Tuathal - Eagrán a 3 (Seachtain na hÉigse 2023)

Page 1

Focal ó Oifigeach na Gaeilge TCDSU

CaoimheMolloy

A Chara, Fáilte go heagrán eile de Tuathal, irisleabhar Cumann Gaelach Coláiste na Tríonóide, agus Éigse na Tríonóide 2023. Is éard is Éigse na Tríonóide ann ná seachtain Ghaelach an Choláiste. Déanann an focal ‘éigse’ tagairt de léann, filíocht, comhthionól daoine léannta, saoithe agus filí.

Bunaíodh Éigse na Tríonóide in 1973, agus mar sin tá an féile 50 bliain ar an bhfód i mbliana. Ó thús, ba Fhéile il-Thríonóideach í Seachtain na hÉigse, oscailte do phobal iomlán an Choláiste agus mar sin tá an Seachtain eagraithe i gcomhpháirt idir Aontas na Mac Léinn, an Chumann Gaelach agus Oifig na Gaeilge.

Tá an oiread sin bainte amach ag pobal Gaelach an Choláiste sa chaoga bliain sin, idir Scéim Cónaithe a bhunú, Seomra na Gaeilge a fháil, agus tá mic léinn, céimí agus foireann na Tríonóide tar éis cur go flúirseach le filíocht, prós, ealaíon, buanna polaitiúla agus dioscúrsa na Gaeilge. Mar sin, idir na léachtaí poiblí, oíche cheoil, tasipeántais saothair, turais chultúrtha agus léamha filíochta atá eagraithe don seachtain seo, tá súil agam gur féidir linn teacht le chéile mar phobal chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár neart, agus ar an méid atá bainte amach againn le caoga bliain anuas.

Ní bheadh imeachtaí na seachtaine féideartha gan na daoine iontacha ar Choiste na Gaeilge, i Scoil na Gaeilge, Oifig na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn, sa Chumann Gaelach agus i Spóirt na Tríonóide agus tá mé faoi chomaoin acu uilig.

Bíodh tú i do mhac léinn reatha, chéimí, bhall foirne, nó mar chuid de phobal na cathrach, tá mé ag súil go mór tú a fheiceáil ag cuid d’imeachtaí na seachtaine atá le teacht.

Go maire Seachtain na hÉigse céad, Caoimhe Molloy, Oifigeach na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide.

Feabhra 2023

- 2 - | TUATHAL

CLÁR

2 Focal ó Oifigeach na Gaeilge, CaoimheMolloy

4 Turner in Éirinn

6 Cá bhfuil mo bhaile?

7 Ag tosú Caitheamh Aimsire nua san Ollscoil

8 Anseo Go Fóill

10 An Cailín Ciúin

11 Tráth na gCeist

12 Craic an Chumainn

14 An Cumann go dtí seo i mBliana

15 Céard a dhíonfas tú léithe?

16 Bás, Laethúil

17 Ceoldráma an Chumainn Ghaelaigh 2023

18 Oifig na Gaeilge

20 Gan Tír, Gan Ainm

21 Áilleacht Laethúil

22 Rockwell Kent agus Dún na nGall

23 Ag Fás Aníos in Éirinn

- 3 - | TUATHAL
Instagram @cumanngaelachtcd Twitter @CumannGaelach Facebook @Cumann Gaelach TCD
Clúdach deartha ag Cian Deignan

Turner in Éirinn: Léirmheas ar Uiscedhathanna J.M.W. Turner ó

Thiomnacht Henry Vaughan i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann

Ruairí Ó Séanáin

Tá ceangailt speisialta idir an péintéir Bhriotanach J.M.W. Turner agus an tír seo. Gach Eanáir, cuireann Gailearaí Náisiúnta na hÉireann sé uiscedhath is tríocha dá chuid ar taispeáint, chomh maith le sraith de phriontaí greanta. I mbliana, in éineacht leis an taispeántas bliaintiúil, bhí seó eile léirithe ag an dánlann dár teideal Turner: The Sun is God. Le mí anuas, d’fhéadfá a rá go raibh leantóirí Turner millte ag an ngailearaí.

Cé gur gá dúinn fanacht go foighneach ar feadh aon mhí déag eile go dtí go bhfeicimid dathanna doiléire agus amhairc atmaisféaracha Turner arís, ritheann sé liom go bhfuil an t-ádh dearg ar mhuintir na tíre seo go mbíonn a leithéid againn, agus is mór an chuid suime é dom stair an taispeántais seo a fhiosrú.

In 1900, thiomnaigh fear darbh ainm Henry Vaughan aon uiscedhath is tríocha de chuid

J.M.W. Turnerchuig anghailearaí. Os a chionn sin, d’fhág sé trí chinn is fiche don Ghailearaí i Londain, agus ocht gcinn is tríocha do Dhún Éideann. Nuair a dhéanaimid machnamh ar réim torthúil agus obair tiarnasach an ealaíontóra Rómánsúil seo, tuigtear dúinn nach beag na tiomnachta í seo.

Gné a chuireann go mór leis an suim a ghinntear sa síntiús seo bliain i ndiaidh bliana ná go bhfuil coinníollacha ar leith ag baint leis. D’éiligh Vaughan go dtaispeánfaí na pictiúirí go bliaintiúil, go mbeadh siad ar taispeáint i mí Eanáir amháin, agus nach mbeadh costas ag baint lena dtaispeántais. Tá na coinníollacha seo tar éis cur go mór leis an traidisiún fadbhunaithe atá ann i measc lucht Bhaile Átha Cliath agus muintir na tíre seo chun cuairt a thabhairt ar an dtaispeántas ag tús gach bliana.

Ní féidir a shéanadh ach go gcuireann cúlra na tiomnachta go mór leis an éileamh atá ar an seó, ach bheadh dul amú orainn dá dtabharfaimís neamhard ar na híomhánna iad féin. Timpeallaíonn na piciúirí aoibhne an seomra dorcha atá

- 4 - | TUATHAL
J.M.W. Turner, Sunset over Petworth Park, Sussex, c.1828, Guais agus uiscedhath ar pháipéar uigeach gorm

scartha ina trí chuid. Ní thagann aon solas nádúrtha isteach ná amach, rud a chuireann béim ar loisne bheodhearg na híomhánna. Go deimhin, ba é sin a bhí i gceist ag Henry Vaughan, go dtabharfadh na huiscedhathanna faoiseamh agus éalú ón saol duairc agus ghruama atá comhthiomsaitheach le tús na bliana.

Idir radharcanna topografacha ciúine ar nós Sluice Gate agusuiscedhathanna níos bríomhara ó dhéanach ina shaol ar nós Sunset over Petworth Park, feictear go ríléir an smacht sciliúil atá aige ar thoin agus dathanna éagsúla. Mar thoradh ar an mbealachgrástúilagussilteachagcaitheannsélenahábhair, cuirtearancuairteoir i lár na hamhairc suáilceacha agus síochánta a léiríonn sé. I lár an tseomra tá caibinéad adhmaid a bhí saincheaptha ag Vaughan mar fhreagra ar litríocht de chuid John Ruskinandearnacursíos arleochaileachtuiscedhathanna. Táanuirlis fós in usáid ag an ngailearaí chun na híomhánna a choinneáil i dtaisce agus ar bhealach cliste agus críonna, cuidíonn sé le comhthéacs an taispeántais a léiriú don phobal.

Cé go bhfuil an taispeántas seo críochnaithe don bhliain seo, níl aon chiontacht orm agus mé ag tabhairt faoin léirmheas seo. Le cúnamh Dé, beidh an seó seo ar fáil do dhaonra na tíre seo go deo na ndeor agus impím ar gach éinne a bhfuil grá acu don ealaín nó nach bhfuil, gan cailliúint amach air nuair a fhilleann sé orainn an bhliain seo chugainn.

5 | TUATHAL
J.M.W. Turner, Sluice Gate, Netley Abbey, Hampshire, 1794-97, Graifít le leachtdathanna gorma agus liatha ar pháipéar uigeach leathbhán.

Cá bhfuil mo bhaile?

Dusk Ó Boid

Cá bhfuil mo bhaile?

Tá mé i mo chónaí anseo

I Bhaile Átha Cliath

Ach

Cá bhfuil mo bhaile?

An é Meiriceá mo bhaile?

An é Astráil mo bhaile?

Nó an é Baile Átha Cliath mo bhaile?

An é Éire mo bhaile?

Is Meiriceánach mé ach

Ní mhothaím Meiriceánach a dhóthain

Is Astrálach mé ach

Ní mhothaím

Astrálach a dhóthain

Níl aon tinteán mar do thinteán féin

Ach cá bhfuil mo bhaile?

Aithníonn ciaróg ciaróg eile ach

Cá bhfuil mo mhuintir?

Cé hiad mo Mhuintir?

Cé hé mise?

Níl a fhios agam.

6 | TUATHAL

Ag tosú Caitheamh Aimsire nua san Ollscoil

Is minic a chloistear go bhfuil duine éigin ag iarraidh spóirt, uirlis ceoil, scil nó caitheamh aimsire nua a fhoghlaim ach bíonn eagla orthu é a thosú toisc nach bhfuil aon taithí acu leis. Tá smaoineamh ann nach féidir le duine rud nua a fhoghlaim munar pháiste iad. Uaireanta, bíonn an smaoineamh sin agam. Ach i mbliana, rinne mé an cinneadh chun stop a chur leis sin!

De ghnáth, is é an rud is mó agus is deacra faoi chaitheamh aimsire nua ná an chéad céim a thógáil. An cinneadh chun dearmad a dhéanamh faoi thréithe na hiarrachta agus a bheith dírithe ar thaitneamh a bhaint as an taithí nua. An scuab péint a phiocadh suas, an oideas a thosú, an sliotar a bhualadh, an giotár a fhoghlaim. Ach geallaim duit, is fiú é an bhacainn a threascairt.

Thosaigh mé agus mo chómhráide tígh ag péinteáil ag tús na scoilbhliana. Bhí suim agam in ealaín ar feadh mo shaol ar fad, ach ní raibh scil iontach nadúrtha agam nuair a bhí mé ar scoil, mar sin, ghlac mé leis an smaoineamh nárbh ealaíontóir mé. I mí Dheireadh Fomhair, chuaigh mé isteach sa siopa ealaíne agus cheannaigh mé an pailéad uiscedhath is saoire agus cúpla scuab péint. An oíche sin, shuígh mo chomhráide tígh agus mé féin síos agus thosaíomar ag péinteáil gan stad gan staonadh. Gach oíche le linn na seachtaine, rinneamar an rud céanna. Ritheamar tríd neart bileoga agus chrochamar ár saothair ar na ballaí. Rinneamar pictiúirí gan aon tuiscint - dathanna smeartha go randamach, chomh maith le híomhánna soiléirecnoc, luí na gréíne, bláthanna, smugairle róin, trá, beacáin, agus neart eile. Cuireann an caitheamh aimsire nua seo an-chuid áthas orm i mo shaol. Is cruthúnas é gur féidir liom scil nua a thosú agus a fheabhsú, agus gur féidir liom pictiúr álainn a dhéanamh. Bím ar bís chun dul abhaile agus na seisiúin péinteála a thosú.

Is ceacht saibhir atá á fhoghlaim agam agus ag mo chairde ón eachtraíocht seo. Táimid ag baint triail as rudaí nua mar gheall ar an gcéad chéim a thógamar i mí Dheireadh Fómhair. Níl eagla orainn chun scil nua a thosú, fiú má theipeann orainn. Spreagaim gach duine chun triail a bhaint as rud nua an téarma seo, is cuma más gnáthrud écosúil le cócaireacht - nó rud uaillmhianach - Corrán Tuathail a dreapadh b’fhéidir? Is gaisce é gan aon dabht!

Bain triail as rud nua agus seans mór go mbeidh ionadh ort leis an dtoradh.

7 | TUATHAL

Anseo Go Fóill

Aistriúchán den amhrán Breatnaise

Yma o Hyd le Dafydd Iwan

Arna aistriú ag Pádraig Mac Brádaigh

(Bunleagan le Dafydd Iwan: Yma o Hyd)

Dwyt ti'm yn cofio Macsen.

Does neb yn ei nabod o.

Mae mil a chwe chant o flynyddoedd

Yn amser rhy hir i'r co'.

Pan aeth Magnus Maximus o Gymru, Yn y flwyddyn tri-chant-wyth-tri,

A'n gadael yn genedl gyfan

A heddiw: wele ni!

(Curfá)

Ry'n ni yma o hyd!

Ry'n ni yma o hyd!

Er gwaetha pawb a phopeth, Er gwaetha pawb a phopeth, Er gwaetha pawb a phopeth,

Ry'n ni yma o hyd!

Ry'n ni yma o hyd!

Er gwaetha pawb a phopeth,

Er gwaetha pawb a phopeth, Er gwaetha pawb a phopeth,

Ry'n ni yma o hyd!

Chwythed y gwynt o'r Dwyrain.

Rhued y storm o'r môr.

Hollted y mellt yr wybren

A gwaedded y daran encôr.

Llifed dagrau'r gwangalon

A llyfed y taeog y llawr.

Er dued yw'r fagddu o'n cwmpas,

Ry'n ni'n barod am doriad y wawr! **Curfá**

Cofiwn i Facsen Wledig

Adael ein gwlad yn un darn.

A bloeddiwn gerbron y gwledydd

Mi fyddwn yma tan Ddydd y Farn!

Er gwaetha pob Dic Siôn Dafydd, Er gwaetha 'rhen Fagi a'i chriw,

Byddwn yma hyd ddiwedd amser

A bydd yr iaith Gymraeg yn fyw!

8 | TUATHAL
**Curfá**

Aistriúchán: Anseo Go Fóill

Níl seans gur cuimhin leat Macsen.

Ní cuimhin le héinne é.

Tá míl sé chéad bliain caite

Ón tráth sin a leithéid de ré.

D’imigh Magnus Maximus ó Gymru

Sa bhliain trí chéad ochtó a trí.

Is d’fhág sé tír iomlán dúinn.

Breathnaíodh sé inniu uirthi!

Go séide an ghaoth ón oirthear.

Go mbúire an stoirm ón muir.

Go scoilte an tintreach na flaithis.

’S go bpléasca an toirneach athuair!

Go sile deora an chladhaire

’S go mola an seoinín a mháistir.

In éadan an duaircis ‘nár dtimpeall, Béarfaimid solas na camhaoir’! **Curfá**

Tá muid anseo go fóill!

Tá muid anseo go fóill!

In ainneoin cách is gach rud,

In ainneoin cách is gach rud,

In ainneoin cách is gach rud,

Tá muid anseo go fóill!

Tá muid anseo go fóill!

In ainneoin cách is gach rud,

In ainneoin cách is gach rud,

In ainneoin cách is gach rud,

Tá muid anseo go fóill!

Cuimhnímid ar Facsen Wledig, a d’fhág slán ar ár dtír.

’S maífimid os comhair na náisiún go mbeidh muide anseo go síor. In ainneoin gach Dic Siôn Dafydd.

In ainneoin shean-Mhagaidh ’s a criú.

Gan amhras beimid anseo i gcónaí.

’S beidh an teanga Bhreatnaise beo! **Curfá**

9 | TUATHAL
(Curfá)

AN CAILÍN CIÚIN

Le Oisín O’Keeffe

Tá an-tóir go deo ar ‘An Cailín Ciúin’ ó scaoileadh amach an scannán i mí Feabhra, 2022. Chuir an lánúin phósta, stiurthóir Colm Bairéad agus léiritheoir Cleona Ní Chrualaoí, an scannán ar fáil agus bhí anrath orthu; is é an scannán Gaeilge is mó a thug airgead isteach riamh é, agus tá sé ainmnithe anois do ghradam Oscar sa gcatagóir ‘Scánnán Lánfhada Idirnáisiúnta Is Fearr’. I nGaeltacht na Rinne atá an scéal suite, agus is léir é seo ón gcanúint Gaeilge atá á labhairt ag na carachtair. Leanann an scannán saol cailín óg, Cáit, a chaitheann samhradh le col ceathracha a máthar, i bhfad ón mbochtanas agus ón bhfaillí a gnáthshaoil, agus a máthair ag ullmhú leanbh nua a thabhairt ar an saol. Ní labhraíonn Cáit go minic, ach tarlaíonn an scéal trína súile. Cosúil le Cáit, is breathnóirí tostacha muid ar shaolta casta na daoine fásta Cuirtear scéal tochtmhar faoi uaigneas, bród agus fás ar fáil dúinn trí ghearrchaidrimh na gcarachtar de réir a chéile.

Bhí an t-ádh orm an scannán a fheiceáil faoi dhó anois; an chéad uair ag taispeántas an scannáin a bhí curtha ar fáil sa gcoláiste ag an Scéim Cónaithe. Is dócha go naithneoidh cuid mhaith mac léinn an scéal, toisc go bhfuil an scannán bunaithe ar ‘Foster’, le Claire Keegan, leabhar roghnach ar chúrsa comparáideach Béarla na hArdteiste. Ní bheadh ionadh orm an Ghaeilge a fheiceáil sa rang Béarla go luath dá n-éireodh an scannán seo ábhar breise dóibh siúd a bhfuil an t-ábhar foinse á staidéar acu. Tá sé íorónta go leor nach labhraíonn ach carachtar amháin an Béarla – athair Cháit, fear a bhfuil níos mó bróid dá féin ná grá dá chlann. Teachtaireacht faoi cheilt atá ann?

Éiríonn leis ‘An Cailín Ciúin’ saol in Éirinn sna hochtóidí a chur in iúl. An dara huair a d’fhéach mé ar an scannán, bhí mé ag féachaint le mo thuismitheoirí. Chuir na rudaí nár thug mise faoi deara an-chumha orthu, mar shampla, na cláir a bhí ar siúl sa gcúlra, ag cur go mór le húdaracht an scannáin. Cé go bhfuil an scéal suite ceathracha bhliain ó shin, tá nósúlacht shíoraí Ghaelach fite fuaite sa scannán a chuireann lucht féachana Éireannach ar a só. Aithníonn muid go léir an chomharsa chúlchainteach, fear crua an tí, agus magadh na gcairde timpeall an bhoird. Tarraingeoidh an aithne seo do ghnaoi ar na carachtair; ná bíodh ionadh ort má tá na deora leat faoi dheireadh an scéil.

10 | TUATHAL
Catherine Clinch mar Cháit sa scannán ‘An Cailín Ciúin,’ a nainmníodh d’Oscar i mí Eanáir na bliana seo.

Tráth na gCeist

1. Cén chomhlacht thíos a d’oscail ar Sráid Grafton ar dtús?

a. Brown Thomas

b. Bewleys

c. Marks agus Spencer

d. Captain Americas

2. Cén bhliain ar tháinig deireadh leis an nGorta Mór in Eirinn?

a. 1945

b. 1845

c. 1852

d. 1860

3. Cé mhéid imreoirí atá ar fhoireann Chruicéad?

a. 2

b. 15

c. 11 d. 7

4. Cé mhéad contae a bhfuil teorann á roinnt acu le Contae na Gaillimhe?

a. 7

b. 5

c. 3

d. 2

5. Cad é an dara sliabh is airde ar oileán na hÉireann?

a. Cruach Phádraig?

b. Corrán Tuathail

c. Domhainghairt

d. Cnoc na Péiste

6. Cén fad atá ann idir Phríomhgheata na Trionóide agus Slí Isteach Sráid an Phiarsaigh i líne díreach?

a. 700m

b. 1,200m

c. 600m

d. 300m

7. Cén aerfort a bhfuil an ruidbhealach is faide acu in Éireann?

a. Aerfort Baile Átha Cliath

b. Aerfort na Sionainne

c. Aerfort Béal Feiriste

d. Aeradróm Mhic Easmainn

8. Cén t-aisteor thíos nach bhfuil Bonn Oscar buaite acu go dtí seo?

a. Daniel Day-Lewis

b. Glen Hansard

c. Liam Neeson

d. Matt Damon

9. Cár rugadh Pierce Brosnan?

a. Contae an Mhí

b. Contae an Lú

c. Contae Corcaigh

d. Contae na Gaillimhe

10. Cén airde atá ag Danny Devito?

a. 5’ 4’’

b. 3’ 9’’

c. 4’ 10’’

d. 5’

11 | TUATHAL
FREAGRAÍ AR LEATHANACH 19

Craic an Chumainn

12 | TUATHAL

Craic an Chumainn

13 | TUATHAL
2
Gailearaí

An Cumann go dtí seo i mBliana

Le Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, EimearNíChiaráin

Dún do shúile. Is é an bliain ná 2021 agus tá tú ag freastal ar imeacht eile ar zúm. Cé go bhfuil sé álainn a bheith páirteach in rud éigin agus an domhan dúnta, ní mhothaíonn sé mar an gcéanna. Anois, oscail do shúile, tá tú sa Chearnóg Thosaigh i rith Seachtain na bhFreisear - tá an áit plódaithe agus tá gach rud ar ais mar is gnáth; mar is ceart! Nuair a chuireamar tús leis an téarma seo ag ár seastán ag Aonach na bhFreisear, bhí an pandéim cosúil le brionglóid míchompordach. Ach bhraith sé níos fearr ná aon cheann a d’fhreastail mé air riamh. Níor chuir na sluaite isteach orm agus mé ag déanamh iarrachta dul chuig mo léacht. Bhí na turasóirí ag cur ceisteanna orainn faoin ‘Gaelic’ ach mar scéal greannmhar. I mbeagán focal: bhí sé thar barr chun a bheith ar ais. Ón tseachtain sin ar aghaidh, bhí téarma an-ghnóthach againn agus tá téarma níos gnóthaí le teacht. Rinneamar ceiliúradh ar Fhéile na Samhna, ar ár mbaill nua ag ‘Carn-bhaill’, agus ar Ghaeilge24. D’oibríomar le VDP agus TradSoc chun an céilí is fiáine a bhfaca mé riamh a chur os comhair an phobail. Bhí Seisiúin Ciúin againn le DU Players, Oíche Púl le PoolSoc, agus Gaylí le QSoc, gan ach trácht a dhéanamh ar chúpla imeacht. D'fhreastalaíomar ar Oireachtas na Samhna, agus gan dabht beidh na cuimhní agus na cairde a ndearnamar ann againn ar feadh na mblianta. Bhí bísímíní orainn ar fad sa GMB ag breathnú ar na daoine ag glacadh páirt sa díospóireacht ‘Maidens’ agus iad ag plé an rún, ‘Bhainfeadh an Teach Seo an Dealbh de George Salmon ón gCearnóg Thosaigh ’ Creid nó ná chreid, tá níos mó le teacht an téarma seo, leis sin bí ag faire amach do na collabs , na cainteoirí, an bia, agus an chraic (mar is gnáth). Má tá tú ag fáil anraith gach Céadaoin, nó ag freastal ar gach imeacht, go raibh míle maith agat as a bheith linn agus ag usáid do theanga. ‘Sé ríthabhachtach go nusáideann tú í, má tá Gaeilge líofa agat nó má tá tú ag iarraidh í a phiocadh suas arís. ‘Sé mór an ónóir dúinn ar an gcoiste go bhfuil seans againn spás a chruthú do dhaoine le Gaeilge agus leis an ngrá agus tá súil agam go mbeidh tú ag an gcéad imeacht eile!

Uimhreacha an Chumainn

1906....................................................................Bunaíodh An Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide

2012.......................................................................................................................Osclaíodh Seomra na Gaeilge

137 Lítear An méid anraith atá ite i mbliana

368 Nóiméad caite ag éisteacht le Polka 4 chun déileáil leis na ‘post-Oireachtas blues’

19.........Líon na n-amanna a mbíonn an focal ‘slé’ cloiste i Seomra na Gaeilge in aon lá amháin

1,000 An buíochas ar mhaith linn a ghabháil le gach duine a dtagann chuig na himeachtaí

90 An craic a bhíonn againn!

14 | TUATHAL

Céard a dhíonfas tú léithe?

Céard a dhíonfas tú léithe?

Ceist mhaith í sin.

Ceist a fháigheanns mé ó am go ham.

Ceist a spreaganns ‘un smaointí ollmhór mé.

Ceist a ardaíonns mo chroí, a chuireanns in iúl dhom gur fiú m’achar léithe.

Ach, cad chuige go bhfáightear an cheist sin?

Ceist mhaith í sin.

Cad chuige gob ionann suim i dteangaidh, is dualgas glacthaí?

Cad chuige nach dtig le cuid teangadh bheith agam, gan plean éagsúil dho dhíth orm?

Cad chuige gur léir go bhfuil mé a’ smaoineamh ar thaighde a dhíonamh uirthi, ar dhul le múinteoireacht?

Is a’ machnamh ar an ábhar sin atá me cheana, ach cad chuige go bhfuil fhios agatsa gob ea?

DáidheMóicléir

15 | TUATHAL

Bás, Laethúil.

Fachtna Mac Conghail

Ach, nár cailleadh mé roimhe seo?

Is Cuma liom faoina tharlú.

Tá fear inné ‘nois imithe, Ag codladh fé na cré.

Muise, is cuimhin liom arú inné, Cé nach mise a bhí ann.

Níor bhfuailthas riamh leis an bhfear sin, Cuireadh é siúd sular éiríos ar maidin.

Chuile lá is fear nua mé, Déanann na hoích’ mé a mhúnlú,

‘S chuile lá cuirtear fear na lá roimhe, Ina luí cois gualainne le mo dhuine ó cibé lá.

Ait ná cás an fhir dheiridh.

Ní thiocfaidh éinne ina dhiaidh, agus

S’ea siúd a mbéifear scríobh faoi.

Tabhair aire anois ar bhláth an fhir dheiridh

16 | TUATHAL

CEOLDRÁMA AN CHUMAINN 2023

Haigh a chairde! Is mise Éle agus is mise an t-Oifigeach Drámaíochta i mbliana. Thar an samhradh scríobh mé ceoldráma beag dar teideal “Miotas” agus beidh sé ar siúl in Amharclann Players i rith Seachtain na Gaeilge Is meascán é an cheoldráma idir ceol nua-aimseartha agus seanscéalta na hÉireann. Má tá go leor eolas agat faoi mhiotaseolaíocht na hÉireann, is taispeantás é seo ó thaobh éagsúil de na seanscéalta, tríd amhráin as ceoldrámaí cáiliúla eile a chur isteach cosúil le Hamilton, West Side Story agus Grease. Muna bhfuil aon taithí agat sa drámaíocht nó sna seanscéalta, is slí simplí agus taitneamhach é bualadh le Gaelgeoirí eile agus beagáinín a fhoghlaim - faoi Chú Chulainn, an Bradán Feasa, Banríon Medb, agus Oisín i dtír na nÓg. Níl aon taithí sa drámaíocht ag teastáil chun a bheith bainteach leis an gceoldráma agus níl ort a bheith líofa sa Ghaeilge ach an oiread. Bhí mé sa cheoldráma anuraidh (Constance

Markievicz mup) gan aithne ar dhuine ar bith sa Chumann, agus anois táim ar an gcoiste agus go leor cairde déanta agam trí

Ghaeilge - rud mór a bhí in easnamh i mo shaol go dtí seo. Níl ach craic agus spraoi i gceist, agus seans an Ghaeilge a cheiliúradh mar theanga beomhar agus fuinneamhach (agus beagáinín craiceáilte!)

Táim ag tnúth libh go léir a fheiceáil go luath ag na cleachtaí!

17 | TUATHAL

Nuacht ó Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

A chara, Tá súil agam gur bhain tú taitneamh as Téarma na Féile Bríde agus go raibh deis agat a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí Gaeilge na hollscoile. Tá téarma gnóthach romhainn agus táthar ag súil go mór le hÉigse na Tríonóide agus le Seachtain na Gaeilge.

Tá Éigse na Tríonóide ar an bhfód le 50 bliain anois agus tá Seomra na Gaeilge oscailte le 10 mbliana anuas – éacht ollmhór do phobal Gaeilge na hollscoile! Bí ag faire amach d’amchlár na hÉigse mar a mbeidh iliomad imeachtaí ar siúl ar an gcampas ón 13-17 Feabhra. Tréaslaím le Caoimhe Ní Mhaolaí, Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn, agus a fochoiste as an obair ullmhúcháin go léir atá déanta acu. Tá gach eolas faoin Éigse le fáil ar mheáin shóisialta an Chumainn Ghaelaigh (@CumannGaelachTCD) agus na hoifige seo (@GaeloifigTCD).

Beidh an próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na hollscoile á oscailt i mí an Mhárta/Aibreáin – tá tuilleadh eolais ar an gcéad leathanach eile. Bí cinnte iarratas a dhéanamh uirthi dá mba mhaith leat an Ghaeilge a labhairt go laethúil agus má tá suim agat í a chur chun cinn.

Tréaslaím arís le heagarthóir Thuathal, Ruairí Ó Séanáin, as an tríú cóip den leabhrán a fhoilsiú i mbliana.

Táim ag súil le tú a fheiceáil ag imeachtaí Éigse na Tríonóide agus Sheachtain na Gaeilge an téarma seo.

Áine Ní Shúilleabháin

Oifigeach Gaeilge

18 | TUATHAL
Mic Léinn na Scéime Conaithe 2022-23.

Seirbhísí & Imeachtaí

Bain úsáid as an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide!

Éigse na Tríonóide: 13-17 Feabhra 2023 i gcomhar le hAontas na Mac Léinn, an Cumann Gaelach agus Oifig na Gaeilge

Féach ar mheáin shóisialta an Chumainn Ghaelaigh (@CumannGaelachTCD) agus Oifig na Gaeilge (@GaeloifigTCD) don eolas laethúil faoi imeachtaí na féile seo atá 50 bliain ar an bhfód.

Seachtain na Gaeilge: 1-17 Márta 2023

Bí ag faire amach don díospóireacht leighis a bheidh ann idir Coláiste na Tríonóide agus an Coláiste Ollscoile, BÁC (UCD) ar an 1 Márta agus do cheoldráma an Chumainn Ghaelaigh!

Beidh amchlár agus eolas faoi na himeachtaí le fáil ar mheáin shóisialta an Chumainn Ghaelaigh (@CumannGaelachTCD) agus Oifig na Gaeilge (@GaeloifigTCD).

Seomra na Gaeilge

Bíonn Seomra na Gaeilge ar oscailt ó 9.00am-5.00pm Luan-Déardaoin agus ó 9am-3pm Dé hAoine. Tá fáilte roimh chách é a úsáid ach an Ghaeilge a labhairt. Cuirtear soláistí tae agus caife ar fáil sa Seomra agus tá micreathonn ann freisin. Iarrtar ort €0.20 a chur sa bhosca airgid gorm ar an gcuntar don tae/caife. Tá sé tábhachtach glanadh suas i do dhiaidh!

Ciorcal comhrá

Bíonn ciorcal comhrá ar siúl gach Céadaoin sa Bhutrach (The Buttery) ó 10.30am 12.00pm. Bíonn mic léinn, baill foirne agus muintir an phobail i láthair. Fáilte roimh chách.

An Scéim Cónaithe 2023-24

Leis an Scéim Cónaithe, cuirtear lóistín Gaeilge ar fáil ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide, in éineacht le deontas €1,000. Fair amach don seisiún eolais a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge (1-17 Márta).

Osclóidh an próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na bliana acadúla 2023-24 i mí an Mhárta/Aibreáin 2023. Más rud é go mbeidh tú i mbliain 2, 3 nó 4 i mí Mheán Fómhair 2023, is féidir cur isteach ar an Scéim. Ní gá a bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge chun iarratas a dhéanamh. Seolfar ríomhphost ó Oifig an Rúnaí go mic léinn fochéime uile na hollscoile agus beidh tuilleadh eolais agus foirm iarratais le fáil ar shuíomh gréasáin Oifig na Gaeilge: www.tcd.ie/gaeloifig

Teastas Eorpach na Gaeilge

Cuireann Oifig na Gaeilge tacaíocht ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn a bhfuil spéis acu cáilíocht TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) a bhaint amach. Tá na scrúduithe seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Is féidir scrúdú a dhéanamh ag aon leibhéal, ó bhonnleibhéal (A1) go hardleibhéal (C1). Is féidir scrúdú cainte (páirtchreidiúint) nó scrúdú iomlán (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht, scrúdú cainte –lánchreidiúint) a dhéanamh. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Sonraí Teagmhála

Oifig na Gaeilge, An Séipéal Thiar.

R: gaeloifig@tcd.ie / T: 01 896 3652 / S: www.tcd.ie/gaeloifig

Facebook/Twitter/Instagram: @GaeloifigTCD

1 (a), 2 (c), 3 (c), 4 (b), 5 (d), 6 (c), 7 (b), 8 (c), 9 (b), 10 (c)

19 | TUATHAL Freagraí Tráth na gCeist

Gan Tír, Gan Ainm

Hannah Nic Eindrí Leanbh

A bhladar chun codladh faoin ghealach

Le dath an bháis agus an spéir dearg is ghruama

Ag plubaireacht is ag síormheilt

Ní raibh dreach imníoch air

Fiú muna raibh ainm air

Níl aird ar bith ar airgead aige

Na néalta ag seoladh trasna na spéire

Thug tú na scamaill ach ní an bháisteach

Spéirghealach is dearglach

Ní fhágann sé ainm san uaigh

Na cnámha ag casadh na deora síos m’aghaidh

Ní scarfaidh sé go brách le mo chuimhne

Gan chúis, gan ainm, gan tír

Ach is cuma sin, tá sé saor

Bheith ar fán agus ar fuaidreamh

Ag casadh an chúinne

Agus ar aghaidh leis, suas as an tuama

Faoi bhéal an aeir, ag éirí chun na spéire

20 | TUATHAL

Áilleacht laethúil

Ag suí ar an tolg

Coinneal lasta ar an mbord

Ceol suaimhneach mar fhuaim na hoíche

Mo chairde ag suígh os mo chomhair

Ar an tolg leis an mblaincéad bándearg

Cupán tae i lámh amháin

Scuab péint sa lámh eile

I lár sárshaothair

Caillte sna dathanna

Amach as an bhfuinneog

An spéir ag taispeáint a healaín féin

Órna, ómra, bándearg, cródhearg agus saifír

An spéir trí thine

Bláthanna i mbuidéal fhíona ar an mbord

Brioscaí seacláide san oighean

Na hóicheanta boga a chaithim le mo chairde

‘Siad na hoícheanta is fearr a bhfaca mé riamh.

21 | TUATHAL

Rockwell Kent agus Dún na nGall

Chloe Nic Bhriartaigh

I gcearn beag d’iardheisceart Dhún na nGall, níl bóithre, siopaí ná scoileanna. Níl ann ach caoirigh agus páirceanna glasa, agus búireach na dtonn Atlantach i do chluasa. Níl éinne ina chónaí i nGleann Locha, Gleann Cholm Cille, le fada anois, ach tá pictiúir de thírdhreach an cheantair scaipthe i músaeim agus gailearaithe príobháideacha ar fud an domhain. Is sa pharthas iargúlta seo ag deireadh na 1920idí a cruthaíodh caidreamh iontasach, idir mo shinseanmháthair, Annie Nic Fhionnghaile, agus an t-ealaíontóir Meiriceánach agus an ‘Cumannach’ Rockwell Kent.

Fuair Kent scioból áitiúil ar cíos ó fhear darbh ainm Dan Mac a Bhaird chun síocháin a fháil ón saol agus chun oibriú ar a chuid ealaíne. Nuair a bhí an bhó caithte amach aige, rinne sé 36 péinteireacht den cheantar agus a mhuintir. Sa saothar “Moonshine” feictear mo shinsin-seanathair ag iompar a phoitín chun na húdaráis a imghabháil, agus léiríonn “Dan Ward’s Stack” cruachadh an fhéir. Cé gur chairde maithe iad, ní raibh Ward an-tógtha lena phictiúir. “Begorra, they’re terrible!” a dúirt sé fúthu an chéad uair a chonaic sé iad.

Ach ba é an ceann ba cháiliúla ar fad ná “Annie McGinley”, bean óg ina luí ar imeall na haillte ag breathnú amach ar an Atlantach Fiáin thíos. Is léir ón bpictiúr go raibh Kent an-tógtha le hAnnie, cé go raibh sé pósta. Tá sé ráite go minic go bhfuil cuma mhealltach, gnéasuil fiú, ar an bpictiúr. Is dócha gur thuig Annie í féin é seo mar deirtear gur shéan sí riamh suí dó. Tá an phortráid suite anois i mbailiúchán príobháideach i NuaEabhrac.

Chríochnaigh 80 pictiúr eile de chuid Rockwell i lámha a chairde san Aontas Sóivéadach. 30 bliain tar éis a chéad turais go Gleann, rinne sé iarracht filleadh chun talamh a cheannach ó Dan Mac a Bhaird. Ach, mar gheall ar an gCogadh Fhuar, nuair a dhiúltaigh sé a shéanadh gur cumannach a bhí ann, coigistíodh a phas. Ghlac sé chun na cúirte iad agus bhuaigh sé i gcás tábhachtach ach nuair a d’fhill sé ar Ghleann agus ar Áine, bhí an talamh díolta agus bhí Annie pósta i dTeileann le 14 leanaí. Shocraigh le Rockwell an chuid is mó dá phictiúir a bhronnadh ar an Aontas Sóivéadach mar gur mhothaigh sé gurb iad na daoine sin amháin a d’fhéadfadh fíor-mheas a bheith acu orthu. Ba bhreá ‘Dan Ward’s Stack’ go háirithe mar léiríonn sé obair chomhoibritheach. Coinnítear an phéintéireacht fós i músaem an ‘Hermitage’ i Moscó inniu.

Rinne Kent cóip bheag den phictiúr d’Annie a bhí ar crochadh ina teach go dtí gur scrios sí é ag am éigin ina blianta deiridh. Is dócha nár theastaigh uaithi go gceapfadh daoine go raibh ‘notions’ aici fúithi féin. Mar sin féin, maireann na 36 bunphictiúirí ar fad mar thaispeántais galánta den saol in áit álainn, trí shúile fear thar a bheith suimiúil.

22 | TUATHAL
Dan Ward’s Stack Moonshine Annie McGinley

Ag Fás Aníos in Éirinn

Tosóidh mé leis an seanfhocal ‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin.’ Aontaímse go huile is go hiomlán leis an raiteas sin. Níl aon áit ar domhan cosúil le hÉireann. Is aoibhinn liom Éire agus a bheith Éireannach. Táim lán le bród do mo thír féin. Pléifidh mé conas atá sé a bheith i d’Éireannach agus tú ag fás aníos, nósanna na tíre agus na traidisiúin a dtéann lámh le lámh lena bheith i d’Éireannach.

Ar ndóigh, tá steiréitíopaí móra bainteach lenár dtír. Tá cáil orainn a bheith mar na daoine atá ar an drábhlás i gcónaí agus gurb aoibhinn linn na tithe tabhairne (go háirithe ar Lá Féile Phádraig). Níl sé sin i bhfad ón bhfírinne ach ta aniomarca béime curtha air. Chomh maith leis sin, tá coincheap réamhcheaptha láidir ann maidir leis na leipreacháin! Gan dabht is steiréitíopaí gan dochar iad seo agus ní féidir a shéanadh ach go bhfuil greann éigin ag baint leo, ach ní mhaith an rud é go bhfuil an íomhá sin ceangailte linn i gcónaí.

Tá ár bhféiniúlacht náisiúnta iontach láidir freisin. Tá ár dtír an-speisialta in an-chuid bealaí éagsúla. Pléifidh mé na cúiseanna atá taobh thiar de sin sa mhír seo. Dhéanfainn cur síos ar Éire mar thír gleoite agus teolaí. Na hóicheanta is fearr mar dhuine óg ná ag caint agus ag caibidil le do chairde, nó le do theaghlach le cupán tae sa lámh - i do phitseamaí. Is iad sin mo chuimhní is fearr gan dabht ar bith! Níl aon chomparáid ann leis na hoícheanta ólta sa chlub oíche. Cad faoinár dteanga? Le déanaí, tá stádas ár dteanga ag dul ó neart go neart lá i ndiaidh lae. Tá sí ag forbairt ach go háirithe ar na meáin. Chomh maith leis sin, tá sé soiléir go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag ionchorpú a cúpla focal ina gcuid saolta laethúla Cad faoin íomhá traidisiúnta atá ann d’Éire? Fiú muna bhfuil cónaí ort faoin tuath, tuigtear duit na gnéithe atá speisialta faoi saol na tuaithe. An draíocht agus suaimhneas atá ann. Cur i gcás na caoirigh ag trasnú an bhóthair beag nuair atá tú ag tiomáint sa charr, nó na radharcanna áille atá le feiceáil i ngach aon treo agus atá lán le féar glas agus ainmhithe gleoite. Agus mé ag machnamh ar mo shaol in Éirinn, tá go leor traidisiúin neamhfhoirmeálta againn chomh maith. Déarfainn go bhfuil taithí díospóireachta ag beagnach gach éinne maidir leis an gcineál tae arb’ fhearr leo; Barry’s nó Lyons. Mar is eol do chách, tá an díospóireacht sin an-chonspóideach ar fad!

Ag imirt peile gaelaí nuair atá tú sa bhunscoil le d’fhoireann áitiúil. Bheimís ar mhuin na muice dá mbuafadh ár bhfoireann an chluiche agus rachfaimid chun ‘99s’ a cheannach ina dhiaidh Ag breathnú ar a leithéid den ‘Late Late Toy Show’ , ‘Mrs Brown’s Boys’ agus ‘The Commitments’ le do chlann, go háirithe timpeall na Nollag. Ag ithe prátaí chuile lá gan teip! Ach an rud is ‘Éirinní’ ná ag filleadh abhaile i gcónaí, fiú má tá tú i do chónaí thar lear ar feadh na mblianta. Mar a luaigh mé cheanna“Níl aon tinteán mar do thinteán féin.’

23 | TUATHAL

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.