghaidh, mo lámha, agus mo chroí a chlúdach le corca agus buí agus dearg faoi bhláth. Cíom fhéin mar mo leanbh, agus aithníom fhéin á dtarraint síos faill l’am. Tógtar síos mé on ghlúin, agus cuirfear mé a luí ar leaba uaine. Tá mo pháirtí liom. Slán abhaile, a deir siad.

Le Fachtna Mac Conghail

Tuathal Eagrán a hAon 28
28
Tuathal Eagrán a hAon

Na Spailpíní

Tá an domhan chomh beag anois, Níl tú ach ceithre uaire uaim Agus ar taobh eile d’ilchríoch. Ach i bhfad níos faide ná sin.

Tá an domhan chomh beag anois. Breathnaím timpeall ar an sheomra foirne, An Cholóim, Neipeal, Pórtó Rice, an India agus Éire. Spailpíní muid uilig.

Fuair mé síob Uber sa Chróit, Fear óg cosúil liomsa. Taitníonn an peil leis. Shamrock Rovers, Hadjuk Split agus Bohs, Tá nasc ann I gcónaí.

Fear óg cosúil liomsa, Ina chónaí lena thuistí ‘is ag obair i stáisiún peitreal, Ag labhairt faoi phraghsanna tithíochta ‘is ár dtodhchaí. Villas álainn mórthimpeall orainn. Airgead ón Rúis, ón Ghearmáin agus ó Bhreatain. Oibrí ó Bosnia, Macedonia agus an oirthear.

Oibrím féin le dochtúirí, dlíodóraí agus carachtair, Craic den chéad scoth againn sa bhialann.

An t-airgead níos fearr anseo ná atá sé sa bhaile. Níos fearr ag glacadh fees ó rí na gcroppies.

Tá an domhan chomh beag ach táim i bhfad ó bhóthar Claude anois.

I bhfad ó Pháirc Uí Ghríofa agus na staighre a théann thar na train tracks.

I bhfad ón turas sin thar na hiarnróid gach maidin go dtí bóthar Mobhí.

Mé féin ar chúl an rothar agus mo dheirfiúr ar an trasnán chun tosaigh. Ag braith ortsa, a dhaid, agus muinín againn asat. Táim i bhfad ó sin anois.

Ach féach ar na deiseanna mórthimpeall orainn. Conor ó Rath Eanaigh ag díol bádanna agus faic taithí aige leo. Is bleedin’ neurosurgeon é.

Tips, Tips, Tips, Domhan mór ag eirí níos tapúla ‘is níos lú, Airgead mar bhreosla.

Pláinéid beag ag cluichearneacht tríd an cruinne, Cad é gur chóir ár mbóthar a stiúriú?

Gan ainm

Tuathal Eagrán a hAon 29

Radharc den tSamhraidh

Le Adam Tracey

Tuathal Eagrán a hAon 30
Eagrán a hAon Tuathal 30
”Ghlacamar sos agus muid ag tiomáint ó Yerington go Reno, Nevada”

“D’oibrigh mé ar feadh an tsamhraidh i Frank Ryans. Ag deireadh gach oíche, rinneamar mopáil. Is é seo an nóiméad álainn sin.”

Tuathal Eagrán a hAon 31
“Chuaigh an lánúin seo thart orainn agus muid ag fáil uachtar reoite i nDún Laoghaire”
32
Tuathal Eagrán a hAon
“Thóg Caden mé go ‘Sunken City’ mé i San Pedro, Los Angeles. Suíomh sciorrtha talún sna 30idí”
Eagrán a hAon Tuathal

“Thóg mé Jack síos go dtí mo bhaile dúchais i dTiobraid

Árann. Bhí orainn doras na Mainistreach i Holycross a oscailt chun éan a raibh gafa laistigh a ligean amach” — Adam. Samhradh ‘23

33
Tuathal
Eagrán a hAon
33
Eagrán a hAon Tuathal

Trí Dhán le Simi Oluburode

Níl do ghrá bun agus barr gach scéil

Nuair a chloisim do ghuth - is cosúil gur ionann mise agus na cnoic i bhfad uainn

‘S léir go bhfuil géarghá ghrá i d’shaol.

Tá leigheas ar leith a’m air sin

Ach nuair a imíonn tú

Bím cráite ag do scáth- an dorchadas gan áireamh

Ach nuair a fheicim do bhéal- quelle bouche!

Níl mar a shíltear mar a bhítear

Ach tá an dúlagar imithe anois

Tá saibhreas i gceist i m’shaol

Cad’s brí le saol gan spraoi?

Cad’s brí le spraoi gan bhrí?

I m’aonar, aríst

Ach

Sásta

Agus Tagann na Laethanta

Brúnn aiféala d’inné

A hualach ar m’intinn

Níl mórán a tarlú inniu ach an oiread, Cén leigheas a bhéas ag aon ní beo air seo?

Agus tagann na laethanta

Ionas nach ligfinn rois mhionnaí asam

Tuathal Eagrán a hAon 34

Gan teideal

Ar mbfhearr liom saol de shíocháin neamhbhuan:

D’fholadh

Nó grá níos sóile, níos iniompartha?

Grá le garáiste, geata, agus b’fhéidir cúpla

Coinnle corra?

Gorm… an dath atá ort

An dath atá ar mo chiall (nó mo ghealtacht)

Ach samhlaím saol i d’éineacht

Nó i d’éagmais

Is fearr liom an chéad ceann, dar ndóigh

Ach nach raibh seanóir éigin ann a ndúirt tráth

Nach bhfuilimid in ann ár leapacha a chóiriú agus

luí orthu chomh maith?

Is leor do chiall dom

Agus mura mbeadh tusa liom

Is ionann mo shaol agus

Abairt neamhchríochnaithe

Píosa ealaíne gan ainm

Amhránaí gan ghuth

Mainicín gan aghaidh

Ag laghdú an chine daonna

Go bunús-rudaí

An ‘anseo’ agus an ‘lá atá inniu ann’

Agus más fíor rud amháin-

Táim i ngrá leatsa

Le buile is le baosra

Tuathal Eagrán a hAon 35
Tuathal Eagrán a hAon 36 Leas-Reachtaire Chloe NicBhriartaigh Rúnaí Aoife Wadd Oifigeach na Gaeilge TCDSU Pádraig Mac Brádaigh Oifigeach Drámaíochta Tara Ní Bhroinn Oifigeach Siamsaíochta Hugh Ó Caolán Fáilte go Coiste 2023/24!! Oifigeach Teicneolaíochta Rónán Ó hÉigeartaigh Oifigeach Urraíochta Niamh Nic Giolla Bhríde Oifigeach Díospóireachta Aoife Ní Mhainnín Oifigeach Foilseachán Fachtna Mac Conghail Oifigeach Caidreamh Poiblí Eve Nic an Phápa Cisteoir Maebh Nic Mhathúna Reachtaire Mac Ó Briain

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.